27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/94


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2057 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalar atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3) agus 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos freisin an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh.

(3)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalair acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha atá ann cheana. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar staid eipidéimeolaíoch galar áirithe, is gá Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun Ballstáit nua atá saor ó ghalair nó criosanna díobh a liostú agus cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas.

(4)

Maidir le BVD, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar i leith BVD a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 á gcomhlíonadh sa chríoch iomlán i stát na Baváire, sa chuid is mó den chríoch i stát na Sacsaine Íochtaraí seachas réigiúin Cuxhaven, Göttingen, Northeim, Oldenburg agus Stade, agus sa chuid is mó den chríoch i stát na Réine Thuaidh-Viostfáile seachas réigiúin Borken, Gütersloh, Höxter, Kleve agus Paderborn, agus sa chuid is mó den chríoch i stát Schleswig-Holstein seachas i réigiún Rendsburg-Eckernförde. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BVD. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalair i leith BVD.

(5)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir Lucsamburg faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair i leith ionfhabhtú le BTV a aithint i gcás chríoch iomlán Lucsamburg. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith ionfhabhtú le BTV. Dá bhrí sin, ba cheart Lucsamburg a liostú mar chriosanna saor ó ionfhabhtú le BTV i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

Ballstát

Críoch

‘An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg

Bundesland Bayern

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Niedersachsen, seachas Landkreis Cuxhaven, Göttingen, Northeim, Oldenburg, Stade

Bundesland Nordrhein-Westfalen, seachas Kreis Borken, Gütersloh, Höxter, Kleve, Paderborn

Bundesland Schleswig-Holstein, seachas Kreis Rendsburg-Eckernförde

Bundesland Rheinland-Pfalz

Bundesland Saarland

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Thüringen’

(b)

i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

‘An Ghearmáin

Bundesland Berlin

Bundesland Niedersachsen:

Landkreis Cuxhaven, Göttingen, Northeim, Oldenburg, Stade

Bundesland Nordrhein-Westfalen:

Kreis Borken, Gütersloh, Höxter, Kleve, Paderborn

Bundesland Schleswig-Holstein:

Kreis Rendsburg-Eckernförde

21 Feabhra 2022’

(2)

in Iarscríbhinn VIII, i gCuid I, cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann le Lucsamburg isteach idir na hiontrálacha a bhaineann leis an Liotuáin agus leis an Ungáir:

Ballstát

Críoch

‘Lucsamburg

Críoch iomlán’