8.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 221/37


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1710 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2023

maidir le húdarú ullmhóide de chlóiríd amóiniam a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach athchogantaigh agus cat agus madraí, maidir le húdarú ullmhóide de chlóiríd amóiniam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe: Latochema Co. Ltd) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 832/2012 agus (AE) 2016/1007

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Údaraíodh ullmhóid de chlóiríd amóiniam ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uain lena ramhrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 832/2012 ón gCoimisiún (2), agus le haghaidh athchogantaigh seachas uain lena ramhrú, cat agus madraí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1007 ón gCoimisiún (3).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas chun údarú na hullmhóide de chlóiríd amóiniam a athnuachan le haghaidh gach athchogantaigh, cat agus madraí. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas eile ar úsáid nua maidir leis an ullmhóid sin le haghaidh cránacha. Sna hiarratais sin iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’ agus bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) agus Airteagal 14(2) den Rialachán sin, faoi seach, ag gabháil leis na hiarratais.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 22 Samhain 2022 (4) go bhfuil an ullmhóid de chlóiríd amóiniam fós sábháilte d’uain lena ramhrú, d’athchogantaigh seachas uain lena ramhrú, do chait agus madraí agus freisin do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an ullmhóid sin sábháilte agus éifeachtúil maidir le pH an fhuail a laghdú i gcránacha nuair a úsáidtear í ag leibhéal 5 000 mg/kg d’ábhar beatha ón 9ú go dtí an 11ú seachtain den tréimhse iompair agus ón 15ú seachtain den tréimhse iompair go dtí an chéad seachtain den lachtadh agus go bhfuil sé sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol nuair a úsáidtear í mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin gur cheart an ullmhóid a mheas mar íogróir riospráide féideartha ach ní mar íogróir craicinn ná mar ghreannaitheoir craicinn. Ní raibh sé in ann teacht ar chonclúid maidir leis an ngreannú súl a d’fhéadfadh an ullmhóid a dhéanamh. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo i ndáil leis na modhanna a úsáidtear chun an ullmhóid clóiríde amóiniam i mbeatha a rialú, go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis na hiarratais atá ann faoi láthair.

(6)

Léirítear sa mheasúnú ar an ullmhóid de chlóiríd amóiniam go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan le haghaidh gach athchogantaigh, cat agus madraí, agus ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh cránacha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Mar thoradh ar údarú na hullmhóide de chlóiríd amóiniam a athnuachan le haghaidh gach athchogantaigh, cat agus madraí mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 832/2012 agus (AE) 2016/1007 a aisghairm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, déantar an t-údarú sin a athnuachan le haghaidh athchogantach, cat agus madraí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear í le haghaidh cránacha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 832/2012 agus (AE) 2016/1007.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 832/2012 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le húdarú ullmhóide de chlóiríd amóiniam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uain lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Latochema Co. Ltd) (IO L 251, 18.9.2012, lch. 27).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1007 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2016 maidir le húdarú chlóiríde amóiniam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantaigh seachas uain lena ramhrú, cat agus madraí (sealbhóir an údaraithe Latochema Co. Ltd) (IO L 165, 23.6.2016, lch. 10).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(1):7696.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg den bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (pH an fhuail a laghdú).

4d7

Latochema Co Ltd

Clóiríd amóiniam

Comhdhéanamh an bhreiseáin

 

Ullmhóid de chlóiríd amóiniam ≥ 99,5 %

 

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

 

Clóiríd amóiniam ≥ 99,5 %

 

Foirmle cheimiceach: NH4Cl

 

Uimh. CAS: 12125-02-9

 

Clóiríd sóidiam ≤ 0,5 % Arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach

Modh anailíse  (1)

Maidir le hamóiniam sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: toirtmheascadh le hiodrocsaíd sóidiam (Pharmacopoeia Eorpach, monagraf 0007) nó toirtmheascadh le níotráit airgid (JECFA, monagraf ‘clóiríd amóiniam’)

Uain lena ramhrú

10 000

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

3.

I gcás uain lena ramhrú, úsáidfear an breiseán ar feadh tréimhse bheathaithe nach faide ná 3 mhí.

4.

I gcás athchogantaigh seachas uain lena ramhrú úsáidfear an breiseáin faoi na coinníollacha seo a leanas:

uaschion 5 000 mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ar feadh tréimhse bheathaithe is faide ná 3 mhí nó

uaschion 10 000 mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ar feadh tréimhse bheathaithe nach faide ná 3 mhí.

5.

I gcás cránacha ní úsáidfear an breiseán ach ón 9ú go dtí an 11ú seachtain den tréimhse iompair agus ón 15ú seachtain den tréimhse iompair go dtí an chéad seachtain den lachtadh.

6.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

7.

Ní rachaidh an meascán d’fhoinsí éagsúla de chlóiríd amóiniam thar na huasleibhéil is ceadmhach in ábhair bheatha iomlána le haghaidh athchogantach, lena n-áirítear uain lena ramhrú, cat, madraí agus cránacha.

28 Meán Fómhair 2033

Athchogantaigh seachas uain lena ramhrú

5 000 /10 000

Cait agus madraí

5 000

Cránacha

5 000


(1)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga