13.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 225/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1763 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘Lactic acid Family - Quatchem’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Aibreán 2019, chuir Arrow Regulatory (Ireland) Limited iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar ‘Lactic acid Family – Quatchem’ de chineál táirge 3, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Laitvia meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-WC050857-29 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é aigéad L-(+)-lachtach substaint ghníomhach ‘Lactic acid Family – Quatchem’, ar substaint é a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineáil táirge 3.

(3)

An 16 Bealtaine 2022, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnachta agus conclúidí na meastóireachta uaidh faoi bhráid na Gníomhaireachta.

(4)

An 13 Nollaig 2022, chuir an Ghníomhaireacht an tuairim uaithi (2) faoi bhráid an Choimisiúin, in éineacht leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh ‘Lactic acid Family – Quatchem’ agus an tuarascáil mheasúnachta dheiridh ar an bhfine táirgí bithicídeacha, i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Is é conclúid na tuairime gur ‘fine táirgí bithicídeacha’ atá in ‘Lactic acid Family – Quatchem’ de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur fine í atá incháilithe le haghaidh údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir chomhlíonadh na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) den Rialachán sin.

(6)

An 5 Eanáir 2023, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe na dtáirgí bithicídeacha, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh ‘Lactic acid Family – Quatchem’ a dheonú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear leis seo údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0030143-0000 do Arrow Regulatory (Ireland) Limited maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘Lactic acid Family – Quatchem’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid faoi réir chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú ón Aontas bailí ón 3 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2033.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  ECHA opinion of 24 November 2022 on the Union authorisation of ‘Lactic acid Family – Quatchem’ (ECHA/BPC/371/2022), [Tuairim ó ECHA an 24 Samhain 2022 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh ‘Lactic acid Family – Quatchem’ (ECHA/BPC/371/2021)], https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh tacar táirgí bithicídeacha

Lactic acid Family - Quatchem

Cineál táirge 3 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Uimhir an údaraithe: EU-0030143-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0030143-0000

CUID I

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm an tacair

Ainm

Lactic acid Family - Quatchem

1.2.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

1.3.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Arrow Regulatory (Ireland) Limited

Seoladh

The Black Church St. Mary's Place, D07 P4AX Dublin Éire

Uimhir an údaraithe

EU-0030143-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0030143-0000

Dáta an údaraithe

an 3 Deireadh Fómhair 2023

Dáta éaga an údaraithe

an 30 Meán Fómhair 2033

1.4.   Déantóir/déantóirí na dtáirgí bithicídeacha

Ainm an déantóra

Quat-Chem Ltd. A Neogen Company

Seoladh an déantóra

1-4 Sandfield Industrial Park, Dodgson Street, Rochdale, OL16 5SJ Lancashire An Ríocht Aontaithe

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

1-4 Sandfield Industrial Park, Dodgson Street, Rochdale, OL16 5SJ Lancashire An Ríocht Aontaithe

1.5.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Aigéad L-(+)-lachtach

Ainm an déantóra

Purac Biochem bv

Seoladh an déantóra

Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem An Ísiltír

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem An Ísiltír


Substaint ghníomhach

Aigéad L-(+)-lachtach

Ainm an déantóra

Jungbunzlauer S. A

Seoladh an déantóra

Z.I. et Portuaire, B.P. 32, FR-67390 Marckolsheim An Fhrainc

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Z.I. et Portuaire, B.P. 32, FR-67390 Marckolsheim An Fhrainc

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Íosta

Uasta

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0

4,0

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Foirmliú (nó foirmlithe)

AL - Aon leacht eile

CUID II

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - SPC(ANNA) META

META SPC 1

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN META SPC 1

1.1.   Aitheantóir Meta SPC 1

Aitheantóir

meta SPC 1

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

2.   COMHDHÉANAMH META SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Íosta

Uasta

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0

4,0

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 1

Foirmliú (nó foirmlithe)

AL - Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM META SPC 1

Ráitis ghuaise

Ina chúis le greannú craicinn.

Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

Ráitis réamhchúraim

Caith lámhainní cosanta.

Caith súilchosaint.

Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

Glaoigh láithreach ar dochtúir.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce.

Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh comhairle leighis.

Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh cóir leighis.

Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid.

Diúscair ábhar chuig pointe bailiúcháin le haghaidh dramhaíola speisialta nó guaiseach, i gcomhréir le rialacháin náisiúnta.

Diúscair coimeádán chuig pointe bailiúcháin le haghaidh dramhaíola speisialta nó guaiseach, i gcomhréir le rialacháin náisiúnta.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE META SPC 1

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1.

Úsáid # 1 – Úsáid # 1.1 – Díghalrú sine iar-bhleáin – Tumadh láimhe

An cineál táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: -

Ainm eolaíoch: Giostaí

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Díghalrú sine iar-bhleáin ag tumadh láimhe le cupán tumtha

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Tumadh láimhe le cupán tumtha

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Am teagmhála don tumadh ar 30 oC i ndálaí salach:

- 5 nóm do bhaictéir agus giostaí.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 5 go 10ml in aghaidh sine

Airí caolaithe: Táirge RTU (réidh le húsáid)

Airí uainithe:

suas go dtí dhá uair sa lá

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

 

coimeádán 1 000 lítear poileitiléin ard-dlúis (HDPE) le dúntán HDPE;

 

druma plaisteach 200 lítear le dúntán HDPE;

 

ceaig 25 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 61 HDPE nó a coibhéis;

 

ceaig 5 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 51 HDPE nó a coibhéis.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór an táirge a fhorchur iarbhleáin le chupán tumtha.

Réamh-ghlan sine le héadach tirim, doirt an táirge isteach ar thaiscumar an chupáin tumtha. Nuair a úsáidtear cupán tumtha, cuirtear an cupán le gach aon sine i ndiaidh a chéile agus fáisceann an t-oibreoir an táirge ón taiscumar isteach sa chupán. Tá comhla neamh-fhillte ag an gcupán ionas nach féidir le haon táirge iarmhartach dul ar ais isteach sa taiscumar.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2.

Úsáid # 2 – Úsáid # 1.2 – Díghalrú sine iar-bhleáin - spraeáil

An cineál táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

 

Ainm eolaíoch: Baictéir

 

Gnáthainm: Baictéir

 

Céim na forbartha: -

 

Ainm eolaíoch: Giostaí

 

Gnáthainm: Giostaí

 

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Díghalrú sine iar-bhleáin le spraeire boise

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil láimhe le spraeire boise

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Amanna teagmhála don spraeáil ar 30 °C i ndálaí salach:

5 nóm do bhaictéir agus giostaí.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 5 go 10ml in aghaidh sine

Airí caolaithe: táirge RTU

Airí uainithe:

suas go dtí dhá uair sa lá

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

 

coimeádán 1 000 lítear HDPE le dúntán HDPE;

 

druma plaisteach 200 lítear le dúntán HDPE;

 

ceaig 25 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 61 HDPE nó a coibhéis;

 

ceaig 5 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 51 HDPE nó a coibhéis.

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór an táirge a fhorchur iarbhleáin le spraeire boise.

Réamh-ghlan sine le héadach tirim, doirt an táirge isteach ar thaiscumar an spraeire. Déanfaidh an t-oibreoir spraeáil do gach ainmhí uair amháin i ndiaidh bleáin.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór d’úsáideoirí gairmiúla a chinntiú nach bhfuil daoine timpeall sa limistéar cóireála le linn próisis díghalraithe le spraeáil. Más gá do dhaoine gairmiúla a bheith i láthair, ní mór d’úsáideoirí gairmiúla a chinntiú go gcaitheann na daoine atá ar an láthair an cineál céanna TCP leis an oibreoir féin.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1) MAIDIR LE META SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Féach freisin na treoracha ginearálta le haghaidh úsáid meitea-SPC 1.

Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid.

Ní mór an táirge a thabhairt chuig teocht an tseomra sula n-úsáidtear é. Braitheann an méid táirge a chuirtear ar an sine ar an ainmhí á chóireáil. Do mhamaigh móra (ba, camaill) - suas go dtí 10ml in aghaidh sine, agus do mhamaigh beaga (caora, gabhair) - suas go dtí 5ml in aghaidh sine. Cinntigh go bhfuil na siní clúdaithe go hiomlán le díghalrán. Chun go leor ama teagmhála a chinntiú, ní mór a bheith cúramach gan an táirge a bhaint i ndiaidh a fhorchurtha (m.s. coinnigh na ba ag seasamh ar a laghad 5 nóiméad).

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid atá i gcomhréir le chaighdeán Eorpach EN ISO 16321 nó a choibhéis le linn láimhseáil an táirge.

Seachain aistriú ón lámh go dtí an súil.

Caith lámhainní friotaíoch ceimiceacha cosantacha le linn céime láimhseála an táirge (lámhainní nítríle — atá aicmithe faoi chaighdeáin Eorpacha EN ISO 374 nó EN 455 nó a chomhbhéis).

Tá teidil iomlána na gcaighdeán Eorpach a léirítear anseo iad ar fáil faoi alt 6.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ag deireadh na cóireála, faigh réidh leis an táirge nár úsáideadh agus leis an bpacáistiú i gcomhréir le ceanglais áitiúla. Is féidir táirge nár úsáideadh a shruthlú isteach sa séarach bardasach nó a dhiúscairt i spruadar an aoiligh ag brath ar na ceanglais áitiúla. Ná scaoil isteach in ionad cóireála fuíolluisce aonair é.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

 

Coimeád as aimsiú leanaí.

 

Stóráil a bhun-choimeádán dúnta go teann.

 

Stóráil idir 0 °C agus + 30 °C.

 

Seilfré: 24 mí

6.   FAISNÉIS EILE

Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán Eorpach dá dtagraítear i roinn 5.2 ‘Bearta maolaithe riosca’:

 

EN ISO 16321 - Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid ceirde

 

EN ISO 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach

 

EN 455 - Lámhainní leighis le haghaidh úsáid aonair

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I META SPC 1

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm (nó trádainmneacha)

Synodex

Réimse margaidh: EU

 

Lactopost

Réimse margaidh: EU

Lactopost Y

Réimse margaidh: EU

Lactopost Plus

Réimse margaidh: EU

Lactopost Extra

Réimse margaidh: EU

Synodex Y

Réimse margaidh: EU

Synodex Extra

Réimse margaidh: EU

Synodex Plus

Réimse margaidh: EU

Udder X

Réimse margaidh: EU

Teat Care

Réimse margaidh: EU

Lacto Gold

Réimse margaidh: EU

Lacto Extra

Réimse margaidh: EU

Lactogold

Réimse margaidh: EU

Lacto Spray

Réimse margaidh: EU

Uimhir an údaraithe

EU-0030143-0001 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0

7.2.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm (nó trádainmneacha)

Laxsan

Réimse margaidh: EU

 

Hexsan

Réimse margaidh: EU

Lactopost R

Réimse margaidh: EU

Laxsan R

Réimse margaidh: EU

Hexfoam

Réimse margaidh: EU

Deosan LA1

Réimse margaidh: EU

Hexsan Extra

Réimse margaidh: EU

Hexsan Plus

Réimse margaidh: EU

Laxsan Plus

Réimse margaidh: EU

Laxsan Extra

Réimse margaidh: EU

Hexsan R

Réimse margaidh: EU

LA1

Réimse margaidh: EU

Condition Pink

Réimse margaidh: EU

Uimhir an údaraithe

EU-0030143-0002 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0

META SPC 2

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN META SPC 2

1.1.   Aitheantóir Meta SPC 2

Aitheantóir

meta SPC 2

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-2

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

2.   COMHDHÉANAMH META SPC 2

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 2

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Íosta

Uasta

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0

4,0

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 2

Foirmliú (nó foirmlithe)

AL - Aon leacht eile

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM META SPC 2

Ráitis ghuaise

Ina chúis le greannú craicinn.

Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

Tá ola lus an phiobair ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach.

Ráitis réamhchúraim

Caith lámhainní cosanta.

Caith súilchosaint.

Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

Glaoigh láithreach ar dochtúir.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce.

Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh comhairle leighis.

Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh cóir leighis.

Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid.

Diúscair ábhar chuig pointe bailiúcháin le haghaidh dramhaíola speisialta nó guaiseach, i gcomhréir le rialacháin náisiúnta.

Diúscair coimeádán chuig pointe bailiúcháin le haghaidh dramhaíola speisialta nó guaiseach, i gcomhréir le rialacháin náisiúnta.

4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE META SPC 2

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 3.

Úsáid # 1 – Úsáid # 3.1 – Díghalrú sine iar-bhleáin – Tumadh láimhe

An cineál táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

 

Ainm eolaíoch: Baictéir

 

Gnáthainm: Baictéir

 

Céim na forbartha: -

 

Ainm eolaíoch: Giostaí

 

Gnáthainm: Giostaí

 

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Díghalrú sine iar-bhleáin ag tumadh láimhe le cupán tumtha

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Tumadh láimhe le cupán tumtha

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Am teagmhála don tumadh ar 30 oC i ndálaí salach:

5 nóm do bhaictéir agus giostaí.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 5 go 10ml in aghaidh sine

Airí caolaithe: táirge RTU

Airí uainithe:

suas go dtí dhá uair sa lá

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

 

coimeádán 1 000 lítear HDPE le dúntán HDPE;

 

druma plaisteach 200 lítear le dúntán HDPE;

 

ceaig 25 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 61 HDPE nó a coibhéis;

 

ceaig 5 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 51 HDPE nó a coibhéis.

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór an táirge a fhorchur iarbhleáin le chupán tumtha.

Réamh-ghlan sine le héadach tirim, doirt an táirge isteach ar thaiscumar an chupáin tumtha. Nuair a úsáidtear cupán tumtha, cuirtear an cupán le gach aon sine i ndiaidh a chéile agus fáisceann an t-oibreoir an táirge ón taiscumar isteach sa chupán. Tá comhla neamh-fhillte ag an gcupán ionas nach féidir le haon táirge iarmhartach dul ar ais isteach sa taiscumar.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 4.

Úsáid # 2 – Úsáid # 3.2 – Díghalrú sine iar-bhleáin - spraeáil

An cineál táirge

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

 

Ainm eolaíoch: Baictéir

 

Gnáthainm: Baictéir

 

Céim na forbartha: -

 

Ainm eolaíoch: Giostaí

 

Gnáthainm: Giostaí

 

Céim na forbartha: -

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Díghalrú sine iar-bhleáin le spraeire boise

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Spraeáil láimhe le spraeire boise

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Amanna teagmhála don spraeáil ar 30 °C i ndálaí salach:

5 nóm do bhaictéir agus giostaí.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 5 go 10ml in aghaidh sine

Airí caolaithe: táirge RTU

Airí uainithe:

suas go dtí dhá uair sa lá

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

 

coimeádán 1 000 lítear HDPE le dúntán HDPE;

 

druma plaisteach 200 lítear le dúntán HDPE;

 

ceaig 25 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 61 HDPE nó a coibhéis;

 

ceaig 5 lítear HDPE le caidhp scriú DIN 51 HDPE nó a coibhéis.

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór an táirge a fhorchur iarbhleáin le spraeire boise.

Réamh-ghlan sine le héadach tirim, doirt an táirge isteach ar thaiscumar an spraeire. Déanfaidh an t-oibreoir spraeáil do gach ainmhí uair amháin i ndiaidh bleáin.

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

Ní mór d’úsáideoirí gairmiúla a chinntiú nach bhfuil daoine timpeall sa limistéar cóireála le linn próisis díghalraithe le spraeáil. Más gá do dhaoine gairmiúla a bheith i láthair, ní mór d’úsáideoirí gairmiúla a chinntiú go gcaitheann na daoine atá ar an láthair an cineál céanna TCP leis na hoibreoirí féin.

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (2) MAIDIR LE META SPC 2

5.1.   Treoracha úsáide

Féach freisin na treoracha ginearálta le haghaidh úsáid meitea-SPC 2.

Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid.

Ní mór an táirge a thabhairt chuig teocht an tseomra sula n-úsáidtear é. Braitheann an méid táirge a chuirtear ar an sine ar an ainmhí á chóireáil. Do mhamaigh móra (ba, camaill) - suas go dtí 10ml in aghaidh sine, agus do mhamaigh beaga (caora, gabhair) - suas go dtí 5ml in aghaidh sine. Cinntigh go bhfuil na siní clúdaithe go hiomlán le díghalrán. Chun go leor ama teagmhála a chinntiú, ní mór a bheith cúramach gan an táirge a bhaint i ndiaidh a fhorchurtha (m.s. coinnigh na ba ag seasamh ar a laghad 5 nóiméad).

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Tá sé éigeantach cosaint súl a úsáid atá i gcomhréir le chaighdeán Eorpach EN ISO 16321 nó a choibhéis le linn láimhseáil an táirge.

Seachain aistriú ón lámh go dtí an súil.

Caith lámhainní friotaíoch ceimiceacha cosantacha le linn céime láimhseála an táirge (lámhainní nítríle — atá aicmithe faoi chaighdeáin Eorpacha EN ISO 374 nó EN 455 nó a chomhbhéis).

Tá teidil iomlána na gcaighdeán Eorpach a léirítear anseo iad ar fáil faoi alt 6.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ag deireadh na cóireála, faigh réidh leis an táirge nár úsáideadh agus leis an bpacáistiú i gcomhréir le ceanglais áitiúla. Is féidir táirge nár úsáideadh a shruthlú isteach sa séarach bardasach nó a dhiúscairt i spruadar an aoiligh ag brath ar na ceanglais áitiúla. Ná scaoil isteach in ionad cóireála fuíolluisce aonair é.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

 

Coimeád as aimsiú leanaí.

 

Stóráil a bhun-choimeádán dúnta go teann.

 

Stóráil idir 0 °C agus + 30 °C.

 

Seilfré: 24 mí

6.   FAISNÉIS EILE

Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear i roinn 5.2:

 

EN ISO 16321 - Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid ceirde

 

EN ISO 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach

 

EN 455 - Lámhainní leighis le haghaidh úsáid aonair

7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I META SPC 2

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm (nó trádainmneacha)

Synoshield

Réimse margaidh: EU

 

Lactopost G

Réimse margaidh: EU

Synoshield P

Réimse margaidh: EU

Lactopost P

Réimse margaidh: EU

Synoshield G

Réimse margaidh: EU

Lactoshield

Réimse margaidh: EU

Lactoshield Plus

Réimse margaidh: EU

Lactoshield Extra

Réimse margaidh: EU

Synoshield Extra

Réimse margaidh: EU

Synoshield Plus

Réimse margaidh: EU

Lactopost Protect

Réimse margaidh: EU

Udder Shield

Réimse margaidh: EU

Teat Care

Réimse margaidh: EU

Mint Lacto Plus

Réimse margaidh: EU

Lacto Care G

Réimse margaidh: EU

Lactosal

Réimse margaidh: EU

Lacto Care P

Réimse margaidh: EU

Previoshield

Réimse margaidh: EU

Uimhir an údaraithe

EU-0030143-0003 1-2

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Aigéad L-(+)-lachtach

 

Substaint Ghníomhach

79-33-4

201-196-2

4,0


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 1.

(2)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 2.