15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/197


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1775 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is allmhairí iad atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2018/330 ón gCoimisiún. (2)

(2)

Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, a bhfuil cód breise TARIC (3) B 263 aige, ar cuideachta é atá faoi réir an ráta dleachta 56,9 % le haghaidh táirgeoirí comhoibríocha neamhshampláilte, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 10 Eanáir 2023 gur athraigh sé a ainm go Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ar an ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta frithdhumpála ab infheidhme maidir léi faoin seanainm a bhí uirthi roimhe sin.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún, agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis. Dheimhnigh an fhianaise sa chomhad freisin go raibh an t-athrú ar an ainm infheidhme ón 21 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh, an lá a d’fhormheas Oifig Riaracháin Chontae Qingtian um Rialáil Margaidh an t-athrú ar an ainm.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún mar a leanas:

‘Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui

B 263’

Ina ionad, cuirtear an méid seo a leanas

‘Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui

B 263’

2.   Beidh cód breise TARIC B 263 a sannadh roimhe seo do Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui infheidhme maidir le Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, ón 21 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 63, 6.3.2018, lch. 15.

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.