52007PC0824




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, an 19.12.2007

COIM(2007) 824 críochnaitheach

2007/0293 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a Dó:

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

CLÁR NA nÁBHAR

IARSCRÍBHINN 8

1. Cabhair dhaonnúil 8

1.1. Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil 8

2. fiontar 9

2.1. Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil 9

2.2. Treoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú 10

2.3. Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hAstú Fuaime sa chomhshaol ó threalamh le húsáid lasmuigh 11

2.4. Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin 12

2.5. Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú Dea-Chleachtais Saotharlainne (DCS) (leagan códaithe) 13

2.6. Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus a n-iarratais ar thastálacha ar shubstaintí ceimiceacha a fhíorú (leagan códaithe) 14

2.7. Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí, 15

2.8. Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh 16

2.9. Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach. 18

3. An Comhshaol 21

3.1. Treoir 82/883/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1982 maidir le nósanna imeachta i dtaca le faireachas agus monatóireacht na gcomhshaolta a bhfuil dramhaíl ó thionscal na dé-ocsaíde tíotáiniam ag cur as dóibh 21

3.2. Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht 21

3.3. Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú 22

3.4. Treoir 1999/32/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 a bhaineann le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe agus ag leasú Threoir 93/12/CEE 24

3.5. Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer 25

3.6. Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle 26

3.7. Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE. 28

3.8. Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach 30

3.9. Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola 31

4. Eurostat 35

4.1. Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú 35

4.2. Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996, maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus táirgí bainne 37

4.3. Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú 38

4.4. Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d'iarnród 39

4.5. Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh, i leith Paisinéirí, Earraí agus Post a iompar d’aer 41

4.6. Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar bliantúil staidrimh Comhphobail ar thionscal na cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009 43

5. Margadh inmheánach 44

5.1. Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail 44

6. Sláinte agus cosaint na dTomhaltóirí 45

6.1. Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le hábhair bheatha cumaisc a chur ar an margadh 45

6.2. Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe 46

6.3. Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le cúrsaíocht ábhar beatha, lena leasaítear Treoracha 70/524/CEE, 74/63/CEE, 82/471/CEE agus 93/74/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 77/101/CEE 48

6.4. Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe 49

6.5. Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe agus lena leasaítear Treoir 92/65/CEE ón gComhairle 51

6.6. Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le monatóireacht ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle. 52

6.7. Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia 54

6.8. Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch 55

6.9. Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine 57

6.10. Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le sláinteachas bia ainmhithe 58

7. Fuinneamh agus iompar 59

7.1. Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar 59

7.2. Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas comhchuibhithe sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta 24 méadar ar fhad nó níos mó 60

7.3. Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le Suirbhéanna Sainordaitheacha maidir le Stáit d’Oibriú Seirbhísí Rialta Farantóireachta Rothlú ann-Rothlú as agus Árthaí Paisinéirí Mórluais 61

7.4. Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais deartha cabhlach dúbailte nó a coibhéis a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe d’olathancaeir aonchabhlacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2978/94 ón gComhairle 63

7.5. Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena dtoirmisctear comhdhúile organaitín ar shoithí 64

7.6. Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE 65

7.7. Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comh-inoibritheacht na gcóras leictreonacha dola bóthair sa Chomhphobal 67

7.8. Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil long agus saoráidí poirt a fheabhsú 68

7.9. Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 613/91 ón gComhairle 69

7.10. Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal 70

7.11. Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil poirt a fheabhsú 72

Innéacs croineolaíoch 73

2007/0293 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a Dó:

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37, 44(1), 71, 80(2), 95, 152(4)(b), 175(1), 179 agus 285 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3],

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[5] le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

2. I gcomhréir leis an gcomhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[6] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a glacadh de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a oiriúnú i gomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

3. Is leis na nósanna imeachta coiste amháin a bhaineann na leasuithe is gá a dhéanamh chuige sin ar na hionstraimí agus dá bhrí sin, ní gá go ndéanfadh na Ballstáit trasuí i gcás Treoracha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 2

Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn tagairtí do na forálacha sin mar atá arna leasú leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

CABHAIR DHAONNÚIL

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil[7]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht, go háirithe, don Choimisiún Rialacháin cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh an Rialacháin sin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

"Déanfaidh an Coimisiún cinntí chun leanúint de hoibríochtaí arna nglacadh faoin nós imeachta práinne, ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 17(2) agus de réir na dteorainneacha atá socraithe sa dara fleasc d'Airteagal 15(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

1. Glacfaidh an Coimisiún Rialacháin cur chun feidhme le haghaidh an Rialacháin seo. Déanfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(4).

2. Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 17(3), déanfaidh an Coimisiún:

- cinneadh maidir le maoiniú ón gComhphobail le haghaidh oibríochtaí cosanta do chabhair dhaonnúil dá dtagraítear in Airteagal 2(c),

- cinneadh go nglacfaidh an Coimisiún féin beart nó go maoineoidh sé beart ó ghníomhaireachtaí sainiúla na mBallstát.

3. Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 17(2), déanfaidh an Coimisiún:

- pleananna domhanda lena mbeartaítear creat comhtháite le haghaidh gnímh in aon tír nó aon réigiún ar leith, sa chás go bhfuil géirchéim dhaonnúil ar a leithéid de scála agus de chastacht ann ar dóigh go leanfadh sé ar aghaidh, agus an buiséad le haghaidh na bpleananna sin, a fhormheas. Sa chomhthéascs seo, scrúdóidh an Coimisiún agus na Ballstáit na tosaíochtaí atá le socú agus na pleananna domhanda seo á gcur chun feidhme,

- cinneadh maidir le tionscadail de bhreis ar ECU 2 mhilliún, gan dochar d'Airteagal 13."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

"Airteagal 17

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

FIONTAR

Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil [8]

Maidir le Treoir 75/324/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na hoiriúnuithe teicniúla is gá don Treoir sin agus na leasuithe riachtanacha chun an Iarscríbhinn a chur in oiriúint d'ascnamh teicniúil, a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 75/324/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur in oiriúint d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2)".

(2) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de".

(b) Scriostar mír 3.

(3) In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Féadfaidh an Coimisiún oiriúnuithe teicniúla is gá don Treoir seo a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát, tar éis dó bearta coimirce a ghlacadh, iad a chaomhnú go dtí go dtiocfaidh na hoiriúnuithe i bhfeidhm."

Treoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú[9]

Maidir le Treoir 93/15/CEE, sa todhchaí tugtar de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, chun an Treoir a oiriúnú chun aon leasuithe ar mholtaí na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh agus chun na coinníollacha a leagan síos maidir leis an dara mír d'Airteagal 14 a chur i bhfeidhm. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de Threoir 93/15/CEE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 93/15/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Scrúdóidh an coiste aon ábhar a bhaineann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, bearta cur chun feidhme a ghlacadh go háirithe chun aon leasuithe sa todhchaí ar mholtaí na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 14:

"Fionnfaidh na Ballstáit an bhfuil córas ag a leithéidí de ghnóthais chun pléascáin a leanúint sa chaoi is gur féidir na daoine a bhfuil pléascáin ina seilbh acu a aithint ag am ar bith. Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh lena leagfar síos coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míre seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4)."

Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hAstú Fuaime sa chomhshaol ó threalamh le húsáid lasmuigh [10]

Maidir le Treoir 2000/14/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Chomisiún na coinníollacha a bhunú chun na leasuithe sin atá riachtanach, i bhfianaise an oiriúnaithe d'ascnamh teicniúil, a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/14/CE mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) scriostar mír 3.

(2) Cuirtear isteach an tAirteagal 18a seo a leanas:

"Airteagal 18a

Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme chun Iarscríbhinn III a chur in oiriúint d'ascnamh teicniúil, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon iarmhairt dhíreach acu ar leibhéal chumhacht fuaime a thomhaistear an trealaimh arna liostú in Airteagal 12, go háirithe trí thagairtí do chaighdeáin Eorpacha ábhartha a áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 19:

"(b) a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus Iarscríbhinn III á oiriúnú d'ascnamh teicniúil aige".

Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin[11]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún go háirithe a iarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil, na modhanna tomhaiste, samplála agus anailíse a oiriúnú, rialacha a ghlacadh maidir le bearta rialúcháin agus cineálacha nua leasacháin AE a áireamh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Déanfaidh an Coimisiún na modhanna tomhais, samplála agus anailíse a oiriúnú agus a thabhairt suas chun dáta agus úsáidfidh sé, aon uair is féidir, na Caighdeáin Eorpacha. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 32(3). Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, rialacha a bhfuil gá leo chun na bearta rialúcháin dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagail 8, 26 agus 27 a shonrú. Díreoidh na rialacha sin go háirithe ar a mhinicí is gá na tástálacha a athdhéanamh, chomh maith le bearta a ceapadh chun a áirithiú gurb ionann an leasachán a chuirtear ar an margadh agus an leasachán a ndearnadh tástáil air."

(2) Leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I chun cineálacha nua leasachán a áireamh."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Oiriúnóidh an Coimisiún na hIarscríbhinní chun ascnamh teicniúil a chur san áireamh."

(c) Cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

“4. Glacfar na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 32(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

"Airteagal 32

Nós imeachta coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú Dea-Chleachtais Saotharlainne (DCS) (leagan códaithe)[12]

Maidir le Treoir 2004/9/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, Iarscríbhinn I a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus an fhoirmle in Airteagal 2(2) a athrú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 2004/9/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/9/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE (*), dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3 Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

_________________________________

(*) IO 196, 16.8.1967, lch. 1, mar atá arna leasú le Rialachán Uimh. 807/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003, IO L 122, 16.5.2003"

(2) In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme le haghaidh an méid seo a leanas:

(a) an fhoirmle dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a oiriúnú;

(b) Iarscríbhinn I a oiriúnú chun ascnamh teicniúil a cur san áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)."

Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus a n-iarratais ar thastálacha ar shubstaintí ceimiceacha a fhíorú (leagan códaithe)[13]

Maidir le Treoir 2004/10/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an Iarscríbhinn a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 2004/10/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/10/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear isteach an tAirteagal 3a seo a leanas:

"Airteagal 3a

Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a oiriúnú d'ascnamh teicniúil, ag féachaint do na prionsabail DCS (Dea-Chleachtais Saotharlainne).

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29(1) de Threoir 67/548/CEE (*).

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________

(*) IO 196, 16.8.1967, lch. 1, mar atá arna leasú le Rialachán Uimh. 807/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003, IO L 122, 16.5.2003"

(3) In Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun oiriúnuithe teicniúla is gá a thabhairt isteach sa Treoir seo.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Sa chás a dtagraítear dó sa tríú fomhír, féadfaidh an Ballstát a ghlac na bearta cosanta, iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh na hoiriúnuithe sin i bhfeidhm."

Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí[14],

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun an Rialachán a chur chun feidhme. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

"Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:"

(b) cuirtear an dara mír nua agus an tríú mír nua seo a leanas leis:

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den chéad mhír, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad mhír i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Coiste

1. Beidh an Coiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_______________________

(*) IO L 22, 26.1.2005, lch. 1."

Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh [15]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, a n-iarscríbhinní a oiriúnú agus aon leasuithe nó aguisín is gá a ghlacadh chun rialacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir le glantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí, nuair is gá. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

1. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a oiriúnú agus úsáidfidh sé, aon uair is féidir, na Caighdeáin Eorpacha.

2. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe nó aguisín is gá chun rialacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm maidir le glantaigh atá bunaithe ar thuaslagóirí.

3. Glacfar leis na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 12(3)."

(3) In Iarscríbhinn VII, pointe A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre díreach roimh an mír leathdheireanach:

"Má bhunaíonn SCCNFP teorainneacha tiúchána rioscabhunaithe do na hailléirginí cumhra ar leithina dhiaidh sin, molfaidh an Coimisiún na teorainneacha sin a ghlacadh chun a chur ionad na teorainne 0.01% a luaitear thuas a thógáil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach[16].

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, forálacha agus iarscríbhinní áirithe a oiriúnú, socruithe agus prionsabail agus treoirlínte a ghlacadh, agus coinníollacha sonracha maidir le cur chun feidhme a leagan síos. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a leasú agus/nó chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Tar éis dó dul i gcomhairle le coiste inniúl na Gníomhaireachta, féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a athscrúdú i bhfianaise ascnaimh theicniúil agus eolaíoch agus féadfaidh sé aon leasuithe is gá a ghlacadh gan raon feidhme an nós imeachta láraithe a leathnú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(2) In Airteagal 14(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Glacfaidh an Coimisiún Rialachán lena leagtar síos forálacha chun a leithéid d'údarú a thabhairt. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(3) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, forálacha iomchuí chun athruithe ar údaruithe margaíochta a scrúdú i bhfoirm rialacháin. Glacfar na bearta seo a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(4) Leasaítear Airteagal 24 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír (2):

"Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh táirge míochaine lena n-úsáid ag an duine go gcuirfear in iúl do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht go tapa, agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an fhaisnéis a fháil, má táthar in amhras faoi aon fhrithghníomh trom díobhálach nach bhfuil coinne leis nó faoi tharchur oibreáin ionfhabhtaíoch trí tháirge míochaine a tharlaíonn i gcríocha tríú tír. Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le frithghníomhartha díobhálacha gan choinne amhrasta nach bhfuil tromchúiseach a thuairisciú, cibé an dtarlaíonn siad sa Chomhphobal nó i dtríú tír. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Féadfaidh an Coimisiún forálacha a leagan síos chun mír 3 a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn a hoibríocht. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

"Airteagal 29

Féadfaidh an Coimisiún aon leasú is gá a ghlacadh chun forálacha na Caibidle seo a thabhairt suas chun dáta d'fhonn ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(6) In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6. Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, forálacha iomchuí chun athruithe ar údaruithe margaíochta a scrúdú, i bhfoirm rialacháin. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(7) Leasaítear Airteagal 49 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe margaíochta le haghaidh táirge míochaine lena n-úsáid ag an duine go gcuirfear in iúl do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht go tapa, agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an fhaisnéis a fháil, má táthar in amhras faoi aon fhrithghníomh trom díobhálach nach bhfuil coinne leis nó faoi tharchur oibreáin ionfhabhtaíoch trí tháirge míochaine a tharlaíonn i gcríocha tríú tír. Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le frithghníomhartha díobhálacha gan choinne amhrasta nach bhfuil tromchúiseach a thuairisciú, cibé an dtarlaíonn siad sa Chomhphobal nó i dtríú tír. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

Féadfaidh an Coimisiún forálacha a leagan síos chun mír 3 a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn a hoibríocht. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54:

"Airteagal 54

Féadfaidh an Coimisiún aon leasú is gá a ghlacadh chun forálacha na Caibidle seo a thabhairt suas chun dáta d'fhonn ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(9) In Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Mar sin féin, glacfaidh an Coimisiún forálacha lena mbunaítear na himthosca ina bhféadfaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide táillí laghdaithe a íoc, íoc na táille a chur siar, nó cúnamh riaracháin a fháil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 84(3):

"Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais a ghearradh ar shealbhóirí údaruithe margaíochta a dheonaítear faoin Rialachán seo mura gcomhlíonann siad oibleagáidí áirithe arna leagan síos maidir leis na húdaruithe. Leagfaidh an Coimisiun síos uasmhéideanna na bpionós seo chomh maith leis na coinníollacha agus na modhanna chun iad a bhailiú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 87(2a)."

(11) Leasaítear Airteagal 87 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an mhír 2a seo isteach:

“2a. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 4.

AN COMHSHAOL

Treoir 82/883/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1982 maidir le nósanna imeachta i dtaca le faireachas agus monatóireacht na gcomhshaolta a bhfuil dramhaíl ó thionscal na dé-ocsaíde tíotáiniam ag cur as dóibh[17]

Maidir le Treoir 82/883/CEE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, inneachar na nIarscríbhinní i dtaca le paraiméadair arna liostú sa cholún 'cinneadh roghnach' agus modhanna tagartha tomhais a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin, a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de Threoir 82/883/CEE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 82/883/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá chun inneachar na nIarscríbhinní maidir le paraiméadair arna liostú sa cholún 'cinneadh roghnach' agus modhanna tagartha tomhais a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

1. Beidh an coiste um oiriúnú d'ascnamh teicniúil de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht[18]

Maidir le Treoir 86/278/CEE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, forálacha na nIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de Threoir 86/278/CEE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 86/278/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Oiriúnóidh an Coimisiún forálacha na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch, cé is moite de na paraiméadair agus na luachanna arna liostú in Iarscríbhinní I A, I B agus I C, aon fhachtóirí ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar mheastóireacht na luachanna, agus na paraméadair le haghaidh anailíse dá dtagraítear in Iarscríbhinní II A agus II B.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

1. Beidh an Coiste maidir le hoiriúnú na Treorach seo d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú[19]

Maidir le Treoir 94/62/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, scrúdú agus, nuair is gá, athbhreithniú a dhéanamh ar na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú agus na coinníollacha a Chinneadh maidir le leibhéil tiúchana na dtrom-mhiotal i bpacáistí nó i gcomhpháirteanna pacáistithe nach mbeidh feidhm acu maidir le hábhair áirithe agus lúba táirge, na cineálacha pacáistithe atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le leibhéil tiúchana agus na bearta teicniúla is gá chun déileáil le haon deacrachtaí a bhaineann le forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 94/62/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/62/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír d'Airteagal 3(1):

Scrúdóidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, agus athbhreithneoidh sé, nuair is gá, na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú arna thabhairt in Iarscríbhinn I. Mar thosaíocht, díreofar ar na rudaí seo a leanas: cásanna CD agus físeán, potaí bláthanna, feadáin agus sorcóirí a bhfuil ábhar solúbtha arna chasadh umpu, cúlstiallacha ó lipéidí féinghreamaitheacha agus páipéar beartán.Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(2) In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Cinnfidh an Coimisiún na coinníollacha faoi nach mbeidh feidhm ag na leibhéil tiúchana dá dtagraítear i mír 1 maidir le hábhair athchúrsáilte agus lúba táirge atá i slabhra atá iata agus rialaithe, chomh maith le cineálacha pacáistithe atá díolmhaithe ón gceanglas dá dtagraítear i mír 1, tríú fleasc.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(3) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. D'fhonn na saintréithe agus cur i láthair na sonraí a sholáthraítear a chomhchuibhiú, agus chun na sonraí a dhéanamh níos comhoiriúnaí, soláthróidh na Ballstáit na sonraí atá ar fáil acu don Choimisiún, trí mheán formáidí a ghlacfar ar bhonn Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil

(a) Glacfar na leasuithe is gá chun an córas aitheantais a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil (dá dtagraítear dóibh in Airteagal 8(2) agus Airteagal 10, dara mír, fleasc deiridh) agus na formáidí a bhaineann leis an gcoras bunachair sonraí (dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus in Iarscríbhinn III) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

(b) Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá chun na samplaí léiritheacha le haghaidh pacáistiú a shainmhíniú, a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil (dá dtagraítear in Iarscríbhinn I). Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(5) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Cinnfidh an Coimisiún bearta teicniúla is gá chun déileáil le haon deacrachtaí a bhaineann le forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm ach go háirithe maidir le hábhair támha pacáistithe, a chuirtear ar an margadh i gcáinníochtaí fíorbheaga (i.e. 0.1% de réir meachain) sa Chomhphobal, maidir le pacáistiú príomhúil le haghaidh feistí leighis agus táirgí cógaisíochta, pacáistiú beag agus só-phacáistiú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(6) In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 1999/32/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 a bhaineann le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe agus ag leasú Threoir 93/12/CEE[20]

Maidir le Treoir 1999/32/EC, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, critéir a bhunú maidir le húsáid teicneolaíochtaí a laghdaíonn astaíochtaí ag longa de gach bratach i gcalafoirt, i gcalaí agus in inbhir iata sa Chomhphobal agus na leasuithe is gá a ghlacadh chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh do chuid de na forálacha i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 32/62/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/32/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 4c:

“3. Bunóidh an Coimisiún critéir maidir le húsáid teicneolaíochtaí a laghdaíonn astaíochtaí ag longa de gach bratach i gcalafoirt, i gcalaí agus in inbhir iata sa Chomhphobal. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Cuirfidh an Coimisiún na critéir seo i bhfios don IMO."

(2) In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh d'Airteagal 2, pointí 1, 2, 3, 3a, 3b agus 4 nó Airteagal 6(2) i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Ní bheidh aon athruithe díreacha ar raon feidhme na Treorach seo nó ar theorainneacha ar shulfar i mbreoslaí de thoradh ar oiriúnuithe dá leithéid."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer[21]

Maidir le Treoir 2001/81/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na modheolaíochtaí atá le húsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn III a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú a ceapadh iad, inter alia trína forlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/81/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Glacfaidh an Coimisiún aon nuashonrú modheolaíochtaí atá le húsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

(2) In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[22]

Maidir le Treoir 2003/87/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na forálacha is gá a ghlacadh chun Airteagal 11b(5) a chur chun feidhme, Rialachán a ghlacadh le haghaidh córais chaighdeánaithe agus daingnithe clárlanna atá lena n-áirítear forálacha maidir le húsáid agus aitheantas CERanna agus ERUanna i scéim an Chomhphobail agus maidir le monatóireacht leibhéal na húsáide sin, Iarscríbhinn III a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 22, áireamh gníomhaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach liostaítear in Iarscríbhinn I a fhormheas, agus aon fhorálacha is gá i ndáil le haitheantas frithpháirteach lámhaltas faoi chomhaontais le tríú tíortha a dhréachtú; agus bearta caighdeánaithe nó inghlactha le haghaidh monatóireachta ar astaíochtaí agus ar gháis cheaptha teasa eile a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/87//CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/87/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 11b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7. Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le míreanna 3 agus 4 a chur chun feidhme, go háirithe i dtaca leis an áireamh dúbailte a sheachaint, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Glacfaidh an Coimisiún forálacha maidir le mír 5 a chur chun feidhme sa chás go gcomhlíonann an t-óstpháirtí na ceanglais cáilitheachta maidir le gníomhaíochtaí tionscadal JI. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(2) In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. D'fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún Rialachán maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlanna atá i bhfoirm bunachar sonraí leictreonacha caighdeánaithe ina bhfuil eilimintí sonraí i gcoitinne chun eisiúint, sealbhú, aistriú agus cur ar ceal lámhaltas a leanúint, chun foráil a dhéanamh do rochtain phoiblí agus rúndacht mar is iomchuí agus chun a áirithiú nach ndéantar aon aistrithe nach bhfuil comhoiriúnach le hoibleagáidí atá de thoradh ar Phrótacal Kyoto. Cuimseoidh an Rialachán freisin forálacha maidir le húsáid agus aitheantas CERanna agus ERUanna i scéim an Chomhphobail agus monatóireacht ar leibhéal na húsáide sin. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

Leasuithe ar Iarscríbhinn III

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú, cé is moite de critéir (1), (5) agus (7), le haghaidh na tréimhse ó 2008 go 2012 i bhfianaise na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus na taithí ón dTreoir seo a chur i bhfeidhm. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(4) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(5) In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Agus na critéir ábhartha go léir á gcur san áireamh, go háirithe éifeachtaí ar an margadh inmheánach, saobhadh iomaíochta ionchaiseach, sláine comhshaoil na scéime agus iontaofacht an chórais monatóireachta agus tuairiscithe atá pleanáilte, féadfaidh na Ballstáit ó 2008 ar aghaidh trádáil ar lámhaltais i gcomhair astaíochtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Treoir seo maidir le:

(a) súiteálacha nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar an gcoinníoll go formheasann an Coimisiún an suiteáil a áireamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2), agus

(b) Gníomhaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I, ar an gcoinníoll go bhformheasfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí agus na gáis cheaptha teasa seo a áireamh. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Ó 2005 ar aghaidh féadfaidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha céanna, trádáil ar lámhaltais i gcomhair astaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha ag seoladh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I faoi bhun na dteorainneacha toillte dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin."

(6) In Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Sa chás go gcuirtear comhaontú dá dtagraítear i mír 1 i gcrích, glacfaidh an Coimisiún aon fhorálacha is gá i ndáil le haitheantas frithpháirteach lámhaltas faoin gcomhaontú sin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(7) In Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoin teideal "Monatóireacht astaíochtaí ó gháis cheaptha teasa eile":

"Úsáidfear modhanna caighdeánaithe nó inghlactha, arna bhforbairt ag an gCoimisiún i comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE[23].

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, roinnt teorainneacha tiúchana a shonrú sna hiarscríbhinní, iarscríbhinní a leasú aon uair a liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, iontrálacha atá ann cheana a mhodhnú agus na hiarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) I mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) Féadfar dramhaíl ina bhfuil aon substaint, nó atá éilithe le haon substaint, atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a dhiúscairt nó a aisghabháil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail, ar choinníoll go bhfuil inneachar na substaintí atá liostaithe sa dramhaíl faoi bhun na dteorainneacha tiúchana atá le sonrú in Iarscríbhinn IV. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Go dtí go sonraítear teorainneacha tiúchana i gcomhréir le nós imeachta dá leithéid, féadfaidh an t-údarás inniúil nó Ballstát teorainneacha tiúchana nó ceanglais teicniúla sonracha a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm i leith dramhaíl a dhiúscairt nó a aisghabháil faoin bhfomhír seo;"

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír (5):

"Bunóidh an Coimisiún teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn V, cuid 2 chun críocha mhír 4(b) den Airteagal seo a bhaint amach. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3)"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Na hIarscríbhinní a leasú

1. Sa chás go liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinní I, II agus III dá réir sin mar is iomchuí.

Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

2. Sa chás go liostaítear substaint sa Choinbhinsiún nó sa Phrótacal, leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn IV dá réir sin mar is iomchuí.

Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3. Glacfaidh an Coimisiún modhnuithe ar na hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinní I go III, lena n-áirítear iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

4. Glacfaidh an Coimisiún modhnuithe ar na hiontrálacha atá ann cheana in Iarscríbhinní IV agus modhnuithe ar Iarscríbhinn V, lena n-áirítear iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 29 de Threoir 67/548/CEE ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún maidir le gach ábhar faoin Rialachán seo cé is moite de na cinn a bhaineann le dramhaíl.

____________________________

(*) IO 196, 16.8.1967, lch. 1, mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 an 14 Aibreán 2003, IO L 122, 16.5.2003.”

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(4) In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach[24]

Maidir le Treoir 2004/107/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, forálacha agus Iarscríbhinní áirithe a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 2004/107/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/107/CE mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9. Gan spleáchas do na leibhéil tiúchana, súiteálfar pointe samplála chúlraigh amháin in aghaidh gach 100 000 km2 le haghaidh an tomhais tháscaigh, in aer comhthimpeallach, d'arsanaic, caidmiam, nicil, mearcair atá iomlán gásach, beansó(ai)piréin agus na hidreacarbóin aramatacha timthriallacha eile dá dtagraítear i mír 8 agus den deascadh iomlán d'arsanaic, caidmiam, nicil, beansó(a)phíréin agus na hidreacarbóin aramatacha timthriallacha eile dá dtagraítear i mír 8. Cuirfidh gach Ballstát stáisiún tomhaiste amháin ar bun ar a laghad; féadfaidh na Ballstáit, áfach, trí chomhaontú, agus i gcomhréir le treoirlínte atá le dréachtú de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2), stáisiún amháin nó roinnt stáisiún tomhaiste i gcoitinne a chur ar bun, ag clúdach na gcriosanna comharsanachta sna Ballstáit tadhlacha, chun an díscaoileadh spásúil is gá a bhaint amach. Moltar mearcair cáithníneach agus mearcair défhiúsach gásach a thomhas freisin. Mar is iomchuí, comhordófar an mhonatóireacht le straitéis monatóireachta agus clár tomhais EMEP (European Monitoring and Evaluation of Pollutants/Monatóireacht agus Meastóireacht ar Thruailleáin ag leibhéal Eorpach). Roghnófar na suímh samplála le haghaidh na dtruailleán seo sa chaoi is gur féidir comhathrú geografach agus treochtaí fadtéarmacha a aithint. Beidh feidhm ag ailt I, II agus III d'Iarscríbhinn III."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

“15. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun forálacha an Airteagail seo agus Alt II d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinní III, IV agus V a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(3). Ní féidir aon athruithe díreacha nó indíreacha ar na spriocluachanna a bheith de thoradh orthu."

(2) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2), aon socruithe mionsonraithe le haghaidh an fhaisnéis atá le soláthar faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur ar aghaidh."

(3) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V, phointe V:

"V.teicníochtaí samhailte tagartha do cháilíocht an aeir

Ní féidir teicníochtaí samhaltaithe tagartha do cháilíocht an aeir a shonrú faoi láthair. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a dhéanamh chun an pointe seo a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 6(3)."

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola[25]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, saincheist a réiteach mar a chuirtear síos uirthi in Airteagal 11(3) de Rialachán Uimh. 1013/2006, na hiarscríbhinní mar atá arna leagan síos in Airteagal 58 de Rialachán Uimh. 1013/2006 a leasú agus chun bearta breise mar atá arna leagan síos in Airteagal 59 de Rialachán Uimh. 1013/2006 a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Mura bhfuil aon réiteach sásúil le fáil, féadfaidh ceachtar de na Ballstáit an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ábhar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58:

"Airteagal 58

1. Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 59a(3). Sa bhreis air sin:

(a) Féadfar Iarscríbhinní I, II, III, IIIA, IV agus V a leasú chun na hathruithe a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Basel agus faoi Chinneadh OECD, a chur san áireamh;

(b) Is féidir dramhaíl neamhrangaithe a chur le hIarscríbhinn IIIB, IV nó V ar bhonn sealadach, fad a bheidh cinneadh ar feitheamh maidir lena n-áireamh sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Coinbhinsiún Basel nó le Cinneadh OECD;

(c) Tar éis do Bhallstát iarraidh a chur isteach, féadfar meascáin de dhá chineál dramhaíola nó níos mó arna liostú in Iarscríbhinn III a mheas i dtaca lena n-áireamh in Iarscríbhinn IIIA sna cásnna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ar bhonn sealadach fad a bheidh cinneadh ar feitheamh maidir lena n-áireamh sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Coinbhinsiún Basel nó le cinneadh OECD. Féadfar an coinníoll a bheith in Iarscríbhinn IIIA nach mbeidh feidhm ag iontráil amháin nó níos mó inti maidir le honnmhairithe go tíortha nach bhfuil Cinneadh OECD i bhfeidhm iontu;

(d) Cinnfear na cásanna eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus, nuair is gá, cuirfear an dramhaíl seo le hIarscríbhinní IVA agus V agus scriosfar í d'Iarscríbhinn III;

(e) Leasófar Iarscríbhinn V chun athruithe comhaontaithe ar an liosta dramhaíola contúirtí a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE;

(f) Leasófar Iarscríbhinn VIII aird a thabhairt ar choinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha.

2. Agus Iarscríbhinn IX á leasú, beidh baint iomlán ag an gCoiste arna bhunú le Treoir 91/692/CEE ón gComhairle leis an bplé.

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 59:

"Airteagal 59

Bearta breise

1. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2), na bearta breise seo a leanas a ghlacadh, i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo:

(a) treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an Airteagal 12(1)(g);

(b) treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 15 i ndáil le dramhaíl, a bhfuil athruithe substaintiúla á ndéanamh uirthi san oibríocht eatramhach aisghabhála nó diúscartha, a aithint agus a leanúint;

(c) treoirlínte le haghaidh chomhar na n-údarás inniúil maidir le loingsithe neamhdhlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 24;

(d) ceanglais theicniúla agus eagrúcháin maidir le cur chun feidhme praiticiúil idirmhalartú na sonraí leictreonacha le haghaidh aighneachtaí agus faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 26(4);

(e) tuilleadh treoraíochta maidir le húsáid teangacha dá dtagraítear in Airteagal 27;

(f) tuilleadh soiléirithe ar cheanglais nós imeachta Theideal II maidir lena gcur i bhfeidhm i dtaca le honnmhairithe, allmhairithe agus dramhaíl ar a bealach ón gComhphobal, go dtí an Comhphobal agus tríd an gComhphobal;

(g) tuilleadh treoraíochta maidir le téarmaí dlíthiúla neamhshainithe.

2. Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a) modh chun an ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach a ríomh mar atá arna leagan amach in Airteagal 6;

(b) tuilleadh coinníollacha agus ceanglas i ndáil le saoráidí le haghaidh aisghabhála arna thoiliú cheana dá dtagraítear in Airteagal 14.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 59a(3). "

(4) Cuirtear isteach an tAirteagal 59a seo a leanas:

"Airteagal 59a

Nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú in Airteagal 18(1) de Threoir 2006/12/CE de chúnamh ag an gCoimisiún (*).

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

_______________________

(*) IO L 114, 27.4.2006, lch. 9."

(5) Leasaítear Airteagal 63 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 2:

"Cé is moite de dhramhaíl gloine, dramhaíl páipéir agus dramhaíl aerbhonn, is féidir an tréimhse seo a fhadú go tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2012 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a (2)"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:

"Is féidir an tréimhse seo a fhadú go tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2012 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59a(2)."

(c) leasaítear mír 5 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Is féidir an tréimhse seo a fhadú go tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2015 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2)."

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú fomhír:

"Is féidir an tréimhse seo a fhadú go tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2015 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59a(2)."

EUROSTAT

Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú[26]

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an liosta táirgí a mbaineann an Rialachán sin leo a bhunú agus a thabhairt suas chun dáta. Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht dó rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cé chomh ionadaíoch agus tréimhsiúil is atá táirgí áirithe agus chun na socruithe maidir le hinneachar suirbhéanna agus maidir le bearta cur chun feidhme a bhunú, lena n-áirítear na bearta maidir le coigeartú d'ascnamh teicniúil i dtaca le sonraí a bhailiú agus torthaí a phróiseáil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6. Déanfaidh an Coimisiún an liosta Prodcom, an fhaisnéis a bhaileofar le haghaidh gach teidil agus nósanna imeachta cur chun feidhme eile an Rialacháin seo, a bhunú agus a thabhairt suas chun dáta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(2) Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) I mír 2 cuirtear na focail "in Airteagal 10(2)" in ionad na bhfocal "in Airteagal 10".

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5. Glacfaidh an Coimisiún, mar is gá, rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta i dtaca le coigeartú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Tréimhsí suirbhéireachta

Folóidh an suirbhé tréimhse bhliantúil de bhliain féilire amháin.

Féadfaidh an Coimisiún, áfach, i gcás teideal áirithe sa liosta Prodcom, suirbhéanna míosúla nó ráithiúla a chinneadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(4) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Baileoidh na Ballstáit an fhaisnéis a cheanglaítear ag baint úsáide as ceistneoirí suirbhé a gcomhlíonfaidh a n-inneachar na socruithe arna sainmhíniú ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(5) In Airteagal 6 agus in Airteagal 7(2) cuirtear na focail "in Airteagal 10(2)" in ionad na bhfocal "in Airteagal 10".

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 9 agus 10:

"Airteagal 9

Bearta cur chun feidnme

Glacfaidh an Coimisiún na bearta maidir le coigeartú d'ascnamh teicniúil a bhaineann le bailiú agus próiseáil torthaí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3). Glacfaidh an Coimisiún bearta eile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2):

Airteagal 10

Coiste

1. Beidh an Coiste Cláir Staidrimh, arna bhunú ag Cinneadh 89/382/CEE (Euratom(*)) ón gComhairle, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

____________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996, maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus táirgí bainne[27]

Maidir le Treoir 96/16/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na sainmhínithe a bhaineann le gabháltais talmhaíochta ina mbíonn ar na Ballstáit suirbhéanna a sheoladh maidir le táirgeadh bainne agus a úsáid, a ghlacadh, liosta na dtáirgí bainne a fholaítear sna suirbhéanna a Chinneadh agus na sainmhínithe aonfhoirmeacha infheidhme a bhunú i dtaca leis na torthaí a chur in iúl don Choimisiún. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun an Treoir seo a forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/16/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

"2) seolfaidh (siad) suirbhéanna bliantúla ar tháirgeadh bainne agus a úsáid sna gabháltais talmhaíochta mar a shainmhíníonn an Coimisiún iad; glacfar na bearta maidir le gabháltais talmhaíochta a shainmhiniú, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2) agus (3):

"2. Glacfaidh an Coimisiún an liosta táirgí bainne a fholaítear sna suirbhéanna. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

3. Bunóidh an Coimisiún na sainmhínithe aonfhoirmeacha le cur i bhfeidhm chun na torthaí a chur in iúl. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3).»

(3) In Airteagal 4(2) agus in Airteagal 6(1), cuirtear "in Airteagal 7(2)" in ionad "in Airteagal 7".

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1. Beidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna bhunú le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle(*), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

____________________

(*) IO L 179 an 7.8.1972 lch. 1"

Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú[28]

Maidir le Treoir 2001/109/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, leasú a dhéanamh ar liosta na speiceas crann torthaí agus an tábla ina bhfuil na speicis a ndéantar suirbhé orthu sna Ballstáit éagsúla, na modhanna maidir le hAirteagail áirithe a chur i bhfeidhm a ghlacadh agus teorainneacha na gcriosanna táirgthe a fhoráiltear do na Ballstáit a chinneadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/109/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/109/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 1(2):

"Féadfaidh an Coimisiún liosta na speiceas atá luaite agus an tábla atá luaite a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme an Airteagail seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(4):

"4. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme an Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

"2. Soláthrófar na torthaí dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na gcriosanna táirgthe ar leith. Glacfaidh an Coimisiún na teorainneacha táirgthe a fhoráiltear do na Ballstáit. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1. Beidh an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta, arna bhunú le Cinneadh 72/279/CEE, ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(*) IO L 179 an 7.8.1972, lch. 1."

Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d'iarnród[29]

Maidir leis Rialachán (CE) Uimh. 91/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na sainmhínithe a oiriúnú agus forálacha breise a ghlacadh, inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú agus na treoirlínte le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus ar chomparáideacht na dtorthaí a shainmhíniú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Féadfaidh an Coimisiún na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1 a oiriúnú agus na sainmhínithe breise is gá chun comhchuibhiú staidrimh a áirithiú a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(2) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Sainmhíníonn Iarscríbhinní B agus D na nósanna imeachta simplithe maidir le dearbhaithe, a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid in ionad na ngnáthdhearbhuithe mionsonraithe a thuairiscítear sna hIarscríbhinní A agus C le haghaidh gnóthas a bhfuil an méid iomlán earraí nó paisinéirí níos lú na 500 milliún tonna in aghaidh an chiliméadair nó níos lú ná 200 milliún paisinéir in aghaidh an chimiléadair faoi seach. Féadfaidh an Coimisún na táirseacha sin a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Féadfaidh an Coimisiún inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Rialacha cur chun feidnme

1. Glacfar nósanna imeachta maidir le tarchur na sonraí chuig Eurostat i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas

(a) na tairseacha maidir leis na dearbhuithe simplithe a ghlacadh (Airteagal 4);

(b) na sainmhínithe a oiriúnú agus na sainmhínithe breise a ghlacadh (Airteagal 3(2);

(c) inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú (Airteagal 4);

(d) na treoirlínte maidir leis na tuarascálacha ar cháilíocht agus ar chomparáideacht na dtorthaí a shainmhíniú (Airteagail 8 agus 9).

Glacfar na bearta seo a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 11(3)".

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle (Euratom), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

(5) In Iarscríbhinn H, pointe 5 agus in Iarscríbhinn J, cuirtear "in Airteagal 11(3)" in ionad "in Airteagal 11(2)".

Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh, i leith Paisinéirí, Earraí agus Post a iompar d’aer[30]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 437/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, sainmhínithe an Rialacháin a leasú agus forálacha breise a ghlacadh agus inneachar na n-iarscríbhinní a ghabhann leis a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Baileoidh gach Ballstát na sonraí go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir le haerfoirt go léir an Chomhphobail ar a chríoch a bhfuil trácht de níos mó ná 150 000 aonad paisinéirí in aghaidh na bliana acu.

Déanfaidh an Coimisiún liosta aerfoirt an Chomhphobail dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhréachtú agus más gá a thabhairt suas chun dáta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Beachtas na sonraí staidrimh

Beidh bailiú na sonraí bunaithe ar thuairisceáin críochnúla, mura bhfuil critéir beachtais eile leagtha síos ag an gCoimisiún. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. Tarchuirfear na torthaí de réir na gcomhad sonraí in Iarscríbhinn I. Sonróidh an Coimisiún na comhaid sonraí. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Sonróidh an Coimisiún na modhanna a úsáidfear maidir leis an tarchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(2)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Forálacha cur chun feidhme

1. Glacfar na bearta cur chun feidhme seo a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(2):

— tuairisc ar chóid na sonraí agus ar an modh a úsáidtear chun na torthaí a tharchur chuig an gCoimisiún.(Airteagal 7),

— dáileadh na dtorthaí staidrimh (Airteagal 8).

2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

— na sonraíochtaí atá in iarscríbhinní an Rialacháin seo a oiriúnú,

— saintréithe maidir le bailiú sonraí a oiriúnú (Airteagal 3),

— liosta aerfoirt an Chomhphobail a fholáitear in Airteagal 3(2),

— beachtas na sonraí staidrimh (Airteagal 5),

— tuairisc ar na comhaid sonraí (Airteagal 7).

Glacfar na bearta seo a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, nó a fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 11(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle (Euratom(*)), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

___________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar bliantúil staidrimh Comhphobail ar thionscal na cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009[31]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 48/2004, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an liosta saintréithe a mbaineann an Rialachán sin leo a bhunú agus a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Bearta cur chun feidnme

1. Déanfar na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo maidir le formáidí tarchuir agus an chéad thréimhse tarchuir a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2. Glacfar na bearta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le aon athrú ar an liosta saintréithe, ar an gcoinníoll nach gcuirfear aon ualach suntasach breise ar na Ballstáit, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear inAirteagal 8(3)."

(2) In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

MARGADH INMHEÁNACH

Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail[32]

Maidir le Treoir 2004/25/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6(3) a bhaineann le hinneachar an doiciméid tairisceana a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Le Treoir 2004/25/CE foráladh do shrian ama maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a tugadh don Choimisiún. Ina gcomhráiteas maidir le Treoir 2006/512/CE lena leasaítear Treoir 1999/468/CE, dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go dtugann Treoir 2006/512/CE réiteach cothrománach agus sásúil ar mhian Pharlaimint na hEorpa inniúchadh a dhéanamh ar chur chun feidhme ionstraimí arna nglacadh faoin nós imeacht comhchinnteoireachta agus go mba chóir, dá réir sin, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gan teorainn ama. Tár éis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach, ba chóir an fhoráil lena mbunaítear an teorainn ama sin i dTreoir 2004/25/CE a scriosadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/25/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Glacfaidh an Coimisiún rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 3. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

(2) Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) scriostar mír 3.

SLÁINTE AGUS COSAINT NA d TOMHALTÓIRÍ

Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le hábhair bheatha cumaisc a chur ar an margadh[33]

Maidir le Treoir 79/373/CEE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na maoluithe a ghlacadh ar na ceanglais maidir le pacáistiú beatha, agus an Iarscríbhinn a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 79/373/CEE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 79/373/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):

"2. Glacfaidh an Coimisiún na maoluithe ar phrionsabail mhír 1 atá le hudarú ar leibhéal an Chomhphobail. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3) ar an gcoinníoll go n-áiritheofar sainaithint agus cáilíocht na mbeathaí cumaisc".

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

I bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil:

(a) bunófar catagóirí ina n-áirítear go leor amhábhair le haghaidh ábhar beatha tráth nach déanaí ná an 22 Eanáir 1991 de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13(2);

(b) féadfar modhanna ríofa luachanna fuinnimh na mbeathaí cumaisc a Chinneadh de réir an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13(2);

(c) glacfaidh an Coimisiún na leasuithe ar an Iarscríbhinn; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3):

"3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe[34]

Maidir le Treoir 82/471/CEE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, leasuithe a ghlacadh agus na critéir is gá maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa Treoir seo a thréithriú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 82/471/CEE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Ar chúis práinne, ní mór an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun na leasuithe ar an Treoir a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 82/471/CEE mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe ar an Iarscríbhinn de bharr eolais eolaíoch agus theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). I gcás táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn, Ranna 1.1 agus 1.2, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch um Chothú Ainmhithe agus leis an gCoiste Eolaíoch Bia.

Mar sin féin, maidir le táirgí a fhaightear ó ghiosta de chineál "Candida" a shaothraítear ar n-alcáin agus dá dtagraítear in Airteagal 4(1), glacfaidh an Coimisiún seasamh laistigh de dhá bhliain ó fhógra a fháil maidir leis an Treoir seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch um Chothú Ainmhithe agus leis an gCoiste Eolaíoch Bia"

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Féadfaidh an Coimisiún na critéir lena bhféadtar na táirgí dá dtagraítear sa Treoir seo a thréithriú, go háirithe na critéir comhshuímh agus íonachta chomh maith leis na hairíonna fisiciceimeacha agus bitheolaíocha, a ghlacadh, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

(2) Sa dara fomhír d'Airteagal 7(2) cuirtear na focail "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

"3. Má mheasann an Coimisiún gur gá na leasuithe ar an Treoir seo chun na deacrachtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhaolú agus chun cosaint shláinte an duine nó ainmhithe a áirithiú glacfaidh sé na bearta sin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4). Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát a ghlac bearta cosanta iad a choinneáil go dtí go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm."

(4) Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

(b) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

(5) Scriostar Airteagal 14.

Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le cúrsaíocht ábhar beatha, lena leasaítear Treoracha 70/524/CEE, 74/63/CEE, 82/471/CEE agus 93/74/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 77/101/CEE[35]

Maidir le Treoir 96/25/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an liosta substaintí a dtoirmisctear nó a gcuirtear teorainn lena gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe, a shocrú agus a leasú agus an iarscríbhinn a leasú i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/25/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar mhórchúiseanna práinne, ní foláir go mbeidh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun an liosta substaintí a dtoirmisctear nó a gcuirtear teorainn lena gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe a leasú.

Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainnacha ama le haghaidh nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun go nglacfar na leasuithe ar an iarscríbhinn i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/25/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc d'Airteagal 5(1)(g):

"- na bearta Comhphobail atá ar an liosta a bhunóidh an Coimisiún; glacfar an beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1. Féadfar corás códaithe uimhriúil le haghaidh na n-amhábhar do bheathaí ainmhithe liostaithe, bunaithe ar na gluaiseanna maidir le tionscnamh, an chuid den táirge nó den seachtháirge a úsáidtear, an chóireáil, aibíocht/cáilíocht na n-amhábhar agus a cheadaíonn sainaithint bheathaí na n-ainmhithe ar leibhéal idirnáisiúnta – le ainmniúchán agus tuairisc – a ghlacadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2. Déanfaidh an Coimisiún an liosta substaintí a dtoirmisctear nó a gcuirtear teorainn lena gcúrsaíocht nó a n-úsáid chun críocha cothaithe ainmhithe a dhréachtú chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 3. Glacfar an bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

3. Leasóidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i mír 2, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 13(5) d'fhonn na leasuithe sin a ghlacadh.

4. Glacfaidh an Coimisiún na leasuithe ar an Iarscríbhinn i bhfianaise eolais eolaíoch agus theicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(4)."

(3) Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

4. "3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

(b) cuirtear na míreanna 4 agus 5 seo a leanas leis:

5. "4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(a) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 deIs dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe[36]

Maidir le Treoir 2002/32/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe Iarscríbhinní I agus II a leasú agus a oiriúnú i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil agus na critéir bhreise maidir leis na próisis díthocsainithe a shainmhíniú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/32/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ar mhórchúiseanna práinne, ní foláir go mbeidh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun Iarscríbhinní I agus II a oiriúnú i bhfianaise eolais eolaíoch agus theicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/32/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 7(2):

"Cinnfear láithreach an bhfuil gá na hIarscríbhinní I agus II a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(1) agus (2):

"1. I bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil, oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinní I agus II. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 11(4) d'fhonn na leasuithe sin a ghlacadh.

2. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún:

- leaganacha comhdhlúite d'Iarscríbhinní I agus II a ionchorpraíonn na hoiriúnuithe a cuireadh i gcrích i gcomhréir le mír 1 a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(2),

- na critéir inghlacthachta maidir leis na próisis díthocsainithe a shainmhíniú mar chomhlánú ar na critéir dá bhforáiltear maidir leis na beathaí d'ainmhithe a chuaigh faoi na próisis sin; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

1. Beidh an Buanchoiste um Ábhair Bheatha d'Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 1 de Chinneadh 70/372/ECC(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

_________________________________

(*) IO L 170, 3.8.1970 lch. 1."

(4) Scriostar Airteagal 12.

Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe agus lena leasaítear Treoir 92/65/CEE ón gComhairle[37]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an liosta speiceas ainmhithe arna leagan amach i gCuid C d'Iarscríbhinn I agus liostaí na dtíortha agus na gcríoch arna leagan amach i gCodanna B agus C d'Iarscríbhinn II a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann le nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun liosta tríú tíortha áirithe a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása thosaigh:

"Is é an Coimisiún a dhréachtóidh an liosta tríú tíortha dá bhforáiltear i gCuid C d'Iarscríbhinn II [roimh dháta dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 25]. Chun go n-áireofar í ar an liosta sin, ní folaír do thríú tír a stádas maidir le confadh a thaispeáint agus go:"

(b) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 24(5)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Féadfaidh an Coimisiún Cuid C d'Iarscríbhinn agus Codanna B agus C d'Iarscríbhinn II a leasú chun forbairtí sa staid laistigh de chríoch an Chomhphobail a chur san áireamh, nó i dtríú tíortha maidir le galair a théann i gcion ar speicis ainmhithe a fholaítear sa Rialachán seo, go háirithe confadh, agus, más gá, srian a chur, chun críocha an Rialacháin seo, leis an líon ainmhithe is féidir a bhogadh. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 24(4)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"Airteagal 21

Féadfaidh an Coimisiún aon fhorálacha idirthréimhseacha cur chun feidhme a ghlacadh d'fhonn an t-athrú ó na socruithe atá ann faoi láthair go dtí na socruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo a cheadú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 24(4)"

(4) Leasaítear Airteagal 24 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

“5. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le monatóireacht ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle[38].

Maidir le Treoir 2003/99/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, cláir monatóireachta comhordaithe a bhunú maidir le zónóisí agus oibreáin zónóiseacha. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, nó lena fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar chúiseanna práinne ní foláir an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/99/CE a ghlacadh chun zónóisí agus oibreáin zónóiseacha a chur le, nó a scriosadh ó na liostaí dá bhforáiltear inti.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/99/CE mar seo a leanas:

(1) in Airteagal 4, leasaítear mír (4) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása thosaigh:

"Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú chun zónóisí nó oibreáin zónóiseacha a chur le, nó a scriosadh ó, na liostaí atá inti, ag cur san áireamh go háirithe na critéir seo a leanas:"

(b) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(4)."

(2) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Mura bhfuil sonraí a bhailítear trí ghnáthmhonatóireacht leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh an Coimisiún cláir monatóireachta comhordaithe a bhunú maidir le zónóis amháin nó níos mó nó oibreán zónóiseach amháin nó níos mó, go háirithe nuair a aithnítear riachtanais shonracha, chun rioscaí a mheasúnú nó chun luachanna bunlíne i ndáil le zónóisí nó oibreáin zónóiseacha a bhunú ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Chomhphobail. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Leasuithe ar Iarscríbhinní nó ar bhearta idirthréimhseacha nó cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní II, III agus IV a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Féadfar aon bhearta idirthréimhseacha nó cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

(4) Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

“4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia[39]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na forálacha maidir le bearta sonracha sláinteachais agus le formheas bunaíochtaí a ghlacadh agus le maoluithe ó Iarscríbhinn I agus II a dheonú faoi choinníollacha áirithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(4):

"4. Bunóidh an Coimisiún na critéir, ceanglais agus spriocanna dá dtagraítear i mír 3 chomh maith leis na modhanna samplála agus anailíse bainteacha. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) d'Airteagal 6(3):

"(c) Le cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún; glacfar leis an mbeart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 14(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

"Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní I agus II a oiriúnú nó a thabhairt suas chun dáta ag cur san áireamh:"

(ii) cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

6. "2. Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ar Iarscríbhinní I agus II a dheonú, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme Airteagal 5 a éascú i gcás gabháltas talmhaíochta beag, ag cur san áireamh na nguaiseanna ábhartha agus ar choinníoll nach gcuireann na maoluithe sin isteach ar chur i gcrích na gcuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

"3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch[40]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na forálacha maidir le hoibleagáidí ginearálta na n-oibreoirí gnóthas bia agus le ráthaíochtaí speisialta i dtaca le bia a chur ar an margadh sa tSualainn agus san Fhionlainn a ghlacadh, chomh maith le maoluithe ar na hiarscríbhinní a dheonú faoi choinníollacha áirithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d'Airteagal 3(2):

"Ní úsáidfidh oibreoirí gnóthas bia aon substaint ach uisce óil, nó má údaraítear le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 nó leis an Rialachán seo é, uisce glan, chun éilliú a bhaint de dhromchlá táirgí de bhunadh ainmhíoch, ach amháin má tá úsáid na substainte sin faofa ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

"3.

(a) Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 1 agus 2 a thabhairt suas chun dáta chun leasuithe ar chláir rialaithe na mBallstát nó na critéir mhicribhitheolaíocha arna nglacadh a chur san áireamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

(b) I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2), féadfar na rialacha arna leagan síos i mír 2 den Airteagal seo maidir leis na hearraí bia dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shíneadh go páirteach nó go hiomlán do gach Ballstát nó gach réigiún de Bhallstát a bhfuil clár rialaithe acu a aithnítear mar chomhionann leis an gclár rialaithe atá faofa don tSualainn agus don Fhionnlainn maidir le hearraí bia de bhunadh ainmhíoch."

(3) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

"Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní II agus III a oiriúnú nó a thabhairt suas chun dáta, ag cur san áireamh:"

(ii) cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Féadfaidh an Coimisiún díolúintí maidir le hIarscríbhinní II agus III a dheonú, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad bac ar chur i gcrích na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh in Airteagal 11:

"Gan dochar do charachtar ginearálta Airteagal 9 agus 10(1), féadfar bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2), nó féadfar leasuithe ar Iarscríbhinní II nó III, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialachaín seo a leasú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3), chun:"

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine[41]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, Iarscríbhinní na hIonstraime sin a leasú nó a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(1) agus (2):

"1. Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní I, II, III, IV, V agus VI a leasú nó a fhorlíonadh, chun ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

2. Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ar Iarscríbhinní I, II, III, IV, V agus VI a ghlacadh, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad isteach ar chur i gcrích na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh in Airteagal 18:

"Gan dochar do charachtar ginearálta Airteagal 16 agus 17(1), féadfar bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2), nó féadfar leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, III, IV, V nó VI, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialachaín seo a leasú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3), le go soiléireofar:"

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

«3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le sláinteachas bia ainmhithe[42]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na critéir mhicribhitheolaíocha agus na cuspóirí sonracha atá le comhlíonadh ag na hoibreoirí gnóthas beatha a shainmhíniú, na bearta a bhaineann le formheas bunaíochtaí a ghlacadh, Iarscríbhinní I, II agus III a leasú agus maoluithe a dheonú ó na hIarscríbhinní sin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 5(3):

"Glacfaidh an Coimisiún na critéir agus na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b). Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 31(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3) d'Airteagal 10:

"3) Tá formheas ag teastáil le Rialachán a ghlac an Coimisiún; glacfar an beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 31(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Leasuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III

Féadfar Iarscríbhinní I, II agus III a leasú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a) cód dea-chleachtais a leagan sios;

(b) an taithí a fuarthas i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na gcóras bunaithe ar HACCP (Anailíse Guaise agus Pointe Chriticiúil Rialaithe) i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c) an fhorbairt teicneolaíoch;

(d) comhairle eolaíoch, go háirithe measúnuithe nua priacail;

(e) sainmhíníu na gcuspóirí le haghaidh sábháilteacht ábhar beatha;

agus

(f) ceanglais a leagan síos maidir le hoibríochtaí sonracha.

Glacfar na beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialacháin seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 31(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Maoluithe ar Iarscríbhinní I, II agus III

Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a dheonú, ar an gcoinníoll nach gcuireann siad isteach ar chur i gcrích na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 31(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31(3):

"3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

FUINNEAMH AGUS IOMPAR

Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar[43]

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na leasuithe is gá a chur i gcrích chun na hIarscríbhinní seo a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CEE) Uimh. 85/2002 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

"Ní foláir go gcomhlíonfaidh an córas slándála ceanglais teicniúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I B. Áiritheoidh an Coimisiún go bhforálfar leis an Iarscríbhinn sin nach ndeontar cineál-cheadú AE do threalamh taifeadta go dtí go dtaispeánfaidh an córas iomlán (an trealamh taifeadta féin, cárta tiománaí agus naisc leictreacha leis an ngiarbhosca) go bhfuil sé in ann iarrachtaí cur isteach air a sheasamh nó na sonraí ar na hamanna tiomána a athrú. Glacfar na bearta seo a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Déanfaidh saineolaithe atá ar an eolas maidir leis na teicnící is déanaí chun cur isteach ar an trealamh, na tástálacha i ndáil leis seo."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(1):

1. Glacfar na leasuithe is gá chun na hiarscríbhinní a oiriúnú don ascnamh teicniúil agus ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas comhchuibhithe sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta 24 méadar ar fhad nó níos mó[44]

Maidir le Treoir 97/70/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na forálacha bainteacha a ghlacadh, de pháirt, léiriú comhchuibhithe forálacha áirithe san iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal Torremolinos agus, den pháirt eile, an Treoir a chur i bhfeidhm. Ba chóir, freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha áirithe na Treoracha a leasú, chomh maith leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis, d'fhonn, chun críocha na Treorach, forálacha Phrótacal Torremolinos arna dteacht i bhfeidhm tar éis an Treoir a ghlacadh, a chur chun feidhme. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha den Treoir 97/70/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 97/70/CE mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 4(4)(b), cuirtear "in Airteagal 9(2)" in ionad "in Airteagal 9".

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre d'Airteagal 8:

Glacfar na hoiriúnuithe seo a leanas, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

(a) féadfar forálacha a ghlacadh agus a chur isteach maidir le:

– léiriú comhchuibhithe ar fhorálacha na hIarscríbhinne a ghabhann le Prótacal Torremolinos a fágadh de rogha ag riaracháin na bpáirtithe conarthacha a mhéid is gá chun a áirithiú a go gcuirfear chun feidhme iad go comhsheasmhach sa Chomhphobal.

– cur chun feidhme na Treorach, gan a raon feidhme a leathnú.

(b) féadfar Airteagail 2, 3, 4, 6 agus 7 den Treoir seo a oiriúnú agus féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú chun leasuithe iardain ar Phrótacal Torremolinos a tháinig i bhfeidhm tar éis an Treoir seo a ghlacadh a chur i bhfeidhm chun críocha na Treorach seo."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna chur ar bun le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_______________

(*) IO L 324, 29.11.2002 lch. 1."

Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le Suirbhéanna Sainordaitheacha maidir le Stáit d’Oibriú Seirbhísí Rialta Farantóireachta Rothlú ann-Rothlú as agus Árthaí Paisinéirí Mórluais[45]

Maidir le Treoir 1999/35/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na hIarscríbhinní, na sainmhínithe agus na tagairtí d'ionstraimí an Comhphobail agus tagairtí d'ionstraimí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) a oiriúnú chun iad a bheith ag luí le bearta Comhphobail agus IMO) a tháinig i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Ba chóir, freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, na hIarscríbhinní a leasú chun an córas arna bhunú leis an Treoir a fheabhsú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta seo a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir 1999/35/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/35/CE mar seo a leanas:

(1) San abairt deiridh d'Airteagal 4(1)(d), in Airteagal 11(6) agus (8) agus sa dara habairt agus san abairt deiridh d'Airteagal 13(3), cuirtear na focail "in Airteagal 16(2)" in ionad "in Airteagal 16".

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

___________________________

(*) IO L 324, 29.11.2002 lch. 1."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Nós imeachta leasaithe

Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo, na sainmhínithe, na tagairtí d'ionstraimí Comhphobail agus tagairtí d'IMO a leasú a mhéid is gá chun go mbeidh siad ag luí le bearta Comhphobail nó IMO atá tagtha i bhfeidhm cheana, ach gan raon feidhme na Treorach seo a leathnú.

Féadfar freisin, na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú más gá, d'fhonn an córas arna bhunú leis an Treoir seo a fheabhsú, ach gan a raon feidhme a leathnú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Féadfar na leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002."

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais deartha cabhlach dúbailte nó a coibhéis a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe d’olathancaeir aonchabhlacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2978/94 ón gComhairle[46]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 417/2002, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, tagairtí áirithe do rialacha ábhartha atá in MARPOL 73/78 agus do Rúin MEPC 111(50) agus 94(46) a leasú chun go mbeidh na tagairtí ag luí le leasuithe ar na rialacha agus ar na Rúin arna nglacadh ag IMO, sa mhéid is nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2002/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_______________

(*) IO L 324, 29.11.2002 lch. 1."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 11:

Féadfaidh an Coimisiún na tagairtí atá in Airteagail an Rialacháin seo a oiriúnú do rialacha Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78, do Rún MEPC 111(50) agus do Rún MEPC 94(46) arna leasú le Rún MEPC 99(48) agus Rún MEPC 112(50), chun go mbeidh siad ag luí le leasuithe ar na rialacha agus na rún sin arna nglacadh ag IMO, sa mhéid is nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(2)."

Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena dtoirmisctear comhdhúile organaitín ar shoithí[47]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 782/2003, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, córas comhchuibhithe suirbhéanna agus deimhnithe le haghaidh soithí áirithe a shainmhíniú, bearta áirithe a ghlacadh maidir leis na soithí ag seoladh faoi bhratach tríú tír, nósanna imeachta i dtaca le rialú Stáit ar longphoirt a shainmhíniú, chomh maith le tagairtí agus iarscríbhinní áirithe a leasú chun forbairt na staide ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) nó chun éifeachtacht an Rialacháin a neartú i bhfianaise na taithí a fuarthas. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1(b):

"Más gá, feadfaidh an Coimisiún córas comhchuibhithe suirbhéanna agus deimhnithe a shainmhíniú le haghaidh na soithí seo. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

«3. Mura dtagann Coinbhinsiún AFS i bhfeidhm idir seo agus [1 Eanáir 2007], glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí chun go gceadófar do shoithí atá ag seoladh faoi bhratach tríú tír a chruthú go gcomhlíonann siad Airteagal 5. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 7:

"Mura bhfuil Coinbhiníún AFS tagtha i bhfeidhm faoin [1 Eanáir 2007], sainmhíneoidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir leis na rialuithe sin. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Féadfaidh an Coimisiún na tagairtí do Choinbhinsiún AFS, do Dheimhniú AFS, do Dhearbhú AFS agus do Ráiteas comhlíonta AFS agus/ nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear na treoirlínte comhfhreagracha arna leagan amach ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus a bhaineann le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún AFS, a leasú chun forbairtí idirnáisiúnta in IMO a chur san áireamh agus go háirithe, chun éifeachtacht an Rialacháin seo a neartú, ag baint úsáide as an taithí a fuarthas. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(2)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

___________________________

(*) IO L 324 29.11.2002, lch. 1"

Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh[48] agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE

Maidir le Treoir 2004/8/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, luachanna tagartha éifeachtachta comhchuibhithe a athbhreithniú le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa, na luachanna tairsí arna leagan amach in Airteagal 13 a oiriúnú d'ascnamh teicniúil, agus na treoirlínte mionsonraithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/8/CE, lena n-áirítear an cóimheas cumhachta is teasa, a bhunú agus a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/8/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/8/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d' Airteagal 4:

"2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na luachanna tagartha éifeachtachta comhchuibhithe le haghaidh táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa dá dtagraítear i mír 1, an 21 Feabhra 2011, den chéad uair, agus gach ceithre bliana tar éis sin, chun forbairtí teicneolaíocha agus athruithe i ndáileadh na bhfoinsí fuinnimh a chur san áireamh. Glacfar aon bhearta a thagann as an athbhreithniú seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Athbhreithniú

1. Ríomhfaidh an Coimisiún na luachanna tairsí a úsáidtear chun leictreachas ó chomhghiniúint, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II(a) a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2. Ríomhfaidh an Coimisiún na luachanna tairsí a úsáidtear chun éifeachtacht táirgthe comhghiniúna agus coigiltis fuinnimh phríomhúla, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III(a), a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

3. Cinnfidh an Coimisiún na treoirlínte maidir leis an gcóimheas cumhachta is teasa, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II(d) a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d' Iarscríbhinn II:

"(e) Bunóidh an Coimisiún treoirlínte mionsonraithe maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II, lena n-áirítear an cóimheas cumhachta is teasa a chinneadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(2)."

Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comh-inoibritheacht na gcóras leictreonacha dola bóthair sa Chomhphobal[49]

Maidir le Treoir 2004/52/CE, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, an Iarscríbhinn a oiriúnú, cinntí maidir le sainmhíniú na seirbhíse dola bóthair na hEorpaí ghlacadh faoin [1 Iúil 2006] agus, mura nglacfar iad faoin dáta sin, dáta nua a shocrú. Ba chóir freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinntí teicniúla a ghlacadh maidir leis an tseirbhís leicreonach Eorpach dola bóthair a thabhairt i gcrích. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/52/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/52/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2), (4), (5) agus (6):

"2. Nuair is iomchuí, féadfar an Iarscríbhinn seo a leasú ar chúiseanna teicniúla. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

4. Glacfaidh an Coimisiún na cinntí maidir leis an tseirbhís Eorpach dola bóthair a shainmhíniú faoin [1 Iúil 2006]. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Ní ghlacfar na cinntí sin ach amháin má dhéantar na coinníollacha go léir, arna meas bunaithe ar staidéar iomchuí, a chomhlíonadh chun an chomh-inoibritheacht a fheidhmiú ó thaobh dearcadh teicniúil, dlíthiúil agus tráchtála de.

5. Mura nglacfar na cinntí dá dtagraítear i mír 4 faoin [1 Iúil 2006], socróidh an Coimisiún dáta nua faoinar foláir na cinntí sin a ghlacadh. Glacfar an beart sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

6. Glacfaidh an Coimisiún na cinntí teicniúla maidir leis an tseirbhís Eorpach dola bóthair a thabhairt i gcrích. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Coiste

1. Beidh Coiste um Dhola Leictreonach Bóthair, dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil long agus saoráidí poirt a fheabhsú[50]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, a Chinneadh i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní, a bhaineann le bearta speisialta áirithe chun slandáil muirí an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Chóid Idirnáisiúnta um shlandáil long agus saoráidí poirt a fheabhsú, agus a bhfuil feidhm acu go huathoibreach maidir le trácht idirnáisiúnta, cibé ar chóir go mbeadh feidhm acu maidir le longa ag oibriú seirbhísí intíre agus maidir le na saoráidí calafoirt a fhreastalaíonn orthu. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 a leasú a ceapadh iad, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ceanglais agus bearta slandála agus tá sé bunaithe ar ionstraimí idirnáisiúnta atá faoi réir leasaithe. Ar fhorais éifeachtúlachta, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú le go nglacfaí a Iarscríbhinní.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 10:

“2. Cinnfidh an Coimisiún comhthathú leasuithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 i ndáil le longa ag oibriú seirbhísí intíre agus leis na saoráidí calafoirt a fhreastalaíonn orthu a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, sa mhéid is gurb é atá iontu ná nuashonrú teicniúil ar fhorálacha Choinbhinsiún SOLAS agus Chód ISPS. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(4). Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta seiceála comhréireachta arna bhunú i mír 5 sna cásanna sin."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 6 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sna tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 6(b) agus (c) faoi seach de Chinneadh 1999/468/CE.

4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 613/91 ón gComhairle[51]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 789/2004, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, sainmhínithe áirithe a leasú chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus chun an Rialachán a dhéanamh níos éifeachtaí i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an ascnaimh theicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 2004/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

________________________________

(*) IO L 324, 29.11.2002 lch. 1."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

«1. D'fhonn na forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus chun éifeachtacht an Rialacháin seo a fheabhsú a bhuíochas don taithí a fuarthas agus don ascnamh teicniúil, féadfaidh an Coimisiún na sainmhínithe atá in Airteagal 2 a leasú sa mhéid is nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin. Glacfar na beart sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialacháin seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)."

Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal[52]

Maidir le Treoir 2005/44/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/44/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/44/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Nós imeachta leasaithe

Féadfar Iarscríbhinn I agus II a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus a óiriúnú d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 7 de Threoir 91/672/CEE (*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le hionadaithe na hearnála ó am go chéile.

____________________________

(*) IO L 373 31.12.1991, lch. 29. "

Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil poirt a fheabhsú[53]

Maidir le Treoir 2005/65/CE, ba chóir, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, go háirithe, na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2005/65/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leagtar síos le Treoir 2005/65/CE ceanglais agus bearta slandála agus tá sí bunaithe ar ionstraimí idirnáisiúnta atá faoi réir leasaithe. Ar fhorais éifeachtachta, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú le go nglacfaí a hIarscríbhinní.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/65/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 14 agus 15 de Threoir 2005/65/CE:

"Airteagal 14

Oiriúnuithe.

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní I go IV a leasú gan raon feidhme na Treorach seo a leathnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 15

Coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Innéacs croineolaíoch

(1) Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil (Leathanach 9)

(2) Treoir 79/373/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le hábhair bheatha cumaisc a chur ar an margadh (Leathanach 45)

(3) Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (Leathanach 46)

(4) Treoir 82/883/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1982 maidir le nósanna imeachta i dtaca le faireachas agus monatóireacht na gcomhshaolta a bhfuil dramhaíl ó thionscal na dé ocsaíde tíotáiniam ag cur as dóibh (Leathanach 21)

(5) Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (Leathanach 59)

(6) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht (Leathanach 21)

(7) Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú (Leathanach 35)

(8) Treoir 93/15/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le comhchuibhiú na bhforálacha i ndáil le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú (Leathanach 10)

(9) Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú (Leathanach 22)

(10) Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus táirgí bainne (Leathanach 37)

(11) Treoir 96/25/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le cúrsaíocht ábhar beatha, lena leasaítear Treoracha 70/524/CEE, 74/63/CEE, 82/471/CEE agus 93/74/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 77/101/CEE (Leathanach 47)

(12) Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (Leathanach 8)

(13) Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas comhchuibhithe sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta 24 méadar ar fhad nó níos mó (Leathanach 60)

(14) Treoir 1999/32/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 a bhaineann le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe agus ag leasú Threoir 93/12/CEE (Leathanach 24)

(15) Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le Suirbhéanna Sainordaitheacha maidir le Stáit d’Oibriú Seirbhísí Rialta Farantóireachta Rothlú ann Rothlú as agus Árthaí Paisinéirí Mórluais (Leathanach 61)

(16) Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hAstú Fuaime sa chomhshaol ó threalamh le húsáid lasmuigh (Leathanach 11)

(17) Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer (Leathanach 25)

(18) Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir leis na suirbhéanna staidrimh atá le cur i gcrích ag na Ballstáit chun acmhainn táirgthe plandálacha speiceas áirithe de chrainn torthaí a aimsiú (Leathanach 38)

(19) Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais deartha cabhlach dúbailte nó a coibhéis a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe d’olathancaeir aonchabhlacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2978/94 ón gComhairle (Leathanach 63)

(20) Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh inmhianaithe i mbia ainmhithe (Leathanach 49)

(21) Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d'iarnród (Leathanach 39)

(22) Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith Paisinéirí, Earraí agus Post a iompar d’aer (Leathanach 41)

(23) Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena dtoirmisctear comhdhúile organaitín ar shoithí (Leathanach 64)

(24) Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe agus lena leasaítear Treoir 92/65/CEE ón gComhairle (Leathanach 51)

(25) Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin (Leathanach 12)

(26) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (Leathanach 26)

(27) Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le monatóireacht ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle (Leathanach 52)

(28) Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le soláthar bliantúil staidrimh Comhphobail ar thionscal na cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009 (Leathanach 43)

(29) Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú Dea Chleachtais Saotharlainne (DCS) (Leathanach 13)

(30) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (Leathanach 15)

(31) Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus a n-iarratais ar thastálacha ar shubstaintí ceimiceacha a fhíorú (leagan códaithe) (Leathanach 14)

(32) Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE (Leathanach 65)

(33) Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (Leathanach 16)

(34) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (Leathanach 18)

(35) Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil long agus saoráidí poirt a fheabhsú (Leathanach 68)

(36) Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (Leathanach 44)

(37) Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 613/91 ón gComhairle (Leathanach 69)

(38) Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (Leathanach 28)

(39) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (Leathanach 54)

(40) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (Leathanach 55)

(41) Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine (Leathanach 57)

(42) Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comh inoibritheacht na gcóras leictreonacha dola bóthair sa Chomhphobal (Leathanach 67)

(43) Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (Leathanach 30)

(44) Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le sláinteachas bia ainmhithe (Leathanach 57)

(45) Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (Leathanach 70)

(46) Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil poirt a fheabhsú (Leathanach 71)

(47) Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (Leathanach 31)[pic][pic]

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[6] IO C 255, 21.10.2006, lch 1

[7] IO L 163, 2.07.1996, lch. 1.

[8] IO L 147, 9.6.1975, lch. 40.

[9] IO L 121, 15.5.1993, lch. 20-36.

[10] IO L 162, 3.7.2000, lch. 1.

[11] IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.

[12] IO L 50, 20.2.2004, lch. 28.

[13] IO L 50, 20.2.2004, lch. 44.

[14] IO L 47, 18.2.2004, lch. 1.

[15] IO L 104, 08.4.2004, lch. 1.

[16] IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

[17] IO L 378, 31.12.1982, lch. 1.

[18] IO L 181, 4.7.1986, lch. 6.

[19] IO L 365, 31.12.1994, lch. 10.

[20] IO L 121, 11.5.1999, lch. 13.

[21] IO L 309, 27.11.2001, lch. 22.

[22] IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

[23] IO L 158, 30.4.2004, lch. 7.

[24] IO L 23, 26.1.2005, lch. 3.

[25] IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.

[26] IO L 374, 31.12.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

[27] IO L 78, 28.3.1996, lch. 27. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2003/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 7, 13.1.2004, lch. 40).

[28] IO L 13, 16.1.2002, lch. 21. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2006/110/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 418).

[29] IO L 14 an 21.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1192/2003 ón gCoimisiún (IO L 167 an 4.7.2003, lch. 13).

[30] IO L 66, 11.3.2003, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

[31] IO L 7, 13.1.2004, lch. 1.

[32] IO L 142, 30.4.2004, lgh. 12-36.

[33] IO L 86, 6.4.1979, lch. 30.

[34] IO L 213, 21.7.1982, lch. 8.

[35] IO L 125, 23.5.1996, lch. 35.

[36] IO L 140, 30.5.2002, lch. 10.

[37] IO L 146, 13.6.2003, lch. 1.

[38] IO L 325, 12.12.2003, lch. 31.

[39] IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.

[40] IO L 139, 30.4.2004, leagan ceartaithe IO L 226, 25.6.2004, lch. 22.

[41] IO L 139, 30.4.2004, leagan ceartaithe IO L 226, 25.6.2004, lch. 83.

[42] IO L 35, 08.2.2005, lch. 1.

[43] IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.

[44] IO L 34, 9.2.1998, lch. 1.

[45] IO L 138, 1.6.1999, lch. 1.

[46] IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.

[47] IO L 115, 9.5.2003, lch. 1.

[48] IO L 52, 21.2.2004, lch. 50.

[49] IO L 166, 30.4.2004, lch. 124.

[50] IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.

[51] IO L 138, 30.4.2004, lch. 19.

[52] IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.

[53] IO L 310, 25.11.2005, lch. 28.