21.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 206/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1642 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais a nuachóiriú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 19(1) de Threoir 2003/87/CE, sular leasaíodh í le Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceanglaíodh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le clárlann a bhunú agus a choinneáil ar bun chun cuntasaíocht chruinn ar eisiúint, sealbhú, aistriú agus cealú na lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú. Chun na críche sin, le hAirteagal 19(3) de Threoir 2003/87/CE agus le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) 2216/2004 ón gCoimisiún (3), cruthaíodh córas trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar córas é a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2005. Áirithíodh leis an gcóras sin cuntasaíocht chruinn ar na lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa uile a eisíodh faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais (‘CTA AE’) agus coinníodh cuntas ar úinéireacht na lamháltas CTA AE a bhí á gcoinneáil i gcuntais leictreonacha. Is éard a bhí ann clárlanna na mBallstát uile agus Riarthóir Lárnach, arna ainmniú ag an gCoimisiún, a bhí chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina ndearnadh taifead ar eisiúint, aistriú agus cealú lamháltas. Cruthaíodh an loga idirbheartaíochta neamhspleách sin, is é sin Loga Beartaíochta Neamhspleách an Chomhphobail (CITL), de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004. Rinne CITL gach idirbheart a rinneadh idir na cuntais sna clárlanna náisiúnta a sheiceáil, a thaifeadadh agus a údarú go huathoibríoch. I gcás inar sainaithníodh neamhrialtachtaí trí na seiceálacha uathoibrithe, chuirfeadh CITL deireadh leis na hidirbhearta a raibh neamhrialtachtaí den sórt sin ag baint leo agus bheadh ar an riarthóir lárnach an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin. Ina theannta sin, cuireadh d’oibleagáid ar an mBallstát nó ar na Ballstáit sin gan na hidirbhearta ná aon idirbheart eile a bhaineann leis na lamháltais lena mbaineann a chlárú go dtí gur réitíodh na neamhrialtachtaí.

(2)

Leasaíodh Airteagal 19(1) de Threoir 2003/87/CE le Treoir 2009/29/CE, lenar cuireadh Clárlann an Aontais in ionad na gclárlann náisiúnta. Bhí foráil idirthréimhseach in Airteagal 3 de Threoir 2009/29/CE, áfach, agus de bharr na forála sin, bhí forálacha Threoir 2003/87/CE le leanúint d’fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2012. Idir an dá linn, cuireadh Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (‘EUTL’), a bunaíodh le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún (4), in ionad CITL. Cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (5) in ionad an Rialacháin sin ón gCoimisiún, inar bunaíodh Clárlann an Aontais in Airteagal 4 de. Ina dhiaidh sin, cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (6) in ionad an Rialacháin sin ón gCoimisiún, seachas Airteagal 3, pointe (30) de. Dá bhrí sin, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 anois tá na rialacha maidir le feidhmiú Chlárlann an Aontais do chéim 4 de chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE), ar cuireadh tús leis l an 1 Eanáir 2021, agus tá gach lamháltas CTA AE a eisíodh ón 1 Eanáir 2012 ar aghaidh le coinneáil i gClárlann an Aontais. Mar thoradh ar lárú na gclárlann, tá EUTL mar chuid de Chlárlann an Aontais anois, rud ba cheart a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122. Dá bhrí sin, déanann Clárlann an Aontais feidhmeanna uile EUTL ón 1 Eanáir 2012.

(3)

Mar chuid den nuachóiriú ar bhonneagar TF Chlárlann an Aontais, déanann an Coimisiún athmheasúnú tréimhsiúil ar ról agus ar fhorbairt fhéideartha na Clárlainne mar an riarthóir lárnach chun iomarcaíochtaí TF a bhaint (i.e. tagairt do roinnt comhpháirteanna TF seachas feidhmeanna nó seiceálacha) agus chun an bonneagar a ullmhú d’fhorbairtí ar an gcreat TF amach anseo, ach gan difear a dhéanamh dá fheidhmiúlacht ná dá shlándáil. Cé go ndéanfaidh nuachóiriú den sórt sin difear don chaoi a ndéanfar na seiceálacha uathoibrithe, na seiceálacha uile a fhorordaítear le hAirteagal 20(2) de Threoir 2003/87/CE lena n-áirithítear nach bhfuil aon neamhrialtacht ann agus lamháltais á n-eisiúint, á n-aistriú nó á gcealú, ba cheart iad a choinneáil ar bun.

(4)

Faoi láthair, is féidir le húsáideoirí Chlárlann an Aontais aistrithe a thionscnamh gan aon teorainn ag brath ar thairseacha (luach) an aistrithe. Chun feabhas a chur ar shlándáil na n-idirbheart ardluacha, ba cheart é a bheith sainordaitheach liostaí cuntas iontaofa a úsáid le haghaidh idirbhearta os cionn tairseach ar leith.

(5)

Sa Teachtaireacht uaidh an 13 Deireadh Fómhair 2021 maidir le praghsanna fuinnimh méadaitheacha (7), d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí scrúdú níos géire a dhéanamh ar phatrúin iompraíochtaí trádála agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar mhargadh carbóin na hEorpa. Bhí sonraí Chlárlann an Aontais maidir le húinéireacht agus aistrithe lamháltas i gClárlann an Aontais ar cheann de na foinsí tábhachtacha le haghaidh na hanailíse sin a rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. Léiríodh san anailís go mbeadh sé tairbheach, ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar an margadh, ceanglas a chur le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 chun idirbhearta lamháltas astaíochtaí idir sealbhóirí cuntais atá mar chuid den ghrúpa céanna a shainaithint. Faoi láthair, ní éilítear faisnéis faoi struchtúr an ghrúpa ach amháin le haghaidh cuntais coinneála oibreora. An ceanglas maidir leis an bhfaisnéis sin a sholáthar, ba cheart é a thabhairt isteach maidir le cuntais trádála chomh maith.

(6)

Liostaítear in Airteagal 80(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 eintitis ar féidir leo sonraí a fháil ó Chlárlann an Aontais. Le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (8), bunaíodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), atá freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais ó bhí an 1 Meitheamh 2021 ann. Áirítear leis na coireanna sin roinnt cineálacha calaoise, calaois CBL lena ngabhann damáistí os cionn EUR 10 milliún, sciúradh airgid, éilliú, etc. Is iomchuí, dá bhrí sin, OIPE a chur leis na heintitis a liostaítear in Airteagal 80(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a leasú dá réir sin.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim uaidh an 20 Aibreán 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

‘Beidh EUTL mar chuid de Chlárlann an Aontais.’;

(b)

i míreanna 2 go 4, cuirtear ‘bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe’ in ionad an acrainm ‘EUTL’;

(2)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

sa teideal, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go ndéanfaidh Clárlann an Aontais idirbhearta lena ngabhann lamháltais agus na próisis um bainistiú cuntas a leagtar amach i dTeideal I, Caibidil 3 a sheiceáil agus a thaifeadadh. Déanfar gach idirbheart a bhaineann le haonaid lamháltais laistigh de Chlárlann an Aontais, agus déanfar iad a thaifeadadh agus a sheiceáil sula ndéanfar na próisis um bainistiú cuntas agus ina dhiaidh sin. Féadfaidh an riarthóir lárnach nasc cumarsáide srianta a bhunú idir Clárlann an Aontais agus clárlann tríú tír a shínigh conradh maidir le haontachas na tíre leis an Aontas.’

;

(3)

in Airteagal 7(4), an tríú habairt, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(4)

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh liosta cuntas iontaofa ag cuntais i gClárlann an Aontais.’

;

(b)

cuirtear na míreanna 3a agus 3b seo a leanas isteach:

‘3a.   Féadfaidh an riarthóir lárnach tairseach a shocrú nach féidir idirbhearta a dhéanamh os a cionn ach amháin le cuntais atá ar liosta na gcuntas iontaofa.

3b.   Féadfaidh ionadaithe cuntais tairseacha a shocrú maidir le hidirbhearta dá gcuntais féin. Ní mór don dara hionadaí cuntais nó do riarthóir náisiúnta teorainneacha den sórt sin a fhormheas.’

;

(5)

in Airteagal 30(1), pointe (c), scriostar na focail ‘nó EUTL’;

(6)

in Airteagal 52 agus in Airteagal 53(2), cuirtear ‘Clárlann an Aontais’ in ionad an acrainm ‘EUTL’;

(7)

In Airteagal 55, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5.   Tráth a thionscnófar aistriú, cuirfidh an t-ionadaí údaraithe in iúl an ndearnadh an t-aistriú idir sealbhóirí cuntais a bhaineann leis an ngrúpa céanna.’

;

(8)

i dTeideal III, Forálacha teicniúla coiteanna, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 1:

‘CAIBIDIL 1

CEANGLAIS THEICNIÚLA CHLÁRLANN AN AONTAIS ’;

(9)

Leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:

(a)

sa teideal, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(b)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

i bpointe (b), scriostar na focail ‘idir Clárlann an Aontais agus EUTL’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

freagraíonn Clárlann an Aontais go pras d’iarrataí a dhéanann ionadaithe cuntais.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go n-ionchorpróidh Clárlann an Aontais córais agus nósanna imeachta láidre chun na sonraí ábhartha uile a chosaint agus chun aisghabháil phras sonraí agus oibríochtaí a éascú i gcás ina mbíonn cliseadh nó tubaiste ann.’

;

(d)

i mír 3, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(10)

in Airteagal 62, scriostar na focail ‘ag EUTL’;

(11)

in Airteagal 65, scriostar na focail ‘nó EUTL’ agus ‘nó EUTL’;

(12)

in Airteagal 66(2), scriostar na focail ‘nó EUTL’;

(13)

Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar na focail ‘ag EUTL’;

(b)

i mír 4, cuirtear ‘Clárlann an Aontais’ in ionad an acrainm ‘EUTL’;

(14)

in Airteagal 70, cuirtear ‘Clárlann an Aontais’ in ionad an acrainm ‘EUTL’;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71:

‘Airteagal 71

Neamhréireachtaí a bhrath

I gcás na bpróiseas a chuirtear i gcrích tríd an nasc cumarsáide dírí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), áiritheoidh an riarthóir lárnach go gcuirfidh Clárlann an Aontais deireadh le haon phróiseas i gcás ina sainaithneoidh sí neamhréireachtaí tráth a dhéanfar na seiceálacha uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 72(2), agus go gcuirfidh sí an riarthóir ar an eolas faoi na cuntais sin a bhfuil baint acu leis an idirbheart ar cuireadh deireadh leis. Áiritheoidh an riarthóir lárnach go gcuirfidh Clárlann an Aontais na sealbhóirí cuntais ábhartha ar an eolas láithreach gur cuireadh deireadh leis an bpróiseas trí chód freagartha seiceála uathoibrithe a chur ar ais.’

;

(16)

in Airteagal 72(2), cuirtear ‘Clárlann an Aontais’ in ionad an acrainm ‘EUTL’.

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 73:

‘Airteagal 73

Réiteach — neamhréireachtaí a bhrath le Clárlann an Aontais

1.   Áiritheoidh an riarthóir lárnach go dtionscnóidh Clárlann an Aontais réiteach sonraí go tréimhsiúil chun a áirithiú go mbeidh taifid na gcuntas agus na sealúchas lamháltas ag teacht leis na hidirbhearta a cuireadh i gcrích i gClárlann an Aontais. Áiritheoidh an riarthóir lárnach go dtaifeadfaidh Clárlann an Aontais gach próiseas.

2.   Más rud é, le linn an phróisis réitigh sonraí dá dtagraítear i mír 1, go sainaithnítear neamhréireacht maidir le cuntais nó sealúchais lamháltas mar chuid den phróiseas réitigh tréimhsiúil, áiritheoidh an riarthóir lárnach go gcuirfidh Clárlann an Aontais cosc ar aon phróiseas breise a chur i gcrích le haon cheann de na cuntais nó de na sealúchais lamháltas is ábhar don neamhréireacht. Áiritheoidh an riarthóir lárnach go gcuirfidh Clárlann an Aontais an riarthóir lárnach agus riarthóirí na gcuntas nó na sealúchas lamháltas ábhartha ar an eolas láithreach faoi aon neamhréireacht.’

;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74:

‘Airteagal 74

Próisis a thabhairt chun críche

1.   Gach idirbheart agus gach próiseas eile a chuirfear in iúl do Chlárlann an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 6(2), beidh siad críochnaitheach nuair a dhéanfar gach seiceáil uathoibrithe. Áiritheoidh an riarthóir lárnach go gcuirfidh Clárlann an Aontais stop go huathoibríoch le cur i gcrích idirbhirt nó próisis mura bhféadfaí an t-idirbheart nó an próiseas sin a chur i gcrích laistigh de 24 uair an chloig tar éis é a chur in iúl.

2.   Beidh an próiseas réitigh sonraí dá dtagraítear in Airteagal 73 críochnaitheach nuair a réiteofar na neamhréireachtaí uile maidir le ham agus dáta sonrach i gcás cuntais nó sealúchais lamháltas shonracha, agus nuair a dhéanfar an próiseas réitigh sonraí a ath-thionscnamh agus a chur i gcrích go rathúil.’

;

(19)

in Airteagal 76, scriostar na focail ‘sula ndéanfar nasc cumarsáide a bhunú agus a ghníomhachtú idir leagan nua nó eisiúint nua na mbogearraí sin agus EUTL’;

(20)

Leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:

(a)

i míreanna 1 agus 5, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(b)

i míreanna 5, 6 agus 7, scriostar na focail ‘nó EUTL’;

(21)

in Airteagal 79(1), scriostar na focail ‘in EUTL nó’;

(22)

Leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar na focail ‘EUTL agus’;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

sa chéad abairt, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

na póilíní nó údarás forfheidhmithe dlí nó breithiúnach eile, údaráis chánach Ballstáit agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);’;

(c)

i mír 4, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

‘Déanfaidh na heintitis sin aon iarraidh chuig an riarthóir lárnach nó chuig riarthóir náisiúnta trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Na heintitis a fuair sonraí faoi na coinníollacha ar a dtugtar tuairisc thuas, comhroinnfidh siad leis an riarthóir lárnach, má mheasann siad gur gá, a gconclúidí ginearálta maidir le himpleachtaí dlíthiúla nó teicniúla na n-idirbheart lena ngabhann lamháltais, lena n-áirítear torthaí ginearálta chun feabhas a chur ar an tuiscint ar impleachtaí dlíthiúla na bpróiseas a ndearnadh anailís orthu agus chun rannchuidiú le forbairtí beartais gan tagairt a dhéanamh do shonraí ó chuntais nó ó idirbhearta aonair.’

;

(e)

i mír 7, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(f)

i mír 10, scriostar na focail ‘EUTL agus’.

(23)

in Airteagal 82, scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(24)

Leasaítear Iarscríbhinní III, IV, VI, VII, VIII agus XIII i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(25)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II isteach mar Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(2)  Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2004 maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 386, 29.12.2004, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 270, 14.10.2010, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinntí Uimh. 280/2004/CE agus Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 920/2010 agus Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2021 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘ Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support’ [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht], COM(2021) 660 final.

(8)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní III, IV, VI, VII, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn III, leasaítear Tábla III-I mar a leanas:

(a)

i gcolún F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL?’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?’;

(b)

sa ró deireanach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL.’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí.’;

(2)

in Iarscríbhinn IV, leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe (f) seo a leanas leis:

‘(f)

soláthróidh sealbhóirí cuntais atá mar chuid de ghrúpa doiciméad ina sainaithneofar go soiléir struchtúr an ghrúpa.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘Chun críocha phointe (f), i gcás inar cóip é an doiciméad ina sainaithnítear struchtúr an ghrúpa, deimhneoidh nótaire poiblí nó duine comhchosúil eile arna shonrú ag an riarthóir náisiúnta gur cóip dhílis í an chóip sin. Cóip dheimhnithe a eisítear lasmuigh den Bhallstát a bhfuil cóip á hiarraidh aige, déanfar í a dhlisteanú ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh dáta an deimhnithe nó an dlisteanaithe níos mó ná 3 mhí roimh an dáta cur i bhfeidhm.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

i dTábla VI-I, colún F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL?’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?’;

(b)

i dTábla VI-II, colún F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL?’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?’;

(4)

in Iarscríbhinn VII, Tábla VII-I, colún F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL?’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?’;

(5)

in Iarscríbhinn VIII, Tábla VIII-I, colún F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL?’: ‘Ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí?’;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Taispeánfaidh Clárlann an Aontais an fhaisnéis seo a leanas do gach cuntas ar an suíomh gréasáin poiblí:’;

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ‘ar taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL’: ‘ar taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí’;

(iii)

i dTábla XIV-I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘atá le taispeáint ar shuíomh gréasáin poiblí EUTL’: ‘atá le taispeáint ar an suíomh gréasáin poiblí’;

(b)

i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Taispeánfaidh Clárlann an Aontais an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas ar an suíomh gréasáin poiblí, agus tabharfaidh sí cothrom le dáta í gach 24 uair an chloig:’;

(c)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘Taispeánfaidh Clárlann an Aontais an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas ar a suíomh gréasáin poiblí, an 30 Aibreán gach bliain:’;

(d)

i bpointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘An fhaisnéis seo a leanas faoi gach idirbheart a chuirtear i gcrích arna thaifeadadh ag Clárlann an Aontais faoin 30 Aibreán de bhliain ar leith, taispeánfaidh Clárlann an Aontais ar an suíomh gréasáin poiblí í an 1 Bealtaine trí bliana ina dhiaidh sin:’;

(e)

i bpointe 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘An 1 Bealtaine gach bliain, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE arna dtaifeadadh ag Clárlann an Aontais faoin 30 Aibreán:’;

(f)

i bpointe 6(b)(v), scriostar na focail ‘agus EUTL’;

(g)

i bpointe 8(b)(iv), scriostar na focail ‘agus EUTL’.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN XIV

Teimpléad le haghaidh iarraidh ar shonraí a stóráiltear i gClárlann an Aontais faoi Airteagal 80(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (1)

Iarraidh ar [sonraigh má chuirtear an iarraidh faoi bhráid an riarthóra lárnaigh nó náisiúnta] Chlárlann an Aontais de bhun Airteagal 80(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122

1.

Eintiteas déanta na hiarrata:

 

2.

Dáta na hiarrata:

 

3.

Cuspóirí na hiarrata ón liosta uileghabhálach a leagtar síos in Airteagal 80(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122

 

4.

Tuairisc ar an gcomhthéacs dlíthiúil nó riaracháin ina n-úsáidfear na sonraí:

 

5.

Tuairisc bheacht ar na sonraí a iarrtar, lena n-áirítear an tréimhse ama a n-iarrtar na sonraí ina leith:

 

6.

Pointe teagmhála maidir le haon cheist i ndáil leis an iarraidh:

 

Mar a cheanglaítear le hAirteagail 80(4) agus 80(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122, geallaimid nach n-úsáidfimid an fhaisnéis rúnda a fhaightear de bhun na hiarrata seo ach amháin chun na críche dár soláthraíodh an fhaisnéis sin agus geallaimid nach gcuirfimid na sonraí a fuarthas ar fáil d’aon ghnó nó de thaisme do dhaoine nach bhfuil baint acu leis an gcríoch atá beartaithe don úsáid sonraí.

[Ainm agus síniú]


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).