29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 241/99


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2088 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2023

lena bhformheastar an mhais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093 ón gCoimisiún (2) rinneadh próipianáit dédheicilmeitiolpol(ocsa-eitil)amóiniam a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8.

(2)

Áirítear próipianáit dédheicilmeitiolpol(ocsa-eitil)amóiniam freisin sa liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (3) le haghaidh cineálacha táirgí 2, 4 agus 10, liosta ina dtagraítear di lena hainm ceimiceach ‘pola(ocsa-1,2- eatáindé-il),.alfa.-[2-(dédheicilmeitiolamóinea)eitil]-.óimige.-hiodrocsa-, próipianáit (salann) (‘Bardap 26’).

(3)

An 22 Samhain 2022, ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (an ‘Ghníomhaireacht’) na tuairimí maidir leis na hiarratais ar fhormheas na substainte gníomhaí lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 2 (4) agus 4 (5), agus chuir sé faoi bhráid an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014.

(4)

Sna tuairimí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh comhdhéanamh agus sonraíocht tagartha na substainte comhsheasmhach leis an tsubstaint ghníomhach arna measúnú agus arna formheas faoi chineál táirge 8, ach nárbh iomchuí ainm na substainte sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 agus, dá réir sin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, rinneadh céannacht na substainte gníomhaí próipianáit dédheicilmeitiolpol(ocsa-eitil)amóiniam a athshainiú mar mhais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam (‘DMPAP’).

(5)

Dá réir sin, ní mór céannacht na substainte gníomhaí a athrú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093 freisin. Ós rud é nach mór roinnt athruithe a dhéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093 i ndáil le hathshainiú na substainte, ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán sin a ionadú.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar an mhais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1093 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2016 lena bhformheastar próipianáit dédheicilmeitiolpol(ocsa-eitil)amóiniam mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 182, 7.7.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(4)   Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance reaction mass of N,N-didecyl-N-(2-hydroxyethyl)-N-methylammonium propionate and N,N-didecyl-N-(2-(2-hydroxyethoxy)ethyl)-N-methylammonium propionate and N,N-didecyl-N-(2-(2-(2-hydroxyethoxy)ethoxy)ethyl)-N-methylammonium propionate [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí mais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam]; cineál táirge 2; ECHA/BPC/363/2022.

(5)   Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance reaction mass of N,N-didecyl-N-(2-hydroxyethyl)-N-methylammonium propionate and N,N-didecyl-N-(2-(2-hydroxyethoxy)ethyl)-N-methylammonium propionate and N,N-didecyl-N-(2-(2-(2-hydroxyethoxy)ethoxy)ethyl)-N-methylammonium propionate [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí mais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam]; cineál táirge 4; ECHA/BPC/364/2022.


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Aitheantais

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1)

Dáta formheasa

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

mais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam (‘DMPAP’)

mais imoibriúcháin de phróipianáit N,N-dédheicil-N-(2-hiodrocsa-eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam agus próipianáit N,N-dédheicil-N-(2-(2-(2-hiodrocsa-eatocsa)eatocsa)eitil)-N-meitiolamóiniam

Uimh. CE: -

Uimh. CAS: -

86,1  % w/w meáchan tirim

1 Eanáir 2018

31 Nollaig 2027

8

Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

sa mheasúnú ar tháirgí tugtar aird ar leith ar an teagmháil, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáid a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nár tugadh aghaidh uirthi sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais;

(b)

sa mheasúnú ar tháirgí tugtar aird ar leith ar:

(i)

úsáideoirí tionsclaíocha agus gairmiúla;

(ii)

screamhuisce i ndáil le hadhmad a bheidh nochta do shíonchaitheamh go minic agus é in úsáid;

(c)

ar lipéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar bhileoga sonraí sábháilteachta na dtáirgí arna n-údarú, léireofar go ndéantar an leathadh tionsclaíoch nó gairmiúil laistigh de limistéar atá iata nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach le bundú agus go ndéantar adhmad nuachóireáilte a stóráil faoi dhídean nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach, nó an dá rud, tar éis a chóireála, chun sceitheadh díreach isteach san ithir nó san uisce a chosc, agus aon sceitheadh a tharlaíonn de dheasca an táirge a leathadh, go mbailítear é lena athúsáid nó lena dhiúscairt.


(1)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.