|
19.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 176/3 |
CINNEADH (AE) 2021/798 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT
an 21 Aibreán 2021
lena gceaptar beirt Bhreithiúna agus beirt Abhcóidí Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 253 agus 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rachaidh téarma oifige 14 bhreitheamh agus seisear Abhcóidí Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais in éag an 6 Deireadh Fómhair 2021. |
|
(2) |
Ba cheart daoine a cheapadh sna poist sin don tréimhse dar tús an 7 Deireadh Fómhair 2021 agus dar críoch an 6 Deireadh Fómhair 2027. |
|
(3) |
Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarma oifige Eugene REGAN ina cháil mar Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(4) |
Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarma oifige Athanasios RANTOS ina cháil mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(5) |
Moladh go ndéanfaí Dimitrios GRATSIAS a cheapadh do chéad téarma oifige ina cháil mar Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(6) |
Moladh go ndéanfaí Nicholas EMILIOU a cheapadh do chéad téarma oifige ina cháil mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(7) |
Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais a fheidhmiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2027:
|
— |
Eugene REGAN, |
|
— |
Dimitrios GRATSIAS. |
Airteagal 2
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nAbhcóidí Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2027:
|
— |
Athanasios RANTOS, |
|
— |
Nicholas EMILIOU. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.
An tUachtarán
N. BRITO