|
27.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/108 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2060 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meán Fómhair 2023
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Stáit bhrataí soithí iascaireachta a liostú, ar soithí iascaireachta iad a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fheadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), agus go háirithe Airteagail 9(4), pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, inter alia, teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola áirithe, lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh. |
|
(2) |
Go háirithe, le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan. Le hAirteagal 9(2), pointe (b) den Rialachán sin, foráiltear maidir le táirgí iascaigh a ghabhann soitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír cé is moite den Ríocht Aontaithe ar foluain aige (‘an Stát brataí’), agus a allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, nach bhféadfaidh siad teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe mar earraí miondíola, agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin ach amháin má liostaítear Stát brataí an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le le hAirteagal 9(4) den Rialachán sin. |
|
(3) |
Ina theannta sin, le hAirteagal 9(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/1231 foráiltear maidir le táirgí iascaigh a ghabhann soitheach de chuid an Stáit brataí, agus a allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, nach bhféadfaidh siad dul isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe mar earraí miondíola, agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin, ach amháin má déanann an Ríocht Aontaithe fianaise i scríbhinn a sholáthar go bhfuil feidhm ag coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin faoina dlí náisiúnta, agus áirithítear leis sin nach n-allmhairítear isteach sa Ríocht Aontaithe táirgí a fhaightear ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (‘iascaireacht NNN’) mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (2) agus i ngníomhartha de chuid an Aontais de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus go bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin, na rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíorúcháin sin á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe(‘an fhianaise i scríbhinn’). |
|
(4) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, agus le hAirteagal 12(1) de, toirmeasctar táirgí iascaigh a fhaightear ó iascaireacht NNN a allmhairiú isteach san Aontas. Ina theannta sin, le hAirteagal 20 den Rialachán leagtar síos rialacha maidir le fógra á thabhairt don Choimisiún ag Stáit bhrataí tríú tír chun críoch deimhnithe gabhála arna mbailíochtú ag na Stáit bhrataí sin a ghlacadh chun a áirithiú, inter alia, go ndéanann coinsíneachtaí táirgí iascaigh a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha an toirmeasc sin a chomhlíonadh. |
|
(5) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE ón gComhairle (3) bunaítear liosta de thríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
|
(6) |
Foráiltear le hAirteagal 9(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1231, i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún an fhianaise i scríbhinn, go bhféadfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina liostófar Stáit bhrataí na soitheach iascaireachta a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann. |
|
(7) |
Le litir dar dáta an 4 Meán Fómhair 2023, déanann an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn a sholáthar go bhfuil feidhm ag coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin á gcur chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe. |
|
(8) |
Ós rud é gur sholáthair an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn is gá a cheanglaítear le hAirteagal 9(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231, is iomchuí liosta a bhunú de Stáit bhrataí soithí iascaireachta a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola, tar éis dóibh a bheith allmhairithe isteach i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe. Ba cheart a chur san áireamh sa liosta sin an ceanglas maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE. |
|
(9) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith ag an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(10) |
Beidh feidhm ag an oibleagáid earraí miondíola a mharcáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231 ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023 chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo bunaítear liosta na tríú tíortha, cé is moite den Ríocht Aontaithe, ar Stáit bhrataí soithí iascaireachta iad a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1231, tar éis dóibh a bheith allmhairithe isteach i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe (‘liosta na Stát brataí’).
Airteagal 2
Liosta na Stát brataí
Leagtar amach liosta na Stát brataí san Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 29.6.2023, lch. 103.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).
IARSCRÍBHINN
|
AN ALBÁIN |
|
AN AILGÉIR |
|
ANGÓLA |
|
ANTIGUA AGUS BARBÚDA |
|
AN AIRGINTÍN |
|
AN ASTRÁIL |
|
NA BAHÁMAÍ |
|
AN BHANGLAIDÉIS |
|
AN BHEILÍS |
|
BEININ |
|
AN BHRASAÍL |
|
CEANADA |
|
CABO VERDE |
|
AN tSILE |
|
AN tSÍN |
|
AN CHOLÓIM |
|
CÓSTA RÍCE |
|
AN CÓSTA EABHAIR |
|
CÚBA |
|
CÚRASÓ |
|
EACUADÓR |
|
AN ÉIGIPT |
|
AN tSALVADÓIR |
|
AN EIRITRÉ |
|
OILEÁIN FHÁCLAINNE |
|
OILEÁIN FHARÓ |
|
FIDSÍ |
|
POLAINÉIS NA FRAINCE |
|
CRÍOCHA AN DEISCIRT AGUS AN ANTARTAIGH DE CHUID NA FRAINCE |
|
AN GHABÚIN |
|
GÁNA |
|
AN GHRAONLAINN |
|
GREANÁDA |
|
GUATAMALA |
|
AN GHUINE |
|
AN GHUÁIN |
|
AN ÍOSLAINN |
|
AN INDIA |
|
AN INDINÉIS |
|
IAMÁICE |
|
AN tSEAPÁIN |
|
AN CHÉINIA |
|
CIREABAITÍ |
|
MADAGASCAR |
|
AN MHALAEISIA |
|
OILEÁIN MHAILDÍVE |
|
AN MHÁRATÁIN |
|
OILEÁN MHUIRÍS |
|
MEICSICEO |
|
MONTAINÉAGRÓ |
|
MARACÓ |
|
MÓSAIMBÍC |
|
MAENMAR/BURMA |
|
AN NAMAIB |
|
AN NUA-CHALADÓIN |
|
AN NUA-SHÉALAINN |
|
NICEARAGUA |
|
AN NIGÉIR |
|
AN IORUA |
|
ÓMAN |
|
AN PHACASTÁIN |
|
PANAMA |
|
NUA-GHUINE PHAPUA |
|
PEIRIÚ |
|
NA hOILEÁIN FHILIPÍNEACHA |
|
AN RÚIS |
|
SAN HÉILIN |
|
SAN PIERRE AGUS MIQUELON |
|
AN tSEINEAGÁIL |
|
NA SÉISÉIL |
|
OILEÁIN SHOLAIMH |
|
AN AFRAIC THEAS |
|
AN CHÓIRÉ THEAS |
|
SRÍ LANCA |
|
SURANAM |
|
AN TÉAVÁIN |
|
AN TANSÁIN |
|
AN TÉALAINN |
|
AN GHAIMBIA |
|
TRISTAN DA CUNHA |
|
AN TÚINÉIS |
|
AN TUIRC |
|
AN ÚCRÁIN |
|
AONTAS NA nÉIMÍRÍOCHTAÍ ARABACHA |
|
STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ |
|
URAGUA |
|
VEINISÉALA |
|
VÍTNEAM |
|
VAILÍS AGUS FUTÚNA |
|
ÉIMIN |