52006PC0869

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 maidir le Ballstáit do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha, nó maidir lena n-aontachas leis an gcéanna /* KOM/2006/0869 críochnaitheach - COD 2006/0308 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 30.1.2007

COM(2006) 869 críochnaitheach

2006/0308 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 maidir le Ballstáit do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha, nó maidir lena n-aontachas leis an gcéanna

(arna chur i láthair ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

- Is í aidhm an togra ná Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ón gComhairle an 15 Bealtaine 1979 maidir le daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chód Iompraíochta do Linéarchomhdhálacha ag na Ballstáit, nó a n-aontachas leis an gcéanna a aisghairm. Tá gá leis an togra seo toisc gur glacadh le Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 lenar leagadh síos rialacha mionsonraithe i dtaobh cur i bhfeidhm Airteagail 85 agus 86 ar mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.1/2003 maidir lena raon feidhme a leathnú le go n-aireofar cabatáiste agus seirbhísí ghaltán fáin idirnáisiúnta.

- Comhthéacs ginearálta

Déileálann Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 le daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Linéarchomhdhálacha ag na Ballstáit nó a n-aontachas leis.

Rinneadh an Coinbhinsiún ar Chód Iompraíochta do Linéarchomhdhálacha a dhréachtadh faoi choimirce Chomhdháil na Náisiún Aontaithe um Thradáil agus Forbairt (CNATF) leis an gcuspóir creat idirnáisiúnta comhchuibhithe a leagan amach le haghaidh comhdhálacha loingseoireachta a oibriú. Ba chuspóir de Choinbhinsiún CNATF cothromaíocht chóir sa rochtain ar lasta sa loingseoireacht linéar a chur chun cinn idir oibreoirí ó thíortha forbartha agus ó thíortha i mbéal forbartha. Chun na críche sin bunaíonn an Cód riail ar a dtugtar "riail 40/40/20", ar dá réir nach mór loingsithe a iompraítear idir Stáit is Páirtithe a chionroinnt ar an mbealach seo a leanas: 40% d'úinéirí loinge atá bunaithe sa tír thionscnaimh, 40% d'úinéirí loinge atá bunaithe sa tír chinn scríbe agus 20% d'úinéirí loinge ó thíortha eile (atá ina bpáirtithe sa Chód freisin). Foráiltear sa Choinbhinsiún freisin do rialacha agus do nósanna imeachta a bhfuil d'aidhm acu mí-úsáid a sheachaint ag comhdhálacha agus trí agallamh idir seoladóirí agus carraeirí a spreagadh. Cé gurbh príomhchuspóir an Chóid ná leas na dtíortha i mbéal forbartha a chosaint, tá díoma ar na tíortha sin faoin mbealach inar cuireadh an Coinbhinsiún chun feidhme ó cuireadh i bhfeidhm ar dtús an 6 Deireadh Fómhair 1983.

Tá trí Bhallstát déag de chuid an Chomhphobail ina bpáirtithe sa Chód. Faoi Airteagal 48 den Chód, tá Stáit i dteideal bheith ina bpáirtithe conarthacha trí mheán aontachais nó sínithe, arna leanúint más gá le daingniú, glacadh, nó formheas, de réir a ndlí náisiúnta. Ar an mbonn sin, dhaingnigh an Bheilg agus an Ghearmáin an Coinbhinsiún; Tá an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iodáil, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn agus an Riocht Aontaithe tar éis aontú leis; Tá Poblacht na Seice, an Fhrainc agus an tSlováic tar éis a fhormheas. Tá an Ioruaidh taréis aontú leis an gCód.

Ós rud go bhforáiltear sa Chód Iompraíochta do leithroinnt lasta ar bhonn scaireanna náisiúnta, níor mhór do dhlí an Chomhphobail socruithe a bhunú d'fhonn a leithéid de mheicníocht a dhéanamh comhoiriúnach le prionsabail an Chonartha. Ar an ábhar seo, glacadh le Rialachán (CEE) Uimh.954/79 ón gComhairle, lena gceanglaítear ar na Ballstáit forchoimeádas a thaifeadadh le linn dóibh an Coinbhinsiún a dhaingniú (a fhormheas nó le linn dóibh aontú leis), ar dá réir a ceanglaíodh orthu a scaireanna náisiúnta arna mbronnadh faoin gCód a chur ar fáil do na húinéirí loinge go léir atá bunaithe sa Chomhphobal. Tá forálacha mionsonraithe sa Rialachán freisin i leith chur chun feidhme an Choinbhinsiúin, ach ní fhorchuireann sé ar Bhallstáit an Coinbhinsiún a dhaingniú.

An 25 Meán Fómhair 2006 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86. Foráiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 do bhlocdhíolúine ar línéarchomhdhálacha ó thoirmeasc Chonradh CE ar chleachtais ghnó shriantacha (Airteagal 81). Roimh theacht i bhfeidhm na haisghairme seo, ón uair nach mbíodh feidhm iomlán riamh ag na rialacha iomaíochta maidir leis hearnáil na línéar, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte iomchuí maidir le hiomaíocht san earnáil mhuirí chun cabhrú le trasdul rianúil go dtí córas a bheidh iomlán iomaíoch. Sna treoirlínte, ar ceart iad a fhógairt faoi dheireadh 2007, dhéileálfaí le saincheisteanna amhail, stóras neamhspleách sonraí , bunú comhlachais trádála agus fóram trádála agus foilsiú innéacs praghsanna . Is í aidhm na dtreoirlínte seo ná míniú,a thabhairt inter alia,ar an tslí ina bhfuil feidhm ag na rialacha iomaíochta maidir le hearnáil línéar i gcoitinne, lena n-áirítear malartú agus foilsiú faisnéise ar thoilleadh agus úsáid atá tráthúil agus rialta . Mar chéim eatramhach in ullmhú na dtreoirlínte, d'fhoilsigh an Coimisiúin "páipéar saincheisteanna" ar loingseoireacht línéar i Meán Fómhair 2006.

Faoin dara mír d'Airteagal 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle, leanfaidh Airteagal 1(3)(b) agus (c), Airteagail 3, 4, 5, 6 agus 7, Airteagal 8(2) agus Airteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 d'fheidhm a bheith acu i leith chomhdhálacha línéir a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 an 18 Deireadh Fómhair 2006 – data teacht i bhfeidhm Rialachán (CEE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle – ar feadh tréimhse eatramhaí dhá bhliain.

Dá bhrí sin, an 18 Deireadh Fómhair 2008 – ie, tar éis dhul in éag don tréimhse eatramhamh- beidh feidhm ag Airteagal 81(1) an Chonartha ar loingseoireacht línéar agus tiocfaidh línéarchomhdhálacha chun a bheith neamhdhleathach i dtaca le trádálacha go dtí calafoirt an Chomhphobail nó uathu. Ní bheidh Ballstáit is páirtithe sa Chód in ann a n-oibleagáidí faoin gcéanna a chomhlíonadh níos mó, is sin an ceann chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag a gcuideachtaí náisiúnta loingseoireachta a bheith ina gcomhaltaí iomlána i gcomhdhálacha a fhreastalaíonn ar a dtrádáil choigríche (Airteagal 1(1) den Chód. Ní mór do na Ballstáit sin aistarraingt ón gCoinbhinsiún. Ní gá a rá nach féidir leis na Ballstáit nach bhfuil ina bpáirtithe sa Chód a dhaingniú ná aontú leis a thuilleadh.

Mar thoradh air sin, tiocfaidh Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 chun a bheith neamh-infheidhme agus ba cheart a aisghairm an tráth a aisghairtear an díolúine ón toirmeasc in Airteagal 81(1) den Chonradh i leith comhdhálacha loingseoireachta.

- Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ón gComhairle maidir le daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Linéarchomhdhálacha ag na Ballstáit, nó a n-aontachas leis.

- Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le beartas iomaíochta, ós rud go bhfuil sé d'aidhm aige an acquis san earnáil mhuirí a chur i gcomhréim leis an leasú ar línéar-loingseoireachta atá molta. Tá sé comhsheasmhach freisin leis an mbeartas simplithe reatha, ós rud go bhfuil sé d'aidhm aige ionstraim dlí a thiocfaidh chun a bheith neamh-infheidhme a bhaint d'fhoireann rialacha an Chomhphobail.

COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

- Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Tá an togra seo coimhdeach le Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ag leagan síos rialacha mionsonraithe i dtaobh chur i bhfeidhm Airteagail 85 agus 86 ar mhuiriompar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 maidir lena raon feidhme a leathnú le go n-aireofar cabatáiste agus seirbhísí ghaltán fáin idirnáisiúnta.

- Bailiú agus úsáid faisnéise

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

- Measúnú Iarmharta

Toisc go mbaineann an togra le haisghairm rialacháin atá ann cheana, is iad an dá rogha atá ann ná: (1) gníomh reachtaíochta ar bith; (2) gníomh reachtaíochta.

Thabharfadh an chéad rogha le tuiscint go bhfanfadh Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 i bhfeidhm, in ainneoin aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86, bíodh go bhfuil sé neamh-infheidhme. Dealraíonn sé nach bhfuil an réiteach seo i gcomhréir le comhsheasmhacht dhlí an Chomhphobail agus a shimpliú.

Cabhróidh aisghairm an Rialacháin, ina aghaidh sin, chun an acquis muirí a chur i gcomhréir leis an leasú ar línéar-loingseoireacht a thabharfar i gcrích go han-luath.

Mar a luadh cheana, is mar thoradh ar aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 seachas ar aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 a bhfuil gá le haistarraingt na mBallstát ó Chód Iompraíochta CNATF. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nuair a aistarraingíonn na Ballstáit ón gCód, go bhfanfaidh an Cód i bhfeidhm i measc na bpáirtithe eile.

Leis an gcúlra seo ba cheart cuimhneamh go ndearna an staidéar measúnaithe iarmharta arna seoladh le haghaidh togra maidir le rialacháin lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 4056/86 scrúdú ar iarmhairt eacnamaíochta chéimniú amach na gcomhdhálacha loingseoireachta sa Chomhphobal ar an tionscal loingseoireachta Eorpach (agus aistarraingt na mBallstát ón gCód dá réir). Ar an gcuma chéanna, tá an Coimisiún tar éis iarmhairt aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ón gComhairle ar thíortha i mbéal forbartha a mheasúnú, a bhfuil a lán díobh ina bpáirtithe sa Chód.

EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

- Achoimre ar an ngníomh atá molta

Moltar go n-aisghairfear Rialachán (CEE) Uimh. 954/79

- Bunús dlí

Airteagal 80 den Chonradh

- Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisach an Chomhphobail amháin. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

- Prionsabal na comhréireachta

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta toisc gurb an t-aon bhealach chun Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ón gComhairle a aisghairm ná glacadh le rialachán ón gComhairle.

Tugann an togra le tuiscint nach mbeidh aon ualach riaracháin ar aon údarás, Comhphobail, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ní toradh ar an togra seo an t-ualach riaracháin do rialtais na mBallstát a ghabhann le haistarraingt ó Chód Iompraíochta na NA do Línéarchomhdhálacha – toisc nach gceanglaíonn Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ar Bhallstáit a bheith ina bpáirtithe sa Chód – ach toradh ar aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ón gComhairle.

- Rogha ionstraimí

Ionstraimí atá molta: rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: is í aidhm an togra ná rialachán ón gComhairle a aisghairm, ní fhéadfaí ach rialachán ón gComhairle a úsáid.

Impleacht bhuiséadach

Níl impleacht ar bith ag an togra le haghaidh bhuiséad an Chomhphobail.

Faisnéis bhreise

- Simpliú

Foráiltear sa togra do shimpliú reachtaíochta.

Nuair a ghlactar leis an togra déanann foireann rialacha an Chomhphobail ionstraim dlí a thiocfaidh chun a bheith infheidhme a dhíchur.

- Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana

Le glacadh an togra déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm.

- Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an ionstraim atá molta le hábhar LEE agus ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch dá réir.

- Teacht i bhfeidhm

Ar mhaithe le comhsheasmhacht dlíthiúl, ba cheart d'aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ón gComhairle a theacht i bhfeidhm tráth aisghairm na díolúine ón toirmeasc in Airteagal 81(1) den Chonradh i leith comhdhálacha loingseoireachta, is sin le rá ag deireadh na tréimhse eatramhaí dhá bhliain dá bhforáiltear leis an dara mír d'Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86.

2006/0308 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 maidir le Ballstáit do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha, nó maidir lena n-aontachas leis an gcéanna

(Téacs is ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, go háirithe d'Airteagal 80(2) den chéanna,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bhrí an mhéid seo a leanas:

1. Foráiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 ón gComhairle an 15 Bealtaine 1979 maidir le Ballstáit do dhaingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha, nó maidir lena n-aontachas leis an gcéanna[5], do na ceanglais nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh agus iad ag daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha, nó iad ag aontú leis an gcéanna.

2. Leagann an Coinbhinsiún ar Chód Iompraíochta do Línéarchomhdhálacha amach creat rialúcháin idirnáisiúnta do chomhdhálacha loingseoireachta, is sin trí mheán rialacha maidir le rochtain ar scaireanna lasta ag úinéirí loinge atá bunaithe i gcríocha na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún agus a fhreastalaíonn ar a dtrádáil choigríche fhrithpháirteach.

3. Tá Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006[6] tar éis Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 a aisghairm, ar Rialachán lenar leagadh síos rialacha mionsonraithe i dtaobh chur i bhfeidhm Airteagail 85 agus 86 den Chonradh maidir le muiriompar[7] lena bhforáladh i measc Airteagal eile, do dhíolúine ón toirmeasc in Airteagal 81(1) den Chonradh i leith comhdhálacha loingseoireachta.

4. Ag deireadh na tréimhse eatramhaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006, beidh feidhm ag an toirmeasc in Airteagal 81(1) den Chonradh maidir le seirbhísí muiriompair sceidealta agus mar thoradh air sin ní cheadófar do comhdhálacha loingseoireachta a oibriú i dtrádálacha go dtí calafoirt na mBallstát nó uathu.

5. Dá bhrí sin cuirfear cosc ar na Ballstáit a n-oibleagáidí faoin gCód a chomhlíonadh. Ag an am sin ní bheidh Ballstáit in inmhe an Cód a dhaingniú, a fhormheas nó aontú leis. Beidh Rialachán (CEE) Uimh. 954/79 gan feidhm dá bhrí sin agus ba cheart a aisghairm ag deireadh na tréimhse eatramhaí dá bhforáiltear leis an dara mír d'Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006, is sin, an 18 Deireadh Fómhair 2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 954/79.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 18 Deireadh Fómhair 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach sna Ballstáit go léir.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

le haghaidh Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

[1] IO C […], […],lch. […].

[2] IO C […], […],lch. […].

[3] IO C […], […],lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 121, 17.5.1979, lch. 1.

[6] IO L 269, 28.9.2006, lch. 1.

[7] IO L 378, 31.12.1986, lch. 4.