24.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/4


CINNEADH (AE) 2021/323 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT

an 19 Feabhra 2021

lena gceaptar ceathrar Breithiúna agus Abhcóide Ginearálta amháin den Chúirt Bhreithiúnais

TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 253 agus 255 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rachaidh téarmaí oifige ceithre Bhreitheamh déag agus seisear Abhcóidí Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais in éag an 6 Deireadh Fómhair 2021.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, ceapacháin a dhéanamh do na poist sin don tréimhse dar tús an 7 Deireadh Fómhair 2021 agus dar críoch an 6 Deireadh Fómhair 2027.

(3)

Moladh go ndéanfaí Miroslav GAVALEC agus Octavia SPINEANU-MATEI a cheapadh do chéad téarma oifige ina gcáil mar Bhreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais.

(4)

Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarma oifige Niilo Jääskinen agus Lars Bay Larsen ina gcáil mar Bhreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais.

(5)

Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarma oifige Juliane Kokott ina cáil mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais.

(6)

Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais a fheidhmiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2027:

Miroslav GAVALEC,

Octavia SPINEANU-MATEI,

Niilo JÄÄSKINEN,

LARS BAY LARSEN.

Airteagal 2

Ceaptar Juliane KOKOTT ina hAbhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2027.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Feabhra 2021.

An tUachtarán

N. BRITO