[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil, 1.8.2006 COIM(2006)432 críochnaitheach 2006/0146(COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre (leagan códaithe) (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Chomhphobail ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe don ghnáthshaoránach, sa chaoi go gcruthaítear deiseanna nua dó agus seans úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar air. Ní fhéadfar an cuspóir seo a bhaint amach fad agus atá líon mór forálacha a leasaíodh arís agus arís eile, leasuithe suntasacha go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, agus go mbíonn gá cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstaimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh i bhfoirm comparáide idir ionstraimí éagsúla chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a aithint. Ar an gcúis seo, beidh gá freisin códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go mion minic má tá dlí an Chomhphobail le bheith soiléir agus trédhearcach. 2. Chinn an Coimisiún[1], dá bhrí sin, an 1 Aibreán 1987, a chuid ball foirne a threorú nach mór na hionstraimí reachtacha uile a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad , á chur i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur chóir do ranna iarracht a dhéanamh na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós lena chinntiú go bhfuil rialacha an Chomhphobail soiléir agus sothuigthe. 3. Dearbhaíodh é seo i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann[2] (Nollaig 1992) agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith. Ní foláir gnáthnós imeachta reachtach an Chomhphobail a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán agus an códú á dhéanamh. Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh éifeacht ag an gcódú , tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear. 4. Is éard is aidhm don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CCE) Uimh. 4060/89 ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na n-ionstraimí a chuimsítear ann[4]; caomhnaíonn an togra seo go huile agus go hiomlán inneachar na n-ionstraimí atá á gcódú agus, ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códaithe féin a dhéanamh. 5. Tarraingíodh suas an togra um chódú bunaithe ar réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í Oifig Foilseachán Oifigiúil na gComhphobal Eorpach a rinne an comhdhlúthu sin trí chóras próiseála sonraí . I gcás gur tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail, taispeántar an chomhghaolmhaireacht idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán códaithe. 2006/0146(COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[5], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6], Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 251 den Chonradh[7], De bharr an méid seo a leanas: (1) Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre[8] a leasú go substaintiúil[9]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba chóir an Rialachán sin a chódú. (2) Maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, is eilimint thábhachtach í de chomhbheartas an iompair faoin gConradh. Dá bhrí sin, is í aidhm an bheartais sin cur le so-athraitheacht ghluaiseacht na gcóracha iompair éagsúla laistigh den Chomhphobal. (3) De bhun na reachtaíochta Comhphobail agus náisiúnta atá ann i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí a bhaineann le tréithe teicniúla, údaruithe agus doiciméid eile nach mór d’fheithiclí agus do bháid uiscebhealaigh intíre a chomhlíonadh. Leanann na seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí de bheith inchosanta i gcoitinne d’fhonn suaitheadh ar eagrú mhargadh an iompair a sheachaint agus sábháilteacht ar bhóithre agus ar uiscebhealaí intíre a áirithiú. (4) Faoin reachtaíocht Chomhphobail atá ann, tá saorchead ag na Ballstáit, más mian leo, na seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí réamhluaite a eagrú agus a dhéanamh. (5) Féadfar na seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí sin a dhéanamh le héifeachtúlacht chomhionann ar fud chríocha na mBallstát lena mbaineann agus, dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh trasnú teorann ina chúis le hoibríochtaí den sórt sin a chur i gcrích, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal1 Baineann an Rialachán seo le rialuithe a fheidhmíonn Ballstáit de bhun dhlí an Chomhphobail nó de bhun an dlí náisiúnta i réimsí an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre, is iompar a dhéanfar trí chóracha iompair a bheidh cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i mBallstát a úsáid. Airteagal2 Chun críche an Rialacháin seo: (a) ciallaíonn "teorainn" teorainn inmheánach laistigh den Chomhphobal nó teorainn eachtrach, i gcás ina mbeidh trasnú tríú tír i gceist in iompar idir Bhallstáit; (b) ciallaíonn "rialú" aon seiceáil, cigireacht, fíorú nó foirmiúlacht a dhéanfaidh údaráis náisiúnta Ballstát, a chuirfidh in iúl stop nó srian ar shaorghluaisesacht na bhfeithiclí nó na mbád lena mbaineann. Airteagal3 Maidir leis na rialuithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus a fheidhmítear de bhun dhlí an Chomhphobail nó de bhun an dlí náisiúnta i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre idir Bhallstáit, ní fheidhmeofar iad mar rialuithe teorann ach mar chuid de na gnáthnósanna imeachta rialaithe amháin a chuirfear i bhfeidhm ar dhóigh neamhidirdhealaitheach ar fud críche Ballstáit. Airteagal4 Amhail mar is gá agus nuair is gá, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn I chun forbairtí teicneolaíocha sa réimse a fholaítear faoin Rialachán seo a chur san áireamh. Airteagal5 Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Airteagal6 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I CUID 1 DLÍ AN CHOMHPHOBAIL Alt 1 Treoracha (a) Airteagal 6(4) de [Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 ag leagan síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal[10]], lena bhforáiltear nach mbeidh feithiclí, i dtaca le comhchaighdeáin do thoisí, faoi réir aon ní ach amháin seiceálacha i gcás ina mbeidh drochamhras nár comhlíonadh a fhorálacha; (b) Airteagal 3(2) de [Treoir 96/96/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trialacha ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí[11]], lena bhforáiltear go dtabharfaidh gach Ballstát aitheantas don chruthúnas a eiseofar i mBallstát eile agus a thaispeánfaidh gur ghnóthaigh feithicil triail ródacmhainneachta; tabharfaidh an t-aitheantas seo le tuiscint go bhféadfar fíorú ó údaráis náisiúnta a dhéanamh áit ar bith laistigh dá gcríocha; (c) Airteagal 2(2) de Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí atá fruilithe gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar[12], ina leagtar síos go gcuirfear ar fáil cruthúnas gur comhlíonadh an Treoir trí líon doiciméad nach mór a bheith ar bord na feithicle fruilithe, viz., an conradh fruilithe agus conradh fostaíochta an tiománaí; (d) Airteagal 3(3), (4) agus (5) de [Treoir 76/135/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le ceadúnais inseoltachta a aithint go cómhalartach do bháid uiscebhealaigh intíre[13]], lena bhforáiltear nach mór an ceadúnas, na deimhnithe nó na húdaruithe inseoltachta a thabhairt ar aird ar éileamh ó údaráis náisiúnta; (e) Airteagal 17(1) de [Treoir 82/714/CEE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 1982 ag leagan síos ceanglais theicniúla do bháid uiscebhealaigh intíre[14]], lena bhforáiltear go bhféadfaidh Ballstáit aon tráth a sheiceáil go bhfuil deimhniú atá bailí faoi théarmaí na Treorach á iompar ag bád. Alt 2 Rialacháin (a) Airteagail 14 agus 15 de [Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus[15]], a thugann teideal d'aon oifigeach cigireachta údaraithe an ticéad, an t-údarú nó an doiciméad rialaithe iompair dá bhforáiltear sa Rialachán a fhíorú agus a rialú; (b) Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85[16] ón gComhairle, a thugann teideal do Bhallstáit bearta a ghlacadh a chumhdaíonn, inter alia , córas rialaithe a eagrú, an nós imeachta do chóras rialaithe agus an modh don chéanna, chun a chinntiú gur comhlíonadh forálacha an Rialacháin; (c) Airteagal 19 de [Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar[17]] a thugann teideal do Bhallstáit bearta a ghlacadh a chumhdaíonn, inter alia , seiceálacha a eagrú, an nós imeachta do sheiceálacha, agus na modhanna chun iad a dhéanamh, ar seiceálacha iad i dtaobh cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an trealamh forálacha an Rialacháin; (d) Airteagal 5(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 ón gComhairle an 26 Márta 1992 maidir le rochtain ar an margadh in iompar earraí de bhóthar laistigh den Chomhphobal go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó[18], lena bhforáiltear go gcoinneofar cóip dhílis dheimhnithe den údarú Comhphobail san fheithicil agus go gcuirfear ar fáil í aon uair a cheanglóidh oifigeach cigireachta údaraithe amhlaidh. CUID 2 AN DLÍ NÁISIÚNTA (a) Rialuithe ar cheadúnais tiomána daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí chun earraí agus daoine a iompar (b) Rialuithe a bhaineann le córacha iompair d’earraí contúirteacha agus go háirithe: (i) Doiciméid - Deimhniú oiliúna tiománaí - Treoracha sábháilteachta - Deimhniú formheasa (ADR nó caighdeáin choibhéiseacha) - Cóip den mhaolú, más infheidhme (ADR nó caighdeáin choibhéiseacha) (ii) Sainaithint na feithicle a bheidh ag iompar na n-earraí contúirteacha - Painéal flannbhuí - comhréireacht - a chur ar an bhfeithicil - Lipéad contúirte ar an bhfeithicil - comhréireacht - a chur ar an bhfeithicil - Pláta aitheantais umair (d’umair fosaithe, in-díshuite nó d’umairchoimeádáin) - láithreacht agus inléiteacht - dáta na cigireachta deiridh - stampa an chomhlachta cigireachta (iii) Trealamh feithicle (ADR nó caighdeáin choibhéiseacha) - Múchtóir dóiteáin breise - Trealamh speisialta (iv) Feithicil a luchtú - Ró-luchtú (de réir thoilleadh an umair) - Daingniú pacáistí - Toirmeasc ar luchtú measctha (c) Rialuithe a bhaineann le córacha iompair d’earraí bia meatacha agus go háirithe: (i) Doiciméid - Deimhniú comhréireachta don trealamh (ii) Trealamh speisialta a úsáidtear chun earraí bia meatacha a iompar - Pláta comhréireachta - Marcanna sainaithinte (iii) Trealamh speisialta a oibriú - Coinníollacha teochta. _____________ IARSCRÍBHINN II Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 | (IO L 390, 30.12.1989, lch. 18) | Rialachán (CEE) Uimh. 3356/91 | (IO L 318, 20.11.1991, lch. 1) | ____________ IARSCRÍBHINN III TÁBLA COMHGHAOIL Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 | An Rialachán seo | Airteagal 1 | Airteagal 1 | Airteagal 2 | Airteagal 2 | Airteagal 3 | Airteagal 3 | Airteagal 3a | Airteagal 4 | Airteagal 4 | Airteagal 6 | _______ | Airteagal 5 | Iarscríbhinn Cuid 1, Treoracha (a) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 1(a) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (b) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 1(b) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (c) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 1(c) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (d) | ______ | Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (e) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 1(d) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (f) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 1(e) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (a) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 2(a) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (b) | ______ | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (c) | ______ | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (d) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 2(b) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (e) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 2(c) | Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (f) | Iarscríbhinn I, Cuid 1, Alt 2(d) | Iarscríbhinn, Cuid 2 | Iarscríbhinn I, Cuid 2 | ______ | Iarscríbhinn II | ______ | Iarscríbhinn III | _____________ [1] COIM(87) 868 PV [2] Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí sin. [3] Arna dhéanamh de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Códú an acquis communautaire, COIM(2001) 645 críochnaitheach. [4] Iarscríbhinn II den togra seo. [5] IO C […], […], lch. […]. [6] IO C […], […], lch. […]. [7] IO C […], […], lch. […]. [8] IO L 390, 30.12.1989, lch. 18. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 3356/91 (IO L 318, 20.11.1991, lch. 1). [9] Féach Iarscríbhinn II. [10] [IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.] [11] [IO L 46, 17.2.1997, lch. 1.] [12] IO L 33, 4.2.2006, lch. 82. [13] [IO L 21, 29.1.1976, lch. 10.] [14] [IO L 301, 28.10.1982, lch. 1.] [15] [IO L 74, 20.3.1992, lch. 1.] [16] IO L 102, 11.4.2006, lch. 1. [17] [IO L 370, 31.12.1985, lch. 8.] [18] IO L 95, 9.4.1992, lch. 1.