Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód Iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí {SEC(2007)1496} {SEC(2007)1497} /* COIM/2007/0709 leagan deireanach - COD 2007/0243 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 15.11.2007 COIM(2007) 709 leagan deireanach 2007/0243 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cód Iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007)1496}{SEC(2007)1497} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an togra - Forais agus cuspóirí an togra Bunaíodh Cód Iompraíochta do Chórais Áirithinte ar Ríomhairí (CRSanna) i 1989 le Rialachán 2299/89 tráth a bhí formhór na n-áirithintí aerlíne á ndéanamh ar CRSanna agus formhór na CRSanna faoi úinéireacht nó faoi cheannas aerlínte. I ngeall ar fhorbairtí suntasacha sa mhargadh, amhail an méadú ar na roghanna malartacha chun áirithint a dhéanamh, níl an Cód Iompraíochta chomh hoiriúnaithe céanna agus a bhí do choinníollacha an mhargaidh: is amhlaidh atá sé ag cur bac le hiomaíocht agus ag cur le costais dáileacháin níos airde dá réir. Is éard is aidhm don togra an Cód Iompraíochta a shimpliú go suntasach agus an iomaíocht a neartú idir na soláthraithe CRS ach bearta cosanta a choimeád, ag an am céanna, chun mí-úsáidí iomaíochta a chosc, go háirithe i gcás dlúthnasc idir CRSanna agus aerlínte, agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis neodrach do na tomhaltóirí. - Comhthéacs ginearálta Cuireann na Córais áirithinte ar ríomhairí (CRSanna) faisnéis mheandarach ar fáil do chustaiméirí maidir le hinfhaighteacht seirbhísí aeriompair agus na táillí do sheirbhísí den saghas sin. Fágann siad gur féidir le gníomhairí taistil, cibé acu gníomhairí in oifigí nó ar líne, áirithintí daingnithe a dhéanamh láithreach thar ceann an tomhaltóra. Bunaíodh an Cód Iompraíochta do Chórais Áirithinte ar Ríomhairí ("an Cód Iompraíochta") den chéad uair i 1989 nuair a glacadh Rialachán 2299/89. Tráth an ama sin bhí formhór na n-áirithintí aerlíne á ndéanamh ar CRSanna. I gcás aerthaistil, ní raibh ag na tomhaltóirí ach geall le bealach amháin faisnéise agus dáileacháin, ba é sin trí CRSanna agus gníomhairí taistil. Ina theannta sin, bhí formhór na CRSanna faoi úinéireacht nó faoi cheannas aerlínte. Chruthaigh an meascán fíricí seo baol áirithe maidir le mí-úsáid iomaíochta agus bhí na rialacha ginearálta iomaíochta easnamhach agus bhí gá le rialacha sonracha ad hoc i bhfoirm Cóid Iompraíochta dá réir. Is í an aidhm a bhí leis an gCód Iompraíochta trédhearcacht a fheabhsú agus iompraíocht idirdhealaitheach a chosc ag na díoltóirí córais féin agus ag aerlínte, go háirithe na máthair-iompróirí a bhfuil CRS acu. Ar an taobh amháin den scéal, bhí sé de cheangal ar dhíoltóirí córais déileáil leis na hiompróirí agus na gníomhairí taisitil go léir ar shlí chomhionann, ach ar an taobh eile, bhí sé de cheangal ar mháthair-iompróirí CRS nach dtaobhóidís leis an gcóras sin seachas leis na córais eile. D'éirigh leis an gCód Iompraíochta mí-úsáidí i leith chumhacht an mhargaidh a chosc ach tá iarmhairtí neamhbheartaithe aige freisin mar nach bhfuil sé chomh hoiriúnaithe céanna agus a bhí do choinníollacha athraitheacha an mhargaidh. Ar an gcéad dul síos, tá úinéireacht aerlínte ar CRS dídhílsithe ag a lán aerlínte. Níl trí as na ceithre CRS reatha faoi úinéireacht aerlínte a thuilleadh, agus tá scair mhionlaigh ag trí aerlíne sa cheathrú CRS. Ar an dara dul síos, i ngeall ar an bhforbairt ar roghanna malartacha dáileacháin, mar shuíomhanna gréasáin nó lárionaid glaonna na n-aerlínte, tá teacht ag tomhaltóirí an lae inniu ar iliomad faisnéise agus roghanna chun áirithintí a dhéanamh ar sheirbhísí aeriompair. Cuirtear tuairim is 40% de na ticéid aerlíne san AE in áirithe trí bhealaí malartacha agus tuairim is 60% trí ghníomhairí taistil agus CRSanna. Déanann ceanglais an Chóid maidir le neamh-idirdhealú an iomaíocht praghsanna agus nuálaíocht a phlúchadh, mar go gcuirtear diansrianta i bhfeidhm ar shaoirse na n-aerlínte agus na soláthraithe CRS táillí áirithintí agus sonraí táillí a thairiscítear ar na CRSanna a chaibidil. Coimeádann an easpa iomaíochta a bhíonn mar thoradh air seo na táillí áirithintí ag leibhéal níos airde ná mar is gá. I ngeall air seo, tá an claonadh ann i measc aerlínte cion níos mó dá dticéid a dháileadh de réir a chéile trí na bealaí malartacha mar a gcuid suíomhanna gréasáin, ar a bhfuil costas níos ísle agus atá solúbtha ar bhonn teicniúil. Thairis sin, de réir mar atá dírialú á dhéanamh ar na margaí CRS in áiteanna eile ar domhan, is gá a áirithiú go mbeidh iomaíocht chothrom ann idir na haerlínte agus na soláthraithe CRS atá laistigh agus lasmuigh den AE. Is éard a thug an comhairliúchán poiblí le fios go bhfuil páirtithe leasmhara i bhfabhar an Cód Iompraíochta a athbhreithniú chun é a chur in oiriúint do choinníollacha an lae inniu, ach forálacha tábhachtacha a choimeád a áiritheoidh go soláthrófar faisnéis neodrach do shínitheoirí agus go gcoimeádfar bearta cosanta i gcoinne mí-úsáidí a d'fhéadfadh bheith ann i gcás dlúthnasc idir aeriompróirí agus soláthraithe CRS. - Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Gabhfaidh an togra seo ionad Rialachán 2299/89 mar atá arna mhodhnú le Rialacháin 3089/93 agus 323/99. - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Níl sé infheidhme. 2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA - Comhairliúchán le páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Eagraíodh comhairliúchán poiblí sular ullmhaíodh an togra seo d'fhonn an líon is mó tuairimí agus moltaí agus ab fhéidir a bhailiú ó dhaoine aonair agus ó chomhlachtaí lena mbaineann sé. Chomhlíon an tionscnamh seo na mionchaighdeáin i gcomhair comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar atá sainmhínithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2002 (COIM(2002)704 críochnaitheach). Rinneadh comhairliúchán oscailte ar líne idir an 23 Feabhra 2007 agus an 27 Aibreán 2007. Fuair an Coimisiún 48 aighneacht, ar féidir a mhiondealú sna grúpaí seo a leanas: - Aeriompróirí agus comhlachtaí ionadacha: 18 - Soláthraithe CRS agus soláthraithe seirbhísí TE: 5 - Tomhaltóirí/taistealaithe agus comhlachtaí ionadacha: 9 - Gníomhairí taistil agus comhlachtaí ionadacha: 10 - An earnáil iompair ar iarnród: 1 - Eile: 5 An 2 Bealtaine 2007, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara agus d'eagraíochtaí páirtithe leasmhara freastal ar chruinniú sa Bhruiséil chun forbhreathnú gearr a thabhairt ar a gcuid aighneachtaí. Achoimre ar na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad Thug an comhairliúchán le fios nach raibh ach líon beag páirtithe leasmhara – as measc na n-aerlínte agus na soláthraithe CRS – a bhí i bhfabhar deireadh iomlán a chur leis an gCód Iompraíochta. B'fhearr le formhór na bpáirtithe leasmhara Cód Iompraíochta a choimeád, ach tá siad i bhfabhar athbhreithnithe ar an gCód reatha chun é a chur in oiriúint do na forbairtí sa mhargadh trí bhreis saoirse a thabhairt d'aerlínte agus do sholáthraithe CRS táillí áirithintí agus sonraí táillí a chaibidil. Tá eagla ar ghníomhairí taistil roimh bhreis saoirse praghsála agus tá siad i bhfabhar an Rialachán a leasú chun rochtain ar shonraí iomlána tháillí na n-aerlínte a áirithiú gan costas breise a ghearradh. Thug eagraíochtaí tomhaltóirí rabhadh uathu maidir le gur chóir athbhreithniú a dhéanamh go han-chúramach ionas go gcinntítear soláthar faisnéise neodraí agus cuimsithí do na tomhaltóirí. Thug formhór na bpáirtithe leasmhara le fios gurbh fhearr leo na rialacha atá ann a choimeád i bhfeidhm maidir le máthair-iompróirí na soláthraithe CRS, i.e. go bhfuil sé de cheangal ar na máthair-iompróirí bheith rannpháirteach sna CRSanna go léir (Airteagal 4a den Chód) agus an toirmeasc ar dhreasachtaí agus dídhreasachtaí a nascadh maidir le húsáide CRS ar leith (Airteagal 8). Tá forbhreathnú níos mionsonraithe ar dhearcadh na bpáirtithe leasmhara agus ar an tslí inar cuireadh a ndearcadh san áireamh cuimsithe sa tuarascáil ar an measúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo. Tá na torthaí a bhí ar an gcomhairliúchán poiblí ar líne le fáil ag http://ec.europa.eu/transport/air_portal/consultation/2007_04_27_en.htm. - Bailiú agus úsáid saineolais Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. - Measúnú iarmharta Sa mheasúnú iarmharta seo, rinneadh comparáid idir dhá rogha athbhreithnithe - dírialú páirteach agus dírialú iomlán - agus bunchás an status quo. Tá an chéad rogha - dírialú páirteach - foroinnte i dtrí fhorogha bhreise a bhfuil difríocht eatarthu maidir leis na bearta cosanta i gcás dlúthnasc idir aerlínte agus CRSanna. Is é is aidhm do na roghanna go léir an réimse iomaíochta sa mhargadh CRS a mhéadú: - Rogha 0: status quo - Rogha 1: dírialú páirteach - Rogha 1a: dírialú páirteach agus rialú na n-aerlínte agus na CRSanna a dhíchuachadh; - Rogha 1b: dírialú páirteach agus forálacha sonracha maidir le máthair-iompróirí; - Rogha 1c: dírialú páirteach gan forálacha sonracha maidir le máthair-iompróirí; - Rogha 2: dírialú iomlán (deireadh a chur leis an gCód Iompraíochta). Diúltaíodh don status quo (rogha 0) mar go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag na srianta ar shaoirse praghsála agus caibidlíochta atá sa Rialachán reatha, go háirithe maidir le costais arda dáileacháin. Diúltaíodh do dhírialú iomlán (rogha 2) i láthair na huaire i ngeall ar staid an mhargaidh. Braitheann a lán taistealaithe corparáideacha go mór fós ar an tslí dáileacháin amháin, is é sin trí ghníomhairí taistil agus CRSanna. Tá an rud céanna fíor i gcás taistealaithe sna Ballstáit sin ag a bhfuil rátaí ísle teagmhála leis an idirlíon: níl rochtain ar an idirlíon ach ag leath de dhaonra uile an AE - agus is é an t-idirlíon an tslí mhalartach dáileacháin is tábhachtaí. Sna cásanna seo, tá níos mó baol ann le mí-usáid iomaíochta ná in earnálacha eacnamaíocha eile agus ní bheadh sé leordhóthanach brath ar na rialacha ginearálta iomaíochta amháin, go háirithe i gcás dlúthnasc idir aerlínte agus CRSanna. Ina theannta sin, dhéanfadh iompraíochtaí áirithe margaidh maidir le CRSanna (e.g. claontacht i gcás na dtaispeáintí) dochar do thomhaltóirí fiú mura raibh siad mar thoradh díreach ar mhí-úsáid iomaíochta. Léiríonn an measúnú iarmharta go dtugann rogha 1b an toradh is fabhraí maidir le méadú iomaíochta, le bearta cosanta i gcoinne mí-usáidí iomaíochta, le faisnéis neodrach thrédhearcach agus chuimsitheach do thomhaltóirí agus leis an iompar iarnróid a chur ar aghaidh ar thaispeáintí CRS. Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre, agus is féidir teacht ar an tuarascáil sin aghttp://ec.europa.eu/transport/air_portal/internal_market/networks_en.htm 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA - Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Ghabhfadh an togra seo ionad Rialachán 2299/89 mar atá arna mhodhnú le Rialacháin 3089/93 agus 323/99. - Bunús dlí Airteagail 71 agus 80(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. - Prionsabal na coimhdeachta Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail amháin. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. - Prionsabal na comhréireachta Déanann an togra prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh ar an gcúis/ar na cúiseanna seo a leanas. Tugann Rialachán 2299/89 inniúlacht eisiach don Choimisiún. I ngeall ar an gcuma idirnáisiúnta atá ar oibríochtaí CRS agus an deacracht a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí seo ar leibhéal náisiúnta, tagann an t-athbhreithniú agus an simpliú atá beartaithe a dhéanamh ar an rialachán faoi inniúlacht ag leibhéal AE. Ní dhéanfaidh an t-athbhreithniú agus an simpliú atá beartaithe a dhéanamh ar an Rialachán difear d'údaráis náisiúnta, réigiúnacha ná áitiúla, agus ísleofar an t-ualach teoranta riaracháin atá ar oibreoirí eacnamaíocha cheana féin. - Rogha ionstraimí Ionstraimí beartaithe: Rialachán. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas. Rialachán an modh is fónta ar an gcúis / ar na cúiseanna seo a leanas: - Baineann an togra le hathbhreithniú Rialacháin atá ann cheana; - Baineann an Rialachán le gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil cuma idirnáisiúnta air agus a mbeadh sé deacair a rialáil ar leibhéal náisiúnta. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail 5. FAISNÉIS BHREISE - Simpliú Forálann an togra do shimpliú reachtaíochta. Rinneadh an Cód Iompraíochta athbhreithnithe do chórais CRS a dhréachtú agus a struchtúrú i slí atá éasca le tuiscint. Baineadh amach forálacha iomarcacha as Rialachán 2299/89, go háirithe nuair nach ionann iad ach bac ar éifeachtacht margaidh níos fearr. Tá an togra san áireamh i gclár forásach an Choimisiúin maidir le nuashonrú agus simpliú ar an acquis communautaire agus i gClár Reachtach agus Oibre an Choimisiúin faoin tagairt 2002/TREN/29. - Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. - Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha Tá clásal athbhreithnithe sa togra. - An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. - Míniú mionsonraithe ar an togra Dírialú páirteach an mhargaidh CRS Leasaítear leis an togra an Cód Iompraíochta do chórais CRS chun é a chur in oiriúint do mhargadh an lae inniu – go háirithe bealaí malartacha dáileacháin a fhorbairt – agus chun an iomaíocht idir soláthraithe CRS a neartú. Trí bhreis solúbthachta a thabhairt do CRSanna agus d'aerlínte, fágann an togra go gcruthaítear iomaíocht níos éifeachtúla idir CRSanna agus na bealaí malartacha dáileacháin, i dtéarmaí praghsanna agus i dtéarmaí seirbhísí a thairiscítear. Tríd an gCód a shimpliú méadaítear saoirse caibidlíochta na bpáirtithe margaidh: beidh saoirse ag aerlínte agus ag díoltóirí córas CRS plé a dhéanamh ar na táillí áirithinte a ghearrtar ar CRS agus ar na sonraí táillí a sholáthraíonn na haerlínte. Foirceannfar srianta an Chóid Iompraíochta reatha maidir le sonraí táillí, rochtain ar shaoráidí dáileacháin agus táillí áirithinte (cé is moite de na bearta cosanta a luaitear thíos). Bearta cosanta Coimeádann an togra bearta cosanta áirithe i gcoinne mí-úsáidí iomaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann, go háirithe i gcás dlúthnasc idir CRSanna agus soláthraithe seirbhísí iompair. Léiríonn na bearta cosanta seo an dearcadh a chur go leor páirtithe leasmhara in iúl agus a daingníodh sa mheasúnú iarmharta, go bhfuil baol iomaíochta ann fós, i gcomhthéacs an mhargaidh reatha, i gcás na ndlúthnasc seo dá bhfuil gá le rialacha sonracha sa bhreis ar na rialacha ginearálta iomaíochta. Coimeádann an Cód Iompraíochta simplithe na forálacha seo a leanas mar chosaint ar mhí-úsáid iomaíochta agus chun a áirithiú go soláthraítear faisnéis neodrach do thomhaltóirí: - Bearta cosanta chun comhairle neodrach na ngníomhairí taistil a chosaint (Airteagal 6), mar shampla an toirmeasc ar dhíoltóirí córais coinníollacha eisiachais a cheangal dá gconarthaí le gníomhairí taistil. Cuirtear isteach leis an togra an toirmeasc atá ar dhíoltóirí córais gníomhairí taistil a shainaithint sna Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (MIDT); seachnaítear leis an bhforáil seo go bhféadfadh aerlíne na sonraí a úsáid chun brú a chur ar ghníomhairí taistil a n-áirithintí a ísliú ar aerlínte iomaíochta. - An oibleagáid atá ar dhíoltóirí córais na córais CRS a scaradh go soiléir ó aon chóras áirithinte inmheánach de chuid aerlíne (Airteagal 4.2), mar shampla a sheachaint go mbeadh rochtain phribhléideach ag máthair-iompróir ar chóras CRS. - An toirmeasc atá ar dhíoltóirí córais aon saoráidí dáileacháin a chur in áirithe dá máthair-iompróirí (Airteagal 4.1), mar shampla a sheachaint go mbeadh buntáistí iomaíochta ag máthair-iompróirí i gcomparáid le hiompróirí rannpháirteacha eile. - An oibleagáid atá ar dhíoltóirí córais taispeáintí atá neodrach agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil (Airteagal 5), chun faisnéis neodrach a áirithiú do thomhaltóirí agus chun aon chlaontacht ar scáileán a sheachaint i bhfabhar aerlínte sonracha. - An oibleagáid atá ar dhíoltóirí córais Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (MIDT) a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach (Airteagal 7). - An oibleagáid atá ar mháthair-iompróirí an fhaisnéis chéanna maidir lena seirbhísí iompair a chur ar fáil do CRS eile seachas a CRS féin nó glacadh le háirithintí ó CRS eile seachas a CRS féin (Airteagal 10.1), mar shampla chun a sheachaint go gcuirfeadh máthair-iompróirí bac ar iomaíocht ó CRSanna eile. - An toirmeasc atá ar mháthair-iompróirí dreasachtaí nó dídhreasachtaí a nascadh le húsáid córais shonraigh CRS (Airteagal 10.3), mar shampla a sheachaint go dtugtar tosaíocht chórasach dá CRS féin. - Bearta cosanta a fhágann gur féidir leis an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcaitear go comhionann le haerlínte AE maidir le córais CRS i dtríú tíortha (Airteagal 8). - Forálacha do chosaint sonraí pearsanta a bheidh mar shonrú agus mar chomhlánú ar fhorálacha Theoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (Airteagal 11). Seirbhísí iarnróid Tá feidhm ag an gCód Iompraíochta maidir le seirbhísí iarnróid atá comhtháite le CRS aeriompair (níl feidhm aige maidir le córais "iarnród amháin"). Áirithítear ann go gcaitear go neamh-idirdhealaitheach le seirbhísí iarnróid sa CRS. É sin ráite, fágann na forálacha reatha maidir le praghsáil neamh-idirdhealaitheach go ndéantar idirdhealú de facto ar sheirbhísí iarnróid mar go ngearrtar na táillí áirithinte céanna ina leith cé go bhfuil meánluach níos ísle ar na ticéid. Trí shaoirse praghsála a bhunú maidir le táillí áirithinte, fágtar leis an togra go bhféadfaidh na cuideachtaí iarnróid táillí áirithinte níos oiriúnaithe do luach na dticéad a chaibidil agus, sa tslí sin, go gcruthófar dreasacht do chuideachtaí iarnróid a gcuid seirbhísí a thairiscint ar na córais CRS. Leanfaidh na forálacha maidir le máthair-iompróirí agus le neodracht na dtaispeáintí de bheith infheidhme maidir le seirbhísí iarnróid freisin. 2007/0243 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cód Iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 71 agus 80(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2], Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[3], De bharr an méid seo a leanas: (1) Is rannchuidiú mór é Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 an 24 Iúil 1989 maidir le cód iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí[4] chun coinníollacha córa agus neamhchlaonta a áirithiú i gcomhair aeriompróirí i gcórais áirithinte ar ríomhairí ("CRS" anseo feasta), agus sa chaoi sin cosaint a thabhairt do leasanna tomhaltóirí. (2) Úsáidtear córais áirithinte ar ríomhairí chun cuid mhór de na háirithintí aerlíne a dhéanamh fós. (3) Fágann na forbairtí sa teicneolaíocht agus sa mhargadh gur féidir simpliú suntasach a dhéanamh ar an gcreat reachtach trí bhreis solúbthachta a thabhairt do dhíoltóirí CRS agus d'aeriompróirí táillí áirithinte agus sonraí táillí a chaibidil. Fágfaidh sé seo go bhféadfaidh siad iad féin a chur in oiriúint i slí sholúbtha do riachtanais agus d'iarrataí na ngníomhairí taistil agus na dtomhaltóirí agus a dtáirgí iompair a dháileadh i slí níos éifeachtaí. (4) Dá ainneoin sin, is gá forálacha áirithe a choimeád i gcás na gcóras CRS sa mhargadh mar atá sé faoi láthair, a mhéad a bhfuil táirgí iompair i gceist, d'fhonn mí-úsáid iomaíochta a chosc agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis neodrach do na tomhaltóirí. (5) I gcás go ndiúltaíonn na máthair-iompróirí an fhaisnéis chéanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht do chórais eile seachas dá gcórais féin nó glacadh le háirithintí arna ndéanamh ar na córais sin, d'fhéadfaí an iomaíocht idir na córais áirithinte ar ríomhairí a shaobhadh go mór. (6) Ba chóir do na díoltóirí córais na córais CRS a scaradh go soiléir ó aon chóras áirithinte inmheánach de chuid aerlíne agus staonadh ó shaoráidí dáileacháin a chur in áirithe dá máthair-iompróirí, d'fhonn a sheachaint go mbeadh rochtain phribhléideach ag máthair-iompróir ar an gcóras CRS. (7) Chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, is gá céadtaispeáint neamhchlaonta a chur i láthair úsáideoirí CRS agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir le hiompróirí rannpháirteacha inrochtana go cothrom ionas nach dtaobhófar le hiompróir rannpháirteach amháin seachas le hiompróir rannpháirteach eile. (8) Ba cheart go n-áiritheodh na díoltóirí córais go bhfuil na sonraí maidir le margú CRS ar fáil ag gach iompróir rannpháirteach gan aon idirdhealú, agus níor chóir go mbeadh soláthraithe iompair ábalta sonraí den sórt sin a úsáid chun tionchar míchuí a bheith acu ar rogha an ghníomhaire taistil. (9) Ba chóir soláthar faisnéise maidir le seirbhísí iarnróid agus iarnróid-aeir a éascú ar na taispeáintí CRS. (10) Ba cheart caitheamh le haeriompróirí ón gComhphobal agus ó thríú tíortha sa tslí chéanna maidir le seirbhísí CRS. (11) D'fhonn cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba chóir go mbeadh na cumhachtaí forfheidhmithe iomchuí ag an gCoimisiún, lena n-áirítear an deis sáruithe a iniúchadh, cibé ar a thionscnamh féin nó bunaithe ar ghearán, chun ordú a thabhairt do na gnóthais lena mbaineann deireadh a chur le sáruithe den sórt sin agus fíneálacha a fhorchur. (12) Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 81 agus 82 den Chonradh. (13) Is í Treoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[5] a rialaíonn cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Is sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE na forálacha sa Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí CRS. (14) Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 a aisghairm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Alt 1 Forálacha tosaigh Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme Beidh an Rialachán seo infheidhme maidir le haon chóras áirithinte ar ríomhairí ('CRS' anseo feasta), a mhéad a bhfuil táirgí aeriompair i gceist, a thairiscítear do chríocha úsáide nó a úsáidtear ar chríoch an Chomhphobail. Beidh an Rialachán seo infheidhme freisin maidir le táirgí iompair ar iarnród, a ionchorpraítear taobh leis na táirgí aeriompair ar phríomhthaispeáint CRS. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) ciallaíonn 'táirge iompair' iompar paisinéara idir dhá aerfort nó dhá stáisiún traenach; (b) ciallaíonn 'aersheirbhís sceidealta' sraith eitiltí ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas: (i) i gcás gach eitilte tá suíocháin agus/nó cumas iompair lasta agus/nó poist ar fáil le ceannach go leithleach ag an bpobal (díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe); (ii) oibrítear an tseirbhís chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó idir na haerfoirt chéanna, cibé: - de réir amchláir foilsithe; nó - i gcás eitiltí atá chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur ionann iad agus sraith chórasach. (c) ciallaíonn 'táillí' na praghsanna atá le híoc ag paisinéirí le haeriompróirí, le hoibreoirí iompair ar iarnród, lena ngníomhairí nó le díoltóirí ticéad chun na paisinéirí sin a iompar ar sheirbhísí iompair agus aon choinníollacha atá i bhfeidhm maidir leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha arna dtairiscint do sheirbhísí gníomhairí agus do sheirbhísí cúnta eile; (d) ciallaíonn 'córas áirithinte ar ríomhairí' córas ríomhairithe ar a bhfuil faisnéis maidir le, inter alia , sceidil, infhaighteacht, táillí, agus seirbhísí gaolmhara, a bhaineann le níos mó ná aeriompróir amháin, ar a bhfaightear nó nach bhfaightear áiseanna chun áirithintí a dhéanamh, nó ar a bhféadtar ticéid a eisiúint, sa mhéid go gcuirtear roinnt de na seirbhísí seo nó na seirbhísí go léir ar fáil do shínitheoirí; (e) ciallaíonn 'saoráidí dáileacháin' saoráidí arna soláthar ag díoltóir córais chun faisnéis a chur ar fáil faoi aeriompróirí agus oibreoirí iompair ar iarnród agus faoina sceidil, infhaighteacht, táillí agus seirbhísí gaolmhara agus chun áirithintí a dhéanamh agus/nó ticéid a eisiúint, agus i gcomhair aon seirbhísí gaolmhara eile; (f) ciallaíonn 'díoltóir córais' aon eintiteas agus a chleamhnaithe atá freagrach as CRS a oibriú nó a mhargú; (g) ciallaíonn 'máthair-iompróir' aon aeriompróir nó aon oibreoir iompair ar iarnród a bhfuil, go díreach nó go hindíreach, ina aonar nó i gcomhpháirt, úinéireacht aige ar dhíoltóir córais, nó a rialaíonn díoltóir córais, mar aon le haon aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród atá ar úinéireacht aige nó a rialaíonn sé; (h) ciallaíonn 'rialú éifeachtúil' caidreamh bunaithe ar chearta, ar chonarthaí nó ar aon mhodh eile a bhronnann an deis, cibé ina aonar nó i gcomhpháirt agus ag féachaint do chúrsaí fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas go díreach nó go hindíreach, agus go háirithe: (i) trí chuid de shócmhainní nó sócmhainní uile gnóthais a úsáid; (ii) trí chearta nó conarthaí a bhronnann tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, vótáil nó cinntí orgáin gnóthais nó, ar shlí eile, a bhronnann tionchar cinntitheach ar reáchtáil ghnó an ghnóthais; (i) ciallaíonn 'iompróir rannpháirteach' aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród a bhfuil comhaontú aige le díoltóir córais maidir le dáileadh táirgí iompair trí CRS. (j) ciallaíonn 'sínitheoir' duine, seachas tomhaltóir, nó gnóthas, seachas iompróir rannpháirteach, a úsáideann CRS faoi chonradh nó faoi chomhaontú airgeadais eile le díoltóir córais. Ciallaíonn "socrú airgeadais" go ndéantar íocaíocht shonrach i gcomhair sheirbhísí an díoltóra córais nó go gceannaítear táirge iompair; (k) ciallaíonn 'príomhthaispeáint' taispeáint neodrach chuimsitheach sonraí a bhaineann le seirbhísí iompair idir dhá chathair, laistigh de thréimhse ama shonraithe. (l) ciallaíonn 'ticéad' doiciméad bailí a thugann teideal chun iompair, nó a choibhéis i bhfoirm nach páipéar, arna eisiúint nó arna údarú ag aeriompróir, ag oibreoir iompair ar iarnród nó ag gníomhaire údaraithe. Alt 2 Rialacha iompraíochta do dhíoltóirí córais Airteagal 3 Caidreamh le soláthraithe iompair 1. Ní dhéanfaidh díoltóir córais: (a) coinníollacha neamhréasúnacha a chur le haon chonradh le hiompróir rannpháirteach nó a chur de choinníoll go nglacfaidh iompróir rannpháirteach le coinníollacha forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr nó ó ghnás na tráchtála, le rannpháirtíocht sa CRS atá á dhíol aige; (b) é a chur de choinníoll maidir le rannpháirtíocht sa CRS atá á dhíol aige nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach bheith rannpháirteach go comhuaineach i gcóras eile. 2. Lódálfaidh agus próiseálfaidh díoltóir córais na sonraí arna soláthar ag na hiompróirí rannpháirteacha go léir leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí éagsúla rannpháirteacha. Airteagal 4 Saoráidí dáileacháin 1. Ní chuirfidh díoltóir córais aon nós imeachta lódála agus/nó próiseála, aon saoráid dáileacháin eile, ná aon fheabhsuithe orthu sin, in áirithe do mháthair-iompróir amháin nó níos mó dá chuid. 2. Áiritheoidh díoltóir córais go bhfuil a shaoráidí dáileacháin scartha, trí mheán bogearraí ar a laghad agus i slí shoiléir agus infhíoraithe, ó fhardal príobháideach iompróra agus ó shaoráidí bainistíochta agus margaíochta iompróra. Airteagal 5 Taispeáintí 1. Soláthróidh díoltóir córais príomhthaispeáint nó príomhthaispeáintí i gcomhair gach idirbhirt ar leith trína CRS agus áireoidh sé ann na sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha i slí neodrach agus chuimsitheach agus gan idirdhealú ná gan chlaontacht. Ní bhunófar na critéir a úsáidtear i gcomhair tosaíochta ar aon fhachtóir a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le haitheantas iompróra agus cuirfear i bhfeidhm iad i slí neamh-idirdhealaitheach maidir le gach iompróir rannpháirteach. Déanfaidh an phríomhthaispeáint/na príomhthaispeáintí de réir na rialacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1. 2. I gcás faisnéise arna soláthar ag CRS, úsáidfidh sínitheoir taispeáint neodrach de réir mhír 1 mura mbeidh taispeáint eile ag teastáil chun rogha an tomhaltóra a shásamh. 3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le CRS arna úsáid ag aeriompróir, nó ag oibreoir iompair ar iarnród, nó ag grúpa aeriompróirí, nó ag grúpa oibreoirí iompair ar iarnród, ina oifig nó ina n-oifigí féin nó ag na cuntair díolacháin a bheidh sainaitheanta amhlaidh. Airteagal 6 Caidreamh le sínitheoirí 1. Ní cheanglóidh díoltóir córais coinníollacha neamhréasúnacha le conradh a chomhaontaítear le sínitheoir, amhail sínitheoir a chosc aon chóras nó córais eile a shuibscríobh ná a úsáid, a cheanglódh coinníollacha forlíontacha nach bhfuil aon bhaint acu le suibscríobh ina CRS a ghlacadh, nó oibleagáid a fhorchur gur gá glacadh le tairiscint de threalamh teicniúil nó de bhogearraí. 2. Nuair is fiontar féinrialaitheach an sínitheoir a fhostaíonn níos lú ná 50 duine agus nach dtéann a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhordaithe bliantúil thar EUR 10 milliún, féadfaidh sé críoch a chur le feidhm a chonartha leis an díoltóir córais trí fhógra, nach gá dó dul thar trí mhí, a thabhairt ach gan deireadh a chur le feidhm an chonartha roimh dheireadh na chéad bhliana. I gcás dá leithéid, beidh díoltóir córais i dteideal níos mó ná na costais a bhaineann go díreach le foirceannadh an chonartha a ghnóthú. Airteagal 7 Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (MIDT) Féadfaidh na díoltóirí córais aon sonraí ar mhargaíocht, áirithintí agus díolacháin a chur ar fáil ar choinníoll: (a) go dtairiscítear sonraí den sórt sin leis an tráthúlacht chéanna agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na hiompróirí rannpháirteacha go léir, agus dá máthair-iompróirí. Féadfaidh na sonraí, agus arna iarraidh sin, baint a bheith acu leis na hiompróirí rannpháirteacha go léir agus/nó na sínitheoirí go léir. (b) i gcás go bhfuil na sonraí sin ann mar thoradh ar úsáid saoráidí dáileacháin CRS ag sínitheoir atá lonnaithe ar chríoch an Aontais Eorpaigh, ní áireofar iontu aitheantas an tsínitheora sin go díreach ná go hindíreach. Airteagal 8 Cóir chomhionann i dtríú tíortha Gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta atá sínithe ag an gComhphobal nó ag a Bhallstáit, i gcás nach gcaitheann díoltóir córais le haeriompróirí Comhphobail atá ag feidhmiú i dtríú tír mar a chaitear le hiompróirí rannpháirteacha an tríú tír maidir le haon ábhar atá sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar na díoltóirí córais go léir atá ag feidhmiú sa Chomhphobal caitheamh le haeriompróirí an tríú tír sin ar an gcaoi chéanna agus a chaitear le haeriompróirí Comhphobail sa tríú tír sin. Alt 3 Rialacha iompraíochta do sholáthraithe iompair Airteagal 9 Sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha Áiritheoidh na hiompróirí rannpháirteacha, agus idirghabhálaithe a láimhseálann na sonraí, go bhfuil na sonraí a chuireann siad isteach ar CRS cruinn agus go bhfágann na sonraí go bhféadfaidh an díoltóir córais déanamh de réir fhorálacha Iarscríbhinn I. Airteagal 10 Rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí 1. Ní fhéadfaidh máthair-iompróir leatrom a dhéanamh ar CRS iomaíoch trí dhiúltú dó, arna iarraidh sin aige agus le tráthúlacht chomhionann, na sonraí céanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht a bhaineann lena tháirgí iompair féin mar a sholáthraíonn sé dá CRS féin nó a tháirgí iompair a dháileadh trí CRS eile, nó trí dhiúltú áirithint arna déanamh trí CRS iomaíoch a ghlacadh ná a dhaingniú leis an tráthúlacht chéanna maidir le haon cheann dá tháirgí iompair a dháiltear trína CRS féin. Beidh sé d'oibleagáid ar an máthair-iompróir na háirithintí sin amháin a chomhfhreagraíonn lena tháillí agus lena choinníollacha a ghlacadh agus a dhaingniú. 2. Beidh sé d'oibleagáid ar an máthair-iompróir glacadh le haon chostas i ndáil leis sin, ach amháin i gcás athsholáthar na sonraí le soláthar agus i gcás áirithintí a bhfuil glactha leo. Ní fhéadfaidh an táille áirithinte a bheidh iníoctha le CRS, maidir le háirithint atá glactha agus a rinneadh de réir mhír 1, dul thar an táille a ghearrfaidh an CRS céanna nó a CRS féin ar iompróirí rannpháirteacha eile maidir le hidirbheart comhionann. 3. Ní nascfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, úsáid aon chórais shonraigh CRS ag sínitheoir le haon choimisiún nó le haon dreasacht nó dídhreasacht eile i leith a tháirgí iompair a dhíol. 4. Ní cheanglóidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, go mbeidh ar shínitheoir aon CRS sonrach a úsáid i gcomhair ticéid a dhíol nó a eisiúint maidir le haon táirgí iompair arna soláthar ag an máthair-iompróir go díreach nó go hindíreach. Alt 4 Cosaint sonraí pearsanta Airteagal 11 1. Próiseálfar sonraí pearsanta le linn ghníomhaíochtaí CRS chun na críche áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint i gcomhair táirgí iompair amháin. Maidir le próiseáil sonraí den sórt sin, glactar le CRS mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE . 2 . Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach a mhéad a bhfuil gá le próiseáil d'fheidhmíocht chonartha ar shínigh ábhar na sonraí é nó d'fhonn bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag ábhar na sonraí sular shínigh sé nó sí an conradh. 3. I gcás go bhfuil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 8 de Threoir 95/46/CE i gceist, ní phróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin sa chás gur thug ábhar na sonraí a t(h)oiliú follasach maidir leis na sonraí sin a phróiseáil. 4. Déanfar faisnéis atá faoi rialú díoltóra córais agus a bhaineann le háirithintí inaitheanta ar leith a stóráil as líne laistigh de sheachtó a dó uaire a chloig ón tráth a chríochnaítear an ghné dheireanach den áirithint ar leith agus scriosfar an fhaisnéis sin laistigh de thrí bliana. Ní cheadófar rochtain ar shonraí den sórt sin ach ar chúiseanna gearáin maidir le sonraisciú amháin. 5. Ní áireofar, go díreach ná go hindíreach, aitheantas daoine nádúrtha nó, nuair is cuí, aitheantas eagraíochtaí nó cuideachtaí a bhfuil siad ag gníomhú ar a son, in aon sonraí a chuirfidh CRS ar fáil maidir le margú, áirithintí agus díolachán. 6. Cuirfidh sínitheoir in iúl don tomhaltóir ainm agus seoladh an díoltóra córais, na críocha leis an bpróiseáil, an t-achar a choimeádfar sonraí pearsanta agus na modhanna atá ar fáil d'ábhar na sonraí maidir lena chearta rochtana a fheidhmiú. 7. Beidh ábhar na sonraí i dteideal rochtain saor in aisce a fháil ar shonraí a bhaineann leis féin, ainneoin a bhfuil na sonraí stóráilte ag an CRS nó ag an sínitheoir. 8. Tá na cearta a aithnítear san airteagal seo mar chomhlánú agus mar bhreis ar chearta ábhar na sonraí atá leagtha síos le Treoir 95/46/CE agus leis na forálacha náisiúnta ar glacadh leo dá bhun. 9. Is sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE na forálacha sa Rialachán seo chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 1. Mura bhforáiltear a mhalairt beidh feidhm ag na sainmhínithe sa Treoir sin. I gcás nach bhfuil feidhm ag na forálacha sonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí CRS mar atá leagtha síos san Airteagal seo, beidh an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha na Treorach sin ná do na forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit dá bhun. Alt 5 Sáruithe agus pionóis Airteagal 12 Sáruithe Má shuíonn an Coimisiún, ag gníomhú dó i leith gearáin nó ar a thionscnamh féin, gur tharla sárú ar an Rialachán seo féadfaidh sé, le cinneadh, a cheangal ar na gnóthais nó ar na comhlachais ghnóthas lena mbaineann deireadh a chur le sárú dá leithéid. Airteagal 13 Cumhachtaí imscrúdaithe Chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Airteagal 14 Fíneálacha 1. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 10 faoin gcéad den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go sáraíonn siad an Rialachán seo d'aonturas nó go faillíoch. 2. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 1 faoin gcéad den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go soláthraíonn siad, d'aonturas nó go faillíoch, faisnéis atá mícheart nó neamhiomlán nó sa chás nach soláthraíonn siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama is gá de thoradh iarrata arna dhéanamh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 13. 3. Agus méid na bhfíneálacha á shocrú tabharfar aird ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe. 4. Ní bheidh na fíneálacha de chineál coiriúil. 5. Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneáil. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a ísliú nó a ardú. Airteagal 15 Nósanna imeachta 1. Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinntí de bhun Airteagail 12 agus 14, eiseoidh sé ráiteas agóidí chuig na gnóthais nó chug na comhlachais ghnóthas lena mbaineann agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn agus, arna iarraidh sin acu amhlaidh, ag éisteacht ó bhéal. 2. Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis den chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairimiúla agus a fuair sé de bhun an Rialacháin seo. Tabharfaidh aon duine a chuireann faisnéis isteach chuig an gCoimisiún faoin Rialachán seo aon ábhar a mheasann sé bheith rúnda a shainaithint go soiléir, cúiseanna a thabhairt leis sin, agus leagan neamhrúnda ar leithligh a sholáthar faoin dáta atá socraithe ag an gCoimisiún. 3. I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil forais neamhdhóthanacha ann, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ina sheilbh aige, chun gníomhú i leith gearáin, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl do na gearánaigh agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn. Má thugann an gearánach a thuairimí le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún agus mura mbeidh mar thoradh ar na haighneachtaí i scríbhinn arna ndéanamh ag an ngearánach go bhfuil gá le measúnú difriúil ar an ngearán, diúltóidh an Coimisiún don ghearán le cinneadh. Má theipeann ar an ngearánach a thuairimí a thabhairt le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, glacfar leis gur tarraingíodh siar an gearán. Sa chás go n-eisíonn an Coimisiún ráiteas agóidí, soláthróidh sé don ghearánach cóip den leagan neamhrúnda agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn. 4. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar sheol sé ráiteas agóidí chucu agus don ghearánach, arna iarraidh sin acu. Tabharfar rochtain tar éis an ráiteas agóidí a fhógairt. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad rúin ghnó, faisnéis rúnda eile agus doiciméid inmheánacha an Choimisiúin. 5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, féadfaidh sé éisteacht le daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile. Alt 6 Forálacha críochnaitheacha Airteagal 16 Aisghairm 1. Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89. 2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II. Airteagal 17 Athbhreithniú Tráth nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina ndéanfar measúnú ar an ngá leis an Rialachán seo a chothabháil, a leasú nó a dhíothú. Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Rialacha is infheidhme maidir le príomhthaispeáintí 1. Nuair a thaispeántar táillí ar an bpríomhthaispeáint, agus/nó nuair a roghnaítear tosaíocht bunaithe ar tháillí, áireofar sna táillí na cánacha, muirir agus táillí infheidhme agus dosheachanta go léir atá iníoctha leis an soláthraí iompair. 2. Ní dhéanfar aon idirdhealú bunaithe ar aerfoirt ná ar stáisiúin traenach a fhreastalaíonn ar an gcathair chéanna agus táirgí iompair á dtógáil agus á roghnú maidir le dhá chathair ar leith le háireamh sa phríomhthaispeáint. 3. Ní foláir eitiltí nach aersheirbhísí sceidealta iad a shainaithint go soiléir. Beidh tomhaltóir i dteideal, arna iarraidh sin dó, príomhthaispeána a bheidh teoranta do sheirbhísí sceidealta nó neamhsceidealta amháin. 4. Ní foláir eitiltí ina ndéantar stadanna faoi bhealach a shainaithint go soiléir. 5. I gcás gur aeriompróir eile a oibríonn an eitilt nach ionann agus an t-aeriompróir atá sainaitheanta ag an sainchód iompróra, ní foláir oibreoir iarbhír na heitilte a shainaithint go soiléir. Beidh an ceanglas sin infheidhme maidir le gach cás, cé is moite de shocruithe gearrthéarmacha ad hoc . 6. Ní bheidh faisnéis maidir le táirgí cuachta - i.e. teaglamaí réamhshocraithe iompair le seirbhísí eile nach seirbhísí cúnta iompair agus a thairiscítear ar phraghas cuimsitheach - le feiceáil ar an bpríomhthaispeáint. IARSCRÍBHINN II Tábla comhghaoil Rialachán 2299/89 | An Rialachán seo | Airteagal 1 | Airteagal 1 | Airteagal 2 | Airteagal 2 | Airteagal 3(1) agus (2) | - | Airteagal 3(3) | Airteagal 3(1) | Airteagal 3(4) | Airteagal 4(1) | Airteagal 3a | Airteagal 10(1) agus (2) | Airteagal 4(1) | Airteagal 9 | Airteagal 4(2) | - | Airteagal 4(3) | Airteagal 3(2) | Airteagal 4a (1) agus (2) | Airteagal 4(1) | Airteagal 4a(3) | Airteagal 4(2) | Airteagal 4a(4) | - | Airteagal 5 | Airteagal 5 | Airteagal 6 | Airteagail 7 agus 11 | Airteagal 7 | Airteagal 8 | Airteagal 8 | Airteagal 10(3) agus (4) | Airteagal 9 | Airteagal 6 | Airteagal 9a | Airteagail 5(2) agus 11 | Airteagal 10 | - | Airteagal 11 | Airteagal 12 | Airteagal 12 | Airteagal 13 | Airteagal 13 | Airteagal 13 | Airteagal 14 | Airteagal 15(2) | Airteagal 15 | Airteagal 13 | Airteagal 16 | Airteagal 14 | Airteagal 17 | - | Airteagal 18 | - | Airteagal 19 | Airteagal 15(1) agus (5) | Airteagal 20 | - | Airteagal 21 | - | Airteagal 21a | - | Airteagal 21b | - | Airteagal 22 | Airteagal 11 | Airteagal 23 | Airteagal 17 | Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I | [1] IO C .... [2] IO C .... [3] IO C .... [4] IO L 220, 29.7.1989, lch. 1 Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CEE) Uimh. 3089/93 (IO L 278 11.11.1993, lch. 1) agus le Rialachán (CE) Uimh. 323/1999 (IO L 40, 13.2.1999, lch. 1) [5] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31