|
1.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1674 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meitheamh 2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann le leatháin agus ullmhóidí áirithe chun deochanna ina bhfuil cócó, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó ghránaigh nó ó tháirgí gránach, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó rís agus ó ghránaigh eile, sceallóga agus criospaí áirithe, agus anlainn agus tarsainn áirithe a áireamh i liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1 1 51/2012, (AE) Uimh 6 5 2/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48, pointí (d) agus (h), agus Airteagal 77(1), pointe (k) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta na dtáirgí ilchodacha fadré a mbaineann riosca íseal leo atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (3), leagadh síos ceanglais áirithe maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin. Maidir le táirgí ilchodacha fadré atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, bhí orthu na ceanglais sin a chomhlíonadh. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (4), aisghaireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón 15 Nollaig 2022. Ós rud é go dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá an tagairt d’Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, lena leagtar síos ceanglais le haghaidh táirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin, a chur in ionad na tagartha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 d’Airteagal 12(2) a aisghaireadh de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. |
|
(3) |
Ós rud é go bhfuil riosca íseal do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ag baint leis na táirgí ilchodacha fadré faoi chóid AC 1806 90 60, 1806 90 70, 1904 10, 1904 20, 1904 90, 1905 90, 2005 20 20 agus 2103 i bhfoirm leathán agus ullmhóidí áirithe chun deochanna ina bhfuil cócó a dhéanamh, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó ghránaigh, táirgí gránach, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó rís, sceallóga agus criospaí áirithe, agus miso ina bhfuil stoc anraith éisc agus anlann soighe ina bhfuil stoc anraith éisc, ba cheart na táirgí sin a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Meastar gur cineál brioscaí iad craicir agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún (5), leagtar síos rialacha maidir leis na cásanna agus na coinníollacha faoina bhfuil catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí ar cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
|
(5) |
Ós rud é, de bhua an Rialacháin seo, go bhfuil táirgí ilchodacha fadré áirithe a bhfuil riosca íseal ag baint leo agus nach bhfuil feoil iontu díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630, ba cheart tagairt a dhéanamh do na táirgí ilchodacha sin freisin i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar tháirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Ós rud é gur iarmhairt dhíreach ar an gcéad leasú iad na leasuithe deireanacha, is iomchuí na leasuithe sin a dhéanamh in aon ghníomh amháin. |
|
(6) |
I liosta na dtáirgí díolmhaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122, tagraítear do na hearraí céanna leis na hearraí atá ar liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630. Ós rud é, de bhua an Rialacháin seo, go n-áirítear táirgí ilchodacha fadré áirithe lena mbaineann riosca íseal nach bhfuil feoil iontu san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630, is gá pointe 7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a leasú freisin agus liostaí na dtáirgí ilchodacha díolmhaithe sa dá Rialachán Tarmligthe a ailíniú. Toisc go bhfuil an dá liosta nasctha go substaintiúil agus go bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm in éineacht le chéile, is iomchuí na leasuithe ar na liostaí sin a dhéanamh in aon ghníomh amháin. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2122 agus (AE) 2021/630 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).’;" |
|
2. |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar a leanas:
|
1. |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 2: ‘ CUID 2 An liosta earraí nach bhfuil díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann dá bhforáiltear in Airteagal 7, pointe (c)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2. |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
Tá na táirgí seo a leanas díolmhaithe ó na rialacha a leagtar amach i bpointí 1 go 6 ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630:
Táirgí ilchodacha nach bhfuil iontu ach einsímí, blastáin, breiseáin nó vitimín D3 ina gcomhdhéanamh mar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, tá na táirgí sin díolmhaithe ó na rialacha a leagtar amach i bpointí 1 go 6 ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 3(1), pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.’. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach mbeartaítear iad a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 45).
((*)) Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).
((**)) I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).
((***)) I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
((****)) Is mar seo a leanas a bheidh ceannteideal 2006: ‘glasraí, torthaí, cnónna, craiceann torthaí agus codanna eile de phlandaí, iad leasaithe i siúcra (draenáilte, glacé nó criostalaithe)’.
((*****)) I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
((******)) I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
((*******)) I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.’;
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Airteagal 3)
Sa liosta seo, leagtar amach na táirgí ilchodacha, i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá in úsáid san Aontas, ar táirgí iad nach gá a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
Nótaí a bhaineann leis an tábla:
|
Colún (1) — Cód AC Sa cholún seo léirítear an Cód AC. Tá an AC, a bhunaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘Córas Comhchuibhithe (CC)’) arna dhréachtú ag an gComhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim faoi láthair, agus arna fhormheas le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (1). Leis an AC déantar ceannteidil agus fo-cheannteideal an CC a atáirgeadh chuig sé dhigit. Sainaithníonn an seachtú agus an t-ochtú digit fo-cheannteidil bhreise den AC. I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit nach bhfuil marcáilte le ‘ex’, agus mura sonraítear a mhalairt, ní gá na táirgí ilchodacha uile a bhfuil na ceithre dhigit sin curtha leo nó a chumhdaítear leis na ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit sin a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. I gcás táirgí ilchodacha sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit a bhfuil táirgí ainmhithe iontu agus nach bhfuil aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin le fáil in AC, marcáiltear an cód AC ‘ex’. Mar shampla, maidir le ‘ ex 2001 90 65 ’, ní cheanglaítear seiceálacha a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcás na dtáirgí a leagtar amach i gcolún (2). |
|
Colún (2) — Sainmhínithe Sa cholún seo, tugtar mionsonraí na dtáirgí ilchodacha a chumhdaítear leis an díolúine ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
|
(1) Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).