[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 27.11.2006 COIM(2006)722 críochnaitheach 2006/0241(COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ag cur rialacha iomaíochta chun feidhme ar iompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre (Leagan códaithe) (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Chomhphobail ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe don ghnáthshaoránach, sa chaoi go gcruthaítear deiseanna nua dó agus seans úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar air. Ní fhéadfar an cuspóir seo a bhaint amach fad agus atá líon mór forálacha a leasaíodh arís agus arís eile, leasuithe suntasacha go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, agus go mbíonn gá cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh i bhfoirm comparáide idir go leor ionstraimí éagsúla chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a aithint. Ar an gcúis seo, beidh gá freisin códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go mion minic má tá dlí an Chomhphobail le bheith soiléir agus trédhearcach. 2. Chinn[1] an Coimisiún, dá bhrí sin, an 1 Aibreán 1987, a chuid ball foirne a threorú nach mór na hionstraimí reachtacha uile a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad , á chur i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur chóir do ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus sothuigthe. 3. Dearbhaíodh é seo[2] i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith. Ní foláir gnáthnós imeachta reachtach an Chomhphobail a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh. Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh éifeacht ag an g códú , tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear. 4. Is éard is aidhm don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 ón gComhairle an 19 Iúil 1968 ag cur rialacha iomaíochta chun feidhme ar iompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na n-ionstraimí éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaíonn an togra seo go huile agus go hiomlán inneachar na n-ionstraimí atá á gcódú agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códaithe féin a dhéanamh. 5. Tarraingíodh suas an togra um chódú bunaithe ar réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí . I gcás gur tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe. ê 1017/68 (oiriúnaithe) 2006/0241(COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE ag cur rialacha iomaíochta chun feidhme ar iompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 (83) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6], Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[7], De bharr an méid seo a leanas: ê (1) Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 ón gComhairle an 19 Iúil ag cur rialacha iomaíochta chun feidhme ar iompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre[8] a leasú go substaintiúil arís agus arís eile[9]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba chóir an Rialachán sin a chódú. ê 1017/68 aithris (3) (2) Tá na rialacha iomaíochta maidir le hiompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre ina gcuid den chomhbheartas iompair agus den bheartas eacnamaíoch ginearálta. ê 1017/68 aithris (4) (3) Ba chóir do rialacha iomaíochta na n-earnálacha sin saintréithe an iompair a chur san áireamh. ê 1017/68 aithris (5) (4) Ós rud é go dtugann na rialacha iomaíochta maidir le hiompar maolú ar na rialacha iomaíochta ginearálta, ní foláir a chur ar chumas na ngnóthas a fháil amach céard iad na rialacha a bhfuil feidhm acu in aon chás ar leith. ê 1017/68 aithris (6) (5) Ba chóir go mbeadh an córas rialacha i dtaca le hiomaíocht iompair infheidhme ar an dóigh chéanna maidir le trealamh iompair a fháil nó a chómhaoiniú le go ndéanfaidh grúpálacha áirithe gnóthas seirbhísí a oibriú le chéile, agus maidir le hoibríochtaí áirithe de chuid soláthróirí seirbhísí atá coimhdeach le hiompar agus a bhaineann le hiompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre. ê 1017/68 aithris (7) (6) Chun a áirithiú nach gcuirfear as do thrádáil idir na Ballstáit ná nach gcuirfear iomaíocht sa mhargadh inmheánach as riocht, is gá a thoirmeasc i bprionsabal, i gcás na dtrí mhodh iompair atá sonraithe thuas, na comhaontuithe uile idir gnóthais, cinntí ag comhlachais ghnóthas agus cleachtais chomhbheartaithe idir gnóthais agus gach cás mí-úsáide ceannasachta sa chómhargadh a d'fhéadfadh a leithéid d'iarmhairtí a bheith acu. ê 1017/68 aithris (8) (7) Is féidir cineálacha áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe in earnáil an iompair nach bhfuil mar sprioc agus mar iarmhairt acu ach feabhsuithe teicniúla a chur i bhfeidhm nó comhoibriú teicniúil a bhaint amach a dhíolmhú ón toirmeasc ar chomhaontuithe sriantacha de bharr go gcuidíonn siad le táirgiúlacht a fheabhsú. I bhfianaise na taithí a ghnóthófar tar éis chur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, liosta na gcomhaontuithe den chineál sin a leasú. ê 1017/68 aithris (9) (8) Ionas go gcuideofar le feabhas a chur ar strúchtúr an tionscail in earnálacha na mbóithre agus na n-uiscebhealaí intíre, strúchtúr a bhíonn róscaipthe uaireanta, ba chóir díolúine ón toirmeasc ar chomhaontuithe sriantacha a dheonú i gcás na gcomhaontuithe, na gcinntí, agus na gcleachtas comhbheartaithe sin a fhéachann le grúpálacha gnóthas a chruthú agus a oibriú san dá earnáil iompair seo agus a bhfuil mar sprioc acu oibríochtaí iompair a chur i gcrích, lena n-áirítear trealamh iompair a fháil nó a cómhaoiniú d'fhonn seirbhísí a oibriú le chéile. Ní féidir a leithéid de dhíolúine ghinearálta a dheonú ach amháin ar choinníoll nach sáraíonn an cumas iompair iomlán de chuid grúpála uasmheáchan socraithe agus nach sáraíonn cumas aonair na ngnóthas atá sa ghrúpáil teorainneacha áirithe atá socraithe sa chruth go n-áiritheofar nach bhféadfaidh aon ghnóthas ar leith ceannasacht bheith aige ar an ngrúpáil. I gcásanna áirithe áfach, ní foláir go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh dá mbeadh iarmhairtí ag comhaontuithe den chineál sin nach luíonn leis na coinníollacha faoina n-aithnítear comhaontú sriantach mar dhleathach, agus dá mbeadh mí-úsáid díolúine ann.. Dá ainneoin sin, fiú má bhíonn cumas iompair iomlán ag grúpáil atá níos mó ná an t-uasmheáchan socraithe, nó mura bhféadann sé díolúine a éileamh de bharr chumas aonair na ngnóthas atá sa ghrúpáil, ní fhágann sé sin féin go bhfuil bac ar a leithéid de ghrúpáil bheith ina chomhaontú dleathach, cinneadh nó cleachtas comhbheartaithe, má shásaíonn sí na coinníollacha iomchuí atá leagtha síos sa Rialachán seo. ê 1017/68 aithris (14) (9) Is faoi na gnóthais féin atá sé, ar an gcéad ásc, a mheas cé acu a chuireann nó nach gcuireann a gcuid comhaontuithe, cinntí, nó cleachtas comhbheartaithe srian le hiomaíocht, agus má chuireann, cé acu a ghlactar nó nach nglactar leis an leas eacnamaíoch mar chosaint ar a leithéid de shrian, agus cinneadh a dhéanamh ina fhianaise sin, ar a gconlán féin, maidir le dlíthiúlacht nó neamhdhleathacht comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe den chineál sin. ê 1017/68 aithris (15) (10) Ba chóir go mbeadh cead ag gnóthais, dá bharr sin, comhaontuithe a chur i gcrích nó a oibriú gan iad a dhearbhú. Fágann sé seo go bhféadfadh go ndearbhófaí a leithéid de chomhaontú a bheith ar neamhní le héifeacht chúlghabhálach dá mba rud é go ndéanfaí iniúchadh air de bharr gearáin nó ar thionscnamh féin an Choimisiúin, ach ní fhágann sé sin nach féidir a dhearbhú go cúlghabhálach go bhfuil siad dleathach, i gcás a leithéid d'iniúchadh iardain, ê 1017/68 TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Raon feidhme Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo, i réimse an iompair d'iarnród, de bhóthar nó d'uiscebhealach intíre maidir leis na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe uile a bhfuil mar sprioc nó mar iarmhairt acu rátaí agus coinníollacha iompair a shocrú, an soláthar iompair a theorannú nó a rialú, margaí iompair a roinnt, feabhsuithe teicniúla nó comhoibriú teicniúil a chur i bhfeidhm, nó trealamh nó soláthairtí iompair a cómhaoiniú nó a fháil sna cásanna sin a bhfuil baint dhíreach ag a leithéid d'oibríochtaí le sólathar seirbhísí iompair agus a bhfuil gá leo le go ndeánfaidh grúpáil gnóthas iompair, de réir bhrí Airteagal 3, de bhóthar nó d'uiscebhealaí intíre, seirbhísí a oibriú le chéile agus maidir le mí-úsáid ceannasachta sa mhargadh iompair araon. Beidh feidhm ag na forálacha seo freisin maidir le hoibríochtaí de chuid soláthróirí seirbhísí atá coimhdeach le hiompar a bhfuil aon cheann de na spriocanna nó na hiarmhairtí sin acu. ê 1017/68 Airteagal 3 è1 1/2003 Airteagal 36(2) Airteagal 2 Eisceacht maidir le comhaontuithe teicniúla 1. è 1 An toirmeasc atá in Airteagal 81(1) den Chonradh, ç ní bheidh feidhm aige maidir le comhaontuithe, cinntí ná cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil mar sprioc agus mar iarmhairt acu feabhsuithe teicniúla nó comhoibriú teicniúil a bhaint amach trí: (a) threalamh, soláthairtí iompair, feithiclí nó suiteálacha suite a chaighdeánú; (b) fhoireann, trealamh, feithiclí nó suiteálacha suite a mhalartú nó a chomhthiomsú d'fhonn seirbhísí taistil a oibriú; (c) oibríochtaí taistil leanúnacha, forlíontacha, ionadaíocha agus comhpháirteacha a eagrú agus a chur i gcrích, agus rátaí agus coinníollacha uileghabhálacha a shocrú agus a chur i bhfeidhm le haghaidh a leithéid d'oibríochtaí, lena n-áirítear rátaí iomaíocha speisialta. (d) na bealaí is mó céille ó thaobh oibríochtaí de a úsáid, i gcás na dturas sin a dhéantar ar an t-aon mhodh taistil amháin. (e) amchláir iompair a chomhordú le haghaidh bealaí ceangail; (f) choinsíneachtaí ar leithlis a ghrúpáil; (g) rialacha comhionanna a shocrú maidir le strúchtúr taraifí agus coinníollacha a gcur i bhfeidhm, ar chuntar nach leagfar síos rátaí agus coinníollacha iompair lena leithéid de rialacha. 2. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún tograí faoi bhráid na Comhairle d'fhonn an liosta atá i mír 1 a mhéadú nó a laghdú. ê 1017/68 Airteagal 4 è1 1/2003 Airteagal 36(3)(a) Airteagal 3 Eisceacht maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide 1. èBeidh comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear in Airteagal 81(1) den Chonradh díolmhaithe ón toirmeasc atá san Airteagal sin má bhíonn mar chuspóir acu: (a) grúpálacha gnóthas iompair bóthair nó uiscebhealaí intíre a bhunú agus a oibriú d'fhonn gníomhaíochtaí iompair a sheoladh; (b) trealamh nó soláthairtí iompair a cómhaoiniú nó a fháil sna cásanna ina bhfuil baint dhíreach ag na hoibríochtaí sin le soláthar seirbhísí iompair agus a bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha na ngrúpálacha réamhráite; ar chuntar daingean nach sáraíonn cumas iompair iomlán aon ghrúpála: (i) 10 000 tonna méadrach i gcás iompair de bhóthar; (ii) 500 000 tonna méadrach i gcás iompair d'uiscebhealach intíre. Ní sháróidh cumas aonair gach gnóthais atá i ngrúpáil 1 000 tonna méadrach i gcás iompair de bhóthar, agus 50 000 tonna méadrach i gcás iompair d'uiscebhealach intíre. ê 1/2003 Airteagal 36(3)(b) 2. Má bhíonn, in aon chás ar leith, iarmhairtí ag aon chomhaontú, cinneadh nó cleachtas comhbheartaithe atá folaithe ag mír 1 nach luíonn le ceanglais Airteagal 81(3) den Chonradh, d'fhéadfadh sé go mbeidh sé de cheanglas ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas deireadh a chur lena leithéid d'iarmhairtí. ê Airteagal 4 Aisghairm Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68, seachas Airteagal 13(3), a leanann d'fheidhm a bheith aige maidir le cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 roimh 1 Bealtaine 2004 go dtí dáta éagtha na gcinntí sin. Forléireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II. ê 1017/68 Airteagal 30 Airteagal 5 Teacht i bhfeidhm, comhaontuithe atá ann cheana 1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . ê Ionstraim Aontachais 2003, lch. 344 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá in Airteagal 81(1) den Chonradh maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhí ann ag dáta aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne ná ag dáta aontachais Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Málta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice agus a thagann, de thoradh an aontachais, faoi raon feidhme Airteagal 81(1), más rud é go leasaítear iad, taobh istigh de thréimhse se mhí ón dáta aontachais, sa chruth go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. Níl feidhm ag an mír seo maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a thagann cheana, ar dháta an aontachais, faoi raon feidhme Airteagal 53(1) de Chomhaontú LEE. ê 1017/68 Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán é IARSCRÍBHINN I Cuid A An Rialachán aisghairthe agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 ón gComhairle (IO L 175, 23.7.1968, lch. 1). | Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1) | Airteagal 36 amháin | Cuid B Leasuithe comhleanúnacha neamh-aisghairthe An Ionstraim Aontachais 1972 | An Ionstraim Aontachais 1979 | An Ionstraim Aontachais 1994 | An Ionstraim Aontachais 2003 | _____________ IARSCRÍBHINN II TÁBLA COMHGHAOIL Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 | An Rialachán seo | Airteagal 1 | Airteagal 1 | Airteagal 3 | Airteagal 2 | Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt tosaigh, an chéad fhleasc | Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt tosaigh, (a) | Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt tosaigh, an dara fleasc | Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt tosaigh, (b) | Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, an dara habairt tosaigh, an chéad fhleasc | Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an dara habairt tosaigh, (i) | Airteagal 4(1), an chéad fhomhír, an dara habairt tosaigh, an dara fleasc | Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, an dara habairt tosaigh, (ii) | Airteagal 4(1), an dara fomhír | Airteagal 3(1), an dara fomhír | Airteagal 4(2) | Airteagal 3(2) | - | Airteagal 4 | Airteagal 30(1) | Airteagal 5(1) | Airteagal 30(3), an dara fomhír | Airteagal 5(2) | Airteagal 31 | - | - | Iarscríbhinn I | - | Iarscríbhinn II | _____________ [1] COIM(87) 868 PV. [2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí sin. [3] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an Acquis communautaire , COIM(2001) 645 críochnaitheach. [4] Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo. [5] IO C […], […], lch. […]. [6] IO C […], […], lch. […]. [7] IO C […], […], lch. […]. [8] Féach Iarscríbhinn I. [9] IO L 175, 23.7.1968, lch.1 Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2003.