52007PC0572

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí i dtaca leis an idirthréimhse a fhadú (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {COIM(2007) 578 leagan deireanach} /* COIM/2007/0572 leagan deireanach - COD 2007/0202 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 8.10.2007

COIM(2007) 572 leagan deireanach

2007/0202 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí i dtaca leis an idirthréimhse a fhadú

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {COIM(2007) 578 leagan deireanach}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

( Cúlra

Déanann Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle comhchuibhiú ar na rialacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí idir Bhallstáit nó i ndiaidh a n-iontrála nó a n-athiontrála sa Chomhphobal ó thríú tíortha. Foilsíodh ar an 13 Meitheamh 2003, tháinig sé i bhfeidhm ar an 3 Iúil 2003 agus baineann sé le peataí le linn dóibh bheith ag taisteal lena n-úinéirí.

Leis an Rialachán seo, tugadh isteach inter alia , pasanna do pheataí le haghaidh cat, madraí agus firéad a bhíonn á n-aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ar pasanna iad a thugann cruthúnas go bhfuil an peata sin vacsáinithe in aghaidh confaidh. Is seo an t-aon cheanglas amháin atá ann maidir le taisteal peataí chuig na Ballstáit go léir.

Foráiltear sa Rialachán seo, áfach, do choinníollacha sonracha a thugann maoluithe maidir le gluaiseacht peataí chuig Ballstáit áirithe ar feadh idirthréimhse cúig bliana dar thosach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin, i.e. go dtí an 3 Iúil 2008. Ba chóir go ndéanfaí athbhreithniú ar an maoluithe seo roimh dheireadh na tréimhse seo, i bhfianaise na taithí a fuair Ballstáit maidir le cur chun feidhme Airteagail 6, 8 agus 16 den Rialachán agus i bhfianaise na tuairime eolaíochta ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB).

Chuige sin agus de réir Airteagal 23 den Rialachán, ceanglaíodh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh, roimh an 1 Feabhra 2007, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, maidir leis an ngá atá leis an tástáil shéireolaíoch a choinneáil, mar aon le tograí iomchuí chun an córas a chuirfear i bhfeidhm tar éis na hidirthréimhse.

( Sainaithint fadhbanna

Toisc gur thóg an measúnú eolaíoch níos faide ná mar a beartaíodh, cuireadh moill ar an tuarascáil ón gCoimisiún. Chun go dtabharfar aird chuí ar chonclúidí na tuarascála, is cuí an idirthréimhse thuasluaite a fhadú.

( Cuspóir an togra

Is cuspóir an togra seo ón gCoimisiún an idirthréimhse a fhadú agus Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a leasú dá réir.

Tá nasc idir an togra seo ón gCoimisiún leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infeidhme ar ghluaiseacht neamhthráchtála peataí.

2007/0202 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí i dtaca leis an idirthréimhse a fhadú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [2],

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[3],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseacht neamhthráchtála peataí[4], leagann sé síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí agus na rialacha a bhaineann le seiceálacha ar ghluaiseacht den sórt sin.

2. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go mbeidh iontráil peataí madraí agus cat ar chríoch na hÉireann, Mhálta, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe, faoi réir ceanglas speisialta ar feadh idirthréimhse cúig bliana, agus an cor áirithe sna Ballstáit sin maidir le confadh á chur san áireamh.

3. Foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go bhféadfaidh na Ballstáit sin, a bhfuil rialacha speisialta acu chun eicíneacocóis agus sceartáin a rialú, a chur faoi deara go mbeidh iontráil peataí ar a gcríocha faoi réir na gceanglas sin ar feadh idirthréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Déanann Éire, an Fhionlainn, Málta, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn a rialacha sonracha iontrála maidir le heicíneacocóis a chur i bhfeidhm; ceanglaíonn Málta, Éire agus an Ríocht Aontaithe go rachaidh peataí madraí agus cat faoi chóireáil bhreise in aghaidh sceartán nach mór a bheith deimhnithe freisin i bpas an ainmhí.

4. Rachaidh na córais idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Airteagail 6 agus 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 in éag ar an 3 Iúil 2008. Foráiltear le hAirteagal 23 den Rialachán sin gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na córais idirthréimhseacha roimh dheireadh na hidirthréimhse.

5. Chuige sin agus de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, ceanglaíodh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, roimh an 1 Feabhra 2007, maidir leis an ngá atá leis an tástáil shéireolaíoch a choinneáil, agus tograí iomchuí a dhéanamh chun an córas a chuirfear i bhfeidhm tar éis na gcóras idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagail 6, 8 agus 16 den Rialachán sin a chinneadh. Ba chóir go mbeadh an tuarascáil sin bunaithe ar an taithí a fuarthas go dtí seo agus ar anailís riosca a bhunófar ar thuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB).

6. Ar iarraidh ón gCoimisiún, d’eisigh an UESB tuairim eolaíoch chun cuidiú leis an gCoimisiún leasuithe iomchuí agus eolaíochtbhunaithe a mholadh ar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Ina theannta sin, bhí ar an gCoimisiún tuarascálacha na mBallstát a bhreithniú ar an taithí a fuair siad maidir le cur chun feidhme Airteagail 6, 8 agus 16 den Rialachán sin.

7. Toisc gur thóg an measúnú eolaíoch níos faide ná mar a beartaíodh, áfach, cuireadh moill ar an tuarascáil ón gCoimisiún. Chun go dtabharfar aird chuí ar chonclúidí na tuarascála, is cuí tréimhse na gcóras idirthréimhseach a fhadú.

8. Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 mar a leanas:

(1) In Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Go dtí an 31 Lúnasa 2009, beidh iontráil peataí atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I ar chríoch na hÉireann, Mhálta, na Ríochta Aontaithe agus na Sualainne faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:”

(2) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Go dtí an 31 Lúnasa 2009, féadfaidh Éire, an Fhionlainn, Málta, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn, i ndáil le heicíneacocóis, agus Éire agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le sceartáin, a chur faoi deara go mbeidh iontráil peataí ar a gcríocha faoi réir rialacha speisialta a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.”

(3) In Airteagal 23, cuirtear an dáta “1 Meán Fómhair 2009” in ionad an dáta “1 Eanáir 2008”.

Airteagal2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C 325, 24.12.2002, lch. 133.

[4] IO L 146, 13.6.2003, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 245/2007 ón gCoimisiún (IO L 73, 13.3.2007, lch. 9).