Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin o Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) de Chonradh CE) /* COIM/2007/0673 leagan deireanach - COD 2006/0145 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 24.10.2007 COIM(2007) 673 leagan deireanach 2005/0145 (COD) Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le breiseáin bia (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) de Chonradh CE) MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN I. NÓS IMEACHTA 1. An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia [Cáipéis (COIM(2006)0428 críochnaitheach) mar chuid de phacáiste ceithre thogra maidir le hoibreáin feabhsaithe bia. Cuireadh an togra faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 28 Iúil 2006. 2. Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta lena thuairim an 25 Aibreán 2007. 3. D’aontaigh an Chomhairle ‘cur chuige ginearálta' maidir leis an togra ag cruinniú EPSCO an 31 Bealtaine 2007. 4. Thug Parlaimint na hEorpa tuairim dhearfach faoin togra ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007. 5. Leasaíonn an togra reatha an togra bunaidh [COIM (2006)0428 – 2006/0145(COD)] chun leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo a chur san áireamh. 6. Ghlac Parlaimint na hEorpa le 59 leasú i ndáil leis an togra bunaidh. Chuir an Coimisinéir Kyprianou in iúl don chruinniú iomlánach an 9 Iúil 2007 go bhféadfadh an Coimisiún glacadh le go leor de na leasuithe, go hiomlán nó i bpáirt, agus faoi réir iad a bheith athscríofa i bhfocail éagsúla. Is iad seo a leanas na leasuithe nach bhféadfaidh an Coimisiún glacadh leo: 10, 11, 12, 20, 24, 25, 29, 30, 34, 38, 40, 45, 47, 52, 54, 5, 6, 69rev, 73 agus 78. 7. Tá na leasuithe sa togra athbhreithnithe i gcló trom le líne faoi . Athfhoirmíodh roinnt leasuithe chun a áirithiú go mbeadh an téarmaíocht a úsáidtear ar fud an togra agus sna tograí eile sa phacáiste comhsheasmhach, nó chun an téacs a ailíniú le cur chuige na Comhairle i gcásanna eile inar moladh leasuithe comhchosúla. 8. Athchóiríodh uimhriú na nAirteagal chun roinnt leasuithe a chur san áireamh. II. CUSPÓIRÍ AN TOGRA Sa Pháipéar Bán ar Shábháilteacht Bia (COIM (1999) 719 críochnaitheach), d’fhógair an Coimisiún go nuashonródh agus go simpleodh sé reachtaíocht reatha an Chomhphobail i ndáil le breiseáin bia (Gníomh 11 ón bPáipéar Bán). Is iad seo a leanas cuspóirí an togra seo: - Reachtaíocht maidir le breiseáin bia a shimpliú trí ionstraim amháin a chruthú do phrionsabail, nósanna imeachta agus ceaduithe; - Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta an Chomhphobail de bhreiseáin bia údaraithe a nuashonrú; - Comhairliúchán a dhéanamh leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le meastóireacht sábháilteachta ar bhreiseáin bia. - Clár athmheastóireachta a bhunú do bhreiseáin bia reatha; - A cheangal go n-údaraítear breiseáin ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe iad, a chuimsíonn orgánaigh dá leithéid, nó a tháirgtear ó orgánaigh dá leithéid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe. III. FORBHREATHNÚ AR NA LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA 9. Leasuithe teicniúla/eagarthóireachta Tá sé d’aidhm ag roinnt de na leasuithe beartaithe feabhas a chur ar an togra ó dhearcadh teicniúil agus eagarthóireachta de. Ghlac an Coimisiún le formhór na leasuithe sin, cé go ndearnadh leasú eagarthóireachta ar roinnt acu (Leasuithe i gceist: 3, 8, 13, 14, 15, 16, 18, 19, 21, 22, 33 (i bpáirt), 36, 37, 39, 42, 43, 44, 46, 48,67rev, 79, 68rev, 80, 51, 55, 56, 57, 58, 59, 60 agus 64rev.) 10. Raon feidhme (Airteagal 2) Ní féidir glacadh le leasú 10 mar tá táirgí cosanta plandaí a úsáidtear do chríocha cóireála i ndiaidh an fhómhair faoi réir reachtaíochta ar leith de chuid an Chomhphobail cheana féin. Mar sin féin, mura gclúdaíonn an sainmhíniú ar tháirge cosanta plandaí an tsubstaint/na substaintí a úsáidtear do chóireáil i ndiaidh an fhómhair, ghlacfaí leis gur breiseán bia an tsubstaint dá mbeadh tionchar leasaitheach aici. Sa togra leasaithe, níor ghlac an Coimisiún le leasú 11 a d’eisiafadh saothráin mhiocróbacha ó raon feidhme na reachtaíochta. Cuirtear roinnt saothrán le bianna gar do dheireadh a monaraithe chun go mbeadh tionchar leasaitheach acu, agus mar sin, d’fhéadfaí a mheas gur breiseáin bia iad. Mar sin, ní cuí substaintí dá leithéidí a eisiamh ó reachtaíocht maidir le breiseáin bia. 11. Coisteolaíocht Toisc gur glacadh leis an bpacáiste thart ar an tráth céanna ar glacadh le Cinneadh 2006/512/CE lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE lena leagtar síos na nósanna imeachta a bhaineann leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún a úsáid, rinne an togra ón gCoimisiún tagairt don ghnáthnós imeachta rialúcháin. Mar sin, formhuiníonn an Coimisiún go ginearálta ailíniú an togra leasaithe le Cinneadh 2006/512/CE. Mar sin féin, tugann leasú 12 an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú isteach chun a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil substaint ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin. Is ionann cur i bhfeidhm na forála seo agus cur chun feidhme na rialacha san ionstraim bhunúsach (sainmhíniú ‘breiseán bia’) agus mar sin, ní thagann sé faoi réim an nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú. Mar sin, ba chóir an gnáthnós imeachta rialúcháin a chur i bhfeidhm. Ar an dul céanna, ní féidir glacadh le leasuithe 40 agus 47 mar baineann siad le forálacha arb ionann a gcur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na rialacha san ionstraim bhunúsach, agus mar sin ní thagann siad faoi réim an nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú. 12. Cosc a chur ar bhreiseáin bia neamhchomhlíontacha (Airteagal 5) Is í aidhm leasuithe 9 agus 22 soiléiriú a thabhairt nár chóir breiseán bia nó bia ina n-úsáidtear breiseán bia a chur ar an margadh mura gcloíonn an breiseán bia nó an úsáid a mbaintear as leis an Rialachán beartaithe. Formhuinítear an soiléiriú sin sa togra leasaithe trí Airteagal 5 a chuimsiú. 13. Critéir maidir le húdarú (Airteagal 6) Socraíonn an togra ón gCoimisiún critéir maidir le húdarú breiseán bia. Caithfidh breiseáin bia a bheith sábháilte; ní mór go mbeadh gá teicneolaíoch le húsáid a bhaint astu; agus ní féidir leis an úsáid a mbaintear astu an tomhaltóir a chur amú. Chuir an Coimisiún soiléiriú den mhéid atá i gceist le tomhaltóir a chur amú (leasuithe 3 agus 26 ) isteach sa togra leasaithe in aithris 7. Le cois sin, cuimsíodh prionsabal leasú 28 in aithris 8 den togra leasaithe, a athdhearbhóidh go ndéanfaidh údaruithe na mbreiseán bia tagairt do bhreithniú na gcritéar sa Rialachán. Mar sin féin, de réir leasú 78 ní mór údarú na mbreiseán bia a bhunú ar phrionsabal an réamhchúraim. Tá prionsabal an réamhchúraim agus na coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm leagtha síos cheana féin i nDlí Ginearálta an Bhia (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002) agus níor chóir é a athlua sa Rialachán beartaithe maidir le breiseáin bia. Molann leasú 24 an gá teicneolaíoch le breiseán bia a nascadh leis an tairbhe a mbainfeadh an custaiméir as. In a lán cásanna, féadann monaróirí sochar a bhaint as feidhm theicneolaíoch breiseáin bia, gan aon tionchar diúltach ná aon tairbhe dhíreach a bheith aici don tomhaltóir. Sampla de sin is ea nuair a laghdaíonn úsáid breiseáin bia diomailt i bpróiseas táirgthe. Níl an tionchar ar an gcomhshaol i measc na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann le húdarú breiseán bia, ach gan amhras is fachtóir dlisteanach é ar chóir é a mheas. Mar shampla, nuair a aithnítear tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol, féadtar iad sin a chur san áireamh le linn údarú nó athbhreithniú coinníollacha úsáide breiseáin bia. Mar sin, cé nach féidir glacadh le leasú 25 , féadtar athruithe eile a dhéanamh sa téacs chun na gnéithe comhshaoil a threisiú. Ar an dul céanna, is féidir glacadh le leasú 7 faoi réir modhnaithe a léiríonn na prionsabail eile i nDlí Ginearálta an Bhia, i.e. go gcinnteoidh na rialacha maidir le breiseáin bia a úsáidtear i mbianna feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus cosaint do leasanna na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia, ag tabhairt airde ar an gcomhshaol. I ndáil le leasú 1 , folaíonn lipéadú faoi Threoir 2001/13/CE ailléirgineacht bia (breiseáin bia san áireamh). Cé nach féidir leis an gCoimisiún glacadh le srian iomlán ar úsáid breiseán bia a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach, is féidir, gan amhras, ailléirgineacht a mheasúnú mar fhachtóir dlisteanach le linn údarú breiseáin bia. Mar sin, leagadh béim ar an bprionsabal sin in aithris 7. 14. Critéir maidir le húdarú (milseoirí)(Airteagal 7) Ní féidir glacadh le leasuithe 20 agus 29 . De réir na gcritéar reatha maidir le húsáid milseoirí, ní féidir iad a úsáid ach i mbianna atá laghdaithe ó thaobh an fhuinnimh de nó nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo. Déanann sé sin cinnte go mbaineann tomhaltóirí tairbhe as úsáid na milseoirí toisc go mbíonn laghdú suntasach ar fhuinneamh (de 30%) i gceist nó toisc nach mbíonn aon siúcraí breise curtha leis an táirge. D'fhéadfadh an critéar nua a moladh anseo méadú a chur ar raon na mbianna a d’fhéadfaí milseoirí a úsáid iontu agus mar sin, d'fhéadfadh sé dul i gcion ar thomhaltas na mbreiseán sin. Chomh maith leis sin, i gcásanna áirithe seans nach mbainfeadh an tomhaltóir ach tairbhe bheag as athchur an 30% siúcra. Ní úsáidtear milseoirí chun seilfré bianna a mhéadú trí iad a leasú. Mar sin féin, d’fhéadfadh úsáid milseoirí seilfré a mhéadú mar thoradh ar easpa an tsiúcra inchoipthe ar cuireadh an milseoir ina ionad; mar sin, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasú 73 . 15. Critéir maidir le húdarú (dathanna)(Airteagal 8) Ordaíonn na critéir ghinearálta in Airteagal 6 maidir le húsáid breiseán cheana féin nár chóir d’úsáid na mbreiseán an tomhaltóir a chur amú. Tá faisnéis ghinearálta lipéadaithe ann freisin chun a áirithiú go mbíonn tomhaltóirí ar an eolas faoi chomhdhéanamh bianna, go háirithe maidir leis na comhábhair atá iontu. I ndáil le húsáid dathanna, úsáidtear go traidisiúnta i roinnt bianna iad chun blasanna áirithe a aithint, mar shampla i ndeochanna boga nó i milseogra. Sna cásanna sin, níl aon fhianaise ann go gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le comhdhéanamh na mbianna. Mar sin, agus aird tugtha ar an bprionsabal atá cuimsithe in Airteagal 6 cheana féin, níor cuimsíodh leasú 30 sa togra leasaithe seo. 16. Liostaí an Chomhphobail de bhreiseáin bia (Airteagail 4 agus 10, Iarscríbhinní II agus III) Is é a bheartaítear le leasú 34 go gcuimseofar i liosta an Chomhphobail tagairt do na breiseáin bia eile nach gceadaítear iad a úsáid in éineacht leis an mbreiseán bia i dtrácht. Níor ghlac an Coimisiún leis an leasú seo, mar meastar go mbeadh tagairt dá leithéid folaithe cheana féin faoi phointe ‘c’ lena gceanglaítear go sonraítear na coinníollacha úsáide. I gcásanna dá leithéid, ina n-aibhsítear sa mheastóireacht EFSA cúiseanna imní maidir le breiseáin a úsáid i gcomhar lena chéile, d’fhorálfaí do choinníollacha úsáide oiriúnacha nuair a d’údarófaí an breiseán. 17. Gaol le Rialachán 1829/2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (Airteagal 13) Tá sé d’aidhm ag an togra ón gCoimisiún na breiseáin bia uile a chlúdach, lena n-áirítear breiseáin a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOanna) nó le miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMManna) (trí choipeadh a úsáid). Ní fholaíonn Rialachán 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe breiseáin bia a tháirgtear trí GMManna a úsáid agus beidh siad folaithe go hiomlán ag an Rialachán maidir le breiseáin bia chun críocha a measúnaithe agus a n-údaraithe. Beidh breiseáin bia atá faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 faoi réir an Rialacháin sin i ndáil leis an measúnacht ar shábháilteacht an mhodhnaithe ghéinitigh, agus déileálfar leis na gnéithe sábháilteachta eile, breithniú na gcritéar eile agus an t-údarú críochnaitheach faoin Rialachán maidir le breiseáin bia. Féadfaidh an dá mheastóireacht agus an dá údarú a bheith ar siúl go comhuaineach. Soiléiríonn leasuithe 4 agus 63 go bhféadfaidh an dá nós imeachta a bheith ar siúl go comhuaineach de réir dea-chleachtais riaracháin. Formhuiníonn an Coimisiún an soiléiriú beartaithe, faoi réir roinnt athruithe ar an dréachtú chun an fhoráil a dhéanamh níos comhoiriúnaí le Rialachán 1829/2003. Moltar le leasú 38, áfach, ceanglais lipéadaithe breise a thabhairt isteach. Tá lipéadú na GMOanna faoi réir rialacha cothrománacha faoi Rialachán 1829/2003, mar sin, níl sé cuí bearta sonracha a thabhairt isteach faoin reachtaíocht ingearach seo maidir le breiseáin bia. 18. Lipéadú (Airteagail 21 go 24) Thabharfaí isteach le leasú 45 ceanglas rabhaidh ailléirgine a thabhairt nuair atá asaruamanna i láthair. Tugtar aghaidh chothrománach ar lipéadú ailléirginí faoi Threoir 2000/13/CE agus mar sin, ba chóir leanúint ar aghaidh le saincheist an lipéadaithe ailléirgine faoin reachtaíocht sin, bunaithe ar mheastóireachtaí eolaíocha déanta ag EFSA. Lipéadú breiseán bia a dhíoltar idir gnóthaí nó leis an tomhaltóir deiridh Tá leasuithe 42 , 43 , agus 44 inghlactha mar tugann siad roinnt gnéithe úsáideacha isteach i ndáil leis na forálacha lipéadaithe idir gnóthaí. Is é a fhoráiltear, go háirithe, le leasú 44 , maolú praiticiúil chun gur féidir faisnéis áirithe a áireamh ar na doiciméid tionlacain seachas ar an bpacáistiú i gcásanna ina seachadtar breiseáin ar an mórchóir (e.g. i dtancaeir). Sa togra bunaidh uaidh, d’ailínigh an Coimisiún forálacha lipéadaithe breiseán le forálacha lipéadaithe einsímí. Rinne Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe ar an togra maidir le heinsímí chun tíolacadh nua agus simpliú na bhforálacha lipéadaithe a áirithiú d’einsímí a dhíoltar idir gnóthaí nó le tomhaltóir deiridh. Mar sin, ghlac an Coimisiún le spiorad na leasuithe seo sa togra leasaithe seo maidir le breiseáin bia freisin. Chomh maith leis sin, toisc go meastar gur bianna iad breiseáin bia atá beartaithe le díol leis an tomhaltóir deiridh, agus toisc go gcaithfidh siad cloí le forálacha lipéadaithe ábhartha Threoir 2000/13/CE a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia, simplíodh an téacs arís chun athrá fhorálacha Threoir 2000/13/CE a sheachaint. 19. Athruithe ar phróiseas táirgthe nó comhábhair bhunaidh breiseáin bia (Airteagal 11) Is é a thabharfaí isteach le leasú 35 luachanna teorann leithleacha i gcomhair breiseán bia ar nanascála; ní bhraitheann an Coimisiún go bhfuil gá le leasú dá leithéid toisc go bhféadfaí srianta sonracha a leithdháileadh faoi na coinníollacha úsáide cheana féin dá measfaí go mbeidís riachtanach. Mar sin féin, toisc gur saincheist thábhachtach í seo, tá sé úsáideach an téacs a leasú chun a lua arís agus a shoiléiriú go mbeadh gá le meastóireacht ó EFSA ar bhreiseáin ar nanascála sula bhféadfaí iad a úsáid, mar d’fhéadfaidís feidhmiú ar bhealach éagsúil a d’fhéadfadh dul i gcion ar a sábháilteacht. Cuimsíonn an togra leasaithe ón gCoimisiún Airteagal 11 nua a thugann ceanglais isteach i gcomhair breiseán bia atá ar liosta an Chomhphobail cheana féin agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó ó chomhábhair bhunaidh atá cuid mhaith éagsúil ó na modhanna nó na comhábhair a áirítear i measúnacht riosca an Údaráis. Léiríonn an tAirteagal seo an prionsabal in aithris 14 den togra ón gCoimisiún. 20. Athbhreithnithe agus athmheastóireacht (Airteagail 29 agus 30) Mhol an Coimisiún go n-aistreofar na húdaruithe reatha i gcomhair breiseán bia isteach sna hiarscríbhinní nua i ndiaidh athbhreithniú ar na critéir eile nach critéir sábháilteachta iad. Leanfaidh an t-athbhreithniú sin thart ar 2 bhliain. Ag an tráth céanna, cuireadh an cúram ar EFSA athmheastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht na mbreiseán bia uile atá ceadaithe faoi láthair, rud a leanfaidh roinnt blianta. Má thagann cúiseanna imní áirithe chun cinn le linn athmheastóireacht an EFSA, féadtar aon leasuithe riachtanacha a dhéanamh ag aon tráth. Mar thoradh ar na difríochtaí san uainiú, ní cuí an dá athbhreithniú ar leith seo a nascadh le chéile. Chomh maith leis sin, chun críche na soiléireachta, is cuí na hiarscríbhinní a chríochnú chomh luath agus is féidir. Nascfadh leasuithe 52, 6 agus 69rev an dá ghné sin le chéile, agus mar sin, ar na cúiseanna luaite thuas, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leo. Is féidir glacadh le prionsabal leasú 55, áfach, agus leasaíodh Airteagal 29 chun a shoiléiriú nach gcuimseofar úsáidí breiseán bia nach bhfuil riachtanach níos mó nuair a bheidh iarscríbhinn II líonta. Is é a bheartaítear le leasú 57 sainmhíniú na n-iompróirí a leasú chun substaintí a úsáidtear chun cothaithigh a thuaslagadh, a chaolú, a scaipeadh nó a mhodhnú ar bhealach fisiceach eile agus/nó substaintí a chuirtear isteach chun críocha cothaitheacha nó fiseolaíochta a chur san áireamh. Déanann leasú 60 foráil do chuimsiú substaintí dá leithéid in Iarscríbhinn III. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na leasuithe sin a leathnaíonn an raon feidhme agus a dhéanann comhchuibhiú breise ar réimse na mbreiseán bia. Mar sin, dréachtaíodh an togra leasaithe chun na leasuithe sin a léiriú, le cois roinnt athruithe iarmhartacha eile a bhfuil gá leo chun na forálacha seo a ionchorprú. Toisc go mbeidh an t-athrú ar an raon feidhme seo mar ghné nua den reachtaíocht ar bhreiseáin bia, cuirfear moill ar theacht i bhfeidhm na gné seo de réir mar a dhéantar leis na forálacha nua eile ar bhreiseáin bia i mbreiseáin bia agus einsímí bia. Moladh leasuithe eile freisin, agus mar thoradh air sin liostófar na breiseáin bia a cheadaítear i mblastáin in Iarscríbhinn III agus ní in Iarscríbhinn II mar a beartaíodh ar dtús (leasuithe 58 agus 59 ). Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú seo a dhéileálfaidh le breiseáin bia a úsáidtear i mbreiseáin bia, in einsímí bia agus i mblastáin ar an mbealach céanna, agus leasaigh sé an togra chun an t-athrú sin a léiriú; rinneadh roinnt leasuithe iarmhartacha ar ghnéithe eile den togra freisin. Athchóiríodh liostú na dtáblaí san iarscríbhinn, áfach, chun aird a thabhairt ar na riachtanais éagsúla, go háirithe na difríochtaí sna dátaí ar a dtagann siad i bhfeidhm nó ar a gcríochnaítear iad. 21. Clár athmheastóireachta Is é a thabharfaí isteach le leasuithe 5 agus 54 ceanglas maidir le clár athmheastóireachta rollach. Déantar breathnú leanúnach ar bhreiseáin bia i ndiaidh dóibh a bheith údaraithe agus déantar athmheastóireacht orthu gach uair a chuirtear sonraí eolaíocha nua ar fáil a d’fhéadfadh dul i gcion ar thoradh na meastóireachta roimhe. Mar sin, ní gá athbhreithniú rialta a dhéanamh, agus mhéadódh sé ualach riaracháin an Choimisiúin agus an EFSA. 22. Forálacha idirthréimhseacha (Airteagal 32) Toisc go n-athraíonn roinnt leasuithe, go háirithe leasuithe a bhaineann le lipéadú, an reachtaíocht reatha, is cuí foráil idirthréimhseach a thabhairt isteach mar a mholtar i leasú 56 . Mar sin, cuireadh foráil chuí san áireamh in Airteagal 32 a cheadóidh margú breiseán bia ar cuireadh lipéid dhlíthiúla orthu go dtí an dáta íosmharthanachta. 23. De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE, leasaíonn an Coimisiún a thograí de réir mar a leagtar amach thuas. 2005/0145 (COD) Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le breiseáin bia (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá saorghluaiseacht bia sábháilte agus sláintiúil ina ghné riachtanach den mhargadh inmheánach agus cuireann sé go mór le sláinte agus dea-bhraistint saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. (2) Ba chóir go mbeadh leibhéal ard cosanta do shaol agus sláinte an duine cinntithe le linn shaothrú beartais an Chomhphobail. (3) Tagann an Rialachán seo in ionad Treoracha agus Cinntí roimhe seo maidir le breiseáin bia a cheadaítear iad a úsáid i mbianna d'fhonn feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus leasanna tomhaltóirí a áirithiú trí nósanna imeachta cuimsitheacha sruthlínithe a chur i bhfeidhm. (4) Comhchuibhíonn an Rialachán seo úsáid na mbreiseán bia i mbianna sa Chomhphobal. Áirítear air sin úsáid a bhaint as breiseáin bia i mbianna a thagann faoi réim na Treorach 89/398/CEE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia atá beartaithe d’úsáidí cothaitheacha sonracha[3] agus úsáid dathanna bia áirithe le haghaidh marcáil sláinte feola agus stampáil uibheacha. Comhchuibhíonn sé freisin úsáid na mbreiseán bia i mbreiseáin bia agus in einsímí bia, rud a dhearbhaíonn a sábháilteacht agus a gcáilíocht agus a éascaíonn a stóráil agus a n-úsáid. Níor rialaíodh an chatagóir dheireanach ag leibhéal an Chomhphobail go dtí seo. (5) Is substaintí iad breiseáin bia nach dtomhaltar de ghnáth mar bhia leo féin ach a bhíonn curtha le bia d’aon ghnó chun críche teicneolaíochta cosúil le leasú bia. Mar sin féin, níor chóir substaintí a mheas mar bhreiseáin bia nuair a úsáidtear iad chun blaistiú agus/nó blas a chur ar fáil. Le cois sin, níor chóir go mbeadh substaintí a mheastar mar bhianna iad agus a d’fhéadfaí a úsáid chun críche teicneolaíochta, cosúil le clóiríd sóidiam nó cróch le haghaidh dathú agus einsímí bia, faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach oiread. Ar deireadh, maidir le heinsímí bia, bíonn siad faoi réim Rialachán (Uimh.) ...[maidir le heinsímí bia][4], agus mar sin tá siad eisiata ó fheidhmiú an Rialacháin seo. (6) Níor chóir go mbeadh substaintí nach n-itear mar bhia leo féin iad ach a úsáidtear d’aon ghnó i bpróiseáil bia, nach mbíonn fágtha ach iarmhar díobh sa bhia deireanach agus nach mbíonn tionchar teicneolaíoch acu ar an táirge deireanach (áiseanna próiseála) faoi réim an Rialacháin seo. (7) Ba chóir go mbeadh breiseáin bia ceadaithe, agus níor chóir iad a úsáid mura gcomhlíonann siad na critéir leagtha síos sa Rialachán seo. Caithfidh breiseáin bia a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, ní mór go mbeadh gá teicneolaíoch le húsáid a bhaint astu, ní féidir an úsáid a mbaintear astu an tomhaltóir a chur amú agus caithfidh tomhaltóir tairbhe a bhaint as a n-úsáid. Áirítear na nithe seo a leanas ar thomhaltóir a chur amú, ach níl sé teoranta dóibh: saincheisteanna a bhaineann le caighdeán na gcomhábhar a úsáidtear, nádúrthacht an táirge nó an phróisis táirgthe, cáilíocht chothaitheach an bhia agus méid na dtorthaí agus na nglasraí ann. Ba chóir do cheadú na mbreiseán bia fachtóirí eile a mbaineann leis an ábhar atá faoi bhreithniú a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear fachtóirí sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eiticiúla agus comhshaoil agus an fhéidearthacht rialú a chur i bhfeidhm. Ba chóir úsáid agus leibhéil uasta breiseáin bia ionghabháil an bhreiseáin bia ó fhoinsí eile agus nochtadh grúpaí speisialta tomhaltóirí don bhreiseán bia (e.g. tomhaltóirí ailléirgeacha) a chur san áireamh. (8) Déanfaidh cuimsiú breiseáin bia sna hiarscríbhinní tagairt don bhreithniú déanta ar na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo. (9) Caithfidh breiseáin bia cloí i gcónaí leis na sonraíochtaí formheasta. Ba chóir don tsonraíocht faisnéis a chuimsiú chun an breiseán bia a aithint go leordhóthanach, bunús an bhreiseáin san áireamh, agus chun cur síos a dhéanamh ar na critéir íonachta inghlactha. Ba chóir na sonraíochtaí a forbraíodh roimhe seo do bhreiseáin bia atá san áireamh i dTreoir 95/31/CE ón gCoimisún an 5 Iúil 1995 lena leagtar síos sainchritéir íonachta maidir le milseoirí a úsáidtear in earraí bia[5], Treoir 95/45/CE ón gCoimisiún an 26 Iúil 1995 lena leagtar síos sainchritéir íonachta maidir le dathanna a úsáidtear in earraí bia[6] agus Treoir 96/77/CE ón gCoimisiún an 2 Nollaig 1996 lena leagtar síos sainchritéir íonachta maidir le breiseáin bia nach dathanna ná milseoirí iad[7] a choinneáil go dtí go gcuirtear na breiseáin chomhfhreagracha sna hIarscríbhinní leis an Rialachán seo. Ag an tráth sin, ba chóir na sonraíochtaí a bhaineann le breiseáin dá leithéid a leagan amach i Rialachán. Ba chóir go mbainfeadh na sonraíochtaí sin go díreach leis na breiseáin cuimsithe ar liostaí an Chomhphobail sna hIarscríbhinní leis an Rialachán seo. Mar sin féin, i bhfianaise chailíocht agus ábhar casta na sonraíochtaí sin, agus ar son na soiléireachta níor chóir iad a chomhtháthú i ndáiríre leis na liostaí Comhphobail sin ach ba chóir iad a leagan amach i Rialachán amháin nó i Rialacháin ar leith. (10) Ceadaítear roinnt breiseán bia chun críocha sonracha i gcomhair cleachtas agus próiseas fíoneolaíochta áirithe atá údaraithe. Ba chóir úsáid breiseán bia dá leithéid cloí leis an Rialachán seo agus na forálacha sonracha leagtha síos i reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail. (11) Chun comhionannas a áirithiú, ba chóir measúnacht ar riosca agus ceadú breiseán bia a dhéanamh de réir an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. [...] ag bunú nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia[8]. (12) De réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002, lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia[9] ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi chúrsaí ar dóchúil go mbeadh tionchar acu ar shláinte phoiblí. (13) Ba chóir go mbeadh breiseán bia a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe[10] faoi réir an nós imeachta údaraithe faoin Rialachán sin i ndáil leis an measúnacht ar shábháilteacht an mhodhnaithe ghéinitigh agus ba chóir an t-údarú deireanach maidir le breiseáin bia a thabhairt údaraithe faoin Rialachán sin sula gceadaítear é faoin Rialachán seo. (14) Ba chóir don Údarás breiseán bia atá ceadaithe faoin Rialachán seo cheana féin, ach a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó comhábhair bhunaidh atá cuid mhaith éagsúil ó na modhanna nó na comhábhair cuimsithe i measúnacht riosca an Údaráis, nó éagsúil ó na modhanna nó comhábhair folaithe ag na sonraíochtaí atá leagtha síos, a thíolacadh le haghaidh meastóireachta chun meastóireacht a dhéanamh le béim ar na sonraíochtaí. D’fhéadfadh athrú ar an bpróiseas táirgthe ón t-úscadh ó phlanda go táirgeadh trí choipeadh ag úsáid miocrorgánaigh nó modhnú géiniteach ar an miocrorgánach bunaidh a bheith i gceist le modhanna táirgthe nó comhábhair bhunaidh atá cuid mhaith éagsúil. (15) Ba chóir breathnú leanúnach a dhéanamh ar bhreiseáin bia agus ba chóir athmheastóireacht a dhéanamh orthu gach uair is gá leis i bhfianaise coinníollacha úsáide athraitheacha agus faisnéise eolaíochta nua. (16) Ba chóir go mbeadh cead ag Ballstáit a chuir toirmisc ar úsáid breiseán áirithe i mbianna sonracha áirithe, a nglactar leo mar bhianna traidisiúnta agus a tháirgtear ar a gcríoch féin, leanúint ar aghaidh le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc sin. Le cois sin, i ndáil le táirgí cosúil le ‘Feta’ nó ‘Salame cacciatore’ , ní dhéanann an Rialachán reatha aon dochar do rialacha níos srianta a bhaineann le húsáid ainmneacha áirithe faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle an 14 Iúil 1992 maidir le sonraí geografacha agus tuairiscí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus earraí bia a chosaint[11] agus Rialachán (CEE) Uimh. 2082/92 ón gComhairle an 14 Iúil 1992 maidir le deimhnithe de cháilíocht shonrach do tháirgí talmhaíochta agus earraí bia[12]. (17) Tá breiseáin bia fós faoi réir na n-oibleagáidí lipéadaithe ginearálta dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE agus, de réir mar a bheidh, i Rialacháin (CE) Uimh. 1829/2003 agus 1830/2003. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh forálacha sonracha maidir le lipéadú breiseán bia a dhíoltar amhlaidh leis an monaróir nó leis an tomhaltóir cuimsithe sa Rialachán seo. (18) Ba chóir glacadh leis na bearta atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo de réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[13]. (19) Go háirithe, ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus glacadh le bearta idirthréimhseacha cuí. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad agus/nó chun an Rialachán a fhorlíonadh trí eilimintí neamhriachtanacha eile a chur leis, ba chóir glacadh leo de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (20) Chun reachtaíocht an Chomhphobail maidir le breiseáin bia a fhorbairt agus a nuashonrú ar bhealach comhréireach éifeachtúil, tá sé riachtanach sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir Ballstáit. Chun na críche sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach staidéar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go bhféadfaidh an Comhphobal staidéar dá leithéid a mhaoiniú mar chuid dá nós imeachta buiséid. Tá maoiniú beart dá leithéid folaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe[14] a áirithiú, agus mar sin tabharfaidh Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 bunús dlí le maoiniú na mbeart thuasluaite. (21) Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. (22) Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá le déanamh a bhaint amach go leordhóthanach, is é sin rialacha Comhphobail maidir le breiseáin bia a leagan síos, agus dá bhrí sin, gur féidir é a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail mar thoradh ar aontacht an mhargaidh agus an leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, féadfaidh an Comhphobal glacadh le bearta de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar an méid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (23) I ndiaidh glacadh leis an Rialachán seo, ba chóir don Choimisiún, le cabhair an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, na húdaruithe reatha uile a athbhreithniú i ndáil le critéir, cé is moite de shábháilteacht, cosúil le hionghabháil, gá teicneolaíoch agus an fhéidearthacht an tomhaltóir a chur amú. Ba chóir na breiseáin bia uile a leanfar de bheith údaraithe sa Chomhphobal a aistriú go liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba chóir Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt chun críche leis na breiseáin bia eile a úsáidtear i mbreiseáin bia agus in einsímí bia mar aon le hiompróirí cothaitheach agus a gcoinníollacha úsáide de réir Rialachán (CE) Uimh. [...] ag bunú nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia. Chun idirthréimhse chuí a chinntiú, níor chóir go dtiocfadh na forálacha in Iarscríbhinn III, seachas na forálacha a bhaineann le hiompróirí breiseán bia agus breiseáin bia i mblaistithe i bhfeidhm go dtí [1.1.2011]. (24) Gan dochar do thoradh an athbhreithnithe sin, laistigh de bhliain amháin i ndiaidh glacadh leis an Rialachán seo, ba chóir don Choimisiún clár meastóireachta a bhunú don Údarás chun athmheastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht na mbreiseán bia a ceadaíodh sa Chomhphobal cheana féin. Ba chóir don chlár sin riachtanais agus ord tosaíochta a shainmhíniú dá réir a scrúdófar na breiseáin bia atá ceadaithe. (25) Aisghairtear leis an Rialachán seo na hionstraimí seo a leanas agus gabhann sé a n-ionad: Treoir 62/2645/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú rialacha na mBallstát maidir leis na hábhair dathúcháin údaraithe le húsáid in earraí bia atá ceaptha mar bhia don duine[15], Treoir 65/66/CEE ón gComhairle an 26 Eanáir 1965 lena leagtar síos sainchritéir íonachta do leasaithigh údaraithe le húsáid in earraí bia atá ceaptha mar bhia don duine[16], Treoir 78/663/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos sainchritéir íonachta d’eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthaithe le húsáid in earraí bia[17], Treoir 78/664/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 lena leagtar síos sainchritéir íonachta do fhrithocsaídeoirí a bhféadfar iad a úsáid in earraí bhia atá ceaptha mar bhia don duine[18], an Chéad Treoir 81/712/CEE ón gCoimisiún an 28 Iúil 1981 lena leagtar síos modhanna anailíse Comhphobail chun a dheimhniú go gcomhlíonann breiseáin áirithe a n-úsáidtear in earraí bia na critéir íonachta[19], Treoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le breiseáin bia údaraithe le húsáid in earraí bia atá ceaptha mar bhia don duine[20], Treoir 94/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le milseoirí le húsáid in earraí bia[21], Treoir 94/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le dathanna le húsáid in earraí bia[22], Treoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milseoirí[23] agus Cinneadh 292/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le cothabháil dlíthe náisiúnta a chuireann cosc ar úsáid breiseán áirithe i dtáirgeadh sainearraí bia áirithe[24] agus Cinneadh 2002/247/CE ón gCoimisiún an 27 Márta 2002 lena bhfionraítear milseogra glóthaí ina bhfuil an breiseán bia E425 konjac a chur ar an margadh agus a allmhairiú[25]. Mar sin féin, is iomchuí go bhfanfaidh forálacha áirithe atá sna hionstraimí sin i bhfeidhm le linn idirthréimhse chun am a thabhairt d’ullmhú na liostaí Comhphobail sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1Ábhar Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le breiseáin bia a úsáidtear i mbianna chun feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus cosaint agus leasanna tomhaltóirí a áirithiú, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia, ag tabhairt airde ar an gcomhshaol a chosaint . Chun na críocha sin, déanann an Rialachán seo foráil do na nithe seo a leanas: (a) liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia atá ceadaithe; (b) coinníollacha úsáide do bhreiseáin bia i mbianna, lena n-áirítear i m breiseáin bia, agus i einsímí bia dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. .../...[maidir le heinsímí bia], agus lena n-áirítear blastáin bia mar a dtagraítear dóibh i Rialachán (CE) Uimh. .../... [maidir le comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastáin]; (c) rialacha maidir le lipéadú ar bhreiseáin bia atá á ndíol mar bhreiseáin bia. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le breiseáin bia. 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na substaintí seo a leanas, ach amháin má úsáidtear iad mar bhreiseáin bia: (a) áiseanna próiseála; (b) substaintí a úsáidtear chun plandaí agus táirgí plandaí a chosaint i gcomhréir le rialacha an Chomhphobail maidir le sláinte plandaí; (c) substaintí a chuirtear le bianna mar chothaithigh; (d) substaintí a úsáidtear chun uisce a chóireáil do thomhaltas ag daoine a thagann faoi réim Threoir 98/83/CE ón gComhairle[26]. 3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh.[.../..] [maidir le heinsímí bia]. 4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail a bhaineann le húsáid breiseán bia: (a) i mbianna sonracha; (b) chun críocha nach gclúdaítear sa Rialachán seo iad. 5. Nuair is gá, féadfar a chinneadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 27 (2) maidir lena dtagann nó nach dtagann substaint áirithe faoi réim an Rialacháin seo. Airteagal 3 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha síos i Rialacháin (CE) Uimhreacha 178/2002 agus 1829/2003. 2. Beidh na sainmhínithe seo a leanas infeidhme freisin: (a) ciallóidh ‘breiseán bia’ aon substaint nach n-itear mar bhia leis féin de ghnáth agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhar bia, cibé an bhfuil nó nach bhfuil luach cothaitheach aige, agus is é a bheidh mar thoradh, nó is dóchúil go mbeidh mar thoradh, ar é a bheith curtha d’aon ghnó le bia chun críche teicneolaíche le linn monarú, próiseáil, ullmhú, cóireáil, pacáistiú, iompar nó stóráil bianna dá leithéidí, go mbeidh an tsubstaint féin nó fotháirgí na substainte, go díreach nó go hindíreach, ina gcomhdhamhnaí de bhianna dá leithidí; mar sin féin, ní mheastar gur breiseáin bia iad na nithe seo a leanas: (i) bianna ina bhfuil monaisiúicrídí, déshiúicrídí nó olaigisiúicrídí , agus bianna ina bhfuil siad , a úsáidtear dá n-airíonna milsithe; (ii) bianna, cibé bianna triomaithe nó tiubhaithe iad, lena n-áirítear blastáin a n-ionchorpraítear le linn monarú comhbhianna, mar thoradh ar a n-airíonna aramatacha, blasta nó cothaitheacha mar aon le dathúchán tánaisteach nó tionchar teicneolaíoch eile. (iii) substaintí a úsáidtear in ábhar clúdaigh nó cumhdaigh, nach cuid de bhianna iad agus nach bhfuil sé ceaptha go n-íosfar iad in éineacht leis na bianna sin; (iv) táirgí ina bhfuil peictin agus atá díorthaithe ó úll meilte triomaithe nó ó chraiceann torthaí citris, nó ó mheascán den phéire, trí ghníomh aigéid chaoil roimh pháirt-neodrú ag úsáid salainn de shóidiam nó de photaisiam (‘peictin leachtach’); (v) buin ghuma coganta; (vi) deislin bhán nó bhuí, stáirse rósta nó deislinithe, stáirse arna mhodhnú trí chóireáil aigéid nó alcaile, stáirse tuartha, stáirse arna mhodhnú go fisiciúil agus stáirse cóireáilte le heinsímí amalailiteacha; (vii) clóiríd amóiniam; (viii) fuilphlasma, próitéiní fola, geilitín inite, hidrealasáití próitéine agus a salainn, próitéin bainne agus glútan; (ix) aimínaigéid agus a salainn seachas aigéad glútamach, glicín, cistéin agus cistín agus a salainn nach bhfuil feidhm theicneolaíoch ar bith acu; (x) cáiséineáití agus cáiséin; (xi) iniúilin; (b) ciallóidh ‘áiseanna próiseála’ aon substaint: (i) nach n-itear mar bhia leis féin é; (ii) a úsáidtear d’aon ghnó i bpróiseáil amhábhair, bianna nó a gcomhábhair, chun feidhm theicneolaíoch ar leith a chomhlíonadh le linn cóireála nó próiseála; agus (iii) a d’fhéadfadh a bheith mar chúis le láithreacht neamhbheartaithe, ach dosheachanta go teicniúil, in iarmhar deiridh na substainte nó in iarmhar deiridh dhíorthaigh na substainte, ar choinníoll nach mbaineann aon bhaol leo don tsláinte agus nach mbeidh aon tionchar teicneolaíoch acu ar an táirge deiridh; (c) ciallóidh ‘aicme feidhme’ ceann de na catagóirí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I bunaithe ar an bhfeidhm theicneolaíoch atá ag breiseán bia ar earra bia; (d) ciallóidh ‘bia neamhphróiseáilte’ bia nach bhfuil aon chóireáil déanta air a chúisigh athrú suntasach ar staid bhunaidh an bhia, agus chun na críche sin, nach meastar gur ionann na nithe seo a leanas go háirithe agus athrú suntasach: roinnt, scaradh, scoitheadh, cnámhú, miontóireacht, feannadh, bearradh, scamhadh, meilt, gearradh, glanadh, cóiriú, íosreo, reo, fuarú, muilleoireacht, scileadh, pacáil nó díphacáil; (e) ciallóidh ‘bia gan aon siúcraí breise’ bia gan na nithe seo a leanas: (i) gan aon mhonaisiúicrídí , nó déshiúicrídí nó olaigisiúcrídí breise; nó (ii) bia ina bhfuil monaisiúcrídí nó , déshiúicrídí nó olaigisiúcrídí a úsáidtear dá n-airíonna milsithe; (f) ciallóidh ‘bia le fuinneamh laghdaithe’ bia le luach fuinnimh laghdaithe faoi 30% ar a laghad i gcomparáid leis an mbia bunaidh nó táirge comhchosúil; (g) ciallóidh ‘milseoirí boird’ ullmhóidí de mhilseoirí ceadaithe, ina bhféadfaidh breiseáin bia agus/nó comhábhair eile bia a bheith iontu agus atá beartaithe le díol leis an tomhaltóir deiridh mar ionad siúcra í . (h) ciallóidh ‘quantum satis’ nach sonraítear aon uasleibhéal agus go gcaithfear substaintí a úsáid de réir dea-chleachtais mhonaraithe, ag leibhéal nach bhfuil níos airde ná an leibhéal ar gá leis chun an chríoch bheartaithe a bhaint amach ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir amú. CAIBIDIL IILIOSTAÍ COMHPHOBAIL DE BHREISEÁIN BIA FORMHEASTA Airteagal 4Liostaí Comhphobail de bhreiseáin bia 1. Ní fhéadfar ach breiseáin bia atá cuimsithe ar liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn II a chur ar an margadh mar bhreiseáin bia agus a úsáid i mbianna, lena n-áirítear in earraí bhia chun críocha cothaitheacha áirithe a thagann faoi réim Threoir 89/398/CEE. 2. Ní fhéadfar ach breiseáin bia atá cuimsithe ar liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn III a úsáid i mbreiseáin bia, agus in einsímí bia agus i mblastáin bia faoi réir na gcoinníollacha úsáide atá sonraithe sa liosta sin. 3. Liostófar breiseáin bia in Iarscríbhinn II ar bhonn chatagóirí an bhia a fhéadfar na breiseáin a chur leo. 4. Liostófar breiseáin bia in Iarscríbhinn III ar bhonn na mbreiseán bia, nó einsímí bia, blastán bia agus cothaitheach nó catagóirí de bhreiseáin, einsímí, blastáin agus cothaithigh a fhéadfar na breiseáin a chur leo. 5. Comhlíonfaidh na breiseáin bia na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 14 i gcónaí. Airteagal 5 Cosc ar bhreiseáin bia neamhchomhlíontacha agus/nó earraí bia neamhchomhlíontacha Ní fhéadfar breiseán bia agus/nó bia ina bhfuil breiseán bia dá leithéid a chur ar an margadh mura gcomhlíonann na breiseáin bia nó a n-úsáid ceanglais an Rialacháin seo. Airteagal 5 6 Coinníollacha ginearálta maidir le cuimsiú agus úsáid breiseán bia ar liostaí an Chomhphobail 1. Ní fhéadfar breiseán bia a chuimsiú ar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III mura gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas agus fachtóirí dlisteanacha eile mar is cuí: (a) nach údar imní é, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra de, ar an leibhéal a bheartaítear é a úsáid; (b) go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta ann nach féidir a chomhlíonadh ar bhealaí eacnamaíocha agus teicneolaíochta indéanta eile; (c) nach gcuireann úsáid an bhreiseáin an tomhaltóir amú. 2. Chun a bheith cuimsithe ar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III caithfidh buntáistí agus tairbhí don tomhaltóir a bheith i gceist leis an mbreiseán bia, agus mar sin caithfidh sé ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: (a) cáilíocht chothaitheach an bhia a leasú; (b) comhábhair nó comhdhamhnaí riachtanacha a sholáthar do bhianna déanta le haghaidh grúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais chothaithe speisialta acu; (c) feabhas a chur ar cháilíocht chaomhnúcháin nó cobhsaíocht bia nó feabhas a chur ar a airíonna orgánaileipteacha, ar choinníoll nach n-athraítear nádúr, substaint nó cáilíocht an bhia ar bhealach a chuirfeadh an tomhaltóir amú; (d) cabhrú le monarú, próiseáil, ullmhú, cóireáil, pacáil, iompar nó stóráil bia, ar choinníoll nach n-úsáidtear an breiseán bia chun éifeachtaí úsáide amhábhar lochtach nó aon chleachtais nó teicníochtaí neamh-inmhianaithe a cheilt, lena n-áirítear cleachtais nó teicníochtaí míshláinteacha, le linn aon ghníomhaíochtaí dá leithéidí. 3. Mar mhaolú ó phointe (a) de mhír 2, féadfar breiseán bia a laghdaíonn cáilíocht chothaitheach bia a chuimsiú ar liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn II ar choinníoll: (a) nach ionann an bia agus comhdhamhna suntasach de ghnáthchothú; nó (b) go bhfuil an breiseán bia riachtanach chun bianna a tháirgeadh do ghrúpaí tomhaltóirí a bhfuil riachtanais chothaithe speisialta acu. Airteagal 6 7 Coinníollacha sonracha maidir le milseoirí Ní fhéadfar breiseán bia a chuimsiú ar liosta an Chomhphobail in Iarscíbhinn II faoin aicme fheidhme 'milseoirí' mura gcomhlíonann sé ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas, le cois ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí leagtha amach in Airteagal 5 6 (2): (a) siúcraí a ionadú chun bia le fuinneamh laghdaithe, bia nach gcuireann le meath na bhfiacla nó bia gan aon siúcra breise curtha leis a tháirgeadh; (b) seilfré a leathnú trí shiúcraí a ionadú; (c) bia a tháirgeadh chun críocha úsáidí cothaitheacha áirithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 (2)(a) de Threoir 89/398/CEE. Airteagal 7 8 Coinníollacha sonracha maidir le dathanna Ní fhéadfar breiseán bia a chuimsiú ar liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn II faoin aicme feidhme 'dathanna' mura gcomhlíonann sé ceann de na cuspóirí seo a leanas, le cois ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí leagtha amach in Airteagal 5 6 (2): (a) cuma bhunaidh a chur ar ais ar bhia a raibh tionchar ag próiseáil, stóráil, pacáistiú agus dáileadh ar a dhath, i gcás nach mbeadh an bia inghlactha a thuilleadh ó thaobh amhairc de; (b) bia a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh amhairc de; (c) dath a chur ar bhia nach mbeadh dath air gan é. Airteagal 8 9 Aicmí feidhmeanna na mbreiseán bia 1. Féadfar breiseáin bia a shannadh do cheann de na haicmí feidhmeanna in Iarscríbhinn I ar bhonn phríomhfheidhm theicneolaíoch an bhreiseáin bia. Ní fhágfaidh leithdháileadh breiseáin bia d’aicme feidhme nach bhféadfar é a úsáid le haghaidh roinnt feidhmeanna éagsúla. 2. Nuair is gá, mar thoradh ar ascnamh eolaíoch nó ar fhorbairt theicneolaíoch, féadfar glacfar leis na bearta atá deartha chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú, agus a bhaineann le haicmí feidhmeanna breise a cuireadh le hIarscríbhinn I, de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28 27 ( 2 3 ). Airteagal 9 10 Inneachar liostaí an Chomhphobail de bhreiseáin bia 1. De réir an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. [nósanna imeachta coiteanna], féadfar breiseán bia a chomhlíonann na coinníollacha leagtha amach in Airteagail 5 6 , 6 7 , agus 7 8 a áireamh i: (a) liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; agus/nó (b) liosta an Chomhphobail in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. 2. Sonróidh iontráil breiseáin bia i liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III: (a) ainm an bhreiseáin bia agus a E-uimhir má tá uimhir dá leithéid sannta dó; (b) na bianna agus/nó breiseáin bia agus/nó einsímí bia agus/nó blastáin bia a fhéadfar an breiseán bia a chur leo; (c) na coinníollacha a fhéadfar an breiseán bia a úsáid faoina réir; (d) más cuí, aon srianta maidir leis an mbreiseán bia a dhíol go díreach le tomhaltóirí. 3. Leasófar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III de réir an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. [...] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia. Airteagal 11 Athruithe ar phróiseas táirgthe nó ábhair bhunaidh breiseáin bia atá cuimsithe ar liosta Comhphobail cheana Nuair a dhéantar athrú suntasach ar na modhanna táirgthe nó ar na hábhair bhunaidh maidir le breiseán bia atá cuimsithe ar liosta Comhphobail cheana féin, measfar gur breiseán difriúil é an breiseán bia a ullmhaítear leis na modhanna nua seo nó leis na hábhair nua seo agus beidh gá le hiontráil nua ar liostaí an Chomhphobail nó athrú ar na sonraíochtaí sula bhféadfar é a chur ar an margadh. Airteagal 10 12 Leibhéil úsáide na mbreiseán bia 1. Nuair atá na coinníollacha úsáide dá dtagraítear in Airteagal 9 10 (2)(c) á mbunú: (a) beidh an leibhéal úsáide socraithe ag an leibhéal is ísle is gá chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach; (b) cuirfidh an leibhéal na nithe seo a leanas san áireamh: (i) aon ionghabháil laethúil inghlactha, nó measúnacht chomhchosúil, atá bunaithe don bhreiseán bia agus ionghabháil laethúil dhóchúil an bhreiseáin ó na foinsí uile; (ii) nuair atá an breiseán bia le húsáid i mbianna arna n-ithe ag grúpaí speisialta tomhaltóirí, ionghabháil laethúil fhéideartha an bhreiseáin bia ag tomhaltóirí sna grúpaí sin. 2. Nuair is cuí, ní shocrófar aon uasleibhéal úsáide do bhreiseán bia (quantum satis) . I gcás dá leithéid, úsáidfear an breiseán bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis dea-ghnás monaraithe, ag leibhéal nach mó ná an leibhéal a bhfuil gá leis chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir amú . 3. Tá na huasleibhéil maidir le húsáid breiseán bia a leagtar amach in Iarscríbhinn II infheidhme maidir le bianna réidh le hithe a ullmhaítear de réir na dtreoracha úsáide mura luaitear a mhalairt. I gcás bianna triomaithe agus/nó tiubhaithe ar gá iad a athdhéanamh, tá na huasleibhéil infheidhme maidir leis an mbia athdhéanta, ag cur fachtóir an íoschaolaithe san áireamh. 4. Tá na huasleibhéil maidir le dathanna a leagtar amach in Iarscríbhinn II infheidhme maidir le prionsabal mhéideanna dathúcháin san ullmhóid dathúcháin mura luaitear a mhalairt. Airteagal 11 13 Breiseáin bia a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 Ní fhéadfar breiseán bia a thagann faoi réim Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III de réir an leis an Rialacháin seo ach amháin má tá sé folaithe ag údarú i ndiaidh dó a bheith údaraithe de réir Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Airteagal 12 14 Sonraíochtaí na mbreiseán bia Glacfar le sonraíochtaí na mbreiseán bia, go háirithe sonraíochtaí a bhaineann le bunús, critéir íonachta agus aon fhaisnéis riachtanach eile, nuair a chuimseofar an breiseán bia ar liostaí an Chomhphobail in Iarscríbhinní II agus III den chéad uair, de réir an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán CE [...lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia]. CAIBIDIL IIIÚSÁID NA MBREISEÁN BIA I MBIANNA Airteagal 13 15 Breiseáin bia a úsáid i mbianna neamhphróiseáilte Ní úsáidfear breiseáin bia i mbianna neamhphróiseáilte, ach amháin nuair a dhéantar foráil shonrach dó in Iarscríbhinn II. Airteagal 14 16 Dathanna agus milseoirí a úsáid i mbianna do naíonáin agus leanaí óga Ní úsáidfear dathanna agus milseoirí i mbianna do naíonáin agus leanaí óga mar a thagraítear i dTreoir 89/398/CEE, lena n-áirítear bianna cothaithe do naíonáin agus do leanaí óga chun críocha leighis speisialta, ach amháin nuair a dhéantar foráil shonrach dó in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Airteagal 15 17 Dathanna a úsáid le haghaidh marcanna Ní fhéadfar ach dathanna bia atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid chun críche marcála sláinte dá bhforáiltear i dTreoir 91/497/CEE ón gComhairle[27] agus le haghaidh marcanna eile a éilítear ar tháirgí feola, chun dathú maisiúil a chur ar bhlaoscanna uibhe agus chun blaoscanna uibhe a stampáil dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1274/91 ón gComhairle[28]. Airteagal 16 18 Prionsabal an tuliompair 1. Ceadófar láithreacht breiseáin bia: (a) i gcomh-bhia nach comh-bhia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II é, nuair a cheadaítear an breiseán bia i gceann de chomhábhair an chomh-bhia; (b) i mbia a cuireadh breiseán bia, einsím bia nó blaisteán leis nuair a chomhlíonann an breiseán bia na coinníollacha seo a leanas: (i) ceadaítear é sa bhreiseán bia, san einsím bia nó sa bhlaisteán de réir an Rialacháin seo; (ii) thuliompair an breiseán bia, an einsím bia nó an blaisteán chuig an mbia é; (iii) níl aon fheidhm theicneolaíoch aige sa bhia deiridh; (c) i mbia nach mbeartaítear go n-úsáidfear é ach in ullmhú comh-bhia ar choinníoll go gcomhlíonann an comh-bhia an Rialachán seo. 2. Ní bheidh mír 1 den Airteagal seo infheidhme maidir le bainne foirmle do naíonáin, foirmlí leantacha, bianna próiseáilte bunaithe ar ghránach agus bianna linbh agus bianna cothaithe chun críocha leighis speisialta beartaithe do naíonáin agus leanaí óga dá dtagraítear i dTreoir 89/398/CEE, ach amháin nuair a dhéantar foráil shonrach dó. 3. Nuair a chuirtear breiseán bia atá i mblaisteán, i mbreiseán bia nó in einsím bia le bia agus nuair atá feidhm theicneolaíoch aige sa bhia sin, measfar ansin gur breiseán bia de chuid an bhia sin é, agus ní breiseán bia de chuid an bhlaisteáin, an bhreiseáin bia ná na heinsíme bia atá curtha leis. 4. Gan dochar do mhír 1, ceadófar láithreacht dianmhilseora i gcomh-bhia gan aon siúcra breise curtha leis, i gcomh-bhia le fuinneamh laghdaithe, i gcomh-bhianna cothaithe atá beartaithe d’aistí bia le calraí ísle, agus i gcomh-bhia le seilfré fada, ar choinníoll go bhfuil an dianmhilseoir ceadaithe i gceann de na comhábhair atá sa chomh-bhia. Airteagal 17 19 Cinntí léirmhínithe Nuair is gá, féadfar a chinneadh de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 27 (2) an bhfuil nó nach bhfuil: (a) bia áirithe i gcatagóir bia dá dtagraítear in Iarscríbhinn II; nó (b) breiseán bia liostaithe in Iarscríbhinní II agus III agus ceadaithe de réir “ quantum satis ” in úsáid de réir na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 10 12 (2). Airteagal 18 20 Bianna traidisiúnta Féadfaidh na Ballstáit atá liostaithe in Iarscríbhinn IV leanúint ar aghaidh ag cur toirmisc ar úsáid catagóirí áirithe de bhreiseáin bia sna bianna traidisiúnta táirgthe ar a gcríocha mar a liostaítear san Iarscríbhinn sin iad. CAIBIDIL IV LIPÉADÚ ALT 1 LIPÉADÚ BREISEÁN BIA NACH MBEARTAÍTEAR IAD A DHÍOL LEIS AN TOMHALTÓIR DEIRIDH Airteagal 19 21 Lipéadú breiseán bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh 1. Ní fhéadfar breiseáin bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh, cibé an bhfuil siad á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE a chur ar an margadh mura gcomhlíonann siad na ceanglais lipéadaithe bhfuil an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteaga i l 20 22 go 23 den Rialachán seo ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin , nach mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 22 i dteanga atá éasca le tuiscint ag ceannaitheoirí. 2. Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát ina margaítear an táirge, de réir rialacha an Chonartha, a ordú go dtabharfar an fhaisnéis sin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó den Chomhphobal, le bheith cinntithe ag an mBallstát sin. Ní chuirfidh sé cosc ar fhaisnéis dá leithéid a bheith taispeánta i roinnt teangacha. Airteagal 20 22 Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhreiseáin bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh Ceanglais faisnéise maidir le haithint breiseán bia 1. Nuair a dhíoltar breiseáin bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, agus/nó a gcuirtear substaintí eile leo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin i ndáil le gach breiseán bia : (a) an t-ainm agus/nó an E-uimhir atá leagtha síos sa Rialachán seo i ndáil le gach breiseán bia nó cur síos díolacháin a chuimsíonn ainm agus/nó E-uimhir gach breiseáin bia; (b) mura bhfuil ainm agus/nó E-uimhir ar fáil, dá dtagraítear i bpointe (a), cur síos ar an mbreiseán bia atá mionchruinn go leor leis an mbreiseán a idirdhealú ó tháirgí eile a d'fhéadfaí a mheascadh suas leis na táirgí sin. (b) an ráiteas ‘le húsáid i mbia' nó an ráiteas 'úsáid shrianta i mbia' nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia; (c) más gá, na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide; (d) marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; (e) treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid an bhreiseáin bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár; (f) ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra; (g) nuair is infheidhme, sonrú maidir le líon uasta gach comhdhamhna nó gach grúpa comhdhamhnaí atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora cloí leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht ábhartha eile an Chomhphobail; i gcás ina mbaineann an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhdhamhnaí a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an teorainn ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis ; (h) an glanmhéid; (i) an dáta íosmharthanachta; (j) nuair is ábhartha, faisnéis faoi bhreiseán bia nó substaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE chun cur ar chumas an cheannaitheora comhlíonadh na Treorach sin a áirithiú. 2. Nuair a dhíoltar breiseáin bia measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, tabharfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 i ndáil le gach breiseán bia, in ord laghdaitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin. 3. Nuair a chuirtear substaintí (breiseáin bia nó comhábhair eile bia san áireamh) le breiseáin bia chun a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú, beidh liosta na substaintí uile in ord laghdaitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin. 4. Mar mhaolú ó mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an fhaisnéis is gá a thabhairt i mír 1 pointí (e) go (g), (j) agus i míreanna 2 agus 3 a bheith ar na cáipéisí a bhaineann leis an gcoinsíneacht, agus atá le soláthar leis nó roimh an seachadadh, amháin, ar choinníoll go bhfuil an t-eolas “ceaptha do mhonarú bia agus ní le haghaidh miondíola” sofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge i dtrácht. 5. Mar mhaolú ó mhír 1, 2 agus 3, nuair a sheachadtar breiseáin bia i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na cáipéisí tionlacain a bhaineann leis an gcoinsíneacht agus atá le soláthar leis an seachadadh, amháin. Airteagal 21 Ceanglais faisnéise nuair a chorpraítear substaintí, ábhair nó comhábhair eile bia le breiseáin bia Nuair a chorpraítear substaintí, ábhair nó comhábhair bia nach breiseáin bia iad i mbreiseáin bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh chun a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú, beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 20 agus faisnéis faoi gach comhábhar in ord laghdaitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar phacáistiú, coimeádáin nó cáipéisí tionlacain na mbreiseán bia. Airteagal 22 Ceanglais faisnéise nuair a mheasctar breiseáin bia le comhábhair eile bia Nuair a mheasctar breiseáin bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh le comhábhair eile bia, beidh liosta na gcomhábhar uile in ord laghdaitheach a gcéatadáin de réir mheáchan an iomláin ar phacáistiú nó ar choimeádáin na mbreiseán bia. Airteagal 23Ceanglais ghinearálta faisnéise maidir le breiseáin bia 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistiú nó ar choimeádáin breiseán bia nach mbeartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh: (a) an ráiteas ‘le húsáid i mbia' nó an ráiteas 'úsáid shrianta i mbia' nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia; (b) más gá, na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide; (c) treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid an bhreiseáin bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár; (d) marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; (e) ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra; (f) nuair atá comhdhamhna den breiseán bia faoi réir srianta cainníochta i mbia, sonrú ar chéatadán chomhdhamhna an bhreiseáin bia sin, nó faisnéis leordhóthanach faoi chomhdhéanamh an bhreiseáin bia chun cur ar chumas an cheannaitheora a áirithiú go gcloítear leis an srian cainníochta i mbia; nuair atá an srian cainníochta céanna infheidhme maidir le grúpa comhdhamhnaí a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin ; cuirfear an srian cainníochta in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis; (g) an glanmhéid; (h) nuair is ábhartha, faisnéis faoi bhreiseán bia nó substaintí eile dá dtagraítear in Airteagail 20, 21 agus 22 den Rialachán seo agus liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le faisnéis a thabhairt faoi na comhábhair i láthair in earraí bia. 2. Mar mhaolú ó mhír 1, féadfaidh an fhaisnéis is gá a thabhairt i bpointí (c) go (f) agus pointe (h) den mhír sin a bheith ar na cáipéisí a bhaineann leis an gcoinsíneacht, agus atá le soláthar leis nó roimh an seachadadh, amháin, ar choinníoll go bhfuil an sonrú “ceaptha do mhonarú bia agus ní le haghaidh miondíola” ar chuid shofheicthe de phacáistiú nó de choimeádán an táirge i dtrácht. Alt 2Lipéadú breiseán bia a bheartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh Airteagal 24 23 Lipéadú breiseán bia a bheartaítear iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh 1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, Treoir 89/396/CEE agus Rialachán (CE) 1829/2003 , ní fhéadfar breiseáin bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia atá beartaithe le díol leis an tomhaltóir deiridh a mhargú mura gcuimsíonn a bpacáistiú an fhaisnéis seo a leanas, nach mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta : (a) an t-ainm agus an E-uimhir faoina ndíoltar an breiseán bia; beidh i gceist leis an ainm sin an t-ainm leagtha síos sa Rialachán seo i ndáil le gach breiseán bia nó cur síos díolacháin a chuimsíonn ainm agus E-uimhir gach breiseáin bia ag aon fhorálacha Comhphobail a bhaineann leis an mbreiseán bia i gceist agus lena E-uimhir ; (b) an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia' nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia faisnéis is gá a thabhairt de réir Airteagail 20, 21 agus 22 agus pointí (a) go (e), (g) agus(h) d’Airteagal 23(1) . 2. Mar mhaolú ó mhír 1 (a), C c uimseoidh cur síos díolacháin ar mhilseoir boird an téarma ‘milseoir boird . . .-bhunaithe’, ag úsáid ainm(neacha) an mhilseora/na milseoirí a úsáidtear chun é a dhéanamh. 3. Beidh na rabhaidh seo a leanas ar lipéid milseoirí boird ina bhfuil ilóil agus/nó aspairtéim agus/nó salann aspairtéime-aicéasuilféime: (a) ilóil: ‘d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha bheith mar thoradh ar thomhailt iomarcach’; (b) aspairtéim/salann aspairtéime-aicéasuilféime: ‘tá foinse feiniolalainín ann’. 4. Maidir leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear i míreanna (1) go (3), beidh Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE infheidhme dá réir. ALT 3 CEANGLAIS EILE LIPÉADAITHE Airteagal 25 24 Ceanglais eile lipéadaithe 1. Beidh Airteagail 19 21 go 24 23 gan dochar do dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin níos mionchruinne nó níos forleithne i ndáil le meáchain agus tomhais nó infheidhme maidir le tíolacadh, aicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha nó le hiompar substaintí dá leithéidí. 2. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagail 19 go 24 i dteanga atá éasca le tuiscint ag ceannaitheoirí. Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát ina margaítear an táirge, de réir rialacha an Chonartha, a ordú go dtabharfar an fhaisnéis sin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó den Chomhphobal, le bheith cinntithe ag an mBallstát sin. Ní chuirfidh an chéad agus an dara fomhír den mhír seo cosc ar fhaisnéis dá leithéid a thaispeáint i roinnt teangacha. CAIBIDIL VFORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME Airteagal 26 25 Oibleagáid maidir le faisnéis 1. Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir breiseáin bia an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh dul i gcion ar an measúnacht ar shábháilteacht an bhreiseáin bia. 2. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir breiseáin bia an Coimisiún ar an eolas faoi úsáid iarbhír an bhreiseáin bia. Airteagal 27 26 Monatóireacht ar ionghabháil na mbreiseán bia 1. Déanfaidh na Ballstáit córais a choimeád chun monatóireacht a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid breiseán bia a úsáidfidh cur chuige bunaithe ar riosca agus cuirfidh siad a gcinneadh in iúl don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás' anseo feasta) gach bliain. 2. I ndiaidh comhairliúchán a dhéanamh leis an Údarás, féadfar glacadh le modheolaíocht chomhchoiteann le húsáid ag na Ballstáit chun faisnéis faoi ionghabháil chothaithe na mbreiseán bia sa Chomhphobal a bhailiú de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 27 (2). Airteagal 28 27 Coiste 1. Beidh de chabhair ag an gCoimisiún an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (dá ngairtear 'an Coiste' anseo feasta). 2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE i bhfeidhm, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 den Chinneadh sin. Is trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE i bhfeidhm, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 den Chinneadh sin. 3. Glacfaidh an Coiste lena Rialacha Nós Imeachta. Airteagal 29 28 Maoiniú Comhphobail i gcomhair beartas comhchuibhithe Tugann Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 bunús dlí le maoiniú na mbeart a eascraíonn as an Rialachán seo. CAIBIDIL VIFORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 30 29 Bunú liostaí Chomhphobail de bhreiseáin bia 1. Cuirfear breiseáin bia a ceadaíodh iad a úsáid i mbianna faoi Threoracha 94/35/CE, 94/36/CE agus 95/2/CE roimh an dáta a dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm, le cois a gcoinníollacha úsáide, isteach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i ndiaidh athbhreithniú ar a gcomhlíonadh de réir Airteagail 5 6 , 6 7 agus 7 8 den Rialachán seo. Glacfar leis na bearta a bhaineann le hiontráil breiseán dá leithéid in Iarscríbhinn II, atá deartha chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú , de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28 27 ( 2 3 ). Ní chuimseoidh an t-athbhreithniú seo measúnacht nua ar riosca déanta ag an Údarás. Tabharfar an t-athbhreithniú chun críche [...] 2 bhliain i ndiaidh dháta foilsithe an Rialacháin seo . Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil reatha níos mó isteach san Iarscríbhinn. 2. Cuirfear breiseáin bia atá údaraithe le húsáid i mbreiseáin bia mar iompróirí ceadaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 95/2/CE, le cois a gcoinníollacha úsáide, isteach in Iarscríbhinn III, Cuid 1 a ghabhann leis an Rialachán seo i ndiaidh athbhreithniú ar a gcomhlíonadh de réir Airteagal 5 6 den Rialachán seo. Glacfar leis na bearta a bhaineann le hiontráil breiseán dá leithéid in Iarscríbhinn III, atá deartha chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú , de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú leagtha síos dá dtagraítear in Airteagal 28 27 ( 2 3 ). Ní chuimseoidh an t-athbhreithniú seo measúnacht nua ar riosca déanta ag an Údarás. Tabharfar an t-athbhreithniú chun críche [...] 2 bhliain i ndiaidh dháta foilsithe an Rialacháin seo. Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil reatha níos mó isteach san Iarscríbhinn. 3. Cuirfear breiseáin bia atá údaraithe le húsáid i mblaisteáin bia i dTreoir 95/2/CE, le cois a gcoinníollacha úsáide, isteach in Iarscríbhinn III, cuid 4 a ghabhann leis an Rialachán seo i ndiaidh athbhreithniú ar a gcomhlíonadh de réir Airteagal 6 den Rialachán seo. Glacfar leis an mbeart a bhaineann le hiontráil breiseán dá leithéid in Iarscríbhinn III, atá deartha chun eilimintí neamhriachtanacha an rialacháin seo a leasú, de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 27(3). Ní chuimseoidh an t-athbhreithniú seo measúnacht nua ar riosca déanta ag an Údarás. Tabharfar an t-athbhreithniú chun críche 2 bhliain i ndiaidh dháta foilsithe an Rialacháin seo. Ní chuirfear breiseáin bia agus úsáidí nach bhfuil reatha níos mó isteach san Iarscríbhinn. 3 4 . Glacfar le sonraíochtaí na mbreiseán bia atá folaithe ag míreanna 1, agus 2 agus 3 den Airteagal seo, de réir Rialachán CE [...lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blaisteáin bia], tráth a gcuirtear na breiseáin bia sin isteach sna hIarscríbhinní de réir na míreanna sin. 4 5 . Féadfar glacadh Glacfar leis na bearta a bhaineann le haon bhearta idirthréimhseacha cuí, atá deartha chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú inter alia tríd an Rialachán a fhorlíonadh , de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú leagtha síos dá dtagraítear in Airteagal 28 27 ( 2 3 ). Airteagal 31 30 Athmheastóireacht na mbreiseán bia formheasta 1. Beidh breiseáin bia a ceadaíodh roimh an dáta a dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm faoi réir measúnachta nua ar riosca déanta ag an Údarás. 2. I ndiaidh comhairliúcháin leis an Údarás, glacfar le clár meastóireachta do na breiseáin sin laistigh d’aon bhliain amháin ón dáta a dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm, de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 28 27 (2). Foilseofar an clár meastóireachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Airteagal 32 31 Aisghairmeacha 1. Aisghairtear na hionstraimí seo a leanas: (a) Treoir 62/2645/CEE; (b) Treoir 65/66/CEE; (c) Treoir 78/663/CEE; (d) Treoir 78/664/CEE; (e) Treoir 81/712/CEE; (f) Treoir 89/107/CEE; (g) Treoir 94/35/CE; (h) Treoir 94/36/CE; (i) Treoir 95/2/CE; (j) Cinneadh 292/97/CE; (k) Cinneadh 2002/247/CE. 2. Déanfar tagairtí do na hionstraimí a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 33 32 Forálacha idirthréimhseacha Mar mhaolú ó Airteagal 32 31 , beidh na forálacha seo a leanas fós i bhfeidhm go dtí [...]: (a) Airteagal 2 (1), (2) agus (4) de Threoir 94/35/CE agus an Iarscríbhinn a ghabhann léi; (b) Airteagal 2 (1) go (6), (8), (9) agus (10) de Threoir 94/36/CE agus Iarscríbhinní I go V a ghabhann léi; (c) Airteagail 2 agus 4 de Threoir 95/2/CE agus Iarscríbhinní I go VI a ghabhann léi. In ainneoin phointe (c), aisghairtear na húdaruithe maidir le E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím atá leagtha síos i dTreoir 95/2/CE le héifeacht ón dáta a dtiocfaidh liosta an Chomhphobail d’einsímí bia i bhfeidhm de réir Airteagal 18 17 den [Rialachán maidir le heinsímí bia]. Féadfar leanúint ar aghaidh le margú breiseán bia nach gcomhlíonann forálacha an Rialacháin ach a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh go dlíthiúil roimh [12 mhí i ndiaidh fhoilsiú an Rialacháin seo] go dtí a ndáta íosmharthanachta. Airteagal 34 33 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh sé i bhfeidhm ó [bhliain amháin i ndiaidh fhoilsiú an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh Airteagal 4 5 (2) infheidhme maidir le Codanna 2, agus 3 agus 5 d’Iarscríbhinn III amhail ó [1 Eanáir 2011]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Aicmí feidhmeanna do bhreiseáin bia i mbianna agus do bhreiseáin bia i mbreiseáin bia agus einsímí bia 1. ciallaíonn “milseoirí” substaintí (milseoirí builc agus dianmhilseoirí) a úsáidtear chun blas milis a thabhairt do bhianna nó i milseoirí boird. 2. ciallaíonn “dathanna” substaintí a chuireann dath le bia nó a aischuireann dath leis, agus cuimsíonn siad gnáth-chomhábhair bianna agus foinsí nádúrtha nach n-itear de ghnáth mar bhianna agus nach n-úsáidtear de ghnáth mar shain-chomhábhair bia.Laistigh de chiall an Rialacháin seo, is dathanna iad ullmhóidí a fhaightear ó bhianna agus ó amhábhair nádúrtha eile faighte ó úscadh fisiciúil agus/nó ceimiceach a chúisíonn úscadh roghnach líocha i gcomhréir leis na comhábhair chothaitheacha nó aramatacha. 3. ciallaíonn “leasaithigh” substaintí a fhadaíonn seilfré bianna trí iad a chosaint ó mheathlú cúisithe ag miocrórgánaigh; 4. ciallaíonn ‘frithocsaídeoirí’ substaintí a fhadaíonn seilfré bianna trí iad a chosaint ó mheathlú cúisithe ag ocsaídiú, cosúil le bréine saille agus athruithe ar dhathanna; 5. ciallaíonn ‘iompróirí’ substaintí a úsáidtear chun breiseán bia nó blaisteán nó einsím bia, cothaitheach agus/nó substaint eile a chuirtear le hearra bia (nó le bia agus/nó forbhia) chun críocha cothaitheacha nó fiseolaíocha, a thuaslagadh, a chaolú, a scaipeadh nó a athrú go fisiciúil ar bhealach éigin eile, gan a fheidhm a athrú (agus gan aon tionchar teicneolaíoch a bheith ag na hiompróirí féin) chun a láimhseáil, a fheidhm nó a úsáid a éascú; 6. ciallaíonn ‘aigéid’ substaintí a mhéadaíonn aigéadacht earra bia agus/nó a thugann blas searbh dó; 7. ciallaíonn ‘rialtáin aigéadachta’ substaintí a athraíonn nó a rialaíonn aigéadacht nó alcaileacht earra bia; 8. ciallaíonn ‘oibreáin frithstolptha’ substaintí a laghdaíonn claonadh maidir le cáithníní indibhidiúla earra bia greamú le chéile; 9. ciallaíonn ‘oibreáin frithchúrtha’ substaintí a laghdaíonn nó a chuireann cosc ar chúr; 10. ciallaíonn ‘toirteoirí’ substaintí a chuireann le toirt earra bia gan cur go suntasach lena luach fuinnimh infhaighte; 11. ciallaíonn ‘eiblitheoirí’ substaintí a chúisíonn gur féidir meascán aonchineálach de dhá phas domheasctha nó níos mó, cosúil le hola agus uisce, a chruthú nó a choinneáil in earra bia; 12. ciallaíonn ‘salainn eiblithe’ substaintí a iompaíonn próitéiní i gcáis i bhfoirm scaipthe agus a chúisíonn scaipeadh aonchineálach de shaill agus de chomhdhamhnaí eile dá réir; 13. ciallaíonn ‘oibreáin teannta’ substaintí a dhéanann nó a choinníonn fíocháin glasraí nó torthaí teann nó briosc, nó a idirghníomhaíonn le hoibreáin ghlóthaithe chun glóthach a tháirgeadh nó a threisiú; 14. ciallaíonn ‘feabhsaitheoirí blais’ substaintí a chuireann feabhas ar bhlas agus/nó boladh reatha earra bia; 15. ciallaíonn ‘oibreáin chúrtha’ substaintí a chúisíonn gur féidir pas gásach a scaipeadh go haonchineálach in earra bia leachtach nó soladach; 16. ciallaíonn ‘oibreáin ghlóthaithe' substaintí a thugann uigeacht d'earra bia trí ghlóthach a fhoirmiú; 17. ciallaíonn ‘oibreáin ghlónraithe’ (lena n-áirítear bealaitheoirí) substaintí a thugann cuma lonrach nó cumhdach cosanta d’earra bia nuair a chuirtear ar dhromchla seachtrach an bhia iad; 18. ciallaíonn ‘taisleáin’ substaintí a chuireann cosc ar thriomú bianna trí ghníomhú in aghaidh tionchair atmaisféir ag a bhfuil leibhéal íseal bogthaise nó trí chabhrú le tuaslagadh púdair i meán uisciúil; 19. ciallaíonn ‘stáirsí modhnaithe’ substaintí a fhaightear ó chóireáil cheimiceach amháin nó níos mó de stáirsí inite, a bhféadfadh cóireáil fhisiciúil nó einsíme bheith déanta orthu agus a fhéadfaidh a bheith tanaithe nó tuartha ag aigéad nó alcaile; 20. ciallaíonn ‘gáis phacáistithe’ gáis nach aer iad a cuireadh i gcoimeádán roimh, le linn nó i ndiaidh earra bia a bheith curtha sa choimeádán sin; 21. ciallaíonn 'tiomántáin' gáis nach aer iad a dhíchuireann earra bia ó choimeádán; 22. ciallaíonn ‘oibreáin ardaithe’ substaintí nó teaglaim substaintí a shaorann gás agus a mhéadaíonn toirt taois nó fuidrimh dá bharr sin; 23. ciallaíonn ‘leithliseoirí’ substaintí a fhoirmíonn coimpléisc cheimiceacha le hiain mhiotalacha; 24. ciallaíonn ‘cobhsaitheoirí’ substaintí a chúisíonn gur féidir staid fhisiceimiceach earra bia a choinneáil; áirítear ar chobhsaitheoirí substaintí a chúisíonn gur féidir scaipeadh aonchineálach substainte domheasctha amháin nó níos mó a choinneáil in earra bia, substaintí a chobhsaíonn, a choinníonn nó a threisíonn dath reatha earra bia agus substaintí a mhéadaíonn cumas nasctha an bhia, lena n-áirítear foirmiú trasnasctha idir próitéiní a chúisíonn gur féidir píosaí bia a nascadh i mbia athdhéanta. 25. ciallaíonn 'tiúsóirí’ substaintí a mhéadaíonn slaodacht earra bia; 26. ciallaíonn 'oibreáin chóireála plúir’ substaintí, seachas eiblitheoirí, a chuirtear le plúr nó le taos chun feabhas a chur ar a cháilíocht bácála. IARSCRÍBHINN II Liosta an Chomhphobail de bhreiseáin bia formheasta le húsáid i mbianna agus a gcoinníollacha úsáide. IARSCRÍBHINN III Liosta an Chomhphobail de bhreiseáin bia formheasta le húsáid i mbreiseáin bia agus , einsímí bia, blaisteáin bia agus a gcoinníollacha úsáide. Liosta an Chomhphobail d’iompróirí i gcothaithigh agus a gcoinníollacha úsáide. Cuid 1 Iompróirí i mbreiseáin bia Cuid 2 Breiseáin seachas iompróirí i mbreiseáin bia Cuid 3 Breiseáin lena n-áirítear iompróirí in einsímí bia Cuid 4 Breiseáin lena n-áirítear iompróirí i mblaisteáin bia Cuid 5 Iompróirí i gcothaithigh IARSCRÍBHINN IV Bianna traidisiúnta a fhéadfaidh Ballstáit áirithe leanúint ar aghaidh ag cur toirmisc ar úsáid catagóirí áirithe breiseán bia iontu Ballstát | Bianna | Catagóirí breiseán ar féidir leanúint ar aghaidh ag cur toirmisc orthu | An Ghearmáin | Beoir thraidisiúnta na Gearmáine (“Bier nach deutschem Reinheitsgebot gebraut”) | Gach catagóir seachas gáis tiomántáin | An Fhrainc | Arán traidisiúnta na Fraince | Gach catagóir | An Fhrainc | Strufail leasaithe thraidisiúnta na Fraince | Gach catagóir | An Fhrainc | Seilidí leasaithe traidisiúnta na Fraince | Gach catagóir | An Fhrainc | Subh ghé agus lachan thraidisiúnta na Fraince (“confit”) | Gach catagóir | An Ostair | “Bergkäse” traidisiúnta na hOstaire | Gach catagóir seachas leasaithigh | An Fhionlainn | “Mämmi” traidisiúnta na Fionlainne | Gach catagóir seachas leasaithigh | An tSualainn An Fhionlainn | Síoróipí traidisiúnta torthaí na Sualainne agus na Fionlainne | Dathanna | An Danmhairg | “Kødboller” traidisiúnta na Danmhairge | Leasaithigh agus dathanna | An Danmhairg | “Leverpostej” traidisiúnta na Danmhairge | Leasaithigh (seachas aigéad sorbach) agus dathanna | An Spáinn | “Lomo embuchado” traidisiúnta na Spáinne | Gach catagóir seachas leasaithigh agus frithocsaídeoirí | An Iodáil | “Mortadella” traidisiúnta na hIodáile | Gach catagóir seachas leasaithigh, frithocsaídeoirí, oibreáin rialaithe pH, feabhsaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe | An Iodáil | “Cotechino e zampone” traidisiúnta na hIodáile | Gach catagóir seachas leasaithigh, frithocsaídeoirí, oibreáin rialaithe pH, feabhsaitheoirí blais, cobhsaitheoirí agus gás pacáistithe | [1] IO C […], […], lch. […]. [2] IO C 168, 20.7.2007, lch. 34. [3] IO L 186, 30.6.1989. Treoir arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1). [4] IO L […], ll/mm/bbbb, lch. […]. [5] IO L 178, 28.7.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/46/CE (IO L 114, 21.4.2004, lch. 15). [6] IO L 226, 22.9.1995, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/47/CE (IO L 113, 20.4.2004, lch. 24). [7] IO L 339, 30.12.1996, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/45/CE (IO L 113, 20.4.2004, lch. 19). [8] IO L […], […], lch. […]. [9] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4). [10] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. [11] IO L 208, 24.7.1992, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 806/2003(IO L 122, 16.5.2003, lch. 1). [12] IO L 208, 24.7.1992, lch. 9. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 806/2003. [13] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [14] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe (IO L 191, 28.5.2004, lch. 1). [15] IO L 115, 11.11.1962, lch. 2645/62. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 95/45/CE (IO L 226, 22.9.1995, lch. 1). [16] IO 22, 9.2.1965, lch. 373. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 96/77/CE ón gCoimisiún (IO L 339, 30.12.1996, lch. 1). [17] IO L 223, 14.8.1978, lch. 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 92/4/CE ón gCoimisiún (IO L 55, 29.2.1992, lch. 96). [18] IO L 223, 14.8.1978, lch. 30. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 96/77/CE ón gCoimisiún. [19] IO L 257, 10.9.1981, lch. 1. [20] IO L 40, 11.2.1989, lch. 27. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. [21] IO L 237, 10.9.1994, lch. 3. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) 1882/2003. [22] IO L 237, 10.9.1994, lch. 13. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) 1882/2003. [23] IO L 61, 18.3.1995, lch. 3. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) 1882/2003. [24] IO L 48, 19.2.1997, lch. 13. [25] IO L 84, 28.3.2002, lch. 69. [26] IO L 330, 5.12.1998, lch. 32. [27] IO L 268. 24.9.1991, lch. 69. [28] IO L 121, 16.5.1991, lch. 11.