26.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 185/14


Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2022-2024

(2023/C 185/05)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I DTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS

Á MHEABHRÚ DÓIBH AN MÉID SEO:

1.

Sa Rún ón gComhairle maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais 2019-2027, iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach, laistigh dá réimsí inniúlachtaí faoi seach, Straitéis Óige an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais agus sna Ballstáit trí bhíthin ionstraimí sonracha – lena n-áirítear Pleananna Oibre an Aontais don Óige.

2.

Is de réir tréimhsí oibre tríbhliantúla a mhaireann dhá thréimhse uachtaránachta atá Straitéis Óige an Aontais bunaithe. Cuirtear na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí do na tréimhsí oibre faoi seach i láthair i bPleananna Oibre an Aontais don Óige. Ba cheart tarraingt ar threoirphrionsabail agus ar thosaíochtaí na Straitéise seo sna pleananna sin, lena dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna i leith na hóige i bhfoirmíochtaí eile de chuid na Comhairle agus i gcomhlachtaí ullmhúcháin i réimsí ábhartha beartais.

3.

Ionstraim is ea Plean Oibre an Aontais a fheidhmíonn mar threoir lena léirítear do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na geallsealbhóirí uile an chaoi le cuspóirí Straitéis Óige an Aontais a bhaint amach.

4.

Tá athbhreithniú le déanamh le linn an chéad leath de 2023 ar na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa chlár oibre tríbhliantúil d’fhonn go bhformheasfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit é ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2023.

TUGANN SIAD DÁ nAIRE AN MÉID SEO A LEANAS:

5.

Tarraingíonn an Chomhairle suas na Pleananna Oibre sin de chuid an Aontais bunaithe ar an réamhaisnéis a fuair na foirne trí uachtaránacht ó na tíortha seo a leanas: An Fhrainc, Poblacht na Seice agus an tSualainn, chomh maith leis an Spáinn, an Bheilg agus an Ungáir.

6.

Is féidir leis an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát a leagtar amach sa Phlean Oibre seo agus iad a chomhlánú, go háirithe tríd an gcomhar a spreagadh, trí thacú le soghluaisteacht daoine óga agus oibrithe don óige agus trí dhaoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach. Is féidir na huirlisí a forbraíodh chun tacú le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais a shlógadh de réir mar is iomchuí. Áirítear leo sin Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, Ardán an Aontais don Straitéis Óige, Tairseach Eorpach na hÓige, Comhordaitheoir Eorpach na hÓige agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí (grúpaí saineolaithe, gníomhaíochtaí piarfhoghlama (PLAnna) agus an phiarchomhairleoireacht). Tacaítear leis sin trí nuashonruithe rialta a dhéanamh ar na pleanálaithe náisiúnta gníomhaíochta a bheidh ann amach anseo, ar an vicí don óige, ar tháscairí óige, ar shuirbhéanna, ar staidéir agus ar thaighde. Treisítear an tacaíocht a thuilleadh trí chomhpháirtíochtaí agus tríd an gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe le Comhairle na hEorpa agus trí na cláir i réimse na hóige (go háirithe Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach).

7.

Buaicphointe ar leith den Phlean Oibre sin is ea Bliain Eorpach na hÓige 2022. Déanfar a thorthaí agus a oidhreacht a choinneáil, a chur chun cinn agus a threisiú ós rud é go n-úsáidfear an mheastóireacht ar Bhliain Eorpach na hÓige chun an Plean a fheabhsú agus a neartú amach anseo. Spreagfar daoine óga a thuilleadh, dá bharr, chun rannchuidiú ar mhaithe le forbairt an Aontais agus na sochaí i gcoitinne a mhúnlú, lena n-áirítear mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus de Thionscnamh Bauhaus Eorpach nua. Músclófar feasacht dá bharr, maidir leis na deiseanna do dhaoine óga chomh maith leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

IARSCRÍBHINN

Athbhreithniú ar an bPlean oibre do Straitéis Óige an Aontais 2022-2024 (1)

FR, CZ, SE

Ábhar foriomlán: ‘Rannpháirtíocht chomhchoiteann ar mhaithe le hEoraip atá inbhuanaithe, cuimsitheach’

Spriocanna Eorpacha don Óige #3 SOCHAITHE CUIMSITHEACHA agus #10 EORAIP GHLAS INBHUANAITHE

Dáta

Modh oibre/ionstraim

Sprioc tháscach agus aschur táscach

Na spriocanna a bhaineann leis an óige

Nasc leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2)

Nasc leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú

2022 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht a chothú i measc daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe chun an comhshaol a chosaint (an 5 Aibreán 2022)

Formheas ag an gComhairle

Lucht ceaptha beartas agus geallsealbhóirí in earnáil na hóige a spreagadh chun tuairimí daoine óga a chur san áireamh agus cur ar a gcumas a bheith ina ngníomhaithe i mbeartais phoiblí agus i gcláir a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le comhrac an athraithe aeráide

Eoraip ghlas inbhuanaithe

§10a

FR

2022 (an 1ú leath)

Moladh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh (an 5 Aibreán 2022)

Glacadh ag an gComhairle

Nuashonrú a dhéanamh ar an Moladh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga san Aontas Eorpach a glacadh faoi Uachtaránacht na Fraince ar an Aontas in 2008, chun saorálaíocht na hóige a éascú i dtréimhse iarphaindéime

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

An tAontas a nascadh leis an óige

Eagraíochtaí óige agus cláir Eorpacha

 

FR, (COM)

2022 (an 1ú leath)

Comhdháil Eorpach na hÓige (Strasbourg, an 24-26 Eanáir 2022)

Comhdháil Eorpach na hÓige

Sochaithe cuimsitheacha

Eoraip ghlas inbhuanaithe

 

FR, COM

2022 (an 1ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí óige agus oideachais: ‘ar mhaithe le hEoraip níos glaise agus níos inbhuanaithe’(Strasbourg, an 27 Eanáir 2022)

Malartú dea-chleachtas

Rannpháirtíocht toscairí óige ó gach Ballstát chun guth daoine óga a roinnt

Rannpháirtíocht na hóige maidir le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe

Eoraip ghlas inbhuanaithe

§10a

FR

2022 (an 1ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil Ard-Stiúrthóirí um an Óige (Bordeaux, an 5-6 Bealtaine 2022)

Téamaí:

Bliain Eorpach na hÓige

Saorghluaiseacht agus aithint scileanna na n-oibrithe don óige

Sineirgí agus comhlántachtaí idir gníomhaíochtaí saorálaíochta náisiúnta agus trasnáisiúnta

An tAontas a nascadh leis an óige

 

FR

2022 (an 1ú leath)

Seimineár maidir le rannpháirtíocht daoine óga sa tionscadal Eorpach: ‘Beocht a chur san Eoraip: le haghaidh daoine óga agus in éineacht leo’ (Strasbourg, an 9-10 Meitheamh 2022)

Malartú dea-chleachtas idir saineolaithe maidir le rannpháirtíocht na hóige

Obair leantach a dhéanamh ar an 8ú timthriall agus ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

An tAontas a nascadh leis an óige

§10e

FR

2022 (an 2ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ngné idirghlúine i réimse na hóige a chur chun cinn chun idirphlé agus comhtháthú sóisialta a chothú (an 28 Samhain 2022)

Formheas ag an gComhairle

Na hábhair imní a bhaineann le daoine óga an lae inniu agus leis na glúine atá le teacht a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí sa cheapadh beartas

Éascaíocht a dhéanamh ar aithint na tábhachta a bhaineann le hidirphlé idirghlúine a chur chun cinn chun dlúthpháirtíocht agus ceartas idirghlúine a chothú ar mhaithe le hEoraip láidir ghlas chuimsitheach

Sochaithe cuimsitheacha

 

CZ

2022 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais (Prág, an 11-13 Iúil 2022)

Comhdháil Óige an Aontais

Sochaithe cuimsitheacha

Eoraip ghlas inbhuanaithe

 

CZ, COM

2022 (an 2ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil Ard-Stiúrthóirí um an Óige: Naisc idir an fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus an t-oideachas foirmiúil i réimse na hóige: freagairtí ón obair óige ar chaillteanais foghlama COVID-19 agus ar riachtanais oideachais dhídeanaithe na hÚcráine (Prág, an 19-20 Meán Fómhair 2022)

Malartú dea-chleachtas

Sochaithe cuimsitheacha

 

CZ

2022 (an 2ú leath)

Is leatsa an Todhchaí (Comhdháil Chlabhsúir Bhliain Eorpach na hÓige, an Bhruiséil, an 6 Nollaig 2022)

Plé ar oidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige

Meabhairshláinte & Dea-bhail

Foghlaim Ardcháilíochta

 

CZ, COM, EP

2023 (an 1ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais (Växjö, an 20-22 Márta 2023)

Achoimre agus clabhsúr an 9ú timthriall d'idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh

Machnamh ar Idirphlé Óige an Aontais mar phróiseas

Sochaithe cuimsitheacha

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Eoraip ghlas inbhuanaithe

 

SE, COM

2023 (an 1ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil Ard-Stiúrthóirí um an Óige (Växjö, an 22-23 Márta 2023)

Machnamh ar Idirphlé Óige an Aontais mar phróiseas

Plé ar rialachas agus ar chur chun feidhme bheartas na hóige agus ar thorthaí Chomhdháil Óige an Aontais

Malartú dea-chleachtas

Sochaithe cuimsitheacha

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

SE

2023 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ngné shóisialta d’Eoraip inbhuanaithe don óige (Bealtaine 2023)

Formheas ag an gComhairle

Moltaí beartais maidir leis an ngné shóisialta d'Eoraip inbhuanaithe ghlas lena gcuirtear chun cinn cuimsiú guthanna agus smaointe na ndaoine óga go léir maidir le forbairt inbhuanaithe

Eoraip ghlas inbhuanaithe

Sochaithe cuimsitheacha

§10a

§26

SE

2023 (an 1ú leath)

Rún ón gComhairle maidir le torthaí an 9ú timthriall d’idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (Bealtaine 2023)

Formheas ag an gComhairle

Achoimre, machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar an 9ú timthriall den Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh. For-rochtain ar fhaisnéis do dhaoine óga imeallaithe a neartú, próiseas/rialachas Chomhdháil Óige an Aontais Eorpaigh agus Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a fhorbairt a thuilleadh chun feabhas a chur ar an gcuimsiú agus ar an aiseolas

Eoraip ghlas inbhuanaithe

Sochaithe cuimsitheacha

Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

 

SE

2023 (an 1ú leath)

Athbhreithniú ar an Rún ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2022-2024 (Bealtaine 2023)

Formheas ag an gComhairle

Athbhreithniú ar an Rún ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2022-2024

Sochaithe cuimsitheacha

 

SE

2023 (an 1ú leath)

Comhdháil maidir le príomhshruthú bheartas na hóige i réimsí beartais eile (an Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2023)

Comhdháil na huachtaránachta maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige, cuspóir 4: príomhshruthú bheartas na hóige

Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

An tAontas a nascadh leis an óige

 

SE


ES, BE, HU

Ábhar foriomlán: ‘TÁ AN ÓIGE DE DHÍTH ORAINN’

Sprioc Eorpach don Óige #3 SOCHAITHE CUIMSITHEACHA (3)

Dáta

Modh oibre/Ionstraim

Sprioc tháscach agus aschur táscach

Na spriocanna a bhaineann leis an óige

Nasc leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú

Nasc leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú

2023 (an 2ú leath)

Conclúidí ón gComhairle chun Clár Oibre Eorpach don Aos Óg a chur chun cinn, lena n-áiritheofar go mbainfear leas iomlán as cearta daoine óga agus lena gcuirfear i gcroílár na rannpháirtíochta Eorpaí iad

Formheas ag an gComhairle

Rannchuidiú le Clár Oibre Eorpach do Chearta na hÓige a shainiú

Cearta daoine óga a neartú

Rannchuidiú le dúshláin daoine óga a shainiú

Rannchuidiú le beartais a fhorbairt lena ndírítear ar chearta a leathnú agus ar shaol iomlán saor ó fhoréigean a ráthú

Sochaithe cuimsitheacha

 

ES

2023 (an 2ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí óige, ollscoileanna agus oideachais

Malartú dea-chleachtas

Clár oibre Eorpach a fhorbairt chun an óige a chur i lár an aonaigh

Sochaithe cuimsitheacha

 

ES

2023 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Rún ón gComhairle maidir le haidhm athbhreithnithe chláir Erasmus+ na hÓige agus Cóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a chothú

Formheas ag an gComhairle

Machnamh agus meastóireacht ar na cláir don óige, na haidhmeanna, na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí. Deis don dlúthpháirtíocht. Machnamh ar an gCreat Ilbhliantúil

Sochaithe cuimsitheacha

 

ES (COM)

2023 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais (Alicante, an 2-4 Deireadh Fómhair 2023)

Ábhar a chinnfear as measc na gceann a shainaithneofar ag na comhdhálacha/seimineáir

Sochaithe cuimsitheacha

 

ES, COM

2023 (an 2ú leath)

Cruinniú neamhfhoirmiúil Ard-Stiúrthóirí um an Óige (Alicante, an 4-5 Deireadh Fómhair 2023)

 

 

 

ES

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) Cruinniú na nArd-Stiúrthóirí maidir leis an óige agus Malartú ardleibhéil le stiúrthóirí na ngníomhaireachtaí náisiúnta

Meastóireacht mheántéarmach ar Straitéis Óige an Aontais 2019-2027; machnamh ar Erasmus+ 2021-2027 – Caibidil na hÓige agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027

Na spriocanna uile don óige

§13 (a) Cumhacht/cáilíocht, nuálaíocht, aitheantas

§36

COM agus BE

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ (réamhtheideal)

Formheas ag an gComhairle

Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘gan aon duine a fhágáil ar lár: an bealach a réiteach chun cuimsiú sóisialta na ndaoine óga go léir a bhaint amach’ (4)

Sochaithe cuimsitheacha

§3, §4, §5, §6, §10 (d), §13 (b), §16, §19, §20, §21, §22, §33, §34

BE

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) Comhdháil maidir le sochaithe cuimsitheacha le haghaidh daoine óga

Comhdháil Óige an Aontais

Sochaithe cuimsitheacha

§3, §4, §5, §6, §10 (d), §13 (b), §16, §19, §20, §21, §22, §33, §34

BE

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) (b’fhéidir) Comhdháil maidir le hobair don óige (5) (agus béim ar an leibhéal áitiúil agus an daonlathas: is ansin a chuirtear tús de ghnáth le taithí daoine óga ar obair don óige, agus is ansin a dhéantar an chuid is mó den obair óige.)

Moltaí beartais

Coimre dea-chleachtas

Ailíniú leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige/le Próiseas Bonn

I gcomhar le ‘Europe goes local’ agus ‘Democracy reloading’

Treoracha don Todhchaí ina leagtar síos an ‘tairiscint maidir le hobair óige áitiúil’ mar an chéad cheann de thrí mhír faoin gceannteideal ‘Obair óige a sholáthar’. De réir Phointe 7 den Dearbhú Deiridh ón 3ú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige ‘ba cheart, dá bhrí sin, a áireamh i dtairiscint bhunúsach maidir le hobair óige straitéis shoiléir chun cuimsiú sóisialta agus éagsúlacht a fheabhsú i measc daoine óga rannpháirteacha’ (6)

Eagraíochtaí óige agus cláir Eorpacha

Sochaithe cuimsitheacha

§3, §8, §10 (a), §10 (c), §10 (e), §13 (b), §13 (c) §14, §16, §17, §18, §19, §20, §21, §22, §23, §24, §25, §27, §34, §38, §39

BE

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) Rún ón gComhairle maidir le beartas don obair óige in Eoraip nua

Formheas ag an gComhairle

(b'fhéidir) Moltaí beartais maidir le ról na hoibre óige i gcathracha atá fabhrach do leanaí agus don óige agus ról an spáis phoiblí (e.g. obair óige áitiúil agus cathracha atá fabhrach don óige)

Malartuithe dea-chleachtas le lipéad na gcathracha atá fabhrach don óige agus Príomhchathracha Óige na hEorpa a roinneann a gcuid oibre ar ‘spásanna poiblí do dhaoine óga’, ‘an ceart chun imeartha’ agus an nasc leis an bhfoghlaim (foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) i dtreo ‘Limistéar Eorpach Foghlama’

Na spriocanna uile don óige

§3, §8, §10 (a), §10 (c), §10 (e), §13 (b), §13 (c), §14,§16, §17, §18, §19, §20, §21, §22, §23, §24, §25, §27, §34, §38, §39

BE

2024 (an 1ú leath)

(b’fhéidir) Seimineár maidir le meastóireacht agus nuashonrú ar chláir oibre Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le leanaí, an óige agus le cearta leanaí

Meastóireacht agus moltaí

Nuashonrú ar na conclúidí ón gComhairle

Breathnú ar an ábhar ‘an ceart chun imeartha’ agus ar an nasc leis an bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil

Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

 

BE (agus b’fhéidir COM)

2024 (an 1ú leath)

Príomhchathair Óige na hEorpa

Leagfaidh Uachtaránacht BE béim ar ról Gent mar Phríomhchathair Óige na hEorpa 2024

 

§10 (c), §39

BE

2024 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Rún ón gComhairle maidir leis an 10ú timthriall d’idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh

Formheas ag an gComhairle

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

§1, §2, §6, §21, §22

HU

2024 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Conclúidí ón gComhairle maidir le dálaí a chruthú lenar féidir le daoine óga barr a gcumais a bhaint amach i gceantair thuaithe

Formheas ag an gComhairle

Óige na tuaithe a chur chun cinn

§1, §2, §5,

§13 (d), §21, §26

HU

2024 (an 2ú leath)

Comhdháil maidir le tosaíochtaí na foirne trí Uachtaránacht /modh oscailte comhordúcháin

Comhdháil Óige an Aontais agus cruinniú Ard-Stiúrthóireachta

An toradh deiridh ar an timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh faoi Uachtaránacht foirne ES-BE-HU

Sochaithe cuimsitheacha

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Óige na tuaithe a chur chun cinn

§1, §2, §6, §13(b)

§19, §21

HU

2024 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí óige

Malartú dea-chleachtas

Sochaithe cuimsitheacha

Óige na tuaithe a chur chun cinn

 

HU

2024 (an 2ú leath)

(Comhdháil) Ócáid ar lena linn a dhéanfar achoimriú, athbhreithniú agus meastóireacht ar na chéad 10 dtimthriall d’idirphlé Óige (Struchtúraithe) an Aontais Eorpaigh

Forléargas ar na 10 dtimthriall d’idirphlé Óige (Struchtúraithe) an Aontais Eorpaigh

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

§1, §2, §6, §26

HU, ES, BE, (b’fhéidir COM)

2024 (an 2ú leath)

(Seimineár) Uirlisí chun dálaí a chruthú lenar féidir le daoine óga barr a gcumais a bhaint amach i gceantair thuaithe

Malartú dea-chleachtas ar an leibhéal idirearnála agus idirinstitiúideach

Moltaí a cheapadh.

Óige na tuaithe a chur chun cinn

Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Eagraíochtaí óige agus cláir óige Eorpacha

Foghlaim ardcháilíochta.

§1, §5, §11,

§13 (a), §24, §33, §37.

HU (agus b’fhéidir COM)


(1)  Arna thiomsú ag Uachtaránacht na Slóivéine bunaithe ar an doiciméad arna ullmhú ag an gCoimisiún maidir le Possible actions for a future EU Work Plan for Youth for 2019-2021 [Gníomhaíochtaí féideartha le haghaidh Plean Oibre de chuid an Aontais don Óige do 2019-2021 amach anseo] (ST-9264/18-ADD-1) agus an fhaisnéis a rinne na trí uachtaránacht FR-CZ-SE agus ES-BE-HU a nuashonrú in 2023.

(2)  Féach an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2020/C 415/01).

(3)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (2018/C 456/01).

(4)  Céim chun tosaigh féideartha i gcomhar trasearnála leis na hearnálacha sóisialta, fostaíochta, oideachais, sláinte etc. Cúlra tacaíochta doiciméid arna n-iarraidh ag Díorma Taighdeoirí Óige na hEorpa (PEYR).

(5)  Breathnófar ag an gcomhdháil Eorpach freisin ar an ábhar ‘an ceart chun imeartha’ agus ar an nasc leis an bhfoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

(6)  I ndlúthchomhar leis an gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hóige agus an Comhphobal cleachtais maidir leis an gClár Oibre Eorpach don Obair Óige. Tacaíocht iarrtha freisin ar PEYR.