Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí {SEC(2007) 1472} {SEC(2007) 1473} /* COIM/2007/0699 leagan deireanach - COD 2007/0249 */
GA An Bhruiséil, 13.11.2007 COIM(2007) 699 deireanach 2007/0249 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007) 1472} {SEC(2007) 1473} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Forais agus cuspóirí an togra. comhthéacs ginearálta Tá forbairt margaidh aonair éifeachtúil teileachumarsáide ar bharr an liosta pholaitiúil ag an AE. Is cúis leis an gceathrú cuid d'fhás iomlán na hEorpa iad teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFCanna), agus earnáil na Teileachumarsáide faru. San aois seo ina bhfuil dul chun cinn teicneolaíoch, gníomhaíochtaí gnó trasteorann agus méadú ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí beag beann ar shuíomh geografach, tá sé sár-riachtanach i gcomhair iomaíochas na hEorpa fíor-mhargadh inmheánach do theileachumarsáid a bhaint amach. Gan bonneagar iomaíoch agus éifeachtach, is beag an deis seirbhísí uile-Eorpacha a fhorbairt. De bharr oscailt iomlán na margaí náisiúnta teileachumarsáide d'iomaíocht i 1998, spreagadh infheistíocht agus nuálaíocht ó iontrálaithe nua agus uathu siúd a bhí sna margaí cheana féin, agus mar thoradh ar seo tá buntáistí soiléire do shaoránaigh na hEorpa, mar atá tuilleadh rogha, praghsanna níos ísle, cáilíocht níos fearr agus réimse atá ag méadú de sheirbhísí nua seasmhacha agus soghluaiste. Baineadh na buntáistí seo amach trí chreat rialúcháin AE a ceapadh chun trí sprioc a shásamh, mar atá iomaíocht a chothú, margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú agus leas tomhaltóirí agus úsáideoirí a dhéanamh. Is iad cúig Threoir atá sa chreat a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2003. I gcomhréir le prionsabal na rialála níos fearr, éilíonn an creat reatha ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt go rialta ar a fheidhmiú. Leag an chéad tuarascáil amach, i mí Meitheamh 2006 [1], tograí le haghaidh athruithe ar an gcreat agus, i gcomhthráth, sheol sí comhlairliúchán poiblí ceithre mhí. Thug an próiseas athbhreithiúcháin seo, a bhí fairsing agus cuimsitheach, roinnt fadhbanna tábhachtacha chun solais a bhfuil réiteach ag teastáil uathu go fóill, go háirithe an easpa comhsheasmhachta i gcur chun feidhme rialacha AE agus easpa aontais rialúchain sa mhargadh inmheánach. Go deimhin, in ainneoin an dul chun cinn tábhachtach ar chomhchuibhiú rialúcháin sa chumarsáid leictreonach, seasann modhanna ionsaithe neamhchomhsheasmhacha na 27 údarás náisiúnta rialála – a bhfuil difear mór eatarthu maidir le hinniúlachtaí, neamhspleáchas agus acmhainn airgeadais agus daonna – sa bhealach ar fhorbairtí teicneolaíocha agus is ag méadú atá tuairim gnóthaí gur bac iad ar sholáthar seirbhísí trasnáisiúnta nó uile-Eorpacha. Thairis sin, níor cheart go mbeadh ar shaoránaigh na hEorpa praghsanna iomarcacha a íoc toisc go bhfuil costais do ghnóthaí atá ag feidhmiú i roinnt Ballstát fós ard ar chúiseanna saorga. Chun cuidiú leis na constaicí a shárú, tá an Coimisiún ag beartú Údaráis neamhspleách nua a chomhoibreoidh go dlúth leis na húdaráis náisiúnta rialála (UNRanna) agus leis an gCoimisiún. Leis an Údarás nua, a bheidh freagrach do Pharlaimint na hEorpa, áireofar bord rialtóirí ar a mbeidh cinnirí na-údarás náisiúnta rialála ó Bhallstáit uile an AE agus gabhfaidh an tÚdarás nua ionad Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa (ERG) [2]. Cuirfidh sé sainchomhairle ar an gCoimisún, go háirithe chun cinntí rialála a ullmhú faoin nós imeachta ar a dtugtar nós imeachta 'Airteagal 7', agus chun an margadh inmheánach a chur chun cinn trí chomhsheasmhacht maidir le cur i bhfeidhm rialacha AE a fheabhsú, beidh sé ina lárionad oilteachta do ghréasáin agus seirbhísí na cumarsáide leictreonaí ag leibhéal AE. Ghabhfadh an tÚdarás nua feidhmeanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Fáisnéise (GESGF) chuige, ag sárú sa tslí sin a lán de na fadhbanna atá aimsithe i bhfeidhmiú GESGF [3]. Comhlánaíonn an togra seo dhá thogra eile chun leasú a dhéanamh ar na Treoracha a chomhdhéanann an creat rialúcháin reatha do chumarsáid leictreonach [4]. Gabhann measúnú iarmharta [5] in éineacht leis na trí thogra. · Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Comhlánaíonn an Rialachán seo na cúig Threoir a chuimsíonn pacáiste rialúcháin an AE do chumarsáid leictreonach. Simplíonn na hathruithe atá beartaithe don Treoir Réime an nós imeachta d'anailís mhargaidh ach is gá go gcomhlánófaí an simpliú seo le bunú comhlachta shaineolais, a bheadh sainfheidhmeach agus neamhspleách, le cuidiú leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chastachtaí teicneolaíocha mhargaí na todhchaí. Cuireann na hathruithe atá beartaithe ar Threoir an Údaraithe nósanna imeachta nua ar bun i gcomhair comhchuibhiú coinníollacha do chearta úsáide ag leibhéal an AE agus i gcomhair roghnú soláthróirí seirbhísí trasteorann, más iomchuí. Is é an tÚdarás nua an fheithicil lena gcuirfear na nósanna imeachta seo chun feidhme. Éascóidh athruithe ar an Treoir um Sheirbhís Uilíoch rochtain úsáideoirí míchumasacha ar chumarsáid leictreonach agus ar úsáid na cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear seirbhísí éagandála. Gníomhóidh an tÚdarás mar lárionad do láimhseáil na gceisteanna seo ag leibhéal an AE. · Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Luíonn spriocanna an Rialacháin atá beartaithe leis an Stráitéis Liospóin athnuaite do chothú fáis agus postanna trí bhreis iomaíochais, le tionscamh i2010 an Choimisiúin is a sprioc Spás Eorpach Faisnéise aonair a chruthú, agus le stráitéis an Choimisiúin chun an margadh inmheánach a threisiú. Is é aidhm an togra feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí. 2. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta · Comhairliúchán le páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Sheol seirbhísí an Choimisiúin comhairliúchán déphasach ar athbhreithniú an chreata rialúchain a thosaigh ag deireadh 2005. Le foilsiú Fógra i mí Meitheamh 2006 seoladh an dara comhairliúchán a mhair ceithre mhí agus a chríochnaigh an 27 Deireadh Fómhair 2006. Fuarthas 224 freagra ó réimse leathan páirtithe leasmhara, laistigh agus lasmuigh den AE. Achoimre ar na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad B'iad seo a leanas na ceisteanna móra a cuireadh in iúl tríd an gcomhairliúchán poiblí: i) Tá difríochtaí tábhachtacha sa tslí a gcuirtear an creat i ngíomh ag leibhéal náisiúnta. Cuireann ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh ina chórais rialála éagsúla bac ar infheistíocht, infheistíocht a rachadh rialúchán coiteann agus intuartha ar fud an AE go mór chun a leasa. Léirigh a lán páirtithe nach féidir buntáistí iomlána an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach toisc go gcuirtear rialacha chun feidhme ar shlite an-éagsúla; ii) ní luíonn an cur chuige reatha do roghnú agus údarú oibreoirí do chineálacha áirithe seirbhísí trasteorann le saothrú bharainneachtaí an mhórscála atá ag teastáil chun seirbhísí nua a fhorbairt. I gcás seirbhísí atá tras-Chomhphobail go fírinneach go háirithe, tá cás le bunú córais níos comhchuibhithe do údarú cearta úsáide do mhinicíochtaí agus uimhreacha. Léiríodh freisin sa fhreagra ó ERG chuig Coimisinéir Reding an tábhacht atá le hiomaíochas an AE a fheabhsú agus le barainneachtaí an mhorscála do sheirbhísí tras-Chomhphobail a bhaint amach. iii) Ba chóir úsáid níos fearr a bhaint as an oilteacht fhéideartha atá in ERG. Chun cur chuige bunaithe ar "an comhainmneoir is ísle" a sheacaint, ámh, meastar gur sár-riachtanach leasú institiúideach ar an ERG, i gcás iomchuí, ionas go mbeadh sé in ann cuidiú níos fearr le comhsheasmhacht agus comhchuibhiú. · Bailiú agus úsáid oilteachta Tharraing an Coimisiún ar thorthaí staidéir ó chonraitheoirí seachtracha éagsúla agus an togra seo agus tograí gaolmhara á n-ullmhú. Cuirtear síos ar an staidéar seo sa Mheasúnú Iarmharta gaolmhar, agus tá idir shamhaltú eacnamaíoch agus thaighde ar thuairimí páirtithe leasmhara i gceist ann. Is féidir teacht ar an staidéar ag an seoladh seo a leanas: http://ec.europa.eu/information_society/policy/ecomm/library/ext_studies/index_en.htm · Measúnú iarmharta Scrúdaíonn an measúnú iarmharta réimse roghanna agus é mar sprioc teacht ar an samhail rialúcháin is fearr a thabharfaidh margadh aonair cumarsáide leictreonaí trí bhíthin na rialála comhsheasmhaí agus éifeachtúla, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú. Sa tuarascáil, tá measúnú ar phríomhthionchar trí cinn de roghanna beartas a mheánn córais éagsúla institiúideacha le cóimheánna éagsúla cumhachtaí idir údaráis náisúnta agus an tAE. Léiríonn anailís chostsochair an Údaráis bheartaithe gur féidir a mheas, i gcás coimeádach, go bhféadfadh an tÚdarás, sna réimsí polasaí a mbeadh sé gníomhach iontu, tairbhe eacnamaíoch iomlán a thabhairt a bheadh timpeall 10-30 oiread ní ba mhó ná a chostas buiséadach (i.e. tairbhe d'ord meadaíochta de thimpeall €250 - 800 milliún.) D'fhéadfadh an tairbhe a bheith suas go idir €550 agus €1400 milliún dá mbainfí amach na cásanna is dearfaí do fhás margaí uile-Eorpacha. Foinse mhór amháin na tairbhe sin an laghdú ar riosca rialála a bhainfaí amach trí bhíthin chuidiú an Údaráis. Thabharfaí fiú amháin laghdú imeallach (timpeall 10%) ar an riosca rialála ar fud na hEorpa costas caipitil níos ísle do thionscal. Thairis sin, cuirfear luas le sannadh na minicíochtaí do sheirbhísí uile-Eorpacha toisc an tÚdarás a bheith páirteach ann; más féidir cur chun feidhme mórthionscnamh den chineál seo a thabhairt ar aghaidh aon bhliain amháin fiú, d'fhéadfadh tairbhe eacnamaíoch sna céadta milliún euro a bheith i gceist. Is féidir teacht ar thuarascáil an Mheasúnaithe Iarmharta ag an seoladh seo a leanas: http://ec.europa.eu/information_society/policy/ecomm/library/public_consult/index_en.htm#communication_review 3. meicníocht neamhspleách do chomhoibriú agus cinnteoireacht idir rialtóirí náisiúnta: an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí 3.1. Is gá go bhfabhróidh taithí ERG go struchtúr foirmiúil comhair Cé go bhfuil forbairt tagtha ar mhargadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí le blianta beaga anuas is amhlaidh i gcónaí: i) go bhfuil easpa thábhachtach comhsheasmhachta maidir le cur chun feidhme an chreata rialúcháin Eorpaigh ag leibhéal náisiúnta as a dtagann ilroinnt mhargaí na hEorpa agus cosc ar infheistíocht; ii) nach bhfuil meicníochtaí éifeachtacha ann chun chomhordú a dhéanamh ar roghnú agus údarú seirbhísí ag a bhfuil nádúr dílis trasteorann amhail seirbhísí soghluaiste agus seirbhísí IP-bhunaithe. Bunaíodh an grúpa comhairleach Grúpa Rialtóirí na hEorpa (ERG) ag an gCoimisiún in 2004 chun comhairliúchán, comhordú agus comhar a éascú i measc údarás náisiúnta rialála agus idir na húdaráis seo agus an Coimisiún. Le bliain anuas, tá Tuairimí tugtha ag an ERG don Choimisiún ar Scaradh Feidhme agus ar Phrionsabail Rialála do Rochtain na Chéad Ghlúine Eile, tá roinnt comhairliúchán poiblí gafa de láimh aige ar sheasaimh choiteann arna beartú don ERG (e.g. rochtain ar mhórdhíol neamhchuachta, Prótacal Idirlín (IP) Guthaithe agus sruth giotán). Tá gach cur chuige coiteann de chuid ERG bunaithe ar fhíricí agus ar chomhthoil, áfach, agus is deacair a shamhail cur chuige coiteann a bhaint amach dá bharr sin. Go fíor is dodhéanta iad a bhaint amach má tá difríocht mhór idir tuairimí rialtóirí éagsúla nó difríocht mhór sa bhuntáiste dóibh. De bharr an chomhar scaoilte a thagann as seo níor ligeadh ach do dhoiciméid le ráitis sách ginearálta ar roinnt fadhbanna tábhachtacha agus conspóideacha. Is castaí an cur chuige reatha in ERG, ar gá dó de ghnáth teacht ar chomhaontú idir na 27 rialtóir ar fad, toisc comhlacht ar aon dul leis a bheith ann le scair acu ar a chéile i gcúrsaí oibriúcháin – Grúpa na Rialtóirí Neamhspleácha (IRG). Tá 27 Ballstát an AE san IRG mar aon le seacht dtír Eorpacha eile, agus cé go bhfuil tionchar aige ar chur chuige rialála an Chomhphobail níl aon oibleagáid air Dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme ná aon dualgas air tuarascáil a thabhairt don Choimisiún [6]. Is é is cúis le heaspa torthaí leordhóthanacha faoin struchtúr reatha go bhfuil eagrú nach bhfuil barrmhaith ann ní hamháin maidir leis an luas agus leis an éifeachtacht lena mbaintear modhanna comhsheasmhacha amach don AE, ach maidir le cuntasacht agus trédhearcacht freisin. Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar na roghanna éagsúla chun na cúraimí riachtanacha a eagrú, an mbeadh an Coimisiún in ann na cúraimí seo a dhéanamh é féin san áireamh. I gcomhair comhchuibhiú ag leibhéal lárnach bheadh oilteacht shaineolach ó gach aon de na 27 margadh náisiúnta ag teastáil. Go fíor, ní bheadh an saineolas áitiúil is gá chun na fadhbanna seo a réiteach ach ag comhlacht a thiocfadh ó na rialtóirí náisúnta. Thairis sin, in a lán cásanna is comhlachtaí tábhachtacha na hUNRanna as a gceart féin; ní féidir a shamhlú mar sin go mbeadh acmhainn agus oilteacht ag an gCoimisiún ar an scála a bheadh ag teastáil chun ionad na rialtóirí náisiúnta a ghabháil. Scrúdaíodh freisin an rogha le ERG feabhsaithe, le cearta vótála chun cinntí tromlaigh a dhéanamh. In ainneoin na deacrachtaí le cur chun feidhme córais vótaí a bheadh faofa i gcoiteann, ní bheadh comhlacht dá shamhail in inmhe cinntí a bheadh ina gceangal ar na baill a eisiúint. Faoin gConradh reatha, ní féidir ach leis an gCoimisiún ról dá shamhail a gabháil de láimh. Thairis sin, tá srianta tromchúiseacha ar leathnú ERG chun an leibhéal inniúlachta riachtanach do ról feabhsaithe mar sin a bhaint amach. Bheadh feabhas nach beag ar acmhainn reatha ERG riachtanach chun aon leathnú a dhéanamh air ionas go mbeadh sé in ann a obair a dhéanamh mar tá an córas reatha ina bhfuil uachtarántacht rothlach ar ERG dulta chomh fada agus is féidir leis (stiúrthóir feidhmiúcháin a bhunú, a rúnaireacht a threisiú, rialacha foirmiúla do chinnteoireacht, srl). Ní féidir an acmhainn i gcomhair feabhsú dá shamhail ar ról ERG a thógáil as acmhainn sheachtrach mar caithfidh an Coimisiún a bheith cinnte go bhfuil a thuairimí agus a chomhairle trédhearcach, cuntasach agus neamhspleách. Mar shampla, ní fhéadfadh ERG feabhsaithe a bheith ina chomhlacht dlisteanach comhairliúcháin don Choimisiún dá mbeadh sé bunaithe ar acmhainn a sholáthrófaí dó trí bhíthin IRG. Go fíor, ní féidir le ERG a ról comhairliúcháin don Choimisiún a fheabhsú ar an tslí is gá ach trí chomhlacht Comhphobail a dhéanamh de féin, faoi réir na rialacha céanna riaracháin agus buiséid atá infheidhme ar na comhlachtaí Comhphobail ar fad (rialáil foirne, rialáil airgeadais, ceanglais tuairiscithe chuig an bParlaimint, srl). Dá bhrí sin tháinig an Coimisiún ar an tuairim gurbh fhearr a chomlíonfaí na cúraimí riachtanacha ag eintiteas leithleach a bheadh neamhspleách agus lasmuigh den Choimisiún agus a threiseodh cumhachtaí na nUNRanna trí bhíthin feidhmeanna ERG a ghabháil chuige agus bunús láidir agus trédhearcach i ndlí an Chomhphobail a thabhairt dóibh. Thabharfadh an comhlacht seo tuairimí agus comhairle don Choimisiún maidir le réimse cinntí substainteacha chun leas na hEorpa, cé go dtógfadh sé cinntí aonair ar riar spás uimhearachta teileafóin na hEorpa. Chomhlánfadh na cúraimí beartaithe, ag leibhéal Eorpach, na cúraimí rialála a dhéanann na rialtóirí náisiúnta, gan iad a dhúbláil. Soláthróidh an tÚdarás an modh chun comhpháirtíocht éiféachtúil a bhunú idir an Coimisiún agus na Rialtóirí Náisiúnta ar saincheisteanna óna dteastaíonn comhsheasmhacht Eorpach, mar iad seo a leanas: sainmhínithe, anailís agus leigheasanna; comhchuibhiú úsáide radaispeictrim; sainmhíniú margaí trasnáisiúnta; cáilíocht seirbhíse. Ar chomhthráth solathróidh sé ardán cost-éifeachtúil chun dul i ngleic le ceisteanna uile-Eorpacha a théann níos faide ná iad siúd atá i gcumhacht ERG fiú arna fheabhsú, ceisteanna mar shlándáil gréasáin agus faisnéise; cur i ngníomh 'uimhir éigeandála 112'; riar Spás Uimhearachta Teileafóin na hEorpa. Bheadh an tÚdarás beartaithe ina chloch coirnéil ar chreat láidir agus aonadach a mbeidh rialtóirí náisiúnta in ann comhoibriú laistigh de ar shlí atá i gcomhréir leis na prionsabail arna sainmhíniú ag an gCoimisiún sa dréacht-chomhaontú idir-institiúideach ar an gcreat oibriúcháin do ghníomhaireachtaí rialála na hEorpa [7]. 3.2 Príomhchúraimí an Údaráis nua Chomhlánfadh an tÚdarás ag leibhéal na hEorpa na cúraimí rialála a dhéanann na húdaráis rialála ag leibhéal náisiúnta trí bhíthin na nithe seo a leanas: – Creat a chur ar fáil le haghaidh comhair idir rialtóirí. Tá sé beartaithe feabhas a chur ar láimhseáil na ngnéithe trasteorann de rialáil mhargaí na cumarsáide leictreonaí agus sláine gréasáin. Soláthróidh an tÚdarás nósanna imeachta i gcomhair comhoibriú idir rialtóirí náisiúnta, go háirithe maidir le malartú faisnéise, soláthar comhairle agus tacaíocht theicniúil. Bheadh cumhachtaí ag an Údarás chun idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí trasteorann idir UNRanna agus teacht ar réiteach. Cothóidh an creat comhoibriú idir rialtóirí an AE agus tríú tíortha freisin. – Maoirseacht rialála ar shainmhínithe margaidh, anailís agus cur chun feidhme na réiteach. Go ginearálta bheadh ról comhairleach ag an Údarás i leith an Choimisiúin maidir le ceisteanna ar rialáil mhargaidh agus d'fhéadfadh sé treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint chun dea-chleachtais a chothú i measc na rialtóirí náisiúnta. Bheadh dréacht-bhearta de chuid UNRanna faoi réir tuairimí a bhaineann lena dtionchar féideartha ar an margadh aonair agus a gcomhoiriúnacht le dlí Comhphobail, i gcás inar ghá chuimseodh an tuairim tograí le haghaidh modhnuithe. Tabharfar na tuairimí seo don Choimisiún ar bhonn mear bunaithe ar vótáil ghnáth-thromlaigh i measc na mball. – Sainmhíniú margaí tras-náisiúnta; Forálann an tÚdarás meicníocht éifeachtach agus chomhréireach chun freagra a thabhairt ar mhargaí trasteorann atá ag fás de bharr méadú ar shoghluaiseacht, méadú ar dhul i bhfód seirbhísí bunaithe ar an idirlíon (e.g. Guth thar IP), seirbhísí bunaithe ar shaitilít agus inréimneacht seirbhísí seasmhacha agus soghluaiste. Beidh an tÚdarás freagrach as monatóireacht ar fhorbairt seirbhísí fánaíochta, idir ghuth agus sonraíocht. – Comhairle faoi chomhchuibhiú radaimhinicíochta: Cuirfeadh an tÚdarás le luas agus éifeacht pholasaí an radaispeictrim trí anailís agus tuairisciú leanúnach, aimsiú féidearthachta agus moidh chun seirbhísí nua a fhorbairt, cothabháil chlár úsáide speictrim tríd an AE, comhairle faoi nósanna imeachta coiteann i gcomhair deonú údarásúchán, tacaíocht theicniúil chun iarratais ar cheadúnais speictrim a roghnú, comhairle faoi tharraingt siar ceart úsáide i gcás nach bhfuiltear i gcomhréir le coinníollacha ceadúnais. – Cumhachtaí cinnteoireachta ar riar uimhearachta agus comhairle faoi inaistritheacht uimhreacha. Bheadh sé de dhualgas ar an Údarás Spás Uimhearachta Teileafóin na hEorpa (ETNS) a riar agus a fhorbairt, i.e. uimhreacha a úsáideann rémhír aonair uile-Eorpach (3883) a bhféadtar a leagadh ar eagraíochtaí is mian leo lárionaid glaonna uileghnó uile-Eorpacha a bhunú. Mar aon leis sin, d'oibreodh an tÚdarás le hUNRanna agus Ballstáit ar ghnéithe Eorpacha d'uimhearacht agus inaistritheacht uimhreacha, inter alia trí thuairisciú ar fhorbairt na hUimhire Eorpaí d'Éagandáil 112, sainaithint réimsí uimhearachta do sheirbhísí trasteorann, aimsiú an phoitéinsil agus an mhoidh chun seirbhísí nua a fhorbairt, agus comhairle a thabhairt faoi nósanna imeachta le haghaidh deonú údarásúchán. – Slándáil gréasáin agus faisnéise. Comhchuimseoidh an tÚdarás cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise atá ann cheana. Á dhéanamh sin dó treiseoidh sé an comhchuibheas idir oibleagáidí atá ar na hUNRanna chun sláine gréasáin a chinntiú agus an fhreagracht as cultúr slándála gréasáin agus faisnéise a chruthú ar cúram GESGF é sa lá atá inniu ann. – Eolas ginearálta agus feidhmeanna comhairleacha. Bheadh sé mar ról ag an Údarás tuairisc bhliantúil a thabhairt ar fhorbairt earnáil na cumarsáide leictreonaí (tairiscint agus dul i bhfód seirbhísí nua, forbairt iomaíochais, athbhreithniú chor na rialála naisiúnta, réitigh arna gcur chun feidhme, eolas ar modhanna achomhairc, srl.). ina theannta sin dhéanfadh sé monatóireacht agus tuairisciú ar chomh-inoibritheacht agus rochtain leitreonach san Eoraip, agus é in ann moltaí a eisiúint ar bhearta atá le déanamh ag leibhéal náisiúnta chun riachtanais saoránaigh mhíchumasacha nó aosta, go háirithe, a shásamh ar shlí níos fearr. 3.3 Eilimintí dlíthiúla an togra · Bunús dlí Airteagal 95 CE · Prionsabal na coimhdeachta Ní féidir le Ballstáit aonair sprioc an ghnímh bheartaithe a bhaint amach go leordhóthanach. – Sa chreat rialúchán reatha, láimhsítear údarású seirbhísí ag leibhéal an Bhallstáit agus tugtar rogha nach beag do na 27 údarás náisiunta rialála (UNRanna), le páirt theoranta á glacadh ag an gCoimisiún maidir le maoirseacht agus comhordú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an margadh inmheánach fós ina bhreacachan le 27 córas rialála éagsúla. Cuireann sé seo bac ar fhorbairt seirbhísí trasteorann agus bíonn ar oibritheoirí deileáil le coinníollacha oibriúcháin atá éasgsúil nó éisréimach in imthosca atá cosuil lena chéile. Go fíor, tá roinnt ceisteanna rialála lena ndeileálann rialtóirí náisiúnta coiteann ar fud an AE (e.g. láimhseáil seirbhísí nua sa rialúchán, gnéithe den chuntasaíocht rialála, ceisteanna ar uimhearacht, feidhmiú trealaimh agus seirbhísí d'úsáideoirí míchumasacha ag taistil san AE, srl) [8]. Do na réimsí seo, chun barainneachtaí an mhórscála agus margadh inmheánach iomaíoch a chothú, tá sé ríthábhachtach cleachtas coiteann agus oilteacht choiteann san AE a fhorbairt chun comhsheasmhacht a chur chun cinn agus, más iomchuí, comhchuibhiú a chur chun cinn. Ní féidir dul i mbun an riachtanais seo go héifeachtúil agus go héifeachtach ach amháin trí fheabhas a chur ar an tsamhail institiúideach reatha agus ar an gcoimheá idir na freagrachtaí arna leagadh ar Bhallstáit, Údaráis Náisiúnta Rialála (UNRanna), agus an Coimisiún. Is féidir le gníomhaíocht ag leibhéal an Chomhphobail amháin é seo a bhaint amach. – Ceann de spriocanna an Athbhreithnithe is ea forbairt sholáthar seirbhísí trasteorann laistigh den Chomhphobal, mar a bhforáiltear ag Treoir an Údaraithe [9]. Léirigh an comhairliúchán poiblí fairsing an géarghá atá le tairscint seirbhísí trasChomhphobail a éascú d'oibritheoirí, trí roinnt de na constaicí tábhachtacha atá ina ngné dhílis den chur chuige reatha a chur ar ceal [10]. Tá roinnt seirbhísí trasteorann nach féidir le gníomhaíocht Bhallstát aonarach a rialú ar shlí chomhsheasmhach ná dul ina mbun le súil chun barainneachtaí an mhórscála a bhaint amach. Trí fheabhas a chur ar chomhsheasmhacht rialúcháin sa mhargadh inmheánach agus trí laghdú an chostais ar ghnóthais ag oibriú i dtíortha difriúla, is léir go mbeadh tairbhe ag baint le gníomhaíocht ag leibhéal an Chomhphobail toisc a scála agus chruthódh sí iarmhairtí dearfacha i gcomparáid le gníomhaíocht ag leibhéal na mBallstát. Dá bhrí sin is féidir spriocanna na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach sa stlí is fearr ag leibhéal an Chomhphobail. · Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar beidh ról comhairleach ag an Údarás ag cuidiú leis an gCoimisiún chun polasaí i réimse na cumarsáide leictreonaí a chur chun feidhme. – Le cruthú an Údaráis déanfar an comhoibriú i measc údarás náisiúnta rialála (laistigh den ERG faoi láthair) a lánpháirtiú laistigh de chóras an Chomhphobail. Is léir gur gá feabhas a chur ar na socruithe ionas go ndéanfar cúraimí áirithe a dhéanann an ERG faoi láthair – ar fóram comhairleach de rialtóirí náisiúnta é gan an cumas institiúideach teacht ar chinntí coiteann – go ndéanfar iad ag sainchomhlacht aonair ag leibhéal an AE, ag gníomhú laistigh de struchtúr institiúideach an Chomhphobail. Le linn don Údarás a chúraimí a chomhlíonadh cuirfidh sé oilteacht theiciniúil agus cuidiú le hullmhú cinntí rialála ar fáil don Choimisiún chun an margadh inmheánach a chur chun cinn, margadh a gcuirfear feabhas air le hionchorpú obair ENISA ar shlándáil gréasán agus faisnéise. – Ar Bhord Rialtóirí an Údaráis áireofar cinnirí na n-údarás náisiúnta rialála (URNanna) agus oibreoidh sé chun leas an Chomhphobail. Ligfidh an córas beartaithe don Choimisiún tairbhe a bhaint as oilteacht chomhpháirteach na rialtóirí náisiúnta – ar eolaí iad ar mhargaí agus imthosca náisiúnta - agus treiseoidh sé comhoibriú idir an Coimisiún agus na rialtóirí náisiúnta. Comhlánaíonn an córas cumhachtaí na n-údarás naisiúnta rialála (URNanna) chun an creat rialúcháin a chur feidhme ag leibhéal náisiúnta. – Leanfar de chearta úsáide minicíochtaí agus uimhreacha arna úsáid do sholáthar seirbhísí trasChomhphobail a dheonú ag leibhéal náisiúnta, faoi chur chuige comhaontaithe i gcoiteann, a chuirfear i bhfeidhm ar sheirbhísí áirithe le gnéithe trasChomhphobail amháin (e.g. seirbhísí saitilíte). Leanfar de sheirbhísí trasChomhpobail a údarású ag leibhéal náisiúnta freisin, faoi chur chuige comhaontaithe i gcoiteann. Ní bhaineann an togra seo le deonú chearta úsáide do mhinicíochtaí agus uimhreacha i gcomhair soláthar seirbhísí lonnaithe i náisiún, áfach, agus fanfaidh siad faoi fhreagracht na n-údarás náisiúnta rialála (URNanna). Ciallaíonn sé seo le linn do fheabhas a bheith á chur ar chomhordú i réimsí ríthabhachtacha a bhfuil gné Chomhphobail acu, nach rachaidh ról an Údaráis níos faide ná a bhfuil riachtanach chun na spriocanna arna lorg a bhaint amach. De bhrí go mbeidh an ionstraim bheartaithe infheidhme go díreach laistigh den Chomhphobal de thairbhe a stádais mar Rialachán, coimeádfar an t-ualach airgeadais agus riaracháin ar an gComhphobal, rialtais náisúnta, agus oibreoirí eacnamaíocha chomh héadrom agus is féidir agus beidh sé i gcomhréir le sprioc an togra. · Rogha ionstraimí Ionstraimí beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is Rialachán a chuirtear chun feidhme go díreach an ionstraim iomchuí chun Údarás den chineál beartaithe a chruthú. 4. Impleacht bhuiséadach Meastar go méadóidh an tÚdarás go foireann bhuan 134 FTE ar chríochnú a bhunaithe. Áirítear leis seo cúraimí agus acmhainn GESGF a ghabháil in 2011. Meastar go mbeidh buiséad bliantúil de 10 milliún euro sa chéad bhliain, ag méadú go 28 milliún euro ó bhliain 3 ar aghaidh. Mar aon leis an gcuidiú Comhphobail, féadfaidh an tÚdarás táillí agus muirir a bhailiú ar sheirbhísí áirithe. Cuideoidh ioncam a gheobhaidh an tÚdarás as soláthar seirbhísí le maoiniú a ghníomhaíochtaí [11]. Os coinne na gcostas seo ba cheart go gcuirfí an coigilteas arna bhaint amach le hionchorpú ENISA san Údarás beartaithe. Tá buiséad reatha ag ENISA de thart ar 8 milliún euro. 5. Faisnéis bhreise · Simpliú Is cuid é an togra seo de chóras nua chun an próiseas reatha rialála a shimpliú agus a dhéanamh níos éifeachtaí d'údaráis riaracháin agus do ghníomhaithe margaidh. Cuirfidh an tÚdarás feabhas ar an bpróiseas cinnteoireachta agus éascóidh sé comhoibriú idir an Coimisiún agus na hUNRanna, de bhonn spriocanna agus nósanna imeachta coiteann. Mar aon le bunú an Údaráis beidh maolú ar an gcorás uathfhógra atá ann faoi láthair faoi nós imeachta 'Airteagal 7', agus réiteoidh seo an chonair do laghdú tábhachtach ar an uallach a chuireann an nós imeachta ar an tionscal, na hUNRanna agus an Coimisiún, más i gcásanna tromchúiseacha amháin a idirghabhfaidh an Coimisiún. Beidh páirt thábhachtach le glacadh ag an Údarás i measúnú chastachtaí teicniúla na gcásanna sin, agus i réitigh agus torthaí comhsheasmhacha a chinntiú sa mhargadh inmheánach Is féidir leis an gcóras reatha lena ndeonaítear cearta úsáide minicíochtaí agus uimhreacha, ag a bhfuil ceanglais dhlíthiúla agus riachtanais maidir le nósanna imeachta éagsúla i ngach Ballstát ina gcuirtear seirbhísí ar fáil, a bheith fíor-chasta agus trom ar ghnóthais ar mian leo seirbhísí a sholáthar ar bhonn tras-Chomhphobail. De bharr riachtanais atá éagsúil i ngach Ballstát a bheith le comhlíonadh (mar shampla, fad tréimhse na gceart úsáide agus na gcoinníollacha orthu) tá pleanáil seirbhísí a bhfuil lorg coise Eorpach acu níos casta, mar aon le hinfheistiú iontu agus a n-imscaradh faoi dheoidh. De bharr éagsúlachta comh mór sin sna nósanna imeachta chun cearta úsáide a fháil cuirtear drochmhisneach orthu siúd ar mian leo dul isteach sa mhargadh agus cuirtear bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cuireann sé seo ar son cur chuige níos comhordaithe chun gnóthais a roghnú le haghaidh éisiúint ceart úsáide náisiúnta do mhinicíochtaí agus uimhreacha. Áirítear an togra i gclár rollta an Choimisiúin le haghaidh uasdátú agus simpliú an acquis communitaire. · Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha Tá clásal athbhreithnithe sa togra. · An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. 6. Míniú mionsonraithe ar an togra Caibidil 1(ábhar, raon feidhme, sainmhínithe agus cúraimí) Airteagail 1 agus 2: ina bhforáiltear raon feidhme maidir le cur chun feidhme an rialacháin, lena bhfeabhsaítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do chumarsáid leictreonach trí bhunú Údaráis Eorpaigh um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí, agus lena mbunaítear é. Airteagal 3: ina sonraítear a fheidhmiú amhail tuairimí a thabhairt ar a thionscnamh féin nó ar iarratas an Choimisiúin, cuidiú leis an gCoimisiún trí chomhairle theicniúil a thabhairt, staidéar a dhéanamh, eolas agus tuarascála a bhailiú, srl. Caibidil II: Cúraimí an Údaráis i ndáil le treisiú an mhargaidh inmheánaigh Airteagal 4: ina bhforáiltear na hábhair lena ndeileálann an tÚdarás chun cur chun feidhme comhchuibhithe an chreata rialúcháin a chothú. Airteagal 5: ina rialáltar comhairliúchán an Údaráis i ndáil le sainmhíniú agus anailís ar mhargaí náisiúnta agus leigheasanna. Beidh ar an Údarás tuairim a thabhairt laistigh de theorainn sonraithe ama más rud é go léiríonn an Coimisiún "amhras tromchúiseach" ar dhréacht-bhearta fógraithe faoi Airteagal 7 den Treoir Réime. Airteagal 6: dá dteipfeadh ar UNR anailís a dhéanamh ar mhargadh laistigh den teorainn sonraithe ama, d'fhéadfadh an Coimisiún iarraidh ar an Údarás comhairle agus cuidiú a thabhairt i ndáil leis an margadh náisiúnta áirithe sin. Airteagal 7: gabhfaidh an tÚdarás de láimh anailís mhargaí tras-náisiúnta tar éis don Choimisiún margadh tras-náisiúnta a shainaithint, i gcomhréir le forálacha Airteagal 15(4) an Chreata Rialúcháin. Airteagal 8: baineann an t-airteagal seo le cúraimí an Údaráis i réimse na huimhearachta lena n-áirítear riar agus forbairt ETNS, bainistíocht réimsí uimhearachta comhchuibhithe (e.g. ag láimhseáil iarratas ar fhorchoimeád uimhreacha "116", de bhun Chinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún) agus tuairim a thabhairt, ar iarratas, ar oibleagáidí maidir le haistriú uimhreacha. Airteagal 9: cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún trí athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bhearta arna ndéanamh ag leibhéal náisiúnta chun cur amach ar an uimhir Eorpach aonair d'éigeandáil "112" a mhéadú. Ar iarratas an Chomisiúin, eiseoidh sé tuairim ar cheisteanna teicniúla bainteacha le cur chun feidhme '112'. Airteagal 10: cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisiún le ceisteanna i ndáil le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha maidir le radaimhinicíochtaí arna n-úsáid chun seirbhísí na cumarsáide leictreonaí a sholáthar. Airteagal 11: cuideoidh an tÚdarás le sainaithint seirbhísí tras-Chomhphobail a mbainfeadh tairbhe as modh roghnúcháin coitinn. Le go gcáileoidh seirbhís mar sheirbhís tras-Chomhphobail, caithfidh sí coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Mar shampla, ba cheart go mbeadh éileamh ar na seirbhísí i ní ba mhó ná Ballstát amháin agus ba cheart go dtrasnódh na seirbhísí i gceist, de bharr nádúr a dtréithe, teorainneacha náisiúnta agus go mbeadh siad oiriúnach do rialáil an AE nó rialáil réigiúnach seachas rialáil náisiúnta sa cháil sin dóibh. Airteagal 12: ina leagtar amach na forálacha do roghnú gnóthas ag a mbeidh ceart úsáide acu chun seirbhísí tras-Chomhphobail a sholáthar. Déanfaidh an tÚdarás an modh roghnúcháin a fhorghníomhú agus tabharfaidh tuairim ag moladh an gnóthas nó na gnóthais a ndeonfaí cearta úsáide dóibh. Airteagal 13: Glacfaidh an tÚdarás páirt i dtarraingt siar ceart úsáide arna n-eisiúint tar éis modh roghnúcháin coitinn. Airteagal 14: cuideoidh an tÚdarás chun cultúr slándála gréasáin agus faisnéise a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí áirithe a rinne ENISA roimhe seo a fhorghníomhú. Airteagal 15: ina liostaítear na cásanna inar féidir leis an Údarás gníomhú ar a thionscnamh féin. Caibidil III: Cúraimí tánaisteacha an Údaráis Airteagail 16 agus 17: baileoidh an tÚdarás na muirir riaracháin as roinnt de na seirbhísí arna soláthar chun costais riaracháin a chúiteamh. I gcás modh roghnúcháin coitinn, baileoidh sé muirir riaracháin agus táillí úsáide as cearta úsáide radaimhinicíochtaí ar son na mBallstát, is athdháilfidh sé iad seo ansin ar na Ballstáit. Airteagal 18: ar iarratas ó UNR, eiseoidh an tÚdarás moltaí d'UNRanna maidir leis na bearta le déanamh ag na hUNRanna i gcás fadhbanna trasteorann. Airteagail 19 agus 21: beidh ról ag an Údarás i gcraobhscaoileadh agus idirmhalartú faisnéise idir na Ballstáit, na hUNRanna agus an Coimisiún. D'fhéadfadh sé a bheith páirteach i bhforbairt stáidéir theicniúil laistigh den Chomhphobal. Foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ar fhorbairtí in earnáil na cumarsáide leictreonaí, ina ndéanfaidh sé constaicí fanta ar chríochnú an mhargaidh inmheánaigh a shainathaint. Beidh ról aige i mbailiú faisnéise agus i mbainistiú agus foilsiú chlár na faisnéise faoi mhinicíochtaí (leagtar amach san Iarscríbhinn an fhaisnéis le háireamh sa chlár) agus i mbainistiú agus foilsiú an bhunachair shonraí la haghaidh fánaíochta le teileafón soghluaiste. Airteagal 22: cuideoidh an tÚdarás leis an gCoimisún le ceisteanna ar rochtain agus foilseoidh tuarascáil bliantúil ar bhearta le déanamh chun feabhas a chur ar rochtain úsáideoirí deiridh le míchumas ar ghréasáin agus trealamh na cumarsáide leictreonaí. Caibidil IV: Eagrú an Údaráis Airteagal 24: beidh sé aonad i struchtúr an Údaráis ó thaobh eagair de: Bord Riaracháin, Bord Rialtóirí, Stiúrthóir, Príomh-Oifigeach Slándála Gréasán, BuanGhrúpa Páirtithe Leasmhara, agus Bord Achomhairc. Airteagail 25 agus 26: Beidh an Bord Riaracháin freagrach as an Stiúrthóir agus an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasán a cheapadh, clár oibre bliantúil agus buiséad an Údaráis a ghlacadh, an tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a fhormheas, agus na rialacha airgeadais infheidhme ar an Údarás a ghlacadh. Tabharfaidh an tÚdarás cuntas ar a ghníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa go rialta. Airteagail 27 agus 28: ar Bhord na Rialtóirí beidh ball amháin ó gach Ballstát a bheidh ina Cheann ar an údarás náisiúnta rialála neamhspleách le freagracht as cur chun feidhme laethúil an chreata rialúcháin sa Bhallstát, agus an Stiúrthóir. Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, ach gan ceart votála, i gcruinnithe an Bhoird. Beidh Bord na Rialtóirí freagrach as cinnteoireacht theicniúil an Údaráis i réimsí amhail sealbhóirí féideartha na gceart a roghnú, na tuairimí i gcásanna Airteagal 7, srl. Ba cheart tuaraimí agus cinntí a ghlacadh le gnáth-thromlach. Airteagail 29 agus 30: an Stiúrthóir a bheidh go hiomlán freagrach as cúraimí arna leagan ar an Údarás agus is é nó í ionadaí dlí an Údaráis. Thairis sin beidh an Stiúrthóir freagrach as ullmhú an bhuiséid agus as é a chur chun feidhme, as ullmhú an dréachtchláir oibre, agus as cúrsaí pearsanra [12]. Airteagal 31: An Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin a bheidh freagrach as comhordú chúraimí an Údaráis agus as ullmhú chláir bhliantúil oibre i réimse shlándála gréasáin agus faisnéise. Tabharfaidh sé nó sí tuarascáil don Stiúrthóir agus tacóidh Buanghrúpa Páirtithe Leasmhara leis (Airteagal 32). Airteagail 33 agus 34: ina leagtar amach an Bord Achomhairc chun áirithiú gur féidir le páirtithe a mbaineann cinntí an Údaráis i réimse na huimhearachta dóibh leas a bhaint as na réitigh is gá. Airteagail 36 – 53 ina gclúdaítear gnáth-ábhair oibriúcháin agus riaracháin, lena n-áirítear, buiséad, rochtain ar dhoiciméid agus trédhearcacht, stádas dlí an Údaráis, foireann, rannpháirtíocht tríú tíortha, srl. Airteagal 55: baineann an t-airteagal seo le meastóireacht an Choimisiúin ar thorthaí an Údaráis i ndáil lena shainordú agus a sprioc, meastóireacht a eiseofar tar éis cúig bliana ó thús éifeachtúil feidhmiú an Údaráis. Cuirfear an tuarascáil agus togra coimhdeach ar bith ar aghaidh go dtí an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. 2007/0249 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [13], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [14], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [15], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh [16], De bharr an méid seo a leanas: (1) Maidir le Treoir 2002/21/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) [17], Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu, (Treoir na Rochtana) [18], Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) [19], Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) [20] agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) [21] (dá ngairtear "an Treoir Réime agus na Treoracha Sonracha" le chéile anseo feasta) tá sé d'aidhm acu margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú sa Chomhphobal agus leibhéal ard infheistíochta, nuálaíochta agus cosanta tomhaltóirí a chinntiú trí iomaíocht fheabhsaithe. (2) Le creat rialúcháin 2002 i gcomhair cumarsáide leictreonaí bunaítear córas rialúcháin a ghabhtar ar láimh ag údaráis náisiúnta rialála agus foráiltear comhar na n-údarás sin le chéile agus leis an gCoimisiún chun forbairt cleachtas comhsheasmhach rialúcháin agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata rialúcháin tríd an gComhphobal a áirithiú. (3) Le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise [22] (dá ngairtear "Rialachán GESGF" anseo feasta) bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise in 2004 le haghaidh tréimhse cúig bliana, agus é mar aidhm aige léibhéal ard agus éifeachtach slándála gréasáin agus faisnéise laistigh den Chomhphobal a chinntiú, chun cultúr slándála gréasáin agus faisnéise a fhorbairt ar mhaithe le saoránaigh, tomhaltóirí, fiontair agus eagraíochtaí ón earnáil phoiblí san Aontas Eorpach, agus bheith ina chabhair d'fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh trína leithéid. (4) Tá rogha nach beag ag údaráis náisiúnta rialála maidir leis an gcreat rialúcháin a chur chun feidhme toisc saineolas ar an margadh áitiúil a bheith acu, ach ní mór go réiteodh an rogha seo leis an riachtanas chun forbairt cleachtais leanúnaigh rialála agus cur i bhfeidhm an chreata rialúcháin le comhchuibheas a áirithiú chun cur go héifeachtach le forbairt agus le hiomlánú an mhargaidh inmheánaigh. (5) De bharr an riachtanais seo chun na rialacha ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir sna Ballstáit go léir, bhunaigh an Coimisiún Grúpa Rialtóirí na hEorpa (ERG) le Cinneadh 2002/627/CE [23] chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i dtaobh chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh agus, níos minice ná sin, chun bheith ina idirghabhálaí idir údaráis náisiúnta rialála agus an Coimisiún. (6) Tá obair dhearfach déanta ag ERG trí chuidiú le dul chun cinn i dtreo cleachtais comhsheasmhaigh rialála, sa mhéid ar fhéad sé. Is grúpa scaoilte é, ó nádúr, ERG a bhraitheann go bunúsach ar chomhar deonach agus ní léiríonn a stádas institiúideach reatha na freagrachtaí tábhachtacha atá ar na húdaráis náisiúnta rialála agus an creat rialúcháin á chur chun feidhme. (7) Mar sin tá gá le bunús institiúideach níos substaintiúla do bhunú comhlachta a thabharfadh le chéile oilteacht agus taithí na n-údarás náisiúnta rialála, mar aon le míniú soiléir ar a inniúlachtaí, agus ag cur san áireamh an riachtanas go mbeadh fíor-údarás ag an gcomhlacht seo dar lena chomhalta agus na hearnála a rialálfaí trí ardchaighdeán a oibre. (8) Léirigh torthaí thuairiscí an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm chreat rialála 2002 [24] agus an comhairliúchán poiblí maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2006 chuig an gComhairle, Parlaimint na hEorpa, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, agus Coiste na Réigiún maidir le Athbhreithniú Chreat Rialúcháin an AE do ghréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí [25], an riachtanas atá le feabhsú na meicníochta a chinntíonn cleachtas comhsheasmhach rialála chun an margadh inmheánach i gcumarsáid agus seirbhísí leictreonacha a chur i gcrích. D'aithin sé seo an easpa sheasta de mhargadh inmheánach do chumarsáid leictreonach mar an cheist ba mhó a rabhthas ag teastáil dul i ngleic léi trí leasú an chreata rialála. Tá an baol ann go gcuirfidh rialúchán nach bhfuil comhsheasmhach ná comhchuí de bharr gníomhaíochtaí scaipthe na n-údarás náisiúnta rialála iomaíochas na hearnála i nguaiseacht chomh maith leis na buntáistí móra do thomhaltóirí a thagann as iomaíocht trasteorann agus as seirbhísí trasnáisiúnta agus tras-Chomhphobail fiú. (9) Is iad, go háirithe, moill maidir le hanailís mhargaidh de bhun Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime), modhanna éagsúla ó údaráis náisiúnta rialála maidir le forchur oibleagáidí a ceapadh chun easpa iomaíochta éifeachtúla a d'aimsigh an anailís mhargaidh a leigheas, na coinníollacha ilghnéitheacha a chuirtear ar chearta úsáide, na nósanna imeachta difriúla do sheirbhísí tras-Chomhphobail, uimhreacha éagsúla laistigh den Chomhphobal do sheirbhísí tras-Chomhphobail, agus fadhbanna a bhíonn ag údaráis náisiúnta rialála agus iad ag plé le díospóidí trasteorann, is iad is cúis le réitigh neamhéifeachtacha agus a chuireann constaicí i mbealach an mhargaidh inmheánaigh. (10) Thug Teachtaireacht ón Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 1 Meitheamh 2007 "Um mheastóireacht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (GESGF)" [26] measúnacht ar thuarascáil saineolaí sheachtraigh [27] a mheas feidhmíocht na Gníomhaireachta óna bunú i leith agus na moltaí ó Bhord Bainistíochta GESGF maidir le Rialachán GESGF agus sheol comhairliúchán poiblí. Dheimhnigh na fionnachtana ba thábhachtaí a d'eascair ón tuarascáil sin ó shaineolaí seachtrach bailíocht an bheartais lenar cruthaíodh GESGF agus a aidhmeanna bunaidh, agus dheimhnigh siad go speisialta a chuidiú i dtreo margadh cumarsáide leictreonaí a bheadh inmheánach go fírinneach a bhaint amach. (11) Ag an am céanna, aimsíodh roinnt fhadhbanna go príomha ina measc saincheisteanna a bhaineann lena struchtúr ó thaobh eagair de, le cumaisc scileanna agus líon na foirne feidhme, agus le deacrachtaí maidir le loighistic. Ba cheart do bhunfheidhmeanna ENISA fabhrú chun go mbeadh siad ina gcuid croílárnach den Údarás, Údarás ar chóir dó, de bhonn sainaithint níos follasaí spriocann agus cúraimí, áirithiú go bhféadfaí na spriocanna agus na cúraimí sin a bheith chomhlíonta ar shlí ní ba éifeachtúla, ní ba dhírithe agus ní ba chostéifeachtaí, i gcomhréir le prionsabail an dea-rialúcháin, ag údarás amháin le hinniúlacht maidir le cúrsaí i réimse chreat rialúcháin an AE do ghréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. (12) Beidh gá le bunú comhlachta nua Comhphobail, an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí (dá ngairtear "an tÚdarás" anseo feasta). Chuirfeadh an tÚdarás go héifeachtach le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn tríd an gcúnamh a thugann sé don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta rialála. Bheadh sé ag feidhmiú mar phointe tagartha agus ghnóthódh sé muinín de thairbhe é a bheith neamhspleách, ardchaighdeán comhairle agus eolais a bheith á leathadh aige, trédhearcacht a bheith ag baint lena nósanna imeachta agus a mhodhanna feidhmiúcháin, agus dúthracht a bheith ann do chomhlíonadh na gcúraimí a shanntar dó. (13) Ba cheart don Údarás, trí réimsí oilteachta a thabhairt le chéile, inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta rialála a threisiú gan aon rud a chur in ionad a bhfeidhmeanna reatha ná macasamhail oibre a dhéantar cheana féin a dhéanamh, ar son an bhuntáiste bhreise de chuidiú leis an gCoimisiún a fhreagrachtaí a chomhlíonadh. (14) Ba cheart don Údarás ionad ERG a ghabháil agus feidhmiú mar an t-aon fhóram amháin do chomhar idir údaráis náisiúnta rialála i bhfeidhmiú raon iomlán a bhfreagrachtaí faoin gcreat rialúcháin. (15) Ba cheart an tÚdarás a bhunú taobh istigh de struchtúr institiúideach agus cóimheá cumhachta an Chomhphobail mar atá. Ba chóir go mbeadh sé neamhspleách i dtaca le cúrsaí teicniúla agus go mbeadh féinriail aige maidir le dlí, riarachán agus airgeadas de. Chuige sin, is riachtanach agus is cuí go mbeadh sé ina chomhlacht Comhphobail ag a mbeadh pearsantacht dhlítheanach agus a dhéanfadh na cúraimí a shanntar dó leis an Rialachán seo. (16) Ba cheart don Údarás tógáil ar shaothair náisiúnta agus Comhphobail agus dá bhrí sin a chúraimí a dhéanamh i gcomhar iomlán leis na húdaráis náisiúnta rialála agus leis an gCoimisiún, agus a bheith oscailte do theagmháil le tionscal, grupaí tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile. (17) Ba chóir go mbeadh an Rialachán seo agus an tÚdarás a bhunaíonn sé ina chuid dílis de chreat rialúcháin an Chomhphobail do chumarsáid leictreonach. I dtaca leis seo, tá, go príomha, ról tábhachtach le glacadh ag an Údarás sna meicníochtaí atá beartaithe chun an margadh inmheánach do chumarsáid leictreonach a chomhdhlúthú agus chun anailís mhargaidh a dhéanamh in imthosca áirithe. (18) Uime sin ba cheart don Údarás comhairle a chur ar an gCoimisiún agus na húdaráis náisiúnta rialála i gcomhréir le creat rialúcháin an Chomhphobail don chumarsáid leictreonach agus sa tslí sin cuidiú chun é a chur chun feidhme go héifeachtúil. (19) Ba cheart don Údarás cuidiú leis an gCoimisiún maidir le leathnú ar bith ar oibleagáidí an Chomhphobail d'inaistritheacht uimhreacha. D'fhéadfaí go mbainfeadh an leathnú sin go príomha le scóip na faisnéise le haistriú nó le cineál na ngreasán (i.e. seamhach nó soghluaiste) a n-aistreofar uimhreacha agus faisnéis eatarthu. Ba cheart go gcuirfeadh athruithe ar an oibleagáid seo praghsanna don lucht úsaidte agus costais mhalartaithe ar ghnóthais san áireamh, chomh maith leis an taithí i mBallstáit. (20) Ba cheart don Údarás cuidiú leis an gCoimisiún trí athbhreithniú bliantúil a ghabháil de láimh ar na bearta a ghlacann na Ballstáit chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi uimhir éigeandála Eorpach "112" a bheith ann agus faoina húsáid D'aithneodh athbhreithniú bliantúil an Údaráis na cleachtais is fearr agus na baic atá fanta agus chuirfeadh sé le feabhsú leibhéal cosanta agus slándála an saoránaigh san Aontas Eorpach. (21) I gcomhthéacs shaothrú aidhmeanna Chinneadh 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin do bheartas radaispeictrim sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh an Radaispeictrim) [28], is féidir leis an gCoimisiún sainchomhairle neamhslpeách a lorg ón Údarás i dtaca le húsáid na radaimhinicíochtaí sa Chomhphobal. D'fhéadfadh iniúchtaí teicniúla sainiúla a bheith i gceist leis an gcomhairle seo, chomh maith le measúnú ar thionchar eacnamaíoch nó sóisialta agus anailís ar bhearta pholasaí na minicíochtaí. D'fhéadfaí cúrsaí i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 4 de Chinneadh 676/2002/CE a bheith i gceist freisin, ina bhféadfaí iarraidh ar an Údarás comhairle a chur ar an gCoimisiún faoi na torthaí a fhaightear faoi shainorduithe ón gCoimisiún go dtí Comhdháil na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide Eorpach (CEPT). (22) Cé go bhfuil méadú tagtha ar an bhféidearthacht seirbhísí cumarsáide leictreonaí a imscaradh thar theorainneacha tíreolaíocha na mBallstát leithleach, tá an baol ann go gcuirfear srian ar sholáthar na seirbhísí trasteorann seo toisc coinníollacha éagsúla dlí agus rialúcháin a bheith ann d'imscaradh na seirbhísí seo faoi dhlíthe náisiúnta. Ní mór don Údarás páirt bhunúsach a ghlacadh agus coinníollacha comhchuibhithe á gcruthú i gcomhair údarú na seirbhísí sin, bíodh údaruithe ginearálta, cearta úsáide do radaimhinicíochtaí nó cearta úsáide d'uimhreacha i gceist, agus páirt bhunúsach a ghlacadh agus comhairle á cur ar an gCoimisiún maidir le mionsonraithe na mbeart a dhéanfar faoi réir Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime) chun na coinníollacha comhchuibhithe seo a bhaint amach. (23) Ba cheart don Údarás an gá le modh amháin roghnúcháin ag leibhéal an Chomhphobail i gcomhair ceart úsáide faoi réir coinníollacha comhchuibhithe a mheas, comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na téarmaí agus na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm i cibé modh roghnúcháin a cheapfar agus iarratais ó ghnóthais i gcomhair na gceart úsáide sin a ghlacadh agus a mheas. Ba cheart go mbeadh ar an Údarás comhairle a chur ar an gCoimisún maidir le tarraingt siar na gceart sin, sa chás cuí. (24) Ba cheart don Údarás gníomhú mar lárionad oilteachta ag leibhéal Eorpach do chúrsaí slándala gréasáin agus faisnéise, ag soláthar treorú agus comhairle do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún nó do chomhlachtaí inniúla ceaptha ag na Ballstáit. Tá slándáil agus athléimneacht gréasán cumarsáide agus córas faisnéise i gcónaí ina gcúram mór don tsochaí agus ina ndlúthchuid de Chreat Rialúcháin an AE do ghréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Tá an riosca ann go ndéanfaidh cur i bhfeidhm ilchineálach na bhforálacha i ndáil le slándáil a leagtar síos sa Treoir Réime agus sna Treoracha Sonracha dochar d'fheidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh. Ba chóir go n-éascódh an tuairim ón Údarás a thabharfaidh comhairle theicniúil ar iarratas ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit cur i bhfeidhm comhsheasmhach na dTreoracha sin ag leibhéal náisiúnta. (25) Féadfar táillí riaracháin a ghearradh ar sholáthróirí cumarsáide leictreonaí as an gcóras údarúcháin a bhainistiú agus as cearta úsáide a dheonú. Mar aon leis na táillí riaracháin, féadfar táillí úsáide a ghearradh as úsáid minicíochtaí agus uimhreacha. Ar mhaithe leis an ualach riaracháin ar ghnóthais a laghdú, i gcás go mbeadh nós imeachta roghnúcháin coitinn ann ba cheart go mbaileodh an tÚdarás na muirir riaracháin agus na táillí úsáide agus go n-athdháilfeadh sé iad ar na Ballstáit. (26) Más rud é go dtarlóidh díospóid de nádúr trasteorann idir gnóthais i ndáil le cearta nó oibleagáidí faoin gcreat rialúcháin do chumarsáid leictreonach, ba chóir go mbeadh an tÚdarás in ann cúlra na díospóide a iniúchadh agus comhairle a chur ar na húdaráis náisiúnta rialála i gceist maidir leis na bearta a mheasfaidh sé a bheith iomchuí a ghlacadh dóibh chun teacht ar réiteach de réir fhorálacha an chreata rialúcháin. (27) Ba cheart don Údarás cur le forbairt an chleachtais rialála is fearr agus le comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm rialúcháin in earnáil na cumarsáide leictreonaí trí mhalartú faisnéise i measc údarás náisiúnta a chothú agus trí eolas cuí a chur ar fáil ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht air go héasca. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an Údarás dul i mbun cúrsaí eacnamaíocha agus teicniúla agus teacht ar an eolas is déanaí chun a bheith in ann dúshláin eacnamaíocha agus teicniúla na sochaí faisnéise i mbéal forbartha a dhiongbháil, mar shampla i réimsí cosúil le slándáil gréasáin agus faisnéise agus feistí le haghaidh aithint radaimhinicíochta. (28) Chun a bheith in ann a chúraimí a dhéanamh mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus tuiscint níos fearr a bheith aige ar na dúshláin i réimse na cumarsáide leictreonaí, rioscaí reatha agus rioscaí atá ag teacht chun cinn i réimse na slándála gréasáin agus faisnéise ina measc, is gá go mbeidh an tÚdarás in ann anailís a dhéanamh ar fhorbairtí reatha agus ar fhorbairtí atá ag teacht chun cinn. Chun na críche sin féadfaidh an tÚdarás eolas cuí a bhailiú, go príomha eolas a bhainfidh le sáruithe slándála agus sláine ag a raibh tionchar tábhachtach ar fheidhmiú gréasán nó seirbhísí a sholáthraíonn údaráis náisúnta rialála de réir Airteagal 13a(3) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime), chomh maith le trí cheistneoirí. (29) Mar lárionad do roinnt agus malartú faisnéise faoi chúrsaí i ndáil le rialáil seirbhísí cumarsáide leictreonaí tríd an gComhphobal, agus ar mhaithe leis an trédhearcacht a chothú agus leis na hualaí riaracháin ar sholáthróirí agus ar úsáideoirí na seirbhísí sin a laghdú, ba cheart don Údarás clár a choinneáil agus a chur ar fáil a mbeidh eolas ann mar gheall ar úsáid minicíochtaí laistigh den Chomhphobal, ar bhonn eolais chaighdeánaithe a sholáthróidh na Ballstáit leithleacha ar bhonn rialta. Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar ghlaonna fánaíochta rialaithe a ghlacadh agus a dhéanamh laistigh den Chomhphobal agus chun cuidiú le custaiméirí fánaíochta cinntí a dhéanamh faoi úsáid a dteileafón soghluaiste agus iad thar sáile, ní mór don Údarás cinntiú go mbeidh teacht ag dreamanna leasmhara ar eolas reatha faoi chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2007 maidir le fánaíocht ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE [29] agus torthaí na monatóireachta sin a fhoilsiú ar bhonn bliantúil. (30) Ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann staidéar a choimisiúnú má bhíonn sin riachtanach chun a chúraimí a chur i gcrích, ach a chinntiú go gcuirfidh na naisc a bheidh aige leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit cosc ar dhúbailt saothair. (31) Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann iarraidh go ngabhfadh an tÚdarás de láimh aon chúram sonrach sa bhreis laistigh dá théarmaí tagartha ginearálta má mheastar go gcuideodh an cúram sin chun spriocanna chreat rialúcháin an Chomhphobail do chumarsáid leictreonach a bhaint amach. (32) Ba cheart go mbeadh struchtúr an Údaráis oiriúnach do na cúraimí a dhéanfaidh sé. Tugann an taithí le húdaráis dá shamhail de chuid an Chomhphobail treoir éigin maidir leis seo, ach ba chóir an struchtúr a chur in oiriúint chun freastal ar shainriachtanais an Chórais Chomhphobail do rialáil na cumarsáide leictreonaí. Is gá, go háirithe, dul go hiomlán i gceann ról sonrach na n-údarás náisiúnta rialála agus a nádúr neamhspleách. (33) Ba chóir go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an Údarás chun na feidhmeanna rialála a dhéanamh ar bhealach atá éifeachtach agus, thar aon rud eile, atá neamhspleách. Dála an nóis atá ann ar leibhéal náisiúnta, ba chóir don Bhord Rialtóirí , dá bharr sin, gníomhú go neamhspleách ar aon leas margaidh agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé le treoir ó aon rialtas ná ó aon eagras poiblí ná príobháideach. (34) Is gá d'fheidhmiú réidh an Údaráis go gceapfar a Stiúrthóir ar bhonn fiúntais agus scileanna riaracháin agus bainistíochta doiciméadaithe, agus chomh maith leis sin ar bhonn inniúlachta agus taithí a bhainfidh le gréasáin, seirbhísí agus margaidh na cumarsáide leictreonaí, agus go ndéanfaidh sé nó sí a chúram nó a cúram le neamhpleáchas agus solúbthacht iomlán maidir le heagrú fheidhmiú inmheánach an Údaráis. Ba cheart don Stiúrthóir feidhmiú éifeachtach cúraimí an Údaráis a áirithiú ar bhealach neamhspleách. (35) Chun cinntiú go bhforghníomhtar cúraimí an Údaráis go héifeachtúil, ba chóir go gcuirfí ar iontaoibh an Stiúrthóra na cumhachtaí riachtanacha chun gach tuairim a ghlacadh, faoi réir thoiliú an Bhoird Rialtóirí, agus chun cinntiú go n-oibreoidh an tÚdarás de réir na prionsabail ghinearálta a leagtar síos chuige sin. (36) Is gá áirithiú gur féidir le páirtithe a mbaineann cinntí an Údaráis dóibh leas a bhaint as na leigheasanna is gá. Ba cheart go mbunófaí modh oiriúnach achomhairc ionas go bhféadfaí cinntí an Údaráis a bheith faoi réir achomhairc le sain-Bhord Achomhairc ar cheart go mbeadh a chinntí, ar a n-uain, oscailte do chaingean os comhair na Cúirte Breithiúnais. (37) Mar aon lena phrionsabail oibriúcháin bunaithe ar neamhspleáchas agus trédhearcacht, ba chóir don Údarás a bheith ina eagraíocht oscailte do theagmháil le tionscail, tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile. Ba chóir go bhfeabhsódh an tÚdarás comhar idir gníomhaithe éagsúla a fheidhmíonn i réimse na slándála gréasáin agus faisnéise, inter alia, trí chomhairliúchán le tionscal, le lárionaid taighde, agus le páirtithe leasmhara eile a eagrú ar bhonn rialta agus trí ghréasán teagmhála a bhunú do chomhlachtaí Comhphobail, do chomlachtaí ón earnáil phoiblí arna mbunú ag na Ballstáit, do chomlachtaí ón earnáil phríobháideach agus do chomhlachtaí tomhaltóirí. (38) Dá bhrí sin, ba cheart go gcinnteodh nósanna imeachta an Údaráis go bhfuil teacht ag an Údarás ar oilteacht shaineolaíoch agus thaithí shaineolaíoch in earnáil na cumarsáide leictreonaí, go háirithe i réimsí lena mbaineann castacht theicniúil agus athrú tapa ar nós slándála gréasáin agus faisnéise. (39) Chun áirithiú go ndíreofar an caighdeán riachtanach oilteachta agus taithí ar dhéanamh cúraimí an Údaráis maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise, ba chóir go gceapfaí Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin. Ba cheart Buanghrúpa Páirtithe Leasmhara a bhunú chun comhairle a chur ar an bPríomh-Oifigeach Slándála Gréasáin, chun comhroinnt taithí agus na ndea-chleachtas a spreagadh sna cúrsaí seo agus chun caidreamh rialta a choinneáil leis an earnáil phríobháideach, eagraíochtaí tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile. (40) Chun féinriail agus neamhspleáchas an Údaráis a ráthú, ba cheart go bhfaigheadh sé buiséad uathrialaitheach. Ba chóir go leanfaí d'fheidhm a bheith ag nós imeachta buiséid an Chomhphobail a mhéad a bhaineann sé le haon fhóirdheontas is inmhuirir ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach [30]. (41) Ba cheart don Údarás, i gcás iomchuí, dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus deis a thabhairt dóibh trácht ar dhréacht-bhearta laistigh de thréimhse réasúnta. (42) Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann pionóis airgeadais a ghearradh ar ghnóthais nach soláthraíonn an t-eolas is gá chun go gcomhlíonfadh an tÚdarás a chúraimí go héifeachtúil. Freisin, ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go bhfuil creat iomchuí acu chun pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh ar ghnóthais nár chomhlíon oibleagáidí a thig as an Rialachán seo. (43) Ba cheart don Údarás, laistigh dá raon feidhme, agus a spriocanna á saothrú aige is a chúraimí á ndéanamh aige, ba cheart dó na forálacha is infheidhme ar institiúidí Comhphobail maidir le láimhseáil cháipéisí íogaire a chomhlíonadh. Más ábhartha, is cóir malartú faisnéise comhtháite agus slán a áirithiú i gcreat an Rialacháin seo. (44) Ba cheart don Údarás an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha a bhaineann le rochtain an phobail ar dhoiciméid mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún [31] agus maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseálann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin [32]. (45) Ba chóir go bhféadfadh tríú tíortha bheith páirteach in obair an Údarás, i gcomhréir le comhaontuithe iomchuí a chuirfear i gcrích ag an gComhphobal. (46) Ba cheart go gcinnteofaí athrú réidh do ghníomhaíochtaí reatha GESGF a bheidh laistigh de théarmaí tagartha an Údaráis. (47) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [33]. (48) Go háirithe, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an t-eolas sonraithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint do fhorbairtí teicniúla nó margaidh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (49) De bhrí nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá molta, eadhon feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh do ghréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus forbairt cumarsáide leictreonaí tras-Chomhphobail, a bhaint amach go leormhaith de bharr raon feidhme uile-Eorpach an Rialacháin seo, agus gur féidir dá bhrí sin iad a bhaint amach níos fearr ag leibhéal Comhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I ábhar, raon feidhme, sainmhínithe agus cúraimí Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme 1. Bunaítear Údarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí leis na freagrachtaí arna leagan síos sa Rialachán seo. 2. Gníomhóidh an tÚdarás laistigh de raon feidhme na Treorach Réime agus na dTreoracha Sonracha agus tarraingeoidh ar an oilteacht ar fáil sna húdaráis naisiúnta rialála. Cuirfidh sé le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh do ghréasáin agus sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear, go háirithe, forbairt cumarsáide leictreonaí trasteorann agus forbairt leibhéal ard agus éifeachtúil slándala gréasáin agus faisnéise, trí na cúraimí sa liosta i gCaibidlí II agus III. 3. Déanfaidh an tÚdarás a chúraimí i gcomhar leis na húdaráis náisúnta rialála agus leis an gCoimisiún i gcóras Eorpach do rialáil na cumarsáide leictreonaí. 4. Ina ghníomhaíochtaí go léir, is go háirithe agus a thuairimí á leagadh amach aige, saothróidh an tÚdarás na spriocanna céanna is a ndírítear ar na húdaráis náisúnta rialála le hAirteagal 8 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). 5. Ní dhéanfaidh spriocanna agus cúraimí an Údaráis dochar d'inniúlachtaí na mBallstát maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise atá lasmuigh de raon feidhme Chonradh CE, go háirithe iad siúd atá faoi chlumhdach Theideil V agus VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach. 6. In aon chás, ní dhéanfaidh spriocanna ná cúraimí an Údaráis dochar do ghníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil agus na slándála Stáit, lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit más saincheist a bhaineann le cúrsaí slándála Stáit í. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE, Airteagal 2 de Threoir 2002/19/CE, Airteagal 2 de Threoir 2002/20/CE, Airteagal 2 de Threoir 2002/22/CE, Airteagal 2 de Threoir 2002/58/CE agus Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE (Cinneadh an Radaispeictrim). Airteagal 3 Feidhmeanna an Údaráis Déanfaidh an tÚdarás le linn dó a chúraimí faoin Rialachán seo a chur ar aghaidh: (a) tuairimí a eisiúint arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin agus cuidiú a thabhairt don Choimisiún trí thacaíocht theicniúil bhreise a sholáthar dó i ngach ábhar a bhaineann le cumarsáid leictreonach; (b) cuidiú leis an gComhphobal, lena Bhallstáit agus leis na húdaráis náisiúnta rialála maidir leis an gcaidreamh, plé agus malartú a dhéantar le tríú tíortha; (c) comhairle a chur ar ghníomhaithe margaidh agus ar údaráis náisiúnta rialála maidir le saincheisteanna rialála; (d) faisnéis a mhalartú, a scaipeadh agus a bhailiú agus staidéar a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis; (e) comhairle agus cúnamh a sholáthar don Choimisiún nó d'aon chomhlacht inniúil arna cheapadh ag Ballstát maidir le haon saincheist a bhaineann le slándáil gréasáin agus faisnéise a thagann faoi fhreagracht an Údaráis; (f) cinntí aonair a dhéanamh maidir le cearta úsáide a eisiúint i gcomhair uimhreacha ón Spás Eorpach d'Uimhriú Gutháin (ETNS); (g) cuidiú leis an gCoimisiún gnóthais a roghnú a mbronnfar cearta úsáide orthu i gcomhair radaimhinicíochtaí agus uimhreacha; (h) táillí úsáide a bhailiú agus a athdháileadh i gcás cearta úsáide radaimhinicíochtaí agus uimhreacha; (i) moltaí a eisiúint do na húdaráis náisiúnta rialála maidir le díospóidí trasteorann agus le hábhar a bhaineann le hinrochtaineacht ar líne. CAIBIDIL II CÚRAIMÍ AN ÚDARÁIS A BHAINEANN LE NEARTÚ AN MHARGAIDH INMHEÁNAIGH Airteagal 4 Ról an Údaráis maidir le cur i bhfeidhm an chreata rialúcháin 1. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, eiseoidh an tÚdarás tuairimí maidir le gach ábhar a bhaineann le cumarsáid leictreonach. 2. Cuideoidh an tÚdarás, go háirithe, le forálacha na Treorach Réime agus na dTreoracha Sonracha a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe trí chúnamh a thabhairt don Choimisiún chun moltaí nó cinntí a ullmhú agus a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). 3. Áireofar ar an ábhar dá dtagraítear i mír 1: (a) dréachtbhearta na n-údarás náisiúnta rialála a bhaineann le sainmhíniú an mhargaidh, ainmniú gnóthas ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh agus forchur leigheasanna, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime); (b) slándáil agus sláine gréasáin agus seirbhísí poiblí i gcumarsáid leictreonach, lena n-áirítear saincheisteanna atá nasctha le saruithe slándála agus/nó sláine, i gcomhréir le hAirteagal 13a de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime) agus le hAirteagal 4 de Threoir 2002/58/CE (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach); (c) sainaithint margaí trasnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime); (d) saincheisteanna a bhaineann le caighdeánú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime); (e) anailísí ar mhargaí sonracha náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime); (f) trédhearcacht agus faisnéis d'úsáideoirí deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (g) cáilíocht na seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (h) uimhir ghlao éigeandála '112' a chur chun feidhme go héifeachtúil, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (i) saincheisteanna a bhaineann le huimhriú, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime) agus rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí sa Chomhphobal, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (j) inaistritheacht uimhreacha, i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (k) an rochtain a bhíonn ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí agus ar threalamh cumarsáide leictreonaí a fheabhsú, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch); (l) bearta na n-údarás náisiúnta rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 5, agus 8(3) de Threoir 2002/19/CE (Treoir na Rochtana); (m) bearta trédhearcachta chun díchuachadh na lúibe logánta a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2002/19/CE (Treoir na Rochtana); (n) coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí teilifíse agus raidió dhigitigh, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2002/19/CE (Treoir na Rochtana), agus comh-inoibritheacht na seirbhísí idirghníomhacha teilifíse digití i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime); (o) bearta maidir le saincheisteanna radaimhinicíochtaí i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 6 de Threoir 676/2002/CE (Cinneadh an Radaispeictrim); (p) i gcomhréir le hAirteagail 6a agus 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe) : (i) coinníollacha comhchuibhithe a bhaineann le cearta úsáide radaimhinicíochtaí nó uimhreacha; (ii) leasú nó tarraingt siar na gceart úsáide arna eisiúint ar bhonn comhordaithe nó comhchuibhithe; (iii) roghnú na ngnóthas sin a d'fhéadfaí cearta leithleacha úsáide maidir le minicíochtaí nó uimhreacha a thabhairt dóibh i gcomhair seirbhísí ag a bhfuil acmhainneacht trasteorann. 4. Thairis sin, gabhfaidh an tÚdarás de láimh na cúraimí sonracha atá leagtha amach in Airteagail 5 go 23. Airteagal 5 Comhairliúchán an Údaráis maidir le sainmhíniú agus anailís ar mhargaí náisiunta, agus maidir le leigheasanna 1. Cuirfidh an Coimisiún i bhfios don Údarás nuair atá sé ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 7(4) agus (8) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). 2. Eiseoidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir leis an dréachtbheart i dtrácht laistigh de cheithre seachtaine ar sin a bheith curtha i bhfios dó. Áireofar sa tuairim anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar cibé an bhfuil an dréachtbheart ina bhacainn ar an margadh aonair nó nach bhfuil agus a chomhoiriúnaí agus atá sé le dlí an Chomhphobail, go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). Tabharfaidh an tÚdarás le fios, nuair is cuí, na hathruithe is cóir a dhéanamh ar an dréachtbheart lena áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí sin sa tslí is éifeachtúla. 3. Tabharfaidh an tÚdarás don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, gach faisnéis atá ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh. Airteagal 6 Athbhreithnithe ag an Údarás ar na margaí náisiúnta 1. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún ar an Údarás faoi Airteagal 16(7) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime) sainmhargadh ábhartha a anailísiú laistigh de Bhallstát, eiseoidh an tÚdarás tuairim agus tabharfaidh sé don Choimisiún gach faisnéis is gá, lena n-áirítear na torthaí ar an gcomhairliúchán poiblí agus an anailís ar an margadh. Má fheictear don Údarás nach bhfuil iomaíocht éifeachtúil i bhfeidhm sa mhargadh sin, áireofar ina thuairim uaidh, tar éis comhairliúcháin phoiblí, dréachtbheart ag sonrú an ghnóthais/na ngnóthas a mheasann sé ar chóir a ainmniú mar ghnótha(i)s ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh sin agus na hoibleagáidí cuí a bheidh le forchur. 2. Féadfaidh an tÚdarás, nuair is cuí, dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta iomaíochta ábhartha sula n-eiseoidh sé a thuairim don Choimisiún. 3. Tabharfaidh an tÚdarás don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, gach faisnéis atá ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh. Airteagal 7 Sainmhíniú agus anailís ar na margaí trasnáisiúnta 1. Arna iarraidh sin dó, eiseoidh an tÚdarás tuairim don Choimisiún maidir leis an sainmhíniú cuí ar mhargaí trasnáisiúnta. 2. Má shainaithníonn an Coimisiún margadh trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime), déanfaidh an tÚdarás an anailís ar an margadh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta rialála i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Treoir sin agus eiseoidh sé tuairim don Choimisiún ina leith. 3. Má chinneann an tÚdarás nach bhfuil iomaíocht éifeachtúil i bhfeidhm sa mhargadh trasnáisiúnta ábhartha, áireofar ina thuairim uaidh chuig an gCoimisiún dréachtbheart ag sonrú an ghnóthais/na ngnóthas a mheasann sé ar chóir a ainmniú mar ghnótha(i)s ag a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh sin agus na hoibleagáidí cuí a bheidh le forchur. 4. Sula n-eiseoidh sé a thuairim faoi mhíreanna 1 go 3, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta rialála agus na húdaráis náisiúnta iomaíochta agus déanfaidh sé comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán seo. 5. Tabharfaidh an tÚdarás don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, gach faisnéis atá ar fáil chun na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a chomhlíonadh. Airteagal 8 Comhchuibhiú ar uimhriú agus inaistritheacht uimhreacha 1. Féadfaidh an tÚdarás cinntí a dhéanamh maidir le cearta úsáide a eisiúint i gcomhair uimhreacha ón Spás Eorpach d'Uimhriú Gutháin (ETNS) i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). Beidh sé freagrach freisin as riaradh agus forbairt an Spáis Eorpaigh d'Uimhriú Gutháin (ETNS) thar ceann na mBallstát sin a bhfuil réimír 3883 tugtha dóibh. 2. Gabhfaidh an tÚdarás de láimh na cúraimí sin a bhfuil baint acu le riaradh agus bainistiú na raonta comhchuibhithe uimhriúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). 3. Oibreoidh an tÚdarás i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta rialála maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois nó le mí-úsáid acmhainní uimhriúcháin laistigh den Chomhphobal, go háirithe maidir le seirbhísí trasteorann. Féadfaidh sé tuairim a eisiúint faoi ghníomhú a d'fhéadfaí a dhéanamh ag leibhéal an Chomhphobail nó ag an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar chalaois agus ar mhí-úsáid agus ar ábhar imní eile a bhíonn ag tomhaltóirí maidir le huimhriú. 4. Eiseoidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tuairim don Choimisiún maidir leis an raon feidhme agus na paraiméadair theicniúla i gcomhair oibleagáidí a bhaineann le huimhreacha nó le haitheantóirí rannpháirtithe agus faisnéis ghaolmhar a aistriú idir gréasáin agus le cé chomh hoiriúnach agus a bheadh sé na hoibleagáidí sin a shíneadh ag leibhéal an Chomhphobail. Airteagal 9 Uimhir Éigeandála Eorpach 112 a chur chun feidhme 1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú bliantúil ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun saoránaigh a chur ar an eolas faoin uimhir ghlao éigeandála Eorpach "112" agus faoina úsáid, bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 26(4) de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch). Áireofar na torthaí ón athbhreithniú seo sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2). 2. Féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir leis na saincheisteanna teicniúla a bhaineann le huimhir ghlao éigeandála Eorpach 112 a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch). 3. Sula n-eiseoidh sé a thuairim faoi mhír 2, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta inniúla agus déanfaidh sé comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 42. Airteagal 10 Comhairle faoi shaincheisteanna radaimhinicíochtaí a bhaineann le cumarsáid leictreonach 1. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh an tÚdarás comhairle air agus déanfaidh sé staidéar agus athbhreithnithe, go háirithe maidir le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha, a bhaineann le húsáid radaimhinicíochtaí i gcomhair cumarsáide leictreonaí sa Chomhphobal. 2. Féadfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil de láimh maidir le hábhar a bhaineann le Cinneadh 676/2002/CE (Cinneadh an Radaispeictrim) a chur chun feidhme agus beidh siad gan dochar do roinnt na gcúraimí faoi Airteagal 4 den Treoir sin. 3. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh an tÚdarás comhairle air maidir le cuspóirí comhbheartais dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Chinneadh 676/2002/CE (Cinneadh an Radaispeictrim) a tharraingt suas, nuair a thagann siad faoi chuimsiú na hearnála cumarsáide leictreonaí. 4. Foilseoidh an tÚdarás tuarascáil bhliantúil ar fhorbairtí minicíochtaí ionchasacha in earnáil na cumarsáide leictreonaí agus beartais trína ndéanfaidh sé na riachtanais agus na dúshláin acmhainneacha a shainaithint. Airteagal 11 Comhchuibhiú ar choinníollacha agus nósanna imeachta a bhaineann le húdaruithe ginearálta agus cearta úsáide 1. Eiseoidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tuairim don Choimisiún maidir le raon feidhme agus inneachar aon bhearta cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 6a de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe). D'fhéadfaí a chur ar áireamh, go háirithe, measúnú an Údaráis ar na sochair a d'fhéadfadh fabhrú don mhargadh aonair i ngréasáin agus i seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó na bearta cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6a de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe) agus sainaithint na seirbhísí ag a bhfuil acmhainn tras-Chomhphobail a bhainfeadh leas as na bearta sin. 2. Sa chás go mbaineann tuairim ón Údarás de bhun mhír 1 le cur chun feidhme nós imeachta roghnúcháin coitinn i gcomhair cearta úsáide a thagann faoi chuimsiú Airteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe), déanfaidh an tuairim sin a leanas: (a) na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin a shainaithint a mbainfeadh a soláthar ar bhonn trasteorann laistigh den Chomhphobal leas as úsáid minicíochtaí nó uimhreacha a dtabharfar cearta ina leith trí nós imeachta amháin agus faoi shraith amháin coinníollacha; (b) na huimhreacha nó na raonta uimhriúcháin a d'fhéadfaí a úsáid do sheirbhísí den sórt sin a shainaithint; (c) leibhéal an éilimh iarbhír nó acmhainnigh laistigh den Chomhphobal do sheirbhísí den sórt sin a rochtain, agus (d) aon teorannú a mheasann sé iomchuí a shonrú ar líon na gceart úsáide le tairiscint faoin nós imeachta roghnúcháin coitinn agus na nósanna imeachta le leanúint chun na gnóthais a mbronnfar cearta orthu a roghnú, ag féachaint nuair is cuí do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 7 de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe). 3. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, míneoidh nó forlíonfaidh an tÚdarás aon tuairim arna eisiúint faoi mhír 1 laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san iarraidh sin. Airteagal 12 Togra le haghaidh gnóthais a roghnú Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe): (a) iarratais ó ghnóthais ar chearta úsáide radaimhinicíochtaí agus uimhreacha a fháil agus a phróiseáil agus na muirir agus na táillí riaracháin arna bhforchur i leith gnóthas de bhun nós imeachta roghnúcháin coitinn a bhailiú; (b) an nós imeachta roghnúcháin coitinn a chur i gcrích agus an gnóthas/na gnóthais a mbronnfar cearta leithleacha úsáide orthu a mholadh i gcomhréir leis na forálacha sin; (c) tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún ina ndéanfar mionsonrú ar na hiarratais a fuarthas, cur síos ar an measúnú a rinneadh ar na hiarratais sin, an gnóthas/na gnóthais is mó atá i dteideal cearta leithleacha úsáide a mholadh agus an rogha seo a chosaint trí thagairt a dhéanamh do na critéir roghnúcháin atá leagtha amach sa bheart ábhartha cur chun feidhme. Airteagal 13 Tarraingt siar cearta úsáide radaimhinicíochtaí agus uimhreacha arna eisiúint faoin nós imeachta coiteann Eiseoidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tuairim don Choimisiún maidir le tarraingt siar ceart úsáide arna eisiúint faoin nós imeachta coiteann dá bhforáiltear in Airteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe). Scrúdóidh an tuairim seo cibé an dearnadh nó nach ndearnadh sáruithe troma agus sáruithe athuair ar na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide. Airteagal 14 Slándáil gréasáin agus faisnéise Le cois na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b) agus Airteagal 19(4) agus (5), cuideoidh an tÚdarás le cultúr slándála gréasáin agus faisnéise a fhorbairt, go háirithe trí: (a) chomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú chun modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt chun saincheisteanna slándála gréasáin agus faisnéise a chosc, agus aghaidh agus freagairt a thabhairt orthu; (b) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le taighde i réimse na slándála gréasáin agus faisnéise mar aon le teicneolaíochtaí a bhaineann le priacal a chosc a úsáid go héifeachtúil agus gníomhaíochtaí i measúnú priacail, réitigh chomh-inoibritheacha i mbainistiú priacail agus staidéar ar réitigh i mbainistiú coisc laistigh d'eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a chur chun cinn agus (c) cuidiú le hiarrachtaí an Chomhphobail oibriú i gcomhar le tríú tíortha agus, nuair is cuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun cur chuige coiteann a chur chun cinn i leith saincheisteanna slándála gréasáin agus faisnéise. Airteagal 15 Ar a thioscnamh féin Féadfaidh an tÚdarás, ar a thionscnamh féin, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le hábhar dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 7(1), 8(3), 10(1), 12, 14, 21 agus 22. CAIBIDIL III CÚRAIMÍ TÁNAISTEACHA ATÁ AR AN ÚDARÁS Airteagal 16 Muirir riaracháin a bhailiú i leith seirbhísí arna soláthar ag an Údarás 1. Socróidh an Coimisiún na muirir riaracháin a fhorchuirtear ar ghnóthais i leith seirbhísí arna soláthar ag an Údarás i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(2) agus bunaithe ar thuairim an Údaráis. Baileoidh an tÚdarás na muirir riaracháin seo. 2. Forchuirfear na muirir riaracháin ar ghnóthais aonair i slí oibiachtúil, thrédhearcach agus chomhréireach a íoslaghdaíonn costais bhreise riaracháin agus muirir freastalaithe. 3. Féadfaidh na muirir riaracháin dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a chuimsiú: (a) na costais riaracháin arna dtabhú ag an Údarás i dtaobh bhainistiú an nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 12; (b) próiseáil achomharc i gcomhréir le hAirteagal 34; (c) na costais riaracháin arna dtabhú ag an Údarás i dtaobh riaradh an Spáis Eorpaigh d'Uimhriú Gutháin i gcomhréir le hAirteagal 8. Cuirfear na muirir go léir in iúl in Euro agus beidh iníoctha in Euro. 4. Beidh suim na muirear riaracháin socraithe ag leibhéal a áiritheoidh go mbeidh dóthain ioncaim ó na muirir seo, i bprionsabal, chun íoc as an gcostas iomlán ar na seirbhísí arna soláthar. 5. Foilseoidh an tÚdarás forbhreathnú ar bhonn bliantúil maidir leis na costais agus na muirir riaracháin. I bhfianaise aon difríochta idir suim iomlán na muirear agus an costas iomlán ar riarachán, eiseoidh sé tuairim don Choimisiún ina dtabharfaidh sé le fios na coigeartuithe is cuí a dhéanamh ar na muirir. Airteagal 17 Táillí úsáide i leith cearta úsáide radaimhinicíochtaí agus uimhreacha agus muirir riaracháin a bhailiú agus a athdháileadh faoi nós imeachta roghnúcháin coitinn 1. Sa chás go bhforchuirtear táillí úsáide i leith cearta úsáide radaimhinicíochtaí agus uimhreacha arna eisiúint faoi nós imeachta roghnúcháin coitinn ar ghnóthais i gcomhréir le hAirteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe), beidh freagracht ar an Údarás as táillí úsáide den sórt sin a bhailiú agus a athdháileadh. Athdháilfear na táillí úsáide, tar éis don Údarás iad a fháil, idir na Ballstáit ábhartha agus an tÚdarás i gcomhréir leis an teorainn ama agus leis an gcoibhéis a bheidh le socrú ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe). Sa chás nach bhfuil teorainn ama agus coibhéis socraithe ag an gCoimisiún, athdháilfear na táillí úsáide bunaithe ar dhaonra gach Ballstáit a bhfuil sé de cheangal air cearta úsáide a eisiúint sa bhliain iomlán dheireanach agus sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin. 2. Beidh sé de fhreagracht ar an Údarás na muirir riaracháin arna bhforchur a bhailiú agus a athdháileadh tar éis nós imeachta roghnúcháin coitinn i leith cearta úsáide minicíochtaí nó uimhreacha ar na gnóthais arna roghnú chun costais riaracháin na n-údarás náisiúnta rialála a chuimsiú agus monatóireacht á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha coiteanna. Athdháilfear na muirir riaracháin seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tar éis don Údarás iad a fháil, ar na húdaráis náisiúnta rialála ábhartha i gcomhréir leis na luachanna arna soláthar ag na húdaráis náisiúnta rialála. Airteagal 18 Díospóidí trasteorann 1. Má fhaigheann an tÚdarás iarraidh ó údarás náisiúnta rialála faoi Airteagal 21 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime) a bhaineann le moladh maidir le réiteach díospóide cuirfidh sé na páirtithe agus na húdaráis náisiúnta rialála go léir a bhfuil baint acu leis an díospóid in iúl ina leith. 2. Scrúdóidh an tÚdarás na cúiseanna atá leis an díospóid agus iarrfaidh sé faisnéis chuí a fháil ó na páirtithe agus ó na húdaráis náisiúnta rialála i dtrácht. 3. Eiseoidh an tÚdarás a mholtaí laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil ach amháin in imthosca eisceachtúla. Tabharfar le fios sa mholadh aon bhearta a mheasann an tÚdarás ar chóir do na húdaráis náisiúnta rialála i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir le forálacha na Treorach Réime agus/nó na dTreoracha Sonracha. 4. Féadfaidh an tÚdarás diúltú do mholadh a eisiúint sa chás go bhfuil sé den tuairim go gcuideodh sásraí eile le réiteach na díospóide go tráthúil i gcomhréir le forálacha Airteagal 8 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). I gcásanna den sórt sin cuirfidh sé na páirtithe agus na húdaráis náisiúnta rialála i dtrácht in iúl gan mhoill. Sa chás nach bhfuil réiteach ar an díospóid laistigh de cheithre mhí, nó nuair nach raibh na páirtithe in ann leas a bhaint as aon shásra eile, gníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 arna iarraidh sin ag aon údarás náisiúnta rialála. Airteagal 19 Faisnéis a mhalartú, a scaipeadh agus a bhailiú 1. Déanfaidh an tÚdarás, ag cur beartas an Chomhphobail um chumarsáid leictreonach san áireamh, malartú faisnéise a chur chun cinn idir na Ballstáit féin, agus idir na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta rialála agus an Coimisiún maidir le staid agus forbairt gníomhaíochtaí rialála a bhaineann le gréasáin agus le seirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear slándáil líonraí agus faisnéise. 2. Spreagfaidh an tÚdarás an malartú faisnéise agus cuirfidh sé an cleachtas rialála is fearr agus forbairt theicniúil laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal chun cinn, go háirithe trí: (a) bhailiú, próiseáil agus foilsiú faisnéise a bhaineann le saintréithe teicniúla, cáilíocht agus praghsáil na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, agus a bhaineann leis na margaí cumarsáide leictreonaí sa Chomhphobal, (b) staidéar ar ghréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choimisiúnú nó a dhéanamh agus aon staidéar dá leithéid a rialú agus a chosaint, agus (c) oiliúint i ngach ábhar a bhaineann le cumarsáid leictreonach a eagrú nó a thionscnamh. 3. Cuirfidh an tÚdarás aon fhaisnéis dá leithéid ar fáil don phobal i bhfoirm ar féidir teacht uirthi go héasca. 4. Baileoidh an tÚdarás an fhaisnéis chuí, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 13a de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime), chun na priacail atá ann agus a eascróidh le himacht ama a anailísiú. Déanfaidh sé anailís, go háirithe ar an leibhéal Eorpach, ar na priacail sin a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar acmhainneacht agus ar infhaighteacht na ngréasán cumarsáide leictreonaí agus ar bharántúlacht, iontaofacht agus rúndacht na faisnéise arna rochtain agus arna tarchur tríothu, agus cuirfidh sé torthaí na hanailíse ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún. 5. Cuideoidh an tÚdarás le feasacht a mhéadú agus le faisnéis thráthúil, oibiachtúil agus chuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir le saincheisteanna slándála gréasáin agus faisnéise, do na húsáideoirí go léir trí, inter alia, malartú na gcleachtas is fearr atá ann a chur chun cinn, lena n-áirítear faisnéis maidir le modhanna chun úsáideoirí a chur ar an airdeall, agus sineirgíocht a lorg idir tionscnaimh ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Airteagal 20 An clár faisnéise speictrim agus an bunachar sonraí d'fhánaíocht teileafón soghluaiste a bhainistiú 1. Cuirfear clárlann i bhfoirm pointe rochtana coitinn ar fáil don phobal chun faisnéis a sholáthar maidir le húsáid speictrim i ngach Ballstát lena áirithiú go gcuirfear faisnéis maidir le húsáid radaimhinicíochtaí sa Chomhphobal ar fáil go comhchuibhithe. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le húsáid radaimhinicíochtaí ar fáil ar bhonn rialta agus i gcomhréir le hiarraidh chuige sin ón Údarás. Beidh freagracht ar an Údarás as an gclárlann a bhainistiú agus a fhoilsiú. Áireofar sa chlárlann an fhaisnéis atá sonraithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo mar aon le haon fhaisnéis eile is iomchuí leis an Údarás. Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla nó d'fhorbairtí sa mhargadh. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54(3). 2. Beidh freagracht ar an Údarás as bunachar sonraí a bhainistiú agus a fhoilsiú maidir le praghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí teileafón soghluaiste agus fánaíocht á déanamh acu sa Chomhphobal, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal. Déanfaidh sé monatóireacht ar fhorbairtí i bpraghsanna den sórt sin agus foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil. Airteagal 21 Monatóireacht agus tuairisciú ar earnáil na cumarsáide leictreonaí 1. Déanfaidh an tÚdarás monatóireacht ar fhorbairtí i margadh na cumarsáide leictreonaí, agus go háirithe ar phraghsanna miondíola ar na táirgí agus seirbhísí is coitianta a úsáideann tomhaltóirí. 2. Foilseoidh an tÚdarás tuarascáil bhliantúil ar fhorbairtí in earnáil na cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear saincheisteanna tomhaltóirí, ina sainaithneoidh sé na bacainní atá fágtha maidir le margadh aonair a chur i gcrích sa chumarsáid leictreonach. Áireofar sa tuarascáil forbhreathnú agus anailís ar an bhfaisnéis maidir le nósanna imeachta náisiúnta achomharc arna bhforáil ag na Ballstáit faoi Airteagal 4(3) de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime), agus ar an méid úsáide a bhain na Ballstáit as na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt dá dtagraítear in Airteagal 34 de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch). 3. Féadfaidh an tÚdarás tuairim uaidh a chur chuig an gCoimisiún, i gcomhar le foilsiú na tuarascála bliantúla, maidir leis na bearta a d'fhéadfaí a ghlacadh chun na fadhbanna a sainaithníodh agus na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 á measúnú a shárú. 4. Foilseoidh an tÚdarás, ar bhonn tréimhsiúil, tuarascáil ar chomh-inoibritheacht seirbhísí idirghníomhacha teilifíse digití dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). Airteagal 22 Inrochtaineacht leictreonach 1. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh an tÚdarás comhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maidir le feabhas a chur ar chomh-inoibritheacht, rochtain agus úsáid seirbhísí agus trealamh teirminéil cumarsáide leictreonaí, agus go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le comh-inoibritheacht trasteorann. Bunóidh sé grúpa ar a mbeidh ionadaithe ó Bhallstáit, comhlachais ghnóthas i dtionscal na cumarsáide leictreonaí, comhlachais úsáideoirí deiridh agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht thar ceann úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Déanfaidh an grúpa plé freisin ar na riachtanais áirithe a bhíonn ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ag daoine scothaosta. 2. Foilseoidh an tÚdarás tuarascáil bhliantúil ar na bearta atá glactha chun inrochtaineacht ar sheirbhísí agus ar threalamh cumarsáide leictreonaí a fheabhsú i measc úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit agus ar fhaisnéis arna fáil ag an Údarás faoi Airteagal 33(3) de Threoir 2002/22/CE (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch). Déanfaidh an tuarascáil bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta chun inrochtaineacht a fheabhsú. Féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint, nuair is cuí, maidir le bearta a d'fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta. Airteagal 23 Cúraimí breise Féadfaidh an tÚdarás cúraimí breise sonracha a ghlacadh arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. CAIBIDIL IV EAGRÚCHÁN AN ÚDARÁIS Airteagal 24 Comhlachtaí an Údaráis Beidh na comhlachtaí seo a leanas san Údarás: (a) Bord Riaracháin (b) Bord Rialtóirí (c) Stiúrthóir (d) Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin (e) Buanghrúpa Páirtithe Leasmhara (f) Bord Achomhairc Airteagal 25 Bord Riaracháin 1. Dhá chomhalta dhéag a bheidh ar an mBord Riaracháin. Ceapfaidh an Coimisiún seisear agus ceapfaidh an Chomhairle seisear. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Riaracháin sa tslí is go gcinnteofar na caighdeáin inniúlachta agus neamhspleáchais is airde, agus réimse leathan saineolais ábhartha. Cúig bliana a bheidh sa téarma oifige, in-athnuaite aon uair amháin. 2. Comhaltaí dá chuid féin a bheidh sa Chathaoirleach agus sa Leaschathaoirleach a cheapfaidh an Bord Riaracháin. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch mura bhféadfaidh an Cathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh, agus beidh sé in-athnuaite. Ar aon chuma, éagfaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh a luaithe a stopfaidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin. 3. Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh Stiúrthóir an Údaráis páirt sna breithniúcháin ach amháin má chinneann an Bord Riaracháin a mhalairt. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an tríú cuid dá chomhaltaí ar a laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a d'fhéadfadh tuairimí ábhartha bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Féadfaidh an Bord Riaracháin, faoi réir na rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó saineolaithe. Soláthróidh an tÚdarás seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin. 4. Is trí thromlach dhá thrian na gcomhaltaí i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin. 5. Beidh vóta amháin ag gach comhalta. Leagfar amach níos mionsonraithe leis na rialacha nós imeachta na socruithe maidir le vótáil, go mór mór i dtaca leis na coinníollacha faoinar féidir le comhalta amháin gníomhú thar ceann chomhalta eile agus, nuair is iomchuí, na rialacha maidir le córaim freisin. Airteagal 26 Cúraimí an Bhoird Riaracháin 1. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí, ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 29(2). 2. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, ceapfaidh an Bord Riaracháin Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 31(2). 3. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Rialtóirí i gcomhréir le hAirteagal 27(1). 4. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc i gcomhréir le hAirteagal 33(1). 5. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus tar éis comhaontú an Bhoird Rialtóirí a fháil, glacfaidh an Bord Riaracháin de réir Airteagal 28(3), roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, clár oibre an Údaráis don bhliain ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil. 6. Feidhmeoidh an Bord Riaracháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagail 36 go 38. 7. Tar éis dó comhaontú an Choimisiúin a fháil, cinnfidh an Bord Riaracháin cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé le haon leagáidí, tabhartais, nó deontais ó fhoinsí Comhphobail eile. 8. Beidh údarás araíonachta ag an mBord Riaracháin ar an Stiúrthóir agus ar an bPríomh-Oifigeach Slándála Gréasáin. 9. Tarraingeoidh an Bord Riaracháin suas, nuair is gá, beartas foirne an Údaráis de bhun Airteagal 49(2). 10. Glacfaidh an Bord Riaracháin na forálacha speisialta maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 47. 11. Glacfaidh an Bord Riaracháin an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis, agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus an Chúirt Iniúchóirí, faoi cheann an 15 Meitheamh ar a dhéanaí. Mar a fhoráiltear in Airteagal 28(4), beidh cuid neamhspleách sa tuarascáil seo, arna formheas ag an mBord Rialtóirí, a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála an Údaráis le linn na bliana atá i dtrácht. 12. Glacfaidh an Bord Riaracháin a rialacha nós imeachta féin. 13. Eiseoidh an Bord Riaracháin tuairim don Choimisiún maidir leis na muirir riaracháin a fhéadfaidh an tÚdarás a ghearradh ar ghnóthais i gcomhlíonadh a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 16. Airteagal 27 An Bord Rialtóirí 1. Beidh ar an mBord Rialtóirí comhalta amháin thar ceann gach Ballstáit ar ionann é agus Ceann an údaráis rialála neamhspleách náisiúnta a bheidh freagrach as riaradh laethúil an chreata rialúcháin sa Bhallstát, an Stiúrthóir agus ionadaí amháin gan cead vótála thar ceann an Choimisiúin. Ainmneoidh na húdaráis náisiúnta rialála comhalta malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit. 2. Is é an Stiúrthóir a ghníomhóidh mar Chathaoirleach ar an mBord Rialtóirí. 3. Comhaltaí dá chuid féin a bheidh sa Leaschathaoirleach a cheapfaidh an Bord Rialtóirí. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh mura bhféadfaidh an Cathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Leaschathaoirligh, agus beidh sé in-athnuaite. Ar aon chuma, éagfaidh téarma oifige an Leaschathaoirligh a luaithe a stopfaidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord Riaracháin. 4. Feidhmeoidh an Bord Rialtóirí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta nó ag gach comhalta malartach cé is moite den Stiúrthóir agus d'ionadaí an Choimisiúin. 5. Glacfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nós imeachta féin. 6. Agus na cúraimí a chuirtear air sa Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, gníomhóidh an Bord Rialtóirí go neamhspleách agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé le haon treorú ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon leas poiblí ná príobháideach. 7. Soláthróidh an tÚdarás seirbhísí rúnaíochta don Bhord Rialtóirí. Airteagal 28 Cúraimí an Bhoird Rialtóirí 1. Eiseoidh an Bord Rialtóirí tuairim don Stiúrthóir sula nglacfar na tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagail 4 go 23 laistigh dá réimse inniúlachta. Ina theannta sin, cuirfidh an Bord Rialtóirí comhairle ar an Stiúrthóir i dtaca le cur i gcrích chúraimí an Stiúrthóra. 2. Eiseoidh an Bord Rialtóirí tuairim maidir leis an iarrthóir le ceapadh mar Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus Airteagal 29(2). Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord an cinneadh seo. Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir aon pháirt in ullmhú na dtuairimí sin, ná ní bheidh vóta aige ina leith. 3. Déanfaidh an Bord Rialtóirí, i gcomhréir le hAirteagal 26(5) agus Airteagal 30(4) agus i gcomhréir leis an dréachtbhuiséad arna bhunú de réir Airteagal 37, clár oibre an Údaráis a fhormheas don bhliain ina dhiaidh sin maidir lena ghníomhaíochtaí. 4. Déanfaidh an Bord Rialtóirí an chuid neamhspleách den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí rialála dá bhforáiltear in Airteagal 26(11) agus Airteagal 30(9) a fhormheas. Airteagal 29 An Stiúrthóir 1. Is faoi bhainistiú a Stiúrthóra a bheidh an tÚdarás agus gníomhóidh sé go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Riaracháin ná an Bhoird Rialtóirí faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir ná ní ghlacfaidh sé le haon treorú ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht. 2. Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí, ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir, bunaithe ar fhiúntas, scileanna agus taithí atá ábhartha do ghréasáin agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, ó liosta ar a bhfuil dhá iarrathóir ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar cuireadh a thabhairt don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste a fhreagairt. 3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. Le linn na naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht. Sa mheastóireacht, deanfaidh an Coimisiún na nithe seo, go háirithe, a mheasúnú: (a) feidhmíocht an Stiúrthóra; (b) dualgais agus ceanglais an Údaráis sna blianta atá le teacht. 4. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí, féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh aon uair amháin go ceann trí bliana ar a mhéad, agus an tuarascáil ar an meastóireacht á cur san áireamh aige agus sna cásanna sin amháin ina dtugann dualgais agus ceanglais an Údaráis údarás dó. Cuirfidh an Bord Riaracháin Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheidh aige téarma oifige an Stiúrthóra a shíneadh. Laistigh de mhí roimh a théarma oifige a shíneadh, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste a fhreagairt. I gcás nach síneofar an téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba. 5. Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Riaracháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a thiocfaidh an Bord Riaracháin ar an gcinneadh seo. 6. Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuarascáil a chur isteach ar chomhlíonadh a chuid dualgas. Airteagal 30 Cúraimí an Stiúrthóra 1. Is é an Stiurthóir a bheidh freagrach as ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Údaráis agus faoi-sean atá sé é a bhainistiú. 2. Ullmhóidh an Stiúrthóir obair an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh sé páirt in obair an Bhoird Riaracháin cé nach mbeidh cead vótala aige. 3. Glacfaidh an Stiúrthóir na tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 4 go 23, faoi réir ag aontú an Bhoird Rialtóirí. 4. Gach bliain ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtphlean oibre don Údarás don bhliain ina dhiaidh sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialtóirí agus an Choimisiúin é roimh an 30 Meitheamh den bhliain sin. Déanfaidh sé an clár oibre a thíolacadh roimh an 1 Meán Fómhair dá ghlactha ag an mBord Riaracháin. 5. Is é an Stiurthóir a bheidh freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi threoir an Bhoird Rialtóirí agus an Phríomh-Oifigigh Slándála Gréasáin mar is iomchuí, agus faoi réir ag rialú riaracháin an Bhoird Riaracháin. 6. Déanfaidh an Stiúrthóir na bearta iomchuí, go háirithe treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhógairt, chun feidhmiú an Údaráis a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. 7. Déanfaidh an Stiúrthóir meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis de bhun Airteagal 37 agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme de bhun Airteagal 38. 8. Gach bliain ullmhóidh an Stiúrthóir dréacht-thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis ina mbeidh cuid di tiomanta do ghníomhaíochtaí rialála an Údaráis agus cuid do chúrsaí airgeadais agus riaracháin. 9. Maidir le foireann an Údaráis, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 49(3). Airteagal 31 An Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin 1. Beidh an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin freagrach as cúraimí an Údaráis a bhaineann le slándáil gréasáin agus faisnéise a chomhordú. Oibreoidh an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin faoi fhreagracht an Stiúrthóra agus tabharfaidh sé tuairisc don Stiúrthóir. Ullmhóidh sé an dreachtchlár oibre bliantúil i gcomhair na ngníomhaíochtaí seo. 2. Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin do thréimhse cúig bliana, bunaithe ar fhiúntas, scileanna agus taithí atá ábhartha chun déileáil le saincheisteanna slándála gréasáin agus faisnéise, ó liosta ar a bhfuil dhá iarrathóir ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún. 3. Ní fhéadfar an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin a chur as oifig ach amháin de bhun cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Riaracháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a thiocfaidh an Bord Riaracháin ar an gcinneadh seo. 4. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, téarma oifige an Phríomh-Oifigigh Slándála Gréasáin a shíneadh aon uair amháin go gceann trí bliana ar a mhéad, agus sna cásanna sin amháin ina dtugann dualgais agus ceanglais an Údaráis údarás dó. Airteagal 32 Buanghrúpa Páirtithe Leasmhara 1. Bunóidh an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin Buanghrúpa Páirtithe Leasmhara a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na bpáirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe ó thionscal na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, grúpaí tomhaltóirí agus saineolaithe acadúla sa tslándáil gréasáin agus faisnéise. Cinnteoidh sé, i gcomhar leis an Stiúrthóir, na nósanna imeachta a bhaineann, go háirithe, le líon agus ceapadh na gcomhaltaí, agus le comhdhéanamh agus feidhmiú an Ghrúpa. 2. Gníomhóidh an Príomh-Oifigeach Slándála Gréasáin mar chathaoirleach ar an nGrúpa. Is dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Ghrúpa bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin ná den Bhord Rialtóirí. 3. Beidh ionadaithe an Choimisiúin i dteideal láithreacht bheith acu sna cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair an Ghrúpa. 4. Féadfaidh an Grúpa comhairle a chur ar an bPríomh-Oifigeach Slándála Gréasáin maidir le comhlíonadh a chuid dualgas faoin Rialachán seo, le togra a tharraingt suas i gcomhair na gcodanna ábhartha de chlár oibre an Údaráis, mar aon le cumarsáid a áirithiú leis na páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre. Airteagal 33 An Bord Achomhairc 1. Beidh an Bord Achomhairc comhdhéanta de sheisear comhaltaí agus seisear malartach roghnaithe as foireann reatha nó as iar-fhoireann shinsearach na n-údarás náisiúnta rialála, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí náisiúnta nó Comhphobail a bhfuil taithí chuí acu in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Ainmneoidh an Bord Achomhairc a Chathaoirleach. 2. Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc ar thogra ón gCoimisiún, tar éis glao um léiriú spéise, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí. 3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Beidh an téarma seo in-athnuaite. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a dhéanamh san Údarás, ná ina Bhord Riaracháin, ná ina Bhord Rialtóirí. Ní fhéadfar comhalta den Bhord Achomhairc a chur as oifig le linn a théarma oifige mura bhfuil sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, agus mura ndéanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh chuige sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí. 4. Ní fhéadfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má tá aon leas pearsanta acu iontu, ná má bhí baint acu roimhe mar ionadaithe ar son cheann de na páirtithe sna himeachtaí, ná má ghlac siad páirt sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh. Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna atá luaite sa chéad fhomhír nó ar aon chúis eile, go measann comhalta den Bhord Achomhairc nár chóir do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh an comhalta é sin in iúl don Bhord Achomhairc. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc ar aon cheann de na forais atá luaite sa chéad fhomhír, nó má tá amhras ann go bhfuil sé nó sí claonta. Ní féidir agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí, ná ní cheadófar agóid a dhéanamh má ghlacann páirtí sna himeachtaí achomhairc céim den nós imeachta agus a fhios aige go bhfuil cúis agóide ann. 5. Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir leis an gcaingean a thionscnófar sna cásanna atá sonraithe i mír 4 gan rannpháirtíocht an chomhalta atá i gceist. D'fhonn an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta i dtrácht in ionad an chomhalta sin, mura bhfuil an malartach sa chor céanna. I gcás mar seo, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as na malartaigh atá ar fáil. Airteagal 34 Achomhairc 1. Beidh an Bord Achomhairc freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh cinntí nó beart arna nglacadh ag an Údarás sna réimsí folaithe ag Airteagal 8(1). 2. Is trí thromlach cáilithe ceathrair as seisear dá chomhaltaí ar a laghad a ghlacfar cinntí an Bhoird Achomhairc. Tionólfar an Bord Achomhairc nuair is gá. 3. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Mar sin féin, féadfaidh an Bord Achomhairc, má mheasann sé go gceanglaítear sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh a chonspóidtear a chur ar fionraí. 4. Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn san Údarás laistigh de dhá mhí ón uair a thabharfar fógra faoin gcinneadh nó faoin mbeart don ghnóthas i dtrácht, nó ina éagmais sin, ón lá a fhoilseoidh an tÚdarás a bheart nó a chinneadh. Déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh i dtaobh an achomhairc laistigh de dhá mhí ón uair a taisceadh é. 5. Má bhíonn an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú féachaint an bhfuil bunús leis. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc barúlacha a chomhdú maidir leis na fógraí arna eisiúint aige féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc, laistigh de theorainneacha sonraithe ama. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal tíolacadh ó bhéal a dhéanamh. 6. Féadfaidh an Bord Achomhairc, laistigh de théarmaí an Airteagail seo, aon chumhacht atá faoi inniúlacht an Údaráis a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a chur chuig comhlacht inniúil an Údaráis. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an dara ceann díobh seo. 7. Glacfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nós imeachta féin. Airteagal 35 Caingne os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais 1. Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 230 den Chonradh lena gconspóidtear cinneadh arna dhéanamh ag an mBord Achomhairc, nó i gcás nach bhfuil aon cheart achomhairc ag an mBord, arna dhéanamh ag an Údarás. 2. Mura ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh, féadfaidh imeachtaí de bharr neamhghnímh a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh. 3. Beidh sé de cheanglas ar an Údarás na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Céadchéime nó breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh. CAIBIDIL V CEANGLAIS AIRGEADAIS Airteagal 36 Buiséad an Údaráis 1. Beidh an méid seo a leanas in ioncam an Údaráis: (a) muirir i leith seirbhísí arna soláthar ag an Údarás; (b) céatadán de na táillí úsáide arna íoc ag iarrthóirí i gcomhréir le forálacha Airteagal 17; (c) fóirdheontas ón gComhphobal a iontrálfar i mbuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (Cuid an Choimisiún); (d) aon leagáidí, tabhartais, nó deontais dá dtagraítear in Airteagal 26(7). (e) aon ranníocaíochtaí saorálacha ó na Ballstáit nó ó údaráis rialála na mBallstát. 2. Folóidh caiteachas an Údaráis costais foirne, riaracháin, bonneagair agus oibríochtúla. 3. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú. 4. Beidh ioncam agus caiteachas go léir an Údaráis ina n-ábhar le haghaidh réamhaisnéisí ar gach bliain airgeadais, i gcomhthráth leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis. Airteagal 37 Bunú an Bhuiséid 1. Gach bliain, faoi cheann an 15 Feabhra ar a dhéanaí, tarraingeoidh an Stiúrthóir suas réamh-dhréachtbhuiséad a fholóidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár oibre a mbeidh súil leo sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé é chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta de phoist shealadacha. Gach bliain, déanfaidh an Bord Riaracháin meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, bunaithe ar an dréacht arna ullmhú ag an Stiúrthóir. Déanfaidh an Bord Riaracháin an meastachán seo, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a chur chuig an gCoimisiún faoi cheann an 31 Márta ar a dhéanaí. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht arna ullmhú ag an Stiúrthóir chuig an mBord Rialála agus féadfaidh an Bord Rialála tuairim a eisiúint i dtaobh an dréachta. 2. Cuirfidh an Coimisiún an meastachán chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear an 't-údarás buiséid' anseo feasta) in éineacht le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. 3. Ar bhonn na meastachán, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den deontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh. 4. Glacfaidh an t-údarás buiséid an plean bunaíochta don Údarás. 5. Déanfaidh an Bord Riaracháin buiséad an Údaráis a tharraingt suas. Beidh sé críochnaitheach ón uair a ghlacfar go críochnaitheach le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Más gá, coigeartófar é dá réir. 6. Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra don údarás buiséid, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige a chur chun feidhme a d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadal a bhaineann le réadmhaoin amhail foirgneamh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Má bhíonn sé i gceist ag ceachtar brainse den údarás buiséid tuairim a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don Údarás laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an t-eolas maidir leis an tionscnamh tógála a fháil. In éagmais freagra, is féidir leis an Údaras dul ar aghaidh leis an oibriúchán atá beartaithe. Airteagal 38 An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú 1. Feidhmeoidh an Stiúrthóir mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad an Údaráis chun feidhme. 2. Faoi cheann an 1 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin faoi cheann an 31 Márta den bhliain ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Ansin, comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. 3. Faoi cheann an 31 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha an Údaráis ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais le linn na bliana airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais le linn na bliana airgeadais sin a chur ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 4. Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha an Údaráis, déanfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002, cuntais chríochnaitheacha an Údaráis a tharraingt suas ar a thionscnamh féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Riaracháin iad chun a thuairim a fháil. 5. Eiseoidh an Bord Riaracháin tuairim ar chuntais chríochnaitheacha an Údaráis. 6. Déanfaidh an Stiúrthóir faoi cheann an 1 Iúil, ar a dhéanaí, i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha seo, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, a chur chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus an Chúirt Bhreithiúnais. 7. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha. 8. Cuirfidh an Stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir le barúlacha na Cúirte Iniúchóirí faoi cheann an 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra seo chuig an mBord Riaracháin, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún freisin. 9. Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, agus dá bhforáiltear in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, déanfaidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá i gcomhair dhea-fheidhmiú an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig Parlaimint na hEorpa. 10. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine den bhliain N + 2, i leith cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais N. Airteagal 39 Rialacha Airgeadais Tarraingeoidh an Bord Riaracháin suas na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh na rialacha seo imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún má fhágann riachtanais shonracha oibríochtúla d'fheidhmiú an Údaráis go bhfuil gá leis sin, agus má fhaightear comhaontú an Choimisiúin roimh ré. Airteagal 40 Bearta frith-chalaoise 1. D'fhonn calaois, éilliú agus gníomhartha neamhdhlíthiúla eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [34]. 2. Aontóidh an tÚdarás don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontas Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [35] agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn d'fhoireann uile an Údaráis. 3. Beidh coinníoll follasach sna cinntí maoinithe, sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a leanann astu go bhféadfaidh OLAF, más gá é, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar thairbhithe an airgid a íocann an tÚdarás amach agus ar an bhfoireann atá freagrach as an airgead seo a íoc amach freisin. CAIBIDIL VI FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 41 Faisnéis a sholáthar don Údarás 1. Soláthróidh na gnóthais a sholáthraíonn gréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí an fhaisnéis uile, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, arna hiarraidh ag an Údarás d'fhonn a chuid cúraimí a chur i gcrích mar atá leagtha amach sa Rialachán seo. Soláthróidh na gnóthais an fhaisnéis sin gan mhoill má iarrtar é agus cloífidh siad leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí arna iarraidh ag an Údarás. Tabharfaidh an tÚdarás cúiseanna lena dtugtar údar dá iarratas ar fhaisnéis. 2. Soláthróidh na húdaráis rialála náisiúnta don Údarás an fhaisnéis is gá d'fhonn a chuid cúraimí a chur i gcrích faoin rialachán seo. I gcás go dtagróidh an fhaisnéis d'fhaisnéis arna soláthar ag na gnóthais roimhe, ar iarratas ón údarás rialála náisiúnta, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin. Airteagal 42 Comhairliúchán Amach ó chásanna a thiteann laistigh d'Airteagal 20 nó Airteagal 21, rachaidh an tÚdarás, má bhíonn sé de rún aige bearta a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha a gcuirtear síos orthu sa Rialachán seo, rachaidh sé i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara nuair is iomchuí agus tabharfaidh deis dóibh trácht a dhéanamh ar an dréacht beart laistigh de thréimshe réasúnta ama. Déanfaidh an tÚdarás torthaí an nós imeachta chomhairliúcháin a chur ar fáil don phobal, seachas i gcás faisnéise rúnda. Airteagal 43 Maoirseacht, forfheidhmiú agus pionóis 1. Féadfaidh an Coimisiún pionóis airgeadais a fhorchur ar ghnóthais mura soláthróidh siad faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41. Beidh na pionóis seo éifeachtúil comhréireach athchomhairleach. 2. Beidh freagracht ar na húdaráis rialála náisiúnta, i gcomhar leis an Údarás, a dheimhniú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na hoibleagáidí a thig ó na forálacha a gcuirtear síos orthu sa Rialachán seo. 3. I gcás go bhforchuirfear pionóis faoin Airteagal seo, foilseoidh an tÚdarás ainmneacha na ngnóthas i dtrácht agus na suimeanna airgid agus na fáthanna a ghabhann leis na pionóis arna bhforchur. 4. Beidh dlínse gan teorainn ag an gCúirt Bhreithiúnais, de réir bhrí Airteagal 229 den Chonradh, ar athbhreithniú na gcinntí deiridh lena bhforchuirtear pionós faoin Airteagal seo. Airteagal 44 Leasanna a dhearbhú Déanfaidh foireann an Údaráis, lena n-áirítear an Stiúrthóir, Príomhoifigeach Slándála an Ghréasain agus oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna ina luafar aon leasanna díreacha nó indíreacha a bhféadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Is i scríbhinn a dhéanfar dearbhuithe den saghas sin. Airteagal 45 Trédhearcacht 1. Cuirfidh an tÚdarás a chuid cúraimí i gcrích ar bhealach fíor-thrédhearcach. 2. Áiritheoidh an tÚdarás go ndéanfar faisnéis oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht furasta uirthi a thabhairt don phobal, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre, nuair is iomchuí. Thairis sin, fógróidh sé dearbhuithe leasanna arna ndéanamh ag an Stiúrthóir agus ag oifigigh ar iasacht go sealadach ó na Ballstáit, mar aon le dearbhuithe leasanna arna ndéanamh ag saineolaithe. 3. Féadfaidh an Bord Rialtóirí, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí an Údaráis. 4. Ina nósanna imeachta inmheánacha féin leagfaidh an tÚdarás síos na socruithe praiticiúla d'fhonn na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme. Airteagal 46 Rúndacht 1. Ní sceithfidh an tÚdarás le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aige ná arna tabhairt dó má iarrtar air déileáil go rúnda leis an bhfaisnéis sin. 2. Tá comhaltaí Bhoird an Údaráis, an Stiúrthóir, saineolaithe seachtracha agus baill foirne an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, tá siad faoi réir na gceanglas rúndacht de bhun Airteagal 287 den Chonradh, go fiú nuair a bheidh deireadh lena gcuid cúraimí. 3. Ina nósanna imeachta inmheánacha féin leagfaidh an tÚdarás síos na socruithe praiticiúla d'fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme. 4. Gan dochar d'Airteagal 47 déanfaidh an tÚdarás na bearta cuí, i gcomhréir le Cinneadh 2001/844/CE, An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, Euratom [36], d'fhonn faisnéis a chosaint, faoi réir cheanglas na rúndachta, faisnéis a bhfuil teacht aige uirthi nó a chuireann na Ballstáit in iúl dó. Déanfaidh na Ballstáit bearta coibhéiseacha i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha naisiúnta. Féachfar go cuí do thromchúis an dochar a d'fhéadfadh a bheith ann do leasanna riachtanacha an Chomhphobail nó do leasanna riachtanacha na mBallstát. Urramóidh gach Ballstát agus an Coimisiún an t-aicmiúchán ábhartha slándála arna lua ag tionscnóir doiciméid. Airteagal 47 Rochtain ar dhoiciméid 1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid i seilbh an Údaráis. 2. Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla laistigh de shé mhí ó thús éifeachtúil oibriúcháin an Údaráis d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. D'fhéadfadh sé go mbeadh cinntí arna ndéanamh ag an Údarás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 faoi seach den Chonradh. Airteagal 48 Stádas dlítheanach 1. Comhlacht de chuid an Chomhphobail a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici a bheidh san Údarás. 2. I ngach ceann de na Ballstáit beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge dá bhfuil ann do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. 3. Déanfaidh Stiúrthóir an Údaráis ionadaíocht thar cheann an Údaráis. 4. Is i [.......] a bheidh suíomh an Údaráis. Go dtí go mbeidh a háitreabh ullamh, beidh sé suite ar áitreabh Chomhphobail. Airteagal 49 Foireann 1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n-áirítear an Stiúrthóir agus Príomhoifigeach Slándála an Gréasáin, ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach d'fhonn na rialacha seo a chur i bhfeidhm. 2. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Riaracháin na bearta cur chun feidhme is gá i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach. 3. I dtaca lena fhoireann, feidhmeoidh an tÚdarás na cumhachtaí arna dtabhairt don údarás ceapacháin ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus arna dtabhairt don údarás atá i dteideal conarthaí a chur i gcrích trí Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach. 4. Féadfaidh an Bord Riaracháin forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht sa Údarás. Airteagal 50 Pribhléidí agus díolúintí Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an Údarás agus foireann an Údaráis. Airteagal 51 Dliteanas an Údaráis 1. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh freagrach as i bhfeidhmiú a gcuid dualgas. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach in aon díospóid a bhaineann le damáiste dá leithéid a leigheas. 2. Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha is infheidhme ar fhoireann an Údaráis. Airteagal 52 Sonraí pearsanta a chosaint Agus sonraí a bhaineann le daoine aonair á bpróiseáil aige, beidh an tÚdarás faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Airteagal 53 Rannpháirtíocht tríú tíortha Féadfaidh tíortha Eorpacha bheith páirteach san Údarás má tá comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal, comhaontuithe trína nglacann na tíortha i dtrácht reachtaíocht an Comhphobail agus trína gcuireann siad i bhfeidhm an reachtaíocht sin sa réimse a fholaíonn an Rialachán seo. I gcomhréir le forálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe lena sonrófar mionsonraí na rialacha rannpháirteachais do na tíortha seo in obair an Údaráis, go háirithe cineál agus méid an rannpháirteachais sin. Áireofar sna socruithe seo, go háirithe, forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir le foireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh d'ionadaíocht, gan vóta, ar an mBord Rialtóirí. Airteagal 54 Coiste Cumarsáide 1. Agus forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme, beidh an Coimisiún de chúnamh ag an gCoiste Cumarsáide, arna bhunú ag Airteagal 22 de Threoir 2002/21/CE (Treoir-Réime). 2. I gcás go ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. 3. I gcás go ndéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5a(1), (2), (3), (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE infheidhme, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 55 Meastóireacht Laistigh de chúig bliana i ndiaidh thús éifeachtúil na n-oibriúchán, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta maidir leis an taithí arna fáil mar gheall ar oibriú an Údaráis agus mar gheall ar na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán seo. Folóidh an mheastóireacht seo na torthaí arna mbaint amach ag an Údarás agus ag a mhodhanna oibre i dtaca lena chuspóir, lena sainordú agus lena cúraimí mar atá sainithe sa Rialachán seo agus ina gcláir oibre bhliantúla féin. Cuirfidh an mheastóireacht tuairimí na ngeallsealbhóirí san áireamh, ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Airteagal 56 Forálacha idirthréimhseacha 1. An 14 Márta 2011, gabhfaidh an tÚdarás chuige an fhreagracht as na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise. 2. Déanfar an leas úinéireachta dá bhfuil in aon mhaoin shochorraithe atá i seilbh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ar an dáta dá dtagraítear i mír 1 thuas a aistriú chuig an Údarás le héifeacht ón dáta sin. Airteagal 57 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [31 Nollaig 2009]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán […] […] IARSCRÍBHINN EOLAS I DTAOBH CEARTA ÚSÁIDE LE hÁIREAMH SA CHLÁRLANN (dá dtagraítear in Airteagal 20) Féadfar eolas i dtaobh Cearta Úsáide a theorannú do bhandaí minicíochta a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonacha a sholáthar agus atá intrádáilte i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Threoir 2001/21/CE (Treoir Réime) nó a dheontar trí nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha de bhun Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe). I gcás na mbandaí minicíochta ábhartha, soláthróidh na Ballstáit an t-eolas breise seo a leanas, i gcomhréir le ceanglais Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint ó thaobh próiseála sonraí pearsanta de agus maidir le saorghluaiseacht sonraí [37] den chineál sin agus rialacha Comhphobail agus náisiúnta i dtaca le rúndacht sa ghnó. 1. céannacht shealbhóir cheart na radaimhinicíochta; 2. dáta éaga an chirt nó an mharthanacht a bhfuil súil léi; 3. fairsinge limistéar an chirt agus dearbhú maidir le cé acu ceart áitiúil (i.e. stáisiún amháin), réigiúnach nó náisiúnach é; 4. cé acu an bhfuil an ceart intrádáilte nó nach bhfuil a lua. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA mBUNAÍTEAR AN tÚDARÁS EORPACH UM MHARGADH NA CUMARSÁIDE LEICTREONAÍ 2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí) Réimse/Reimsí beartais: An tsochaí faisnéise Gníomhaíocht: Beartas Cumarsáide Leictreonaí 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh: Molfar línte buiséid nua do chaiteachas riaracháin agus caiteachas oibríochtúil: 09.02.04.01 EECMA Caiteachas Riaracháin 09.02.04.02 EECMA Caiteachas Oibríochtúil 3.2. Fad tréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais: 2010 - 2015 3.3. Tréithe buiséadacha: Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais | 09.02.04.01 | Neamhéig-eantach | Difreáilte | SEA | NÍL | NÍL | Uimh. 1a | 09.02.04.02 | Neamhéig-eantach | Difreáilte | SEA | NÍL | NÍL | Uimh. 1a | 4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. coda | | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil [38] | | | | | | | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 4,570 | 8,221 | 10,590 | 10,590 | 33,971 | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | b | 4,570 | 8,221 | 10,590 | 10,590 | 33,971 | Caiteachas Riaracháin | | | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.4. | d | 3,509 | 10,827 | 12,410 | 12,410 | 39,156 | Costais riaracháin, amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara | 8.2.5. | e | 2,085 | 4,050 | 4,500 | 4,500 | 15,135 | Iomlán | | | 5,594 | 14,877 | 16,910 | 16,910 | 54,291 | | | | | | | Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála | LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | a+c+d+e | 10,164 | 23,098 | 27,500 | 27,500 | 88,262 | LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | b+c+d+e | 10,164 | 23,098 | 27,500 | 27,500 | 88,262 | 4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh [39] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) | | Roimh ghníomh 2009 | | Staid tar éis an ghnímh | Líne Buiséid | Ioncam | | | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | | a) Ioncam mar ghlanfhigiúr | | | - | - | - | - | | b) Athrú san ioncam | | | - | - | - | - | 4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1. Riachtanais Bhliantúla | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 38 | 113 | 135 | 135 | 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Laistigh de raon feidhme na Treorach Réime agus na dTreoracha Sonracha cuirfidh an tÚdarás le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le gréasáin agus seirbhísí na cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear, go háirithe, forbairt na cumarsáide leictreonaí trasChomhphobail agus forbairt leibhéil éifeachtúil shlándála gréasáin agus faisnéise. Feidhmeoidh an tÚdarás mar lárionad oilteachta do ghréasáin agus seirbhísí na cumarsáide leictreonaí ag leibhéal an AE, agus bainfidh siad úsáid as taithí na n-údarás rialála. Glacfaidh sé chuige feidhmeanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (GESGF). 5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí eile airgeadais agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Ach an creat rialála a chur i bhfeidhm go seasta i dtaca le cumarsáid leictreonach, neartófar an iomaíocht agus tiocfaidh feabhas ar an iomaíochas. Is féidir go gcuirfear bac ar fhorbairt na seirbhísí trasnáisiúnta mar gheall ar an ngá coinníollacha éagsúla náisiúnta a chomhlíonadh. I ngeall ar nósanna imeachta ar leibhéal an Chomhphobail laghdófar an bac seo agus maolófar ualach riaracháin na ngnóthas. Ach na feidhmeanna a leithdháiltear faoi láthair ar an GESGF a chomhtháthú le haonán níos mó, cruthófar sineirgí i dtaca le cúraimí riaracháin agus cothrománacha agus tiocfaidh méadú ar na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh cúraimí oibríochtúla i réimse na slándála Gréasáin agus faisnéise. 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM) I gcás na ngníomhaíochtaí a bhaineann le margaí náisiúnta agus trasnáisiúnta a shainiú agus a anailísiú, is táscaire iomchuí líon na dtuairimí ábhartha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin. I dtaca le coinníollacha agus nósanna imeachta a shainiú chun minicíochtaí nó acmhainní uimhrithe a úsáid, léireoidh líon na nósanna imeachta den chineál sin agus na nósanna imeachta roghnúcháin iardain an méid atá bainte amach den toradh a bhfuil súil leis ar shimpliú na seirbhísí trasnáisiúnta. I gcás gníomhaíochtaí eile an Údaráis (aighnis trasteorann, clár d'fhaisnéis maidir le minicíochtaí, malartú eolais) beidh éifeachtúlacht na mbeartas le feiceáil go díreach trí úsáid agus feidhmiú na seirbhísí seo. 5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach) Bainistiú láraithe ag an gCoimisiún go díreach go hindíreach trína tharmligean chuig: Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe leis na Ballstáit le Tríú tíortha Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil) 6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT 6.1. Córas Monatóireachta Gach bliain, déanfar monatóireacht ar obair an Údaráis agus measúnófar é sa tuarascáil ghinearálta bhliantúil (don bhliain roimhe sin) agus sa chlár oibre (don bhliain ina dhiaidh sin). Glacann Bord Rialtóirí an Údaráis an dá doiciméad seo agus cuirtear iad chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus na Ballstáit. 6.2. Meastóireacht 6.2.1. Meastóireacht ex-ante Folaíonn measúnú iarmharta an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo an mheastóireacht ex-ante i dtaca leis na riachtanais/fadhbanna, na cuspóirí, na roghanna beartais (lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann leo) agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta agus na socruithe monatóireachta a bhaineann leis an Údarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí. Thairis sin, soláthraíonn Iarscríbhinn III den mheasúnú iarmharta anailís costais is tairbhe don Údarás [40]. Léiríonn anailís costais is tairbhe gur féidir a mheas, i gcás coimeádach, go bhféadfadh an tÚdarás tairbhe eacnamaíoch iomlán a chruthú, sna réimsí polasaí a mbeadh sé gníomhach iontu, a bheadh timpeall a dheich oiread go dtí a thríocha oiread ní ba mhó ná a chostas buiséadach (i.e. tairbhe d'ord méadaíochta de thimpeall EUR 250 - 800 milliún.) D'fhéadfadh an tairbhe a bheith suas go dtí idir €550 agus €1400 milliún dá mbainfí amach na cásanna is dearfaí i leith fhás na margaí uile-Eorpacha. Foinse mhór amháin na tairbhe sin is ea an laghdú ar riosca rialála a bhainfí amach trí chuidiú an Údaráis. Fiú amháin mar gheall ar laghdú beag (timpeall 10%) ar an riosca rialála ar fud na hEorpa, cruthófar costas níos ísle caipitil do thionscal. Thairis sin, cuirfear luas le sannadh na minicíochtaí do sheirbhísí uile-Eorpacha toisc an tÚdarás a bheith páirteach ann; más féidir cur i gníomh mórthionscnamh den chineál seo a chur ar aghaidh aon bhliain amháin fiú, d'fhéadfadh tairbhe eacnamaíoch na céadta milliún euro a bheith i gceist. Tá gnéithe eile cáilíochtúla ann lena dtacaítear le bunú an Údaráis nach féidir a mheas ina n-iomláine ná nach féidir luach airgead a chur air trí anailís costais is tairbhe. San fhadtéarma, is dócha gurb é an buntáiste eacnamaíoch is mó a bhainfidh leis an Údarás ná iomaíocht idir ardáin nua teicneolaíochta éagsúla a chumasú. D'fhéadfadh an tÚdarás cuidiú na rioscaí rialála a bhaineann le tionscnaimh taighde agus forbairt a laghdú freisin, rud a mhéadódh, is dócha, an claonadh atá ann infheistiú i dtaighde agus forbairt agus ar an dóigh sin cuidiú an bhearna idir an fíor-leibhéal infheistíochta agus an leibhéal infheistíochta inmhianaithe a líonadh, i mbealach atá margadh-éifeachtúil. Ní féidir an chuid is mó de na buntáistí thuasluaite a fháil tríd an gcomhar reatha – ná trí chomhar neartaithe go fiú – atá ann idir na Ballstáit (rinneadh anailís air sin mar rogha mhalartach sa mheasúnú iarmharta) arna bhunú ar struchtúr scaoilte chomhar Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa. An gcóras athbhreithnithe piaraí gan cumhacht croise a chleachtann an ERG, ní féidir cuimhneamh air mar mheicníocht chomh inchreidte céanna chun an riosca earráide rialúcháin a laghdú ar fud na hEorpa ná chun an neamhchinnteacht margaidh a mheastar a bheith ann i dtaca le tosca discréide rialúcháin a laghdú. Mar sin, fiú sna cásanna coimeádacha i dtaca leis na buntáistí agus na costais ghaolmhara a d'fhéadfadh a bheith ann, tá bunú an Údaráis costéifeachtúil agus is féidir é a chosaint go huile agus go hiomlán ó thaobh bhuiséad an AE de. 6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo) Reáchtáil an Coimisiún meastóireacht idirmheánach ar GESGF agus d'fhoilsigh tuarascáil na meastóireachta seachtraí seo mar aon le Teachtaireacht [41] ina dtugtar a thuairim féin ar na torthaí agus ar na moltaí a rinne Bord Bainistíochta GESGF. Moladh sa mheastóireacht gur chóir go sínfear sainordú GESGF amach thar an mharthanacht reatha a éagfaidh in 2009. Ó thaobh cúrsaí eagair de, moladh gur cheart an líon foirne oibríochtúil go háirithe a mhéadú, ionas go mbeidh líon riachtanach daoine ann. Is féidir an moladh seo a bhaint amach ach cúraimí GESGF a chomhtháthú le haonán níos mó. Bainfidh an aonán comhtháite sochar as barainneacht mhórscálach ó thaobh cúraimí riaracháin de, sa chruth go mbeidh sciar comhréireach na n-acmhainní do na cúraimí seo i bhfad níos ísle ná mar atá i struchtúr reatha eagair GESGF. Is féidir sineirgí breise a chruthú ach cúraimí cothrománacha agus oibríochtúla amhail iad sin a bhaineann le heolas a bhailiú agus a chraobhscaoileadh, le comhar agus le líonrú, a chomhcheangal i bhfeidhm eagair amháin faoi réir an Údaráis ina iomláine. 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí I gcomhréir leis an Rialachán lenar bunaíodh é, beidh ar an Údarás tuarascáil ghinearálta a chur i dtoll a chéile gach bliain maidir lena ghníomhaíochtaí le linn na bliana roimhe sin agus cuirfear ar aghaidh í chuig na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. Sa tuarascáil seo luafar na gníomhaíochtaí sonracha uile arna ndéanamh ag an Údarás agus soláthrófar tásca chun na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi athbhreithniú beartaithe an Rialacháin a mheas. Ní mór meastóireacht seachtrach neamhspleách ar an Rialachán Beartaithe a dhéanamh laistigh de chúig bliana ó thús éifeachtúil oibriúcháin an Údaráis. Tar éis na meastóireachta tosaigh seo ar chéim an tionscnaimh, déanfar gníomhaíochtaí an Údaráis a mheas gach cúig bliana ar a laghad. 7. Bearta frith-chalaoise Chun cur i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir leis an Údarás, agus aontóidh sé don chomhaontú idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Eiseoidh sé gan mhoill na soláthairtí iomchuí dá fhoireann. 8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ Meastar go mbeidh fás faoin Údarás go dtí go mbeidh foireann sheasta 134 FTE aige tráth a bheidh sé faoi lán seoil. Leis seo, áirítear cúraimí agus acmhainní GESGF a ghlacadh chuige in 2011. EUR 10 milliún a bheidh sa bhuiséad bliantúil sa chéad bhliain, meastar, agus EUR 28 milliún a bheidh ann tar éis na tríú bliana. 8.1. Cuspóirí an togra ó thaobh a gcostais airgeadais de Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 1: An margadh inmheánach a neartú | Sainiú, anailís, athbhreithniú, iniomparthacht uimhreacha, aighnis trasteorann, slándáil gréasáin agus faisnéise | 2,200 | 3,025 | 3,575 | 3,575 | 12,375 | Fo-iomlán Cuspóir 1 | 2,200 | 3,025 | 3,575 | 3,575 | 12,375 | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 2: Cearta úsáide a chomhchuibhiú | Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le cearta úsáide, na gnóthais a roghnú, nósanna imeachta riaracháin | 1,100 | 1,650 | 2,475 | 2,475 | 7,700 | Fo-iomlán Cuspóir 2 | 1,100 | 1,650 | 2,475 | 2,475 | 7,700 | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 3: Dea-chleachtas agus faisnéis a chraobhscaoileadh | Gníomh 1 Córais faisnéise phoiblí: Eolais maidir le minicíochtaí, bunachar fánaíochta etc. | 0,.280 | 0,420 | 0,525 | 0,525 | 1,750 | Gníomh 2 Eolas a mhalartú, tuarascálacha, etc. | 0,990 | 1,210 | 1,595 | 1,595 | 5,390 | Fo-iomlán Cuspóir 3 | 1,270 | 1,630 | 2,.120 | 2,120 | 7,140 | CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 4: Comhairle theicniúil maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise | Anailís theicniúil agus comhairle theicniúil | 0 | 1,916 | 2,420 | 2,420 | 6,756 | Fo-iomlán Cuspóir 4 | 0 | 1,916 | 2,420 | 2,420 | 6,756 | COSTAS IOMLÁN | 4,570 | 8,221 | 10,590 | 10,590 | 33,971 | Folofar an caiteachas oibríochtúil trí fhóirdheontas Comhphobail arna íocadh le buiséad an Údaráis. 8.2. Caiteachas Riaracháin an Údaráis Folófar an caiteachas riaracháin trí bhuiséad an Údaráis, buiséad a maoineofar trí fhóirdheontas Comhphobail arna íocadh le buiséad an Údaráis. 8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna Sa tábla thíos léirítear an fhoireann arna leithdháileadh ar an Údarás. Thairis sin, tá gá le post AD amháin sa bhreis i Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach. Cineálacha post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) | | | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Oifigigh nó foireann shealadach | AD | 12 | 43 | 45 | 45 | | AST | 7 | 23 | 24 | 24 | Foireann sheachtrach | 18 | 46 | 65 | 65 | IOMLÁN | 37 | 112 | 134 | 134 | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh Sa tábla thíos léirítear an leithdháileadh foirne ar chúraimí an Údaráis nuair a bheidh sé ag feidhmiú go hiomlán. (Ní áirítear sa tábla an post AD sa bhreis arna leithdháileadh ar Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach.) | | AD | AST | END | Conarthach | Iomlán | Riarachán agus Bainistíocht | Stiúrthóir | 1 | 1 | - | 1 | 3 | | An Bord Rialtóirí, teagmháil leis an mBallstát, clárú | 3 | 1 | - | 3 | 7 | | Riarachán agus bainistíocht | 7 | 6 | - | 12 | 25 | | Riarachán agus bainistíocht, iomlán | 11 | 8 | 0 | 16 | 35 | Oibriúcháin | Anailís ar an margadh | 9 | 4 | 6 | 6 | 25 | | Comhchuibhiú | 5 | 3 | 4 | 3 | 15 | | Slándáil gréasáin agus faisnéise | 14 | 6 | 10 | 10 | 40 | | Faisnéis agus cumarsáid, dea-chleachtas | 6 | 3 | 5 | 5 | 19 | | Iomlán | 34 | 16 | 25 | 24 | 99 | Iomlán | | 45 | 24 | 25 | 40 | 134 | 8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla) Aistreofar chuig an Údarás 44 poist atá leithdháilte ar GESGF faoi láthair nuair a bheidh GESGF comhtháthaithe leis an Údarás, Márta 2011. Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile Iarrfar post AD amháin breise sa Choimisiún do Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach. Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach) Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana i gceist 8.2.4. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Oifigigh agus foireann shealadach | 2,340 | 7,839 | 8,190 | 8,190 | Foireann Sheachtrach (END, foireann chonarthach, etc.) | 1,169 | 2,988 | 4,220 | 4,220 | Costas iomlán na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara | 3,509 | 10,827 | 12,410 | 12,410 | EUR 117 000 an meánchostas bliantúil measta i gcás na foirne reachtúla, EUR 68 000 i gcás na nENDanna agus EUR 63 000 i gcás fostaithe eile. Áirítear, sa chostas, foireann an Údaráis agus an post breise i Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach. 8.2.5. Caiteachas riaracháin eile Sa tábla thíos léirítear miondealú ar an gcaiteachas riaracháin, caiteachas a fholófar trí fhóirdheontas Comhphobail arna íocadh le buiséad an Údaráis. EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | IOMLÁN | Bonneagar (foirgnimh agus costais ghaolmhara), trealamh, tomhaltáin, cumarsáid, TF, etc. | 1,100 | 2,200 | 2,450 | 2,450 | 8,200 | Misin agus cruinnithe | 0,485 | 0,750 | 0,850 | 0,850 | 2,935 | Costais riaracháin (aistriúchán, staidéir, comhairliúchán, etc.) | 0,500 | 1,100 | 1,200 | 1,200 | 4,000 | Caiteachas Bainistíochta Iomlán Eile | 2,085 | 4,050 | 4,500 | 4,500 | 15,135 | Ranníocaíocht an Chomhphobail Tá beartaithe in Airteagal 15(2) den Rialachán seo go bhféadfadh sé go nglacfaidh an tÚdarás le sciar de na táillí úsáide a ghabhann leis na cearta úsáide do mhinicíochtaí agus uimhreacha. Ní mór leithdháileadh na dtáillí a shainiú in ionstraim ar leith agus ní féidir é a chinntiú faoi láthair. Agus ranníocaíocht an Chomhphobail don Údarás á ríomh, ní chuirtear ioncaim a d'fhéadfadh teacht ón bhfoinse seo san áireamh. 8.3. Caiteachas Riaracháin an Choimisiúin Leithdháilfear post AD amháin sa bhreis ar Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach. I gcás chúraimí eile an Choimisiúin a bhaineann le monatóireacht agus bainistíocht an Údaráis ní bheidh gá le poist sa bhreis ná le caiteachas thar na hacmhainní arna leithdháileadh ar na cúraimí seo cheana féin i dtaca le GESGF agus na hacmhainní sin arna n-úsáid faoi láthair le haghaidh comhordaithe leis an ERG. Féadfaidh an DG atá freagrach foireann nó acmhainní buiséideach sa bhreis a fháil trí acmhainní atá ann cheana a athdháileadh. [1] COIM(2006) 334. [2] Bunaíodh ERG le Cinneadh 2002/627/CEC ón gCoimisiún an 29 Iúil 2002, arna leasú le Cinneadh 2004/641/CE ón gCoimisiún an 14 Meán Fomhair 2004. Nuair a thiocfaidh an Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí i bhfeidhm agus nuair a bheidh an tÚdarás ag feidhmiú go hiomlán, aisghairfidh an Coimisiún Cinneadh ERG. [3] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le meastóireacht ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (GESGF) COIM/2007/285 críochnaitheach. [4] COIM(2007) 697, COIM(2007) 698. [5] SEC (2007) 1472. [6] Tá IRG comhdhéanta as 27 UNR an AE móide UNRanna seacht dtír eile Eorpacha: An Chróit, an Íoslainn, an Lichtinstéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Iorua, an Eilbhéis agus an Tuirc. [7] COIM(2005) 59. [8] I gcodarsnacht le seo, bíonn cinntí rialála i réimsí eile (e.g. eisiúint ceart úsáide) ag brath go mór ar coinníollacha aitiúla. [9] Airteagal 16. [10] Tarraingíodh an cheist seo aníos sa Chumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa – Beartas Spáis na hEorpa, COIM(2007) 212 críochnaitheach, 26 Aibreán 2007. [11] Bunaithe ar cheantanna deireanacha (2006) a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus sa Ghearmáin, is féidir a mheas go triaileach go mbeadh luach i réimse 35-60 milliún euro ar shliotán speictrim a bheadh oiriúnach do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí tríd an AE. Dá ndeonófaí 1% an luacha seo don Údarás, bheadh cion tairbhe idir 0.35 agus 0.60 milliún euro ann. Is féidir roinnt 'sliotán' dá leithéid a shamhlú. [12] Maidir le ceapachán an Stiúrthóra, féach na Treoirlínte do ceapachán chinnirí gníomhaireachtaí Comhphobail (SEC(2005) 625). [13] IO C […], lch.[…]. [14] IO C [...], lch. [...]. [15] IO C […], lch.[…]. [16] IO C […], lch.[…]. [17] IO L 108, 24.4.2002, lch. 33. [18] IO L 108, 24.4.2002, lch. 7. [19] IO L 108, 24.4.2002, lch. 21. [20] IO L 108, 24.4.2002, lch. 51. [21] IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54). [22] IO L 77, 13.3.2004, lch. 1. [23] IO L 200, 30.7.2002, lch. 38. [24] COIM(2006) 68 agus COIM(2007) 155. [25] COIM(2006) 334. [26] COIM(2007) 285. [27] "Meastóireacht ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise", Tuarascáil Chríochnaitheach ón bPainéal Saineolaithe, IDC EMEA, 8.1.2007 [28] IO L 108, 24.4.2002, lch. 1. [29] IO L 171, 29.6.2007, lch. 32. [30] IO L 357, 31.12.2002, lch. 72. [31] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43. [32] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [33] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [34] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1. [35] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15. [36] IO L 317, 3.12.2001, lch. 1. [37] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [38] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann. [39] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [40] SEC(2007)III. [41] Teachtaireacht maidir le meastóireacht ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (GESGF), COIM(2007) 285 an 1 Meitheamh 2007. --------------------------------------------------