|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/13 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2080 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (1) socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2023/194, socraítear gabháil iomlán incheadaithe shealadach (TAC) i gcomhair ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de Choiste Iascaigh an Atlantaigh Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, agus ceadaítear leis go leanfar d’iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin. Tar éis an chomhairle sin ó ICES a fhoilsiú an 21 Meitheamh 2023, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú ar leibhéal 20 555 thona, i gcomhréir leis an gcomhairle sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir. |
|
(4) |
I bhfianaise a phráinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(5) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an TAC le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de CECAF ón 1 Iúil 2023. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go méadaítear na deiseanna iascaireachta lena mbaineann leis an leasú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194
Leasaítear Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. GRANDE-MARLASKA GÓMEZ
(1) Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I gCuid A d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194: cuirtear an méid a leanas in ionad an dara tábla:
|
‘Speiceas: |
An t-ainseabhaí Engraulis encrasicolus |
Limistéar: |
9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1 (ANE/9/3411) |
||
|
An Spáinn |
|
9 831 |
(1) |
TAC anailíseach |
|
|
An Phortaingéil |
|
10 724 |
(1) |
||
|
An tAontas |
|
20 555 |
(1) |
||
|
|
|
|
|
||
|
TAC |
|
20 555 |
(1) |
||
|
(1) |
Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.’ |
||||