22.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1647 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Lúnasa 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Rinneadh bearta frith-fhóirdheontais ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe ('CFP') de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ('an tSín' nó 'an tír lena mbaineann') a fhorchur ar dtús in 2011 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 425/2011 (2) ón gComhairle ('na bearta bunaidh'). Tugtar 'an t-imscrúdú bunaidh' ar an imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh dá bharr.

(2)

Bhí na bearta bunaidh i bhfoirm ráta dleachta ad valorem ó 4 % go 12 % le haghaidh allmhairí ó onnmhaireoirí arna n-ainmniú ina n-aonar, agus ba é 12 % an ráta iarmharach ar fud na tíre.

(3)

I ndiaidh imscrúdú frithdhumpála, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 451/2011 (3), d'fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(4)

An 4 Iúil 2017, tar éis athbhreithniú éaga ('an t-athbhreithniú éaga') i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ('an bun-Rialachán'), chuir an Coimisiún síneadh leis na bearta arna suí san imscrúdú bunaidh ar feadh cúig bliana le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 (4) ón gCoimisiún, ('an Rialachán maidir le hathbhreithniú éaga').

(5)

Tá na dleachtanna frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair idir 4 % agus 12 %.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(6)

I ndiaidh foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (5) do na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, fuair an Coimisiún Eorpach ('an Coimisiún') iarraidh chun athbhreithniú éaga a thionscnamh de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(7)

Ba iad cúig tháirgeoir de chuid an Aontais a chuir an iarraidh isteach an 31 Márta 2022 (Arctic Paper Grycksbo AB, Burgo Group SpA, Fedrigoni SpA, Lecta Group agus Sappi Europe SA), dá ngairtear 'na hiarratasóirí' le chéile, a raibh níos mó ná 50 % de tháirgeadh iomlán an Aontais de pháipéar mín brataithe áirithe i gceist leo.

(8)

Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gurbh é gur dhócha go n-eascródh as dul in éag na mbeart go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís nó go dtarlóidh an díobháil arís do thionscal an Aontais.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(9)

I ndiaidh don Choimisiún a chinneadh go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 30 Meitheamh 2022 ar na bearta a bhí i bhfeidhm maidir le hallmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 18 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) ('an Fógra Tionscnaimh'). I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le fianaise leordhóthanach ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó agus ar ar a bonn a rinneadh an t-imscrúdú a thionscnamh. Is féidir le páirtithe leasmhara an meabhrán sin a fháil sa chomhad lena iniúchadh.

(10)

Sular tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga, agus i gcomhréir le hAirteagail 10(7) den bhun-Rialachán, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na Síne go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne comhairliúcháin a dhéanamh leis arbh é ab aidhm leo gach a raibh san iarratas ar athbhreithniú a thabhairt chun soiléire chun go bhféadfaí teacht ar réiteach comhaontaithe. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne, áfach.

1.4.   Imscrúdú ar leith ar athbhreithniú frithdhumpála

(11)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 30 Meitheamh 2022 (7), d'fhógair an Coimisiún freisin go gcuirfí tús le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (8) maidir leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas.

1.5.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(12)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú nó go dtarlóidh sé arís, is imscrúdú é lenar cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’ nó ‘RIP’). Leis an imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(13)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus Rialtas na Síne ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d'iarr sé orthu páirt a ghlacadh ann.

(14)

I gcomhthráth, nuair a thionscnaíodh é, chuir an Coimisiún na ceistneoirí ar fáil ar líne do na táirgeoirí onnmhairiúcháin, do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, do na húsáideoirí agus do tháirgeoirí an Aontais. Chuir sé an ceistneoir macrashonraí chuig na gearánaithe freisin. Cuireadh ceistneoirí ar fáil freisin d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí neamhghaolmhara ar an suíomh gréasáin céanna sin de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (9).

(15)

Iarradh ar na páirtithe uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil laistigh den na teorainneacha ama a socraíodh san Fhógra Tionscnaimh. Bhí deis ag na páirtithe leasmhara freisin a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

1.7.   Sampláil

1.7.1.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(16)

San Fhógra Tionscnaimh maidir leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé táirgeoirí onnmhairiúcháin a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

(17)

Lena fháil amach an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin chun tosaigh.

(18)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú. Níor tugadh aon fhreagra áfach.

(19)

Dá dhroim sin, chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas go raibh sé beartaithe aige, in éagmais comhoibriú, dul i muinín na bhfíoras bhí ar fáil, de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán, agus scrúdú a dhéanamh aige an leanfar den fhóirdheonú nó an dtarlóidh sí arís. Níor thug údaráis na Síne aon fhreagra.

1.7.2.   Sampláil ar tháirgeoirí Aontais

(20)

San Fhógra Tionscnaimh maidir leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an ionadaíochais i dtéarmaí mhéid tháirgeacht agus dhíolachán an táirge chomhchosúil san Aontas idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2021. Is iad a bhí sa sampla sin 3 tháirgeoir de chuid an Aontais. Bhain thart 41 % de mhéid iomlán measta na táirgeachta agus 37 % de dhíolacháin mheasta an táirge chomhchosúil san Aontas le táirgeoirí sampláilte an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an sampla sealadach agus deimhníodh an sampla sealadach dá bhrí sin. Tá an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.3.   Sampláil na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara

(21)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir leis an gCoimisiún, áfach, agus ní sholáthair siad an fhaisnéis a iarradh.

1.8.   Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin

(22)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne ('Rialtas na Síne'). Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir.

(23)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte an Aontais. Tráth an tionscnaimh, cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (10). Ina theannta sin, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig na hiarratasóirí maidir le sonraí maicreacnamaíocha. Cuireadh ceistneoirí ar fáil freisin d'allmhaireoirí agus d'úsáideoirí neamhghaolmhara ar an suíomh gréasáin céanna sin de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (11).

(24)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. Ina theannta sin, sholáthair na hiarratasóirí sonraí maicreacnamaíocha don Choimisiún. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó aon cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara. Níor thug aon duine de na húsáideoirí freagra ar an gceistneoir ná níor tháinig siad chun tosaigh le linn an imscrúdaithe.

(25)

An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís agus ar mhaithe le leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhíorú. Ba in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas de chuid an Aontais a rinneadh cuairteanna fíorúcháin:

 

Táirgeoirí an Aontais

Sappi Europe SA, an Bhruiséil, an Bheilg Sappi Gratkorn GmbH (an Ostair)

Burgo Group S.p.A. (An Iodáil)

Condat SAS (cuid de Ghrúpa Lecta) (An Fhrainc)

1.9.   Nochtadh

(26)

An 14 Meitheamh 2023, nocht an Coimisiún na fíorais bhuriachtanacha agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn sin a raibh sé beartaithe aige dleachtanna frithchúitimh a fhorchur. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(27)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe sin, is é sin páipéar mín brataithe áirithe ('CFP'), ar páipéar nó páipéarchlár é atá brataithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh (gan craftpháipéar nó craft-pháipéarchlár a áireamh), ar leathán nó ar rollaí, agus atá 70 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 400 g/ m2 ar meáchan agus ag a bhfuil gile níos mó ná 84 (arna thomhas de réir ISO 2470-1).

(28)

Ní áirítear an méid seo a leanas ar an táirge faoi athbhreithniú:

Rollaí atá oiriúnach lena n-úsáid i gclóphreasanna spólchothaithe. Déantar rollaí atá oiriúnach lena n-úsáid i gclóphreasanna spólchothaithe a shainiú mar na rollaí sin, má dhéantar tástáil orthu de réir chaighdeán tástála ISO 3783:2006 maidir le friotaíocht le piocadh a chinneadh — modh luais luathaithe ag baint úsáid as an tástálaí IGT (samhail leictreach) (samhail leictreach), lena dtugtar toradh níos lú ná 30 N/m nuair atá sé á thomhas i dtrastreo an pháipéir (CD) agus toradh níos lú ná 50 N/m nuair atá sé á thomhas i dtreo an mheaisín (MD).

Páipéar ilsrathach agus cairtchlár ilsrathach.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(29)

Is é an táirge atá i gceist leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga an táirge de thionscnamh na Síne atá faoi láthair faoi chóid 4810 13 00, ex 4810 14 00, ex 4810 19 00, ex 4810 22 00, ex 4810 29 30, ex 4810 29 80, ex 4810 99 10 agus ex 4810 99 80 (cóid TARIC 4810130020, 4810140020, 4810190020, 4810220020, 4810293020, 4810298020, 4810991020 agus 4810998020).

2.3.   Táirge comhchosúil

(30)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe sin, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí ollmhairiúcháin ar mhargadh intíre na Síne;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(31)

Dá bhrí sin chinn an Coimisiún gur tháirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ

(32)

I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún an leanfar den fóirdheonú arís de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana.

3.1.   Neamh-chomhoibriú agus úsáid na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán

(33)

An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Iarradh ar Rialtas na Síne freisin ceistneoir a chur ar aghaidh chuig bainc agus chuig institiúidí airgeadais eile a raibh a fhios ag Rialtas na Síne fúthu gur sholáthair siad iasachtaí don tionscal lena mbaineann nó do tháirgeoirí, do dháileoirí agus do sholáthróirí eile a sholáthraíonn ionchuir chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ó Rialtas na Síne féin ná ó aon institiúid airgeadais ar iarradh ar Rialtas na Síne ceistneoir a chur ar aghaidh chuici.

(34)

Ina theannta sin, níor chomhoibrigh aon táirgeoir CFP de chuid na Síne leis an gCoimisiún san imscrúdú seo.

(35)

Trí Note Verbale an 18 Eanáir 2023, chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe agus thug sé deis dóibh a gcuid barúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil. Mheas an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, go raibh gá le fíorais a úsáid chun scrúdú a dhéanamh an leanfar de chleachtais fhóirdheontais na Síne sa tionscal páipéir go ginearálta agus ar an bpáipéar mín brataithe go háirithe.

(36)

Maidir le húsáid na bhfíoras a bhí ar fáil, shonraigh an Coimisiún go bhfuil Airteagal 28 den bhun-Rialachán ionann le hAirteagal 12.7 de Chomhaontú EDT (12). Mheabhraigh an Comhlacht Achomhairc go gceadaítear le hAirteagal 12.7 de Chomhaontú EDT fíorais ar taifead a úsáid lena gcur in ionad faisnéis a d'fhéadfadh a bheith in easnamh, chun fóirdheonú cruinn nó cinneadh díobhála a bhaint amach. Dá réir sin, mhínigh an Comhlacht Achomhairc 'go gcaithfidh ceangal a bheith ann idir an 'fhaisnéis riachtanach' atá in easnamh agus na "fíorais atá ar fáil" ar a ndéantar cinneadh faoi Airteagal 12.7 a bhunú.' Dá bhrí sin, 'ní mór d'údarás imscrúdúcháin úsáid a bhaint as na "fíorais atá ar fáil""lena gcur in ionad na faisnéise go réasúnach nár sholáthair pháirtí leasmhar", d'fhonn teacht ar chinneadh cruinn.' Mhínigh an Comhlacht Achomhairc freisin go dtagraíonn 'na fíricí atá ar fáil' do na fíorais sin atá i seilbh an údaráis imscrúdúcháin agus ar a thaifead i scríbhinn. Ós rud é go bhfuil cinntí arna ndéanamh faoi Airteagal 12.7 le déanamh ar bhonn 'na bhfíoras atá ar fáil', 'ní féidir iad a dhéanamh ar bhonn boinn tuisceana nó tuairimíocht neamhfhíorasach.' Ina theannta sin, agus na fíorais is féidir a chur in ionad na faisnéise atá in easnamh a réasúnú agus a mheas, 'ní mór d'údarás imscrúdúcháin gach fíoras a bhfuil bunús leis ar an taifead a chur san áireamh'. Mhínigh an Comhlacht Achomhairc go mbaineann próiseas réasúnaíochta agus meastóireachta le 'cur in ionad réasúnach' don 'fhaisnéis riachtanach' atá in easnamh ar thaobh an údaráis imscrúdúcháin. I gcás ina mbeidh roinnt fíoras ar fáil d'údarás imscrúdúcháin ar gá dó iad a roghnú, 'is cosúil go mbeadh sé nádúrtha go mbeadh méid áirithe comparáide i gceist leis an bpróiseas réasúnaíochta agus meastóireachta' chun teacht ar chinneadh cruinn. Braitheann an mheastóireacht ar na 'fíorais atá ar fáil' a theastaíonn, agus an cineál a bhféadfadh a bheith i gceist léi, ar imthosca ar leith cáis ar leith, lena n-áirítear cineál, cáilíocht agus méid na fianaise ar an taifead agus na cinntí ar leith atá le déanamh. Is amhlaidh a athrófar cineál agus fairsinge an mhínithe agus na hanailíse is gá idir cinneadh amháin agus cinneadh eile (13).

(37)

Dá réir sin, d’úsáid an Coimisiún na fíorais ar fad a bhí ar fáil dó dá anailís, go háirithe:

an iarraidh ar athbhreithniú éaga faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le bearta frith-fhóirdheontais ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne;

torthaí an imscrúdaithe bunaidh (14) agus an imscrúdaithe ar an athbhreithniú a rinne (15) an Coimisiún roimhe seo maidir leis an táirge céanna;

torthaí na n-imscrúduithe frith-fhóirdheontais is déanaí a rinne an Coimisiún maidir le tionscail atáthar a spreagadh i nDaon-Phoblacht na Síne, amhail boinn aeir (16) (boinn), rothair leictreacha (17) ('na r-rothair'), táirgí cruach brataithe orgánaí (18) ('OCS'), cáblaí snáithíní optúla (19) ('OFC'), scragall tiontaire alúmanaim (20), fabraicí snáithíní gloine (21) (GFF) agus an t-athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh maidir le táirgí snáithíní gloine filiméid (22) ('GFR') de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne inar scrúdaíodh scéimeanna fóirdheontais éagsúla atá ábhartha don imscrúdú seo.

3.2.   Fóirdheontais agus cláir fhóirdheontais a scrúdaíodh san athbhreithniú éaga reatha

(38)

Mar gheall nár chomhoibrigh Rialtas na Síne ná táirgeoirí na Síne, chinn an Coimisiún scrúdú a dhéanamh faoi Airteagal 28 den bhun-Rialachán féachaint ar leanadh den fhóirdheonú mar a leanas. Ar an gcéad dul síos, scrúdaigh an Coimisiún an raibh na fóirdheontais a forchúitíodh san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo fós ag dul chun tairbhe don tionscal CFP sa tSín. Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar bhain an tionscal sin tairbhe as fóirdheontais nár frithchúitíodh sna himscrúduithe bunaidh nó sna hathbhreithnithe éaga roimhe sin ('fóirdheontais bhreise' nó 'fóirdheontais nua'), mar a líomhnaíodh san iarraidh.

(39)

Chinn an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí thíos lena ndeimhnítear go bhfuiltear ag leanúint d'fhóirdheonú maidir leis an gcuid is mó de na fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh nó san athbhreithniú éaga roimhe sin, chomh maith le roinnt fóirdheontais bhreise nua a bheith ann, nár ghá imscrúdú a dhéanamh ar na fóirdheontais go léir ar líomhain na hiarratasóirí go raibh ann dóibh. Go deimhin, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil fianaise ann go bhfuiltear ag leanúint le fóirdheonú, gan beann ar a mhéid.

3.3.   Fóirdheontais a fhrithchúitíodh san imscrúdú bunaidh nó san athbhreithniú éaga roimhe seo

3.3.1.   Iasachtú fabhrach

(40)

San imscrúdú bunaidh shuigh (23) an Coimisiún méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an tomhas sin ag 5,37 % do Ghrúpa APP agus ag 1,26 % do Ghrúpa (24) Chenming (25).

3.3.1.1.   Idirghabháil an Rialtais i bhfabhar an tionscail páipéir mhín bhrataithe

(41)

San imscrúdú bunaidh nó san athbhreithniú éaga roimhe seo, scrúdaigh an Coimisiún ar dtús an raibh iasachtú fabhrach ina chuid de chur chun feidhme phleanáil lárnach Rialtas na Síne, lena bhféachtar le forbairt an tionscail déanta páipéir a spreagadh.

(42)

Tá an tionscal páipéir mhín bhrataithe a bhí faoi réir imscrúdú an Choimisiúin ina chuid de chatagóir níos leithne den tionscal páipéir, ar a dtugtar an tionscal déanta páipéir freisin. Líomhain na hiarratasóirí go leanann Rialtas na Síne lena thionscal páipéir a fhóirdheonú agus thagair siad do roinnt doiciméid bheartais agus phleanála chomh maith le reachtaíocht, atá ina mbonn le leanúint de thacaíocht Stáit don tionscal sin.

(43)

San imscrúdú bunaidh nó in imscrúdú an athbhreithnithe a rinneadh roimhe seo shuigh an Coimisiún go raibh pleananna beartais sonracha ann maidir leis an tionscal páipéir. Leagadh síos sna pleananna sin go ndéanann údaráis an rialtais dlúthfhaireachán ar fheidhmíocht an tionscail páipéir agus go gcuireann siad beartais speisialta chun feidhme (e.g. foraitheanta cur chun feidhme) chun spriocanna na bpleananna beartais a chomhlíonadh. Ina theannta sin, suíodh leis an imscrúdú freisin go ndéantar foráil sna pleananna beartais sonracha maidir le hiasachtú fabhrach don tionscal déanta páipéir.

(44)

San imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo shuigh an Coimisiún freisin go raibh an margadh airgeadais sa tSín fós á shaobhadh le hidirghabhálacha Rialtas na Síne. Dearbhaítear torthaí an imscrúdaithe bunaidh bunaithe ar phleananna rialtais a bhí i bhfeidhm ag an am sin san athbhreithniú éaga reatha. Léirítear fós sa 14ú Plean Cúig Bliana (26) ab infheidhme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus sa 11ú Plean Cúig Bliana, sa 12ú agus sa 13ú Plean Cúig Bliana roimhe sin go bhfuil an tionscal páipéir ina 'Thionscal atáthar a spreagadh'.

(45)

Dearbhaíodh sa 13ú Plean Cúig Bliana (2016-2020) go bhfuiltear ag leanúint den fhóirdheonú, toisc gur luaigh sé an tionscal páipéir mar 'Thionscal atáthar a spreagadh'.

(46)

Is é is aidhm don 14ú Plean Cúig Bliana (2021-2025) (27) dlús a chur le haistriú agus le huasghrádú na bhfiontar i dtionscail ríthábhachtacha amhail an tionscal ceimiceán agus déanta páipéir, agus feabhas a chur ar an gcóras monaraíochta.

(47)

Faoin Tionscnamh 'Made in China 2025', tá tionscal éadrom na Síne, lena mbaineann an tionscal páipéir, incháilithe le haghaidh tacaíochta chun a uasghrádú teicneolaíoch, ceannach trealaimh táirgthe nua-aimseartha, agus luasghéarú a aistrithe ghlais a mhaoiniú. Déanann táirgeoirí CFP Síneacha, amhail Grúpa Chemning, tagairtí sainráite ina ráitis airgeadais maidir (28) le cur chun feidhme na spriocanna a leagtar amach sa Phlean 'Made in China 2025'.

(48)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún, ag tagairt do 'Chinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit’ (29) ('Cinneadh Uimh. 40'), gur ordú ón gComhairle Stáit é an gníomh sin, i.e. an comhlacht riaracháin is uachtaraí sa tSín, agus go bhfuil sé fós ina cheangal dlí ar chomhlachtaí poiblí agus ar oibreoirí eacnamaíocha eile. Rinne sé na hearnálacha tionsclaíocha a aicmiú mar Thionscadail ‘Táthar Á Spreagadh', 'Srianta' agus 'Deireadh Curtha Leis'. Is doiciméad ceangailteach beartais tionscail é an Gníomh sin lena dtaispeántar an dóigh a gcoimeádann Rialtas na Síne beartas a thacaíonn le grúpaí fiontar nó tionscal, amhail an tionscal páipéir, atá aicmithe mar 'Tionscal Táthar Á Spreagadh'. Dheimhnigh an Coimisiún, bunaithe ar iarraidh an iarratasóra, go raibh Cinneadh Uimh. 40 fós i bhfeidhm le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (30).

(49)

Maidir le líon na dtionscal atá liostaithe mar chinn 'Táthar Á Spreagadh', tá 26 cinn acu ann san iomlán, nach mbaineann ach le cion de gheilleagar na Síne. Ina theannta sin, ní thugtar stádas 'tionscal Táthar Á Spreagadh' ach do ghníomhaíochtaí áirithe laistigh de na 26 earnáil sin. Leagtar síos in Airteagal 17 de Chinneadh Uimh. 40 freisin go mbainfidh na 'Tionscadail infheistíochta Táthar Á Spreagadh' tairbhe as pribhléidí agus dreasachtaí sonracha (tacaíocht airgeadais, díolúine ó dhleacht ar allmhairí, díolúine ó CBL agus díolúine ó cháin). Maidir leis na Tionscadail 'Srianta' agus 'Deireadh Curtha Leis', cumhachtaítear le Cinneadh Uimh. 40 d'údaráis an Stáit idirghabháil dhíreach a dhéanamh chun an margadh a rialáil. Go deimhin, ceanglaítear le hAirteagal 18 agus 19 ar an údarás ábhartha cosc a chur ar institiúidí airgeadais iasachtaí a sholáthar agus a ordú freisin don roinn riaracháin praghsanna an Stáit an praghas leictreachais a ardú agus treoir a thabhairt do na cuideachtaí soláthair leictreachais gan leictreachas a sholáthar do Thionscadail 'Srianta' agus 'Deireadh Curtha Leis'. Is léir ón méid thuas go soláthraítear le Cinneadh Uimh. 40 rialacha agus treoracha ceangailteacha do gach institiúid agus eintiteas eacnamaíoch i bhfoirm treoracha maidir le tionscail ríomh-Spreagtha a chur chun cinn agus tacú leo. Tá an tionscal déanta páipéir ar cheann acu sin (31).

(50)

Shuigh an Coimisiún san athbhreithniú go dtugtar le fios go sainráite i roinnt doiciméid bheartais gur tionscal 'Táthar Á Spreagadh' é an tionscal páipéir. Baineann sé sin go háirithe leis an 14ú Plean Cúig Bliana don Thionscal Páipéir. Cuirtear an plean sin chun feidhme leis an 14ú Clár um Nuálaíocht Teicneolaíochta Tionsclaíche Cúig Bliana a d'eisigh an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise. Tagraítear sa Chlár freisin do 'athstruchtúrú agus uasghrádú tionsclaíoch (…) an tionscail páipéir agus a thionscail ghaolmhair a chur chun cinn'. Ar an dóigh chéanna, luaitear le Cinneadh Uimh. 40 thuasluaite go dtabharfar tacaíocht d’fhorbairt agus do nuachóiriú an tionscail páipéir. Dá bhrí sin, seachas ráitis ghinearálta um spreagadh, ordaítear sna pleananna beartais sin d’eintitis an cuspóir beartais phoiblí maidir le tacú le forbairt an tionscail páipéir mhín bhrataithe a chomhlíonadh.

(51)

Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 34 den Dlí Baincéireachta Tráchtála [2015], ar dlí é a bhfuil feidhm aige maidir le gach institiúid airgeadais atá ag oibriú sa tSín, ‘[d]éanfaidh bainc thráchtála a ngnó iasachtaithe a sheoladh de réir riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit.’ (32) Tugtar le fios leis sin go ndéanann bainc agus institiúidí airgeadais eile a cinntí de bhun treoracha agus chuspóirí poiblí an rialtais.

(52)

Ar deireadh, mheabhraigh an Coimisiún a thorthaí san imscrúdú bunaidh nó in imscrúdú an athbhreithnithe a rinneadh roimhe seo maidir le ról an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú (‘NDRC’). Is gníomhaireacht de chuid na Comhairle Stáit é NDRC a chomhordaíonn beartas maicreacnamaíoch agus a bhainistíonn infheistíochtaí Rialtais. D’eisigh an Chomhairle Stáit, an comhlacht riaracháin rialtais is uachtaraí, Plean 2007 maidir le Déanamh Páipéir, inter alia, a leanfaidh NDRC. Suíodh san imscrúdú bunaidh freisin go mbailíonn NDRC, ar bhonn buan, faisnéis mhionsonraithe ó chuideachtaí. De bharr go bhfuil sásra córasach ann chun sonraí a bhaineann le cuideachtaí a bhailiú a úsáidfear i bpleananna agus i dtionscadail rialtais, léirítear leis sin go meastar go bhfuil na pleananna agus na tionscadail sin ina ngné thábhachtach de bheartas tionsclaíoch an Stáit.

(53)

Léirítear leis an méid thuas, maidir le cinntí a dhéanann institiúidí airgeadais maidir leis an tionscal páipéir (agus mar sin an tionscal páipéir mhín bhrataithe san áireamh) go gcuirtear an gá atá le spriocanna luaite na bpleananna beartais ábhartha a chomhlíonadh san áireamh iontu fós.

(54)

Agus na doiciméid thuasluaite agus a bhforálacha, nach raibh aon fhianaise nó léiriú ann nach bhfuil siad i bhfeidhm a thuilleadh, á gcur san áireamh, d'athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid ón imscrúdú bunaidh nó athbhreithniú éaga roimhe seo go raibh tionscal páipéir mhín bhrataithe na Síne fós ina phríomhthionscal le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá Rialtas na Síne ag tabhairt faoina fhorbairt go gníomhach agus á threorú i gcónaí mar chuspóir beartais straitéiseach.

3.3.1.2.   Bainc atá faoi úinéireacht an Stáit agus a ghníomhaíonn mar chomhlachtaí poiblí

(55)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú (33) go ndearnadh saobhadh ar an margadh maoiniúcháin sa tSín mar gheall ar idirghabháil an rialtais agus gur dóigh go mbeadh na rátaí úis a ghearrann bainc neamhrialtasacha agus institiúidí airgeadais eile ailínithe le rátaí rialtais. Níor tháinig aon ghné chun solais san imscrúdú a bhí ag teacht salach ar an gcinneadh thuasluaite, ná níor sholáthair Rialtas na Síne fianaise le linn an imscrúdaithe reatha go raibh athrú tagtha ar an staid sin.

(56)

Ina theannta sin, bunaithe ar fhaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, le roinnt pleananna náisiúnta agus réigiúnacha, ginearálta agus earnáilsonracha, spreagadh údaráis rialtais ar gach leibhéal agus institiúidí airgeadais faoi úinéireacht an Stáit chun an tionscal páipéir i gcoitinne agus an tionscal CFP go háirithe a chothú.

(57)

I dteannta an Dlí Baincéireachta Tráchtála, le hAirteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí, arna gcur chun feidhme ag People's Bank of China, foráiltear [i] gcomhréir le beartas an Stáit, go bhféadfaidh ranna ábhartha ús ar iasachtaí a fhóirdheonú, d'fhonn fás tionscal áirithe agus forbairt eacnamaíoch i réimsí áirithe a chur chun cinn (34).

(58)

Díríodh, agus dírítear fós, tacaíocht Rialtas na Síne dá thionscal páipéir ar a aistriú fuinnimh a mhaoiniú agus ar an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí táirgthe a laghdú. Dá bhrí sin, ní haon iontas é gur bhain táirgeoirí CFP na Síne tairbhe as iasachtú fabhrach ó bhainc faoi úinéireacht Stáit na Síne.

(59)

Shuigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil dá dtagraítear in aithris (37), go raibh an chuid is mó de na bainc mhóra fós faoi úinéireacht an Stáit. Is é Rialtas na Síne an scairshealbhóir tromlaigh sna ceithre bhanc is mó sa tSín: Industrial and Commercial Bank of China ('ICBC'), Bank of China ('BOC'), China Construction Bank ('CCB') agus Agricultural Bank of China ('ABC'). In imscrúduithe roimhe seo (35), mhaígh Rialtas na Síne go raibh níos lú 50 % de scaireanna á gcoinneáil aige in Bank of Communications. Mar sin féin, sna himscrúduithe céanna, shuigh an Coimisiún go raibh na bainc seo a leanas faoi úinéireacht an Stáit féin, go páirteach nó go hiomlán, nó faoi úinéireacht daoine dlítheanacha atá i seilbh an Stáit: Agricultural Bank of China, Bank of Beijing, Bank of China, Bank of Communications, Bank of Jiangsu, Bank of Kunlun, Bank of Nanjing, Bank of Ningbo, Bank of Qingdao, Bank of Shanghai, Bank of Tianjin, Bank of Yantai, CCB, China Bohai Bank, China CITIC Bank, China Construction Bank, China Development Bank, China Everbright Bank, China Guangfa Bank, China Industrial Bank, China Industrial International Trust Limited, China Merchants Bank, China Merchants Bank Financial Leasing Co., Ltd., China Minsheng Bank, Chongqing Rural Commercial Bank, Daye Trust Co., Ltd., Dongying Bank, EverGrowing Bank, Fudian Bank, Guangdong Development Bank, Guosen Securities Co., Hang Fung Bank, Ltd., Hangzhou Bank, Hankou Bank, Hengfeng Bank Co., Ltd., Huaxia Bank, Hubei Bank, Industrial agus Commercial Bank of China (ICBC), Minsheng Securities Co.,Ltd., Postal Savings Bank, Qilu Bank, Shanghai Pudong Development Bank, Shanghai Rural Commercial Bank, Shenyang Rural Commercial Bank, Sinotruk Finance Co. Ltd. agus Zheshang Bank. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin ar an mbonn céanna go raibh fianaise ann go raibh comharthaí foirmiúla ann ar rialú rialtais sna bainc faoi úinéireacht an Stáit. Mar shampla, maidir le EXIM, bunaítear a shainordú beartais phoiblí in 'The Notice of Establishing Export - Import Bank of China' arna eisiúint ag an gComhairle Stáit agus le hAirteagail Chomhlachais EXIM. Rialaíonn an Stát, mar scairshealbhóir 100 % de chuid EXIM, EXIM trí Chomhaltaí a Bhoird Maoirseoirí a ainmniú. Déanann na Comhaltaí sin ionadaíocht do leas an Stáit, lena n-áirítear breithnithe beartais i gcruinnithe EXIM. Níl aon Bhord Stiúrthóirí ann. Ainmníonn an Stát bainistíocht EXIM go díreach (36). De réir a shuímh gréasáin (37), tá EXIM 'tiomanta do thacaíocht a thabhairt do thrádáil eachtrach, d'infheistíocht agus do chomhar eacnamaíoch idirnáisiúnta na Síne' agus 'tá sé tiomanta do thacaíocht airgeadais d'earnálacha lárnacha agus d'éisc i ngeilleagar na Síne a threisiú chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe agus shláintiúil a áirithiú'.

(60)

Níor soláthraíodh aon fhianaise le linn an imscrúdaithe seo lena dtaispeántar go ndeonaítear iasachtaí do chuideachtaí de réir meastóireachtaí rátála creidmheasa cearta. Dá bhrí sin, níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún a thagann salach ar an gcinneadh roimhe seo go bhfuil na bainc faoi úinéireacht an Stáit ag tacú le tionscail atáthar a spreagadh agus/nó ag cur beartais náisiúnta chun feidhme, mar a luaitear thuas in aithrisí (58) agus (59).

(61)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil na cuspóirí sonracha beartais phoiblí, dá bhforáiltear sa chreat dlíthiúil a leagtar amach thuas, á gcur chun feidhme ag bainc faoi úinéireacht an Stáit i bhfeidhmiú feidhmeanna rialtais i ndáil leis an tionscal páipéir, agus ag gníomhú mar sin mar chomhlachtaí poiblí de réir bhrí Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán á léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán.

(62)

Mar achoimre, oibríonn institiúidí airgeadais sa tSín i dtimpeallacht dhlíthiúil ghinearálta ina dtreoraítear iad chun iad féin a ailíniú le cuspóirí beartais thionsclaíoch Rialtas na Síne agus cinntí airgeadais á ndéanamh acu (38).

(63)

Ina theannta sin, fiú mura measfaí gur comhlachtaí poiblí iad na bainc faoi úinéireacht an Stáit, shuigh an Coimisiún go measfaí gur chuir Rialtas na Síne de chúram ar na bainc sin, chomh maith le bainc faoi úinéireacht phríobháideach, na feidhmeanna a chomhlíonadh agus gur thug Rialtas na Síne treoir do na bainc na feidhmeanna sin a chomhlíonadh (39), ar feidhmeanna iad a dhílsítear de ghnáth don rialtas, de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán, i bhfianaise an chreata normataigh ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (51) agus (52). Dá bhrí sin, chuirfí a n-iompar síos i leith Rialtas na Síne in aon chás. Ar na cúiseanna céanna sin, chuirfí na hiasachtaí a dheonaíonn institiúidí airgeadais eile do chuideachtaí in earnáil an pháipéir i leith Rialtas na Síne.

3.3.1.3.   Tairbhe

(64)

De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh.

(65)

San imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú, shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an tionscal páipéir d'iasachtaí fabhracha. Shuigh an Coimisiún gurb é méid an tsochair an difríocht idir an méid a d'íoc an chuideachta ar an iasacht rialtais agus an méid a d'íoc an chuideachta as iasacht tráchtála inchomparáide a bhí ar fáil ar an margadh. Leithdháileadh an méid sin ansin thar láimhdeachas iomlán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ba ionann méid an fhóirdheontais ad valorem a bunaíodh faoin mbeart seo agus 5,37 % do Ghrúpa APP agus 1,26 % do Ghrúpa Chenming.

(66)

San imscrúdú reatha, níor aimsigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, aon léiriú gur scoireadh den iasachtú fabhrach do tháirgeoirí páipéir mhín bhrataithe sa tSín.

(67)

Sonraíonn an Coimisiún gur sholáthair na hiarratasóirí ina iarraidh agus ina aighneachtaí ina dhiaidh sin samplaí d'iasachtaí breise a fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin, lena n-áirítear le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go háirithe:

bhain Grúpa APP tairbhe as tacaíocht i bhfoirm maoinithe fabhraí ó Bhainc na Síne. I mí na Bealtaine 2018, d'eisigh Gold East Paper (Jiangsu) 'IFC-Singuang One Belt and One Road Asset Supported Special Plan'. Úsáidtear na cuntais ghaolmhara infhaighte mar na sócmhainní bunúsacha. Amhail an 31 Nollaig 2018, taisceadh cistí airgeadaíochta lenar bhain glanluach de réir na leabhar RMB 114 608 963 isteach i gcuntas Phlean Speisialta Sócmhainní Urrúis Airgeadas Náisiúnta na Síne 'Crios Amháin Bóthar Amháin' (40). Ag deireadh 2019 agus 2020, is é a bhí sna cistí sin RMB 2 659 400 562 agus RMB 86 455 882, faoi seach (41). Comhfhreagraíonn na cistí sin do 0,01 %, 26 % agus 0,01 % de láimhdeachas bliantúil Gold East Paper de RMB 9.1 billiún in 2018, RMB 10 mbilliún in 2019 agus RMB 9.1 billiún in 2020.

Ar bhonn a Thuarascálacha Bliantúla, in 2018, chuir Jiangxi Chenming Paper Co., Ltd., fochuideachta de chuid Chenming Group, tús le gnó margadhbhunaithe fiachais/scaire dlíthiúil le China Zheshang Bank d'fhonn a chóimheas giarála a ísliú, a struchtúr caipitil a bharrfheabhsú agus a neart caipitil chuimsithigh a chur chun cinn. Mar thoradh air sin, tháinig méadú RMB 500 milliún ar chaipiteal Jinagxi Chenming (42). In 2020, fuair Grúpa Chenming iasacht ghearrthéarmach ó Guangdong Nanyue Bank ar fiú RMB 1 232 mhilliún é (43).

Sholáthair bainc phríobháideacha línte creidmheasa do tháirgeoirí CFP le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar shampla, in 2018, 2019 agus 2020, fuair Grúpa Chenming creidmheasanna bainc dar luach RMB 81 750 milliún, RMB 82 720 milliún agus RMB 83 165 milliún, faoi seach (44).

(68)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d'fhéadfaí a shuí gur soláthraíodh na hiasachtaí a shainaithin na hiarratasóirí faoi ghnáthdhálaí margaidh. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, áfach, shuigh an Coimisiún gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne de thairbhe a bhaint as iasachtaí fabhracha. Go deimhin, leanadh leis an tionscal páipéir a aithint mar 'thionscal Táthar Á Spreagadh'. Ina theannta sin, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí, shuigh an Coimisiún gur soláthraíodh na hiasachtaí fabhracha do thionscail atáthar a spreagadh ag rátaí úis a bhí i bhfad faoi bhun na rátaí a ghearrfaí in éagmais saobhadh ar an margadh airgeadais, lena n-áirítear in éagmais rátálacha creidmheasa bailí (45).

(69)

Dá bhrí sin, gan gá le méid beacht an fhóirdheontais a thugtar trí iasachtú fabhrach a chainníochtú, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean Rialtas na Síne ag soláthar iasachtaí fabhracha ag rátaí úis fabhracha i gcomhréir leis an mbeartas a shonraítear i bpleananna agus i dtreoracha sonracha ina dtagraítear don tionscal páipéir. Bhí aistriú díreach cistí i bhfoirm iasachtaí fabhracha ar fáil i gcónaí do chuideachtaí sa tionscal páipéir le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.1.4.   Sainiúlacht

(70)

Mar a léirítear in aithrisí (66) go dtí (69) thuas, déantar roinnt doiciméid dhlíthiúla a dhírítear go sonrach ar chuideachtaí in earnáil an pháipéir a dhíriú ar na hinstitiúidí airgeadais. Ar bhonn na ndoiciméad sin, léiríodh nach soláthraíonn na hinstitiúidí airgeadais iasachtú fabhrach ach do líon teoranta tionscal a chomhlíonann na beartais ábhartha de chuid Rialtas na Síne.

(71)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh na fóirdheontais i bhfoirm iasachtú fabhrach ar fáil go ginearálta ach go bhfuil siad sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Thairis sin, níor chuir aon cheann de na páirtithe leasmhara aon fhianaise isteach a thabharfadh lena thuiscint go raibh an t-iasachtú fabhrach bunaithe ar chritéir nó ar choinníollacha oibiachtúla faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

3.3.1.5.   Conclúid

(72)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm iasachtaí fabhracha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.2.   Cláir cánach ioncaim

3.3.2.1.   Beartais cánach tosaíochta do chuideachtaí a aithnítear mar fhiontair ardteicneolaíochta nó nuatheicneolaíochtaí

(73)

Shuigh an Coimisiún san imscrúdú bunaidh gurbh ionann méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an bhfóirdheontas sin agus 1,22 % do Ghrúpa APP agus 0,58 % do Ghrúpa Chenming.

(74)

Leis an bhfóirdheontas sin féadfaidh cuideachta a dhéanann iarratas rathúil ar an Deimhniú um Fhiontar Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta leas a bhaint as ráta cánach ioncaim laghdaithe 15 %, i gcomparáid leis an ngnáthráta 25 %.

3.3.2.1.1.   Bunús Dlí

(75)

Soláthraítear an fóirdheontas mar chóireáil fhabhrach cánach in Airteagal 28 de Dhlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne (n. 63 a fógraíodh an 16 Márta 2007) (46), ina bhforáiltear go ‘laghdófar an ráta cánach ioncaim fiontair d’fhiontair ardteicneolaíochta agus fiontair nuatheicneolaíochta a dteastaíonn tacaíocht speisialta an Stáit uathu go 15 %’. In Airteagal 93 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair, soiléirítear an méid seo a leanas:

Na fiontair ardteicneolaíochta agus na fiontair nuatheicneolaíochta thábhachtacha a bhfuil tacaíocht le fáil acu ón stát dá dtagraítear i gClásal 2 d’Airteagal 28 den Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair, tagraíonn siad do na fiontair ar leo príomhchearta maoine intleachtúla agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

1.

Comhlíonann raon feidhme na bPríomhlimistéar Teicneolaíochta ar ardleibhéal agus nua a fhaigheann tacaíocht ón Stát;

2.

Ní lú an cion den chostas taighde agus forbartha a bheidh san ioncam díola ná an cion forordaithe;

3.

Ní bheidh an cion den ioncam ó theicneolaíocht/táirge/seirbhís ardteicneolaíochta in ioncam iomlán an fhiontair níos lú ná an cion ordaithe;

4.

Ní bheidh cion an phearsanra theicniúil i measc fostaithe ar fad an fhiontair níos lú ná an cion ordaithe;

5.

Coinníollacha eile arna bhforordú sna Bearta chun Sainaithint Fiontair Ardteicniúil a Riar.

Déanfaidh na ranna teicneolaíochta, airgeadais agus cánachais faoin gComhairle Stáit Bearta chun Sainaithint Fiontar Ardteicniúil a Riar agus Príomhréimsí Ardeicneolaíochta Stát-tacaithe agus Nuatheicneolaíochta a fhoirmliú i gcomhpháirt agus tiocfaidh siad i bhfeidhm tar éis don Chomhairle Stáit iad a fhormheas'  (47) ,  (48) .

3.3.2.1.2.   Incháilitheacht

(76)

In Airteagal 10 de na Bearta chun Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta a Riar a chinneadh liostaítear na critéir incháilitheachta chun go mbainfidh na cuideachtaí tairbhe as an ráta laghdaithe ioncaim cánach sin. Má chomhlíonann an chuideachta na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 10, ní mór di iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás ábhartha de réir an nós imeachta in Airteagal 11 den Ghníomh céanna.

3.3.2.1.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(77)

Ní mór d'aon chuideachta a bhfuil sé beartaithe aici iarratas a dhéanamh ar an ráta laghdaithe ioncaim cánach sin dul ar aghaidh chuig iarratas ar líne chuig an mBiúró Eolaíochta agus Teicneolaíochta áitiúil a dhéanfaidh réamhscrúdú. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Biúró Eolaíochta agus Teicneolaíochta áitiúil moladh don roinn Cúige Eolaíochta agus Teicneolaíochta. Sula ndéantar aon chinneadh maidir le heisiúint an deimhnithe Ardteicneolaíochta agus Nua-Theicneolaíochta, féadfaidh an roinn Cúige Eolaíochta agus Teicneolaíochta cinneadh a dhéanamh freisin imscrúdú a dhéanamh go díreach ar áitreabh na n-iarratasóirí.

3.3.2.1.4.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe seo agus an imscrúdaithe reatha.

(78)

Mar a fuarthas san imscrúdú bunaidh, ba cheart an ráta laghdaithe ioncaim cánach a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais ligthe ar ceal, rud a thugann sochair do na cuideachtaí is faighteoirí. Tá an fóirdheontas sin sonrach i gcónaí de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht féin, ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, leis an rochtain ar an ráta laghdaithe ioncaim cánach sin d'fhiontair agus do thionscail áirithe atá aicmithe mar fhiontair agus mar thionscail atáthar a spreagadh, amhail na cinn a bhaineann leis an tionscal páipéir mhín bhrataithe.

(79)

Ní raibh aon tásc ná fianaise ag an gCoimisiún lenar tugadh le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as an ráta laghdaithe ioncaim cánach sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise a chuir na hiarratasóirí ar fáil san iarraidh (49), chomh maith le himscrúduithe le déanaí (50) agus faisnéis atá ar fáil go poiblí (51), shuigh an Coimisiún gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as beartais chánach fhabhracha do chuideachtaí a aithnítear mar fhiontair ardteicneolaíochta nó mar fhiontair nuatheicneolaíochta (agus mar sin an tionscal páipéir mhín bhrataithe san áireamh).

(80)

Bhí fianaise bhreise san iarraidh ar athbhreithniú éaga gur lean táirgeoirí áirithe CFP na Síne de thairbhe a bhaint as go leor díolúintí agus aisíocaíochtaí cánach.

(81)

In 2018, 2020 agus an chéad leath de 2021, thuairiscigh Grúpa Chenming go bhfuair sé lacáistí cánach arbh fhiú thart ar RMB 61 mhilliún, RMB 111 mhilliún agus RMB 1 mhilliún faoi seach (52).

(82)

In 2018, 2019, 2020 agus an chéad leath de 2021, thuairiscigh Grúpa Chenming faoin roinn aisíocaíochtaí cánach ‘deontais Rialtais’ arbh fhiú RMB 20 milliún, RMB 80 milliún, RMB 72 mhilliún agus RMB 9 milliún faoi seach (53).

(83)

Is ionann luach comhcheangailte na lacáistí /na n-aisíocaíochtaí cánach sin agus thart ar RMB 81 mhilliún, RMB 192 mhilliún, RMB 72 mhilliún agus RMB 10 milliún, ar raibh i gceist leo 0,28 %, 0,63 %, 0,23 % agus 0,06 % d'ioncam na cuideachta agus 3,32 %, 11,56 %, 4,19 % agus 0,51 % dá glanbhrabús do na blianta 2018, 2019, 2020 agus an chéad leath de 2021, faoi seach (54). Mar an gcéanna, in 2020, thuairiscigh Gold East Paper (Jiangsu) aisíocaíochtaí agus asbhaintí cánach arb ionann iad agus RMB 68 milliún, arb ionann é sin agus 0,73 % dá ioncam agus 2,18 % dá bhrabús don bhliain sin (55). Dá bhrí sin, cé nach bhféadfaí a chinneadh bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil go poiblí cad é an díolúine cánach shonrach nó aisíocaíocht faoinar soláthraíodh na tairbhí sin, is léir gur leanadh de na tairbhí lena mbaineann a sholáthar agus go raibh siad suntasach.

(84)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise thorthaí na n-imscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (78) agus na faisnéise atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga dá dtagraítear in aithrisí (79) go (83), agus in éagmais aon léirithe dá mhalairt, chinn an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP.

3.3.2.1.5.   Conclúid

(85)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm beartas cánach fabhrach do chuideachtaí a aithnítear mar fhiontair ardteicneolaíochta nó nuatheicneolaíochta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.2.2.   Beartais fhabhracha chánach le haghaidh taighde agus forbartha

(86)

Shuigh an Coimisiún san imscrúdú bunaidh méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an gcóireáil fhabhrach cánach sin ag 0,02 % do Ghrúpa APP agus 0,05 % don Ghrúpa Chenming.

(87)

De bharr an fhritháirimh cánach le haghaidh taighde agus forbartha tá cuideachtaí i dteideal cóireáil fhabhrach chánach a fháil maidir lena n-oibríochtaí taighde agus forbartha i réimsí tosaíochta ardteicneolaíochta arna gcinneadh ag an Stát nuair a chomhlíontar tairseacha áirithe maidir le caiteachas taighde agus forbartha.

(88)

Go sonrach, caiteachas taighde agus forbartha arna thabhú chun teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus teicnicí nua a fhorbairt nach sócmhainní doláimhsithe iad agus cuirtear san áireamh iad i mbrabús agus caillteanas an téarma reatha, is faoi réir asbhaint bhreise 75 % iad tar éis iad asbhaint ina n-iomláine i bhfianaise na staide reatha. I gcás inar sócmhainní doláimhsithe iad na costais taighde agus forbartha thuasluaite, tá siad faoi réir amúchta bunaithe ar 175 % de chostais na sócmhainne doláimhsithe. Ó bhí mí Eanáir 2021 ann, méadaíodh an asbhaint réamhchánach bhreise le haghaidh speansais taighde agus forbartha go 100 % (56).

3.3.2.2.1.   Bunús Dlí

(89)

Déantar foráil maidir leis an gcóireáil fhabhrach cánach in Airteagal 30(1) de Dhlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne (n. 63 a fógraíodh an 16 Márta 2007), in Airteagal 95 de na Rialacháin maidir le Cur chun Feidhme Dhlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne, chomh maith leis na fógraí seo a leanas:

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus, ón Údarás Stáit um Chánachas agus ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta maidir leis an mBeartas Asbhainte Réamhchánach a Fheabhsú le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha (Cai Shui [2015] Uimh. 119);

Ciorclán ar Chion Réamhchánach For-Asbhainte Costais Taighde agus Forbartha (Cai Shui [2018] Uimh. 99) a Ardú;

Fógra [2015] Uimh. 97 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna Ábhartha a bhaineann le Beartais Asbhainte Breise Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha na bhFiontar;

Fógra 2017 Uimh. 40 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna faoin Raon Feidhme Incháilithe a bhaineann le leis an Asbhaint Bhreise Réamhchánach a Ríomh le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha; agus

An Chatalóg 2016 de Réimsí Ardteicneolaíochta a dTacaíonn an Stát leo (57).

3.3.2.2.2.   Incháilitheacht

(90)

Soláthraítear sochar leis an gcóireáil fhabhrach cánach sin do chuideachtaí a aithnítear mar chuideachtaí a dhéanann tionscadail taighde agus forbartha. Níl incháilithe don scéim ach tionscadail taighde agus forbartha de chuid cuideachtaí sna hEarnálacha Nuatheicneolaíochta agus Ardteicneolaíochta a fhaigheann Tacaíocht Phríomhúil ón Stát agus na tionscadail atá liostaithe sa Treoir maidir le Príomhréimsí Tionsclaithe Ardteicneolaíochta faoin Tosaíocht Forbartha reatha a chuir an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú chun cinn.

3.3.2.2.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(91)

Ní mór d'aon chuideachta a bhfuil sé beartaithe aici iarratas a dhéanamh ar an gcóireáil fhabhrach cánach sin faisnéis mhionsonraithe faoi na tionscadail taighde agus forbartha a chur isteach chuig an mBiúró Eolaíochta agus Teicneolaíochta áitiúil. I ndiaidh scrúdú a dhéanamh, eiseoidh an biúró cánach an fógra formheasa. Déantar laghdú 50 % de na speansais iarbhír maidir le tionscadail fhormheasta ar an méid atá faoi réir cánach ioncaim corparáide.

3.3.2.2.4.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe sin agus an imscrúdaithe reatha

(92)

Mar a fuarthas san imscrúdú bunaidh (58) agus san imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo (59), ba cheart an chóireáil fhabhrach cánach a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais ligthe ar ceal a thugann tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí. Tá an fóirdheontas sin sonrach i gcónaí de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht féin, ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, leis an rochtain ar an scéim sin d'fhiontair agus do thionscail áirithe atá aicmithe mar fhiontair agus mar thionscail atáthar a spreagadh, amhail na cinn a bhaineann leis an tionscal páipéir mhín bhrataithe.

(93)

Níor chuir Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as an gcóireáil fhabhrach chánach sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Shuigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a chuir na hiarratasóirí ar fáil san iarraidh (60), gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as beartais chánach fhabhracha do T&F le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Go deimhin, tá sochar á chur ar fáil leis an gcóireáil fhabhrach fós do chuideachtaí a aithnítear go foirmiúil mar Fhiontair Ardteicneolaíochta agus Nua-Theicneolaíochta.

(94)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí ar thángthas orthu sna himscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (92), na sochar cánach foriomlán arna bhfáil ag na hiarratasóirí dá dtagraítear in aithrisí (79) go (83) agus in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.2.2.5.   Conclúid

(95)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm beartais fhabhracha cánach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.2.3.   Díolúine ó cháin díbhinní idir fiontair chónaitheacha cháilithe

(96)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an scéim seo ag 1,34 % do Ghrúpa APP agus ag 0,21 % do Ghrúpa Chenming.

(97)

Baineann an díolúine cánach díbhinní le fiontair chónaitheacha sa tSín ar scairshealbhóirí iad i bhfiontair chónaitheacha eile sa tSín. Tá Grúpa APP i dteideal díolúine cánach ar ioncam ó dhíbhinní áirithe arna n-íoc ag Grúpa Chenming.

3.3.2.3.1.   Bunús Dlí

(98)

Foráiltear don díolúine cánach díbhinní sin in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 de Dhlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne agus, chomh maith leis sin, mínítear in Airteagal 83 de na Rialacháin maidir le Cur chun Feidhme Dhlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne, Foraithne n. 512 ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne, a fógraíodh an 6 Nollaig 2007.

(99)

Is é bunús dlí an chláir sin Airteagal 26(2) de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair na Síne.

(100)

Foráiltear le hAirteagal 25 den Dlí CIF, a fheidhmíonn mar achoimre do Chaibidil IV 'Beartais Fhabhracha Chánach' 'Táirgfidh an Stát fabhair chánach ioncaim d’Fhiontair atá ag gabháil do thionscail nó tionscadail a dtugann an Stát tacaíocht agus spreagadh speisialta dá bhforbairt'. Thairis sin, sonraítear in Airteagal 26(2) go bhfuil feidhm ag an díolúine ó cháin maidir le hioncam ó infheistíochtaí cothromais idir 'fiontair chónaitheacha incháilithe', rud a fhágann gur cosúil go bhfuil raon feidhme an chur i bhfeidhm teoranta d’fhiontair chónaitheacha áirithe.

3.3.2.3.2.   Incháilitheacht

(101)

Soláthraítear leis an díolúine cánach díbhinní sin sochar do gach cuideachta chónaitheacha atá ina scairshealbhóirí i bhfiontair chónaitheacha eile sa tSín.

(102)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na díolúine sin a theorannú d'fhiontair chónaitheacha cáilithe a dtacaíonn an Stát go mór leo agus a spreagann an Stát a bhforbairt.

3.3.2.3.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(103)

Féadfaidh na cuideachtaí an díolúine cánach díbhinní sin a úsáid go díreach trína dtuairisceán cánach.

3.3.2.3.4.   Torthaí an imscrúdaithe reatha

(104)

San imscrúdú bunaidh (61) agus san imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo (62), shuigh an Coimisiún gur cheart an díolúine ó cháin díbhinní sin a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)( ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais ligthe ar ceal lena dtugtar sochar do na cuideachtaí is faighteoirí. Tá an fóirdheontas sin fós sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gurb í an reachtaíocht féin, ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, a chuir teorainn leis an rochtain ar an scéim seo d’fhiontair chónaitheacha sa tSín a fhaigheann ioncam díbhinní ó fhiontair chónaitheacha eile sa tSín, seachas na fiontair sin a dhéanann infheistíocht i bhfiontair eachtracha.

(105)

Ní raibh aon fhianaise ar fáil don Choimisiún lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as an díolúine sin ó cháin díbhinní ná go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Shuigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a chuir na hiarratasóirí (63) ar fáil san iarraidh chomh maith le himscrúduithe a rinneadh le déanaí (64), go bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe fós ag baint tairbhe as an díolúine ó cháin díbhinní.

(106)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí ar thángthas orthu sna himscrúduithe roimhe seo dá dtagraítear in aithris (104), na sochar cánach foriomlán arna bhfáil ag na hiarratasóirí dá dtagraítear in aithrisí (79) agus (100) agus in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.2.3.5.   Conclúid

(107)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm díolúine ó cháin díbhinní idir fiontair chónaitheacha cháilithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.3.   Cláir Indíreacha um Tharaifí Cánach agus Allmhairí

3.3.3.1.   Cáin Bhreisluacha (CBL) agus díolúintí taraife ar threalamh allmhairithe

(108)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an tomhas sin ag 1,17 % do Ghrúpa APP agus ag 0,61 % do Ghrúpa Chenming.

(109)

Soláthraítear leis an mbeart sin sochair i bhfoirm díolúine CBL agus allmhairí saor ó dhleacht earraí caipitil chuig na Fiontair Infheistíochta Eachtracha ('FIEanna') nó cuideachtaí baile atá ábalta an Deimhniú a fháil maidir le tionscadail a Chothaíonn an Stát arna n-eisiúint ag údaráis na Síne i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha a bhaineann le hinfheistíocht, cáin agus custaim.

3.3.3.1.1.   Bunús Dlí

(110)

Tá na díolúintí CBL agus taraife bunaithe ar shraith forálacha dlíthiúla, i.e. Imlitir ón gComhairle Stáit maidir le Beartais Cánach ar Threalamh Allmhairithe a Choigeartú Uimh. 37/1997, Fógra ón Aireacht Airgeadais, Riarachán Ginearálta Custaim agus Riarachán Cánach an Stáit [2008] Uimh. 43, Fógra ó NDRC maidir leis na saincheisteanna ábhartha a bhaineann le Láimhseáil litreach Daingnithe ar Thionscadail Intíre nó ar Thionscadail ag a bhfuil maoiniú Eachtrach, a mhol an Stát a fhorbairt, Uimh. 316/2006 dar dáta an 22 Feabhra 2006 agus ar an gCatalóg maidir le hAirteagail Allmhairithe nach bhfuil díolmhaithe ó dhleacht do FIEnna nó d'fhiontair intíre-2008.

3.3.3.1.2.   Incháilitheacht

(111)

Tá incháilitheacht teoranta d'iarratasóirí, FIEnna nó fiontair intíre, atá ábalta an Deimhniú a fháil maidir le tionscadail a Chothaíonn an Stát.

3.3.3.1.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(112)

De réir an Fhógra ó NDRC maidir leis na saincheisteanna ábhartha a bhaineann le Láimhseáil litreach Daingnithe ar Thionscadail Intíre nó ar Thionscadail ag a bhfuil maoiniú Eachtrach, a mhol an Stát a fhorbairt, Uimh. 316/2006, dar dáta an 22 Feabhra 2006, Airteagal I.1. tionscadail infheistíochta eachtraí a chomhlíonann 'tionscadail infheistíochta eachtracha spreagtha le haistriú teicníce i 'gCatalóg Threoraithe na dTionscal Infheistíochta Eachtraí' agus 'Catalóg Thionsclaíoch le haghaidh Infheistíocht Eachtrach i Réigiúin an Láir agus an Iarthair', tá siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim chomh maith le cánacha breisluacha allmhairithe, cé is moite do na cinn a liostaítear sa chatalóg 'Catalóg na dTráchtearraí Allmhairithe nach mBaineann Leas an Díolúine Cánach na dTionscadal Infheistíochta Eachtraí'. Eiseoidh NDRC an Litir um Dheimhniú Tionscadal do thionscadail infheistíochta eachtraí na catagóire um spreagadh leis an infheistíocht iomlán de USD 30 milliún nó níos mó. Eiseoidh na coimisiúin nó na bardais eacnamaíocha an Litir um Dheimhniú Tionscadal do thionscadail infheistíochta eachtraí na catagóire um spreagadh leis an infheistíocht iomlán de níos lú ná USD 30 milliún ar leibhéal an chúige. Nuair a bheidh Litir um Dheimhniú Tionscadail na catagóire um spreagadh faighte acu, tíolacfaidh na cuideachtaí na deimhnithe agus na doiciméid iarratais eile dá n-údaráis chustaim áitiúla chun a bheith incháilithe do dhíolúine chustaim agus CBL ar allmhairí trealaimh.

3.3.3.1.4.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe sin agus an imscrúdaithe reatha

(113)

San athbhreithniú bunaidh (65), san athbhreithniú roimhe seo (66) agus in imscrúduithe eile, shuigh an Coimisiún gur cheart na díolúintí CBL (67) agus taraife a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)( ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais ligthe ar ceal lena dtugtar sochar do na cuideachtaí is faighteoirí. Tá an fóirdheontas sin sonrach i gcónaí de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht féin, ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, leis an rochtain ar an scéim seo d'fhiontair a infheistíonn faoi chatagóirí sonracha gnó arna sainiú go hiomlán sa dlí (i.e. catalóg le haghaidh treoir do thionscail le haghaidh infheistíocht eachtrach agus catalóg do phríomhthionscail, táirgí agus teicneolaíochtaí a spreagann an stát iad a fhorbairt faoi láthair).

(114)

Níor cuireadh aon fhianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as na díolúintí CBL agus taraife sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Shuigh an Coimisiún, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe na conclúidí ón gCoimisiúin faoin bhfóirdheontas sin in imscrúduithe roimhe seo (68), go bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe fós ag baint tairbhe as díolúine CBL agus taraife ar threalamh allmhairithe.

(115)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí ar thángthas orthu sna himscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (113), na sochar cánach foriomlán arna bhfáil ag na hiarratasóirí dá dtagraítear in aithrisí (112) agus in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.3.1.5.   Conclúid

(116)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm CBL agus díolúintí taraife ar threalamh allmhairithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.3.2.   Fáltais CBL ar threalamh a tháirgtear sa bhaile

(117)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún méid an fhóirdheontais ad valorem maidir leis an bhfóirdheontas sin ag 0,03 % do Ghrúpa APP agus ag 0,05 % do Ghrúpa Chenming.

(118)

Soláthraítear leis an mbeart sin sochair i bhfoirm lacáistí CBL a íocann FIEnna as trealamh a tháirgtear sa bhaile a cheannach.

3.3.3.2.1.   Bunús Dlí

(119)

Tá lacáistí CBL bunaithe ar shraith forálacha dlí:

Bearta Sealadacha maidir le Riar Aisíocaíochtaí Cánach le haghaidh Ceannach Trealaimh arna mhonarú sa bhaile ag FIEnna ,

Bearta Trialach maidir le Riar Lacáistí Cánach ó Threalamh de dhéantús na Síne a Cheannach le haghaidh Tionscadail ina gcuirtear infheistíocht eachtrach, agus

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Cealú an Bheartais Lacáiste do Threalamh Tí arna Cheannach ag Fiontair ina gcuirtear infheistíocht Eachtrach.

3.3.3.2.2.   Incháilitheacht

(120)

Tá an incháilitheacht teoranta do FIEnna a cheannaíonn trealamh a mhonaraítear sa bhaile agus a thagann faoin gcatagóir um spreagadh.

3.3.3.2.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(121)

Tá sé mar aidhm leis an gclár CBL arna íoc as ceannach trealaimh arna tháirgeadh sa bhaile ag FIE a aisíoc mura dtagann an trealamh faoin gCatalóg Neamhdhíolmhaithe agus mura sáraíonn luach an trealaimh an teorainn infheistíochta iomlán ar FIE de réir na 'mbeart Riaracháin trialach maidir le Ceannach Trealaimh arna tháirgeadh sa bhaile'.

(122)

San imscrúdú bunaidh (69), bhain na táirgeoirí comhoibríocha uile tairbhe as an mbeart sin.

3.3.3.2.4.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe sin agus an imscrúdaithe reatha

(123)

San imscrúdú bunaidh agus in imscrúdú an athbhreithnithe a rinneadh roimhe seo (70), shuigh an Coimisiún gur cheart na lacáistí CBL sin a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)( ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncaim rialtais ligthe ar ceal lena dtugtar sochar do na cuideachtaí is faighteoirí. Tá an fóirdheontas sin sonrach fós de réir bhrí Airteagal 4(4)(b) den bhun-Rialachán, ós rud é go bhfuil an fóirdheontas ag brath ar úsáid earraí intíre seachas earraí allmhairithe.

(124)

San imscrúdú reatha, sholáthair na hiarratasóirí fianaise gur ceann de 83 fhóirdheontas atá ar fáil do thionscail thábhachtacha iad lacáistí CBL ar cheannacháin FIE de threalamh a rinneadh sa tSín, de réir an Bheartais um Ollfhiontraíocht agus um Fhóirdheontais Tosaíochta Nuálaíochta (71).

(125)

Níor chuir Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as na lacáistí CBL agus as na díolúintí taraife sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Shuigh an Coimisiún, ar bhonn imscrúduithe le déanaí (72), go bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe fós ag baint tairbhe as lacáistí CBL chun trealamh a tháirgtear sa bhaile a cheannach.

(126)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí ar thángthas orthu sna himscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (123), na sochar cánach foriomlán arna bhfáil ag na hiarratasóirí dá dtagraítear in aithrisí (124) agus in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.3.2.5.   Conclúid

(127)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm lacáistí CBL ar threalamh a tháirgtear sa bhaile le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.4.   Cláir Deontais

3.3.4.1.   Réamhrá

(128)

Shuigh an Coimisiún san imscrúdú bunaidh gur thairbhigh an tionscal páipéir mhín bhrataithe de chláir dheontais éagsúla. Go sonrach, san imscrúdú bunaidh rinne an Coimisiún measúnú ar chúig chlár a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus fuair sé go raibh gach ceann acu in-fhrithchúiteach. Shonraigh an Coimisiún freisin sé chlár bhreise a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ach níor mheas sé iad i bhfianaise an mhéid bheag sochar a bhí i gceist.

3.3.4.2.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe sin agus an imscrúdaithe reatha

(129)

San athbhreithniú bunaidh (73), san athbhreithniú roimhe seo (74) agus in imscrúduithe eile (75), fuair an Coimisiún gur thairbhigh na táirgeoirí páipéir mhín bhrataithe mar chuid de phleananna Rialtas na Síne chun tacú leis an tionscal páipéir de roinnt deontas ar cheart iad a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm soláthar cistí lena dtugtar sochar do na cuideachtaí is faighteoir. Dhearbhaigh údaráis na Stáit Aontaithe de déanaí san Athbhreithniú Éagtha maidir le hallmhairí páipéir mhín neamhbhrataithe (UFP) ('UFP ón tSín') go bhfuil fós ag soláthar deontas (76).

(130)

Níor chuir Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as na deontais sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Shuigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthair na hiarratasóirí (77) san iarraidh chomh maith le himscrúduithe a rinneadh le déanaí (78), go bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe fós ag baint tairbhe as deontais mar thionscal spreagtha.

(131)

De réir na hiarratas ó na hiarratasóirí, leanann táirgeoirí CFP na Síne de thairbhe a bhaint as deontais. Mar shampla, in 2019 agus 2020, fuair Grúpa Chenming dámhachtainí Rialtais dar luach RMB 228 milliún agus RMB 800 000, arb ionann é sin agus 0,75 % agus 0,003 % d'ioncam an Ghrúpa agus 13,76 % agus 0,05 % dá bhrabús do na tréimhsí sin, faoi seach (79).

(132)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go leanann Rialtas na Síne de dheontais éagsúla a sholáthar don tionscal páipéir mhín bhrataithe agus go leanann táirgeoirí páipéir mhín bhrataithe sa tSín de thairbhe a bhaint as na deontais sin, gan an gá le méid na sochar a thugtar a chainníochtú go beacht. Meastar go bhfuil na deontais sin sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2) den bhun-Rialachán agus is cosúil gur deonaíodh ar bhonn ad hoc iad freisin.

3.3.4.3.   Conclúid

(133)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm deontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.5.   Deonú Earraí agus Seirbhísí ag an Rialtas ar Luach Saothair Neamhleor: soláthar talún

(134)

San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an tionscal páipéir mhín bhrataithe sa tSín de thalamh a sholáthar agus, go sonrach, de na cearta úsáide talún ('LURanna') ar luach saothair nach leordhóthanach.

(135)

Suíodh méid an fhóirdheonaithe a aimsíodh san imscrúdú bunaidh maidir leis an mbeart sin ag 2,81 % do ghrúpa APP agus 0,69 % do ghrúpa Chenming.

3.3.5.1.   Bunús Dlí

(136)

Sholáthair na hiarratasóirí fianaise san iarraidh gur lean Rialtas na Síne le cearta úsáide talún a sholáthar don tionscal páipéir mhín bhrataithe ar luach saothair nach leordhóthanach. Is iad na doiciméid seo a leanas bunús dlí an éilimh (80):

an Dlí Maoine,

an Dlí Riaracháin Talún,

an Dlí maidir le Riarachán Réadmhaoine Uirbí,

na Rialacháin Eatramhacha maidir le Sannadh agus Aistriú an Chirt chun Úsáid na Talún atá faoi Úinéireacht Stáit i Limistéir Uirbeacha,

an Rialachán maidir le Cur Chun Feidhme an Dlí Riaracháin Talún, agus

na Forálacha maidir le Sannadh an Chirt Úsáide ar Thalamh Foirgníochta atá faoi Úinéireacht Stáit trí Chuireadh Tairisceana, Ceant agus Luachan, Uimh. 39, dar dáta an 28 Meán Fómhair 2007.

3.3.5.2.   Cur chun feidhme praiticiúil

(137)

De réir Airteagal 2 den Dlí Riaracháin Talún, tá an talamh ar fad faoi úinéireacht an rialtais ós rud é, de réir Bhunreacht na Síne agus na bhforálacha dlíthiúla ábhartha, gur le Daoine na Síne le chéile an talamh. Ní féidir aon talamh a dhíol ach féadfar cearta úsáide talún a shannadh de réir an dlí: déanann údaráis an Stáit í a shannadh trí thairiscint phoiblí, luachan nó ceant.

3.3.5.3.   Torthaí an imscrúdaithe bunaidh, an athbhreithnithe éaga roimhe sin agus an imscrúdaithe le déanaí

(138)

San imscrúdú bunaidh (81), shuigh an Coimisiún maidir le Rialtas na Síne cearta úsáide talún a thabhairt, ba cheart a mheas gur fóirdheontas é sin de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) agus Airteagal3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm soláthar earraí, rud a thugann sochar do na cuideachtaí is faighteoirí.

(139)

Níor chuir Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as cearta úsáide talún a sholáthar ar luach saothair nach bhfuil leordhóthanach nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad.

(140)

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún le déanaí i roinnt imscrúduithe, lena n-áirítear GFF ón tSín agus scragall tiontaire alúmanaim ón tSín (82), go bhfuil táirgeoirí na Síne (83) incháilithe chun aisíocaíochtaí a fháil ó údaráis áitiúla chun na praghsanna a d'íoc siad as na cearta úsáide talún a chúiteamh. Maidir leis sin, in 2019, thuairiscigh Grúpa Chenming méadú ar a chearta úsáide talún a raibh RMB 163 mhilliún i gceist leis. In 2020, chuaigh an méid sin suas go RMB 219 milliún, i.e., méadú de RMB 56 mhilliún (84).

(141)

Dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, chinn an Coimisiún gur leanadh d'fhóirdheontais a thabhairt i leith na rátaí a íocadh as úsáid talún toisc nach gcloíonn an córas a d'fhorchuir Rialtas na Síne le prionsabail an mhargaidh. Toisc gur lean an tionscal páipéir de bheith ina 'Thionscal atáthar a spreagadh' fós faoin 13ú Plean Cúig Bliana agus faoin 14ú Plean Cúig Bliana, shuigh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, go bhfuil sannadh fabhrach talún fós ann. Léirítear le soláthar ceart úsáide talún ag Rialtas na Síne don tionscal páipéir mar cheann de na tionscail atáthar a spreagadh go bhfuil an fóirdheontas sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2) den bhun-Rialachán.

(142)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, i bhfianaise na dtorthaí ar thángthas orthu sna himscrúduithe roimhe sin dá dtagraítear in aithris (138), na sochar cánach foriomlán arna bhfáil ag na hiarratasóirí dá dtagraítear in aithrisí (136) agus in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún gur leanadh le fóirdheontas a thabhairt do tháirgeoirí CFP le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.5.4.   Conclúid

(143)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as soláthar talún ar luach saothair níos lú nach leordhóthanach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.6.   Cláir árachais onnmhairiúcháin don tionscal páipéir mhín bhrataithe

3.3.6.1.   Bunús Dlí

(144)

Is iad seo a leanas na bunúis dlí don chlár seo:

an Fógra maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (Shang Ji Fa [2004] Uimh. 368), arna eisiúint ag Mofcom agus Sinosure i gcomhpháirt,

Eolaire Onnmhairiúcháin Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta na Síne 2006,

an 'plean 840' mar a thugtar air san Fhógra ón gComhairle Stáit an 27 Bealtaine 2009,

an 'plean 421' mar a thugtar air san Fhógra maidir leis na saincheisteanna chun Socruithe speisialta a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú árachais ar onnmhairiú foirne móra iomlána trealaimh, arna eisiúint i gcomhar ag an Aireacht Tráchtála agus ag an Aireacht Airgeadais an 22 Meitheamh 2009.

3.3.6.2.   comhlacht poiblí is ea Sinosure

(145)

San imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo (85) agus san aithris (458) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún, ba é conclúid an Choimisiúin gur comhlacht poiblí é Sinosure de réir bhrí Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán. Go sonrach, amhail i gcomhthéacs an iasachtaithe fabhraithe thuas, tá an chonclúid go bhfuil Sinosure dílsithe le húdarás chun feidhmeanna rialtais a fheidhmiú bunaithe ar fhíorais atá ar fáil a bhaineann le húinéireacht an Stáit, comharthaí foirmiúla maidir le rialú an rialtais chomh maith le fianaise lena léirítear go bhfuil smacht fónta ag Rialtas na Síne ar iompar Sinosure fós.

(146)

Mar a dearbhaíodh san imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo agus in imscrúduithe eile le déanaí (86), feidhmíonn an rialtas úinéireacht iomlán agus rialú airgeadais ar Sinosure. Is úinéireacht aonair Stáit é Sinosure, atá 100 % faoi úinéireacht na Comhairle Stáit. Luaitear sna hAirteagail Chomhlachais gurb í an Aireacht Airgeadais roinn inniúil gnó na cuideachta, agus éilítear ar Sinosure freisin tuarascálacha airgeadais agus cuntasaíochta agus an tuarascáil bhuiséadach a chur faoi bhráid na hAireachta Airgeadais lena scrúdú agus lena bhformheas.

(147)

Maidir le rialú an rialtais, mar dhílseánacht aonair stáit, níl Bord Stiúrthóirí ag Sinosure. Maidir leis an mBord Maoirseoirí, ceapann an Chomhairle Stáit na maoirseoirí go léir agus comhlíonann siad a ndualgais de réir an Rialacháin ‘Interim Regulation on the Board of Supervisors of Important State - owned Financial Institutions.’ [an Rialachán Eatramhach maidir le Bord Maoirseoirí um Institiúidí Airgeadais Tábhachtacha faoi úinéireacht an Stáit] Ceapann an rialtas lucht bainistíochta sinsearaí Sinosure freisin. Taispeántar ar shuíomh gréasáin (87) Sinosure gurb é Cathaoirleach Sinosure atá ina Rúnaí ar Coiste an Pháirtí, agus go bhfuil an chuid is mó den Lucht Bainistíochta Sinsearaí ina mBaill de Choiste an Pháirtí freisin.

(148)

Is iad seo a leanas bunús dlí na bhfóirdheontas a sholáthraíonn Sinosure:

an Fógra maidir le Cur chun feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (Shang Ji Fa [2004] No. 368), arna eisiúint ag MOFCOM agus Sinosure i gcomhpháirt;

Eolaire Onnmhairiúcháin Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta na Síne 2006; an plean 840 mar a thugtar air san Fhógra ón gComhairle Stáit an 27 Bealtaine 2009;

an plean 421 mar a thugtar air san Fhógra maidir leis na saincheisteanna chun socruithe speisialta a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú árachais ar onnmhairiú foirne móra iomlána trealaimh, arna eisiúint i gcomhar ag an Aireacht Tráchtála agus ag an Aireacht Airgeadais an 22 Meitheamh 2009; agus

an Fógra maidir le Saothrú agus Forbairt ón gComhairle Stáit maidir le Dlús a chur leis na Tionscail atá ag teacht chun cinn i dtaca le Cinneadh Straitéiseach (Guofa [2010] Uimh. 32 an 18 Deireadh Fómhair 2010), arna eisiúint ag an gComhairle Stáit agus a Treoirlínte Cur Chun Feidhme (Guofa[2011] Uimh. 310 an 21 Deireadh Fómhair 2011) (88).

(149)

Ar a shuíomh gréasáin, deir Sinosure go gcuireann sé onnmhairiú earraí na Síne chun cinn, go háirithe táirgí ardteicneolaíochta a onnmhairiú. De réir staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ('ECFE') le déanaí, fuair tionscal ardteicneolaíochta na Síne, ar cuid de tionscal ACF 21 % den árachas creidmheasa onnmhairiúcháin iomlán arna sholáthar ag Sinosure (89). Thairis sin, tá ról gníomhach glactha ag Sinosure i gcomhlíonadh an tionscnaimh 'Made in China 2025', ag treorú fiontar le húsáid a bhaint as acmhainní creidmheasa náisiúnta, ag déanamh nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch agus uasghrádú teicneolaíoch, agus ag cuidiú le fiontair 'atá ag dul amach' a (90).

(150)

Thairis sin taispeántar sa chreat institiúideach agus sna doiciméid eile a d'eisigh Rialtas na Síne faoina n-oibríonn Sinosure go bhfuil Sinosure dílsithe le húdarás chun beartais rialtais a chur i gcrích. An Fógra maidir le Cur chun feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (Shang Ji Fa [2004] Uimh. 368 an 26 Iúil 2004), d'eisigh Mofcome agus Sinosure i gcomhar le chéile é in 2004 agus rialaítear gníomhaíochtaí Sinosure leis go fóill. I measc na gcuspóirí leis an bhFógra seo tá onnmhairiú ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta agus táirgí ardluacha breisluacha a chur chun cinn trí bhíthin tuilleadh úsáide a bhaint as árachas creidmheasa onnmhairiúcháin.

(151)

Mar a leagtar amach in aithrisí (46), (57) agus (113), shuigh an Coimisiún go measann an Rialtas na Síne go bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ina phríomhthionscal, a bhfuil a fhorbairt á tabhairt faoi go gníomhach ag an Stát mar chuspóir beartais phoiblí. Meabhraítear go bhfuil an tionscal páipéir ar cheann de na 26 thionscal a aicmítear mar thionscal 'atáthar a Spreagadh', mar a luaitear in aithris (46), (57) agus thuas. Shonraigh an Coimisiún go bhfuil gníomhaíocht an árachais creidmheasa onnmhairiúcháin a dhéanann Sinosure ina cuid dhílis den earnáil airgeadais i gcoitinne i gcás ina suitear go gcuireann idirghabháil an rialtais isteach go díreach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh airgeadais sa tSín agus go ndéantar é a shaobhadh leis an idirghabháil sin, féach freisin aithrisí (148) agus (149).

(152)

Tá an Coimisiún ar an eolas faoi dhoiciméid eile lena gcruthaítear go gcuireann Sinosure beartais rialtais i gcrích go díreach a théann chun tairbhe, inter alia, na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. an plean 840 mar a thugtar air san Fhógra ón gComhairle Stáit an 27 Bealtaine 2009 (91). Tagraíonn an t-ainm sin d'úsáid USD 84 bhilliún mar árachas onnmhairiúcháin agus tá sé ar cheann de na sé bheart a sheol an Chomhairle Stáit in 2009 chun éileamh onnmhairiúcháin a chobhsú a thuilleadh mar gheall ar an ngéarchéim dhomhanda agus ar an éileamh méadaithe dá bharr sin ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin. Áirítear leis na sé bheart go háirithe cumhdach feabhsaithe ar árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, soláthar árachais creidmheasa onnmhairiúcháin ghearrthéarmaigh ar scála USD 84 bhilliún in 2009 agus laghdú ar an ardráta. Mar an t-aon institiúid bheartais a fhrithgheallann árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, léirítear Sinosure mar sheiceadóir an phlean. Maidir leis an laghdú ar an bpréimh árachais, ceanglaíodh ar Sinosure a áirithiú go ndéanfaí laghdú 30 % ar mheánráta an árachais creidmheasa onnmhairiúcháin ghearrthéarmaigh ar bhonn an mheánráta iomláin in 2008.

(153)

Cuimsíodh an plean 421 mar a thugtar air san Fhógra maidir leis na saincheisteanna chun socruithe speisialta a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú árachais ar onnmhairiú foirne móra iomlána trealaimh, arna eisiúint i gcomhar ag an Aireacht Tráchtála agus ag an Aireacht Airgeadais an 22 Meitheamh 2009. Ba bheartas tábhachtach é seo freisin a thacaigh le beartas 'dul amach' na Síne mar fhreagairt ar ghéarchéim airgeadais dhomhanda 2009 agus soláthraíodh leis USD 42.1 billiún i gcomhair árachas maoinithe chun tacú le honnmhairiú foirne móra iomlána trealaimh. Dhéanfadh Sinosure agus roinnt institiúidí airgeadais eile an maoiniú a bhainistiú agus a sholáthar. D'fhéadfadh fiontair a chumhdaítear faoin doiciméad seo leis a bhaint as na bearta fabhracha airgeadais, lena n-áirítear árachas creidmheasa onnmhairiúcháin. De bharr neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún sonraí breise a fháil maidir le cur i bhfeidhm an fhógra seo. De cheal fianaise dá mhalairt, mheas an Coimisiún go gcumhdaítear tionscal an pháipéir leis an doiciméad seo freisin.

(154)

Faoi dheireadh 2019, thacaigh Sinosure le honnmhairí, trádáil intíre agus infheistíochtaí lena bhain luach iomlán os cionn USD 4,6 trilliún. D'éascaigh sé freisin iasachtú RMB 3.6 trilliún ag níos mó ná 200 banc (92).

(155)

Tá ról an-ghníomhach ag Sinosure freisin maidir le tacú le cuideachtaí a bhfuil baint acu leis an Tionscnamh 'Crios agus Bóthar', amhail APP. Áirítear leis sin bearta speisialta a thabhairt isteach chun luas socraithe cásanna a mhéadú i dtéarmaí measúnú damáiste, agus chun cuidiú le fiontair onnmhairiúcháin rioscaí a rialú a mhéid is féidir agus brú airgeadais a mhaolú go héifeachtach (93).

(156)

Ar bhonn na n-eilimintí thuas agus in éagmais comhoibriú ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin gur comhlacht poiblí é Sinosure toisc go bhfuil sé dílsithe le húdarás chun feidhmeanna rialtais a fheidhmiú. Thángthas ar na conclúidí céanna in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo maidir le tionscail atáthar a spreagadh sa tSín (94).

(157)

Ós rud é gur comhlacht poiblí é Sinosure atá dílsithe le húdarás rialtais agus a fhorghníomhaíonn dlíthe agus pleananna rialtais, ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm aistriú díreach féideartha cistí ón rialtas is ea soláthar árachais creidmheasa onnmhairiúcháin do tháirgeoirí páipéir mhín bhrataithe agus de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán.

3.3.6.3.   Tairbhe

(158)

De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachtaí ag an gCoimisiún ar a bhonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh.

3.3.6.4.   Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh agus ar na torthaí sna himscrúduithe a rinneadh le déanaí, ba é conclúid an Choimisiúin gur ann do shochar de réir bhrí Airteagal 3(2) agus Airteagal 6(c) den bhun-Rialachán ós rud é go soláthraíonn Sinosure, mar shainordú beartais, árachas creidmheasanna onnmhairiúcháin ar théarmaí níos fabhraí ná mar a d’fhéadfadh an faighteoir a fháil ar an margadh de ghnáth, nó go soláthraíonn sé cumhdach árachais nach mbeadh ar fáil ar chor ar bith ar an margadh murach sin. Sainiúlacht

(159)

Braitheann na fóirdheontais ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán, agus dá bhrí sin tá siad sonrach.

3.3.6.5.   Conclúid

(160)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as an árachas creidmheasa onnmhairiúcháin a sholáthraíonn Sinosure i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.3.7.   Lacáistí CBL do tháirgí a bhfuil 70 % ar a laghad de shnáithín athchúrsáilte agus d'iarmhair thalmhaíochta iontu

3.3.7.1.   Bunús Dlí

(161)

Ón 1 Iúil 2015, déantar an scéim aisíocaíochta nó díolúine CBL le haghaidh seirbhísí táirgthe agus saothair a úsáideann acmhainní go cuimsitheach a chomhdhlúthú faoin 'Notice of Ministry of Finance and State Administration of Taxation to Print and Issue Catalogue of Products and Labour Services with Comprehensive Utilization of Resources (CaiShui [2015] No 78)’ [Fógra ón Aireacht Airgeadais agus Riarachán Stáit Cánachais maidir le Catalóg Táirgí agus Seirbhísí Saothair lena ngabhann Úsáid Chuimsitheach Acmhainní a Phriontáil agus a Eisiúint (CaiShui [2015] Uimh. 78 )']. Tá díolacháin intíre páipéir mhín bhrataithe faoi réir ráta CBL 17 %. De réir an Fhógra, faigheann cuideachtaí lacáiste CBL 50 % do tháirgí a bhfuil 70 % ar a laghad de shnáithín athchúrsáilte agus d'iarmhair thalmhaíochta iontu, amhail bagás, páipéar dramhaíola agus tuí barr.

3.3.7.2.   Incháilitheacht

(162)

De réir faisnéise neamhfhíoraithe a sholáthair Rialtas na Síne faoi chuimsiú an imscrúdaithe athbhreithnithe roimhe seo (95), de bhun an Fhógra dá dtagraítear thuas, tá na beartais aisíocaíochta CBL infheidhme maidir le díolacháin táirgí, ar baineadh úsáid agus iad á dtáirgeadh as ábhair nó fuinneamh athchúrsáilte, athúsáidte nó iomarcach ó tháirgeadh eile.

3.3.7.3.   Cur chun feidhme praiticiúil

(163)

De réir faisnéis neamhfhíoraithe arna soláthar ag Rialtas na Síne faoi chuimsiú an imscrúdaithe athbhreithnithe roimhe seo (96), riarann Údarás Riaracháin Stáit Cánachais na Síne an clár le cúnamh ó údaráis inniúla eile, agus cuireann na húdaráis chánach áitiúla chun feidhme é laistigh dá ndlínsí féin. Ní mór d'fhiontair a dhéanann iarratas ar an aisíocaíocht CBL a n-iarratas a chur isteach in éineacht le doiciméid ábhartha eile chuig an údarás cánachais lena scrúdú. Nuair a fhormheasfar an t-iarratas, is féidir leis na hiarratasóirí na sochair a fháil.

3.3.7.4.   Torthaí an imscrúdaithe athbhreithnithe roimhe seo

(164)

San imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo (97), shuigh an Coimisiún gur cheart na lacáistí CBL do tháirgí a raibh 70 % ar a laghad de shnáithín athchúrsáilte agus d'iarmhair thalmhaíochta iontu ag Rialtas na Síne a mheas mar fhóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncam rialtais ligthe ar ceal lena dtugtar sochar do na cuideachtaí is faighteoirí. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, ba é conclúid an Choimisiúin freisin go raibh an fóirdheontas sonrach i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den bhun-Rialachán.

(165)

Níor chuir Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ar fáil lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil an tionscal páipéir mhín bhrataithe ag baint tairbhe a thuilleadh as an lacáiste CBL sin nó go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad. Go deimhin, luaitear san Fhógra dá dtagraítear in aithris (161), (162) agus (163) páipéar go sonrach mar tháirgí lena n-úsáidtear acmhainní amhail bagás, páipéar dramhaíola agus tuí barr, agus ina luaitear nach mór do na táirgeoirí rialacháin theicniúla a bhaineann go sonrach leis an tionscal laín agus páipéir a chomhlíonadh.

(166)

Chomh maith leis sin, ní raibh aon fhianaise ar fáil don Choimisiún go bhfuil deireadh curtha leis an scéim seo i leith táirgeoirí páipéir mhín bhrataithe.

(167)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go soláthraíonn Rialtas na Síne fóirdheontais i bhfoirm lacáistí CBL do tháirgí a bhfuil 70 % ar a laghad de shnáithín athchúrsáilte agus d'iarmhair thalmhaíochta iontu don tionscal páipéir mhín bhrataithe agus gur lean táirgeoirí páipéir mhín bhrataithe sa tSín de thairbhe a bhaint as na lacáistí sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.7.5.   Conclúid

(168)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean an tionscal páipéir mhín bhrataithe de thairbhe a bhaint as fóirdheontais i bhfoirm lacáistí CBL do tháirgí a bhfuil 70 % ar a laghad de shnáithín athchúrsáilte agus d'iarmhair thalmhaíochta iontu linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Toisc gurbh ann do ranníocaíochtaí airgeadais, do shochar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, meastar fós go bhfuil an scéim fóirdheontais sin in-fhrithchúiteach.

3.4.   Conclúid fhoriomlán maidir le leanúint den fhóirdheonú

(169)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur lean táirgeoirí páipéir mhín bhrataithe sa tSín de thairbhe a bhaint as fóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.5.   Forbairt allmhairí dá ndéanfaí na bearta a aisghairm

3.5.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(170)

Chun anailís a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgeachta agus ar an acmhainneacht bhreise sa tSín agus in éagmais aon chomhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí ina n-iarraidh ar athbhreithniú, mar a shonraítear sna haithrisí thíos, maidir le CFP chomh maith leis an tionscal páipéir Bhrataithe Saor ó Adhmad (CWF), is é sin an earnáil i gcoitinne lena mbaineann CFP.

(171)

Toisc gurbh fhéidir na sonraí ó thionscal CWF a rochtain go héasca, d’úsáid na hiarratasóirí na sonraí sin chun cion CFP na bhfigiúirí táirgeachta agus acmhainneachta a ríomh.

(172)

Ar bhonn na hiarrata ó na hiarratasóirí (98), in 2021, ba é thart ar 17.3 milliún tona an t-éileamh domhanda CWF agus ba é thart ar 20.7 milliún tona an acmhainneacht dhomhanda. Ríomh na hiarratasóirí gurbh é thart ar 12.1 milliún tona an t-éileamh domhanda CBI agus gurbh é thart ar 14.5 milliún tona an acmhainneacht.

(173)

In 2021, dar leis an iarratasóir, bhí éileamh páipéir CWF an Aontais thart ar 3.2 milliún tona agus bhí acmhainneachtaí páipéir CWF an Aontais thart ar 5 mhilliún tona. Ríomh an Coimisiún éileamh CFP an Aontais ag thart ar 2,64 milliún tona agus acmhainneacht CFP an Aontais ag díreach os cionn 4 mhilliún tona.

(174)

Bhí acmhainneachtaí CWF na Síne in 2021 thart ar 6,8 milliún tona agus ba é 4,7 milliún tona éileamh na Síne. Dá bhrí sin, bhí 4.8 milliún tona i gceist le hacmhainneacht CFP na Síne agus bhí thart ar 3.3 milliún tona i gceist leis an éileamh intíre ar an táirge lena mbaineann (99).

(175)

Dá bhrí sin, bhí acmhainneacht bhreise CFP ag an tSín (100) de 0,9 milliún tona ar a laghad agus ró-acmhainneacht (101) de thart ar 1,5 milliún tona in 2021, figiúr a fhreagraíonn do thart ar 56 % d'éileamh iomlán CFP an Aontais. Ag féachaint ar CWF ar an iomlán, bhí ró-acmhainneacht na Síne os cionn 2 mhilliún tona in 2021 (níos mó ná 80 % de thomhaltas an Aontais). Níor tháinig aon laghdú ar an ró-acmhainneacht. Dá bhrí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag, is féidir glacadh leis go bhféadfaí acmhainneacht bhreise níos airde fós a atreorú go héasca ó CWF chuig táirgeadh CFP agus a dhíol ar mhargadh an Aontais.

(176)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil acmhainneacht bhreise shuntasach ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a d'fhéadfaidís a úsáid chun níos mó táirgí CFP a tháirgeadh, agus a d'fhéadfaí a onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ndéanfaí bearta a aisghairm. Chinn an Coimisiún freisin go bhféadfadh an acmhainneacht onnmhairiúcháin sin méadú mar thoradh ar an laghdú ionchasach ar éileamh domhanda agus intíre sa tSín, i gcomhréir leis na forbairtí le deich mbliana anuas, mar a thuairiscítear i roinn 5 den iarraidh ar athbhreithniú éaga.

3.5.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(177)

Mar a léirítear in aithris (172) go (175), léiríodh san imscrúdú go raibh éileamh an Aontais ar CFP suntasach i gcónaí. Cé gur tháinig laghdú ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, is é margadh an Aontais an dara margadh is mó ar domhan i gcónaí (an dara margadh i margadh na Síne) agus thart ar 20 % den tomhaltas domhanda i gceist leis. Ina theannta sin, táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú ar an éileamh intíre sa tSín, rud a thugann le tuiscint go bhfuil dreasacht láidir ann do tháirgeoirí na Síne margaí malartacha a aimsiú a d'fhéadfadh ró-acmhainneacht sin na Síne a ionsú.

(178)

Ina theannta sin, tá bearta curtha (102) i bhfeidhm ag roinnt tíortha maidir le táirgí páipéir i gcoinne na Síne, lena n-áirítear an Chóiré Theas, an India agus SAM, dá dtagraítear san iarraidh ar athbhreithniú éaga.

(179)

Ina theannta sin, bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil agus go háirithe ar an iarraidh, shainaithin an Coimisiún 27 dtír inar dhíol onnmhaireoirí na Síne an táirge faoi athbhreithniú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna faoi bhun spriocphraghsanna thionscal an Aontais. Bhí thart ar 10 % d'onnmhairí na Síne chuig tríú tíortha maidir le méid i gceist le honnmhairiú na Síne chuig na tíortha sin.

(180)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na hacmhainneachta suntasaí breise a fuarthas, na féidearthachta acmhainneacht bhreise a mhéadú trí aistriú go páipéar mín brataithe ó chineálacha eile páipéir, rochtain theoranta tháirgeoirí páipéir mhín bhrataithe na Síne ar mhargaí tábhachtacha tríú tíortha, an phraghais ar a bhféadfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne táirge a dhíol ar mhargadh an Aontais, chomh maith leis an laghdú réamh-mheasta ar an tomhaltas intíre sa tSín, is dócha go ndéanfar na hallmhairí fóirdheonaithe a atreorú chuig an Aontas i gcás go ligfí do na bearta dul in éag. Dá bhrí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag, is dócha go dtiocfaidh na hallmhairí fóirdheonaithe isteach san Aontas i méideanna níos airde agus ar phraghsanna lena ndéanfaí tearcdhíol ar phraghsanna thionscal an Aontais.

(181)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ba é conclúid an Choimisiúin, dá n-aisghairfí bearta, gur dócha go ndíreofaí na honnmhairí ón Sín ar mhargadh an Aontais.

3.6.   Conclúid fhoriomlán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú

(182)

Chinn an Coimisiún, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, go bhfuil dóthain fianaise ann gur leanadh d’fhóirdheonú sa tionscal CFP sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus gur dócha go leanfar de amach anseo. Níor léiríodh le haon fhianaise go gcuirfear deireadh leis na fóirdheontais agus na cláir fhóirdheontais lena mbaineann sula i bhfad.

(183)

De dheasca fhóirdheonú an tionscail páipéir mhín bhrataithe, is féidir le táirgeoirí na Síne a gcumais táirgthe a choinneáil ar bun ar leibhéal atá i bhfad níos mó ná an t-éileamh intíre, in ainneoin go bhfuil margaí sa tSín agus ar fud an domhain ag laghdú.

(184)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur dócha go mbeidh mar thoradh ar aisghairm na mbeart frithchúitimh go ndéanfar méideanna suntasacha d’allmhairí fóirdheonaithe an táirge lena mbaineann a atreorú chuig margadh an Aontais. Lean Rialtas na Síne de chláir fóirdheontais éagsúla a thairiscint don tionscal páipéir mhín bhrataithe, agus tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún gur bhain an tionscal páipéir mhín bhrataithe tairbhe as roinnt díobh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(185)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an táirge comhchosúil á thairgeadh ag 17 dtáirgeoir aitheanta san Aontas. Is iad 'tionscal an Aontais' iad de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán.

(186)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ag timpeall is 3 700 000 tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair tionscal an Aontais. Mar a léirítear in aithris (20), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla a bhain 41 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe leo.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(187)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn an cheistneora sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair tionscal an Aontais agus sonraí Eurostat.

(188)

Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

3 433 636

3 268 584

2 453 924

2 576 925

Innéacs

100

95

71

75

Foinse:

Ceistneoir sonraí maicreacnamaíocha arna sholáthar ag tionscal an Aontais agus sonraí Eurostat

(189)

Tháinig laghdú 5 % ar thomhaltas an Aontais in 2019, agus tháinig laghdú tobann eile de 24 phointe céatadáin air ina dhiaidh sin in 2020, rud a bhain le ráig COVID-19. Tháinig méadú beag 4 phointe céatadáin air in 2021, cé nárbh leor i bhfad é sin chun filleadh ar na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim, rud ba chúis le laghdú foriomlán 25 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag féachaint ar an treocht níos faide, bhí tomhaltas measta an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 44 % níos ísle ná an tomhaltas a fuarthas le linn na tréimhse imscrúdúcháin san imscrúdú bunaidh (4 572 057 tona). Tagann an laghdú ar thomhaltas an Aontais leis an éileamh ar pháipéir ghrafacha atá ag laghdú go ginearálta, rud atá mar thoradh den chuid is mó ar fhorbairt na meán digiteach atá ag teacht in ionad na meán clóite traidisiúnta.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(190)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn an cheistneora sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair tionscal an Aontais agus sonraí Eurostat. Rinneadh sonraí Eurostat a sheiceáil i gcoinne na faisnéise a bhí ar fáil roimhe sin.

(191)

Tháinig forbairt ar allmhairí chuig an Aontas ón tír lena mbaineann do na honnmhaireoirí atá faoi réir na ndleachtanna faoi láthair mar a leanas:

Tábla 2

Méid (tonaí) na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

232

242

127

197

Innéacs

100

104

54

85

Sciar den mhargadh

0,007 %

0,007 %

0,005 %

0,008 %

Innéacs

100

109

76

113

Foinse:

Ceistneoir sonraí maicreacnamaíocha arna sholáthar ag tionscal an Aontais agus sonraí Eurostat

(192)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ba mhéid diomaibhseach a bhí i gceist le na n-allmhairí isteach san Aontas ón Sín. Go deimhin, ó forchuireadh na bearta in 2011, tá laghdú o leibhéil neamhshuntasacha tagtha ar allmhairí isteach san Aontas ón Sín.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(193)

Mar a léirítear san aithris thuas, de bharr mhéid diomaibhseach na n-allmhairí CFP ón Sín isteach san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níor measadh go raibh praghsanna na ndíolachán sin ionadaíoch agus níorbh fhéidir iad a úsáid chun aon chonclúidí a dhéanamh maidir le praghsanna allmhairí ón Sín isteach san Aontas agus maidir le hiompraíocht praghsála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad

(194)

Ba ón gCóiré Theas agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá den chuid ba mhó a tháinig allmhairí páipéir mhín bhrataithe ó thríú tíortha seachas an tSín.

(195)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí páipéir mhín bhrataithe ó thríú tíortha eile:

Tábla 3

Allmhairí ó thríú tíortha

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid (tonaí)

7 500

6 065

35 584

24 398

Innéacs

100

81

474

325

Sciar den mhargadh

0,22 %

0,19 %

1,45  %

0,95  %

Innéacs

100

85

664

433

Meánphraghas (EUR/tona)

832

931

648

685

Innéacs

100

112

78

82

Foinse:

Eurostat

(196)

Cé gur tháinig méadú ar mhéid iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas ó thíortha seachas an tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí sé fós ag leibhéal an-íseal, mar a léirítear ina sciar iomlán den mhargadh, a mhéadaigh ó 0,22 % go 0,95 % le linn na tréimhse sin. Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí sin níos airde ná meánphraghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, níor chuir na hallmhairí sin ó thríú tíortha le staid díobhála an Aontais.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(197)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(198)

Mar a luaitear in aithris (20), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú.

(199)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhain le táirgeoirí uile an Aontais, a bhí sa cheistneoir sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair tionscal an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí i bhfreagraí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Seiceáladh an dá thacar sonraí agus fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(200)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeadh, acmhainn táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid an díolacháin, sciar margaidh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méideanna na bhfóirdheontas, agus téarnamh tar éis fóirdheontas a fuarthas san am atá thart.

(201)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeadh, acmhainn táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(202)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreithniú mar a leanas:

Tábla 4

Táirgeacht, cumas táirgthe agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

4 968 337

4 582 940

3 300 705

3 703 442

Innéacs

100

92

66

75

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

5 451 528

5 121 138

4 595 798

4 044 648

Innéacs

100

94

84

74

Úsáid acmhainneachta

91,1  %

89,5  %

71,8  %

91,6  %

Innéacs

100

98

79

100

Foinse:

An ceistneoir sonraí maicreacnamaíocha arna sholáthar ag tionscal an Aontais

(203)

Tháinig laghdú 25 % agus 26 % faoi seach ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is treocht fhadtéarmach é an laghdú seo ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta a bhaineann le hoiriúnú an tionscail d'éileamh atá ag laghdú a bhaineann le digitiú ár sochaí.

(204)

Roimh an tréimhse faoi bhreathnú, bhí iarrachtaí móra athstruchtúraithe déanta cheana ag táirgeoirí an Aontais arbh é ab aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an ró-acmhainneacht struchtúrach mar thoradh ar an digitiú agus leanadh leis na hiarrachtaí sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh ar dhúnadh muilte áirithe agus ar mhuilte eile a athchóiriú chun táirgí páipéir seachas CFP a tháirgeadh, rinne tionscal an Aontais laghdú thart ar 1 400 000 tona ar a acmhainneacht táirgeachta CFP le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(205)

Trína acmhainneacht táirgeachta a laghdú go leanúnach, bhí tionscal an Aontais ábalta a úsáid acmhainneachta a choinneáil réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé is moite den bhliain 2020, ina raibh an úsáid acmhainneachta níos ísle i gcomparáid leis na blianta roimhe sin agus na blianta ina dhiaidh sin, mar gheall go príomha ar an laghdú ar tháirgeadh i ndiaidh ráig 2020 COVID-19.

(206)

Suíodh leis an imscrúdú go bhfuil úsáid ard-acmhainneachta ina toisc thábhachtach in inmharthanacht fhadtéarmach an tionscal páipéir mar gheall ar infheistíochtaí arda i sócmhainní seasta agus an tionchar mar thoradh air sin ar na meánchostais mhonaraíochta.

4.5.2.2.   Méid díolacháin agus sciar den mhargadh

(207)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 5

Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

3 425 903

3 262 278

2 418 213

2 552 330

Innéacs

100

95

71

75

Sciar den mhargadh

99,8  %

99,8  %

98,5  %

99,0  %

Innéacs

100

100

99

99

Foinse:

Ceistneoir sonraí maicreacnamaíocha arna sholáthar ag tionscal an Aontais agus sonraí Eurostat

(208)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 25 % ar an méid díolachán i margadh an Aontais. Tháinig laghdú 5 % air idir 2018 agus 2019 agus in 2020, mar gheall ar phaindéim COVID-19, tháinig laghdú géar 24 phointe céatadáin eile ar dhíolacháin. In 2021, bhí teacht aniar beag de 4 phointe céatadáin ann ach ní raibh sé chomh hard leis na leibhéil díolachán a breathnaíodh in 2018. Bhí baint ag na díolacháin a bhí ag laghdú leis an éileamh a bhí ag laghdú ar an táirge lena mbaineann, rud a bhféadfadh digitiú ár sochaí a bheith ag baint leis.

(209)

Ós rud é nach raibh aon allmhairí den táirge lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí sciar den mhargadh thionscal an Aontais fós cobhsaí ag thart ar 99.

4.5.2.3.   Fás

(210)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ní bhfaca tionscal an Aontais aon fhás ar tháirgeacht ná ar dhíolacháin. A mhalairt ar fad, lean na táscairí eacnamaíocha sin treocht anuas thomhaltas an Aontais go mór.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(211)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 6

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An líon fostaithe

6 677

6 405

5 793

5 175

Innéacs

100

96

87

78

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

744

716

570

716

Innéacs

100

96

77

96

Foinse:

An ceistneoir sonraí maicreacnamaíocha arna sholáthar ag tionscal an Aontais

(212)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 22 % ar an líon fostaithe. Bhí an laghdú sin seasmhach agus rialta thar an tréimhse. Tagann sé leis na hiarrachtaí fadtéarmacha athstruchtúraithe arna ndéanamh ag tionscal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ró-acmhainneacht struchtúrach, mar a mhínítear in aithris (204).

(213)

Chomh maith leis na laghduithe suntasacha ar an lucht saothair tháinig laghduithe inchomparáide ar an táirgeadh. Mar thoradh air sin, níor taifeadadh ach laghdú beag de 4 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar an táirgiúlacht, arna tomhas mar aschur (tonaí) in aghaidh an duine a bhí fostaithe in aghaidh na bliana. In 2020, tháinig laghdú 19 bpointe céatadáin ar an táirgiúlacht mar gheall ar an laghdú tobann ar an éileamh de bharr phaindéim COVID-19. Mar thoradh air sin, shroich an táirgiúlacht a leibhéal ab ísle in 2020.

4.5.2.5.   Méid an fhóirdheonaithe agus an téarnaimh ón bhfóirdheonú roimhe

(214)

Mar a mhínítear in aithris (142), níorbh fhéidir cinneadh dearfach a shuí maidir le méid an fhóirdheontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, díríodh an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú i gcás ina n-aisghairfí na bearta frithchúitimh (féach aithrisí (182), (183) agus (184)).

(215)

San athbhreithniú éaga a bhí ann roimhe seo, léirigh tionscal an Aontais go raibh sé ag téarnamh ó éifeachtaí an fhóirdheonaithe a bhí ann roimhe seo. Le linn na tréimhse a breithníodh san imscrúdú reatha ar an athbhreithniú éaga, ní raibh aon chomhartha téarnaimh den sórt sin ann, ós rud é go raibh cás deacair os comhair thionscal an Aontais, agus an gá le hathstruchtúrú a dhéanamh mar aon le héifeachtaí diúltacha phaindéim COVID-19.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(216)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna ualaithe na ndíolachán aonaid ó na táirgeoirí sampláilte an Aontais chuig custaiméirí san Aontas:

Tábla 7

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

654

667

616

650

Innéacs

100

102

94

99

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

674

662

639

712

Innéacs

100

98

95

106

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(217)

D'fhan meánphraghas díola aonaid thionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas sách cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus níor tháinig ach laghdú 1 % air. I ndiaidh méadú beag de 2 % in 2019, tháinig laghdú 8 bpointe céatadáin ar phraghsanna in 2020, an bhliain a bhain le ráig COVID-19, nuair a tarraingíodh na praghsanna anuas mar gheall ar éileamh ní b’ísle. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig méadú 5 phointe céatadáin arís ar phraghsanna mar gheall ar mhéadú ar an éileamh.

(218)

Tháinig laghdú beag 2 % ar chostas aonaid táirgthe thionscal an Aontais idir 2018 agus 2019. Tharla an laghdú breise 3 phointe céatadáin in 2020 mar gheall ar an laghdú ar phraghsanna amhábhar agus fuinnimh. In 2021, tháinig méadú suntasach ar phraghsanna amhábhar agus fuinnimh, rud ba chúis le méadú 11 phointe céatadáin ar chostais táirgthe, rud a raibh méadú foriomlán 6 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar thoradh air.

4.5.3.2.   Costais saothair

(219)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

72 907

72 704

68 780

76 280

Innéacs

100

100

94

105

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(220)

Bhí na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí cobhsaí le linn na tréimhse 2018-2019. Tháinig laghdú 6 % orthu in 2020 i gcomparáid le 2019. Tháinig méadú orthu díreach ina dhiaidh sin, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go leibhéal 5 % níos airde ná in 2018.

4.5.3.3.   Fardail

(221)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

151 882

139 168

122 377

107 146

Innéacs

100

92

81

71

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

3,06  %

3,04  %

3,71  %

2,89  %

Innéacs

100

99

121

95

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(222)

Tháinig laghdú 29 % ar stoic dheiridh thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tá sé sin ag teacht leis an laghdú ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta.

(223)

Maidir le céatadán na táirgeachta, shroich leibhéal na stoc deiridh thart ar 3 % le linn na tréimhse.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(224)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí ag táirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

-3,6  %

-0,8  %

-5,6  %

-9,5  %

Innéacs

- 100

-24

- 158

- 267

An sreabhadh airgid (EUR)

53 230 728

116 531 955

68 541 389

30 295 619

Innéacs

100

219

129

57

Infheistíochtaí (EUR)

21 327 970

39 328 573

20 843 097

32 601 304

Innéacs

100

184

98

153

Toradh ar infheistíochtaí

-7,2  %

-1,7  %

-8,7  %

-24,5  %

Innéacs

- 100

-23

- 122

- 341

Foinse:

Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(225)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí tionscal an Aontais caillteach le linn na tréimhse ar fad. Mar thagairt, tugtar faoi deara gur suíodh an spriocbhrabús don tionscal ag 8 % san imscrúdú bunaidh (103). Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ó -3,6 % go -9,5 %. Ba í 2019 an bhliain ab fhearr, i gcomparáid leis sin, nuair a shroich brabúsacht thionscal an Aontais -0,8 %, mar gheall ar mheascán de chostas táirgthe ní b'ísle agus praghsanna díolacháin láidre. In 2020, tháinig laghdú géar ar bhrabúsacht go leibhéal -5,6 %, agus laghdaigh sí thairis sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go -9,5 %.

(226)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí an sreabhadh airgid dearfach agus bhí an treocht ag teacht den chuid ba mhó le héabhlóid na brabúsachta, agus 2019 ar an mbliain ab fhearr.

(227)

I bhfianaise an éilimh a bhí ag laghdú ar CFP san Aontas agus thar lear araon le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níor infheistigh tionscal an Aontais in acmhainn nua. Díríodh na hinfheistíochtaí a rinneadh ar chothabháil, ar athsholáthar caipitil, ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, agus ar bhearta a dhírítear ar chaighdeáin chosanta comhshaoil a athstruchtúrú agus a chomhlíonadh.

(228)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. D'fhorbair sé ar an dóigh chéanna leis an mbrabús le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(229)

I bhfianaise chostas an fhiachais atá ann cheana, bhrabúsacht thionscal an Aontais agus an éilimh ar CFP atá ag laghdú i gcónaí, bhí cumas thionscal an Aontais caipiteal a thiomsú teoranta i gcónaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(230)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, léiríodh léargas diúltach leis na táscairí díobhála. Bhí an acmhainneacht táirgeachta agus an táirgeadh ag laghdú, bhí díolacháin ag laghdú, agus bhí an fhostaíocht ag laghdú. Bhí an brabús agus an toradh ar infheistíocht diúltach le linn na tréimhse iomláine lena mbaineann, agus ba iad 2020 agus 2021 na blianta ba mheasa den tréimhse.

(231)

Bhí na treochtaí diúltacha i méideanna táirgeachta agus díolacháin mar thoradh ar an éileamh ar CFP a bhí ag laghdú san Aontas agus thar lear i gcónaí, arbh éigean do thionscal an Aontais leanúint den athstruchtúrú mar gheall air, lena n-áirítear muilte páipéir a dhúnadh agus muilte eile a athchóiriú chun cineálacha eile páipéir a tháirgeadh.

(232)

Meastar go dtiocfaidh laghdú ar an éileamh ar CFP amach anseo agus beidh staid thionscal an Aontais deacair i gcónaí, agus tuilleadh laghduithe ar an acmhainneacht táirgeachta agus ar an táirgeacht.

(233)

Áirithíodh cosaint do thionscal an Aontais leis na bearta a bhí i bhfeidhm, rud a chuir ar a chumas sciar ard den mhargadh a choinneáil le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní raibh tionscal an Aontais ábalta praghsanna CFP a ardú go leor, áfach, os cionn na leibhéal cumhdaigh costais chun brabús a ghiniúint. Tharla sé sin in 2018-2019 mar gheall ar phraghsanna amhábhar (go háirithe laíon) a bhí ag ardú agus mar gheall ar an deacracht praghsanna a bhí ag méadú a chur ar aghaidh chuig custaiméirí thionscal an Aontais. In 2020, bhuail an laghdú ar éileamh agus ar phraghsanna a bhain le paindéim COVID-19 tionscal an Aontais, laghdú lenar taifeadadh caillteanais shuntasacha. Agus bhí méadú ar phraghsanna amhábhar agus fuinnimh ina thréith in 2021, rud ba chúis le méadú 11 % ar na costais táirgthe agus le níos mó meatha ar na bunlínte. Ina theannta sin, le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, b'éigean do thionscal an Aontais a chuid gníomhaíochtaí a athstruchtúrú agus tháinig laghdú 26 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí costas breise i gceist leis sin.

(234)

Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, ní fhéadfadh sé gurbh iad na hallmhairí fóirdheonaithe ón Sín ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais a breathnaíodh le linn na tréimhse sin de bharr a méid an-teoranta. Ba é ba chúis leis go príomha an t-éileamh ar CFP a bhí ag laghdú agus na costais arda athstruchtúraithe ghaolmhara, a raibh tionchar suntasach ag an dá rud ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS

(235)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (234) gur bhain díobháil ábhartha don thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (234) nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Sín ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar gheall ar mhéid na n-allmhairí sin a bheith an-teoranta. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí fóirdheonaithe ón Sín ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta reatha dul in éag.

(236)

Mar a luaitear in aithris (177) is é margadh an Aontais an dara margadh CFP is mó ar domhan. Go deimhin, mar gheall ar a mhéid foriomlán agus go bhfuil ceannaitheoirí móra CFP ann, tá sé an-tarraingteach do tháirgeoirí CFP na Síne, toisc go gcuirfí ar a gcumas le seachadtaí móra den sórt sin a n-acmhainneacht táirgeachta breise a úsáid, rud a laghdódh a gcostais táirgthe aonaid ina dhiaidh sin. Dá réir sin, dá n-aisghairfí bearta, i bhfianaise na dtairbhí eacnamaíocha a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta breise a úsáid sa tSín, is dócha go dtairgfeadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne CFP ar phraghsanna ísle i margadh an Aontais, rud a chuirfeadh brú ar phraghsanna agus ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(237)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar iompraíocht praghsála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ar mhargaí tríú tíortha chun na héifeachtaí praghais ar thionscal an Aontais a chinneadh i gcás ina ligfí do na bearta dul i léig.

(238)

De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, d'úsáid an Coimisiún na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán chun praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha a shuí. Chun na críche sin, baineadh úsáid as na sonraí a bhí san iarraidh ar athbhreithniú (104), bunaithe ar Shonraí Svan, agus, go háirithe sonraí onnmhairiúcháin na Síne a bhaineann le cód tráchtearraí 4810 19. Ba é an chúis leis sin gur mhínigh an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú éaga gur onnmhairíodh onnmhairí an táirge lena mbaineann go príomha faoi chód tráchtearraí 4810 19 na Síne.

(239)

Ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, shuigh an Coimisiún na praghsanna seo a leanas:

an meánphraghas díola ualaithe i dtionscal an Aontais, praghas a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, arna choigeartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha: 661 EUR/tona (105),

spriocphraghas an Aontais: 774 EUR/tona (106), agus

Praghsanna onnmhairiúcháin na Síne mar a thuairiscigh an t-iarratasóir san iarraidh lena gcumhdaítear an tréimhse chéanna le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus costais lasta aigéin coigeartaithe (107) chun praghas dóchúil tugtha i dtír an Aontais a fháil (108).

(240)

Ar an gcéad dul síos, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas díola ualaithe i dtionscal an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, arna choigeartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha, agus praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha seachas an tAontas, arna gcoigeartú de réir phraghas tugtha i dtír an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríodh sa chomparáid praghsanna bunaithe ar na sonraí a bunaíodh in aithris (239) go raibh praghsanna onnmhairiúcháin chuig 8 dtríú tír faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais. Bhí thart ar 1 % d'onnmhairí na Síne i dtéarmaí méid i gceist leis na honnmhairí sin. Is mar gheall ar phraghsanna ísle CFP san Aontas atá an céatadán beag sin.

(241)

Ar an dara dul síos, rinne an Coimisiún anailís freisin an ndearnadh tionscal an Aontais a thearcdhíol le praghsanna onnmhairiúcháin ualaithe na Síne chuig tríú tíortha seachas an tAontas, arna gcoigeartú de réir phraghas tugtha i dtír thionscal an Aontais, nuair a chuirtear i gcomparáid le spriocphraghas thionscal an Aontais é le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I bhfianaise na heaspa comhoibrithe ó onnmhaireoirí na Síne, shuigh an Coimisiún a anailís ar shonraí san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Sainaithníodh san anailís 27 dtríú tír inar dhíol táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne an táirge lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna faoi bhun spriocphraghas thionscal an Aontais. Bhí thart ar 10 % d'onnmhairí iomlán na Síne chuig tríú tíortha eile maidir le méid i gceist le honnmhairiú na Síne chuig na tíortha sin. Ina theannta sin, mar a léirítear in aithris (178), tá margaí móra tríú tíortha athshealbhaithe d'onnmhairí ón tSín mar gheall ar na dleachtanna atá i bhfeidhm ina leith.

(242)

Mar fhocal scoir, léiríodh san anailís – ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil - go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ábalta díol ar phraghsanna faoi bhun spriocphraghas an Aontais. I bhfianaise na hacmhainneacht breise suntasaí atá ar fáil sa tSín, tugadh faoi deara freisin go bhféadfaí méideanna móra CFP a tháirgeadh lena ndíol ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin, dá ligfí do na bearta dul in éag, go mbeadh onnmhaireoirí na Síne ábalta brú suntasach praghsanna a fheidhmiú agus, dá bhrí sin, bheadh siad ábalta díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais.

(243)

Léiríodh san imscrúdú freisin go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais agus go raibh sé leochaileach. Tugadh faoi deara freisin go bhfuiltear ag athstruchtúrú an tionscail faoi láthair mar a léirítear sa laghdú ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus rinne roinnt cuideachtaí a gcuid dá línte táirgeachta a athchóiriú chun cineálacha eile páipéir a tháirgeadh.

(244)

Deimhníodh leis an imscrúdú freisin torthaí an imscrúdaithe bunaidh go bhfuil úsáid ard-acmhainneachta ina toisc thábhachtach maidir le hinmharthanacht fhadtéarmach na dtáirgeoirí páipéir toisc go bhfuil an próiseas táirgthe dian ar chaipiteal. Bhainfí an sreabhadh airgid thirim is gá chun iarrachtaí athstruchtúraithe a mhaoiniú chun oiriúnú d'éileamh domhanda ar CFP atá ag laghdú de thionscal an Aontais dá gcuirfí tús arís le hallmhairí fóirdheonaithe agus leis an mbrú ar phraghsanna mar thoradh air sin. Bhainfeadh sé an bonn freisin de na héifeachtaí dearfacha a bhí mar thoradh ar na hiarrachtaí athstruchtúraithe san am atá thart agus dhéanfaí na táscairí díobhála go léir a mheath a thuilleadh mar thoradh air.

(245)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí fóirdheonaithe ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

6.   LEAS AN AONTAIS

(246)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist ar léir go mbeadh s in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí neamhghaolmhara, trádálaithe agus úsáideoirí.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(247)

Fuarthas san imscrúdú go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais agus go raibh sé i staid leochaileach. Leis na dúshláin atá á gcruthú leis an éileamh ar CFP atá ag laghdú i gcónaí, éileofar pleananna athstruchtúraithe leanúnacha, lena n-áirítear muilte páipéir a dhúnadh agus muilte eile a athchóiriú chun cineálacha eile páipéir a tháirgeadh.

(248)

Faoin mbrú praghsanna ó allmhairí fóirdheonaithe ón Sín, ní bheadh tionscal an Aontais ábalta praghsanna CFP a fháil os cionn na leibhéal cumhdaigh costais agus an t-ioncam is gá a ghiniúint chun a chuid iarrachtaí athstruchtúraithe a mhaoiniú agus chun na dúshláin a chruthaítear leis an éileamh ar CFP atá ag laghdú i gcónaí a choigeartú.

(249)

Ar an mbonn sin, ba é conclúid an Choimisiúin go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta fóirdheonaithe atá i bhfeidhm.

6.2.   Leas allmhaireoirí agus trádálaithe neamhghaolmhara

(250)

Ní raibh aon chomhoibriú ó allmhaireoirí ná ó thrádálaithe neamhghaolmhara. Ós rud é nach raibh aon allmhairí CFP ón Sín ann beagnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ba é conclúid an Choimisiúin nach ionann allmhairí an táirge lena mbaineann agus mórchuid de ghníomhaíochtaí gnó na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhghaolmhara agus nach raibh aon tosca ann lenar dtugadh le tuiscint go ndéanfaí difear díréireach dóibh dá gcoinneofaí bearta ar bun.

6.3.   Leas na n-úsáideoirí

(251)

Níor chomhoibrigh aon úsáideoir aonair agus ní chuir siad freagra ar an gceistneoir isteach.

(252)

Fuair an Coimisiún dhá aighneacht i scríbhinn, ceann amháin ó Unitedprint.com, úsáideoir CFP de chuid an Aontais agus ceann eile ó chomhlachas de chuid an tionscail clódóireachta, Intergraf (109) (le tacaíocht ó The Royal Dutch Association of Printing and Allied Industries).

(253)

Míníodh san aighneacht ó Intergraf go raibh deacracht ag tionscal clódóireachta an Aontais mar gheall ar na meáin dhigiteacha a bheith á gcur in ionad na meán páipéir, agus mar gheall ar allmhairí ollmhóra táirgí priontála, go háirithe ón Sín. De réir Intergraf, leis na beartas frithdhumpála agus an frith-fhóirdheontais? baintear an bonn d'iomaíochas chlódóirí an Aontais, rud nach bhfuil faoi chosaint faoi bhearta trádála comhchosúla agus nach mór dianchaighdeáin chomhshaoil a urramú.

(254)

Mhaígh Intergraf go n-onnmhairítear níos mó ná EUR 700 milliún de pháipéar priontáilte ón tSín chuig an Aontas gach bliain. Áirítear leis sin réimse mór táirgí priontála nach bhfuil priontáilte ar CFP. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, ní fhéadfadh an Coimisiún a mheasúnú cad é an chuid de na táirgí a allmhairíodh ón Sín a priontáladh ar CFP agus cad é a priontáladh ar chineálacha eile páipéir.

(255)

Fuarthas san imscrúdú bunaidh go bhfuil formhór na dtáirgí a phriontáiltear ar CFP ina dtáirgí atá 'íogair ó thaobh ama de', amhail irisí, bróisiúir, post díreach agus iatáin nach bhfuil chomh sé chomh dóchúla go ndéanfaí iad a allmhairiú ón Sín mar gheall ar an am a theastaíonn don iompar. Deimhníodh leis an bhfaisnéis a chuir na hiarratasóirí isteach san athbhreithniú seo go raibh torthaí an imscrúdaithe bunaidh fós bailí.

(256)

Dá réir sin, ba é conclúid an Choimisiúin, cé gur dócha go ndéanfar roinnt ábhar priontála a phriontáil ar CFP lasmuigh den Aontas mar gheall ar dhleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh, go bhfuil a dtionchar ar staid eacnamaíoch thionscal clódóireachta an Aontais teoranta.

(257)

Tharraing Intergraf aird freisin ar ghanntanas na soláthairtí CFP agus ar an méadú mór ar phraghsanna, go háirithe ó lár 2021. Sonraíodh é sin san aighneacht ó Unitedprint.com freisin. Leis an bhfaisnéis a soláthraíodh, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún méideanna an tsoláthair agus an éilimh faoi seach, agus dá bhrí sin an mhíchothromaíocht mhargaidh a líomhnaítear, a mheasúnú. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a mheas ach oiread an bhféadfaí an méadú praghais a luaitear a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí nó nach bhféadfaí. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, in 2021, i gcomhthéacs iar-COVID-19, go raibh ganntanais ar roinnt margaí amhábhar.

6.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(258)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí CFP de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITH-FHÓIRDHEONTAIS

(259)

Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún go leanfar den fhóirdheontas, go dtarlóidh an díobháil arís agus ar mhaithe le leas an Aontais, ba cheart na bearta fóirdheontais maidir le CFP ón tSín a choinneáil ar bun.

(260)

Chun na rioscaí maidir le dul timpeall a íoslaghdú de bharr na ndifríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithchúitimh a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithchúitimh aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir le 'gach cuideachta eile'.

(261)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithchúitimh a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(262)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 23(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(263)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart go mbeadh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le 'gach cuideachta eile'. Níor cheart go mbeadh siad faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair.

(264)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na dleachtrátaí frithchúitimh aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (110). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(265)

Cuireadh gach páirtí leasmhar ar an eolas faoi na fíorais bhunriachtanacha agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn sin a bhí sé beartaithe a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Tugadh tréimhse dóibh freisin lena bhféadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin.

(266)

Fuair an Coimisiún aighneacht ó thionscal an Aontais a thug bunús eile le torthaí an Choimisiúin go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha in ann díol ar phraghsanna faoi bhun spriocphraghas an Aontais. Dá bhrí sin, measadh nár ghá téacs an Rialacháin seo a leasú.

(267)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (111), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithiúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(268)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe, ar páipéar nó páipéarchlár é atá brataithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh (gan craftpháipéar nó craft-pháipéarchlár a áireamh), ar leatháin nó ar rollaí, agus ag a bhfuil meáchan 70 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 400 g/m2 agus gile níos mó ná 84 (arna thomhas de réir ISO 2470-1), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 4810 13 00, ex 4810 14 00, ex 4810 19 00, ex 4810 22 00, ex 4810 29 30, ex 4810 29 80, ex 4810 99 10 agus ex 4810 99 80 (cóid TARIC 4810130020, 4810140020, 4810190020, 4810220020, 4810293020, 4810298020, 4810991020 agus 4810998020) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

Ní fhorchuirtear an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar rollaí atá oiriúnach lena n-úsáid i gclóphreasanna spólchothaithe. Déantar rollaí atá oiriúnach lena n-úsáid i gclóphreasanna spólchothaithe a shainmhíniú mar na rollaí sin, má dhéantar tástáil orthu de réir chaighdeán tástála ISO 3783:2006 maidir le friotaíocht le piocadh a chinneadh — modh luais luathaithe ag baint úsáid as an tástálaí IGT (samhail leictreach), lena dtugtar toradh níos lú ná 30 N/m nuair atá sé á thomhas i dtrastreo an pháipéir (CD) agus toradh níos lú ná 50 N/m nuair atá sé á thomhas i dtreo an mheaisín (MD). Ní fhorchuirtear an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar pháipéar ilsrathach ná ar pháipéarchlár ilsrathach.

2.   Rátaí na dleachta frithchúitimh cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus arna táirgeadh na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Cód breise TARIC

Gold East Paper (Jiangsu) Co., Ltd, Cathair Zhenjiang, Cúige Jiangsu, Daon-Phoblacht na Síne; Gold Huasheng Paper (Páirc Thionsclaíoch Suzhou) Co., Ltd, Cathair Suzhou, Cúige Jiangsu, Daon-Phoblacht na Síne

12 %

B001

Shangdong Chenming Paper Holdings Limited, Cathair Shouguang, Cúige Jiangsu , Daon-Phoblacht na Síne; Shouguang Chenming Art Paper Co., Ltd, Cathair Shouguang, Cúige Shandong, Daon-Phoblacht na Síne

4 %

B013

Gach cuideachta eile

12 %

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: 'Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.' Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)   IO L 128, 14.5.2011, lch. 18.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 451/2011 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 128, 14.5.2011, Lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gComhairle an 3 Iúil 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 171, 4.7.2017, Lch. 134).

(5)   IO C 398, 1.10.2021, lch.18

(6)   IO C 248, 30.6.2022, Lch. 119

(7)   IO C 248, 30.6.2022, Lch. 130

(8)   IO L 176, 30.06.2016, Lch. 21.

(9)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2616

(10)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2616

(11)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2616

(12)  Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh

(13)  WT/DS437/AB/R, United States — Countervailing Duty Measures on Certain Products from China, [Na Stáit Aontaithe — Bearta Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín], Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 18 Nollaig 2014, míreanna 4.178 — 4.179. Sa Tuarascáil seo ón gComhlacht Achomhairc luadh WT/DS295/AB/R, Mexico — Definitive AntiDumping Measures on Beef and Rice [Meicsiceo — Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha maidir le Mairteoil agus Rís], Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 29 Samhain 2005, mír 293; agus WT/DS436/AB/R, United States — Countervailing Measures on Certain Hot - Rolled Carbon Steel Flat Products from India [Na Stáit Aontaithe —Bearta Frithchúitimh ar Tháirgí Comhréidhe Cruach Carbóin Teorollta Áirithe ón India], Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 8 Nollaig 2014, míreanna 4.416-4.421.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frith-fhóirdheontais chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe de thionscnamh Dhaon- Phoblacht na Síne (IO L 128, 14.5.2011, Lch. 18).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 171, 4.7.2017, Lch. 134).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus g a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 283, 12.11.2018, Lch. 1).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L 16, 18.1.2019, Lch. 5).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, Lch. 39).

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (IO L 12, 19.1.2022, Lch. 34)

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2021/2170 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 458, 22.12.2021, Lch. 344).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, Lch. 1).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 25.2.2021. Lch. 1).

(23)  Féach aithris (60) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011.

(24)  Grúpa APP: Sinar Mas Paper (China) Investment Co., Ltd, Gold East Paper (Jiangsu) Co., Ltd, Gold Huasheng Paper (Páirc Thionsclaíoch SuZhou) Co., Ltd, Ningbo Zhonghua Paper Industry Co., Ltd, Ningbo Asia Pulp & Paper Co., Ltd.

(25)  An Grúpa Chenming: Shandong Chenming Paper Holdings Limited, Shouguang Chenming Art Paper Co.Ltd.

(26)  Glacadh 12ú Plean Cúig Bliana na Síne (2011-2015) an 14 Márta 2011.

(27)  An 14ú Plean Cúig Bliana, lena gcumhdaítear na blianta 2021-2025 arna rith ag Parlaimint na Síne, an Daon-Chomhdháil Náisiúnta, i mí an Mhárta 2021

(28)  http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2019/2019-3/2019-03-30/5140126.PDF leathanaigh 13 agus 37

http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2020/2020-3/2020-03-28/5976095.PDF leathanaigh 11 agus 36

(29)   Decision No 40 of the State Council on Promulgating and Implementing the Temporary Provisions on Promoting Industrial Structure Adjustments [Cinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit maidir le Cur i bhFeidhm agus Cur chun Feidhme na bhForálacha Sealadacha maidir le Coigeartuithe ar an Struchtúr Tionsclaíoch a Chur chun Cinn].

(30)  Féach Iarscríbhinn 19 den iarraidh ar athbhreithniú éaga a bhaineann leis an gCinneadh ón gComhairle Stáit maidir le Cur i bhFeidhm agus Cur chun Feidhme na 'bhForálacha Sealadacha maidir le Coigeartú ar an Struchtúr Tionsclaíoch a Chur chun Cinn'

(31)  Chun teacht ar chonclúid chomhchosúil, féach Rialachán 452/2011, aithris (76), agus Rialachán 2017/1187, aithris (45), lena mbreathnaítear go bhfuil Cinneadh Uimh. 40 ceangailteach ó thaobh dlí do chomhlachtaí poiblí agus d'oibreoirí eacnamaíocha sa tSín.

(32)  Féach GFR, aithris (76)

(33)  Féach aithrisí (82) go (89) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 agus aithrisí 55 go 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187.

(34)  Féach aithris 100 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969

(35)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach chóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, Lch. 17) ('cás HRF'), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/1690 an 9 Samhain 2018 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchta, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh an Aontais Daon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 283, 12.11.2018, Lch. 1) ('Cás na mbonn') agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 16, 18.1.2019, Lch. 5) ('Cás r-rothar'), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh chinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, Lch. 33) ('cás GFF').

(36)  Féach aithris (226) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún.

(37)  Introduction_The Export-Import Bank of China (eximbank.gov.cn)

(38)  Féach Rialachán cur chun feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún(aithris 75)

(39)  Féach aithris (266) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún.

(40)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 20

(41)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 20

(42)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 16

(43)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 16

(44)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 16

(45)  Féach aithris (274) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún.

(46)  Rialacháin Cur Chun Feidhme Dhlí maidir le Cáin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne - Ordú Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 714.

(47)  Féach aithris (466) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún

(48)  Féach aithris (476) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún

(49)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, aithrisí 221, 223 agus 224.

(50)  Féach aithris (503) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún agus aithris (496) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún

(51)  2015 Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Chenming, leathanach 14.

(52)  Tuarascáil Bhliantúil 2018 ó Ghrúpa Chenming, Lch. 157, Tuarascáil Bhliantúil 2019, Lch. 146, agus Tuarascáil Eatramhach 2021, Lch. 159.

(53)  Tuarascáil Bhliantúil ó Ghrúpa Chenming 2018, Lch. 254, Tuarascáil Bhliantúil 2019, Lch. 253, Tuarascáil Bhliantúil 2020, Lch. 266, agus Tuarascáil Eatramhach 2021, Lch. 160.

(54)  Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Chenming 2018, leathanaigh 5, 157 agus 254, Tuarascáil Bhliantúil 2019, leathanaigh 5 agus , 146 agus 253, Tuarascáil Bhliantúil 2020, leathanaigh 6 agus 266, agus Tuarascáil Eatramhach 2021, leathanaigh 6, 159 agus 160.

(55)  Gold East Paper (Jiangsu) 2020 Tuarascáil Bhliantúil, leathanaigh 65, 69 agus 97

(56)  Fógra [2021] Uimh. 13 ón Aireacht Airgeadais agus ó Údarás Riaracháin Cánachais an Stáit maidir le Feabhsuithe Breise ar an mBeartas Asbhainte Réamhchánach Ualaithe le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha.

(57)  Féach aithris (487) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún

(58)  Féach aithris (335) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle.

(59)  Féach aithris (82) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún.

(60)  Féach mír 221 den iarraidh ó na hiarratasóirí.

(61)  Féach aithris (129) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle

(62)  Féach aithris (91) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(63)  Féach aithrisí 211, 216, 233 agus 235 den iarraidh ó iarratasóirí

(64)  Féach aithris (499) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún agus aithris (571) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/776 ón gCoimisiún.

(65)  Féach aithris (142) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle

(66)  Féach aithris (100) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(67)  Féach aithris (189) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún

(68)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1239/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013, Imscrúdú bunaidh ar phainéil ghréine, aithris (336) go (342); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 maidir le cruach bhrataithe orgánach, aithris (293) go (298).

(69)  Féach aithris (152) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle

(70)  Féach aithris (111) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(71)  Féach an Beartas um Ollfhiontraíocht agus um Fhóirdheontais Tosaíochta Nuálaíochta, fóirdheontais 47 go 49, iarraidh na nIarratasóirí, Iarscríbhinn 34 Ollfhiontraíocht agus nuálaíocht

(72)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1239/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013, Athbhreithniú éaga ar phainéil ghréine, aithrisí (384) go (392); Rialachán cur chun feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún maidir le cruach bhrataithe orgánach aithris (189)

(73)  Féach aithris (176) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle

(74)  Féach aithris (119) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(75)  Féach aithris (445)de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún, féach aithris (192) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún

(76)  Féach US CVD Sunset Review Uncoated Paper from China (2022) https://www.usitc.gov/publications/701_731/pub5275.pdf, page 9.

(77)  Féach aithrisí 43, 46 agus 56 den iarraidh ó na hiarratasóirí

(78)  Féach aithris (445)de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún, féach aithris (192) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún

(79)  Féach Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Chenming 2019, leathanaigh 5 agus 253, agus Tuarascáil Bhliantúil 2020, leathanaigh 6 agus 266.

(80)  Féach aithris (125) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún agus aithris (539) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún

(81)  Féach aithris (251) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle

(82)  Féach Rialachán cur chun feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún GFF, aithris 498

(83)  Féach Rialachán cur chun feidhme (AE) 2021/2287 ón gCoimisiún , ACF, aithris 544.

(84)  Féach Tuarascáil Eatramhach Ghrúpa Chenming 2019 agus 2020, Lch. 217 agus 229 faoi seach

(85)  Féach aithris (130) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(86)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún, OFC, aithris 453, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún (Boinn), aithris 429.

(87)  https://www.sinosure.com.cn/en/Sinosure/Profile/index.shtml.

(88)  Féach aithris (105) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún

(89)  Staidéar ECFE ar bheartais agus cláir chreidmheasa na Síne, leathanach 7, mír 32, le fáil ag https://www.oecd.org/ officialdocuments/publicdisplaydocumentpdf/?cote=TAD/ECG(2015)3&doclanguage=en, arna rochtain go deireanach an 18 Lúnasa 2021.

(90)  Féach suíomh gréasáin Sinosure , próifíl na Cuideachta, a thacaíonn le ‘Made in China’, https://www.sinosure.com.cn/en/Resbonsiblity/smic/index.shtml, arna rochtain go deireanach an 17 Lúnasa 2021.

(91)  http://www.gov.cn/ldhd/2009-05/27/content_1326023.htm

(92)  Féach próifíl Sinosure https://www.sinosure.com.cn/en/Sinosure/Profile/index.shtml

(93)   China Credit Insurance Corporation (SINOSURE) Releases the National Risk Analysis Report for 2020 [Eisíonn China Credit Insurance Corporation (SINOSURE) an Tuarascáil Náisiúnta um Anailís Riosca do 2020] : Axton Global

(94)  Féach aithris (112) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/328 ón gCoimisiún agus aithris (458) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún.

(95)  Féach aithris (148) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(96)  Féach aithris (149) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(97)  Féach aithris (150) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1187 ón gCoimisiún

(98)  Féach an iarraidh ó iarratasóirí, Iarscríbhinn 7, Tuarascálacha acmhainneachta agus éilimh CWF RISI.

(99)  Féach an iarraidh ar athbhreithniú éaga, Iarscríbhinn 7, Tuarascálacha acmhainneachta agus éilimh CWF RISI.

(100)  Meastar gurb é atá in acmhainneacht bhreise an difríocht idir acmhainneacht CFP na Síne atá ann cheana, éileamh CFP na Síne agus onnmhairí CFP na Síne ón iarraidh (féach Iarscríbhinn 8, sonraí Svan).

(101)  Meastar gurb é atá i ró-acmhainneacht an difríocht idir acmhainneacht reatha CFP na Síne agus éileamh intíre CFP na Síne.

(102)  Féach Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an iarraidh ó na hiarratasóirí.

(103)  Aithris 158 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 451/2011.

(104)  Comhairleacht taighde margaidh is ea sonraí Svan (https://svandata.com/)

(105)  Ar bhonn sonraí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(106)  Ar bhonn Ibid. Is iad costais táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar cuireadh an spriocbhrabús leo.

(107)  Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na costais lasta níos airde ná mar atá normálta. Dá réir sin, d'úsáid an Coimisiún costais lasta 2019 chun praghsanna teoiriciúla tugtha i dtír na Síne a ríomh. I gcomhréir leis na sonraí ón iarraidh ar athbhreithniú éaga (Iarscríbhinn 28), b'ionann na costais lasta ón tSín chuig an Aontas in 2019 63 EUR in aghaidh an tona ar an meán agus b'ionann an costas láimhseála custaim. agus 8 EUR in aghaidh an tona.

(108)  Sonraí ó iarraidh an iarratasóra. Ríomhadh praghas tugtha i dtír an Aontais mar phraghsanna SAB na Síne ar cuireadh costais láimhseála lasta aigéin agus custaim leo.

(109)  Léiríonn Intergraf 21 chónaidhm náisiúnta clódóireachta. Is úsáideoirí CFP iad na printéirí Eorpacha a ndéanann Intergraf ionadaíocht dóibh agus d'fhéadfadh siad a bheith ina n-allmhaireoirí CFP ón tSín.

(110)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(111)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, Lch. 1).