27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/103


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2059 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meán Fómhair 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tráchtearraí áirithe de thionscnamh na coda eile den domhan a liostú, ar tráchtearraí iad a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críoch talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), agus go háirithe Airteagail 9(4), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, inter alia, teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola áirithe lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan.

(2)

Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 9(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1231 maidir le hearraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan arb é atá iontu tráchtearraí de bhunadh ainmhíoch nó plandaí nó táirgí ilchodacha atá faoi réir na rialacha sláinte ainmhithe nó plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan’) nach bhféadfaidh na hearraí miondíola sin teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1231 ach amháin má dhéanann an Ríocht Aontaithe fianaise i scríbhinn a sholáthar, maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin agus na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 (3), (AE) 2016/429 (4) agus (AE) 2016/2031 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i Rialachán (AE) 2017/625, agus i ngníomhartha an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, go bhfuil feidhm acu i ndáil leis na tráchtearraí sin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin agus na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla sin á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe (‘an fhianaise i scríbhinn’).

(3)

Foráiltear le hAirteagal 9(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231 i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún an fhianaise i scríbhinn, go bhféadfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina liostófar tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann.

(4)

Le litreacha dar dáta an 4, an 7 agus an 12 Meán Fómhair 2023, déanann an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn a sholáthar i ndáil le coinníollacha allmhairiúcháin agus ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009, (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625, ar coinníollacha allmhairiúcháin agus ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla iad a bhaineann le feoil agus scairteach inite ó chaoirigh de thionscnamh na Nua-Shéalainne agus le bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí de thionscnamh tríú tíortha údaraithe mar a liostaítear i gCaibidil II, Roinn 1, Tábla 2, Uimh. 12 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (6), go bhfuil feidhm ag na coinníollacha allmhairiúcháin agus na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla sin faoina dlí náisiúnta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí na tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a liostú a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, ar tráchtearraí iad a shainaithnítear lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte, a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (7), agus liostaítear lena dtríú tír thionscnaimh..

(6)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith ag an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(7)

Beidh feidhm ag an oibleagáid earraí miondíola a mharcáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231 ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023 chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, bunaítear liosta na dtráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan, ar tráchtearraí iad atá de bhunadh ainmhíoch nó plandaí, nó táirgí ilchodacha atá faoi réir na rialacha sláinte ainmhithe nó plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625 agus a dtríú tír thionscnaimh, a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1231 (‘tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan’).

Airteagal 2

Tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a liostaítear san Iarscríbhinn

Féadfaidh na tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a liostaítear san Iarscríbhinn teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus féadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 165, 29.6.2023, lch. 103.

(2)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4);

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí áirithe agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann (dá dtagraítear in Airteagal 2)

Tráchtearraí (*)

Cód AC (**)

Deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach/deimhniú oifigiúil/ráiteas oifigiúil (***)

Tríú tír tionscnaimh

Catagóir tráchtearraí

Earraí de bhunadh ainmhíoch

1

Feoil agus scairteach inite ó chaoirigh atá úr, fuaraithe nó reoite

0204 10 00

0204 21 00

0204 22 10

0204 22 30

0204 22 50

0204 22 90

0204 23 00

0204 42 10

0204 42 30

0204 42 50

0204 42 90

0204 43 10

0204 43 90

 

An Nua-Shéalainn

2

Bia peataí agus ábhar coganta do mhadraí

0401

0402

0403

0404

0408

0504

0505

0506

0508

0511

1501

1502

1503

1504

2301

2309

2835 25

2835 26

3501

3502

3503

3504

4101

4205

An deimhniú sláinte a leagtar amach i gCaibidil 3(A) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (1)

An deimhniú sláinte a leagtar amach i gCaibidil 3(B) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011

An deimhniú sláinte a leagtar amach i gCaibidil 3(C) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011

An deimhniú sláinte a leagtar amach i gCaibidil 3(D) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011

Tríú tíortha údaraithe mar a liostaítear i gCaibidil II, Roinn I, Tábla 2, Uimh. 12 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011

Nótaí:

(*)

Beidh tuairisc na dtráchtearraí a liostaítear sa tábla san Iarscríbhinn seo mar a leagtar síos sa cholún tuairisce den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle arna fhormheas le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle. Tá AC bunaithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (CC) a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983.

Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú AC a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, measfar nach mbeidh ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na tráchtearraí sa tábla san Iarscríbhinn seo, ós rud é go ndéanfar na tráchtearraí a chumhdaítear leis an liosta sa tábla san Iarscríbhinn seo a chinneadh le cóid AC.

(**)

Léirítear cód AC sa cholún seo.

(***)

Léirítear sa cholún seo an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach/an deimhniú oifigiúil/an ráiteas oifigiúil is gá a bheith ag gabháil leis an gcoinsíneacht tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí áirithe agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(3)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus an Prótacal lena ndéantar Leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).