52007PC0460

Tuairim ón gCoimisiún de bhun phointe (c) den tríú fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh CE, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar lena leasaítear an togra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE /* COIM/2007/0460 leagan deireanach - COD 2000/0212 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 25.7.2007

COIM(2007) 460 leagan deireanach

2000/0212 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun phointe (c) den tríú fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh CE,ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar

LENA LEASAÍTEAR AN TOGRA ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE

2000/0212 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun phointe (c) den tríú fomhír d’Airteagal 251(2) de Chonradh CE, ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar

1. Réamhrá

Éilíonn pointe (c) den tríú fomhír d’Airteagal 251(2) go dtabharfaidh an Coimisiún uaidh a thuairim ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa sa dara léamh. Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar na leasuithe atá molta ag an bParlaimint.

2. Cúlra

Dáta tarchuir an togra leasaithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM (2005) 319 críochnaitheach – 2000/0212 (COD)) | 22 Iúil 2005 |

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún. | 16 Feabhra 2005 |

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa | 17 Bealtaine 2006 |

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad togra, an chéad léamh COM (2000) 7 | 14 Samhain 2001 |

Dáta glactha an chomhsheasaimh | 11 Nollaig 2006 |

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an dara léamh | 10 Bealtaine 2007 |

3. CUSPÓIR AN TOGRA

Tá sé mar aidhm ag an togra seo, ionad Rialacháin a glacadh i 1969 a ghabháil, arb an creat rialúcháin Comhphobail is infheidhme in earnáil an iompair phoiblí do phainiséirí go fóill sa lá atá inniu ann[1]. Ó 1969 i leith, tá athrú nach beag tagtha ar thimpeallacht eacnamaíoch na hearnála intíre iompair phoiblí do phaisinéirí. Tá an Rialachán seo tagtha chun bheith as dáta agus údar éiginnteachta dlíthiúla atá ann mar a léiríonn an méadú ar líon na ndíospóidí cheana féin.

I bhfianaise neamhoiriúnacht chreat rialúcháin an Chomhphobail agus d’fhonn cur le héifeachtúlacht agus le cáilíocht seirbhísí, rinne an Coimisiún, i Meán Fómhair 2000, togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[2] a thíolacadh chun ionad Rialachán 1969 a ghabháil.

I ndiaidh na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2001 (an chéad léamh), rinne an Coimisiún togra leasaithe a thíolacadh i mí Feabhra 2002. Ní raibh an deis ag an gComhairle leanúint lena cuid oibre maidir leis an ábhar seo, áfach, i bhfianaise na taithí éagsúla a bhí ann ó thaobh margaí sna Ballstáit a oscailt.

D’fhonn na deacrachtaí seo a réiteach, chun na comhsheasaimh éagsúla a cuireadh in iúl i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle maidir leis an tsaincheist seo a thabhairt le chéile agus chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Altmark [3] a chur san áireamh, rinne an Coimisiún togra leasaithe le haghaidh Rialacháin a ghlacadh in Iúil 2005, ar togra a ghabhann ionad thogra leasaithe 2002.

Ba í an phríomhaidhm a bhí ag an togra seo an cur chuige reachtach a shimpliú, tuilleadh solúbthachta a thabhairt isteach maidir le seirbhísí iompair phoiblí a eagrú agus prionsabail na coimhdeachta agus na trédhearcachta a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.

Rialaíonn an togra na bealaí inar féidir leis na húdaráis inniúla idiragairt in earnáil an iompair phoiblí intíre do phaisinéirí. Chun na críche sin, leagtar síos ann na modhanna chun cúiteamh a íoc i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí agus chun cearta eisiatacha a dhámhachtain san earnáil. Déanann an togra ginearálú ar na rialacha maidir le conarthaí a thabhairt i gcrích agus maidir le tuilleadh trédhearcachta sa chaidreamh idir údaráis phoiblí agus oibreoirí iompair. San am céanna, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, tugann an togra seo aitheantas den chéad uair don cheart atá ag údaráis áitiúla rogha a dhéanamh maidir le hiompar poiblí a eagrú. Bunaíonn sé creat soiléir ionas go mbeifear in ann tairiscintí iomaíocha a chur isteach ar chonarthaí seirbhíse poiblí agus ionas go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na seirbhísí a reáchtáil iad féin nó a chur faoi deara go ndéanfaidh oibreoir inmheánach iad a reáchtáil.

4. Tuairim an choimisiúin ar na leasuithe lenar ghlac an pharlaimint

Bhí an cás ina ábhar do chaibidlí idirinstitiúideacha a fhágfaidh go mbeifear in ann a chur i gcrích sa dara léamh. Baineann na leasuithe lenar ghlac Parlaimint na hEorpa le sonraí teicniúla agus le gnéithe áirithe níos substaintiúla. Tá srian ar dheiseanna fochonraitheoireachta agus tá siad teoranta d’fhonn a áirithiú gurb sealbhóir an chonartha a chuireann cuid mhór de na seirbhísí iompair ar fáil. Déantar méadú beag ar leibhéal na dtairseach maidir le conarthaí iompair a chionroinnt go díreach ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ó luach bliantúil 1.7 milliún euro go dtí 2 milliún euro. Tugtar isteach meicníochtaí a áirithíonn go mbeidh leigheas breithiúnach ann. Ar deireadh, leanfaidh as na leasuithe go mbeidh laghdú ar an tréimhse ar faoina ceann a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm agus ar an idirthréimhse, a rachaidh faoi seach ó 36 mhí go dtí 24 mhí agus ó 12 bhliain go dtí 10 mbliana. Féadfaidh an Coimisiún na leasuithe go léir lenar ghlac an Pharlaimint sa dara léamh a ghlacadh.

5. Conclúid

De réir Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thogra a leasú mar atá leagtha amach thuas.

[1] Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 (IO L156 28.6.1969, lch. 1) maidir le gníomhaíocht ó Bhallstáit maidir leis na hoibleagáidí atá go smior sa choincheap atá ann de sheirbhís phoiblí san iompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealaí intíre. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CEE) Uimh. 1893/91 (IO L169 29.6.1991, lch. 1)

[2] COM (2000)7 críochnaitheach - 2000/0212 (COD), arna leasú le COM(2002)107 críochnaitheach.

[3] Breithiúnas an 24 Iúil 2003 i gcás C-280/00, Altmark Trans GmbH agus Regierungspräsidium Magdeburg/Nahverkehrsgesellschaft Altmark GmbH.