20.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/114 |
CINNEADH (AE) 2023/1793 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT
an 15 Meán Fómhair 2023
lena gceaptar beirt Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chuaigh téarma oifige 23 Bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta in éag an 31 Lúnasa 2019. |
(2) |
Sa chomhthéacs sin, ainmníodh Saulius Lukas KALĖDA don phost mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta do théarma oifige dar críoch an 31 Lúnasa 2025. |
(3) |
Ina theannta sin, de bhun Airteagail 5 agus 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis do Sten FRIMODT NIELSEN éirí as oifig, ba cheart Breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Sten FRIMODT NIELSEN, is é sin go dtí an 31 Lúnasa 2028. |
(4) |
Ainmníodh Louise SPANGSBERG GRØNFELDT don fholúntas. |
(5) |
Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Saulius Lukas KALĖDA ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025.
Airteagal 2
Leis seo, ceaptar Louise SPANGSBERG GRØNFELDT ina Breitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2028.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2023.
An tUachtarán
M. ALONSO ALONSO