|
31.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 214/9 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1669 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Meitheamh 2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar fhóin chliste agus ríomhairí táibléid
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/1369, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a mhéid a bhaineann le lipéadú nó athscálú ar lipéadú grúpaí táirgí a léiríonn acmhainneacht shuntasach le haghaidh coigilteas fuinnimh agus, i gcás inarb ábhartha, acmhainní eile. |
|
(2) |
Rinne an Coimisiún staidéar ullmhúcháin chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha d’fhóin phóca, d’fhóin shiúil agus de ríomhairí táibléid. Rinneadh an staidéar i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara san Aontas agus i dtríú tíortha, agus cuireadh na torthaí ar fáil go poiblí. |
|
(3) |
Baineadh de thátal as an staidéar ullmhúcháin go bhfuil féidearthacht mhór ann an méid fuinnimh a ídíonn fóin chliste agus ríomhairí táibléid a laghdú. Baintear de thátal freisin gur féidir feabhas suntasach a chur ar shaolré an cheallra i bhfóin chliste agus ríomhairí táibléid agus dá réir sin ar shaolré na dtáirgí sin trí scéim lipéadaithe fuinnimh. Ba cheart dá bhrí sin fóin chliste agus ríomhairí táibléid a chumhdach faoi na ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh. Ní mheastar faoi láthair, áfach, go bhfuil lipéad fuinnimh oiriúnach d’fhóin shiúil agus do ghnéfhóin toisc nach bhfuil mór idir na táirgí atá ar fáil ar an margadh ó thaobh éifeachtúlachta fuinnimh. |
|
(4) |
San iomlán, d’ídigh fóin chliste agus ríomhairí táibléid 36.1 TWh d’fhuinneamh príomhúil in 2020, agus gach céim den saolré san áireamh. Léirigh an staidéar ullmhúcháin gur dócha go dtiocfaidh méadú ar na luachanna sin go dtí 36.5 TWh d’fhuinneamh príomhúil in 2030 in éagmais gníomhaíochta rialála. Tá coinne leis go gcuirfidh éifeacht chomhcheangailte an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún (2) teorainn leis an méid fuinnimh a ídíonn fóin chliste agus ríomhairí táibléid in 2030 go dtí 23,3 uair theireavata, rud arb ionann é agus sábháil de thart ar 35 % ar ídiú fuinnimh phríomhúil, i gcomparáid leis an méid a tharlódh mura ndéanfaí beart ar bith. |
|
(5) |
Ba cheart don lipéad fuinnimh a bheith ar fhóin chliste agus ar ríomhairí táibléid a thaispeántar ag aontaí trádála más rud é gur cuireadh an chéad aonad den mhúnla ar an margadh cheana féin nó má chuirtear ar an margadh é ag an aonach trádála. |
|
(6) |
Ba cheart na paraiméadair táirge ábhartha a thomhas nó a ríomh trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe. Ba cheart a chur san áireamh sna modhanna sin modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(7) |
Ba cheart innéacs éifeachtúlachta fuinnimh d’fhón cliste nó de ríomhaire táibléid a ríomh leis an leagan den chóras oibriúcháin atá suiteáilte ar shamhail an táirge ar an dáta a cuireadh ar an margadh é. Go dtí dáta deiridh an churtha ar an margadh, má tá leagan nuashonraithe den chóras oibriúcháin suiteáilte ar an tsamhail táirge chéanna, ba cheart an t-innéacs éifeachtúlachta fuinnimh a athríomh agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar luach aon pharaiméadair eile ar an lipéad agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Aon athrú ar an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh, nó i gcás inarb infheidhme in aon chuid eile de luach paraiméadair an lipéid agus na bileoige faisnéise faoin táirge, ba cheart a mheas go bhfuil sé ábhartha i ndáil le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/1369, go háirithe nuair a dhéanann an t-athrú sin dochar do na húsáideoirí deiridh. |
|
(8) |
Chun seiceálacha maidir le comhlíonadh a éascú, ba cheart gur leor inneachar na ndoiciméad teicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI chun go bhféadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na luachanna a fhoilsítear ar an lipéad agus ar an mbileog faisnéise táirge a sheiceáil. I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369, ba cheart luachanna maidir le paraiméadair thomhaiste agus paraiméadair ríofa an mhúnla a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí. |
|
(9) |
Agus aitheantas á thabhairt don mhéadú ar dhíolacháin táirgí a bhaineann le fuinneamh trí sholáthraithe ardáin ar líne, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí Digiteacha, seachas díolacháin dhíreacha ó shuíomhanna gréasáin soláthraithe, ba cheart a shoiléiriú gur cheart do sholáthraithe ardáin ar líne den sórt sin é a chur ar a gcumas do thrádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le lipéadú an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, an tuiscint a bhaint as ‘faisnéis maidir le lipéadú agus marcáil’ dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2065, go gcumhdaítear léi an lipéad fuinnimh agus an bhileog faisnéise faoin táirge araon. I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2065, níl soláthraithe ardán ar líne faoi dhliteanas i leith táirgí a dhíoltar trína gcomhéadain ar an gcoinníoll nach bhfuil eolas iarbhír acu ar neamhdhleathacht táirgí den sórt sin agus tar éis dóibh eolas a fháil ar neamhdhleathacht na dtáirgí gníomhaíonn siad go gasta chun iad a bhaint óna gcomhéadain. Tá soláthróir a dhíolann go díreach le húsáideoirí deiridh trína shuíomh gréasáin féin cumhdaithe ag oibleagáidí ciandíola déileálaithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/1369. |
|
(10) |
Chun a áirithiú go mbeidh an rialachán seo ag teacht leis na noirm thionscail atá ann cheana, tá na tagairtí sa Rialachán seo a bhaineann le ceanglóirí agus nascóirí, uirlisí, timpeallacht oibre agus leibhéal scileanna, sa mhéid a bhaineann leis an scór maidir le hindeisitheacht a ríomh, tá siad comhsheasmhach leis an téarmaíocht a úsáidtear i gcaighdeán EN 45554, lena soláthraítear modhanna ginearálta chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas táirgí a bhaineann le fuinneamh a dheisiú, a athúsáid agus a uasghrádú. |
|
(11) |
Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo ó 21 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(12) |
Phléigh an Fóram Comhairliúcháin arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2017/1369 na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus le saineolaithe na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2017/1369, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais maidir le lipéadú fón cliste agus ríomhairí táibléid, agus maidir le faisnéis fhorlíontach faoin táirge a sholáthar maidir le fóin chliste agus ríomhairí táibléid.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas:
|
(a) |
fóin phóca agus ríomhairí táibléid lena ngabhann príomh-thaispeáint sholúbtha ar féidir leis an úsáideoir iad a oscailt amach nó a rolladh suas i bpáirt nó go hiomlán; |
|
(b) |
fóin chliste le haghaidh cumarsáid ardslándála. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘fón póca’ gaireas leictreonach láimhe gan sreang, a mbaineann na saintréithe seo a leanas leis:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘fón cliste’ fón póca, a mbaineann na saintréithe seo a leanas leis:
|
|
(3) |
ciallaíonn ‘fón cliste le haghaidh cumarsáid ardshlándála’ fón cliste, a mbaineann na saintréithe seo a leanas leis:
|
|
(4) |
ciallaíonn úsáideoir gairmiúil aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar cuireadh táirge ar fáil dó lena úsáid le linn a ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘ríomhaire táibléid’ gaireas atá deartha lena iompar agus a mbaineann na saintréithe seo a leanas leis:
|
|
(6) |
ciallaíonn ‘díolphointe’ suíomh ina dtaispeántar aonaid fhóin chliste nó ríomhairí táibléid nó ina dtairgtear iad lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach. |
2. Chun críocha Iarscríbhinní II go IX, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 3
Oibleagáidí ar sholáthróirí
1. Áiritheoidh soláthróirí an méid seo a leanas:
|
(a) |
go soláthraítear lipéad clóite le gach fón cliste nó ríomhaire táibléad san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III; |
|
(b) |
go gcuirtear luachanna pharaiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn V, isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí; |
|
(c) |
i gcás ina n-iarrfaidh an déileálaí go sonrach é, go gcuirtear an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil i bhfoirm chlóite; |
|
(d) |
go gcuirtear a bhfuil sa doiciméadacht theicniúil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, isteach sa bhunachar sonraí táirgí; |
|
(e) |
aon fhógra amhairc le haghaidh múnla sonrach d’fhóin chliste nó de ríomhairí táibléid, cuimseofar ann an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII; |
|
(f) |
aon ábhar cur chun cinn teicniúil a bhaineann le múnla sonrach d’fhóin chliste agus de ríomhairí táibléid, lena n-áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, ina dtugtar tuairisc ar a pharaiméadair theicniúla sonracha, áirítear leis aicme éifeachtúlachta fuinnimh an mhúnla sin agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; |
|
(g) |
go gcuirtear lipéad leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, agus ina bhfuil an fhaisnéis atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe maidir le gach múnla d’fhón cliste nó de ríomhaire táibléid; |
|
(h) |
cuirtear bileog faisnéise leictreonach faoin táirge, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, ar fáil do dhéileálaithe maidir le gach múnla d’fhón cliste agus de ríomhaire táibléid. |
2. Déanfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an aicme iontaofachta maidir le saorthitim arís agus arís eile mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
Airteagal 4
Oibleagáidí ar dhéileálaithe
Áiritheoidh déileálaithe an méid seo a leanas:
|
(a) |
go mbeidh ar gach fón cliste agus ar gach ríomhaire táibléid, ag an díolphointe, lena n-áirítear ag aontaí trádála, an lipéad arna sholáthar ag na soláthróirí i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(1) ar taispeáint i ngaireacht don táirge nó crochta air nó curtha air nó curtha sa chaoi go mbeidh sé sofheicthe go soiléir agus go mbeidh sé ceangailte go soiléir leis an múnla sonrach; |
|
(b) |
i gcás ciandíola, go soláthraítear an lipéad agus an bhileog faisnéise faoin táirge i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII; |
|
(c) |
aon fhógra amhairc le haghaidh múnla sonrach d’fhóin chliste nó de ríomhairí táibléid, lena n-áirítear ar an idirlíon, cuimseofar ann an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad i gcomhréir le hIarscríbhinní VII; |
|
(d) |
aon ábhar cur chun cinn teicniúil a bhaineann le múnla sonrach d’fhón cliste agus de ríomhaire táibléid, lena n-áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, ina dtugtar tuairisc ar a pharaiméadair theicniúla sonracha, áirítear leis aicme éifeachtúlachta fuinnimh an mhúnla sin agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII. |
Airteagal 5
Modhanna tomhais
Déanfar an fhaisnéis a sholáthrófar de bhun Airteagail 3 agus 4 a fháil trí mhodhanna tomhais agus ríofa atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, lena gcuirfear san áireamh na modhanna aitheanta tomhais agus ríofa is nua-aimseartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 6
Nós imeachta fíorúcháin chun críocha faireachais margaidh
Cuirfidh na Ballstáit an nós imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus na seiceálacha um fhaireachas margaidh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 á ndéanamh acu.
Airteagal 7
Athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin lena n-áirítear, más iomchuí, dréacht-togra le haghaidh athbhreithniú, faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tráth nach déanaí ná 20 Meán Fómhair 2027.
Déanfar measúnú san athbhreithniú, go háirithe, ar oiriúnacht na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na modhanna tástála a athbhreithniú chun athruithe ar ghnáthiompraíocht úsáideoirí deiridh agus ar fheidhmiúlachtaí nua a léiriú; |
|
(b) |
faisnéis faoi lorg comhshaoil a chur ar an lipéad; |
|
(c) |
na lamháltais fíoraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a athbhreithniú; |
|
(d) |
an t-innéacs indeisitheachta a athbhreithniú, lena n-áirítear gnéithe breise agus praghsanna na bpáirteanna spártha. |
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 20 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 28.7.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/1670 16.6.2023 ón gCoimisiún an XX XXX 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (Féach leathanach 47 den Iris Oifigiúil)
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(4) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Sainmhínithe is infheidhme maidir leis na hIarscríbhinní
(1)
ciallaíonn ‘luachanna fógartha’ na luachanna arna soláthar ag an soláthróir i leith na bparaiméadar teicniúil sonraithe, ríofa nó tomhaiste sa doiciméadacht theicniúil de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (d), agus le hIarscríbhinn VI den Rialachán seo, chun comhlíonadh údaráis na mBallstát a fhíorú;
(2)
ciallaíonn ‘buanseasmhacht ceallraí in aghaidh an timthrialla’ an t-am is féidir le fón cliste nó le ríomhaire táibléid oibriú agus cás tástála sainithe á rith aige le ceallra lánluchtaithe tosaigh, sula stopann an gaireas go huathoibríoch mar gheall ar cheallra draenáilte, arna shloinneadh in uaireanta an chloig (h);
(3)
ciallaíonn ‘toilleadh ainmniúil’ an méid leictreachais arna dhearbhú ag an monaróir is féidir le ceallra a sheachadadh le linn tréimhse 5 uair an chloig nuair a dhéantar é a thomhas faoi dhálaí sonraithe, arna shloinneadh ina n-uaireanta miollaimpéir (mAh);
(4)
ciallaíonn ‘an toilleadh atá fágtha’ an toilleadh a bhíonn ann nuair a bhíonn an ceallra ag buaicphointe a fheidhmithe i gcónaí agus an toilleadh á thomhas i gcoibhneas leis an toilleadh a bhí ann nuair a bhí an táirge nua;
(5)
ciallaíonn ‘buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta’ méid na dtimthriallta luchtaithe/díluchtaithe is féidir le ceallra a sheasamh go dtí go mbeidh 80 % dá thoilleadh ainmniúil de leictreachas in-úsáidte sroichte, arna shloinneadh i dtimthriallta;
(6)
Ciallaíonn ‘END gaireas [h]’ buanseasmhacht na gceallraí in aghaidh an timthrialla a ríomhtar mar luach ualaithe bunaithe ar an mbuanseasmhacht tomhaiste i gcomhair feidhmeanna sainithe, lena n-áirítear fuireachas, arna sloinneadh in uaireanta an chloig;
(7)
Ciallaíonn ‘C’ tomhas ar an ráta ag a ngearrtar ceallra i gcoibhneas lena thoilleadh, a shainmhínítear mar an sruth luchtaithe roinnte ar an toilleadh, arna shloinneadh in 1/h;
(8)
ciallaíonn ‘voltas ainmniúil’ voltas ceallra arna thomhas ag an lárphointe idir é a luchtú go hiomlán agus é a dhíluchtú go hiomlán bunaithe ar ráta scaoilte 0,2 C;
(9)
ciallaíonn ‘ voltas deiridh le haghaidh buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta tástála’ an voltas ciorcaid iata sonraithe ag a gcuirtear deireadh le díluchtú ceallra, le linn na tástála;
(10)
ciallaíonn ‘innéacs éifeachtúlachta fuinnimh’ an cóimheas idir buanseasmhacht na gceallraí in aghaidh an timthrialla (ENDgaireas) agus voltas ainmniúil an cheallra arna iolrú faoi thoilleadh ainmniúil an cheallra;
(11)
ciallaíonn ‘rátáil cosanta iontrála’ méid na cosanta arna sholáthar ag iatán in aghaidh dul isteach ábhar soladach coimhthíoch agus/nó méid na cosanta in aghaidh dul isteach uisce, arna thomhas de réir modhanna tástála caighdeánaithe agus arna shloinneadh le córas códaithe chun méid na cosanta sin a léiriú;
(12)
ciallaíonn ‘staid bhreisithe go hiomlán’ staid an ghairis ina ndéantar páirteanna sochorraithe mar atá beartaithe lena n-úsáid, amhail taispeáintí agus méarchláir, a nochtadh, a shnámhadh ar oscailt nó a leathnú ar an gcaoi chéanna ionas go ndéantar an t-achar réamh-mheasta a mhaireann leithead a uasmhéadú;
(13)
ciallaíonn ‘ráthaíocht’ aon ghealltanas ón miondíoltóir nó ón soláthróir don tomhaltóir aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:|
(a) |
an praghas a íocadh a aisíoc; |
|
(b) |
an fón cliste nó an ríomhaire táibléid a athsholáthar, a dheisiú nó a láimhseáil ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann sé na sonraíochtaí a leagtar amach sa ráiteas ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha; |
(14)
ciallaíonn ‘páirt spártha’ páirt ar leithligh ar féidir léi an fheidhm chéanna nó an fheidhm chomhchosúil i bhfón cliste nó i ríomhaire táibléid a chur in ionad páirte. Déantar feidhmiúlacht an fhóin chliste nó an ríomhaire táibléid a athchóiriú nó a uasghrádú nuair a chuirtear páirt spártha in ionad na páirte. Féadfar páirteanna spártha a bheith ina bpáirteanna úsáidte;
(15)
ciallaíonn ‘díchóimeáil’ próiseas trína scartar táirge ina bpáirteanna nó ina gcomhpháirteanna ar bhealach ina bhféadfaí é a athchóimeáil agus é a dhéanamh oibríochtúil ina dhiaidh sin;
(16)
ciallaíonn ‘ceanglóir’ gaireas crua-earraí nó substaint lena nasctar nó lena ndaingnítear dhá réad nó dhá pháirt nó dhá phíosa nó níos mó go meicniúil, go maighnéadach nó ar bhealaí eile. Gaireas crua-earraí a bhfuil feidhm leictreach leis de bhreis air sin, measfar gur ceanglóir é;
(17)
ciallaíonn ‘ceanglóir in-athúsáidte’ ceanglóir is féidir a athúsáid go hiomlán san athchóimeáil chun na críche céanna agus nach ndéanann aon damáiste don táirge ná don cheanglóir féin le linn an díchóimeála nó an phróisis athchóimeála ar bhealach a fhágann nach féidir iad a athúsáid níos mó ná uair amháin;
(18)
ciallaíonn ‘ceanglóir athsholáthartha’ ceanglóir inbhainte a sholáthraítear gan aon chostas breise leis an bpáirt spártha a bhfuil sé beartaithe aige a nascadh nó a dhaingniú; measfar gur ceanglóirí athsholáthartha iad greamacháin má sholáthraítear an pháirt spártha dóibh i gcainníocht atá leordhóthanach i gcomhair na hathchóimeála, gan aon chostas breise;
(19)
ciallaíonn ‘ceanglóir inbhainte’ ceanglóir nach ceanglóir in-athúsáide é, ach nach ndéanann damáiste don táirge nó go bhfágfar iarmhar lena gcoisctear athchóimeáil;
(20)
ciallaíonn ‘céim’ oibríocht a chríochnaíonn agus páirt (nó cuach) á baint nó le hathrú uirlise; measfar gur baint bheidh ann freisin má chuirtear páirt in aon áit eile seachas a suíomh tosaigh, fiú más rud é go bhfuil páirt-dhícheangal nó díphlugáil i gceist;
(21)
ciallaíonn ‘nuashonrú slándála’ nuashonrú ar an gcóras oibriúcháin, lena n-áirítear paistí slándála, más ábhartha iad le haghaidh gaireas ar leith, a bhfuil sé de phríomhchuspóir ag an ngaireas sin slándáil fheabhsaithe a sholáthar le haghaidh an ghairis;
(22)
ciallaíonn ‘nuashonrú ceartaitheach’ nuashonrú ar an gcóras oibriúcháin, lena n-áirítear paistí ceartaitheacha, arb é is cuspóir dóibh ceartúcháin a sholáthar d’fhabhtanna, d’earráidí nó do mhífheidhmeanna sa chóras oibriúcháin;
(23)
ciallaíonn ‘nuashonrú feidhmiúlachta’ nuashonrú ar an gcóras oibriúcháin arb é an príomhchuspóir atá le feidhmiúlachtaí nua a chur chun feidhme;
(24)
ciallaíonn ‘ceallra’ aon pháirt de chomhdhéanamh cille ceallra amháin nó roinnt ceall ceallra, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, ciorcadra leictreonach a bhfuil braiteoirí ann a bhaineann le ceallraí agus ar le haghaidh bainistíocht ceallraí iad, cásálacha, tráidire ceallra, bracanna, díonadh, ábhair comhéadain teirmigh, agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(25)
ciallaíonn cumhdach cúil’ nó ‘cóimeáil chumhdaigh cúil’ cásáil an phríomhchúil, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge: an fráma, ciseal cumhdaigh ar chúl ceangailte leis an bpríomhcheap cúil, cumhdaigh lionsa an cheamara cúil, aeróga clóite nó plátáilte, bracanna, sciatha, gaiscéid, naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas agus ábhair chomhéadain theirmigh;
(26)
ciallaíonn ‘micreafón cúnta’ micreafón nach bhfuil fíor-riachtanach le haghaidh comharthaí gutha úsáideoirí, ach a sholáthraíonn feidhmeanna tánaisteacha, amhail laghdú torainn chomhthimpeallaigh, gan a bheith teoranta dó sin;
(27)
ciallaíonn ‘cóimeáil cheamara éadain’ aon pháirt arb é atá inti ceamara amháin nó roinnt ceamaraí atá dírithe ar úsáideoir an ghairis, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge:|
(a) |
comhpháirteanna ceamara agus braiteoirí gaolmhara; |
|
(b) |
comhpháirteanna tóirse; |
|
(c) |
comhpháirteanna optúla; |
|
(d) |
comhpháirteanna meicniúla a bhfuil gá leo le haghaidh feidhmeanna amhail cobhsú íomhánna agus fócas; |
|
(e) |
cásáil/cásalacha modúil; |
|
(f) |
bracanna; |
|
(g) |
sciatha; |
|
(h) |
soilse comhartha; |
|
(i) |
micreafóin chúnta; |
|
(j) |
naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas; |
(28)
ciallaíonn ‘cóimeáil cheamara cúil’ aon pháirt de chomhdhéanamh ceamara amháin nó roinnt ceamaraí atá dírithe ar chúl an ghairis, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge:|
(a) |
comhpháirteanna ceamara agus braiteoirí gaolmhara; |
|
(b) |
comhpháirteanna tóirse; |
|
(c) |
comhpháirteanna optúla; |
|
(d) |
comhpháirteanna meicniúla a bhfuil gá leo le haghaidh feidhmeanna amhail cobhsú íomhánna agus fócas; |
|
(e) |
cásáil/cásalacha modúil; |
|
(f) |
bracanna; |
|
(g) |
sciatha; |
|
(h) |
micreafóin chúnta; |
|
(i) |
naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas; |
(29)
ciallaíonn ‘nascóir fuaime seachtraí’ nascóir le haghaidh comharthaí fuaime lena gceangal le fearas cinn nó le callairí nó le gaireas fuaime comhchosúil, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, bracanna, gaiscéid agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(30)
ciallaíonn ‘port luchtaithe seachtrach’ port le haghaidh ceallra a luchtú trí shreang, ar port é a d’fhéadfadh a bheith in úsáid freisin le haghaidh sonraí a mhalartú agus gaireas eile a luchtú droim ar ais, ar de chomhdhéanamh ghabhdáin USB-C agus cásála gaolmhaire é, a n-áirítear leis, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, bracanna, gaiscéid agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(31)
ciallaíonn ‘cnaipe meicniúil’ lasc meicniúil nó cóimeáil de lasca meicniúla atá in-íslithe nó cnaipe sleamhnáin ar féidir é a bhogadh ar bhonn meicniúil chun feidhmeanna amhail airde fuaime, an ceamara a spreagadh, nó an gaireas a chur ar siúl nó a mhúchadh agus a n-áirítear leis sin, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, bracanna, gaiscéid agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(32)
ciallaíonn ‘micreafón príomhúil nó micreafóin phríomhúla’ micreafón nó micreafóin a bheartaítear le haghaidh comharthaí gutha an úsáideora lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, bracanna, gaiscéid agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(33)
ciallaíonn ‘cainteoir’ gach callaire agus gach páirt mheicniúil chun fuaim a ghiniúint, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann leis an múnla táirge, cásálacha modúil, gaiscéid agus naisc leictreacha le cóimeálacha eile den ghaireas;
(34)
ciallaíonn ‘cóimeáil inse’ páirt lenar féidir gaireas a fhilleadh agus a shláine oibríochtúil á chaomhnú i gcomhthráth, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cásálacha modúil;
(35)
ciallaíonn ‘meicníocht fhilleadh meicniúil an scáileáin taispeána’ páirt lena gcumasaítear gaireas, lena n-áirítear a scáileán taispeána, chun a bheith fillte, trí bhíthin páirte nó cóimeála, agus a shláine oibríochtúil á chaomhnú i gcomhthráth;
(36)
ciallaíonn ‘luchtaire’ soláthar cumhachta seachtrach chun an ceallra fóin póca, fóin gan sreang nó ríomhaire táibléid atá cheallra-chumhachtaithe a luchtú agus chun cumhacht leictreach a sholáthar dóibh;
(37)
ciallaíonn ‘cóimeáil taispeána’ cóimeáil an aonaid taispeána, agus, i gcás inarb ábhartha, cóimeáil aonaid digiteora an phainéil tosaigh, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le múnla an táirge:|
(a) |
cúlphláta; |
|
(b) |
sciathadh; |
|
(c) |
fráma an taispeána; |
|
(d) |
aonaid chúlsolais; |
|
(e) |
ciorcadra leictreonaice lena n-áirítear:
|
(38)
ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ oibreoir nó gnóthas a dheisíonn fóin chliste nó ríomhairí táibléid agus a dhéanann iad a chothabháil ar bhonn gairmiúil mar sheirbhís nó d’fhonn an gaireas deisithe a athdhíol ina dhiaidh sin;
(39)
ciallaíonn ‘faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil’ an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil amhail ó Iarscríbhinn II, pointe B 1.1 (2)e, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670 le haghaidh fóin chliste, agus amhail ó Iarscríbhinn II, pointe D 1.1 (2)e de Rialachán (AE) 2023/1670, le haghaidh ríomhairí táibléid, nach mór do mhonaróirí, d’allmhaireoirí nó d’ionadaithe údaraithe rochtain a thabhairt orthu maidir leis an táirge ábhartha;
(40)
ciallaíonn ‘dáta chur ar an margadh’ an dáta a chuirtear an chéad aonad de mhúnla táirge ar an margadh;
(41)
ciallaíonn ‘dáta thógáil as an margadh’ an dáta a chuirtear an t-aonad deireanach de mhúnla táirge ar an margadh;
(42)
ciallaíonn ‘uirlis dhílseánach’ uirlis nach bhfuil ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne nó uirlis nach bhfuil aon phaitinn is infheidhme ar fáil ar cheadúnas ina leith faoi théarmaí réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha;
(43)
ciallaíonn ‘uirlisí bunúsacha’ scriúire le haghaidh cinn sliotánacha, scriúire le haghaidh scriúnna cros-chuais, scriúire le haghaidh cinn de chuas heicsea-mhaotháiníneach, eochair heicseagánach le haghaidh soicéid, rinse teaglama, greamairí teaglama, greamairí teaglama le haghaidh baint sreinge agus rocáil teirminéil, greamairí leath shoc-chiorclacha, gearrthóirí trasnánacha, greamairí ilghreamanna, greamairí glasála, luamhán bogtha, pionsúirín, gloine formhéadúcháin, uirlis slaite agus piocóid;
(44)
ciallaíonn ‘uirlis atá ar fáil ar bhonn tráchtála’ uirlis atá ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne ach nach uirlis bhunúsach ná uirlis dhílseánach í;
(45)
ciallaíonn ‘cumhdach cosanta ar leithligh’ cumhdach cosanta a fhéadfar a sheoladh le fón cliste nó ríomhaire táibléid, ach nach bhfeidhmíonn mar pháirt riachtanach den chásáil agus nach meastar mar dhlúthchuid den táirge.
IARSCRÍBHINN II
Aicmí éifeachtúlachta fuinnimh
|
A. |
Cinnfear aicme éifeachtúlachta fuinnimh fóin chliste nó ríomhaire táibléid ar bhonn a Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) mar a leagtar amach i dTábla 1 le haghaidh fóin chliste agus i dTábla 2 le haghaidh ríomhairí táibléid. Cinnfear EEI d’fhón cliste nó de ríomhaire táibléid i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 1.
Tábla 1. Aicmí éifeachtúlachta fuinnimh fón cliste
Tábla 2: Aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ríomhairí táibléid
|
|
B. |
Déanfar aicme iontaofachta saorthitime, arís agus arís fóin chliste nó ríomhaire táibléid a chinneadh ar bhonn an líon titimí gan fabht mar a leagtar amach i dTábla 3. Cinnfear an líon titimí gan fabht i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 4.
Tábla 3: Aicmí d’iontaofacht saorthitime fhóin chliste agus ríomhairí táibléid
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
C. |
Cinnfear aicme indeisitheachta fhóin chliste nó ríomhaire táibléid ar bhonn an innéacs indeisitheachta mar atá leagtha amach i dTábla 4. Cinnfear an t-innéacs indeisitheachta i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 5.
Tábla 4: Aicmí indeisitheachta fhóin chliste agus ríomhairí táibléid
|
IARSCRÍBHINN III
Lipéad le haghaidh fóin chliste agus ríomhairí táibléid
1. LIPÉAD D’FHÓIN CHLISTE AGUS DO RÍOMHAIRÍ TÁIBLÉID
Lipéad:
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad le haghaidh fóin chliste agus ríomhairí táibléid:
|
(I) |
cód QR; |
|
(II) |
an trádmharc; |
|
(III) |
aitheantóir múnla an tsoláthróra; |
|
(IV) |
scála aicmí éifeachtúlachta fuinnimh ó A go G; |
|
(V) |
an aicme éifeachtúlachta fuinnimh arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(VI) |
buanseasmhacht na gceallraí in aghaidh an timthrialla (ENDGaireas), in uaireanta agus nóiméid in aghaidh luchtú iomlán ceallra, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 1; |
|
(VII) |
aicme d’iontaofacht saorthitime arís agus arís eile arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(VIII) |
aicme indeisitheachta arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II; |
|
(IX) |
buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta, i dtimthriallta, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 2; |
|
(X) |
rátáil cosanta iontrála i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, pointe 3; |
|
(XI) |
uimhir an Rialacháin seo, is é sin ‘2023/1669’. |
2. DEARADH LIPÉAD LE hAGHAIDH FÓIN CHLISTE AGUS RÍOMHAIRÍ TÁIBLÉID
|
2.1. |
Beidh dearadh an lipéid le haghaidh fóin chliste agus ríomhairí táibléid mar atá san fhigiúr thíos.
|
|
2.2. |
Comhlíonfaidh an lipéad le haghaidh fóin chliste agus ríomhairí táibléid na sonraíochtaí seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN IV
Modhanna tomhais agus ríofa
Chun críocha comhlíontachta agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó trí mhodhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe eile a úsáid, lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta agus atá i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach thíos.
In éagmais caighdeáin ábhartha agus go dtí go bhfoilseofar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, úsáidfear na modhanna tástála idirthréimhseacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn IVa, nó modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe eile, lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a aithnítear go ginearálta.
I gcás ina bhfógrófar paraiméadar de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/1369 agus i gcomhréir le Tábla 9 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, úsáidfidh an soláthróir a luach fógartha le haghaidh na ríomhanna san Iarscríbhinn seo.
1. AN tINNÉACS ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH A RÍOMH
Déanfar fóin chliste agus ríomhairí táibléid a thástáil maidir le buanseasmhacht ceallraí in aghaidh an timthrialla leis na socruithe tástála seo a leanas, agus tús á chur leis an tástáil le ceallra lánluchtaithe i ngach ceann acu:
1.1. Socruithe agus cumraíocht ghinearálta an ghairis
|
— |
déanfar feidhmchlár a shuiteáil ar an ngaireas chun an cás tástála agus an t-inneachar is gá a úsáideadh le linn na tástála a leabú; |
|
— |
dúnfar gach feidhmchlár (ach amháin feidhmchláir de chuid an chórais a éilítear); |
|
— |
ní bheidh aon chuntas úsáideora sonrach (e.g. Google nó Apple ID) ag teastáil chun an tástáil a dhéanamh; |
|
— |
is é an brabhsálaí gréasáin a úsáidfear le linn na tástála brabhsálaí OS dúchasach an ghairis; |
|
— |
déanfar gnéithe coigilte cumhachta a dhíchumasú sula dtosófar ar an tástáil; |
|
— |
ní bheidh aon ghabhálas nasctha leis an ngaireas; |
|
— |
i gcás gaireas dé-SIM, ní chuirfear isteach ach aon chárta SIM amháin; i gcás gaireas dé-SIM a bhfuil eSIM acu, múchfar eSIM; i gcás gaireas nach bhfuil acu ach amháin eSIM, úsáidfear eSIM; |
|
— |
socrófar gile ag 200 cd/m2 ag baint úsáide as trealamh seachtrach chun an socrú sin a áirithiú; |
|
— |
déanfar gile uathoibríoch a mhúchadh agus socrófar an ráta athnuachana ag an luach réamhshocraithe; |
|
— |
díchumasófar mód dorcha; |
|
— |
socrófar na hairdí fuaime uile (glao agus meáin) ag 75 dBa ag fad sainithe ag úsáid trealamh seachtrach chun an socrú seo a áirithiú. Socrófar an airde fuaime ag úsáid méadar fuaimleibhéil ag 20 cm ó aghaidh (scáileán) an ghairis; |
|
— |
is é an callaire a úsáidfear le linn físeáin an ceann a shocrófar i réamhshocrú an ghairis; |
|
— |
le linn an ghlao, áiritheofar leis an bhfeidhmchlár go mbeidh an scáileán múchta, ní bheidh gá le haon ionsamhlúchán sonrach ar an mbraiteoir gaireachta; |
|
— |
féadfar aon insamhlóir líonra a úsáid, más féidir leis tacú leis na socruithe riachtanacha; déanfar an t-inneachar sonrach (físeán, leathanaigh ghréasáin, comhaid) a uaslódáil ar an ionsamhlóir. |
1.2. Seicheamh tástála
1.2.1. Seicheamh tástála le haghaidh fóin chliste:
Ó leibhéal luchtaithe ceallraí 100 % go múchadh ceallraí: déan timthriall arís is arís eile de:
|
— |
Glao gutháin (4 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (30 nóiméad); |
|
— |
Brabhsáil gréasáin (9 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (30 nóiméad); |
|
— |
Sruthú físe (4 nóiméad); |
|
— |
Cluichíocht (1 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (30 nóiméad); |
|
— |
Aistriú sonraí: Uaslódáil agus íoslódáil http (8 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (30 nóiméad); |
|
— |
Athsheinm físe (4 nóiméad); Nuair a mhúchtar an gaireas: Críochnaigh an tástáil. |
1.2.2. Seicheamh tástála le haghaidh ríomhairí táibléid:
Ó leibhéal luchtaithe ceallraí 100 % go múchadh ceallraí: déan timthriall arís is arís eile de:
|
— |
Cluichíocht (5 nóiméad). |
|
— |
Réchasta (66 nóiméad); |
|
— |
Brabhsáil gréasáin (11 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (66 nóiméad); |
|
— |
Sruthú físe (6 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (66 nóiméad); |
|
— |
Aistriú sonraí: Uaslódáil agus íoslódáil http (2 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (66 nóiméad); |
|
— |
Athsheinm físe (6 nóiméad); |
|
— |
Réchasta (66 nóiméad); Nuair a mhúchtar an gaireas: Críochnaigh an tástáil. |
1.3. Ríomh
Is ionann buanseasmhacht ceallraí (ENDgaireas) in uaireanta agus aga rite tseichimh tástála sonraithe:
ENDgaireas = ENDtástáil
i gcás ina bhfuil ENDgaireas mar fhad iomlán na tástála in uaireanta, agus é slánaithe go dtí an dara hionad deachúil.
Déanfar an t-innéacs éifeachtúlachta fuinnimh (EEI) d’fhón cliste nó do ríomhaire táibléid a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas agus slánaithe go dtí an dara hionad deachúil:
EEI =
I gcás inarb amhlaidh:
|
— |
Is é EEI an tInnéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh in 1/W; |
|
— |
Is é Unom an voltas ainmniúil in V; |
|
— |
IS éC rátaithe an toilleadh ceallraí rátaithe in mAh. |
Ríomhfar EEI le leagan an chórais oibriúcháin atá suiteáilte ar an múnla táirge ar an dáta ar cuireadh ar an margadh é.
2. TOMHAS AR BHUANSEASMHACHT CEALLRAÍ I dTIMTHRIALLTA
Déanfar ceallraí fón cliste agus ríomhairí táibléid a thástáil le haghaidh buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta go dtí go sroichfidh toilleadh leictreach inúsáidte an cheallra 80 % dá thoilleadh ainmniúil; déanfar an ceallra a thástáil de réir na n-algartam luchtaithe réamhshocraithe arna gcur chun feidhme ag an monaróir.
Déanfar an líon timthriallta a eascraíonn as sin a shlánú síos go céadta iomlána mar ‘≥ x00’ agus a lua i raonta mar ≥ 800, ≥ 900, ≥ 1 000, ≥ 1 100, ≥ 1 200, ≥ 1 300, ≥ 1 400.
Ríomhfar buanseasmhacht na gceallraí i dtimthriallta leis an gcóras oibriúcháin atá suiteáilte ar an múnla táirge ar an dáta ar cuireadh ar an margadh é.
3. AN CHOSAINT IONTRÁLA A THOMHAS
Déanfar cosaint iontrála ar cháithníní agus ar thaise isteach a lua mar chód IP, a chomhfhreagróidh do na leibhéil a liostaítear i dTábla 5. Déanfar tástálacha gan cumhdach cosantach.
Tábla 5:
Leibhéil rátála cosanta iontrála
|
Leibhéal rátála |
Ábhair sholadacha choimhthíocha a bheith ag dul isteach |
Uisce a bheith ag dul isteach le héifeachtaí díobhálacha |
|
|
Méid réada |
Cosaint in aghaidh |
|
0 |
gan aon chosaint |
gan aon chosaint |
|
1 |
≥ 50 mm |
sileadh uisce ingearach |
|
2 |
cosanta ar theagmháil le méara agus ≥ 12 mm |
sprae uisce níos lú ná 15 chéim ó ingearach |
|
3 |
≥ 2,5 mm |
sprae uisce níos lú ná 60 céim ó ingearach |
|
4 |
≥ 1 mm |
stealladh uisce |
|
5 |
deannach-chosanta |
scairdeadh uisce |
|
6 |
deannach-dhíonach |
scairdeadh cumhachtach uisce |
|
7 |
n/bh |
tumadh sealadach, doimhneacht 1 m |
|
8 |
n/bh |
tumadh leanúnach, doimhneacht 1 m nó níos mó |
4. FRIOTAÍOCHT IN AGHAIDH TITIMÍ DE THAISMÉ NÓ LE hIONTAOFACHT SAORTHITIME ARÍS AGUS ARÍS EILE
Déantar friotaíocht in aghaidh titimí de thaisme nó le hiontaofacht saorthitime arís agus arís eile a thomhas trí líon na titime gan fabht sa tástáil saorthitime arís agus arís eile. Déanfar tástálacha saorthitime arís agus arís eile ina mbeidh cúig aonad de gach múnla le haghaidh gach ceann de na cásanna tástála is infheidhme. Comhfhreagraíonn an fhriotaíocht in aghaidh titimí de thaisme don líon titimí ar éirigh leo i gceithre cinn ar a laghad de na cúig aonad atá faoi thástáil. Cinnfear an líon titimí in aghaidh an aonaid leis na coinníollacha tástála seo a leanas:
|
(a) |
gan scragaill chosanta agus clúdach cosanta ar leith, más ann dóibh, le haghaidh gairis neamh-infhillte; |
|
(b) |
le scragall cosanta ar an taispeáint le haghaidh gairis infhillte, sa staid neamhbhreisithe ar an gcéad dul síos agus sa staid bhreisithe go hiomlán ina dhiaidh sin ar an aonad céanna faoi thástáil i gcomhréir le táblaí 6 agus 7; |
|
(c) |
airde titime 1 m; |
|
(d) |
tar éis líon sainithe titimí a chomhfhreagraíonn do na heatraimh a shonraítear i dtáblaí 6 agus 7, ní mór don aonad atá á thástáil a bheith feidhmiúil gan fabht, agus tagairt ar leith á déanamh do na feidhmiúlachtaí seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
|
|
(e) |
ní mheasfar scoilteanna ar an bhfráma nó ar an gcúl a bheith ina bhfabhtanna chomh fada agus a thugtar feidhmiúlacht iomlán agus úsáid shábháilte an aonaid atá á thástáil; |
|
(f) |
ní mheasfar scoilteanna an scáileáin tadhaill agus aon sraith chumhdaigh eile de chuid an taispeána a bheith ina bhfabhtanna chomh fada agus a thugtar feidhmiúlacht iomlán agus úsáid shábháilte an aonaid atá á thástáil; |
|
(g) |
i gcás nach gcinntear aon fhabht, leanfar leis an tástáil; |
|
(h) |
i gcás fabht a chinntear agus in aon chás tar éis an uaslíon titimí a shonraítear i dtábla 6 agus 7, cuirfear deireadh le tástáil an aonaid. Tábla 6. Eatraimh tástála chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aonad an fhóin chliste fabhtach
Tábla 7. Eatraimh tástála chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aonad an ríomhaire táibléid fabhtach
|
5. MODH CHUN INNÉACS INDEISITHEACHTA FÓN CLISTE AGUS RÍOMHAIRÍ TÁIBLÉID A RÍOMH
Scór comhiomlánaithe normalaithe atá san Innéacs Indeisitheachta, mar luach ríofa arna dhíorthú ó sé pharaiméadar scórála, sna cásanna seo a leanas:
|
— |
Is é SDD an scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’. |
|
— |
Is é SF an scór ‘Ceanglóirí (cineál)’. |
|
— |
Is é ST an scór ‘Uirlisí (cineál)’. |
|
— |
Is é SSP an scór ‘Páirteanna Spártha’. |
|
— |
Is é SSU an scór ‘Nuashonruithe Bogearraí (fad)’. |
|
— |
Is é SRI an scór ‘Faisnéis Deisiúcháin’. |
Beidh feidhm ag an modheolaíocht scórála chéanna maidir le fóin chliste agus le ríomhairí táibléid araon. Déanfar an tInnéacs Indeisitheachta (R) a ríomh mar seo a leanas:
R = (SDD*0,25)+(SF*0,15)+ (ST*0,15)+ (SSP*0,15)+(SSU*0,15)+(SRI*0,15)
Tá na scóir ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD), ‘Ceanglóirí (cineál)’ (SF) agus ‘Uirlisí (cineál)’ (ST) bunaithe ar chomhiomlánú scóir leibhéil na bpáirteanna tosaíochta seo a leanas:
|
— |
Is é BAT an ceallra. |
|
— |
Is é DA cóimeáil an scáileáin taispeána. |
|
— |
Is é BC an cumhdach cúil nó a cóimeáil an chumhdaigh cúil. |
|
— |
Is é FFC cóimeáil an cheamara éadain. |
|
— |
Is é RFC cóimeáil an cheamara cúil. |
|
— |
Is é EC an port luchtaithe seachtrach. |
|
— |
Is e BUT an cnaipe meicniúil. |
|
— |
Is Mic an príomh-mhicreafón. |
|
— |
Is SPK an callaire. |
|
— |
Is FM an chóimeáil insí nó meicníocht fhilleadh meicniúil an scáileáin taispeána. |
Má tá aon cheann de na páirteanna tosaíochta i dtáirge níos mó ná uair amháin, ní chuirfear ach an ceann lena seachadtar an scór is ísle san áireamh agus na scóir maidir le ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD), ‘Ceanglóirí (cineál) (SF) agus ‘Uirlisí (cineál) (ST) á ríomh. Mura bhfuil páirt tosaíochta sa táirge, cuirfear leibhéal na bpointí is airde san áireamh le haghaidh na páirte sin.
Déanfar an scór ‘Doimhneacht Díchóimeála’ (SDD) a ríomh mar seo a leanas:
|
(a) |
mura bhfuil an chóimeáil insí nó meicníocht fhilleadh meicniúil an scáileáin taispeána sa táirge, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: SDD = (DDBAT*0,30)+ (DDDA*0,30)+ (DDBC*0,10)+ (DDFFC*0,05)+(DDRFC*0,05)+(DDEC *0,05)+(DDBUT*0,05)+(DDMIC*0,05)+(DDSPK *0,05) |
|
(b) |
má tá an chóimeáil insí nó meicníocht fhilleadh meicniúil an scáileáin taispeána ann, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: SDD = (DDBAT*0,25)+ (DDDA*0,25)+ (DDBC*0,09)+(DDFFC*0,04)+(DDRFC*0,04)+(DDEC *0,04)+(DDBUT*0,04)+(DDMIC*0,04)+(DDSPK *0,04)+ (DDFM*0,17). |
Measúnú ar an Doimhneacht Díchóimeála (DD) ag leibhéal páirteach
An scór Doimhneacht Díchóimeála (DDi) le haghaidh gach páirt tosaíochta de chuid i (DDBAT; DDDA, DDBC, DDFFC, DDRFC, DDEC, DDBUT, DDMIC, DDSPK, DDFM) déanfar é a ríomh bunaithe ar líon na gcéimeanna is gá chun páirt a bhaint as táirge, gan dochar a dhéanamh don táirge. Tosaíonn comhaireamh na gcéimeanna le haghaidh gach páirte ón táirge agus é cóimeáilte go hiomlán, an luchtaire dícheangailte agus aon chárta SIM suiteáilte. Sanntar pointí ó 1 go 5 mar seo a leanas:
|
— |
DDi ≤ 2 chéim = 5 phointe. |
|
— |
5 chéim ≥ DDi > 2 chéim = 4 phointe. |
|
— |
10 gcéim ≥ DDi > 5 chéim = 3 phointe. |
|
— |
15 chéim ≥ DDi > 10 gcéim = 2 phointe. |
|
— |
DDi > 15 chéim = 1 phointe. |
Chun céimeanna díchóimeála a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
|
— |
críochnaítear an comhaireamh doimhneachta díchóimeála nuair a bhíonn an sprioc-pháirt scartha agus inrochtana ina haonar. |
|
— |
i gcás inar gá il-uirlisí a úsáid go comhuaineach, áirítear úsáid gach uirlise mar chéim ar leithligh. |
|
— |
áirítear oibríochtaí a bhaineann le glanadh, baint rianta nó téamh mar chéimeanna. |
|
— |
déanfar an doimhneacht díchóimeála a ríomh ar bhonn na faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil, agus ar bhonn na tuairisce ar na céimeanna díchóimeála do gach páirt tosaíochta sa doiciméadacht theicniúil; |
|
— |
i gcás ina bhfuil gá le fógra nó údarú cianda sraithuimhreacha le haghaidh fheidhmiúlacht iomlán na páirte spártha agus an ghairis, áirítear gach ceann de na gníomhaíochtaí sin mar chúig chéim díchóimeála breise. |
Ríomhtar an scór ‘Ceanglóirí (cineál)’ (SF) mar seo a leanas:
|
(a) |
le haghaidh fóin chliste nó ríomhairí táibléid, seachas cinn infhillte, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: SF=(FBAT*0,30)+ (FDA*0,30)+ (FBC*0,10)+(FFFC*0,05)+(FRFC *0,05)+(FEC *0,05)+(FBUT*0,05)+(FMIC*0,05)+(FSPK*0,05) |
|
(b) |
maidir le fóin chliste infhillte nó ríomhairí táibléid infhillte, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: SF=(FBAT*0,5)+ (FDA*0,25)+ (FBC*0,09)+(FFFC*0,04)+(FRFC *0,04)+(FEC *0,04)+(FBUT*0,04)+(FMIC*0,04)+(FSPK*0,04)+(FFM*0,17) |
Measúnú ceanglóirí (cineál) (F) ar leibhéal páirteanna:
Sanntar na scóir ‘Ceanglóirí (cineál)’ (Fi) le haghaidh gach páirt tosaíochta i (FBAT, FDA, FBC, FFFC, FRFC, FEC, FBUT, FMIC, FSPK, FFM) sanntar iad de réir leibhéal inbhainteachta agus ath-inúsáidte na gceanglóirí a úsáidtear i gcóimeáil an ghairis. Sanntar pointí ó 1 go 5 mar seo a leanas:
|
— |
Ceanglóirí In-athúsáidte = 5 phointe. |
|
— |
Ceanglóirí Athsholáthartha = 3 phointe. |
|
— |
Ceanglóirí Inbhainte = 1 phointe. |
Tá an measúnú ar an gcineál ceanglóirí bunaithe ar an bpróiseas díchóimeála chun an pháirt tosaíochta shonrach a bhaint, ag tosú ón bpáirt tosaíochta roimhe i seicheamh díchóimeála atá bainte cheana féin.
I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla ceanglóirí le linn do pháirt tosaíochta a bheith á díchóimeáil, ba cheart an scór is measa a bhreithniú.
Déanfar na scóir a ríomh ar bhonn na faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil, agus ar bhonn na tuairisce ar na ceanglóirí do gach cuid tosaíochta sa doiciméadacht theicniúil.
Déanfar an scór ‘Uirlisí’ (ST) a ríomh mar seo a leanas:
|
(a) |
le haghaidh fóin chliste nó ríomhairí táibléid, seachas cinn infhillte, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: ST=(TBAT*0,30)+(TSCR*0,30)+(TBC*0,10)+(TFFC*0,05)+(TRFC*0,05)+(TEC*0,05)+(TBUT*0,05)+(TMIC*0,05)+(TSPK*0,05) |
|
(b) |
maidir le fóin chliste infhillte nó ríomhairí táibléid infhillte, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas: ST=(TBAT*0,25)+(TSCR*0,25)+(TBC*0,09)+(TFFC*0,04)+(TRFC*0,04)+(TEC*0,04)+(TBUT*0,04)+(TMIC*0,04)+(TSPK*0,04)+(TFM*0,17) |
Measúnú uirlisí (cineál) (T) ar leibhéal páirteanna
Sanntar na scóir ‘Uirlisí (cineál)’ (Ti) le haghaidh gach páirt tosaíochta i (TBAT, TDA, TBC, TFFC, TRFC, TEC, TBUT, TMIC, TSPK agus TFM) de réir chastacht agus infhaighteacht na n-uirlisí is gá lena n-athsholáthar. Sanntar pointí ó 1 go 5 mar seo a leanas:
|
— |
Gan uirlisí = 5 phointe |
|
— |
Uirlisí bunúsacha = 4 phointe |
|
— |
Sraith uirlisí a sholáthraítear (nó a thairgtear a sholáthar gan aon chostas breise) leis an bpáirt spártha = 3 phointe |
|
— |
Sraith uirlisí a sholáthraítear (nó a thairgtear a sholáthar gan aon chostas breise) leis an táirge = 2 phointe |
|
— |
Uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála = 1 phointe |
Tá an measúnú ar an gcineál uirlisí bunaithe ar an bpróiseas díchóimeála chun an pháirt tosaíochta shonrach a bhaint, ag tosú ón bpáirt tosaíochta roimhe i seicheamh díchóimeála atá bainte cheana féin.
I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla uirlisí ag teastáil chun páirt tosaíochta a dhíchóimeáil, déanfar an scór is ísle a mheas.
Déanfar scóir Ti a ríomh ar bhonn na faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil, agus ar bhonn na tuairisce ar na huirlisí do gach cuid tosaíochta sa doiciméadacht theicniúil.
Páirteanna spártha
Ríomhfar an scór ‘Páirteanna Spártha’ (SSP) ar leibhéal an táirge mar seo a leanas:
|
— |
Tá páirteanna spártha le haghaidh gach páirt tosaíochta ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dheisitheoirí gairmiúla = 5 phointe; |
|
— |
Tá páirteanna spártha le haghaidh cóimeáil taispeána, ceallraí, cumhdach cúil (nó cóimeáil an chumhdaigh cúil) agus ceamaraí ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dheisitheoirí gairmiúla; tá páirteanna spártha le haghaidh gach páirt eile ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla = 4 phointe; |
|
— |
Tá páirteanna spártha le haghaidh cóimeáil taispeána, ceallraí, cumhdach cúil (nó cóimeáil an chumhdaigh cúil) agus ceamaraí ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dheisitheoirí gairmiúla; tá páirteanna spártha le haghaidh gach páirt eile ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla = 3 phointe; |
|
— |
Tá páirteanna spártha le haghaidh cóimeáil taispeána agus ceallraí ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dheisitheoirí gairmiúla; tá páirteanna spártha le haghaidh gach páirt eile ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla = 2 phointe; |
|
— |
Tá páirteanna spártha le haghaidh cóimeáil taispeána ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dheisitheoirí gairmiúla; tá páirteanna spártha do gach páirt eile ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla = 1 phointe; |
|
— |
Ní bheidh páirteanna spártha don chóimeáil insí, meicníocht fhilleadh meicniúil an scáileáin taispeána ar fáil ach amháin i gcás fóin chliste infhillte. |
Nuashonruithe Bogearraí (fad)
Ríomhfar an scór ‘Nuashonruithe Bogearraí (fad)’ (SSU) ar leibhéal an táirge mar seo a leanas:
|
— |
Infhaighteacht íosta ráthaithe nuashonruithe slándála, nuashonruithe ceartaitheacha agus nuashonruithe feidhmiúlachta córais oibriúcháin ar feadh 7 mbliana ar a laghad = 5 phointe. |
|
— |
Infhaighteacht íosta ráthaithe nuashonruithe slándála, nuashonruithe ceartaitheacha agus nuashonruithe feidhmiúlachta córais oibriúcháin ar feadh 6 bliana = 3 phointe. |
|
— |
Infhaighteacht íosta ráthaithe nuashonruithe slándála, nuashonruithe ceartaitheacha agus nuashonruithe feidhmiúlachta córais oibriúcháin ar feadh 5 bliana = 1 phointe. |
|
— |
Tagraíonn na tréimhsí thuas do bhlianta ón dáta a tógadh an múnla táirge as an margadh. |
Faisnéis Deisiúcháin
Déanfar an scór ‘Faisnéis Deisiúcháin’ (SRI) a ríomh ar leibhéal an táirge mar seo a leanas:
|
— |
Infhaighteacht phoiblí na faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil, seachas léaráidí boird leictreonacha, gan aon chostas d’úsáideoirí deiridh agus infhaighteacht faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil, lena n-áirítear léaráidí boird leictreonacha, gan aon chostas do dheisitheoirí gairmiúla = 5 phointe |
|
— |
Infhaighteacht faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil gan aon chostas do dheisitheoirí gairmiúla = 3 phointe. |
|
— |
Infhaighteacht faisnéise faoi dheisiú agus faoi chothabháil le táille réasúnta agus comhréireach do dheisitheoirí gairmiúla = 1 phointe |
|
— |
Measfar táille a bheith réasúnach más rud é nach ndíspreagann sí rochtain toisc nach gcuirtear san áireamh inti a mhéid a úsáideann an deisitheoir gairmiúil an fhaisnéis. |
IARSCRÍBHINN IVa
Modhanna Idirthréimhseacha
Tagairtí agus nótaí cáilitheacha le haghaidh fóin chliste agus ríomhairí táibléid
|
Paraiméadar |
Foinse |
Modh/Teideal tástála tagartha |
Nótaí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Scór ceanglóirí (cineál) (SF) agus scór Uirlisí (cineál) (ST) |
CEN |
EN 45554:2020 |
Ceanglóirí agus nascóirí: féach Tábla A.1 den chaighdeán, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. Uirlisí: féach Tábla A.2 den chaighdeán, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
EEI |
An Coimisiún Eorpach |
Sonraíochtaí tástála EEI |
https://ec.europa.eu/docsroom/documents/50214 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cosaint in aghaidh cáithníní agus uisce |
IEC |
IEC 60529:1989/AMD2:2013/COR1:2019 |
deannach-dhíonach agus cosanta ar thumadh in uisce suas le doimhneacht 1 mhéadar: IP67; cosanta ar ábhair sholadacha choimhthíocha atá níos mó ná 1 milliméadar ar mhéid a bheith ag dul isteach sa ghaireas agus ar stealladh uisce: IP44. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Toilleadh rátaithe agus buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta |
Cenelec |
IEC EN 61960-3:2017 |
Déanfar buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta a thomhas leis an seicheamh tástála seo a leanas:
Déanfar tástálacha le foinse chumhachta sheachtrach, nach gcuireann teorainn le tarraingt cumhachta an cheallra agus a fhágann don algartam luchtaithe réamhshocraithe sonraithe é chun an ráta luchtaithe a rialú. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cruas scríobtha |
CEN |
EN 15771:2010 |
Déanfar tástáil ar chruas scríobtha ar an limistéar taispeána atá le feiceáil, gan cumhdach cosanta ar an scáileán taispeána |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Coinníollacha comhthimpeallacha thástáil strustuirse an cheallra |
ECMA |
ECMA 383 |
Teocht chomhthimpeallach (23 ± 5) °C, taise choibhneasta 10 % go 80 %, solas comhthimpeallach (250 ± 50) Lucsa |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Friotaíocht in aghaidh titimí de thaisme nó le hiontaofacht saorthitime arís agus arís eile |
IEC |
IEC 60068-2-31, Saorthitim arís is arís eile – Nós Imeachta 2 |
Déanfar fóin chliste a thástáil le haghaidh frithsheasmhachta in aghaidh titimí timpisteacha, airde thitime 1 mhéadar; ní mór an tástáil a dhéanamh le 5 aonad i ndiaidh a chéile agus éiríonn leis na fóin phóca má éiríonn le 4 aonad ar a laghad sa tástáil. Cuirfear isteach ar an tástáil saorthitime mar a leagtar amach i dTábla 6 chun a fhíorú, má tá feidhmiúlacht iomlán an ghairis fós tugtha. I gcás nach gcinntear aon fhabht, leanfar leis an tástáil, agus cuirfear an t-aonad faoi thástáil, i gcás fóin chliste, sa tástálaí titime sa treoshuíomh céanna ar thángthas ar an ngaireas nuair a cuireadh isteach ar an tástáil. Is é an luach a bheidh le lua ar an mbileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V an líon titimí a éiríonn le 4 aonad as 5 aonad ar a laghad a bhaint amach. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
IEC 60068-2-31, Saorthitim – Nós Imeachta 1 |
Déanfar ríomhairí táibléid a thástáil le haghaidh frithsheasmhachta in aghaidh titimí timpisteacha, airde thitime 1 mhéadar ar phláta cruach 3 mm le tacaíocht crua-adhmaid tiubh 10-19 mm (diall ó nós imeachta 1); 26 threoshuímh rialaithe le titim ar gach aghaidh, gach imeall agus gach cúinne, mar a shonraítear sa seicheamh tástála thíos; ní mór an tástáil a dhéanamh le 5 aonad i ndiaidh a chéile agus éiríonn leis na fóin phóca má éiríonn le 4 aonad ar a laghad sa tástáil. I staid bhreisithe go hiomlán, lig don ríomhaire táibléid titim sna treoshuímh seo a leanas i ndiaidh a chéile, go dtí go mbaintear amach an líon titime is gá. Sainmhínítear ainmniúcháin imeall, cúinní, aghaidheanna leis an gcuid taispeána is mó chun tosaigh, an ceamara chun tosaigh in aice leis an imeall ar barr, nó, mura sainmhínítear go soiléir an t-ainmniúchán leis an méid sin, leis an gceamara chun tosaigh in aice leis an imeall ar chlé, agus an gléas á chomhfhogasú le geoiméadracht chiúbach. Lig dó titim ar na codanna seo a leanas:
Tar éis roinnt titimí mar a leagtar amach i dTábla 7 fíorófar feidhmiúlacht iomlán an ghairis. I gcás nach gcinntear aon fhabht, leanfar leis an tástáil:
Is é an luach a bheidh le lua ar an mbileog faisnéise faoin táirge mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V an líon titimí a éiríonn le 4 aonad as 5 aonad ar a laghad a bhaint amach. |
IARSCRÍBHINN V
Bileog faisnéise faoin táirge
De bhun Airteagal 3(1), pointe (b), iontrálfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach i dTábla 8 sa bhunachar sonraí táirgí.
Léireofar go soiléir sa lámhleabhar úsáideora nó i litríocht eile a sholáthraítear leis an táirge an nasc chuig an múnla sa bhunachar sonraí táirgí mar Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainní (URL) atá inléite ag an duine nó mar chód QR nó tríd an uimhir chlárúcháin táirge a sholáthar.
Tábla 8.
Bileog faisnéise faoin táirge
|
||||
|
||||
|
||||
|
Paraiméadar |
Luach |
|||
|
[fón cliste/an táibléad] |
|||
|
[Android/iOS/eile] |
|||
|
[A/B/C/D/E/F/G]b |
|||
|
[tá/níl] |
|||
|
x |
|||
|
≥x00 |
|||
|
x |
|||
|
[tá/níl] |
|||
|
[≥ x] |
|||
|
[≥ x/n.a.] |
|||
|
[A/B/C/D/E]b |
|||
|
IPxx |
|||
|
[x,xx/n.a.] |
|||
|
x |
|||
|
Aschur cumhachta a éilítear [W] |
x |
||
|
Cineál gabhdáin (ag deireadh an ghairis) |
[USB-A/USB-Micro B/USB-C/eile] |
|||
|
Faisnéis Deisiúcháin: |
||||
|
x |
|||
|
[A/B/C/D/E]b |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
x,xx/5 |
|||
|
https://xxx |
|||
|
https://xxx |
|||
|
https://xxx |
|||
|
Faisnéis bhreise: |
||||
|
x |
|||
|
|
||||
(1) Ní mheasfar go mbeidh athruithe ar na hítimí sin ábhartha chun críocha Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2017/1369.
(2) Ní mheasfar go mbeidh an ítim seo ábhartha chun críocha Airteagal 2(6) de Rialachán (AE) 2017/1369.
(3) Comhlíontar leis an bpróiseas le haghaidh athsholáthar ceallraí na critéir seo a leanas:
|
— |
beidh ceanglóirí athsholáthartha nó in-athúsáide; |
|
— |
beidh an próiseas le haghaidh athsholáthair indéanta gan aon uirlis, le huirlis nó le tacar uirlisí a sholáthraítear leis an táirge nó leis an bpáirt spártha, nó le bun-uirlisí; |
|
— |
beifear in ann an próiseas le haghaidh athsholáthair a dhéanamh i dtimpeallacht úsáide; |
|
— |
beidh gnáthdhuine in ann an próiseas le haghaidh athsholáthair a dhéanamh. |
(4) Is í is oibleagáid do na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a chur san áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe B 1.1 (1) d, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670, le haghaidh fóin chliste, agus in Iarscríbhinn II, pointe D 1.1 (1) d a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670, le haghaidh ríomhairí táibléid.
(5) Is í is oibleagáid do na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a chur san áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe B 1.1 (2), an mhír dheireanach a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670, le haghaidh fóin chliste, agus in Iarscríbhinn II, pointe D 1.1 (2), an mhír dheireanach, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670 le haghaidh ríomhairí táibléid.
(6) Is í is oibleagáid do na soláthróirí an nasc gréasáin chuig an suíomh gréasáin ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha ar fáil a chur san áireamh. Mar sin féin, tá rochtain éifeachtach ar an suíomh gréasáin le deonú i gcomhréir leis an amlíne agus leis na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe B 1.1 (4), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670], le haghaidh fóin chliste, agus in Iarscríbhinn II, pointe D 1.1 (4), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1670, le haghaidh ríomhairí táibléid.
(7) Ní iontrálfaidh an soláthraí sin na sonraí i gcás gach múnla más sa bhunachar sonraí a ghintear go huathoibríoch iad.
IARSCRÍBHINN VI
Doiciméadacht theicniúil
1.
Áireofar an méid seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (d):|
(a) |
tuairisc ghinearálta ar an múnla lenar féidir é a shainaithint go haonchiallach agus go héasca; |
|
(b) |
tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a cuireadh i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáideadh; |
|
(c) |
tuairisc ar na céimeanna díchóimeála le haghaidh gach páirt tosaíochta d’Iarscríbhinn IV, pointe 5, lena n-áirítear na huirlisí agus na ceanglóirí a bhfuil gá leo ag gach céim, más ann dóibh; |
|
(d) |
réamhchúraimí sonracha atá le déanamh nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil; |
|
(e) |
luachanna na bparaiméadar teicniúil a leagtar amach i dTábla 9; meastar gurb iad na luachanna sin na luachanna fógartha chun críche an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn IX; |
|
(f) |
mionsonraí agus torthaí na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV; |
|
(g) |
dálaí tomhais nó tástála mura dtugtar tuairisc leordhóthanach orthu i bpointe (b), lena n-áirítear algartaim luchtaithe ceallraí don nós imeachta luchtaithe réamhshocraithe, más infheidhme; |
|
(h) |
paraiméadair an nós imeachta tástála tosaigh le haghaidh an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh, mura dtugtar tuairisc leordhóthanach orthu faoi shocruithe Iarscríbhinn IV, pointe 1, agus Iarscríbhinn IVa. |
2.
Is éard a bheidh sna heilimintí sin freisin na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, de bhun Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2017/1369.Tábla 9.
Paraiméadair theicniúla an mhúnla agus a luachanna fógartha
|
|
Paraiméadar |
Luach an pharaiméadair agus beachtas |
Aonad |
|
1 |
Trádmharc |
|
TÉACS |
|
2 |
Aitheantóir múnla |
|
TÉACS |
|
3 |
buanseasmhacht ceallraí in aghaidh an timthrialla (ENDgaireas) |
x,xx |
[h] |
|
4 |
buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta — réamhshocruithe |
≥x00 |
[na céadta timthriallta] |
|
5 |
toilleadh ceallraí rátaithe (Crátaithe) |
x |
[mAh] |
|
6 |
voltas ainmniúil |
x,xx |
[V] |
|
7 |
voltas deiridh le haghaidh buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta tástála [V] |
x,xx |
[V] |
|
8 |
Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEI) |
x,xx |
[n] |
|
9 |
seolta le cumhdach cosanta |
[tá/níl] |
- |
|
10 |
tástáil iontaofachta saorthitime arís agus arís eile — titimí gan fabht |
[≥ x/n.a.] |
[n] |
|
11 |
tástáil iontaofachta saorthitime arís agus arís eile — titimí gan fabht, tástáilte i staid bhreisithe go hiomlán |
[≥ x/n.a.] |
[n] |
|
12 |
rátáil cosanta iontrála |
IPxx |
|
|
13 |
doimhneacht tumtha shonraithe in uisce, i gcás IPx8 |
[x,x/n.a.] |
[m] |
|
14 |
friotaíocht scríobtha scáileáin |
x |
Scála cruais Mohs |
|
15 |
Infhaighteacht íosta ráthaithe nuashonruithe slándála, nuashonruithe ceartaitheacha agus nuashonruithe feidhmiúlachta |
x |
[blianta] |
|
16 |
Aicme Indeisitheachta |
[A/B/C/D/E] |
[A/B/C/D/E] |
|
17 |
Innéacs Indeisitheachta (mar a ríomhtar ó na luachanna thíos) |
x,xx |
[n] |
|
18 |
Doimhneacht Díchóimeála (SDD) |
x,xx |
[n] |
|
19 |
Is é (SF) an scór ‘Ceanglóirí’ (cineál) |
x,xx |
[n] |
|
20 |
Scór na nUirlisí (cineál) (ST) |
x,xx |
[n] |
|
21 |
Scór Páirteanna Spártha (SSP)) |
x,xx |
[n] |
|
22 |
Scór Nuashonruithe Bogearraí (fad) (SSU) |
x,xx |
[n] |
|
23 |
Scór um Fhaisnéis Deisiúcháin (SRI) |
x,xx |
[n] |
|
24 |
Córas oibriúcháin |
[Android/iOS/eile] |
- |
|
25 |
Leagan an chórais oibriúcháin |
|
TÉACS |
3.
I gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis a áirítear sa doiciméadacht theicniúil le haghaidh múnla fóin chliste nó le haghaidh múnla ríomhaire táibléid trí aon cheann de na modhanna seo a leanas, nó tríd an dá mhodh sin:|
(a) |
ó mhúnla ag a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna is ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil a sholáthrófar ach a tháirgeann soláthróir eile, |
|
(b) |
trí ríomh ar bhonn deartha nó eachtarshuímh ó mhúnla eile den soláthróir céanna nó de sholáthróir difriúil, áireofar sa doiciméadacht theicniúil mionsonraí an ríomha sin, an measúnú a rinne na soláthróirí chun cruinneas an ríomha a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céannachta idir múnlaí na soláthróirí éagsúla. |
IARSCRÍBHINN VII
Faisnéis atá le soláthar i bhfógraí amhairc, in ábhar fógraíochta teicniúil agus i gciandíol, seachas ciandíol ar an idirlíon
1.
I bhfógraí amhairc, chun críocha comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (e), agus in Airteagal 4(1), pointe (c), a áirithiú, déanfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad a thaispeáint mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.
2.
In ábhar fógraíochta teicniúil, chun comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (f), agus in Airteagal 4(1), pointe (d), a áirithiú, léireofar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.
3.
I gcás ciandíol páipéarbhunaithe, taispeánfar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad mar a leagtar amach i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo.
4.
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3, léireofar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh, mar a léirítear i bhFíor 1, i gcomhréir leis na sonraíochtaí seo a leanas:|
(a) |
úsáidfear saighead, ina mbeidh litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh in 100 % bán, Calibri Bold agus i gclómhéid atá coibhéiseach ar a laghad leis an gclómhéid atá ar an bpraghas, nuair a thaispeántar an praghas; |
|
(b) |
beidh dath na saigheada ar aon dul le dath na haicme éifeachtúlachta fuinnimh; |
|
(c) |
beidh raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil i ndubh 100 %; |
|
(d) |
beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an tsaighead sofheicthe agus soléite go soiléir. Déanfar an litir sa tsaighead den aicme éifeachtúlachta fuinnimh a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead, agus beidh teorainn 0,5 phointe i ndubh 100 % suite timpeall na saighde agus litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh. De mhaolú air sin, má dhéantar an fógra amhairc, an t-ábhar fógraíochta teicniúil nó an ciandíol páipéarbhunaithe a chlóbhualadh i monacróm, féadfaidh an tsaighead a bheith i monacrómach san fhógra amhairc, san ábhar fógraíochta teicniúil nó sa chiandíol páipéarbhunaithe sin.
Fíor 1: Saighead dhaite/mhonacróm ar chlé, agus raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh léirithe |
5.
Cuirfidh ciandíol bunaithe ar theileamhargaíocht an custaiméir ar an eolas go sonrach faoi aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge agus faoi raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, agus tabharfar an deis don chustaiméir rochtain a fháil ar an lipéad iomlán agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge trí shuíomh gréasáin saor-rochtana, nó trí chóip chlóite a iarraidh.
6.
Maidir leis na cásanna go léir a luaitear i bpointí 1, 2, 3 agus 5, beidh an custaiméir in ann cóip chlóite den lipéad agus den bhileog faisnéise faoin táirge a fháil, arna iarraidh sin.
IARSCRÍBHINN VIII
Faisnéis atá le soláthar i gcás ciandíola ar an Idirlíon
1.
An lipéad iomchuí a chuirfidh soláthraithe ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (g), léireofar é ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an lipéad sofheicthe agus soléite go soiléir agus go mbeidh sé comhréireach leis an méid a shonraítear in Iarscríbhinn III. Féadfar an lipéad a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe, agus sa chás sin comhlíonfaidh an íomhá a úsáidfear chun rochtain a fháil ar an lipéad na sonraíochtaí a leagtar síos i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo. Má chuirtear taispeáint neadaithe i bhfeidhm, beidh an lipéad le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an íomhá.
2.
Maidir leis an íomhá a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an lipéad i gcás taispeáint neadaithe, mar a léirítear i bhFíor 2, déanfar an méid seo a leanas:|
(a) |
beidh sí ina saighead sa dath a chomhfhreagraíonn d’aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge ar an lipéad; |
|
(b) |
aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge a léiriú sa tsaighead in 100 % bán, Calibri Bold agus i gclómhéid atá coibhéiseach le cló an phraghais; |
|
(c) |
raon na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil i ndubh 100 % a bheith acu; |
|
(d) |
beidh an fhormáid seo a leanas ann, agus beidh a mhéid de mhéid a fhágfaidh go mbeidh an tsaighead sofheicthe agus soléite go soiléir. Déanfar an litir sa tsaighead den aicme éifeachtúlachta fuinnimh a shuíomh i lár na coda dronuilleogaí den tsaighead, agus beidh teorainn infheicthe i ndubh 100 % suite timpeall na saighead agus litir na haicme éifeachtúlachta fuinnimh:
Fíor 2: Saighead dhaite ar chlé, agus raon aicmí éifeachtúlachta fuinnimh léirithe |
3.
I gcás taispeáint neadaithe, is mar seo a leanas a bheidh seicheamh taispeána an lipéid:|
(a) |
léireofar an íomhá dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge; |
|
(b) |
nascfaidh an íomhá leis an lipéad a leagtar amach in Iarscríbhinn III; |
|
(c) |
taispeánfar an lipéad tar éis cliceáil luiche, rolla luiche os a chionn nó leathnú tadhlach an scáileáin ar an íomhá; |
|
(d) |
taispeánfar an lipéad trí phreabadh suas, cluaisín nua, leathanach nua nó taispeáint scáileáin insuite; |
|
(e) |
chun an lipéad ar scáileáin thadhlacha a fhormhéadú, beidh feidhm ag coinbhinsiúin na ngaireas le haghaidh formhéadú tadhlach; |
|
(f) |
scoirfear den lipéad a thaispeáint trí rogha dhúnta nó trí shásra dúnta caighdeánach eile; |
|
(g) |
is éard a bheidh sa téacs malartach don ghrafaic, a thaispeánfar ar mhainneachtain an lipéad a thaispeáint, aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge i gclómhéid atá coibhéiseach le clómhéid an phraghais. |
4.
Taispeánfar an bhileog leictreonach faisnéise faoin táirge a chuirfidh an soláthróir ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (h) ar an sásra taispeána i ngaireacht do phraghas an táirge. Beidh an méid ar chaoi a fhágfaidh go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge sofheicthe agus soléite go soiléir. Féadfar an bhileog faisnéise faoin táirge a thaispeáint trí úsáid a bhaint as taispeáint neadaithe nó trí thagairt a dhéanamh don bhunachar sonraí táirgí, agus sa chás sin léireofar ‘Bileog faisnéise faoin táirge’ go soiléir soléite sa nasc a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Má úsáidtear taispeáint neadaithe, beidh an bhileog faisnéise faoin táirge le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche, ar tar-rolladh na luiche nó ar leathnú an scáileáin thadhlaigh ar an nasc.
IARSCRÍBHINN IX
Nós imeachta fíorúcháin chun críocha faireachais margaidh
Ní bhaineann na lamháltais fíorúcháin a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo ach le fíorú na luachanna fógartha ag údaráis na mBallstát agus ní úsáidfidh an soláthróir iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna a dheimhniú sa doiciméadacht theicniúil nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó feidhmíocht níos fearr a chur in iúl ar aon bhealach. Ní bheidh na luachanna agus na haicmí a fhoilseofar ar an lipéad nó ar an mbileog faisnéise faoin táirge níos fabhraí don soláthróir ná na luachanna a fhógraítear sa doiciméadacht theicniúil.
I gcás inar dearadh múnla le go mbeifear in ann a bhrath go bhfuil sé á thástáil (e.g. trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint), agus freagairt go sonrach trína fheidhmíocht le linn na tástála a athrú go huathoibríoch agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa Rialachán seo nó a áirítear sa doiciméadacht theicniúil nó a chuirtear san áireamh in aon cheann den doiciméadacht a chuirtear ar fáil, measfar nach bhfuil an múnla agus na samhlacha coibhéiseacha uile comhlíontach.
Déanfar EEI, buanseasmhacht na gceallraí i dtimthriallta agus buanseasmhacht na gceallraí in aghaidh an timthrialla le haghaidh fíorú comhlíontachta a ríomh leis an gcóras oibriúcháin atá suiteáilte ar an aonad/na haonaid ar an dáta ar cuireadh ar an margadh iad.
Mar chuid den fhíorú go gcomhlíonann múnla táirge na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, cuirfidh údaráis na mBallstát an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm:
|
(1) |
Fíoróidh údaráis na mBallstát aonad aonair amháin den mhúnla de bhun phointí 2(a), (b) agus (c), seachas i gcás tástálacha iontaofachta saorthitime arís agus arís eile, i gcás ina bhfíorófar cúig aonad múnla de bhun phointe 2(d), agus seachas i gcás buanseasmhachta ceallraí i dtimthriallta, áit a bhfíorófar cúig aonad de chineál de bhun phointe 2(e). |
|
(2) |
Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más amhlaidh:
|
|
(3) |
Mura mbaintear amach na torthaí dá dtagraítear i bpointí 2(a), (b) agus (e), measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo. |
|
(4) |
Mura mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 2(c), roghnóidh údaráis na mBallstát trí aonad bhreise den mhúnla céanna le haghaidh tástála, seachas i gcás thoradh an innéacs indeisitheachta. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na trí aonad bhreise a roghnófar a bheith d’aon mhúnla coibhéiseach amháin nó níos mó. Maidir leis an innéacs indeisitheachta, mura mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 2(c), roghnóidh údaráis na mBallstát aonad bhreise amháin den mhúnla céanna le haghaidh tástála. |
|
(5) |
Mura mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointe 2(d), roghnóidh údaráis na mBallstát cúig aonad bhreise den mhúnla céanna le haghaidh tástála. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na cúig aonad bhreise a roghnófar a bheith d’aon mhúnla coibhéiseach amháin nó níos mó. |
|
(6) |
Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na trí aonad sin arna dtástáil de bhun phointe 4, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna cinntithe na lamháltais faoi seach a thugtar i dTábla 10, seachas toradh na tástála indeisitheachta, i gcás ina measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme má chomhlíonann an luach cinntithe an lamháltas faoi seach a thugtar i dTábla 10. |
|
(7) |
Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na cúig aonad arna dtástáil de bhun phointe 5, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann an ráta pas na luachanna faoi seach a thugtar i dTábla 11. |
|
(8) |
Mura mbaintear amach na torthaí dá dtagraítear i bpointí 6 nó 7, measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo, seachas toradh an innéacs indeisitheachta, i gcás ina measfar nach gcomhlíonann an múnla an Rialachán seo. |
|
(9) |
Déanfaidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún a luaithe a bheidh cinneadh déanta maidir le neamh-chomhlíonadh an mhúnla de réir phointí 3 nó 8 nó de réir an dara mír den Iarscríbhinn seo. Úsáidfidh údaráis na mBallstát na modhanna tomhais agus ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. |
Ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 10 agus an ráta pas a leagtar amach i dTábla 11 agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 1 go 9 i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo. I gcás na bparaiméadar i dTábla 10, ní chuirfear i bhfeidhm aon lamháltas eile, amhail na lamháltais sin a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó in aon mhodh tomhais eile.
Tábla 10
Lamháltais fíorúcháin le haghaidh paraiméadair thomhaiste
|
Paraiméadair |
Lamháltais fíorúcháin |
|
buanseasmhacht ceallraí in aghaidh an timthrialla (ENDgaireas [h]) |
Ní bheidh an luach cinntithe (1) níos ísle ná 3 % den luach dearbhaithe. |
|
buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta — réamhshocruithe [timthriallta] |
Ní bheidh an luach cinntithe (1) níos mó ná 20 timthriall níos ísle ná an luach fógartha. |
|
toilleadh ceallraí rátaithe (Crátaithe [mAh]) |
Ní bheidh an luach cinntithe (1) níos mó ná 10 % níos ísle ná an luach fógartha. |
|
voltas ainmniúil [V] |
Ní bheidh an luach cinntithe (1) níos mó ná 2 % níos airde ná an luach fógartha. |
|
voltas deiridh le haghaidh buanseasmhacht ceallraí i dtimthriallta tástála [V] |
Ní bheidh an luach cinntithe (1) níos mó ná 2 % níos airde ná an luach fógartha. |
|
innéacs indeisitheachta (R) |
Ní bheidh an luach cinntithe níos mó ná 4 % níos ísle ná an luach dearbhaithe. |
Tábla 11
Rátaí pas le haghaidh friotaíocht in aghaidh titimí de thaisme
|
Paraiméadair |
Lamháltais ráta pas |
|
friotaíocht in aghaidh titimí de thaisme |
Comhlíonfaidh 80 % ar a laghad de na haonaid tástáilte an luach cinntithe a chomhfhreagraíonn don luach fógartha. |
(1) I gcás trí aonad bhreise arna dtástáil mar a fhorordaítear sa cheathrú mír, pointe 4, ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna a chinntear do na trí aonad bhreise sin.