15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/1


Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag Teacht le chéile dóibh i dTionól na Comhairle, i ndáil le Cód Iompair Athbhreithnithe maidir le Cánachas Gnó

(2022/C 433/01)

FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID A LEANAS,

Á MHEABHRÚ DÓIBH na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 1 Nollaig 1997 maidir leis an mbeartas cánachais i bhfianaise go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar an leibhéal Eorpach chun saobhadh sa mhargadh aonair a laghdú, chun caillteanais shuntasacha ioncaim chánach a chosc agus chun cabhrú le struchtúir chánach a fhorbairt ar bhealach a bheidh níos fabhraí don fhostaíocht,

Á MHEABHRÚ DÓIBH an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997, i ndáil le cód iompair maidir le cánachas gnó,

Á MHEABHRÚ DÓIBH na conclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus na forbairtí idirnáisiúnta sna hiarrachtaí i gcoinne na seachanta cánach agus na himghabhála cánach,

Á ADHMHÁIL ACU éifeachtaí dearfacha na hiomaíochta córa agus an gá iomaíochas an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát a chomhdhlúthú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ag an am céanna á thabhairt dá n-aire go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith mar thoradh ar roinnt beart cánach,

Á CHUR I dTÁBHACHT gur tiomantas polaitiúil é an cód iompair agus nach bhfuil éifeacht aige ar chearta ná ar oibleagáidí na mBallstát ná ar réimsí faoi seach na mBallstát agus an Aontais a eascraíonn ó na Conarthaí,

Á CHUR I dTÁBHACHT go n-oibríonn an mheitheal um an gcód iompair mar phiarghrúpa idir na Ballstáit agus cúnamh fíor-riachtanach á fháil aici ón gCoimisiún,

Á AITHINT DÓIBH obair rathúil na meithle um an gcód iompair in éineacht lena cathaoirligh thofa, a d’fhág gur féidir líon mór beart cánach a rolladh siar agus creat cuiditheach comhair a bhunú le tríú tíortha agus le tríú dlínsí,

Á THABHAIRT DÁ nAIRE go nglacann Ardrúnaíocht na Comhairle feidhmeanna rúnaíochta an Ghrúpa,

Á ADHMHÁIL ACU forbairt na nótaí treorach comhaontaithe chun obair rathúil na meithle um an gcód iompair a bheidh ábhartha maidir le gnéithe nós imeachta chomh maith le treoir chomhaontaithe a bhaineann le saincheisteanna substainteacha a chuirtear ar fáil don phobal,

Á ATHDHEARBHÚ, dá bhrí sin, an gá leanúnach le cód iompair do chánachas gnó atá ceaptha chun srian a chur le bearta díobhálacha cánach,

Á CHUR I dTÁBHACHT go bhfuil cóir chothrom laistigh den Aontas agus maidir le tríú tíortha agus dlínsí cánach fós ríthábhachtach chun prionsabail an chóid iompair a chur chun feidhme go comhleanúnach,

Á DHEARBHÚ AN ATHUAIR an toilteanas cur i bhfeidhm an chóid iompair maidir le cánachas gnó a choinneáil chomh trédhearcach agus is féidir gan an rúndacht a chur i mbaol a theastaíonn chun tuairimí agus faisnéis íogair a mhalartú go muiníneach idir comhaltaí na meithle agus le tríú tíortha agus dlínsí cánach, ós rud é go n-áirithítear leis sin obair éifeachtach, dírithe ar thorthaí faoin gcód,

DE BHRÍ gur cheart an cód iompair atá ann cheana maidir le cánachas gnó a leagtar amach sa Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997 a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua ar an mbealach is éifeachtúla is féidir i dtimpeallacht eacnamaíoch atá ag éirí níos domhandaithe agus níos digitithe,

DÉANANN SIAD DÁ REIR SIN AN CÓD IOMPAIR ATHBHREITHNITHE MAIDIR LE CÁNACHAS GNÓ SEO A LEANAS A FHORMHEAS

Bearta cánach a chumhdaítear

A.

Gan dochar do réimsí inniúlachta faoi seach na mBallstát agus an Aontais, baineann an cód iompair seo, lena gcumhdaítear cánachas gnó (dá ngairtear cód), leis na bearta fabhracha cánach agus na gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu a dhéanann difear nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas.

Áirítear le gníomhaíocht gnó i ndáil leis seo freisin gach gníomhaíocht a dhéantar laistigh de ghrúpa cuideachtaí.

Áirítear dlíthe nó rialacháin agus cleachtais riaracháin araon ar na bearta fabhracha cánach agus gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu (dá ngairtear bearta cánach go comhpháirteach) a chumhdaítear leis an gcód.

B.1.

Laistigh den raon feidhme a shonraítear i mír A, tá bearta fabhracha cánach lena ndéantar foráil maidir le leibhéal éifeachtach cánach atá i bhfad níos ísle, lena n-áirítear cánachas nialasach, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go hiondúil sa Bhallstát atá i gceist le háireamh mar bhearta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo.

Féadfaidh leibhéal cánachais den sórt sin oibriú de bhua an ráta cánach ainmniúil, an bhoinn cánach nó aon toisc ábhartha eile.

Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na bearta sin díobhálach, ba cheart an méid seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

1.

an ndéanfar buntáistí a imfhálú de factode jure ón ngeilleagar baile, e.g., ní thugtar iad ach do neamhchónaitheoirí amháin nó maidir le hidirbhearta a dhéantar le neamhchónaitheoirí, nó ní dhéanann siad difear don bhonn cánach náisiúnta nó

2.

an ndeonófar buntáistí fiú murab ann d’aon fhíorghhníomhaíocht eacnamaíoch agus láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil laistigh den Bhallstát a thairgfeadh buntáistí cánach den sórt sin, nó

3.

maidir leis na rialacha le haghaidh cinneadh brabúis i leith gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí, an imeoidh siad ó phrionsabail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha a comhaontaíodh laistigh de ECFE, nó

4.

an bhfuil easpa trédhearcachta sna bearta cánach, lena n-áirítear i gcás ina maolaítear forálacha dlíthiúla ar leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach.

B.2

Laistigh den raon feidhme a shonraítear i mír A, tá gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta Ballstáit acu, a chruthaíonn deiseanna le haghaidh neamhchánachas dúbailte nó lena bhféadfaí úsáid dhúbailte nó il-úsáid sochar cánach a bheith mar thoradh orthu, i dtaca leis na speansais chéanna, leis an méid céanna ioncaim nó leis an slabhra céanna idirbheart, mar ghnéithe dochar a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo.

D’fhéadfadh éifeachtaí den chineál sin a bheith ann de bhua gné ábhartha de chóras náisiúnta cánach Ballstáit a mbeidh dliteanas cánach níos ísle mar thoradh air, ach amháin an ráta cánach ainmniúil nó cánachas iarchurtha mar ghné de chóras cánach gnóthachan caipitiúil.

Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil gné chánach Bhallstáit a bhfuil feidhm ghinearálta aici díobhálach, ba cheart na critéir charnacha seo a leanas agus nasc cúisíoch díreach eatarthu a chur san áireamh:

1.

nach bhfuil forálacha iomchuí frith-mhí-úsáide ná coimircí leordhóthanacha eile ag gabháil leis an ngné chánach a bhfuil feidhm ghinearálta aici agus mar thoradh uirthi d’fhéadfaí úsáid dhúbailte nó il-úsáid sochar cánach a bheith ann i dtaca leis na speansais chéanna, leis an méid céanna ioncaim nó leis an slabhra céanna idirbheart, nó ceadaítear an méid sin a bheith ann;

2.

go ndéanann an gné chánach a bhfuil feidhm ghinearálta aici difear ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas. Agus measúnú á dhéanamh an gné shuntasach í an ghné chánach maidir le suíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas a chinneadh, ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó) (dá ngairtear an Mheitheal) a chur san áireamh gur féidir tionchar a bheith ag imthosca eile seachas gnéithe cánach ar shuíomh na gníomhaíochta gnó.

Tréimhsí neamhghníomhaíochta agus rollta siar

Tréimhsí neamhghníomhaíochta

C.

Tá na Ballstáit tiomanta gan bearta cánach nua a thabhairt isteach atá díobhálach de réir bhrí an chóid seo. Dá bhrí sin, déanfaidh na Ballstáit na prionsabail is bunús leis an gcód a urramú agus beartas amach anseo á chinneadh acu agus tabharfaidh siad aird chuí ar an bpróiseas athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna E go I agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil aon bheart nua cánach díobhálach.

Rolladh siar

D.

Tá na Ballstáit tiomanta athscrúdú a dhéanamh ar a ndlíthe agus ar a gcleachtais atá ann cheana féin, ag féachaint do na prionsabail is bun leis an gcód agus don phróiseas athbhreithnithe a leagtar amach i míreanna E go I. Leasóidh na Ballstáit na dlíthe agus na cleachtais sin de réir mar is gá d’fhonn aon bhearta díobhálacha cánach a dhíothú nó forálacha iomchuí frith-mhí-úsáide nó coimircí leordhóthanacha eile a ghlacadh i ndáil le bearta cánach díobhálacha agus aird á tabhairt, a luaithe is féidir, ar phléití na Comhairle tar éis phróiseas an athbhreithnithe.

An próiseas athbhreithnithe

Fógra a thabhairt

E.1

I gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na hoscailteachta, cuirfidh na Ballstáit in iúl dá chéile ar an eolas na bearta cánach atá ann cheana agus atá beartaithe agus a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chóid faoi dheireadh gach bliana féilire.

Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a chur in iúl dá chéile bearta cánach atá ann cheana nó atá beartaithe ar ina leith is mian leo cinnteacht a fháil maidir leis an gcód a bheith á chomhlíonadh acu.

In éagmais fógra faoi fhomhíreanna 1 agus 2, iarrtar ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin do Bhallstát eile nó don Choimisiún, maidir le haon bheart cánach ar dealraitheach a bheith faoi raon feidhme an chóid. I gcás ina bhfuil gá le formheas parlaiminteach le haghaidh bearta cánach atá beartaithe, ní gá an fhaisnéis sin a thabhairt go dtí go bhfógrófar don Pharlaimint iad.

E.2

gcuirfí bearta cánach den chineál sin faoi bhráid na Meithle, ba cheart don Bhallstát tarchuir nó don Choimisiún an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas. Féadfaidh Ballstát eile nó an Coimisiún bearta cánach Ballstát nár tugadh fógra ina leith faoi mhír E.1 a chur faoi bhráid na Meithle arna iarraidh sin do Bhallstát eile nó don Choimisiún. Sula

Maidir le gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu, ba cheart don Bhallstát tarchuir nó don Choimisiún a chur faoi bhráid na Meithle aon fhaisnéis:

i)

lena léirítear go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na héifeachtaí a thuairiscítear i mír B.2 ag gabháil leis an ngné chánach, agus

ii)

lenar féidir teacht ar an tuairim go réasúnta go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar shuíomh gníomhaíochtaí gnó san Aontas.

Tuairisc chomhaontaithe

F.1

Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún a iarraidh deis a bheith acu plé a dhéanamh ar bheart cánach Ballstáit ar tugadh fógra ina leith faoi mhíreanna E1 agus E2. Cinnfidh na Ballstáit ansin an ndéanfar obair leantach agus an ullmhóidh siad an tuairisc chomhaontaithe ar an mbeart sin.

Measúnú

F.2

Ceadófar leis an tuairisc chomhaontaithe measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na bearta cánach atá i gceist díobhálach, i bhfianaise na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu laistigh den Aontas. Maidir le bearta cánach fabhracha, cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na fachtóirí go léir a shainaithnítear i mír B.1. I ndáil leis na gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu, cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na fachtóirí go léir a shainaithnítear i mír B.2 agus an treoir faoi mhír L maidir le gnéithe sonracha cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu.

G.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta cánach ar tugadh fógra ina leith, cuireann an Chomhairle i dtábhacht gur gá meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na héifeachtaí atá acu ar Bhallstáit eile inter alia i bhfianaise na caoi a ngearrtar cáin ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann ar fud an Aontais agus iarrann sí ar an Meitheal breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí eacnamaíocha ábhartha agus ar aon sonraí faoina dtionchar a thugtar ar aird dóibh agus méid agus oscailteacht gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh.

A mhéid a úsáidtear na bearta cánach chun tacú le forbairt eacnamaíoch réigiún áirithe, déanfar measúnú i dtaobh an bhfuil na bearta i gcomhréir leis na haidhmeanna atá á lorg agus an bhfuil siad dírithe ar na haidhmeanna sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid sin, tabharfar aird ar leith ar ghnéithe agus ar shrianta speisialta i gcás na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán beag, gan an bonn a bhaint d’iomláine ná do chomhleanúnachas ord dlíthiúil an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus comhbheartais.

Nós imeachta

H.

Leanfaidh an Mheitheal, a bunaíodh leis na conclúidí ón gComhairle an 9 Márta 1998, de mheasúnú a dhéanamh ar na bearta cánach a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chóid seo agus de mhaoirseacht a dhéanamh ar sholáthar faisnéise maidir leis na bearta sin. Iarrann an Chomhairle ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún ionadaí ardleibhéil agus ionadaí malartach a cheapadh ar an Meitheal sin, a ndéanfaidh ionadaí ó Bhallstát cathaoirleacht air. Tugann Ardrúnaíocht na Comhairle, a chuireann feidhmeanna rúnaíochta ar fáil don Mheitheal, cúnamh do na cathaoirligh thofa. Déanfaidh an Mheitheal, a thiocfaidh le chéile go rialta, na bearta cánach lena meas a roghnú agus a athbhreithniú i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos i míreanna E go G. Tabharfaidh an Grúpa tuairisc ar na bearta a ndéanfar measúnú orthu go rialta. Cuirfear na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig an gComhairle lena bplé. Áireofar leo na tuairiscí comhaontaithe agus na measúnuithe críochnaitheacha ar na bearta cánach a scrúdaigh sé.

Déanfar doiciméid deiridh, mar a fhormheasfaidh an Chomhairle iad, a chur ar fáil don phobal, agus déanfar doiciméid bhreise a chur ar fáil don phobal, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha.

I.

Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún cabhrú leis an Meitheal an obair ullmhúcháin is gá a dhéanamh dá cruinnithe agus soláthar na faisnéise agus an próiseas athbhreithnithe a éascú. Chuige sin, iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír E a sholáthar don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún na dréacht-tuairiscí agus na dréachtmheasúnuithe dá dtagraítear i mír F a ullmhú. Ba cheart don Choimisiún cúraimí comhchosúla a dhéanamh le haghaidh na measúnuithe dá dtagraítear i mír N. Níl an Coimisiún rannpháirteach i gcinnteoireacht na Meithle. Déanann ionadaithe na mBallstát torthaí obair na Meithle a bhailíochtú ar leibhéal na Meithle agus cuirtear faoi bhráid na Comhairle iad lena bhformheas.

Státchabhair

J.

Tugann an Chomhairle dá haire go bhféadfadh roinnt de na bearta cánach a chumhdaítear leis an gcód seo teacht faoi raon feidhme na bhforálacha maidir le Státchabhair in Airteagail 107 go 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais. Déantar obair na Meithle gan dochar do dhlí an Aontais. I gcásanna ina dtionscnóidh an Coimisiún imeachtaí maidir le státchabhair, ba cheart don Mheitheal a scrúdú ar na bearta lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an nós imeachta sin maidir le státchabhair. Is féidir réamhthuairisc ar an mbeart, arna dhréachtú ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, a chur ar fáil don Mheitheal cheana féin. Ba cheart tuairisc chríochnaitheach a chur ar fáil a luaithe a bheidh deireadh leis an nós imeachta maidir le státchabhair, más gá sin.

Gníomhaíocht chun seachaint agus imghabháil cánach a chomhrac

K.

Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit comhoibriú go hiomlán i gcomhrac na seachanta cánach agus na himghabhála cánach, go háirithe agus faisnéis á malartú go tráthúil idir na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta faoi seach, le dlí an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta.

Iarrann an Chomhairle ar an Meitheal plé a dhéanamh, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, ar shaincheisteanna comhleasa arna bplé i bhfóraim idirnáisiúnta agus a thagann faoi raon feidhme an chóid.

L.

Nuair a mheastar gurb iomchuí sin, d’fhéadfadh an Mheitheal tograí a chur faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas le haghaidh treoir ghinearálta faoi raon feidhme a sainordaithe a mhéid is nach bhfuil an treoir ghinearálta atá á beartú cumhdaithe cheana féin le reachtaíocht an Aontais. A luaithe a fhormheasfaidh an Chomhairle í, foilseofar an treoir dheiridh. Go háirithe, cuirfidh an Mheitheal faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas tograí le haghaidh treoir maidir le gnéithe sonracha cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a thagann faoi raon feidhme mhír B2, agus déanfar measúnú ar ghnéithe den sórt sin maidir le Ballstáit – i gcomhréir leis na forálacha sin roimhe seo den chód seo – agus treoir den sórt sin á cur san áireamh.

M.

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil ról bunúsach ag forálacha frith-mhí-úsáide nó ag bearta cosanta atá i ndlíthe náisiúnta cánach agus i gcoinbhinsiúin um chánachas dúbailte chun an seachaint chánach agus an imghabháil chánach a chomhrac, agus i ndáil le straitéis sheachtrach an Aontais freisin.

Straitéis sheachtrach an Aontais agus raon feidhme geografach an chóid iompair maidir le cánachas gnó

N.

Measann an Chomhairle gurb inmholta gur cheart prionsabail a ghlacadh ar an mbonn geografach is leithne is féidir, prionsabail darb aidhm deireadh a chur le bearta díobhálacha cánach. Chuige sin, tá na Ballstáit tiomanta a gcur chun feidhme a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda trí chomhar a lorg le dlínsí atá lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear trí liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Leagtar amach mionsonraí an phróisis liostaithe i gConclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 agus sna hathbhreithnithe agus sna nuashonruithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin agus sna treoirlínte ábhartha nós imeachta don phróiseas faireacháin.

Chuige sin, déanann an Mheitheal measúnuithe rialta ar na dlínsí ábhartha ar bhonn critéir oibiachtúla maidir le trédhearcacht cánach, cánachas cóir agus bearta frith-BEPS a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Mheitheal an Chomhairle a chur ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn atá déanta agus a mholadh don Chomhairle an liosta a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta.

O.

Ina theannta sin, tá na Ballstáit tiomanta glacadh phrionsabail an chóid a chur chun cinn i gcríocha nach mbaineann an Conradh leo. Go háirithe, na Ballstáit ag a bhfuil críocha spleácha nó críocha gaolmhara nó ag a bhfuil freagrachtaí speisialta nó sainchumais chánachais i ndáil le críocha eile, ar choinníoll nach bhfuil siad sin i raon feidhme liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, tá na Ballstáit sin tiomanta, faoi chuimsiú a socruithe bunreachtúla, a áirithiú go gcuirfear na prionsabail sin i bhfeidhm sna críocha sin. I dtaca leis sin, déanfaidh na Ballstáit sin breithniú ar an staid i bhfoirm tuarascálacha chuig an Meitheal, a ndéanfaidh measúnú orthu faoin nós imeachta athbhreithnithe mar a thuairiscítear thuas.

Cur i bhfeidhm, faireachán agus athbhreithniú

P.

Ón 1 Eanáir 2023, gabhann an cód seo ionad an chóid iompair maidir le cánachas gnó a leagtar amach sa Rún ón gComhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997. Mar sin féin, maidir le gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu mar a shainmhínítear i mír B.2 iad, beidh feidhm ag míreanna E.1 go F.2 ón 1 Eanáir 2024, agus ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh bearta arna n-achtú nó arna modhnú an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin.

Chun a áirithiú go gcuirfear an cód chun feidhme go cothrom agus go héifeachtach, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoina bráid ar bhonn bliantúil maidir lena chur chun feidhme agus maidir le státchabhair fhioscach a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit athbhreithniú ar fhorálacha an chóid, i gcás inarb iomchuí, go háirithe nuair a bheidh comhdhearcadh nua idirnáisiúnta ann maidir le saincheisteanna ábhartha.