52007PC0762

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (Athmhúnlú) /* COIM/2007/0762 leagan deireanach - COD 2007/0264 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 29.11.2007

COIM(2007) 762 leagan deireanach

2007/0264 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (Athmhúnlú)

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Chinn[1] an Coimisiún, an 1 Aibreán 1987, a chuid ball foirne a threorú nach mór na hionstraimí reachtacha uile a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad , á chur i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur chóir do ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus sothuigthe.

2. Tá tús curtha ag an gCoimisiún le códú Rialachán (CCE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1993 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht[2]. Bhí sé beartaithe go nglacfadh an Rialachán nua ionad na n-ionstraimí éagsúla a chuimsítear ann[3].

3. Idir an dá linn leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[4] le Cinneadh 2006/521/CE, a rinne nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunúsach a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, lena n-áirítear trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí neamhriachtanacha nua a chur léi.

4. I gcomhréir leis an gcomhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[5] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacfar de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú de réir an nós imeachta is infheidhme.

5. Is cuí, dá bhrí sin, códú Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 a athrú go hathmhúnlú an Rialacháin sin chun na leasuithe is gá don choigeartú mar nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chuimsiú ann.

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

2007/0264 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe Airteagal Ö 285(1) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh3,

De bharr an méid seo a leanas:

∫ nua

1. Tá Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1993 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht4 leasaithe go substaintiúil arís agus arís eile5. Ós rud é go mbeidh leasuithe breise le déanamh, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

⎢ 2018/93 Aithris 1

2. Ceanglaíonn an Coinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle6 agus ag bunú Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) ar an gComhphobal an Chomhairle Eolaíoch NAFO a sholáthar le haon fhaisnéis staidrimh agus eolaíoch atá ar fáil a d’fhéadfadh an Chomhairle Eolaíoch a iarraidh i bhfeidhmiú a cuid oibre.

⎢ 2018/93 Aithris 2

3. Tá sé aitheanta ag Comhairle Eolaíoch NAFO go bhfuil staidreamh tráthúil ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht ríthábhachtach d'fheidhmiú a cuid oibre maidir le staid na stoc éisc san Atlantach Thiar Thuaidh a mheasúnú.

∫ nua

(4) Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba chóir iad a ghlacadh de réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún7.

(5) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar liostaí na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh, ar thuairiscí ar na réigiúin sin, agus ar bhearta, cóid agus sainmhínithe is infheidhme ar ghníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soitheach agus modhanna iascaireachta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

⎢ 2018/93

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin sonraí ar na gabhálacha do dhéanamh ag soithí cláraithe sa Bhallstát sin, nó a mbeidh a bhratach ar foluain acu, agus atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh, ag féachaint go cuí do Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle8.

Áireoidh sonraí na gabhála ainmniúla táirgí iascaigh uile a chuirfear i dtír nó a athlastálfar ar muir i gcibé cén fhoirm seachas na cainníochtaí sin a dhéanfar, tar éis a ngabhála, a chaitheamh i leataobh ar muir, a thomhailt ar bord nó a úsáid mar bhaoite ar bord. Eisiafar táirgeadh ó uisceshaothrú. Déanfar taifeadadh ar na sonraí i bhfoirm coibhéise beomheáchain de na gabhálacha nó athlastais, chuig an tonna is cóngaraí.

Airteagal 2

1. Beidh dhá chineál sonraí ann le cur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) na gabhálacha bliantúla ainmniúla, arna gcur in iúl i dtonnaí den choibhéis bheomheáchain curtha i dtír, do gach aon speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn I i ngach ceann de na réigiúin iascaireachta staidrimh san Atlantach Thiar Thuaidh atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus sainmhínithe in Iarscríbhinn III ;

(b) na gabhalácha mar atá sonraithe faoi phointe (a) agus an ghníomhaíocht iascaireachta a fhreagraíonn dóibh, fo-roinnte de réir mhí féilire na gabhála, trealaimh iascaireachta, mhéid an tsoithigh agus an phríomhspeicis atá á lorg.

2. Cuirfear faoina bhráid na sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) faoi 31 Bealtaine den bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus d’fhéadfadh siad a bheith i bhfoirm réamhshonraí. Cuirfear faoina bhráid na sonraí dá dtagraítear i 1(b) faoi 31 Lúnasa den bhliain i ndiaidh na bliana tagartha agus ní foláir iad a bheith i bhfoirm sonraí críochnaitheacha.

Ba cheart na sonraí dá dtagraítear i 1(a) agus a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm réamhshonraí a shainaithint go soiléir amhlaidh.

Ní bheidh gá sonraí a thíolacadh maidir le comhcheangail idir réigiún iascaireachta/speiceas i gcás nár taifeadadh aon ghabhálacha ina leith sa tréimhse tagartha a bhaineann leis an tíolacadh.

Sa chás nach ndearna an Ballstát iascaireacht ar bith san Atlantach Thiar Thuaidh sa bhliain féilire roimhe sin cuirfidh sé in iúl don Choimisiún amhlaidh faoi 31 Bealtaine den bhliain ina dhiaidh sin.

3. Tá na sainmhínithe agus na cóid nach mór a úsáid agus an fhaisnéis a bhaineann leis an ngníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, modh iascaireachta agus méid an tsoithigh á thíolacadh tugtha in Iarscríbhinn IV.

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

? nua

4. ? Féadfaidh an Coimisiún ⎪ √ liostaí ∏ na speiceas agus na réigiún iascaireachta staidrimh agus tuairiscí ar na réigiúin sin, mar aon leis na bearta, cóid agus sainmhínithe is infheidhme ar ghníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna na soitheach agus modhanna iascaireachta a leasú. ? Glacfar na bearta sin, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ⎪ i gcomhréir leis an nós imeachta ? rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú ⎪ √ dá dtagraítear ∏ in Airteagal 6(2).

⎢ 2018/93

Airteagal 3

Ach amháin mar a n-ordaítear a mhalairt le forálacha a glacadh faoin gcomhbheartas iascaigh, ceadófar do Bhallstát teicníochtaí samplála a úsáid chun sonraí ar ghabháil a dhíorthú le haghaidh na gcodanna sin den loingeas iascaireachta a mbeadh gá barraíocht nósanna imeachta riaracháin a ghlacadh chun iomlán na sonraí a fháil. Ní foláir don Bhallstát miontuairisc ar na nósanna imeachta samplála, mar aon le miontuairisc ar an méid sonraí as na sonraí iomlána a díorthaíodh ag úsáid teicníochtaí den sórt sin, a áireamh sa tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 7(1).

Airteagal 4

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

Comhlíonfaidh Ballstáit a n-oibleagáidí i leith an Choimisiúin de bhun Airteagail 1 agus 2 trí na sonraí a chur faoina bhráid san fhormáid atá tugtha in Iarscríbhinn V.

Féadfaidh na Ballstáit sonraí a chur faoina bhráid i bhformáid dhifriúil má fhaightear faomhadh roimh ré ón gCoimisiún.

⎢ 2018/93

Airteagal 5

Laistigh de 24 uair an chloig ó na tuarascálacha a fháil déanfaidh an Coimisiún, aon uair is féidir, an fhaisnéis atá iontu a chur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

⎢ 1882/2003 Airt. 3 agus Iarscríbhinn III pointe 44 (oiriúnaithe)

ð nua

Airteagal 6

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle9, dá ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal ð 5a(1) go (4) ï agus ag Ö Airteagal Õ 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. Glacfaidh an Coiste a rialacha nós imeachta.

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

Airteagal 7

1. Ö Faoi 28 Iúil 1994 Õ cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh cur síos ar an gcaoi inar bhfuarthas na sonraí ar ghabhálacha agus ar ghníomhaíocht iascaireachta agus ina sonrófar cé chomh hionadaíoch agus chomh hiontaofa is atá na sonraí sin. Tarraingeoidh an Coimisiún suas, i gcomhar leis na Ballstáit, achoimre ar na tuarascálacha seo.

2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas i dtaobh aon mhodhnuithe ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi mhír 1 laistigh de thrí mhí óna dtionscnamh.

3. Déanfar na tuarascálacha ar mhodheolaíochtaí, infhaighteacht sonraí agus iontaofacht sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le feidhmiú an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain laistigh den Ghrúpa Oibre inniúil de chuid an Choiste.

Airteagal 8

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad de réir an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

⎢ 1636/2001 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA SPEICEAS A TUAIRISCÍODH SA STAIDREAMH AR GHABHÁIL TRÁCHTÁLA SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Ní foláir do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas sin a bhfuil réiltín(*) ag gabháil leo. Tá an tuairisc ar ghabhálacha ainmniúla na speiceas eile roghnach a mhéid a bhaineann leis na speicis leithleacha. I gcás nach gcuirtear sonraí a bhaineann leis na speicis leithleacha faoi bhráid an Choimisiúin, áfach, áireofar na sonraí sin i gcatagóirí comhiomlána. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le speicis nach bhfuil ar an liosta a thíolacadh ar choinníoll go bhfuil na speicis sainaitheanta go soiléir.

Nóta: is é ‘n.e.i.’ an giorrúchán le haghaidh ‘nach bhfuil aitheanta in áit eile’.

Ainm Gaeilge | Aitheantóir 3-alfa | Ainm eolaíochta | Ainm Béarla |

ÉISC GHRINNILL

Trosc an Atlantaigh | COD (*) | Gadus morhua | Atlantic cod |

Cadóg | HAD (*) | Melanogrammus aeglefinus | Haddock |

Péirsí mara an Atlantaigh 'n.e.i.' | RED (*) | Sebastes spp. | Atlantic redfishes n.e.i. |

Colmóir airgid | HKS (*) | Merluccius bilinearis | Silver hake |

Colmóir dearg | HKR (*) | Urophycis chuss | Red hake |

Glasán (=mangach) | POK (*) | Pollachius virens | Saithe (= pollock) |

Péirse mhara | REG (*) | Sebastes marinus | Golden redfish |

Péirse dhomhainmhara | REB (*) | Sebastes mentella | Beaked redfish |

Daba gorm | PLA (*) | Hippoglossoides platessoides | American plaice (L. R. dab) |

Leathóg bhán | WIT | Glyptocephalus cynoglossus | Witch flounder |

Leadhbóg earrbhuí | YEL (*) | Pleuronectes ferruginea | Yellowtail flounder |

Haileabó Graonlannach | GHL (*) | Reinhardtius hippoglossoides | Greenland halibut |

Haileabó an Atlantaigh | HAL (*) | Hippoglossus hippoglossus | Atlantic halibut |

Leith gheimhridh Mheiriceánach | FLW (*) | Pseudopleuronectes americanus | Winter flounder |

Leith shamhraidh Mheiriceánach | FLS (*) | Paralichthys dentatus | Summer flounder |

Turbard Cheanada | FLD (*) | Scophthalmus aquosus | Windowpane flounder |

Leathóga 'n.e.i.' | FLX | Pleuronectiformes | Flatfishes n.e.i. |

Láimhíneach Meiriceánach | ANG (*) | Lophius americanus | American angler |

Cnúdáin an Atlantaigh 'n.e.i.'. | SRA | Prionotus spp. | Atlantic searobins |

Tomcod an Atlantaigh | TOM | Microgadus tomcod | Atlantic tomcod |

Antimora gorm | ANT | Antimora rostrata | Blue antimora |

Faoitín gorm | WHB | Micromesistius poutassou | Blue whiting (= poutassou) |

Péirse ghorm Mheiriceánach | CUN | Tautogolabrus adspersus | Cunner |

Torsca | USK | Brosme brosme | Cusk (= tusk) |

Trosc Graonlannach | GRC | Gadus ogac | Greenland cod |

Langa gorm | BLI | Molva dypterygia | Blue ling |

Langa | LIN (*) | Molva molva | Ling |

Léasán leice | LUM (*) | Cyclopterus lumpus | Lumpfish (= lumpsucker) |

Rí-iasc an Tuaiscirt | KGF | Menticirrhus saxatilis | Northern kingfish |

Iasc bolgach Mheiriceá Thuaidh | PUF | Sphoeroides maculatus | Northern puffer |

Puteascanna 'n.e.i.' | ELZ | Lycodes spp. | Eelpouts n.e.i. |

Puteascann Mheiriceánach | OPT | Macrozoarces americanus | Ocean pout |

Trosc Artach | POC | Boreogadus saida | Polar cod |

Gránadóir cruinnsocach | RNG | Coryphaenoides rupestris | Roundnose grenadier |

Gránadóir berglax | RHG | Macrourus berglax | Roughhead grenadier |

Corra gainimh | SAN | Ammodytes spp. | Sandeels (= sand lances) |

Myoxocephalus spp. 'n.e.i.' | SCU | Myoxocephalus spp. | Sculpins n.e.i. |

Stenotomus chrysops | SCP | Stenotomus chrysops | Scup |

Tautoga | TAU | Tautoga onitis | Tautog |

Lopholatilus chamaeleonticeps | TIL | Lopholatilus chamaeleonticeps | Tilefish |

Colmóir geal | HKW (*) | Urophycis tenuis | White hake |

Cait mhara 'n.e.i.' | CAT (*) | Anarhichas spp. | Wolf-fishes n.e.i. |

Cat mara an Atlantaigh | CAA (*) | Anarhichas lupus | Atlantic wolf-fish |

Cat beag mara | CAS (*) | Anarhichas minor | Spotted wolf-fish |

Éisc ghrinnill 'n.e.i.' | GRO | Osteichthyes | Groundfishes n.e.i. |

ÉISC PHEILIGEACHA

Scadán an Atlantaigh | HER (*) | Clupea harengus | Atlantic herring |

Ronnach an Atlantaigh | MAC (*) | Scomber scombrus | Atlantic mackerel |

Sleamhnóg an Atlantaigh | BUT | Peprilus triacanthus | Atlantic butterfish |

Menhaden an Atlantaigh | MHA (*) | Brevoortia tyrannus | Atlantic menhaden |

Preabaire an Atlantaigh | SAU | Scomberesox saurus | Atlantic saury |

Ainseabhaí Meiriceánach | ANB | Anchoa mitchilli | Bay anchovy |

Sclamhaire gorm | BLU | Pomatomus saltatrix | Bluefish |

Bolmán | CVJ | Caranx hippos | Crevalle Jack |

Tuinnín frigéid | FRI | Auxis thazard | Frigate tuna |

Rí-Ronnach | KGM | Scomberomorus cavalla | King mackerel |

Ronnach buí an Atlantaigh | SSM (*) | Scomberomorus maculatus | Atlantic Spanish mackerel |

Colgán na ndealg | SAI | Istiophorus platypterus | Sailfish |

Mairlín geal an Atlantaigh | WHM | Tetrapturus albidus | White marlin |

Mairlín gorm an Atlantaigh | BUM | Makaira nigricans | Blue marlin |

Colgán | SWO | Xiphias gladius | Swordfish |

Tuinnín colgach | ALB | Thunnus alalunga | Albacore tuna |

Boiníotó an Atlantaigh | BON | Sarda sarda | Atlantic bonito |

Tuinnín bán | LTA | Euthynnus alletteratus | Little tunny |

Tuinnín mórshúileach | BET | Thunnus obesus | Bigeye tuna |

Tuinnín gorm | BFT | Thunnus thynnus | Northern bluefish tuna |

Tuinnín | SKJ | Katsuwonus pelamis | Skipjack tuna |

Tuinnín buí | YFT | Thunnus albacares | Yellowfin tuna |

Tuinníní 'n.e.i.' | TUN | Scombridae | Tunas n.e.i. |

Éisc pheiligeacha 'n.e.i.' | PEL | Osteichthyes | Pelagic fishes n.e.i. |

ÉISC EITE EILE

Sead bhréagscadáin | ALE | Alosa pseudoharengus | Alewife |

Bolmáin ómra 'n.e.i.' | AMX | Seriola spp. | Amberjacks n.e.i. |

Eascann mhara | COA | Conger oceanicus | American conger |

Eascann Mheiriceánach | ELA | Anguilla rostrata | American eel |

Sead Mheiriceánach | SHA | Alosa sapidissima | American shad |

Airgintínigh 'n.e.i.' | ARG | Argentina spp. | Argentines n.e.i. |

Grágaire an Atlantaigh | CKA | Micropogonias undulatus | Atlantic croaker |

Bior-iasc an Atlantaigh | NFA | Strongylura marina | Atlantic needlefish |

Snáthscadán an Atlantaigh | THA | Opisthonema oglinum | Atlantic thread herring |

Ceann sleamhain Baird | ALC | Alepocephalus bairdii | Baird's slickhead |

Grágaire dubh | BDM | Pogonias cromis | Black drum |

Doingean mara Meiriceánach | BSB | Centropristis striata | Black sea bass |

Sead ghorm | BBH | Alosa aestivalis | Blueback herring |

Caibeallán | CAP (*) | Mallotus villosus | Capelin |

Ruabhric 'n.e.i.' | CHR | Salvelinus spp. | Char n.e.i. |

Cóibia | CBA | Rachycentron canadum | Cobia |

Pampanó coiteann (=Florida) | POM | Trachinotus carolinus | Common (= Florida) pompano |

Sead eagaoise | SHG | Dorosoma cepedianum | Gizzard shad |

Gramhsairí 'n.e.i.' | GRX | Pomadasyidae | Grunts n.e.i. |

Sead hicearaí | SHH | Alosa mediocris | Hickory shad |

Iasc laindéir | LAX | Notoscopelus spp. | Lanternfish |

Milléid 'n.e.i.' | MUL | Mugilidae | Mullets n.e.i. |

Iasc fómhair an Atlantaigh Thuaidh | HVF | Peprilus alepidotus (= Paru) | North Atlantic harvestfish |

Iasc muice | PIG | Orthopristis chrysoptera | Pigfish |

Smealt dea-dhathach | SMR | Osmerus mordax | Rainbow smelt |

Grágaire dearg | RDM | Sciaenops ocellatus | Red drum |

Garbhánach pargo | RPG | Pagrus pagrus | Red porgy |

Bolmán garbh | RSC | Trachurus lathami | Rough shad |

Péirse ghainimh | PES | Diplectrum formosum | Sand perch |

Garbhánach ceann caorach | SPH | Archosargus probatocephalus | Sheepshead |

Grágaire ballach | SPT | Leiostomus xanthurus | Spot croaker |

Lagiasc riabhach | SWF | Cynoscion nebulosus | Spotted weakfish |

Lagiasc liath Meiriceánach | STG | Cynoscion regalis | Squeteague |

Doingean riabhach | STB | Morone saxatilis | Striped bass |

Bradáin fhearna 'n.e.i.' | STU | Acipenseridae | Sturgeons n.e.i. |

Tarpán an Atlantaigh | TAR | Tarpon (= Megalops) atlanticus | Tarpon |

Bric 'n.e.i.' | TRO | Salmo spp. | Trout n.e.i. |

Péirse gheal | PEW | Morone americana | White perch |

Alfainsíní | ALF | Beryx spp. | Alfonsinos |

Fíogach gobach | DGS (*) | Squalus acanthias | Spiny (= picked) dogfish |

Fíogaigh 'n.e.i.' | DGX (*) | Squalidae | Dogfishes n.e.i. |

Craosaire | POR (*) | Lamna nasus | Porbeagle |

Siorcanna móra 'n.e.i.' | SHX | Squaliformes | Large sharks n.e.i. |

Mácó biorshrónach | SMA | Isurus oxyrinchus | Shortfin mako shark |

Siorc biorshrónach an Atlantaigh | RHT | Rhizoprionodon terraenovae | Atlantic sharpnose shark |

Fíogach dubh | CFB | Centroscyllium fabricii | Black dogfish |

Siorc beagcheannach | GSK | Somniousus microcephalus | Boreal (Greenland) shark |

Liamhán gréine | BSK | Cetorhinus maximus | Basking shark |

Roc beag | RJD | Leucoraja erinacea | Little skate |

Roc mór Mheiriceá Thuaidh | RJL | Dipturus laevis | Barndoor skate |

Roc an gheimhridh | RJT | Leucoraja ocellata | Winter skate |

Roc réaltach | RJR | Amblyraja radiata | Thorny skate |

Roc mín | RJS | Malacoraja senta | Smooth skate |

Roc earrspíonach | RJQ | Bathyraja spinicauda | Spinytail (spinetail) skate |

Roc Artach | RJG | Amblyraja hyperborea | Arctic skate |

Roic 'n.e.i.' | SKA (*) | Raja spp. | Skates n.e.i. |

Éisc eite 'n.e.i.' | FIN | Osteichthyes | Finfishes n.e.i. |

INVEIRTEABRAIGH

Máthair shúigh fhada | SQL (*) | Loligo pealei | Long-finned squid |

Máthair shúigh ghearr | SQI (*) | Illex illecebrosus | Short-finned squid |

Máithreacha súigh 'n.e.i.' | SQU (*) | Loliginidae, Ommastrephidae | Squids n.e.i. |

Scian mhara an Atlantaigh | CLR | Ensis directus | Atlantic razor clam |

Breallach crua | CLH | Mercenaria mercenaria | Hard clam |

Breallach quahog | CLQ | Arctica islandica | Occan quahog |

Breallach gainimh | CLS | Mya arenaria | Soft clam |

Dlúthshliogán trach | CLB | Spisula solidissima | Surf clam |

Breallaigh 'n.e.i.' | CLX | Prionodesmacea, Teleodesmacea | Clams n.e.i. |

Muirín cuain an Atlantaigh | SCB | Argopecten irradians | Bay scallop |

Muirín caileacó | SCC | Argopecten gibbus | Calico scallop |

Muirín Íoslannach | ISC | Chlamys islandica | Icelandic scallop |

Muirín mara | SCA | Placopecten magellanicus | Sea scallop |

Muiríní 'n.e.i.' | SCX | Pectinidae | Scallops n.e.i. |

Cuasoisre Meiriceánach | OYA | Crassostrea virginica | American cupped oyster |

Diúilicín gorm | MUS | Mytilus edulis | Blue mussel |

Cuachmaí 'n.e.i.' | WHX | Busycon spp. | Whelks n.e.i. |

Faochain 'n.e.i.' | PER | Littorina spp. | Periwinkles n.e.i. |

Moilisc 'n.e.i.' | MOL | Mollusca | Marine molluscs n.e.i. |

Portán carraige Mheiriceá Thuaidh | CRK | Cancer irroratus | Atlantic rock crab |

Portán gorm | CRB | Callinectes sapidus | Blue crab |

Portán glas | CRG | Carcinus maenas | Green crab |

Portán Ióna Meiriceánach | CRJ | Cancer borealis | Jonah crab |

Portán sneachta | CRQ | Chinoecetes opilio | Queen crab |

Portán dearg | CRR | Geryon quinquedens | Red crab |

Portán na gcloch | KCT | Lithodes maia | Stone king crab |

Portáin mhara 'n.e.i.' | CRA | Reptantia | Marine crabs n.e.i. |

Gliomach Meiriceánach | LBA | Homarus americanus | American lobster |

Ribe róibéis tuaisceartach | PRA (*) | Pandalus borealis | Northern prawn |

Ribe Aesop | AES | Pandalus montagui | Aesop shrimp |

Cloicheáin Penaeus 'n.e.i.' | PEN (*) | Penaeus spp. | Penaeus shrimps n.e.i. |

Séaclaí bándearga | PAN (*) | Pandalus spp. | Pink (= pandalid) shrimps |

Crústaigh mhara 'n.e.i.' | CRU | Crustacea | Marine crustaceans n.e.i. |

Cuán mara | URC | Strongylocentrotus spp. | Sea urchin |

Péisteanna mara 'n.e.i.' | WOR | Polychaeta | Marine worms n.e.i. |

Portán crúbach Meiriceánach | HSC | Limulus polythemus | Horeshoe crab |

Inveirteabraigh mhara 'n.e.i.' | INV | Invertebrata | Marine invertebrates n.e.i. |

FEAMAINN

Feamainn rua | SWB | Phaeophyceae | Brown seaweeds |

Feamainn dhearg | SWR | Rhodophyceae | Red seaweeds |

Feamainn 'n.e.i.' | SWX | Algae | Seaweeds n.e.i. |

RÓNTA

Rón Graonlannach | SHE | Pagophilus groenlandicus | Harp seal |

Rón cochallach | SEZ | Cystophora cristata | Hooded seal |

______________

⎢ 2018/93

IARSCRÍBHINN II

LIMISTÉIR IASCAIREACHTA AN ATLANTAIGH THIAR THUAIDH DÁ BHFUIL SONRAÍ LE TÍOLACADH INA LEITH

Folimistéar 0

Roinn 0 A

Roinn 0 B

Folimistéar 1

Roinn 1 A

Roinn 1 B

Roinn 1 C

Roinn 1 D

Roinn 1 E

Roinn 1 F

Roinn 1 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 2

Roinn 2 G

Roinn 2 H

Roinn 2 J

Roinn 2 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 3

Roinn 3 K

Roinn 3 L

Roinn 3 M

Roinn 3 N

Roinn 3 O

Roinn 3 P

Fo-roinn 3 P n

Fo-roinn 3 P s

Roinn 3 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 4

Roinn 4 R

Roinn 4 S

Roinn 4 T

Roinn 4 V

Fo-roinn 4 V n

Fo-roinn 4 V s

Roinn 4 W

Roinn 4 X

Roinn 4 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 5

Roinn 5 Y

Roinn 5 Z

Fo-roinn 5 Z e

Fo-aonad 5 Z c

Fo-aonad 5 Z u

Fo-roinn 5 Z w

Roinn 5 NK (níl ar eolas)

Folimistéar 6

Roinn 6 A

Roinn 6 B

Roinn 6 C

Roinn 6 D

Roinn 6 E

Roinn 6 F

Roinn 6 G

Roinn 6 H

Roinn 6 NK (níl ar eolas)

Limistéir iascaireachta staidrimh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

[pic]

Davis Strait | Caolas Davis |

Hudson Stait | Caolas Hudson |

Baffin Island | Oileán Baffin |

Greenland | An Ghraonlainn |

Boundary of Northwest Atlantic Fisheries Organisation (NAFO) Convention Area | Teorainn Limistéar Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) |

Boundary of sub-areas | Teorainn na bhfolimistéar |

Boundary of divisions | Teorainn na rann |

183-meter (100-fathom) contour | Comhrian 183-méadar (100-feá) |

200-mile fishing zone boundary | Teorainn 200-míle iascaireachta |

200-mile fishing zone boundary coincident with boundary of sub-areas | Teorainn 200-míle iascaireachta atá ar aon dul le teorainn na bhfolimistéar |

Canada | Ceanada |

Pte Des Monts | Pte. des Monts |

Gulf of St. Laurence | Murascaill San Labhrás |

News Brunswick | New Brunswick |

Nova Scotia | Albain Nua |

New Foundland | Talamh an Éisc |

Ontario | Ontario |

Scotian Shelf | Scairbh Albain Nua |

Grand Bank | Grand Bank |

USA | SAM |

Flemish Cap | Flemish Cap |

New York | Nua-Eabhrac |

Maine | Maine |

NH (New Hampshire) | NH (New Hampshire) |

VT (Vermont) | VT (Vermont) |

Mass (Massachusetts) | Mass (Massachusetts) |

Conn (Connecticut) | Conn (Connecticut) |

PA (Pennsylvania) | PA (Pennsylvania) |

NJ (New Jersey) | NJ (New Jersey) |

Atlantic Ocean | An tAigéan Atlantach |

_____________

IARSCRÍBHINN III

⎢ 1636/2001 Airt. 1 agus Iarscríbhinn II

TUAIRISC AR FHOLIMISTÉIR AGUS AR RANNA NAFO ARNA N-ÚSÁID CHUN CRÍOCHA STAIDRIMH AGUS RIALACHÁN IASCAIGH SAN ATLANTACH THIAR THUAIDH

Seo a leanas na folimistéir, na ranna agus na fo-ranna eolaíochta agus staidrimh dá bhforáiltear le hAirteagal XX de Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh:

Folimistéar 0

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach ó dheas le líne a shíneann soir díreach ó phointe ag domhanleithead 61°00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65°00′ siar go pointe ag domhanleithead 61°00′ ó thuaidh agus domhanfhad 59°00′ siar, as sin i dtreo anoir aneas feadh rumlíne go pointe ag domhanleithead 60°12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57°13′ siar; agus as sin teorantach ar an taobh thoir le sraith línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí seo a leanas lena chéile:

Uimh. an Phointe | Domhanleithead | Domhanfhad |

1 | 60°12′0 | 57°13′0 |

2 | 61°00′0 | 57°13′1 |

3 | 62°00′5 | 57°21′1 |

4 | 62°02′3 | 57°21′8 |

5 | 62°03′5 | 57°22′2 |

6 | 62°11′5 | 57°25′4 |

7 | 62°47′2 | 57°41′0 |

8 | 63°22′8 | 57°57′4 |

9 | 63°28′6 | 57°59′7 |

10 | 63°35′0 | 58°02′0 |

11 | 63°37′2 | 58°01′2 |

12 | 63°44′1 | 57°58′8 |

13 | 63°50′1 | 57°57′2 |

14 | 63°52′6 | 57°56′6 |

15 | 63°57′4 | 57°53′5 |

16 | 64°04′3 | 57°49′1 |

17 | 64°12′2 | 57°48′2 |

18 | 65°06′0 | 57°44′1 |

19 | 65°08′9 | 57°43′9 |

20 | 65°11′6 | 57°44′4 |

21 | 65°14′5 | 57°45′1 |

22 | 65°18′1 | 57°45′8 |

23 | 65°23′3 | 57°44′9 |

24 | 65°34′8 | 57°42′3 |

25 | 65°37′7 | 57°41′9 |

26 | 65°50′9 | 57°40′7 |

27 | 65°51′7 | 57°40′6 |

28 | 65°57′6 | 57°40′1 |

29 | 66°03′5 | 57°39′6 |

30 | 66°12′9 | 57°38′2 |

31 | 66°18′8 | 57°37′8 |

32 | 66°24′6 | 57°37′8 |

33 | 66°30′3 | 57°38′3 |

34 | 66°36′1 | 57°39′2 |

35 | 66°37′9 | 57°39′6 |

36 | 66°41′8 | 57°40′6 |

37 | 66°49′5 | 57°43′0 |

38 | 67°21′6 | 57°52′7 |

39 | 67°27′3 | 57°54′9 |

40 | 67°28′3 | 57°55′3 |

41 | 67°29′1 | 57°56′1 |

42 | 67°30′7 | 57°57′8 |

43 | 67°35′3 | 58°02′2 |

44 | 67°39′7 | 58°06′2 |

45 | 67°44′2 | 58°09′9 |

46 | 67°56′9 | 58°19′8 |

47 | 68°01′8 | 58°23′3 |

48 | 68°04′3 | 58°25′0 |

49 | 68°06′8 | 58°26′7 |

50 | 68°07′5 | 58°27′2 |

51 | 68°16′1 | 58°34′1 |

52 | 68°21′7 | 58°39′0 |

53 | 68°25′3 | 58°42′4 |

54 | 68°32′9 | 59°01′8 |

55 | 68°34′0 | 59°04′6 |

56 | 68°37′9 | 59°14′3 |

57 | 68°38′0 | 59°14′6 |

58 | 68°56′8 | 60°02′4 |

59 | 69°00′8 | 60°09′0 |

60 | 69°06′8 | 60°18′5 |

61 | 69°10′3 | 60°23′8 |

62 | 69°12′8 | 60°27′5 |

63 | 69°29′4 | 60°51′6 |

64 | 69°49′8 | 60°58′2 |

65 | 69°55′3 | 60°59′6 |

66 | 69°55′8 | 61°00′0 |

67 | 70°01′6 | 61°04′2 |

68 | 70°07′5 | 61°08′1 |

69 | 70°08′8 | 61°08′8 |

70 | 70°13′4 | 61°10′6 |

71 | 70°33′1 | 61°17′4 |

72 | 70°35′6 | 61°20′6 |

73 | 70°48′2 | 61°37′9 |

74 | 70°51′8 | 61°42′7 |

75 | 71°12′1 | 62°09′1 |

76 | 71°18′9 | 62°17′5 |

77 | 71°25′9 | 62°25′5 |

78 | 71°29′4 | 62°29′3 |

79 | 71°31′8 | 62°32′0 |

80 | 71°32′9 | 62°33′5 |

81 | 71°44′7 | 62°49′6 |

82 | 71°47′3 | 62°53′1 |

83 | 71°52′9 | 63°03′9 |

84 | 72°01′7 | 63°21′1 |

85 | 72°06′4 | 63°30′9 |

86 | 72°11′0 | 63°41′0 |

87 | 72°24′8 | 64°13′2 |

88 | 72°30′5 | 64°26′1 |

89 | 72°36′3 | 64°38′8 |

90 | 72°43′7 | 64°54′3 |

91 | 72°45′7 | 64°58′4 |

92 | 72°47′7 | 65°00′9 |

93 | 72°50′8 | 65°07′6 |

94 | 73°18′5 | 66°08′3 |

95 | 73°25′9 | 66°25′3 |

96 | 73°31′1 | 67°15′1 |

97 | 73°36′5 | 68°05′5 |

98 | 73°37′9 | 68°12′3 |

99 | 73°41′7 | 68°29′4 |

100 | 73°46′1 | 68°48′5 |

101 | 73°46′7 | 68°51′1 |

102 | 73°52′3 | 69°11′3 |

103 | 73°57′6 | 69°31′5 |

104 | 74°02′2 | 69°50′3 |

105 | 74°02′6 | 69°52′0 |

106 | 74°06′1 | 70°06′6 |

107 | 74°07′5 | 70°12′5 |

108 | 74°10′0 | 70°23′1 |

109 | 74°12′5 | 70°33′7 |

110 | 74°24′0 | 71°25′7 |

111 | 74°28′6 | 71°45′8 |

112 | 74°44′2 | 72°53′0 |

113 | 74°50′6 | 73°02′8 |

114 | 75°00′0 | 73°16′3 |

115 | 75°05′ | 73°30′ |

agus as sin ó thuaidh díreach chuig an líne leithid le domhanleithead 78°10′ ó thuaidh; agus teorantach ar an taobh thiar le líne a thosaíonn ag domhanleithead 61°00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65°00′ siar agus a shíneann i dtreo siar ó thuaidh feadh rumlíne chuig cósta Oileán Baffin ag East Bluff (domhanleithead 61°55′ ó thuaidh agus domhanfhad 66°20′ siar), agus as sin ó thuaidh feadh chósta Oileán Baffin, Oileán Bylot, Oileán Devon agus Oileán Ellesmere agus ag leanúint den fhadlíne le domhanfhad 80° siar sna huiscí idir na hoileáin sin agus domhanleithead 78°10′ ó thuaidh; agus teorantach ó thuaidh leis an líne leithid le domhanleithead 78°10′ ó thuaidh.

Tá folimistéar 0 comhdhéanta de dhá roinn

Roinn 0A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 66°15′ ó thuaidh.

Roinn 0B

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 66°15′ ó thuaidh

Folimistéar 1

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite soir ó fholimistéar 0 agus ó thuaidh agus soir ó rumlíne a cheanglaíonn pointe ag domhanleithead 60°12′ ó thuaidh agus domhanfhad 57°13′ siar le pointe ag domhanleithead 52°15′ ó thuaidh agus domhanfhad 42°00′ siar.

Tá folimistéar 1 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 1A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 68°50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1B

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir an líne leithid le domhanleithead 66°15′ ó thuaidh (cúig mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak) agus an líne leithid le domhanleithead 68°50′ ó thuaidh (Christianshaab).

Roinn 1C

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir an líne leithid le domhanleithead 64°15′ ó thuaidh (ceithre mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab) agus an líne le domhanleithead 66°15′ ó thuaidh (cúig mhuirmhíle ó thuaidh ó Umanarsugssuak).

Roinn 1D

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir an líne leithid le domhanleithead 62°30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab) agus an líne le domhanleithead 64°15′ ó thuaidh (ceithre mhuirmhíle ó thuaidh ó Godthaab).

Roinn 1E

An chuid sin den fholimistéar idir an líne leithid le domhanleithead 60°45′ ó thuaidh (Rinn Desolation) agus an líne le domhanleithead 62°30′ ó thuaidh (Oighearshruth Frederikshaab).

Roinn 1F

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 60°45′ ó thuaidh (Rinn Desolation).

Folimistéar 2

An chuid sin de Limistéar an Coinbhinsiúin atá suite soir ón bhfadlíne le domhanfhad 64°30′ siar i limistéar Chaolas Hudson, ó dheas ó fholimistéar 0, ó dheas agus siar ó fholimistéar 1 agus ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 52°15′ ó thuaidh.

Tá folimistéar 2 comhdhéanta de thrí roinn

Roinn 2G

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 57°40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2H

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir an líne leithid le domhanleithead 55°20′ ó thuaidh (Hopedale) agus an líne le domhanleithead 57°40′ ó thuaidh (Rinn Mugford).

Roinn 2J

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 55°20′ ó thuaidh (Hopedale).

Folimistéar 3

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 52°15′ ó thuaidh, agus soir ó líne a shíneann ó thuaidh díreach ó Rinn Bauld ar chósta thuaidh Thalamh an Éisc go dtí domhanleithead 52°15′ ó thuaidh; ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh; agus soir agus ó thuaidh ó rumlíne a thosaíonn ag domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, domhanfhad 50°00′ siar agus a shíneann siar ó thuaidh agus a théann trí phointe ag domhanleithead 43°30′ ó thuaidh, domhanfhad 55°00′ siar i dtreo pointe ag domhanleithead 47°50′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar go dtí go dtrasnaíonn sí líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn Ray, domhanleithead 47°37,0′ ó thuaidh agus domhanfhad 59°18,0′ siar ar chósta Thalamh an Éisc le Rinn an Tuaiscirt, domhanleithead 47°02,0′ ó thuaidh, domhanfhad 60°25,0′ siar ar Oileán Rinn Breton; as sin soir ó thuaidh feadh na líne sin go Rinn Ray, domhanleithead 47°37,0′ ó thuaidh, domhanfhad 59°18,0′ siar.

Tá folimistéar 3 comhdhéanta de shé roinn

Roinn 3K

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 49°15′ ó thuaidh (Rinn Freels, Talamh an Éisc).

Roinn 3L

An chuid sin den fholimistéar idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Freels go Rinn St. Mary agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: agus an líne ag tosú ag Rinn Freels, as sin soir díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 46°30′ siar, as sin ó dheas chuig an líne leithid le domhanleithead 46°00′ ó thuaidh, as sin siar díreach chuig an domhanfhad 54°30′ siar, as sin feadh rumlíne go Rinn St. Mary, Talamh an Éisc.

Roinn 3M

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 49°15′ ó thuaidh agus soir ón bhfadlíne le domhanfhad 46°30′ siar.

Roinn 3N

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 46°00′ ó thuaidh agus idir an fhadlíne le domhanfhad 46°30′ siar agus an fhadlíne le domhanfhad 51°00′ siar.

Roinn 3O

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 46°00′ ó thuaidh agus idir an fhadlíne le domhanfhad 51°00′ siar agus an fhadlíne le domhanfhad 54°30′ siar.

Roinn 3P

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas ó chósta Thalamh an Éisc agus siar ó líne a shíneann ó Rinn St. Mary, Talamh an Éisc go pointe ag domhanleithead 46°00′ ó thuaidh, domhanfhad 54°30′ siar, as sin ó dheas díreach go teorainn an fholimistéir.

Tá Roinn 3P roinnte ina dhá fho-roinn:

3Pn — fo-roinn thiar thuaidh — an chuid sin de roinn 3P atá suite siar ó thuaidh ó líne a shíneann ó dhomhanleithead 47°30,7′ ó thuaidh, domhanfhad 57°43,2′ siar, beagnach siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 46°50,7′ ó thuaidh agus domhanfhad 58°49,0′ siar.

3Ps — fo-roinn thoir theas — an chuid sin de roinn 3P atá suite soir ó dheas ón líne atá sainmhínithe i bhfo-roinn 3Pn.

Folimistéar 4

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, siar ó fholimistéar 3, agus soir ó líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas:

ag tosú ag foirceann na teorann idirnáisiúnta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada i gCaol Grand Manan, ag pointe ag domhanleithead 44°46′35,346″ ó thuaidh, domhanfhad 66°54′11,253″ siar; as sin ó dheas díreach chuig an líne leithid le domhanleithead 43°50′ ó thuaidh; as sin siar díreach go domhanfhad 67°24′27,24″ siar; as sin feadh líne geodasaí i dtreo siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 42°53′14″ ó thuaidh agus domhanfhad 67°44′35″ siar; as sin feadh líne geodasaí soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42°31′08″ ó thuaidh agus domhanfhad 67°28′05″ siar; as sin feadh líne geodasaí go pointe ag domhanleithead 42°20′ ó thuaidh agus domhanfhad 67°18′13,15″ siar;

as sin soir díreach go pointe ag domhanfhad 66°00′ siar; as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 42°00′ ó thuaidh agus domhanfhad 65°40′ siar agus as sin ó dheas díreach chuig an líne leithid le domhanleithead 39°00 ó thuaidh.

Tá folimistéar 4 comhdhéanta de shé fho-roinn

Roinn 4R

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Thalamh an Éisc ó Rinn Bauld go Rinn Ray agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Rinn Bauld, as sin ó thuaidh díreach chuig an líne leithid le domhanleithead 52°15′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Labradar, as sin feadh chósta Labradar chomh fada le foirceann na teorann idir Labradar agus Québec, as sin feadh rumlíne siar ó dheas go pointe ag domhanleithead 49°25′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag a dtrasnaíonn teorainn Fholimistéar 3 an líne dhíreach a cheanglaíonn Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua le Rinn Ray, Talamh an Éisc, as sin go Rinn Ray, Talamh an Éisc.

Roinn 4S

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta theas Québec ó fhoirceann na teorann Labradar-Québec go Pte. des Monts agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49°25′ ó thuaidh agus domhanfhad 64°40′ siar, as sin feadh rumlíne soir soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47°50′ ó thuaidh agus domhanfhad 60°00′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ag domhanleithead 49°25′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó thuaidh chomh fada leis an bhfoirceann ar theorainn Labradar-Québec.

Roinn 4T

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Albain Nua, New Brunswick agus Québec ó Rinn an Tuaiscirt go Pte. des Monts, agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Pte. des Monts, as sin soir díreach go pointe ag domhanleithead 49°25′ ó thuaidh, domhanfhad 64°40′ siar, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 47°50′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, as sin feadh rumlíne i dtreo ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua.

Roinn 4V

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Rinn an Tuaiscirt go Fourchu, agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45°40′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh na fadlíne le domhanfhad 59°00′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí an líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, as sin soir díreach chomh fada leis an bpointe ag a mbuaileann an teorainn idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 leis an líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh; as sin feadh na teorann idir folimistéar 3 agus folimistéar 4 agus líne a shíneann siar ó thuaidh go pointe ag domhanleithead 47°50′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, agus as sin feadh rumlíne ó dheas go dtí Rinn an Tuaiscirt, Albain Nua.

Tá Roinn 4V roinnte ina dhá fho-roinn.

4Vn— fo-roinn thuaisceartach — an chuid sin de roinn 4V atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 45°40′ ó thuaidh;

4Vs— fo-roinn dheisceartach — an chuid sin de roinn 4V atá suite ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 45°40′ ó thuaidh;

Roinn 4W

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cósta Albain Nua, ó Halifax go Fourchu, agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Fourchu, as sin feadh rumlíne soir go pointe ag domhanleithead 45°40′ ó thuaidh, domhanfhad 60°00′ siar, as sin ó dheas díreach feadh na fadlíne le domhanfhad 60°00′ siar chomh fada leis an líne leithid le domhanleithead 44°10′ ó thuaidh, as sin soir díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 59°00′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí an líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 63°20′ siar, as sin ó thuaidh díreach go pointe ar an bhfadlíne sin ag domhanleithead 44°20′ ó thuaidh, as sin feadh rumlíne siar ó thuaidh go dtí Halifax, Albain Nua.

Roinn 4X

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir teorainn thiar fholimistéar 4 agus cóstaí New Brunswick agus Albain Nua, ó fhoirceann na teorann idir New Brunswick agus Maine go Halifax, agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag Halifax, as sin feadh rumlíne soir ó dheas go pointe ag domhanleithead 44°20′ ó thuaidh, domhanfhad 63°20′ siar, as sin ó dheas díreach go dtí an líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, agus as sin siar díreach go dtí an fhadlíne le domhanfhad 65°40′ siar.

Folimistéar 5

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá suite siar ó theorainn iartharach fholimistéar 4, ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, agus soir ón bhfadlíne le domhanfhad 71°40′ siar.

Tá folimistéar 5 comhdhéanta de dhá fho-roinn

Roinn 5Y

An chuid sin den fholimistéar atá suite idir cóstaí Maine, New Hampshire agus Massachusetts, ón teorainn idir Maine agus New Brunswick go dtí domhanfhad 70°00′ siar ar Rinn Cod (timpeall domhanleithead 42° ó thuaidh), agus líne ar a bhfuil an cur síos seo a leanas: ag tosú ag pointe ar Rinn Cod ag domhanfhad 70° siar (timpeall domhanleithead 42° ó thuaidh), as sin ó thuaidh díreach go domhanleithead 42°20′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 67°18′13,15″ siar ag an teorainn idir folimistéar 4 agus folimistéar 5, agus as sin feadh na teorann sin chomh fada le teorainn Cheanada agus na Stát Aontaithe.

Roinn 5Z

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó dheas agus soir ó roinn 5Y.

Tá roinn 5Z roinnte ina dhá fho-roinn: fo-roinn iartharach agus fo-roinn oirthearach atá sainmhínithe mar seo a leanas:

5Ze — fo-roinn oirthearach — an chuid sin de roinn 5Z atá suite soir ón bhfadlíne le domhanfhad 70°00′ siar;

Tá fo-roinn 5Ze fo-roinnte ina dhá fho-aonad[8]:

Is é 5Zu (uiscí na Stát Aontaithe) an chuid sin d'fho-roinn 5Ze atá suite siar ó na línte geodasacha a cheanglaíonn na pointí sin ag a bhfuil na comhordanáidí seo a leanas:

Domhanleithead ó thuaidh | Domhanfhad siar |

A | 44°11′12″ | 67°16′46″ |

B | 42°53′14″ | 67°44′35″ |

C | 42°31′08″ | 67°28′05″ |

D | 40°27′05″ | 65°41′59″. |

Is é 5Zc (uiscí Cheanada) an chuid sin d'fho-roinn 5Ze atá suite soir ó na línte geodasacha thuasluaite;

5Zw — folimistéar iartharach — an chuid sin de roinn 5Z atá suite siar ón bhfadlíne le domhanfhad 70°00′ siar.

Folimistéar 6

An chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá teorantach le líne a thosaíonn ag pointe ar chósta Oileán Rhode ag domhanfhad 71°40′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, as sin soir díreach go domhanfhad 42°00′ siar, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 35°00′ ó thuaidh, as sin siar díreach go cósta Mheiriceá Thuaidh, as sin ó thuaidh díreach feadh chósta Mheiriceá Thuaidh go pointe ar Oileán Rhode ag domhanfhad 71°40′ siar.

Tá folimistéar 6 comhdhéanta d'ocht bhfo-roinn

Roinn 6A

An chuid sin den fholimistéar atá suite ó thuaidh ón líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh agus siar ó fholimistéar 5.

Roinn 6B

An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70°00′ siar, ó dheas ón líne leithid le domhanleithead 39°00′ ó thuaidh, agus ó thuaidh agus siar ó líne a shíneann siar feadh na líne leithid le domhanleithead 37°00′ ó thuaidh go domhanfhad 76°00′ siar agus as sin ó dheas díreach go Rinn Henry, Virginia.

Roinn 6C

An chuid sin den fholimistéar atá suite siar ó dhomhanfhad 70°00′ siar agus ó dheas ó fho-roinn 6B.

Roinn 6D

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó ranna 6B agus 6C agus siar ó dhomhanfhad 65°00′ siar.

Roinn 6E

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6D agus siar ó dhomhanfhad 60°00′ siar.

Roinn 6F

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6E agus siar ó dhomhanfhad 55°00′ siar.

Roinn 6G

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6F agus siar ó dhomhanfhad 55°00′ siar.

Roinn 6H

An chuid sin den fholimistéar atá suite soir ó roinn 6G agus siar ó dhomhanfhad 42°00′ siar.

__________

⎢ 2018/93

IARSCRÍBHINN IV

⎢ 1636/2001 Airt. 1 agus Iarscríbhinn III

SAINMHÍNITHE AGUS CÓDÚ LE hÚSÁID AGUS SONRAÍ AR GHABHÁIL Á dTÍOLACADH

(A) LIOSTA CATAGÓIRÍ MAIDIR LE TREALAMH IASCAIREACHTA/ SOITHIGH IASCAIREACHTA

(ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Threalamh Iascaireachta (ISSCFG))

Catagóir | Giorrúchán |

Tráil |

Tráil ghrinnill |

tráil bhíoma | TBB |

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe) | OTB |

tráil dobharchú (cliathán) | OTB1 |

tráil dobharchú (deireadh) | OTB2 |

tráil i bpáirt (dhá shoitheach) | PTB |

tráil séaclaí | TBS |

tráil nephrops | TBN |

tráil ghrinnill (neamhshonraithe) | TB |

Tráil mheánuisce |

tráil dobharchú (cliathán nó deireadh neamhshonraithe) | OTM |

tráil dobharchú (cliathán) | OTM1 |

tráil dobharchú (deireadh) | OTM2 |

tráil i bpáirt (dhá shoitheach) | PTM |

tráil séaclaí | TMS |

tráil mheánuisce (neamhshonraithe) | TM |

Dé-thráil | OTS |

Dé-thráil dobharchú | OTT |

Tráil i bpáirt (dhá shoitheach) (neamhshonraithe) | PT |

Tráil dobharchú (neamhshonraithe) | OT |

Tráil eile (neamhshonraithe) | TX |

Saighní |

Saighní trá | SB |

Saighní báid/saighní soithigh | SV |

saighní Danmhargacha | SDN |

saighní Albanacha | SSC |

saighní i bpáirt (dhá shoitheach) | SPR |

Saighní (neamhshonraithe) | SX |

Líonta timpeallaithe |

Le peas-saighneoireacht | PS |

soitheach amháin | PS1 |

dhá shoitheach | PS2 |

Gan pheas-saighneoireacht (lampara) | LA |

Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha |

Eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire) | GNS |

Sruthlíonta geolbhaigh | GND |

Eangacha geolbhaigh timpeallaithe | GNC |

Eangacha geolbhaigh seasta (le cuaille) | GNF |

Traimlí | GTR |

Traimlí agus eangacha geolbhaigh in éineacht | GTN |

Eangacha geolbhaigh agus sáinneangacha (neamhshonraithe) | GEN |

Eangacha geolbhaigh (neamhshonraithe) | GN |

Duáin agus doruithe |

Doruithe fada socraithe | LLS |

Doruithe fada le sruth | LLD |

Doruithe fada (neamhshonraithe) | LL |

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (láimhe) | LHP |

Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (meicniúla) | LTM |

Doruithe le roithleán | LTL |

Duáin agus doruithe (neamhshonraithe) | LX |

Gaistí |

Sáinneangacha do-aistrithe gan chlúdach | FPN |

Potaí clúdaithe | FPO |

Líonta Fyke | FYK |

Bacainní, sconsaí, coraí etc. | FWR |

Líonta scríbe beaga | FSN |

Líonta aeir | FAR |

Gaistí (neamhshonraithe) | FIX |

Trealamh titimeach |

Teilglíonta | FCN |

Trealamh titimeach (neamhshonraithe) | FG |

Dreidirí |

Dreidire báid | DRB |

Dreidire láimhe | DRH |

Streachailt agus goineadh |

Harpún | HAR |

Líonta ardaithe |

Líonta ardaithe iniompartha | LNP |

Líonta ardaithe le bád | LNB |

Líonta ardaithe do-aistrithe ar chladach | LNS |

Líonta ardaithe (neamhshonraithe) | LN |

Meaisíní fómhair |

Caidéil | HMP |

Dreidirí meicnithe | HMD |

Meaisíní fómhair (neamhshonraithe) | HMX |

Trealamh ilghnéitheach | MIS |

Trealamh neamhaithnid | NK |

(b) SAINMHÍNITHE AR IARRACHT IASCAIREACHTA A THOMHAS I LEITH CATAGÓIRÍ TREALAIMH

Is cóir trí leibhéal beachtais a thabhairt i leith iarracht iascaireachta, nuair is féidir.

Catagóir A

Trealamh iascaireachta | Tomhas iarrachta | Sainmhínithe |

Líonta timpeallaithe (peas-saighneoireacht) | Líon tacar | Líon amanna a socraíodh nó a cuireadh an trealamh, cibé an dearnadh gabháil nó nach ndearnadh. Tá an tomhas seo oiriúnach nuair a bhíonn gaol idir méid na scoileanna éisc agus an phacáil agus líonmhaireacht stoic, nó sa chás go ndéantar na tacair go randamach |

Saighní trá | Líon tacar | Líon amanna a socraíodh nó a cuireadh an trealamh, cibé an dearnadh gabháil nó nach ndearnadh |

Saighní báid | Líon na n-uaireanta iascaireachta | Líon amanna a socraíodh nó a cuireadh an trealamh oiread an mheántacair mheasta nó aga curtha an trealaimh |

Tráil | Líon na n-uaireanta | Líon na n-uaireanta ina raibh an trál san uisce (trál meánuisce) nó ar an ngrinneall (trál grinnill), agus ag iascaireacht |

Dreidirí báid | Líon na n-uaireanta iascaireachta | Líon na n-uaireanta ina raibh an dreidire ar an ngrinneall agus ag iascaireacht |

Eangacha geolbhaigh (socraithe nó le sruth) | Líon na n-aonad iarrachta | Fad na líonta curtha in iúl in aonaid de 100-méadar arna n-iolrú ar líon na dtacar a rinneadh (= fad iomlán carntha tugtha i méadair de na líonta úsáidte i dtráth áirithe arna roinnt ar 100) |

Eangacha geolbhaigh (seasta) | Líon na n-aonad iarrachta | Fad an lín curtha in iúl in aonaid de 100-méadar arna n-iolrú ar líon na n-amanna ar glanadh an líon |

Gaistí (sáinneangacha gan chlúdach) | Líon na n-aonad iarrachta | Líon laethanta iascaireachta arna iolrú ar líon na n-aonad a dtarlaítear |

Potaí clúdaithe agus líonta fyke | Líon na n-aonad iarrachta | Líon na n-arduithe arna iolrú ar líon na n-aonad (= líon iomlán na n-aonad ar a ndearnadh iascach i dtráth áirithe) |

Doruithe fada (socraithe nó le sruth) | Mílte duán | Líon na nduán arna n-úsáid i dtráth áirithe roinnte ar 1,000 |

Doruithe láimhe (cuaille, roithleán, díreog, etc.) | Líon na laethanta doruithe | Líon iomlán na ndoruithe arna n-úsáid i dtráth áirithe |

Harpúin | (Sonraí a thabhairt ar leibhéil iarrachta B agus C amháin) |

Catagóir B

Líon na laethanta iascaireachta : líon na laethanta ar a ndearnadh iascach. Maidir leis na hiascaigh sin ag a mbíonn an cuardach féin ina lárchuid den obair iascaireachta, is cóir na laethanta sin ar a raibh cuardach ar siúl ach nach ndearnadh aon iascach, a áireamh sna sonraí a bhaineann le ‘laethanta iascaireachta’.

Catagóir C

Maidir le líon na laethanta ar an meá is cóir, mar aon le laethanta ar a ndearnadh iascach agus cuardach, gach lá eile a raibh an soitheach ar an meá a áireamh freisin.

Céatadán den iarracht mheasta (iarracht pro rata)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil ar thomhais iarrachta don ghabháil iomlán, ba chóir céatadán den iarracht mheasta a thabhairt le fios. Déantar an céatadán seo a ríomh mar seo a leanas:

(((Gabháil iomlán) - (An ghabháil dá bhfuil iarracht taifeadta ina leith)) × 100)/(Gabháil iomlán)

(c) CATAGÓIRÍ MHÉID NA SOITHEACH

(ón Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Staidrimh ar Shoithigh Iascaireachta (ISSCFV))

Aicmí tonnáiste

Catagóir olltonnáiste | Cód |

0-49,9 | 02 |

50-149,9 | 03 |

150-499,9 | 04 |

500-999,9 | 05 |

1 000-1 999,9 | 06 |

2 000-99 999,9 | 07 |

Níl ar eolas | 00 |

(d) AN PRÍOMHSPEICEAS ARNA LORG

Is é seo an speiceas ar a dhíríonn an iascaireacht den chuid is mó. D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, nach bhfreagróidh an speiceas sin don speiceas is coitianta a bheidh sa ghabháil. Ba cheart an speiceas a thabhairt le fios tríd an aitheantóir 3-alfa a úsáid (féach Iarscríbhinn I).

_____________

⎢ 2018/93 (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN V

FORMÁID CHUN SONRAÍ A THÍOLACADH

⎢ 1636/2001 Airt. 2 agus Iarscríbhinn IV (oiriúnaithe)

A. FORMÁID AN CHÓDAITHE

Le haghaidh aighneachtaí de bhun Airteagal 2(1)(a)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead:

Réimse | Nótaí |

Tír | Cód IS0 2-alfa (e.g. FR = An Fhrainc) |

Bliain | e.g. 2001 nó 01 |

Mórlimistéar iascaireachta FAO | 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh |

Roinn | e.g. 3 Pn = fo-roinn NAFO 3 Pn |

Speiceas | aitheantóir 3-alfa |

Gabháil | Tonnaí |

Le haghaidh aighneachtaí de bhun Airteagal 2(1)(b)

Ba cheart na sonraí a thíolacadh i bhfoirm taifead ilfhaid agus idirstad (:) a chur idir réimsí an taifid. Ba cheart na réimsí seo a leanas a áireamh i ngach taifead:

Réimse | Nótaí |

Tír | cód IS0 2-alfa (e.g. FR = An Fhrainc) |

Bliain | e.g. 0001 nó 2001 don bhliain 2001 |

Mí | e.g. 01 = Eanáir |

Mórlimistéar iascaireachta FAO | 21 = An tAtlantach Thiar Thuaidh |

Roinn | e.g. 3 Pn = fo-roinn NAFO 3 Pn |

Príomhspeiceas arna lorg | aitheantóir 3-alfa |

Catagóir soithigh/trealaimh | Cód ISSCFG (e.g.0TB2 = trál dobharchú grinnill) |

Aicmiú mhéid an tsoithigh | Cód ISSCFV (e.g. 04 = 150-499,9 GT): |

Olltonnáiste meánach | Tonnaí |

Meánchumhacht an innill | Cileavatanna |

Céatadán den iarracht mheasta | Uimhriúil |

Aonad | (e.g. COD = trosc an Atlantaigh nó A = tomhais iarrachta A) |

Sonraí | Gabháil (i dtonnaí méadracha) nó aonad iarrachta |

(a) Ní mór an ghabháil a thaifeadadh i bhfoirm coibhéise beomheáchain de na gabhálacha.

(b) Cóid na dTíortha:

An Bheilg An Bhulgáir Poblacht na Seice An Danmhairg An Ghearmáin An Eastóin An Ghréig An Spáinn An Fhrainc Éire An Íoslainn An Iodáil An Chipir An Laitvia An Liotuáin Lucsamburg An Ungáir Málta An Ísiltír An Iorua An Ostair An Pholainn An Phortaingéil An Rómáin An tSlóivéin An tSlóvaic An Fhionlainn An tSualainn An Tuirc An Ríocht Aontaithe | BE BG CZ DK DE EE EL ES FR IE IS IT CY LV LT LU HU MT NL NO AT PL PT RO SI SK FI SE TR UK |

B . AN MODH CHUN NA SONRAÍ A CHUR CHUIG AN GCOIMISIÚN EORPACH

Chomh fada agus is féidir, is cóir na sonraí a chur isteach i bhformáid leictreonach (mar shampla, iatán ríomhphoist).

Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, glacfar leis an gcomhad ar dhiscéad 3.5" HD.

_____________

IARSCRÍBHINN VI

Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 ón gComhairle (IO L 186, 28.7.1993, lch. 1) |

Pointe X.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (IO C 241, 29.8.1994, lch. 189) |

Rialachán (CE) Uimh. 1636/2001 ón gCoimisiún (IO L 222, 17.8.2001, lch. 1) |

Rialachán (CE) Uimh.1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1). | Airteagal 3 agus Iarscríbhinn III, pointe 44 amháin |

Pointe 10.9 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 571) |

_____________

IARSCRÍBHINN VII

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 2018/93 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2 | Airteagal 2 |

Airteagal 3 | Airteagal 3 |

Airteagal 4 | Airteagal 4 |

Airteagal 5 | Airteagal 5 |

Airteagal 6(1) agus (2) | Airteagal 6(1) agus (2) |

Airteagal 6(3) | - |

Airteagal 7(1) | Airteagal 7(1) |

Airteagal 7(2) | Airteagal 7(2) |

Airteagal 7(3) | - |

Airteagal 7(4) | Airteagal 7(3) |

Airteagal 8 | - |

- | Airteagal 8 |

Airteagal 9 | Airteagal 9 |

Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I |

Iarscríbhinn II | Iarscríbhinn II |

Iarscríbhinn III | Iarscríbhinn III |

Iarscríbhinn IV | Iarscríbhinn IV |

Iarscríbhinn V | Iarscríbhinn V |

- | Iarscríbhinn VI |

- | Iarscríbhinn VII |

____________

[1] COIM(87) 868 PV.

[2] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis communautaire , COIM(2001) 645 críochnaitheach.

[3] Féach Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an togra seo.

[4] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE(IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[5] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

[6] IO C […], […], lch. [...].

[7] IO C […], […], lch. [...].

3 IO C […], […], lch. [...].

4 IO L 186, 28.7.1993, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

5 Féach Iarscríbhinn VI.

6 IO L 378, 30.12.1978, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 653/80(IO L 74, 20.3.1980, lch. 1).

7 IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.).

8 IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

9 IO L 179, 7.8.1972, lch. 1.

[8] Níl taifead déanta ar an dá fho-aonad seo sa séú foilseachán de chuid Choinbhinsiún NAFO (Bealtaine 2000). É sin ráite, ag leanúint ó thogra de chuid Chomhairle Eolaíoch NAFO, rinne Ard-Chomhairle NAFO iad a fhormheas de bhun Airteagal XX(2) de Choinbhinsiún NAFO.