18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/55


RIALACHÁN (AE) 2023/1782 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (3), bunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘Fís Eorpach’), lena n-áirítear an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.

(2)

Tugann an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha aghaidh ar ábhair léirshainithe a chuireann ar a gcumas do thionscail Eorpacha trí chéile na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus i gcórais leictreonacha.

(3)

Le Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) , bunaítear creat chun athléimneacht an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a mhéadú, chun acmhainneacht éiceachórais leathsheoltóra an Aontais a threisiú trí spleáchais a laghdú, ceannasacht dhigiteach a fheabhsú, infheistíocht a spreagadh, cumais, slándáil, inoiriúnaitheacht agus athléimneacht shlabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais a neartú, agus comhar a mhéadú i measc na mBallstát, an Choimisiúin agus comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta. Bunaíodh an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip (‘an Tionscnamh’) leis an Rialachán sin chun na dálaí is gá a chruthú chun acmhainneacht nuálaíochta tionsclaíche an Aontais a neartú. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Tionscnaimh a áirithiú, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí, arna bhunú le hAirteagal 29 den Rialachán sin, comhairle a thabhairt do Bhord na nÚdarás Poiblí, arna bhunú le hAirteagal 131 de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle.

(4)

Ba cheart na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh a chistiú ó Fís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na gClár sin.

(5)

Is é is aidhm don Tionscnamh iomaíochas agus athléimneacht an bhoinn theicneolaíoch agus thionsclaíoch leathsheoltóra a threisiú, agus an tráth céanna acmhainneacht nuálaíochta a éiceachóras leathsheoltóra a neartú ar fud an Aontais, an spleáchas ar líon teoranta cuideachtaí agus limistéir gheografacha tríú tír a laghdú, agus a acmhainneacht a neartú chun leathsheoltóirí ardfhorbartha a dhearadh, a tháirgeadh, a phacáistiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Leis an Tionscnamh, ba cheart tacú leis na haidhmeanna sin tríd an mbearna idir ardchumais taighde agus nuálaíochta an Aontais agus a saothrú tionsclaíoch inbhuanaithe a líonadh. Leis an Tionscnamh, ba cheart fothú acmhainneachta a chur chun cinn chun dearthóireacht, táirgeadh agus comhtháthú córas a éascú i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile, agus chun an comhar i measc príomhghníomhaithe ar fud an Aontais a fheabhsú, rud a neartódh slabhraí soláthair agus luacha leathsheoltóra an Aontais, a d’fhreastalódh ar phríomhearnálacha tionsclaíocha agus a chruthódh margaí nua.

(6)

Ba cheart cuspóirí oibríochtúla an Tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d) de Rialachán (AE) 2023/1781 (‘cuspóirí oibríochtúla 1 go 4’) a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí ar cheart dóibh cur leis an mbonn eolais láidir a fuarthas tríd an gComhghnóthas Comhpháirteanna agus Córais Leictreonacha le haghaidh Ceannaireacht Eorpach (ECSEL) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 (7) ón gComhairle, a ionadaíodh leis an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Ba cheart an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a athainmniú mar an gComhghnóthas um Shliseanna agus ba cheart a chur de chúram air, trí aon ionstraim nó nós imeachta dá bhforáiltear in Fís Eorpach nó sa Chlár don Eoraip Dhigiteach, tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chistítear faoin Tionscnamh. Ar feadh shaolré an Chomhghnóthais um Shliseanna, ba cheart suas le EUR 2,875 billiún a thiomnú don Tionscnamh. As an méid sin, ba cheart EUR 1,450 billiún a bheith ann le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 agus EUR 1,425 billiún le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4. Ina theannta sin, ba cheart EUR 1,3 billiún a thiomnú do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nach gcumhdaítear faoin Tionscnamh.

(7)

Ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna a chumhdach in aon chlár oibre amháin, ar cheart don Bhord Rialaithe an Chomhghnóthais um Shliseanna arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2021/2085 (‘an Bord Rialaithe’) é a ghlacadh. Ba cheart dhá chuid shonracha a bheith sa chlár oibre. Sa chéad chuid shonrach, ba cheart foroinn a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4agus foroinn a bheith ann i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis na cuspóirí oibríochtúla 1 go 4. Sa dara cuid shonrach, ba cheart díriú ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nach gcumhdaítear faoin Tionscnamh.

(8)

Ba cheart gach gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an Tionscnamh, a mhaoiniú trí Fís Eorpach chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) 2021/2085. Ba cheart an fhoroinn atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a mhaoiniú tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach.

(9)

Ba cheart a áireamh sa chlár oibre na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar bhonneagar a chistítear go poiblí, mar shampla saoráidí píolótacha agus tástála, agus na lárionaid inniúlachta, oscailteacht do raon leathan úsáideoirí a áirithiú agus rochtain a dheonú ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí margaidh, nó ar bhonn an chostais móide corrlach réasúnta, do ghnóthais mhóra, agus rochtain fhabhrach nó praghsanna laghdaithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) agus d’institiúidí acadúla á gcur san áireamh ag an am céanna.

(10)

Sula ndéantar an clár oibre a ullmhú, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí, agus comhairle ó na comhaltaí príobháideacha á cur san áireamh aige chun gur féidir ábharthacht thionsclaíoch na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa chlár oibre a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, comhairle ón mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile á gcur san áireamh aige, cur síos a dhéanamh ar na codanna sonracha agus na foranna ábhartha, lena n-áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. Chun na críche sin, níor cheart ach an Coimisiún agus na Ballstáit a áireamh ar Bhord na nÚdarás Poiblí. Ina dhiaidh sin, ar bhonn an chur síos sin agus an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre a ullmhú do chodanna sonracha agus d’fhoranna ábhartha araon agus dá meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach.

(11)

Ba cheart d’ionadaithe uile an Bhoird Rialaithe a bheith rannpháirteach in ullmhú an chláir oibre sa phlé ábhartha, agus ba cheart dóibh an fhaisnéis is gá a fháil. Nuair a ghlacfaidh an Bord Rialaithe an clár oibre, ba cheart na cearta vótála don fhoroinn i ndáil le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh a theorannú don Choimisiún agus do na Ballstáit amháin. Maidir leis an bhforoinn i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh, ba cheart 45 % de na vótaí a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit araon agus ba cheart 10 % a bheith ag na comhaltaí príobháideacha. Ba cheart na cearta vótála don chuid shonrach sin den chlár oibre atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nach gcumhdaítear faoin Tionscnamh a roinnt go cothrom idir an Coimisiún, na stáit rannpháirteacha agus na comhaltaí príobháideacha. Sa chás nach féidir teacht ar chinneadh maidir le ceann amháin den dá chuid den chlár oibre, ba cheart an clár oibre a ghlacadh gan ach an chuid sin ar thángthas ar chinneadh dearfach ina leith a bheith san áireamh ann.

(12)

Ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí a bheith freagrach as roghnú na dtograí. Maidir le tograí a roghnú a bhaineann le cur chun feidhme an Tionscnaimh, níor cheart ach an Coimisiún agus na Ballstáit a áireamh ar Bhord na nÚdarás Poiblí.

(13)

Ba cheart na glaonna ar thograí faoin Tionscnamh a bheith oscailte d’fhoirmeacha dlíthiúla éagsúla comhair agus do rannpháirtithe eile, agus nár cheart roghnú na dtograí le haghaidh cistiúcháin a bheith bunaithe ar fhoirm shonrach dhlíthiúil comhair. D’fhonn cur chun feidhme ghníomhaíochtaí sonracha an Tionscnaimh a éascú, mar shampla an t-ardán deartha nó na línte píolótacha, féadfar cuibhreannas Eorpach um bonneagar sliseanna (ECIC) a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/1781. Ba cheart trí chomhalta, ar a laghad, a bheith rannpháirteach in ECIC, eadhon Ballstáit nó eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha ó thrí Bhallstát ar a laghad, nó mar theaglaim díobh sin, d’fhonn ionadaíocht leathan a bhaint amach ar fud an Aontais.

(14)

Na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh agus a chuirtear chun feidhme faoin gComhghnóthas um Shliseanna, ós rud é go ndéantar iad a mhaoiniú ó Fís Eorpach agus ón gclár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas um Shliseanna a mhéadú dá réir. Ba cheart costais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna a mhéadú freisin i gcomhréir leis an méadú ar chúraimí oibríochtúla. Níor cheart do na stáit rannpháirteacha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais riaracháin. Níor cheart do na comhaltaí príobháideacha rannchuidiú le costais riaracháin bhreise an Chomhghnóthais um Shliseanna toisc go laghdaítear a gcearta vótála a bhaineann leis an gcuid den chlár oibre atá tiomnaithe don Tionscnamh agus go bhfuil siad teoranta do na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.

(15)

Go heisceachtúil, ba cheart cead a bheith ag na stáit rannpháirteacha ranníocaíochtaí airgeadais arna ndéanamh ón 8 Feabhra 2022 a thuairisciú ar choinníoll go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta an Rialachán seo, go háirithe, agus an cuspóir feabhas a chur ar ardlínte píolótacha atá ann cheana agus ardlínte píolótacha nua a fhorbairt ar fud an Aontais, ós rud é gur thosaigh roinnt stáit rannpháirteacha ar na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sin a chur chun feidhme tar éis don Choimisiún an togra le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1781 a thíolacadh mar gheall ar an bpráinn pholaitiúil atá ann freagairt ar thromchúis ghéarchéim na sliseanna. Ba cheart costais bhunúsacha na ngníomhaíochtaí sin a bheith incháilithe faoi choinníollacha áirithe, go háirithe an coinníoll go ndéanann an Comhghnóthas um Shliseanna na tograí a mheas agus a roghnú.

(16)

Ba cheart do sholáthar tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí ón gClár don Eoraip Dhigiteach Rialachán (AE) 2021/694 a chomhlíonadh.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an Comhghnóthas um Shliseanna a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle a leasú dá réir.

(19)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 mar a leanas:

(1)

sa Rialachán iomlán, cuirtear na focail ‘An Comhghnóthas um Shliseanna’ in ionad ‘An Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha’ agus cuirfear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2, 3 agus 4:

‘2.

ciallaíonn ‘comhalta bunaidh’ aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aithnítear mar chomhalta de chomhghnóthas sa Rialachán seo nó i gceann de na hIarscríbhinní a ghabhann leis;

3.

ciallaíonn ‘comhalta comhlachaithe’ aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, nó eagraíocht idirnáisiúnta a aontaíonn do chomhghnóthas trí litir ghealltanais a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 7;

4.

ciallaíonn ‘stát rannpháirteach’ aon Bhallstát nó aon tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó, i gcás inarb infheidhme, atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar fhógra a thabhairt maidir lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an chomhghnóthais ábhartha trí bhíthin litir ghealltanais;’;

(3)

in Airteagal 3,cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Chun fad Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, an Chláir don Eoraip Dhigiteach, a chur san áireamh, déanfar glaonna ar thograí faoi na comhghnóthais a sheoladh faoin 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar glaonna ar thograí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028, ar a dhéanaí.’

;

(4)

in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Rannchuideoidh an Comhghnóthas um Shliseanna freisin leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), leis na cuspóirí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d) de Rialachán (AE) 2023/1781 (‘cuspóirí oibríochtúla 1 go 4’) agus le cuspóirí ginearálta an Chláir don Eoraip Dhigiteach, dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/694

(*1)  Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)… (IO L 229 18.9.2023, lch 1)’;"

(5)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Féadfar méid ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/694, ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán faoina méadófar ranníocaíocht an Aontais a mheaitseáil ar a laghad leis an ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó óna gcomheintitis nó óna n-eintitis chleamhnaithe.

3.   Íocfar ranníocaíocht an Aontais ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c)(iv), agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i gcás na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin.’

;

(6)

in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

‘Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir le Fís Eorpach nó, i gcás an Chomhghnóthais um Shliseanna, in Airteagal 18 de Rialachán 2021/694, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le heintitis dhlítheanacha náisiúnta.

Cuirfidh gach stát rannpháirteach de chúram ar an gcomhghnóthas meastóireacht ar na tograí de réir an Rialacháin maidir le Fís Eorpach agus, i gcás inarb infheidhme, de réir Rialachán (AE) 2021/694.’;

(7)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha na gcomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) pointí (b), (d), (g) agus (h), a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Go dtí an 31 Nollaig 2024, ní rachaidh méid carnach na ngealltanas buiséadach sin i dtráthchodanna thar 50 % de ranníocaíocht uasta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 10. Ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, ní chumhdófar 20 % ar a laghad de bhuiséad carnach na mblianta iarmharacha le tráthchodanna bliantúla.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

sármhaitheas eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear i ngníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle; agus páirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn, ar FBManna iad, ó thaobh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/1781, a bheidh in aon trian ar a laghad den líon iomlán rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus ar cheart do 20 % ar a laghad den chistiú poiblí a bheith ag dul chucu;’;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(d)

fothú acmhainneachta teicneolaíche ar mórscála a bhaint amach agus tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara ar fud shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais chun go mbeifear in ann teicneolaíochtaí leathsheoltóra, teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile agus teicneolaíochtaí candamacha úrscothacha a fhorbairt agus a imscaradh, chomh maith le nuálaíocht teicneolaíochtaí seanbhunaithe chun ardacmhainneachtaí dearthóireachta, comhtháthaithe córas agus táirgthe sliseanna san Aontas a threisiú, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas an Aontais a mhéadú; agus rannchuidiú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach, go háirithe trí thionchar aeráide na gcóras leictreonach a laghdú, trí inbhuanaitheacht sliseanna na chéad ghlúine eile a fheabhsú agus trí phróisis an gheilleagair chiorclaigh a neartú, trí rannchuidiú le poist ardcháilíochta laistigh den éiceachóras leathsheoltóra agus trí aghaidh a thabhairt ar shlándáil trí dhearadh, lena soláthraítear cosaint ar bhagairtí cibearshlándála.’;

(b)

i mír 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(g)

ardacmhainneachtaí dearthóireachta a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite;

(h)

feabhas a chur ar ardlínte píolótacha atá ann cheana agus ardlínte nua píolótacha a fhorbairt ar fud an Aontais chun teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile a fhorbairt agus a imscaradh;

(i)

ardacmhainneachtaí teicneolaíochta agus innealtóireachta a fhothú chun dlús a chur le forbairt nuálach sliseanna candamacha úrscothacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara leathsheoltóra;

(j)

líonra lárionad inniúlachta a bhunú ar fud an Aontais, trí shaoráidí atá ann cheana a fheabhsú nó trí shaoráidí nua a chruthú.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 128:

‘Airteagal 128

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.   Suas le EUR 4 175 000 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 62 287 000 le haghaidh costais riaracháin, a dháilfear mar a leanas:

(a)

suas le EUR 2 725 000 000 ó Fís Eorpach;

(b)

suas le EUR 1 450 000 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach.

2.   Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), den Rialachán maidir le Fís Eorpach, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais um Shliseanna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4.

3.   Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chuspóirí oibríochtúla 1 go 4.

4.   Ní mó ná 50 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

5.   Beidh rochtain ar acmhainneachtaí a eascraíonn as cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 a chur chun feidhme ag an gComhghnóthas um Shliseanna, oscailte do raon leathan úsáideoirí ar fud an Aontais agus deonófar í ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a bheidh comhréireach go díreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas as costais iomlána na ngníomhaíochtaí sin.’

;

(10)

in Airteagal 129, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas le EUR 26 331 000 le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 30 % a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna.

4.   Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(3). Go heisceachtúil, de mhaolú ar Airteagal 11(3), tá cead ag na stáit rannpháirteacha ranníocaíochtaí airgeadais a rinneadh ón 8 Feabhra 2022 a thuairisciú. Féadfar a mheas go bhfuil costais bhunúsacha na ngníomhaíochtaí gaolmhara incháilithe ón dáta sin, fiú má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann na gníomhaíochtaí an Rialachán seo;

(b)

rannchuidíonn na gníomhaíochtaí leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (h), agus is caiteachas caipitiúil atá sna costais ghaolmhara a thabhaítear;

(c)

déanann an Comhghnóthas um Shliseanna meastóireacht ar na hiarratais ar dheontas agus roghnaíonn sé iad i gcomhréir le hAirteagal 12(1);

(d)

leantar de na gníomhaíochtaí a dhéanamh tráth a bhronntar an deontas;

(e)

ní chuirtear ranníocaíocht an stáit rannpháirtigh atá nasctha leis na costais sin san áireamh chun críche cearta vótála na stát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagail 133(2), 133(3) agus 136(1) a ríomh;

(f)

ní théann ranníocaíocht an stáit rannpháirtigh atá nasctha leis na costais sin thar 25 % den ranníocaíocht airgeadais iomlán ón stát rannpháirteach sin a bheartaítear do na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (h).

5.   Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1), lena n-áirítear 90 % ar a laghad de ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1), pointe (a).’

;

(11)

in Airteagal 133, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   De mhaolú ar mhír 1, ní áireofar ar an mBord Rialaithe ach an Coimisiún agus na Ballstáit agus iad ag vótáil ar an bhforoinn i ndáil le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip. Beidh 50 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún. Maidir leis an bhforoinn i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta den chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip, beidh 45 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit araon agus beidh 10 % ag na comhaltaí príobháideacha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cearta vótála na mBallstát. Beidh ionadaithe uile an Bhoird Rialaithe rannpháirteach in ullmhú na coda sonraí sin den chlár oibre.’

;

(12)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 133a

Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach

1.   Sa bhreis ar Airteagal 24(2), beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

2.   Foilseofar clár oibre agus glaonna ar thograí an Chomhghnóthais um Shliseanna ar shuíomh gréasáin an Chláir don Eoraip Dhigiteach.

3.   Déanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna iniúchtaí ex post ar chaiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú le buiséad an Chláir don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 134:

‘Airteagal 134

Teorainneacha agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha

1.   I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 17(2), pointe (l), den Rialachán seo, i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialacháin maidir le Fís Eorpach.

2.   I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 12(6) agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694.

3.   Beidh na glaonna ar thograí dá bhforáiltear sa chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip oscailte do chineálacha éagsúla comhair agus do rannpháirtithe eile. Ní bheidh roghnú na dtograí le haghaidh cistiúcháin bunaithe ar fhoirm shonrach dhlíthiúil comhair. Féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas atá struchtúrtha i bhfoirm cuibhreannais Eorpaigh um bonneagar sliseanna (ECIC) gníomhaíochtaí a dhéanamh freisin, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2023/1781. Sonrófar sa chuid shonrach den chlár oibre atá tiomnaithe don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip gurb é ECIC féin, agus ní eintitis aonair a chomhdhéanann ECIC, a bheidh ina iarratasóir i gcás ina ndéanfaidh ECIC iarratas ar chistiú le haghaidh gníomhaíocht shonrach.’

;

(14)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 134a

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

De mhaolú ar Airteagal 19(4), pointe (c), ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna clár oibre an chomhghnóthais, ar bhonn na hachoimre arna hullmhú ag Bord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137, pointe (aa), agus an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh.’

;

(15)

leasaítear Airteagal 136 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Chun críocha Airteagal 134(1) agus (2), ní áireofar i mBord na nÚdarás Poiblí ach na Ballstáit. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 den Airteagal seo.’

;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Chun críche Airteagal 137, pointe (aa), agus chun tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do chur chun feidhme an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip faoi Airteagal 137, pointe (d), ní áireofar ar Bhord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus na Ballstáit. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 den Airteagal seo.’

;

(16)

Leasaítear Airteagal 137 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(aa)

sula n-ullmhófar gach clár oibre agus aird á tabhairt ar chomhairle na gcomhaltaí príobháideacha agus, i gcás inar iomchuí, ar chomhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí arna bhunú le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2023/1781 agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí áirithe eile, déanfar dhá chuid shonracha den chlár oibre a leagan amach, lena n-áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas: sa chéad chuid, áireofar foroinn i ndáil le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bhaineann leis na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 agus foroinn maidir le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4, lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le rochtain ar bhonneagar arna chistiú go poiblí; beidh an dara cuid tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nach gcumhdaítear faoin Tionscnamh ‘Sliseanna do Eoraip;’’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

tograí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2), pointe (u);’;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f)

a mholadh, más gá, go ndéanfadh ECIC gníomhaíocht feabhais, mar shampla leasú ar a chuid reachtanna, i gcás inar thug Ballstát an t-ábhar ar aird Bhord na nÚdarás Poiblí tar éis do ECIC comhalta nua a dhiúltú gan cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt leis an diúltú sin ar bhonn na dtéarmaí córa réasúnacha a shonraítear sna reachtanna.’;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 141:

‘Airteagal 141

Rátaí cistiúcháin agus rialacha rannpháirtíochta

1.   I gcás gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus de mhaolú ar Airteagal 34 den Rialachán sin, agus i gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna rátaí difriúla cistiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, go háirithe FBManna agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí cistiúcháin sa chlár oibre.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 34 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, déanfaidh an tAontas 100 % de chostais incháilithe iomlána na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta suas le LUT 4 a chistiú.

3.   De mhaolú ar Airteagal 22(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach nó Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694, beidh lárionad inniúlachta nó eintiteas dlítheanach aonair ina bhfuil trí eintiteas dhlíthiúla neamhspleácha ar a laghad atá bunaithe i dtrí stát rannpháirteacha éagsúla ar a laghad, ar Ballstát é stát amháin díobh sin ar a laghad, beidh sé incháilithe chun páirt a ghlacadh i nglaonna ar thograí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoi Airteagal 134(4) den Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an maolú sin i dtuairisc na n-ábhar ábhartha sa chlár oibre.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  Tuairim ón 15 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 40.

(3)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (IO L, 229 18.9.2023, lch 1.)..

(6)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas ECSEL (IO L 169, 7.6.2014, lch. 152).