|
8.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 222/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1693 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Lúnasa 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 5(11) de go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (2) ón gCoimisiún leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht (STI) a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta chóras iarnróid an Aontais. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5), pointí (b) agus (f), de Chinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 (3) ón gCoimisiún, ní mór STInna a athbhreithniú chun forbairtí ar chóras iarnróid an Aontais agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara a chur san áireamh, agus chun tagairtí do chaighdeáin a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ag féachaint don ról a mheastar a bheidh ag iarnróid i gcóras iompair dícharbónaithe, mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, agus i bhfianaise forbairtí sa réimse sin, go háirithe i dtaighde agus nuálaíocht, is gá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar STInna atá ann faoi láthair, go háirithe d’fhonn na hiarnróid a dhigitiú agus lastas iarnróid a dhéanamh níos tarraingtí. |
|
(4) |
An 24 Eanáir 2020, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), d’iarr an Coimisiún ar Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (an ‘Ghníomhaireacht’) moltaí a ullmhú lena gcuirtear rogha cuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2017/1474 chun feidhme. |
|
(5) |
D’eisigh an Ghníomhaireacht moladh ERA 1175-1218 ar an 30 Meitheamh 2022 a mhéid a bhaineann le STI maidir le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta chóras iarnróid an Aontais. Rinne an Coimisiún anailís ar an moladh thuas agus tháinig ar an gconclúid gurb iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 a leasú chun comhchuibhiú níos fearr ar oibriú iarnróid an Aontais a bhaint amach. |
|
(6) |
Tá sé d’aidhm ag na leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 go háirithe (i) ceanglais nua maidir le comhchuibhiú níos fearr ar rialacha oibríochtúla an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a ionchorprú, (ii) ceanglais nua a chur leis lena gcumhdaítear faisnéis innealtóireachta ERTMS taobh riain atá ábhartha don oibriú agus a cheanglaítear ar an mbainisteoir bonneagair a sholáthar do ghnóthais iarnróid agus (iii) formáid nua a thabhairt isteach le haghaidh Treoracha Eorpacha agus aiseolas ón scrúdú ar rialacha náisiúnta maidir le sábháilteacht agus oibriú. |
|
(7) |
Maidir leis an gCóras Cumarsáide Soghluaiste Iarnróid sa Todhchaí (FRMCS) mar chomharba ar GSM-R, toisc nach bhfuil sé sonraithe go hiomlán i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún (5), baineann an Rialachán seo leis an gCóras Domhanda um Chumarsáid Mhóibíleach — Iarnród (GSM-R) mar an t-aon chóras don Raidió Móibíleach Iarnróid (RMR). |
|
(8) |
Ba cheart malartú faisnéise idir bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid a bhaineann le sonraíochtaí traenacha agus oibríochtaí traenacha a shainítear le déanaí sa Rialachán seo a chur chun feidhme a thuilleadh i bhforálacha ábhartha STI FTL agus STI FTP. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir (AE) 2016/797, tá ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi rialacha náisiúnta arna ndéanamh iomarcach i ndiaidh an athbhreithnithe ar shonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht. I bhfianaise na leasuithe atá beartaithe, is iomchuí sprioc-am soiléir a shocrú le haghaidh an fhógra sin chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint. |
|
(10) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún (6), is gá do na bainisteoirí bonneagair agus don ghnóthas iarnróid comhlíontacht leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 a áirithiú. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach Airteagal 5a agus Airteagal 5b mar a leanas: ‘Airteagal 5a Faoin 28 Márta 2024, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht faoi aon riail náisiúnta arna déanamh iomarcach mar gheall ar theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693 (*1) ón gCoimisiún, in éineacht le tráthchlár chun iad a tharraingt siar mura bhfuil siad tarraingthe siar cheana. Airteagal 5b Faoin 28 Meitheamh 2024, athróidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair a gcóras bainistíochta sábháilteachta mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2016/798 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní bhreithneofar na hathruithe sin, má bhíonn siad teoranta dóibh siúd a bhfuil fíorghá leo chun an Rialachán seo, arna leasú, a chur i bhfeidhm, a bheith ina n-athruithe substaintiúla ar an gcreat rialála sábháilteachta de réir bhrí Airteagal 10(15) de Threoir (AE) 2016/798. (*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1693 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 maidir le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 222, 8.9.2023, lch. 1).’;." |
|
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5).
(3) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5).
(4) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/919 (féach leathanach 380 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2018 lena leagtar síos socruithe praiticiúla maidir le deimhnithe aonair sábháilteachta a eisiúint chuig gnóthais iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 49).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 1.3: ‘1.3. Ábhar I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir (AE) 2016/797, leagtar síos leis an STI seo na ceanglais bhunriachtanacha maidir leis an bhfochóras ‘oibriúcháin agus bainistíochta tráchta’ agus bunphrionsabail oibríochtúla agus rialacha coiteanna oibríochtúla chóras iarnróid an Aontais. Thairis sin, leagtar síos leis na ceanglais maidir leis an gcomhéadan idir bainisteoirí bonneagair (BB) agus gnóthais iarnróid (GI).’; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 2: ‘2. TUAIRISC AR AN RAON FEIDHME Tá feidhm ag an STI seo maidir le córas iarnróid an Aontais, lena n-áirítear feithiclí atá agus nach bhfuil comhréireach le STI agus suiteálacha socraithe. Baineann an STI seo le próisis agus nósanna imeachta, mar aon le heilimintí fisiceacha d’fheithiclí agus de shuiteálacha socraithe atá tábhachtach dá bhfeidhm oibríochtúil i gcomhthéacs an STI seo agus ceanglais maidir le foireann a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de. Áiritheoidh an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir bonneagair go dtiocfaidh ceanglais uile an STI seo chun bheith ina gcuid ábhartha de chóras bainistíochta sábháilteachta (‘CBI’) an ghnóthais iarnróid agus an bhainisteora bonneagair mar a cheanglaítear le Treoir (AE) 2016/798.’; |
|
(3) |
Déantar pointe 3.2 a mhodhnú mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.1: ‘4.1. Réamhrá I gcomhréir le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), is ar an mbainisteoir bonneagair atá an fhreagracht fhoriomlán as paraiméadair agus saintréithe iomchuí uile an bhonneagair a úsáidfidh an gnóthas iarnróid a sholáthar dó ionas go ndéanfaidh an gnóthas seiceáil ar chomhoiriúnacht thraenacha an ghnóthais iarnróid le gluaiseacht ar líonra bhainisteoir an bhonneagair, agus saintréithe geografacha línte aonair agus na sonraíochtaí feidhmiúla nó teicniúla a leagtar amach sa roinn seo á gcur san áireamh. Sainítear i bhFoscríbhinn B na bunphrionsabail oibríochtúla agus na rialacha comhchoiteanna oibríochtúla is infheidhme maidir le líonra iarnróid an Aontais. (*1) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).’;" |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2: ‘4.2. Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais Le sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais ‘oibriúcháin agus bainistíochta tráchta’, sainítear na sonraíochtaí chun oibriú sábháilte, iontaofacht agus infhaighteacht an chórais agus éifeachtúlacht oibriúcháin chóras iarnróid an Aontais a áirithiú, agus dírítear go háirithe iontu ar shonraíochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.1: ‘4.2.1.1. Ina Chórais Bainistíochta Sábháilteachta (CBS) arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 (*2) ón gCoimisiún, sainaithneoidh gach GI agus BB a chúraimí agus a fheidhmeanna atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de, agus an fhoireann atá freagrach as iad a fhorghníomhú. Saineoidh GInna agus BBanna ina nósanna imeachta agus ceanglais CBS chun oiliúint, measúnú agus faireachán a dhéanamh ar inniúlacht a mball foirne a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, agus tabharfaidh siad tuairisc orthu ina gcuid nósanna imeachta agus ceanglas maidir le hoiliúint, measúnú agus faireachán a dhéanamh uirthi, seachas na ceanglais a leagtar síos sna forálacha seo a leanas:
Déanfar aon cháilíocht a fuarthas bunaithe ar na nósanna imeachta agus ar na rialacha a shainítear in CBS GI nó BB a thaifeadadh sa CBS lena mbaineann. Déanfar na doiciméid lena soláthraítear fianaise ar oiliúint, taithí agus inniúlachtaí gairmiúla a sheachadadh ar na baill foirne lena mbaineann a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, arna iarraidh sin. Leis an gcáilíocht sin, beidh an ball foirne a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de in ann cúraimí comhchosúla a dhéanamh do GI eile nó do BB eile, faoi réir riachtanais oiliúna bhreise a shainaithint maidir le sonraíochtaí geografacha agus teicniúla agus CBS GI nó BB i gcomhréir le pointe 4.6.3.2, agus faoi réir an oiliúint sin a chur i gcrích go sásúil. (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 lena leagtar síos modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le ceanglais i ndáil le córas bainistíochta sábháilteachta de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1158/2010 agus (AE) Uimh. 1169/2010 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 26)." (*3) Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).’;" |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.2: ‘4.2.1.2. Déanfaidh BBanna agus GInna traenacha a phleanáil, a ullmhú agus a oibriú agus foireann a theagasc i gcomhréir leis an bhfaisnéis atá i Leabhar na Rialacha agus i Leabhar na mBealaí. Cuirfear oiliúint ar a bhfoireann a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, agus déanfar tiománaithe traenach a dheimhniú, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i Leabhar na Rialacha agus i Leabhar na mBealaí i gcomhréir lena CBS. Comhoibreoidh BBanna agus GInna chun faisnéis a mhalartú agus leanfaidh siad próiseas chun Leabhar na Rialacha agus Leabhar na mBealaí a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de réir mar is iomchuí. Beidh an fhaisnéis sin infheidhme maidir le cásanna gnáthoibríochta, oibríochta díghrádaithe agus oibríochtaí éigeandála. Saineoidh BB, i gcomhairle leis na GInna atá ag oibriú ar a líonra, na nósanna imeachta iomchuí le haghaidh cumarsáide i gcásanna fíor-ama éigeandála chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis atá ábhartha don oibríocht a sholáthar do GI agus/nó don tiománaí a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. Áiritheoidh BBanna agus GInna go ndéanfar gach faisnéis bhonneagair agus gach riail a bhaineann le pleanáil, ullmhú agus oibriú traenacha a chomhroinnt agus a chur in iúl don fhoireann a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de i gcomhréir le cúraimí gach baill foirne in BBanna agus in GInna sna teangacha uile lena mbaineann. Féadfaidh BBanna agus GInna faisnéis Leabhar na Rialacha agus Leabhar na mBealaí a chur le chéile chun tacú le foireann aonair agus/nó le hoibríochtaí aonair. Soláthróidh BBanna agus GInna do gach comhalta dá bhfoireann féin a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, lena n-áirítear tiománaithe traenach, leaganacha de Leabhar na Rialacha agus Leabhar na mBealaí atá curtha in oiriúint don fhaisnéis is gá dá n-oibríochtaí. Áireofar leis sin an fhaisnéis chomhéadain ina ndéanfaidh an fhoireann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de le comhéadan díreach idir BB agus GI, go háirithe chun cumarsáid a bhaineann le sábháilteacht a áirithiú idir baill foirne a údaraíonn gluaiseacht traenacha agus baill foirne ar bord traenacha. Forbairtí amach anseo:
|
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.2.1: ‘4.2.1.2.1. Beidh GI agus BB freagrach as a Leabhar Rialacha faoi seach a thiomsú mar chuid dhílis dá CBS chun treoir a thabhairt don fhoireann a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de, i ndáil leis na rialacha oibríochtúla is infheidhme maidir lena ról. Is éard atá i Leabhar na Rialacha tuairisc ar na rialacha agus na nósanna imeachta oibríochta do líonra nó do chuid de líonra agus d’fheithiclí a oibrítear ar an líonra sin nó ar chuid de nó ar chodanna de i ngnáthchásanna, i gcásanna oibríochtaí díghrádaithe agus i gcásanna éigeandála. Beidh sé comhsheasmhach ar fud na línte uile ar a n-oibríonn GI agus beidh sé comhsheasmhach ar fud na línte ar fad arna mbainistiú ag BB. Cumhdóidh Leabhar na Rialacha na nithe seo a leanas:
Áireofar ann nósanna imeachta lena gcumhdaítear na gnéithe seo a leanas, ar a laghad:
Beidh dhá fhoscríbhinn ann:
Beidh teachtaireachtaí agus foirmeacha réamhshainithe ann, ar a laghad, i dteanga (dteangacha) ‘oibriúcháin’ an bhainisteora (na mbainisteoirí) bonneagair. Murab í an teanga a roghnaíonn an gnóthas iarnróid do Leabhar na Rialacha í an teanga inar soláthraíodh an fhaisnéis iomchuí ó thús, tá freagracht ar an ngnóthas iarnróid as socrú a dhéanamh chun aon aistriúchán is gá a fháil agus/nó nótaí míniúcháin a sholáthar i dteanga eile.’; |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.2.2: ‘4.2.1.2.2. Bunóidh BB an fhaisnéis bhonneagair lena gcumhdaítear a líonra dá úsáid féin agus d’úsáid GInna a oibríonn ar an líonra sin. Cuirfidh BB an fhaisnéis le haghaidh Leabhar na mBealaí GInna ar fáil do gach GI mar a shainítear i bhFoscríbhinn D2, lena n-áirítear srianta agus modhnuithe buana nó sealadacha. Áiritheoidh an bainisteoir bonneagair go bhfuil an fhaisnéis bhonneagair iomlán agus cruinn; déanfar bainistíocht ar an bhfaisnéis i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe 4.4.3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762. Tá an gnóthas iarnróid freagrach as tiomsú iomlán agus ceart Leabhar na mBealaí, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a sholáthraíonn an bainisteoir bonneagair nó na bainisteoirí bonneagair, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, pointe 4.4.3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún. Áiritheoidh an gnóthas iarnróid go dtugtar tuairisc chuí i Leabhar na mBealaí ar na dálaí oibríochtúla a bhaineann le saintréithe líne agus saintréithe feithiclí. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an gnóthas iarnróid ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis bonneagair, aon uair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil agus a mbeidh tionchar aici ar oibríochtaí traenach, lena n-áirítear srianta agus modhnuithe buana nó sealadacha. Saineoidh BB, i gcomhairle leis na GInna atá ag oibriú ar a líonra, na nósanna imeachta iomchuí nuair nach dtarchuirfear modhnú ar Leabhar na mBealaí ó BB chuig GI san uainiú comhaontaithe iomchuí, mar a shainítear in CBS BB agus mar a léirítear in CBS GI; sa chás sin, cuirfidh an BB féin an tiománaí ar an eolas freisin. Leabhar na mBealaí GI:
Leabhar na mBealaí BB:
|
|
(10) |
scriostar pointí 4.2.1.2.2.1, 4.2.1.2.2.2 agus 4.2.1.2.2.3; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.2.3: ‘4.2.1.2.3. Nuair a sholáthróidh an gnóthas iarnróid a bplean oibre do na tiománaithe, soláthróidh sé an fhaisnéis is gá maidir le gnáthghluaiseachtaí na traenach agus áireofar léi sin, ar a laghad:
Ní mór faisnéis den sórt sin faoi ghluaiseachtaí traenach a thabhairt cothrom le dáta aon uair is iomchuí roimh imeacht agus beidh sí bunaithe ar fhaisnéis Leabhar na Rialacha agus Leabhar na mBealaí agus comhlánóidh sí an dá leabhar. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil go digiteach do na tiománaithe traenach faoin 15 Nollaig 2026.’; |
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.1.2.4 ‘4.2.1.2.4. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair tiománaithe ar an eolas agus tabharfaidh sé treoir do thiománaithe i bhfíor-am maidir le hathruithe a dhéantar ar an nóiméad deireanach ar oibríochtaí maidir leis an líne nó leis an trealamh ábhartha taobh líne, i gcomhréir leis an modheolaíocht cumarsáide arna bunú idir BB agus GI i gcomhréir le Foscríbhinn C. Beidh faisnéis fíor-ama teoranta do chásanna agus d’athruithe nár bainistíodh faoi 4.2.1.2.2 agus 4.2.1.2.3 i gcomhréir le nósanna imeachta CBS GInna agus a bhfuil tionchar díreach acu ar bhealach an tiománaí. I gcás éigeandála, bunófar modhanna cumarsáide malartacha iomchuí idir BB agus GI chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis ábhartha ar fáil. Ní mór próiseas a bheith i bhfeidhm ag bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid chun bheith in ann oiriúnacht na bhfeithiclí agus na dtiománaithe a dheimhniú i ndáil le heolas ar an mbealach le haghaidh diall fíor-ama an bhealaigh.’; |
|
(13) |
cuirtear ‘Ní úsáidtear’ in ionad phointí 4.2.1.3 agus 4.2.1.4’; |
|
(14) |
i bpointe 4.2.2.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú mír: ‘Chun rochtain a fháil ar línte a shainaithnítear in RINF mar línte ar a n-úsáidtear an tiomáint cheadaitheach, faoi na dátaí a luaitear thíos le haghaidh chomhchuibhiú an chomhartha cúil de réir Roinn 4.2.2.1.3.2, beidh dlús lonrúil ceannlampaí feithicle i gcomhréir leis an leibhéal a shainítear le haghaidh na gceannlampaí léis aird i bpointe (5) de Roinn 4.2.7.1.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 1302/2014 ón gCoimisiún (*4) (‘STI Loc&Pas’). (*4) Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228).’;" |
|
(15) |
i bpointe 4.2.2.1.3.2, scriostar an téacs seo a leanas: ‘Tuarascálacha: Faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuarascálacha maidir leis an úsáid a bhaineann siad as plátaí frithchaiteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina sainaithneofar aon chonstaic thromchúiseach roimh an deireadh a bheartaítear a chur le rialacha náisiúnta.’; |
|
(16) |
leasaítear pointe 4.2.2.5.1 mar a leanas:
|
|
(17) |
leasaítear pointe 4.2.2.5.2 mar a leanas:
|
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.2.6: ‘4.2.2.6. Déanfaidh an gnóthas iarnróid ceanglais maidir le coscánú a leagan síos agus a chur chun feidhme i gcomhréir le pointí 4.2.2.6.1 agus 4.2.2.6.2 agus déanfaidh sé bainistíocht orthu laistigh dá chóras bainistíochta sábháilteachta.’; |
|
(19) |
leasaítear pointe 4.2.2.6.2 mar a leanas:
|
|
(20) |
leasaítear pointe 4.2.2.8 mar a leanas: ‘4.2.2.8. Gan dochar d’oibríochtaí ERTMS a shainítear i bhFoscríbhinn A, beidh an tiománaí in ann amharc a fháil ar chomharthaí agus marcóirí taobh líne. Beidh comharthaí agus marcóirí taobh líne, mar aon le cineálacha eile comharthaíochta taobh líne a bhaineann leis an tsábháilteacht, i riocht agus go mbeidh an tiománaí in ann iad a fheiceáil cibé uair is infheidhme. Dá bhrí sin, déanfar comharthaí, marcóirí taobh líne, comharthaíocht agus cláir faisnéise a dhearadh agus a shuí ar bhealach comhsheasmhach chun sin a éascú. Áirítear na saincheisteanna seo a leanas ar an méid a chuirfear san áireamh (féach pointe 4.3.2 den Rialachán seo maidir le tagairt do STI CCS):
Dearfar cábáin an tiománaí ar bhealach comhsheasmhach a ligfidh don tiománaí an fhaisnéis a thaispeántar dó a fheiceáil go héasca (féach pointe 4.3.3.1 den Rialachán seo maidir le tagairt do STI Loc&Pas).’; |
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.2.9: ‘4.2.2.9. Déanfar faireachán ar ghníomhaíocht an tiománaí ar bord na traenach chun í a stad go huathoibríoch má bhraitear easpa gníomhaíochta ón tiománaí. Na ceanglais a bhaineann leis na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht an tiománaí ar bord na traenach, sonraítear iad sa chlásal a leagtar amach i bpointe 4.2.9.3.1 de STI Loc&Pas.’; |
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.3: ‘4.2.3. Sonraíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí traenach, lena n-áirítear oibríocht bunaithe ar ERTMS Beidh feidhm ag na bunphrionsabail oibríochtúla agus na rialacha comhchoiteanna oibríochtúla a leagtar amach i bhFoscríbhinn B i dteannta leis an gcaibidil seo maidir le hoibriú traenach i gcóras iarnróid an Aontais. Beidh feidhm ag na prionsabail agus rialacha oibríochtúla ERTMS a shonraítear i bhFoscríbhinn A den STI seo i gcás ina n-úsáidfear ERTMS.’; |
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.3.1: ‘4.2.3.1. I gcomhréir le Treoir 2012/34/AE, cuirfidh an bainisteoir bonneagair in iúl céard iad na sonraí is gá nuair a iarrtar bealach traenach. Ní mór do gach traein oibriú de réir tráthchláir, arna chomhaontú ag bainisteoir bonneagair agus gnóthas iarnróid faoi phróiseas leithdháilte bealaí; áiritheoidh an bainisteoir bonneagair gluaiseacht phoncúil traenacha agus tabharfaidh sé cúnamh d’fheidhmíocht na seirbhíse nuair a bheidh an tráthchlár á sceidealú.’; |
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2.3.3.1: ‘4.2.3.3.1. Cinnfidh an gnóthas iarnróid na seiceálacha agus na tástálacha atá le déanamh chun a áirithiú go mbeidh gach traein ag imeacht léi go sábháilte.’; |
|
(25) |
cuirtear ‘faireachán’ in ionad an fhocail ‘maoirseacht’ i dteideal phointí 4.2.3.5.1 agus 4.2.3.5.2’; |
|
(26) |
i bpointe 4.2.3.4.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:
|
|
(27) |
i bpointe 4.3.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad líne an tábla ‘Modhnuithe ar fhaisnéis atá i Leabhar na mBealaí — Oibriú Díghrádaithe’:
|
|
(28) |
i bpointe 4.3.2, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
|
(29) |
i bpointe 4.3.3.1:
|
|
(30) |
i bpointe 4.3.4, leasaítear an tábla mar a leanas:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
(31) |
i bpointe 4.3.6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
|
|
(32) |
i bpointe 4.4.3, scriostar an tríú agus an ceathrú mír; |
|
(33) |
i bpointe 4.6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí: ‘Saineoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair a gcóras bainistithe inniúlachtaí riosca-bhunaithe féin laistigh dá bpróisis Chórais Bainistíochta Sábháilteachta, i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún. Sainítear i bhFoscríbhinní F agus G cáilíochtaí gairmiúla atá ábhartha don chóras bainistithe inniúlachtaí.’; |
|
(34) |
i bpointe 4.6.2.2, pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:
|
|
(35) |
i bpointí 4.6.3.1, agus 4.6.3.2 scriostar an téacs seo a leanas: ‘nó Rialacháin ón gCoimisiún (AE) Uimh. 1158/2010(15) agus (AE) Uimh. 1169/2010(16)
|
|
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.7.1: ‘4.7.1. Réamhrá Foireann a shainaithnítear i bpointe 4.2.1.1 agus a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de mar a shonraítear in CBS GI nó BB, beidh siad corpacmhainneach mar is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin oibríochtúla agus sábháilteachta foriomlána. Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair an próiseas a chuir siad ar bun chun na ceanglais leighis, síceolaíocha agus sláinte dá bhfoireann a chomhlíonadh laistigh dá gcóras bainistíochta sábháilteachta a chur ar bun agus a dhoiciméadú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 lena sainítear modh comhchoiteann sábháilteachta maidir le CBS. Is duine atá bunaithe mar dhochtúir leighis nó mar shíceolaí atá cáilithe chun scrúduithe den sórt sin a dhéanamh mar a shonraítear i bpointe 4.7.2 agus 4.7.3 maidir le corpacmhainneacht foirne. Ní mór do gach BB agus GI glacadh leis na torthaí mar chruthúnas ar corpacmhainneacht na foirne nó na mball foirne a d’fhéadfadh a bheith ar dualgas. Leis na scrúduithe sin, beidh an ball foirne a dhéanann cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de in ann cúraimí comhchosúla a dhéanamh do GI eile nó do BB eile, faoi réir riachtanais bhreise leighis, síceolaíocha agus sláinte in CBS GI nó BB a shainaithint, agus faoi réir chorpacmhainneacht shásúil baill nó ball foirne a d’fhéadfadh a bheith ar dualgas. Tá na ceanglais corpacmhainneachta a leagtar amach i bpointe 4.7.2 agus i bpointe 4.7.3 infheidhme maidir leis an méid seo a leanas:
4.7.1.1. Ní dhéanfaidh baill foirne cúraimí atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de fad is a chuireann substaintí amhail alcól, drugaí nó cógais shíceatrópacha bac ar fhorairdeall. Dá bhrí sin, beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag an ngnóthas iarnróid agus ag an mbainisteoir bonneagair chun rialú a dhéanamh ar an riosca a bhfreastalaíonn an fhoireann orthu chun obair a dhéanamh faoi thionchar substaintí den sórt sin, nó chun substaintí den sórt sin a thomhailt ag an obair. Tá feidhm ag rialacha Eorpacha nó náisiúnta an Bhallstáit ina n-oibrítear seirbhís traenach maidir le teorainneacha sainithe na substaintí thuasluaite.’; |
|
(37) |
Déantar teideal an dara mír de phointe 4.7.2.1.1 a mhodhnú mar a leanas: ‘4.7.2.1.1. Ábhar an scrúdaithe leighis |
|
(38) |
Déantar an dara mír de phointe 4.7.2.1.2 a mhodhnú mar a leanas: scriostar ‘ar a laghad’; |
|
(39) |
Déantar teideal an dara mír de phointe 4.7.2.2.2 a mhodhnú mar a leanas: ‘4.7.2.2.2. ’; |
|
(40) |
Déantar an chéad mhír de phointe 4.7.2.2.2 a mhodhnú mar a leanas: scriostar ‘ar a laghad’; |
|
(41) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.8.1: ‘4.8.1. Bonneagar Sonraítear i bhFoscríbhinn D na ceanglais maidir leis na míreanna sonraí a bhaineann leis an mbonneagar iarnróid, i ndáil leis an bhfochóras oibriúcháin agus bainistíochta tráchta, a chuirfear ar fáil do ghnóthais iarnróid trí RINF. Trí RINF, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an gnóthas iarnróid ar an eolas maidir leis na hathruithe ar na sonraí a bhaineann le bonneagar, cibé uair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. Tá freagracht ar an mbainisteoir bonneagair as cruinneas na sonraí. Go dtí an 15 Nollaig 2026, ar choinníoll gur chuir an Ghníomhaireacht na hoiriúnuithe riachtanacha ar Iarratas RINF chun feidhme, soláthróidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin ar mhodhanna eile saor in aisce a luaithe is féidir agus i bhformáid leictreonach do ghnóthais iarnróid, d’iarratasóirí údaraithe ar iarrataí ar chonair agus, i gcás inarb infheidhme, don iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 2(22) de Threoir (AE) 2016/797.’; |
|
(42) |
i bpointe 6.2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú mír: ‘I gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 de Threoir (AE) 2016/798, léireoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh laistigh dá gcóras bainistíochta sábháilteachta nuair a dhéanann siad iarratas ar aon deimhniú sábháilteachta nua nó leasaithe nó aon údarú sábháilteachta nua nó leasaithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún (*5). Leis na modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le ceanglais i ndáil le córas bainistíochta sábháilteachta, mar a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún, ceanglaítear ar údaráis náisiúnta sábháilteachta córas cigireachta a bhunú chun maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gcóras bainistíochta sábháilteachta i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún (*6), lena n-áirítear gach STI. Ní gá do chomhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar leithligh a dhéanamh ar aon cheanglas sa Rialachán seo. (*5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir le deimhnithe aonair sábháilteachta a eisiúint chuig gnóthais iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 49)." (*6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta sábháilteachta tar éis deimhniú aonair sábháilteachta nó údarú sábháilteachta a eisiúint de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2012 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 16).’;" |
|
(43) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7.1: ‘7.1. Rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme I gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2016/798 agus Airteagal 5b den Rialachán seo, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair go gcomhlíonfar an Rialachán seo faoina gcóras bainistíochta sábháilteachta, arna bhunú de réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún. 7.1.1. Rialacha sonracha maidir le haistriú i gcás Foscríbhinní A agus C Féadfaidh bainisteoirí bonneagair, i gcomhar leis na gnóthais iarnróid a oibríonn ar a líonraí agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II pointe 5.1.1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún, cur chun feidhme Fhoscríbhinní A agus C go dtí an 16 Nollaig 2025 ar a dhéanaí a chur siar. Tá sé sin faoi réir an choinníll go bhfaighidh an Ghníomhaireacht agus NSA lena mbaineann an méid seo a leanas tráth nach déanaí ná an 16 Meitheamh 2024:
Cuirfidh RUnna oiliúint ar fáil do thiománaithe agus do bhaill foirne ábhartha chun traenacha a oibriú i gcomhréir le Foscríbhinní A agus C faoin 16 Nollaig 2025 ar a dhéanaí nó aon dáta níos luaithe ná sin a shainíonn BB.’; |
|
(44) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7.2.2.1: ‘7.2.2.1. Chun pointe 4.2.2.1.3.2 a chur chun feidhme, féadfaidh traenacha lastais nach n-oibrítear ach ar líonra leithead 1 520 mm na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne, na hUngáire agus na Slóvaice úsáid a bhaint as an gcomhartha cúil traenach seo a leanas.
Beidh trastomhas 185 mm ag an diosca frithchaiteach agus ciorcal dearg air ag a mbeidh trastomhas 140 mm. I gcás ina dtabharfaidh cleachtais oibriúcháin údar leis, féadfar pláta frithchaiteach amháin a chur in ionad an diosca fhrithchaitigh i gcomhréir le Foscríbhinn E de TSI WAG. Chun pointe 4.2.2.1.3.1 a chur chun feidhme, féadfaidh traenacha paisinéirí nach n-oibrítear ach ar líonra leithead 1 520 mm na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne, na hUngáire agus na Slóvaice úsáid a bhaint as trí sholas dhearga sheasta mar chomhartha cúil traenach de réir na scéime seo a leanas:
Leis an gcás sonrach sin, ní dhéantar rochtain ar a líonra a chosc ar rothstoc a chomhlíonann STI.’; |
|
(45) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn A: ‘Foscríbhinn A Prionsabail agus rialacha oibríochtúla ERTMS – leagan 6 1. FOLAMH d’AON GHNÓ 2. FOLAMH d’AON GHNÓ 3. RÉAMHRÁ 3.1. Cuspóir agus struchtúr an doiciméid Leis an bhFoscríbhinn seo leagtar amach na prionsabail agus na rialacha comhchuibhithe maidir le hoibríocht ERTMS. Is mar a leanas struchtúr gach rialach:
I gcás ina dtagraítear san Fhoscríbhinn seo do leibhéal 1 de ETCS, tá feidhm aige sin maidir leis an dá chineál cur i bhfeidhm, comharthaí taobh riain ann nó as, mura sonraítear a mhalairt. I gcás ina dtagraítear san Fhoscríbhinn seo do leibhéal 2 de ETCS, tá feidhm aige sin maidir leis an dá chineál cur i bhfeidhm, comharthaí taobh riain ann nó as, mura sonraítear a mhalairt. Na Treoracha Eorpacha dá dtagraítear san Fhoscríbhinn seo, tá siad liostaithe faoi Fhoscríbhinn C2 den STI seo. An friotal uile a thagraíonn do dhaoine, tagraíonn sé go comhionann do dhaoine fireanna agus baineanna araon. Tá Cuid A folamh d’aon ghnó. I gCuid B tá catagóirí oibríochtúla éagsúla traenach ETCS. I gCuid C tá an liosta tagairtí do rialacha neamh-chomhchuibhithe. I roinnt cásanna, ní bhaineann nós imeachta le ERTMS agus dá bhrí sin braitheann sé ar rialacha neamh-chomhchuibhithe. Is sa tsonraíocht chomhfhreagrach maidir le ceanglais chórais atá an tuairisc ar fheidhmeanna teicniúla ETCS agus an Chórais Dhomhanda do Chumarsáid Mhóibíleach - Iarnród (GSM-R). Mura bhfuil gníomhaíocht ón tiománaí ag teastáil de réir na faisnéise a thaispeántar ar an gcomhéadan tiománaí le meaisín (DMI), ní áirítear an fhaisnéis sin sna rialacha. RAON FEIDHME AGUS RÉIMSE AN CHUR I bhFEIDHM Tá an Fhoscríbhinn seo infheidhme ina hiomláine maidir le traenacha atá feistithe le haonaid ETCS ar bord a chomhlíonann an tacar aonair sonraíochtaí i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1695 a bhfuil córas oibriúcháin de leagan X.Y suas le 2.2 acu agus an leagan sin san áireamh. Tá feidhm aici freisin maidir le haonaid ar bord a chomhlíonann Tacar sonraíochtaí #2 nó Tacar sonraíochtaí #3 agus is infheidhme den chuid is mó í maidir le haonaid ETCS ar bord a chomhlíonann Tacar sonraíochtaí #1 de Rialachán (AE) 2016/919, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhéadan tiománaí le meaisín a mbaintear úsáid as sonraíocht ERA_ERTMS_015560. Seo a leanas an raon feidhme:
Ní thagann córais d’Aicme B faoin raon feidhme (fiú nuair a oibrítear trí DMI ETCS iad). Forbraíodh na rialacha go neamhspleách ar chórais eile ceannais agus rialaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil línte feistithe le leibhéal 1/2 de ETCS. I gcás ina gcuirfear leibhéal 1 de ETCS nó leibhéal 2 de ETCS chun feidhme ar línte atá feistithe le córais eile ceannais agus rialaithe, is gá measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht na rialacha sin agus iad a fhorlíonadh, más gá, le rialacha neamh-chomhchuibhithe. Áirítear orthu sin línte atá feistithe le leibhéal 1 de ETCS agus leibhéal 2 de ETCS. Tá rialacha oibríochtúla raidió gutha GSM-R infheidhme ar línte atá feistithe le GSM-R, go neamhspleách ar an gcóras ceannais agus rialaithe atá in úsáid. Tá rialacha oibríochtúla maidir le raidió gutha GSM-R infheidhme ar línte atá feistithe le GSM-R, go neamhspleách ar an gcóras ceannais agus rialaithe atá in úsáid. Braitheann infheidhmeacht na rialacha ina theannta sin ar na réitigh innealtóireachta arna nglacadh ag fochóras ERTMS taobh riain. Sa chomhthéacs sin, is féidir nach gá go mbeidh feidhm ag riail mura gcuirtear na feidhmeanna ábhartha chun feidhme taobh riain (e.g. i gcás nach dtarchuirtear dálaí riain nó nach gcuirtear an nós imeachta maidir le crosairí comhréidhe chun feidhme); ach i gcás inar gá go mbeidh feidhm ag riail, beidh sí i bhfeidhm i gcónaí ar an mbealach ar a dtugtar tuairisc san Fhoscríbhinn seo. Na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann an tiománaí, glactar leis go mbeidh sé i láthair go fisiceach i gcábán an tiománaí lena n-aghaidh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear air scrúdú a dhéanamh ar fhabht teicniúil sa traein agus í ina stad, treoracha a fháil ón treoraí tráchta ar theileafón seasta taobh líne nó arna iarraidh sin don treoraí tráchta nó do rialacha neamh-chomhchuibhithe. Ar fud na Foscríbhinne seo, glactar leis go bhfuil an t-aonad ETCS ar bord curtha ar siúl mura sonraítear a mhalairt. Glactar leis go bhfuil deasc chábán gníomhach an tiománaí oscailte mura sonraítear a mhalairt. Is féidir Deireadh Údaráis (EOA) a shainaithint go fisiceach trí bhíthin Mharcóir Stad ETCS nó Mharcóir Suímh ETCS. Is féidir EOA a shainaithint freisin trí chomhartha taobh líne nó clár marcóra eile a bhfuil tásc stad air. Faoi dhálaí áirithe, féadann EOA a bheith ar cheann tosaigh na traenach freisin. 4. TAGAIRTÍ, TÉARMAÍ AGUS GIORRÚCHÁIN 4.1. (gan úsáid) 4.2. Téarmaí & giorrúcháin Tábla 1 Téarmaí*
Tábla 2 Giorrúcháin *
5. PRIONSABAIL 5.1. Prionsabail le haghaidh ETCS 5.1.1. Comharthaí sa chábán Breathnóidh an tiománaí an fhaisnéis a thaispeántar ar DMI agus freagróidh sé di mar a cheanglaítear leis an bhFoscríbhinn seo. Ag brath ar an gcur chun feidhme taobh riain, féadfar a cheangal ar an tiománaí go gcuirfidh sé san áireamh na cláir marcóra chomhchuibhithe a shainítear in EN 16494:2015 – Cineálacha cur i bhfeidhm iarnróid – Ceanglais maidir le Cláir ERTMS Taobh Riain, chomh maith le faisnéis neamh-chomhchuibhithe taobh riain eile. 5.1.2. Eolas ar an leibhéal oibriúcháin Oibreoidh an tiománaí agus an treoraí tráchta an traein i gcónaí de réir rialacha ETCS ar leith a bhaineann le leibhéal sonrach oibriúcháin ETCS. I gcás ina mbeidh níos má ná aon leibhéal ETCS amháin ann an tráth céanna, deimhneoidh an treoraí tráchta cén leibhéal ETCS ina bhfuil an traein lena mbaineann ag oibriú sula n-eiseofar aon treoir don tiománaí. 5.1.3. (gan úsáid) 5.1.4. (gan úsáid) 5.1.5. (gan úsáid) 5.1.6. Údarú chun gluaiseacht a thosú in SR Is trí bhíthin Threoir Eorpach 7 a údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí gluaiseacht a thosú in SR, ach amháin i gcás gluaiseacht a thosú i leibhéal 1/leibhéal 2 de ETCS a bhfuil comharthaí taobh riain ann. 5.1.7. Srianta luais in SR Is trí bhíthin Threoir Eorpach 1, 2, 5, 6, 7 nó 8 a thabharfaidh an treoraí tráchta gach srian luais atá níos ísle ná an t-uasluas le haghaidh SR do thiománaí traenach atá ag gluaiseacht in SR, ach amháin má chuirtear na teorainneacha luais sin in iúl don tiománaí i ndoiciméad/meán ríomhaireachta tiomnaithe. 5.1.8. Údarú chun dul thar EOA Is trí bhíthin Threoir Eorpach 1 nó 7 amháin a údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar EOA. 5.1.9. Traein/comhdhéanamh siúnta á nuathchoscánú I ndiaidh uathchoscánú, ní atosóidh an tiománaí an traein sa treo tosaigh ná sa mhalairt treo mura bhfuil údarú faighte aige ón treoraí tráchta trí bhíthin Threoir Eorpach 2. 5.1.10. Marcóir stad ETCS Stadfaidh an tiománaí an traein agus í ag druidim le Marcóir Stad ETCS:
5.1.11. Marcóir suímh ETCS Stadfaidh an tiománaí an traein nuair a bheidh sí ag druidim le Marcóir Suímh ETCS:
5.2. (gan úsáid) 6. RIALACHA OIBRÍOCHTÚLA ETCS 6.1. ETCS ar bord a chur i mbun seirbhíse
6.1.1. Sonraí a iontráil le linn tús misin Arna iarraidh sin do ETCS ar bord, déanfaidh an tiománaí aitheantas an tiománaí, an uimhir gluaiseachta traenach, leibhéal ETCS, aitheantas an líonra raidió agus aitheantas agus uimhir theileafóin RBC a iontráil, a athiontráil nó a athbhailíochtú. Sa chás go dtaispeántar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Níor éirigh le clárú an líonra raidió’ iontrálfaidh an tiománaí aitheantas an líonra raidió. 6.1.2. Athrú sonraí de láimh Má cheanglaítear athrú, déanfaidh an tiománaí na nithe seo a leanas a iontráil/a mhodhnú agus a bhailíochtú:
6.2. Gluaiseacht a ullmhú
I leibhéal 2 de ETCS, sa chás go ndiúltaítear don traein, cuirfidh an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Freagairt do chásanna nach bhfuil coinne leo le linn gluaiseacht traenach a ullmhú’ (roinn 6.40.2). 6.2.1. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht mar thraein Déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Sa chás go n-iarrtar admháil le haghaidh SR, cuirfidh an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht mar thraein agus iarrtar admháil le haghaidh SR’ (roinn 6.2.4). Sa chás go n-iarrtar admháil le haghaidh SH i leibhéal 2 de ETCS, cuirfidh an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Freagairt do chásanna nach bhfuil coinne leo le linn gluaiseacht traenach a ullmhú’ (roinn 6.40.1). 6.2.2. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht in SH Ullmhóidh an tiománaí le haghaidh siúntadh agus cuirfidh sé an riail seo i bhfeidhm: ‘Gluaiseachtaí siúnta a dhéanamh in SH’ (roinn 6.3). 6.2.3. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht in NL Ullmhóidh tiománaí an aonaid tarraingthe neamhthreoraigh le haghaidh gluaiseacht teaindim agus cuirfidh sé an riail seo i bhfeidhm: ‘Gluaiseacht teaindim a dhéanamh’ (roinn 6.32). 6.2.4. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht mar thraein agus iarrtar admháil le haghaidh SR
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
Cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas, gheobhaidh sé údarú chun tosú in SR trí bhíthin Threoir Eorpach 7 agus admhóidh sé sin. Sula n-údaróidh sé don tiománaí tosú in SR, déanfaidh an treoraí tráchta na nithe seo a leanas, de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe:
Má tá an traein suite ag Marcóir Stop ETCS Údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar an Marcóir Stad ETCS sin trí bhíthin Threoir Eorpach 7. Tá an t-údarú seo bailí ón Marcóir Stop ETCS seo go dtí an chéad cheann eile. Má cheadaíonn na coinníollacha, is féidir leis an Treoraí tráchta údarú a thabhairt don tiománaí pas a fháil sa dara Marcóir Stop ETCS seo chomh maith leis an Treoir Eorpach chéanna 7. Tá an t-údarú bailí ansin suas go dtí an Marcóir Stop ETCS tar éis an dara ceann i dtreo an taistil. Déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Mura bhfuil an traein suite ag Marcóir Stop ETCS údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí tosú ag gluaiseacht trí bhíthin Threoir Eorpach 7. Tá an t-údarú sin bailí ón suíomh ina bhfuil an traein faoi láthair go dtí an chéad Mharcóir Stad ETCS sa treo taistil. Má cheadaíonn na coinníollacha, is féidir leis an treoraí tráchta an tiománaí a údarú chun dul thairis chomh maith leis an chéad Stop ETCS eile trí bhíthin na treorach Eorpaí céanna 7. Tá an t-údarú seo bailí ansin suas go dtí an marcóir Stop ETCS i ndiaidh an chinn leathdheireanaigh atá údaraithe le Treoir Eorpach 7 a bhfuil le dul thairis. Déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Is féidir níos mó ná Treoir Eorpach amháin a sholáthar chun go rachaidh an traein thar an líon céanna Marcóirí Stad ETCS leantacha. Más féidir leis an treoraí tráchta a shuí go bhfuil an rian saor amach chomh fada le deireadh an údaraithe atá le heisiúint, féadfaidh sé an tiománaí a dhíolmhú ón traein a ghluaiseacht ar amharc in SR.
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
Cuirfidh an tiománaí an riail i bhfeidhm: ‘Gluaiseacht in SR’ (roinn 6.14). 6.2.5. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht in SL Áiritheoidh an tiománaí/an t-ullmhaitheoir traenach go bhfuil deasca tiomána uile aon aonad tarraingthe neamhthreorach, atá ceangailte go leictreach leis an gceann tosaigh agus a rialófar go cianda uaidh, dúnta agus go bhfanfaidh siad dúnta fad a bheidh an t-aonad tarraingthe á chianrialú ón gceann tosaigh. 6.3. Gluaiseachtaí siúnta a dhéanamh in SH
6.3.1. Dul isteach in SH de láimh Roghnóidh an tiománaí ‘Siúntadh’ de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe. 6.3.2. Dul isteach uathoibríoch in SH I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
6.3.3. Gluaiseacht in SH I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.3.4. SH a choinneáil ar bun agus an cábán á athrú I gcás ina gceanglófar leis an nós imeachta siúnta go n-úsáidfear cábáin éagsúla, ceadaítear don tiománaí ‘Coinnigh Siúntadh ar Bun’ a roghnú sula ndúnfaidh sé an deasc tiomána. 6.3.5. Scor de SH I gcás ina mbeidh na gluaiseachtaí siúnta uile atá le déanamh in SH tugtha i gcrích, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
6.3.6. Gan SH a bheith deonaithe
I gcás ina dtaispeánfar ceann de na teachtaireachtaí téacs seo a leanas: ‘SH diúltaithe’ ‘Níor éirigh le hiarraidh SH’ cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.3.7. Dul thar theorainn shainithe limistéir siúnta I gcás inar gá do thraein ag a bhfuil comhdhéanamh siúnta dul thar theorainn shainithe limistéir siúnta, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.4. Sonraí traenach a iontráil
6.4.1. Sonraí traenach a iontráil le linn ullmhúchán traenach Déanfaidh an tiománaí/an t-ullmhaitheoir traenach na sonraí traenach uile seo a leanas a iontráil/a mhodhnú agus a bhailíochtú mura bhfuil na sonraí sin réamhchumraithe ar bord nó mura bhfuarthas ó fhoinsí seachtracha ETCS iad:
Sula ndeimhneoidh sé na sonraí traenach atá réamhchumraithe ar bord nó a fuarthas ó fhoinsí seachtracha ETCS agus atá inmhodhnaithe ag an tiománaí, áiritheoidh an t-ullmhaitheoir traenach go dtagann na sonraí traenach leis an gcomhdhéanamh traenach. 6.4.2. Athrú sonraí traenach de láimh I ndiaidh gach modhnaithe ar an gcomhdhéanamh traenach agus i ndiaidh fadhb theicniúil is cúis le hathrú ar shonraí traenach, déanfaidh an tiománaí/an t-ullmhaitheoir traenach na nithe seo a leanas:
6.4.3. Athrú sonraí traenach ag foinsí seachtracha ETCS I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas ar DMI: ‘Sonraí traenach athraithe’ a) má chuirtear an coscán i bhfeidhm de thoradh athrú ar shonraí traenach I gcás ina mbeidh an traein ina stad, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
I leibhéal 1 de ETCS, agus i leibhéal 2 de ETCS, mura bhfaightear aon MA nua, údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar EOA (an riail ‘Dul thar EOA a údarú’-roinn 6.39). b) i ngach cás eile Cuirfidh an tiománaí na sonraí modhnaithe traenach san áireamh. 6.5. (gan úsáid) 6.6. (gan úsáid) 6.7. Dul isteach i leibhéal 0 de ETCS agus oibriú ann 6.7.1. Fógra
I gcás ina bhfógrófar aistriú chuig leibhéal 0 de ETCS tríd an tsiombail seo a leanas a thaispeáint:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.7.2. Admháil I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
admhóidh an tiománaí sin. 6.7.3. Gluaiseacht
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.8. Dul isteach i leibhéal 1 de ETCS agus oibriú ann 6.8.1. Fógra
I gcás ina bhfógrófar aistriú chuig leibhéal 1 de ETCS tríd an tsiombail seo a leanas a thaispeáint:
ullmhóidh an tiománaí le haghaidh rialacha a chur i bhfeidhm i gcomhair leibhéal 1 de ETCS. 6.8.2. (gan úsáid) 6.8.3. Gluaiseacht
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha i bhfeidhm de réir leibhéal 1 de ETCS. 6.9. Dul isteach i leibhéal 2 de ETCS agus oibriú ann 6.9.1. Fógra
I gcás ina bhfógrófar aistriú chuig leibhéal 2 de ETCS tríd an tsiombail seo a leanas a thaispeáint:
ullmhóidh an tiománaí le haghaidh rialacha a chur i bhfeidhm i gcomhair leibhéal 2 de ETCS. 6.9.2. (gan úsáid) 6.9.3. Gluaiseacht
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha i bhfeidhm de réir leibhéal 2 de ETCS. I gcás ina n-iarrann an treoraí tráchta sláine na traenach a dheimhniú de láimh ar DMI, ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach nuair a bhíonn an traein ina stad agus de réir rialacha GI. 6.10. (gan úsáid) 6.11. Dul isteach i leibhéalntc de ETCS agus oibriú ann 6.11.1. Fógra
I gcás ina bhfógrófar aistriú chuig leibhéal NTC de ETCS trí shiombail a thaispeáint a léiríonn ainm NTC is infheidhme, mar shampla:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. Tá siombail shonrach ann le haghaidh gach NTC. 6.11.2. Admháil I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail a léiríonn NTC is infheidhme agus fráma gealánach thart uirthi, mar shampla:
admhóidh an tiománaí sin. Tá siombail shonrach ann le haghaidh gach NTC. 6.11.3. Gluaiseacht
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail a léiríonn NTC a ndeachthas isteach ann, mar shampla:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. Tá siombail shonrach ann le haghaidh gach NTC. 6.12. Gluaiseacht in FS
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
an tiománaí
I leibhéal 1 de ETCS a bhfuil comharthaí taobh riain ann, údaraítear don tiománaí dul ar aghaidh gan MA nua nuair a léiríonn an comhartha taobh riain gur féidir dul ar aghaidh. Má thaispeántar an teachtaireacht téacs seo a leanas ina theannta sin: ‘Dul isteach in FS’ ní sháróidh an tiománaí na srianta luais is infheidhme maidir leis an gcuid den traein nach gcumhdaítear le MA FS. 6.13. Gluaiseacht in OS
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Má thaispeántar an teachtaireacht téacs seo a leanas ina theannta sin: ‘Dul isteach in OS’ ní sháróidh an tiománaí na srianta luais is infheidhme maidir leis an gcuid den traein nach gcumhdaítear le MA OS. 6.14. Gluaiseacht in SR
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Is féidir níos mó ná Treoir Eorpach amháin a sholáthar chun go rachaidh an traein thar an líon céanna Marcóirí Stad ETCS leantacha. 6.15. Gluaiseacht in LS
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
admhóidh an tiománaí sin de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.16. Gluaiseacht in UN
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
admhóidh an tiománaí sin de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.17. Gluaiseacht in SN
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
admhóidh an tiománaí sin de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.18. Ag druidim le EOA agus tásc ann maidir le luas scaoilte
I gcás ina mbeidh an traein ag druidim le EOA agus luas scaoilte á thaispeáint ar DMI, údaraítear don tiománaí:
6.19. Iarraidh maidir leis an rian os comhair na traenach a bheith saor a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
ceadaítear don tiománaí a dheimhniú go bhfuil an rian os comhair na traenach saor más féidir leis a dhéanamh amach go bhfuil an stráice den rian idir ceann na traenach agus an chéad chomhartha taobh riain eile, nó an chéad Mharcóir Stad ETCS nó an chéad Mharcóir Suímh ETCS eile, saor. 6.20. Dul thar stráice agus pantagraf (pantagraif) íslithe
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
ísleoidh an tiománaí an pantagraf (na pantagraif), agus a suíomh á chur san áireamh aige. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
coimeádfaidh an tiománaí an pantagraf (na pantagraif) íslithe. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
údaraítear don tiománaí an pantagraf (na pantagraif) a ardú, agus a suíomhanna á gcur san áireamh aige.
6.21. An soláthar cumhachta leictrí a athrú
I gcás ina dtaispeánfar ceann de na siombailí seo a leanas:
nó, má thagtar ar cheann de na cláir mharcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
athróidh an tiománaí an soláthar cumhachta leictrí dá réir. I gcás ina dtaispeánfar ceann de na siombailí seo a leanas:
nó, má thagtar ar cheann de na cláir mharcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
áiritheoidh an tiománaí gur athraíodh an soláthar cumhachta dá réir. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
cuirtear an tiománaí ar an eolas maidir lena bheith ag druidim le líne nach bhfuil aon chóras tarraingthe inti. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
cuirtear an tiománaí ar an eolas maidir lena bheith ag sroicheadh líne nach bhfuil aon chóras tarraingthe inti. 6.22. Dul thar stráice agus an phríomhlasc cumhachta casta as
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
múchfaidh an tiománaí an phríomhlasc chumhachta, agus suíomh na bpantagraf á chur san áireamh, nó, má cheadaíonn an Bainisteoir Bonneagair é, coinneoidh sé an phríomhlasc chumhachta ar aghaidh agus staonfaidh sé ó tharraingt a chur i bhfeidhm. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
coinneoidh an tiománaí an phríomhlasc chumhachta múchta nó, má cheadaíonn an Bainisteoir Bonneagair é, leanfaidh sé de bheith ag staonadh ó tharraingt a chur i bhfeidhm. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin
údaraítear don tiománaí an phríomhlasc cumhachta a chasadh air, agus suíomh na bpantagraf á chur san áireamh aige agus ceadaítear dó tarraingt a chur i bhfeidhm arís.
6.23. Dul thar limistéar nach gceadaítear stad ann
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirtear an tiománaí ar an eolas maidir le limistéar amach roimh an traein nach stadfaidh sé ann. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
ní stadfaidh an tiománaí. 6.24. Dul thar stráice ina bhfuil cosc ar bhloc-choscán maighnéadach a úsáid
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
scaoilfidh an tiománaí an bloc-choscán maighnéadach, má tá sé curtha i bhfeidhm, seachas i gcás éigeandála. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
ní úsáidfidh an tiománaí an bloc-choscán maighnéadach ach amháin i gcás éigeandála. 6.25. Dul thar stráice ina bhfuil cosc ar choscán srutha guairneáin a úsáid
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
scaoilfidh an tiománaí an coscán srutha guairneáin, má tá sé curtha i bhfeidhm, seachas i gcás éigeandála. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
ní úsáidfidh an tiománaí an coscán srutha guairneáin ach amháin i gcás éigeandála. 6.26. Dul thar stráice ina bhfuil cosc ar choscán athghiniúnach a úsáid
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
scaoilfidh an tiománaí an coscán athghiniúnach, má tá sé curtha i bhfeidhm, seachas i gcás éigeandála. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
ní úsáidfidh an tiománaí an coscán athghiniúnach ach amháin i gcás éigeandála. 6.27. Dul thar stráice brú-shéala
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
dúnfaidh an tiománaí na hionraonta aerchóiriúcháin. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
coimeádfaidh an tiománaí na hionraonta aerchóiriúcháin dúnta. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
údaraítear don tiománaí na hionraonta aerchóiriúcháin a oscailt. 6.28. An feiste rabhaidh inchloiste a bhualadh
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
cuirfidh an tiománaí an feiste rabhaidh inchloiste ag bualadh ach amháin má choisceann na rialacha neamh-chomhchuibhithe sin. 6.29. An fachtóir greamaitheachta a athrú
Má cheadaíonn an luach náisiúnta don tiománaí ‘Ráille sleamhain’ a roghnú, féadfaidh sé déanamh amhlaidh nuair a bhíonn drochdhálaí greamaitheachta ann nó nuair a chuireann an treoraí tráchta ar an eolas é. Mura gcuireann an treoraí tráchta an tiománaí ar an eolas sula roghnaíonn sé ‘Ráille sleamhain’, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas. I gcás ina gcuirfear treoraí tráchta ar an eolas maidir le drochdhálaí greamaitheachta, gníomhachtóidh sé feidhm ghreamaitheachta laghdaithe ETCS, i gcás inar féidir, agus mura féidir sin déanfaidh sé bearta mar a fhorordaíonn an bainisteoir bonneagair, go dtí go mbeidh gnáthdhálaí oibríochta i bhfeidhm arís. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí rialacha inmheánacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm. 6.30. Dul thar pholl raidió
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
féadfaidh an tiománaí leanúint ar aghaidh de réir aon údarás gluaiseachta bailí. Má shroicheann an tiománaí an deireadh údaráis agus má tá an tsiombail fós ar taispeáint, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas. Cuirfidh an treoraí tráchta agus an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Dul thar EOA a údarú’ (roinn 6.39). 6.31. (gan úsáid) 6.32. Gluaiseacht teaindim a dhéanamh
6.32.1. Dul isteach in NL Roghnóidh tiománaí an aonaid tarraingthe neamhthreoraigh ‘Neamhthreorach’. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas ar DMI:
deimhneoidh tiománaí an aonaid tarraingthe neamhthreoraigh le tiománaí an aonaid tarraingthe threoraigh go bhfuil an t-aonad tarraingthe neamhthreorach in NL. 6.32.2. An ghluaiseacht teaindim a dhéanamh Cuirfidh an bheirt tiománaithe rialacha inmheánacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm. 6.32.3. Scor de NL I gcás ina mbeidh an traein ina stad, déanfaidh tiománaí an aonaid tarraingthe neamhthreoraigh na nithe seo a leanas:
6.33. Údarú gluaiseachta traenach ertms a chúlghairm
6.33.1. Bearta le déanamh roimh shocruithe tráchta a dhéanamh
6.33.2. Chun na traenacha a atosú Chun na traenacha a atosú, déanfaidh an treoraí tráchta an méid seo a leanas:
6.34. Bearta a dhéanamh i gcás éigeandála
6.34.1. Chun na traenacha a chosaint I gcás ina bhfaighidh ball foirne amach go bhfuil cás éigeandála ann, cuirfidh sé riail 14 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. Chun traenacha i leibhéal 2 de ETCS a stad, féadfaidh an treoraí tráchta an t-ordú stop éigeandála a úsáid; ní chúlghairfear an t-ordú stop éigeandála sula mbeidh sé sábháilte na traenacha sin a atosú. Féadfaidh an treoraí tráchta Treoir Eorpach 3 a úsáid chun na traenacha stadta a choimeád ina stad má cheanglaítear sin. I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Stop éigeandála’ agus an traein uathchoscánaithe, cuirfidh an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Freagairt ar uathchoscánú’ (roinn 6.41). 6.34.2. Chun na traenacha a atosú Déanfaidh an treoraí tráchta an méid seo a leanas:
Chun traenacha nár uathchoscánaíodh a atosú agus má tá gá le treoracha agus/nó srianta, eiseoidh an treoraí tráchta Treoir Eorpach (Treoracha Eorpacha). I leibhéal 1 de ETCS a bhfuil comharthaí taobh riain ann, gluaisfidh an tiománaí an traein ar amharc chomh fada leis an gcéad chomhartha taobh riain eile. Chun traenacha a uathchoscánaíodh a atosú, cuirfidh an treoraí tráchta agus an tiománaí an riail seo i bhfeidhm ‘Freagairt ar uathchoscánú – chun atosú’ (roinn 6.41.2). 6.34.3. Chun gluaiseachtaí siúnta a chosaint agus a atosú Cuirfidh an treoraí tráchta agus an tiománaí rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.35. Teacht chun stad i limistéar sábháilte
Déanfaidh an tiománaí an taispeáint ina bhfuil tásc ar na limistéir shábháilte inar féidir an traein a stad a scoránú air. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
agus má dhéanann an tiománaí cinneadh an traein a stad sa limistéar sábháilte a léirítear, cuirfidh sé san áireamh an fad fágtha a léirítear ar DMI nó an fad go dtí an clár marcóra a léiríonn an áit a dtosaíonn an limistéar sábháilte. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
nó, má thagtar ar an gclár marcóra seo a leanas agus an traein ag gluaiseacht gan MA nó mura dtacaíonn an taobh riain leis an bhfeidhm sin:
agus má dhéanann an tiománaí cinneadh an traein a stad sa limistéar sábháilte a léirítear, stadfaidh sé an traein agus a fad á chur san áireamh aige. I gcás ina dtiocfar ar an gclár marcóra seo a leanas:
cuirtear an tiománaí ar an eolas gur shroich sé deireadh an limistéir shábháilte. 6.36. Cúltiomáint in RV
6.36.1. An ghluaiseacht atá le déanamh in RV a ullmhú I gcás ina mbeidh an traein ina stad agus an tsiombail seo a leanas ar taispeáint:
spreagfaidh an tiománaí an t-aistriú chuig RV agus an treoraí tráchta á chur ar an eolas aige más féidir agus aon treoir bhreise á cur san áireamh aige. 6.36.2. Gluaiseacht in RV I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
6.36.3. An fad ceadaithe in RV a shárú I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi: ‘Fad RV sáraithe’, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
6.36.4. Scor de RV Ar chríochnú na cúltiomána agus a luaithe a bheidh an traein ina stad, tuairisceoidh an tiománaí don treoraí tráchta. Mura gá aon ghluaiseacht bhreise a dhéanamh in RV, dúnfaidh an tiománaí an deasc tiomána chun scor de RV. 6.37. Freagairt do ghluaiseachtaí neamhbheartaithe
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Gluaiseacht ó smacht’, daingneoidh an tiománaí an traein/an comhdhéanamh siúnta de réir rialacha inmheánacha an ghnóthais iarnróid agus admhóidh sé gur cuireadh an coscán i bhfeidhm. 6.38. Neamhoiriúnacht bealaigh arna brath ag an gcóras ar bord a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar aon cheann de na teachtaireachtaí seo a leanas: ‘Bealach neamhoiriúnach – leithead lódála’ ‘Bealach neamhoiriúnach – córas tarraingthe’ ‘Bealach neamhoiriúnach – catagóir an ualaigh ar acastóir’ braitear neamhoiriúnacht bealaigh. Stadfaidh an tiománaí an traein ag úsáid an phríomhchoscáin. Cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar. 6.39. Dul thar eoa a údarú
Sula n-údaróidh sé don tiománaí dul thar EOA trí bhíthin Threoir Eorpach 1, déanfaidh an treoraí tráchta na nithe seo a leanas, de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe:
Más féidir leis an treoraí tráchta a shuí go bhfuil an rian saor amach chomh fada le deireadh an údaraithe atá le heisiúint, féadfaidh sé an tiománaí a dhíolmhú ón traein a ghluaiseacht ar amharc in SR. Is féidir níos mó ná Treoir Eorpach amháin a sholáthar chun go rachaidh an traein thar an líon céanna Marcóirí Stad ETCS leantacha. Chun dul thar EOA, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
an traein a thosú nó leanúint dá gluaiseacht, gan luas lámhoibrithe EOA a shárú agus an tsiombail sin ar taispeáint. 6.40. Freagairt do chásanna nach bhfuil coinne leo le linn gluaiseacht traenach a ullmhú
6.40.1. Ní mór don aonad tarraingthe gluaiseacht mar thraein ach iarrtar admháil le haghaidh SH I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás, agus ansin é a admháil agus dul ar aghaidh de réir na dtreoracha a fhaightear ón treoraí tráchta. 6.40.2. Diúltaítear don traein I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas ar DMI: ‘Traein diúltaithe’ cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.41. Freagairt d’uathchoscánú
6.41.1. Bearta láithreacha I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
glacfaidh an tiománaí leis go bhfuil cás ann a d’fhéadfadh a bheith contúirteach agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí uile is gá chun drochiarmhairt an cháis sin a sheachaint nó a laghdú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an traein/comhdhéanamh siúnta gluaiseacht ar gcúl. I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas agus fráma gealánach thart uirthi:
admhóidh an tiománaí sin agus cuirfidh sé na coscáin i bhfeidhm. (a) Sa chás gur gá gluaiseacht ar gcúl a dhéanamh láithreach de dheasca éigeandála I gcás ina ndéanfaidh an tiománaí cinneadh an traein an traein/an comhdhéanamh siúnta gluaiseacht ar gcúl de dheasca éigeandála, nó i gcás ina dtabharfaidh an treoraí tráchta an treoir sin dó agus i gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
gluaisfidh an tiománaí an traein/an comhdhéanamh siúnta ar gcúl de réir aon treoir a thugann an treoraí tráchta. A luaithe a bheidh an traein/an comhdhéanamh siúnta ina stad tar éis don tiománaí í a ghluaiseacht ar gcúl, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. (b) I ngach cás eile I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar dó. 6.41.2. Chun atosú (a) Sa treo tosaigh Sula n-údaróidh sé don tiománaí dul ar aghaidh i ndiaidh uathchoscánú trí bhíthin Threoir Eorpach 2, déanfaidh an treoraí tráchta na nithe seo a leanas, de réir rialacha neamh-chomhchuibhithe:
Más féidir leis an treoraí tráchta a shuí go bhfuil an rian saor amach chomh fada le deireadh na gluaiseachta údaraithe, féadfaidh sé an tiománaí a dhíolmhú ón traein a ghluaiseacht ar amharc in SR. Chun dul ar aghaidh, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
I leibhéal 2 de ETCS, ag aon chéim den nós imeachta, má thaispeántar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Earráid chumarsáide’, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. Cuirfidh an treoraí tráchta agus an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Dul thar EOA a údarú’ (roinn 6.39). Sa chás sin, eiseoidh an treoraí tráchta Treoir Eorpach 1 in ionad Threoir Eorpach 2. (b) Sa mhalairt treo Ordóidh an treoraí tráchta don tiománaí an traein a choimeád ina stad agus Deireadh Misin a dhéanamh trí bhíthin Threoir Eorpach 3, agus ansin í a atosú sa mhalairt treo trí bhíthin Threoir Eorpach 7. Déanfaidh an tiománaí an Deireadh Misin agus ansin cuirfidh sé an dá riail seo i bhfeidhm: ‘ETCS ar bord a chur i mbun seirbhíse’ (roinn 6.1) agus ‘Gluaiseacht a ullmhú’ (roinn 6.2). Mura bhfuil an tiománaí ag oibriú na traenach ón gcábán treorach, cuirfidh sé rialacha inmheánacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm chun gluaiseacht shábháilte a áirithiú. 6.41.3. Gan gá a bheith le gluaiseacht i ndiaidh uathchoscánú Sa chás nach gá traein/an comhdhéanamh siúnta i ndiaidh uathchoscánú, ordóidh an treoraí tráchta don tiománaí í a choimeád ina stad agus Deireadh Misin a dhéanamh trí bhíthin Threoir Eorpach 3. 6.41.4. Uathchoscánú in SH le linn a bheith ag dul thar theorainn shainithe limistéir siúnta
I gcás ina ndéanfar traein ag a bhfuil comhdhéanamh siúnta a uathchoscánú le linn di dul thar theorainn shainithe limistéir siúnta, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.42. Mífheidhm etcs taobh riain a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Mífheidhm taobh riain’, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. 6.43. Neamh-chomhoiriúnacht idir etcs taobh riain agus etcs ar bord a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Taobh riain neamh-chomhoiriúnach’, ní féidir leis an traein leanúint ar aghaidh in ETCS. Cuirfidh an tiománaí an riail seo i bhfeidhm: ‘Freagairt ar uathchoscánú’ (roinn 6.41). 6.44. Crosaire comhréidh gan chosaint a bhainistiú
6.44.1. Más in FS, OS nó LS I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
cuirfidh an tiománaí riail 7 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 6.44.2. Más in SR I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Crosaire comhréidh gan chosaint’, cuirfidh an tiománaí riail 7 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 6.45. Earráid sa léamh balise a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Earráid sa léamh balise’, agus nach bhfuil an traein uathchoscánaithe, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. Mura bhfaightear aon MA nua tar éis don traein teacht chun stad, údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar EOA tríd an riail seo a chur i bhfeidhm: ‘Dul thar EOA a údarú’ (roinn 6.39). Má tharlaíonn an cás arís, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.46. Aistriú leibhéil ar theip air a bhainistiú
Féadfar pointe aistrithe leibhéal ETCS a mharcáil ar an gclár marcóra taobh riain seo a leanas:
6.46.1. Má uathchoscánaíodh an traein Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta an riail seo i bhfeidhm: ‘Freagairt ar uathchoscánú’ (roinn 6.41). Tar éis don tiománaí ‘Tosaigh’ a roghnú, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
Sa chás nach bhfuil leibhéal ETCS atá le roghnú ar fáil ar bord, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 6.46.2. Más in SR Déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
6.46.3. I ngach cás eile Déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:
Sa chás nach bhfuil leibhéal ETCS atá le roghnú ar fáil ar bord, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 6.47. Easpa faisnéise RBC a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Earráid chumarsáide’, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás nuair a bheidh an traein ina stad. Mura bhfaightear aon MA nua tar éis don traein teacht chun stad, údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar EOA tríd an riail seo a chur i bhfeidhm: ‘Dul thar EOA a údarú’ (roinn 6.39). 6.48. Teip cumarsáide raidió a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
seiceálfaidh an tiománaí leibhéal ETCS, aitheantas an líonra raidió, aitheantas agus uimhir theileafóin RBC, agus ceartóidh sé iad más gá (an riail ‘Athrú sonraí de láimh’ (roinn 6.1.2)). Mura féidir an chumarsáid raidió a bhunú le RBC fós, cuirfidh an tiománaí an treoraí trácht ar an eolas faoin gcás. (a) i gcás ina mbeidh gluaiseacht á hullmhú i leibhéal 2 de ETCS agus inar gá aonad tarraingthe a ghluaiseacht in SH Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. (b) i gcás ina mbeidh gluaiseacht teaindim á hullmhú i leibhéal 2 de ETCS Cuirfidh tiománaí an aonaid tarraingthe neamhthreoraigh tiománaí an aonaid tarraingthe threoraigh ar an eolas maidir leis an teip cumarsáide raidió. Cuirfidh an bheirt tiománaithe rialacha inmheánacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm. (c) i ngach cás eile Údaróidh an treoraí tráchta don tiománaí dul thar EOA tríd an riail seo a chur i bhfeidhm: ‘Dul thar EOA a údarú’ (roinn 6.39). 6.49. Teip féintástála a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar don tiománaí an fhaisnéis maidir le gléas ETCS ar theip air, casfaidh sé as ETCS ar bord agus casfaidh sé air é arís chun féintástáil nua a spreagadh. Má thaispeántar an fhaisnéis chéanna arís, déanfaidh an tiománaí iarracht an fhadhb a fhabhtcheartú ag úsáid na faisnéise teicniúla is infheidhme. Mura n-éiríonn leis sin nó mura féidir é a dhéanamh, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. Iarrfaidh an tiománaí athrú aonaid tarraingthe. Más gá an t-aonad tarraingthe a ghluaiseacht, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B i bhfeidhm. 6.50. Teip a dhéanann difear don trealamh raidió ar bord a bhainistiú
I gcás ina mbraithfear teip ar an trealamh raidió ar bord, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás. 6.50.1. Le linn ullmhúchán an aonaid tarraingthe
Iarrfaidh an tiománaí athrú aonaid tarraingthe. Más gá an t-aonad tarraingthe a ghluaiseacht, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas, cuirfidh sé rialacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm agus leanfaidh sé aon treoir a thugann an treoraí tráchta. Mura gá an t-aonad tarraingthe a ghluaiseacht, déanfaidh an tiománaí ETCS ar bord a chasadh as. 6.50.2. Le linn gluaiseachta
Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 6.51. DMI ar theip air a bhainistiú
I gcás ina dteipfidh ar DMI, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B i bhfeidhm, ach amháin má tá DMI eile ar fáil ar an deasc. 6.52. Teip córais a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
déanfaidh an tiománaí iarracht an fhadhb a fhabhtcheartú ag úsáid na faisnéise teicniúla is infheidhme. Mura n-éiríonn leis sin nó mura féidir é, cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 15 d’Fhoscríbhinn B i bhfeidhm. 6.53. Teip NTC a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘Theip ar [ainm NTC]’ admhóidh an tiománaí sin agus cuirfidh sé rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.54. VBC a bhainistiú
Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 6.55. Gluaiseacht in AD
6.55.1. ATO a chomhghreamú I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas, féadfaidh an tiománaí uathoibriú traenach a chomhghreamú ach é a roghnú:
I gcás ina mbeidh ATO comhghreamaithe taispeánfar an tsiombail seo a leanas:
Gluaiseacht in ATO I gcás ina dtaispeánfar an tsiombail seo a leanas:
An tiománaí:
6.55.2. ATO a dhíghreamú Is féidir leis an tiománaí ATO a dhíscor trí cheann díobh seo a leanas:
Nuair a bheidh ATO díghreamaithe, breathnóidh an tiománaí an deilbhín a thaispeánann modh ETCS atá i bhfeidhm faoi láthair agus leanfaidh sé an riail is infheidhme maidir leis an modh a ndeachthas isteach ann. 6.56. Teip TIMS a bhainistiú
Ullmhaitheoir/tiománaí traenach atá ag gluaiseacht nó sceidealaithe a bheith ag gluaiseacht i limistéar leibhéal 2 de ETCS inar gá sláine traenach a dheimhniú, i gcás ina bhfoghlaimeoidh sé gur theip ar TIMS, cuirfidh sé riail 15 d’Fhoscríbhinn B i bhfeidhm. 6.57. Odaiméadar lagaithe a bhainistiú
I gcás ina dtaispeánfar an teachtaireacht téacs seo a leanas: ‘odaiméadar lagaithe’ cuirfidh an tiománaí riail 15 d’Fhoscríbhinn B i bhfeidhm. 7. RIALACHA OIBRÍOCHTÚLA RAIDIÓ GUTHA GSM-R 7.1. Modh GSM-R a roghnú
I gcás nach gcomhfhreagróidh an modh GSM-R ar taispeáint don chúram atá le déanamh (traein nó gluaiseacht siúnta), roghnóidh an tiománaí an modh ceart. 7.2. An uimhir fheidhmiúil a iontráil
Iontrálfaidh an t-ullmhaitheoir traenach/tiománaí an uimhir fheidhmiúil:
7.3. Líonra GSM-R a roghnú ag pointe trasnaithe teorann
7.3.1. Cosc ar uathroghnú líonra I gcás ina mbeidh an traein ag druidim le stráice i gcomharsanacht teorainneacha líonra, coiscfidh an tiománaí an fheidhm uathroghnaithe líonra (ar bord) i raidió an chábáin, má bhíonn sé gníomhachtaithe, nuair a iarrtar le Leabhar na mBealaí air déanamh amhlaidh. 7.3.2. Líonra GSM-R eile a roghnú I gcás ina dtreorófar don tiománaí, de réir Leabhar na mBealaí nó de réir mharcóir líonra GSM-R
líonra GSM-R eile a roghnú, roghnóidh sé an líonra GSM-R a shonraítear ar raidió an chábáin ach amháin má roghnaítear an líonra de bhun ordú ETCS taobh riain. Má bhíonn glao éigeandála ar siúl ag an tiománaí, ní rachaidh sé ar aghaidh leis an roghnú de láimh fad a bheidh an glao gníomhach.
7.4. Díchlárú a dhéanamh
Déanfaidh an tiománaí an díchlárú ag deireadh ghluaiseacht na traenach nó i gcás ina n-iarrfaidh an treoraí tráchta sin air. 7.5. (gan úsáid) 7.6. Teip féintástála a bhainistiú Nuair a thaispeánfar teachtaireacht téacs lena léirítear teip na féintástála Raidió GSM-R Cab (e.g. ‘Féintástáil’), cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin staid. Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 8 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 7.7. Easpa líonra gsm-r tar éis don traein dul i mbun seirbhíse a bhainistiú Nuair a thaispeántar teachtaireacht téacs ina léirítear easpa líonra GSM-R (e.g. ‘Níl líonra ar fáil’, ‘comhartha GSM-R ar iarraidh’), cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta riail 8.2 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 7.8. (gan úsáid) 7.9. Teip díchlárúcháin a bhainistiú Mura féidir an díchlárú a dhéanamh, cuirfidh an tiománaí an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás, cuirfidh sé rialacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar dó. 7.10. Bearta a dhéanamh i gcás nach bhfuil an uimhir fheidhmiúil ar fáil Nuair a thaispeántar téacsteachtaireacht lena gcuirtear in iúl nach bhfuil an uimhir fheidhmiúil a iontráladh ar fáil (e.g. ‘Níl an líon ar fáil’), seiceálfaidh an t-ullmhóir/tiománaí an uimhir agus déanfaidh sé/sí iarracht arís clárú leis an uimhir cheart. Mura n-éiríonn leis an gclárú arís, cuirfidh sé an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás, cuirfidh sé rialacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar dó. 7.11. Bearta a dhéanamh i gcás ina mbeidh an uimhir fheidhmiúil úsáidte cheana Nuair a thaispeántar téacsteachtaireacht lena gcuirtear in iúl go bhfuil an uimhir fheidhmiúil a iontráladh in úsáid cheana (e.g. ‘Uimhir atá in úsáid cheana féin’ nó ‘Uimhir leithdháilte cheana’), seiceálfaidh an t-ullmhóir traenach/tiománaí an uimhir agus déanfaidh sé iarracht arís clárú leis an uimhir cheart. Má bhí an uimhir fheidhmiúil a úsáideadh ceart, glaofaidh an t-ullmhaitheoir/tiománaí traenach an uimhir fheidhmiúil sin agus iarrfaidh sé ar an bpáirtí eile an uimhir a dhíchlárú ach amháin má choisceann rialacha neamh-chomhchuibhithe air déanamh amhlaidh.
I ngach cás eile, cuirfidh an t-ullmhaitheoir/tiománaí traenach an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar. 7.12. Teip ar chlárú uimhreach feidhmiúla a bhainistiú I gcás nach féidir an uimhir fheidhmiúil a chlárú, cuirfidh an t-ullmhaitheoir/tiománaí traenach an treoraí tráchta ar an eolas faoin gcás, cuirfidh sé rialacha an ghnóthais iarnróid i bhfeidhm agus leanfaidh sé aon treoir a thugtar dó. 7.13. GSM-Poiblí mar phríomh-mhodh cumarsáide (má tá an rogha sin ar fáil ar bord) 7.13.1. Athrú ó GSM-R go GSM-Poiblí I gcás ina dtreorófar amhlaidh dó le clár marcóra a léiríonn iontráil i líonra GSM nó le treoracha i Leabhar na mBealaí, roghnóidh an tiománaí líonra poiblí GSM a shonraítear, ach amháin má roghnaítear an líonra go huathoibríoch. Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 7.13.2. Athrú ó GSM-Poiblí go GSM-R I gcás ina dtreorófar amhlaidh dó le clár marcóra a léiríonn (ath)iontráil i líonra GSM-R nó le treoracha i Leabhar na mBealaí, roghnóidh an tiománaí líonra GSM-R a shonraítear, ach amháin má roghnaítear líonra GSM-R go huathoibríoch. Mura bhfuil líonra GSM-R ar fáil, cuirfidh an tiománaí riail 8.2 d’Fhoscríbhinn B2 i bhfeidhm. 7.14. GSM-Poiblí mar mhodh cumarsáide cúltaca (má tá an rogha sin ar fáil ar bord) 7.14.1. Athrú ó GSM-R go GSM-Poiblí I gcás ina gcaillfear an ceangal le líonra GSM-R, roghnóidh an tiománaí líonra poiblí GSM malartach má tá sé údaraithe sin a dhéanamh de réir treoracha a thug an treoraí tráchta roimhe seo dó nó a sholáthraítear sa leabhar rialacha agus/nó i leabhar na mbealaí, ach amháin má tá teirminéal GSM-R ar bord cumraithe chun líonra a roghnú go huathoibríoch. Cuirfidh an tiománaí agus an treoraí tráchta rialacha neamh-chomhchuibhithe i bhfeidhm. 7.14.2. Athrú ó GSM-Poiblí go GSM-R I gcás ina dtreoróidh an treoraí tráchta nó treoracha sa Leabhar Rialacha agus/nó i Leabhar na mBealaí amhlaidh dó, roghnóidh an tiománaí de láimh líonra poiblí GSM a shonraítear ar raidió an chábáin, ach amháin má tá teirminéal GSM-R ar bord cumraithe chun líonra a roghnú go huathoibríoch. 8. Tá CUID A - FOLAMH D’AON GHNÓ 9. CUID B – LIOSTA DE CHATAGÓIRÍ OIBRÍOCHTÚLA TRAENACH ETCS Liostaítear sa tábla thíos catagóirí oibríochtúla traenach ETCS:
10. CUID C – TÁBLA TAGAIRTÍ DO RIALACHA NEAMH-CHOMHCHUIBHITHE Sa Chuid seo liostaítear na rialacha neamh-chomhchuibhithe d’Fhoscríbhinn A. Leis an tábla seo, sainítear a thuilleadh cén t-eintiteas (bainisteoir bonneagair nó gnóthas iarnróid) a bhfuil sé faoina chúram aon mhionsonra breise is gá a leagan síos le haghaidh gach ceann de na rialacha sin sna córais bainistíochta sábháilteachta acu faoi seach.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(46) |
Leasaítear Foscríbhinn B mar a leanas:
|
|
(47) |
Leasaítear Foscríbhinn C mar a leanas:
|
|
(48) |
Leasaítear Foscríbhinn D mar a leanas:
|
|
(49) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Fhoscríbhinn F ar fud an téacs: ‘Eilimintí a bhaineann le cáilíocht ghairmiúil le haghaidh na gcúraimí a bhaineann le “traenacha tionlacain” ’; |
|
(50) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Fhoscríbhinn G ar fud an téacs: ‘Eilimintí a bhaineann le cáilíocht ghairmiúil chun traenacha a ullmhú’; |
|
(51) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (a) de Phointe 1 d’Fhoscríbhinn G:
|
|
(52) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (a) de Phointe 3 d’Fhoscríbhinn G:
|
|
(53) |
leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas: ‘Foscríbhinn I Liosta na limistéar a bhféadfadh feidhm a bheith ag rialacha náisiúnta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2016/798 1. LIMISTÉIR LE hAGHAIDH RIALACHA NÁISIÚNTA
2. LIOSTA DE NA POINTÍ OSCAILTE
|
|
(54) |
Leasaítear Foscríbhinn J mar a leanas:
|
(*1) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).’;
(*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 lena leagtar síos modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le ceanglais i ndáil le córas bainistíochta sábháilteachta de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1158/2010 agus (AE) Uimh. 1169/2010 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 26).
(*3) Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).’;
(*4) Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘rothstoc — innill traenach agus rothstoc paisinéirí’ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 228).’;
(*5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir le deimhnithe aonair sábháilteachta a eisiúint chuig gnóthais iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 49).
(*6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta sábháilteachta tar éis deimhniú aonair sábháilteachta nó údarú sábháilteachta a eisiúint de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2012 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 16).’;’
((2)) EN 16494/2015 – Cineálacha cur i bhfeidhm iarnróid – Ceanglais maidir le Cláir ERTMS Taobh Riain