|
8.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 221/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1707 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Meán Fómhair 2023
maidir le 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Údaraíodh na substaintí 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh na substaintí sin i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Airteagal 10(1), pointe (b). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais. |
|
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí na breiseáin lena n-úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas maidir le huisce óil i gcás na substaintí uile lena mbaineann. |
|
(5) |
Baineann an t-iarratas sin le 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán a údarú agus mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseáin atá le haicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. |
|
(6) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 1 Feabhra 2023 (3) go bhfuil 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán sábháilte do gach cineál ainmhí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an gconclúid gur cheart a mheas gur greannaitheoir don chraiceann, do na súile agus don chonair riospráide iad na breiseáin 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil na breiseáin éifeachtúla chun blas a chur ar bheatha. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(7) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann 2-aicéitiolfúrán agus 2-peintiolfúrán na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
|
(8) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe chun rialú níos fearr a cheadú. Thar aon ní eile, ba cheart cion molta a léiriú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an méid sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán. |
|
(9) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Tá na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Márta 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Meán Fómhair 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Meán Fómhair 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Meán Fómhair 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Meán Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Meán Fómhair 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(3):7868.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b13054 |
2-Aicéitiolfúrán |
Comhdhéanamh an bhreiseáin
Tréithriú na substainte gníomhaí
Modh anailíse (1) Maidir le 2-aicéitiolfúrán sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blaistithe beathaithe a shainaithint:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
– |
– |
– |
|
28 Meán Fómhair 2033 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b13059 |
2-Peintiolfúrán |
Comhdhéanamh an bhreiseáin
Tréithriú na substainte gníomhaí
Modh anailíse (2) Maidir le 2-peintiolfúrán sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blaistithe beathaithe a shainaithint:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
28 Meán Fómhair 2033 |
||||||||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en