Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún - Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COIM/2007/0777 leagan deireanach - COD 2007/0271 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 6.12.2007 COIM(2007) 777 leagan deireanach 2007/0271 (COD) Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1 Athchóiriú ar na nósanna imeachta coiste Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na forálacha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[1] le Chinneadh 2006/512/CE ón gComhairle an 17 Iúil 2006[2]. Tugtar isteach le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá leasaithe nós imeachta nua rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi. 1.2. Comhfhogasú tosaíochta agus comhfhogasú ginearálta I nDearbhú Comhpháirteach[3], ghlac an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún liosta d'ionstraimí bunúsacha a raibh sé práinneach iad a oiriúnú don Chinneadh leasaithe d'fhonn an nós imeachta nua rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (comhfhogasú tosaíochta) a thabhairt isteach ann. Chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí eile a glacadh faoin gcomhchinnteoireacht a bhí tagtha chun feidhme cheana ag an am ar tháinig Cinneadh 2006/512/CE i bhfeidhm, éilíonn an Dearbhú Comhpháirteach oiriúnú na n-ionstraimí sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme (comhfhogasú ginearálta). Tá an Coimisiún tiomanta do na hionstraimí sin go léir a scrúdú, chun na tograí reachtacha a thíolacadh, roimh dheireadh na bliana 2007, d'fhonn iad a oiriúnú, más gá, don nós imeachta nua rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú [4]. 1.3. An modh a úsáideadh Mar a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an (...), rinne an Coimisiún scrúdú cúramach ar na hionstraimí go léir a glacadh faoin gcomhchinnteoireacht, d'fhonn teacht ar na hionstraimí a thugann de chumhacht don Choimisiún na bearta le raon feidhme ginearálta agus a bhfuil sé d'aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha den ionstraim bhunúsach i gceist a leasú. Ar an gcuma sin bhí an Coimisiún in ann níos mó ná 200 ionstraim, a raibh gá oiriúnú a dhéanamh orthu, a aithint. I measc na n-ionstraimí sin tá roinnt áirithe atá i gClár Códaithe an Choimisiúin. Is amhlaidh atá i gcás Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola[5]. Ba chóir an t-oiriúnú don nós imeachta nua a dhéanamh de réir chomh fada chun cinn is atá an próiseas códaithe, cibé tríd an togra códaithe a athmhúnlú nó, mar a tharlaíonn sa chás idir lámha, trí leasú reachtach. 2. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Tá sé d'aidhm ag an oiriúnú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, mar atá sé eagraithe le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá leasaithe, a thabhairt isteach. Sa chás seo, forálann Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002, go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún na critéir iomchuí i dtaca le meastóireacht na cáilíochta, chomh maith le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta, a shainmhíniú, chun torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme agus chun inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Toisc gur rialachán an ionstraim bhunúsach, ba chór an t-oiriúnú a dhéanamh le hionstraim chomhionann. 2007/0271 (COD) Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6], Ag féachant don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[7], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[8], De bharr an méid seo a leanas: (1) Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola[9] do bhearta áirithe a ghlacadh de réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[10]. (2) Leasaítear Cinneadh 1999/468/EC le Cinneadh 2006/512/EC, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi. (3) I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacfar de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a oiriúnú i gomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. (4) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir iomchuí i dtaca le meastóireacht na cáilíochta, chomh maith le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta, a shainmhíniú, chun torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme agus chun inneachar na n-iarscríbhinní a oiriúnú. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a leasú a ceapadh iad, nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh de réir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (5) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(5): "5. Bunóidh an Coimisiún tábla comhghaoil idir an ainmníocht staidrimh atá in Iarscríbhinn III agus an liosta dramhaíola a bunaíodh le Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)." 2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1): "1. Baileoidh na Ballstáit, faoi na coinníollacha cáilíochta agus beachtais atá le sainmhíniú i gcomhréir leis an dara mír, na sonraí is gá le haghaidh sonrú na saintréithe atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II le ceann amháin de na modhanna seo a leanas: - suirbhéanna, - foinsí riaracháin nó eile, leithéid na ndearbhuithe éigeantacha faoi chuimsiú na reachtaíochta Comhphobail maidir le bainistíocht dramhaíola, - nósanna imeachta meastacháin staidrimh, bunaithe ar shamplaí randamacha nó ar mheastóirí a bhaineann le dramhaíl, nó - meascán den dá mhodh. Is é an Coimisiún a shainmhíneoidh na coinníollacha cáilíochta agus beachtais. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3). D'fhonn an t-ualach oibre a laghdú, beidh rochtain ag na húdaráis náisiúnta agus ag an gCoimisiún, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a shocraíonn gach Ballstát agus an Coimisiún faoi a n-inniúlachtaí faoi seach, ar fhoinsí na sonraí riaracháin." 3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4): "4. Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh na bhféidearthachtaí maidir le staidreamh a bhunú le haghaidh na ngníomhaíochtaí agus na saintréithe a chuimsítear sna treoirstaidéir ar allmhairiú agus onnmhairiú dramhaíola. Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)." 4. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: "Airteagal 6 Bearta cur chun feidhme 1. Déanfar na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Baineann na bearta seo go háirithe le: (a) tiomsú na dtorthaí i gcomhréir le hAirteagal 3(2), (3) agus (4) agus na struchtúir eacnamaíochta agus na coinníollacha teicniúla atá i mBallstát á gcur san áireamh. Féadfaidh na bearta seo a údarú do Bhallstát gan eilimintí áirithe atá san aicmiú a chur in iúl, ar an gcoinníoll go dtaispeántar nach bhfuil ach tionchar teoranta aige ar cháilíocht an staidrimh. I ngach cás ina dtugtar maolú, tarchuirfear an méid iomlán dramhaíola i ngach mír atá liostaithe i bpointe 1 d'Alt 2 agus i bpointe 1 d'Alt 8 in Iarscríbhinn I. (b) leagan amach na formáide iomchuí le haghaidh tarchur na dtorthaí ó na Ballstáit laistigh de dhá bhliain ón Rialacháin seo teacht i bhfeidhm; 2. Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3) na bearta a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh a bhaineann go háirithe le: (a) oiriúnú d'ascnamh eacnamaíoch agus teicniúil maidir le bailiú agus próiseáil staidrimh na sonraí, chomh maith le próiseáil agus tarchur na dtorthaí; (b) oiriúnú na sonraíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinní I, II agus III; (c) sainmhíniú ar na critéir iomchuí i gcomhair meastóireachta cáilíochta, chomh maith le hinneachar na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in Alt 7 d'Iarscríbhinní I agus II; (d) cur chun feidhme thorthaí na dtreoirstaidéar i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus le hAirteagal 5(1)." 5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Coiste 1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh 89/382/CEE, Euratom. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. 4. Déanfaidh an Coimisiún na dréachtbhearta a bheartaíonn sé a chur faoi bhráid an Choiste um an gClár Staidrimh a tharchur chuig an gCoiste arna bhunú le Treoir 2006/12/CE. 6. In Airteagal 8, cuirfear "in Airteagal 7(3)" in ionad "in Airteagal 7(2)." 7. Leasaítear Iarscríbhinn I mar seo a leanas: 8. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de phointe 2 d'Alt 2: "Ar bhonn na gconcluidí uathusan, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)." 9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1): "1. I gcás gach míre atá in Alt 8 (gníomhaíochtaí agus teaghlaigh) léireoidh na Ballstáit an coibhéis atá idir an staidreamh tiomsaithe dramhaíola agus an dramhaíl iomlán sa mhír chéanna. Sainmhíneoidh an Coimisiún na híoscheanglais maidir le cuimsiú. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)." 10. Leasaítear Iarscríbhinn II mar seo a leanas: 11. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1): "1. I gcás na saintréithe atá liostaithe in Alt 3 agus i gcás gach míre de na cineálacha difriúla oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe 2 d'Alt 8, léireoidh na Ballstáit an coibhéis atá idir an staidreamh tiomsaithe dramhaíola agus an dramhaíl iomlán sa mhír chéanna. Sainmhíneoidh an Coimisiún na híoscheanglais maidir le cuimsiú. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)." 12. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de phointe 3 d'Alt 8: "Ar bhonn na gconcluidí uathusan, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé d'aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3).". Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán [1] IO C 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch.11. [2] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11. [3] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1. [4] PE 376.314v01-00 – A6-0236/2006 (Dearbhú ón gCoimisiún atá curtha i gceangal leis an tuarascáil ón bParlaimint) [5] IO L 332 an 9.12.2002 lch. 1 Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1). [6] IO C ......., lch. .. [7] IO C ......., lch. .. [8] IO C ......., lch. .. [9] IO L 332, 9.12.2002 lch. 1 Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1). [10] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).