11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 201/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1626 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2023

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a mhéid a bhaineann leis an sásra pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag CPLanna le haghaidh socraíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 7(15), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(11) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, níl feidhm le bheith ag an gcóras pionós airgid maidir le rannpháirtithe a dteipfidh orthu agus ar contrapháirtithe lárnacha iad.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún (2), mar is infheidhme faoi láthair, maidir le sásra sonrach i dtaca le bailiú agus dáileadh pionós airgid ag contrapháirtithe lárnacha (“sásra pionóis”) chun a áirithiú, i leith teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe, i gcás ina ndéanfaidh contrapháirtithe lárnacha iad féin a idirchur idir contrapháirtithe, nach gcuirfear pionóis airgid i bhfeidhm ar chontrapháirtithe lárnacha.

(3)

Mar gheall ar an iliomad páirtithe lena mbaineann, áfach, cuireann cur i bhfeidhm an tsásra pionóis ag contrapháirtithe lárnacha rioscaí oibriúcháin, castachtaí teicniúla agus costais leis an bpróiseas chun pionóis airgid a bhailiú agus a dháileadh le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe. D’fhéadfadh taisclanna lárnacha urrús pionóis maidir le teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe a ríomh, a chur i bhfeidhm, a bhailiú agus a athdháileadh ina n-iomláine ó na rannpháirtithe uile agus ar na rannpháirtithe uile a shainaithnítear sna treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha, i gcomhréir le hAirteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229, mar aon phionós eile ar theipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta neamh-imréitithe.

(4)

De bhun Airteagal 2(19) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, féadfaidh aon institiúid, contrapháirtí lárnach, gníomhaire socraíochta, oibreoir córais tithe imréitigh nó comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach cáiliú mar rannpháirtí.

(5)

Chun ríomh, bailiú agus dáileadh na bpionós airgid maidir le teipeanna treoracha socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha a éascú, agus san am céanna na rioscaí agus an costas a bhaineann le próiseas den sórt sin a laghdú, ba cheart do thaisclanna lárnacha urrús na pionóis airgid a bhaineann le treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh idirbhearta imréitithe a ríomh, a bhailiú óna rannpháirtithe ábhartha agus a dháileadh orthu, de bhun Airteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229.

(6)

I gcás ina ndéanfaidh contrapháirtithe lárnacha iad féin a idirchur idir contrapháirtithe, is iondúil gurb é nialas glanmhéid na bpionós nach mór do thaisclanna lárnacha urrús a bhailiú agus a dháileadh i ndáil le treoracha socraíochta arna gcur isteach ag contrapháirtí lárnach, ós rud é gurb é atá sna treoracha socraíochta arna gcur isteach ag an gcontrapháirtí lárnach an dá chéim de na hidirbhearta imréitithe. Mar sin féin, i gcásanna áirithe amhail seachadadh déanach urrús chuig contrapháirtí lárnach ar an dáta socraíochta atá beartaithe nach gceadaíonn na treoracha seachadta ón gcontrapháirtí lárnach a shocrú, nó i gcásanna ina bhfuil difríochtaí sna pionóis arna ríomh ag taisclanna lárnacha urrús éagsúla, féadfaidh suíomhanna neamhchomhardaithe i leith idirbhearta imréitithe fanacht i leabhair na gcontrapháirtithe lárnacha agus d’fhéadfadh glanmhéid na bpionós a bheidh le bailiú ó chontrapháirtithe lárnacha, nó le dáileadh orthu, a bheith éagsúil le nialas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart cead a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha glanmhéid na bpionós, an chreidmheasa nó an dochair atá fágtha a leithdháileadh ar a gcomhaltaí imréitigh. Ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha sásra iomchuí a bhunú ina rialacha chuige sin.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 a leasú dá réir sin.

(8)

Chun a áirithiú nach ndéanfar difear cúlghabhálach do ríomh na bpionós le haghaidh teipeanna socraíochta a tharlóidh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí forálacha idirthréimhseacha a chur san áireamh.

(9)

Ionas go mbeidh contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna lárnacha urrús in ann na hoiriúnuithe teicneolaíochta is gá a chur chun feidhme d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an sásra pionóis leasaithe, is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

(10)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a forbraíodh i ndlúthchomhar le comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

(11)

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229:

‘Airteagal 19

Sásra pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag CPLanna le haghaidh socraíochta

Maidir le teipeanna socraíochta a bhaineann le hidirbhearta imréitithe arna gcur isteach ag contrapháirtithe lárnacha le haghaidh socraíochta, cuirfidh taisclanna lárnacha urrús Airteagail 16, 17 agus 18 i bhfeidhm.

Féadfaidh contrapháirtithe lárnacha aon ghlanmhéid atá fágtha de phionóis, creidmheas nó dochar, arna íoc de bhun Airteagal 16 agus arna dháileadh de bhun Airteagal 17(2), a leithdháileadh ar a gcomhaltaí imréitigh.

Bunóidh contrapháirtithe lárnacha sásra iomchuí ina rialacha chuige sin.’

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 de réir mar is infheidhme an 1 Meán Fómhair 2024 leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le teipeanna socraíochta a tharla roimh an 2 Meán Fómhair 2024.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Meán Fómhair 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le smacht socraíochta (IO L 230, 13.9.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).