9.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 199/14


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1616 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Bealtaine 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na himthosca ina meastar duine a bheith neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an gcontrapháirtí lárnach, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar luach sócmhainní agus dliteanais contrapháirtí lárnaigh, deighilt na luachálacha, an mhodheolaíocht chun an maolán a ríomh i leith caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha, agus an mhodheolaíocht chun luacháil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail “creidiúnaí ar bith níos measa as”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1) (agus go háirithe Airteagal 25(6), an tríú fomhír, Airteagal 26(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 61(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 25(1) agus le hAirteagal 61(1) de Rialachán (AE) 2021/23 go mbeidh an duine a dhéanann an luacháil dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 61 den Rialachán sin (“an luachálaí”) neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar an gcontrapháirtí lárnach (“CPL”) atá faoi luacháil. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha aonfhoirmeacha chun na himthosca a chinneadh ina measfar duine a bheith neamhspleách ar na húdaráis phoiblí ábhartha, lena n-áirítear an t-údarás réitigh, agus ar an CPL chun críocha Airteagal 25(1) de Rialachán 2021/23. Ba cheart a áireamh ar na rialacha sin ceanglais lena n-áiritheofaí nach ann do leas coiteann ábhartha ná do leas coinbhleachta an duine sin leis an údarás réitigh nó leis an CPL; ceanglais maidir le cáilíochtaí, taithí, cumas, eolas agus acmhainní an duine sin agus maidir lena chumas an luacháil a dhéanamh go héifeachtach gan spleáchas míchuí ar aon údarás poiblí ábhartha ná ar an CPL, agus ceanglais maidir leis an deighilt struchtúrach idir an duine agus na húdaráis phoiblí ábhartha agus an CPL araon.

(2)

Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar an neamhspleáchas amhail féin-athbhreithniú, féinleas, abhcóideacht, eolas, iontaoibh nó imeaglú, is gá a áirithiú nach mbeidh aon leas ábhartha ag an luachálaí i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le haon údarás poiblí ábhartha, lena n-áirítear an t-údarás réitigh, nó leis an CPL, lena n-áirítear a bhainistíocht shinsearach, a scairshealbhóirí rialaithe nó a ghrúpeintitis. Ina theannta sin, níor cheart luachálaí a mheas mar luachálaí neamhspleách i gcás ina bhfuil leasanna ábhartha ag an luachálaí i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le haon chomhalta imréitigh, cliant nó creidiúnaí mór a ndéanfadh gníomhaíocht réitigh difear ábhartha dó nó a rannchuidigh go mór leis an gcás ba chúis le réiteach an CPL. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh caidreamh pearsanta a bheith ina leas ábhartha. Dá réir sin, ba cheart don údarás réitigh measúnú a dhéanamh an ann d’aon leas coiteann nó leas coinbhleachta ábhartha.

(3)

Ionas go mbeidh an t-údarás réitigh in ann a mheas an ann d’aon leas coiteann nó leas coinbhleachta ábhartha, ba cheart don luachálaí fógra a thabhairt don údarás réitigh maidir le haon leas iarbhír nó ionchasach a mheasann an luachálaí a d’fhéadfadh a bheith ina leas ábhartha agus ba cheart dó aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an t-údarás réitigh a iarraidh go réasúnach a sholáthar. Tar éis a gceaptha, ba cheart don luachálaí beartais agus nósanna imeachta a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na cóid eitice agus na caighdeáin ghairmiúla is infheidhme chun aon leas iarbhír nó ionchasach a shainaithint a mheasann an luachálaí a d’fhéadfadh a bheith ina leas coiteann nó ina leas coinbhleachta ábhartha. Ba cheart fógra a thabhairt láithreach don údarás réitigh faoi aon leas iarbhír nó ionchasach arna shainaithint agus ba cheart dó a mheas an mbaineann an méid sin le leas ábhartha, agus sa chás sin ba cheart ceapachán an luachálaí a fhoirceannadh agus luachálaí nua a cheapadh.

(4)

Is coimircí iad socruithe deighilte struchtúracha lena maolaítear na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa. Dá réir sin, ba cheart iad a chur san áireamh agus luachálaí ionchasach á mheasúnú. Dá bhrí sin, i gcás daoine dlítheanacha, ba cheart neamhspleáchas luachálaí a mheasúnú trí thagairt don chuideachta nó don chomhpháirtíocht ina hiomláine ach ag cur san áireamh aon deighilt struchtúrach agus socruithe eile a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm chun idirdhealú a dhéanamh idir na baill foirne sin a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa luacháil agus baill foirne eile. Maidir leis na bagairtí sin, i gcomparáid leis na coimircí a chuirtear i bhfeidhm, más amhlaidh go bhfuil an tábhacht a bhaineann leo de chineál a chuirfeadh as do neamhspleáchas na cuideachta nó na comhpháirtíochta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar bheith ina luachálaí, níor cheart an chuideachta nó an chomhpháirtíocht sin a choinneáil mar luachálaí.

(5)

Chun bagairtí ar neamhspleáchas ó fhéin-athbhreithniú a sheachaint, níor cheart iniúchóir reachtúil a bhfuil iniúchóireacht ar an CPL curtha i gcrích aige sa bhliain roimh a mheasúnú maidir le hincháilitheacht chun gníomhú mar luachálaí a mheas mar iniúchóir neamhspleách in imthosca ar bith. A mhéid a bhaineann le seirbhísí eile iniúchóireachta nó luachála a soláthraíodh don CPL lena mbaineann sna blianta díreach roimh an dáta a bhfuil an neamhspleáchas le measúnú, ba cheart glacadh leis go léiríonn na seirbhísí sin leas coiteann ábhartha nó leas coinbhleachta ábhartha.

(6)

Is féidir neamhspleáchas an luachálaí a threisiú trí choinníollacha lena n-áiritheofar go mbeidh saineolas agus acmhainní an luachálaí leordhóthanach agus iomchuí. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh ag an luachálaí na cáilíochtaí, an taithí, an cumas agus an t-eolas is gá sna hábhair ábhartha uile, lena n-áirítear luachálacha na n-ionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL, na ceanglais CPL is infheidhme faoi Rialachán (AE) 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), pleananna téarnaimh CPL agus leabhair rialacha atá ann cheana, agus na huirlisí réitigh is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2021/23.

(7)

Ionas go mbeidh an luachálaí in ann an luacháil a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha ag an luachálaí, nó go bhfuil rochtain aige orthu, chun an luacháil a dhéanamh.

(8)

Chun a neamhspleáchas a áirithiú agus chun cur isteach míchuí ar a ndualgais a sheachaint, ba cheart don luachálaí a bheith in ann an luacháil a dhéanamh go héifeachtach gan spleáchas míchuí ar aon údarás poiblí ábhartha, lena n-áirítear an t-údarás réitigh, nó ar an CPL. Mar sin féin, maidir le soláthar na dtreoracha nó na treoraíochta is gá chun tacú leis an luacháil a dhéanamh, mar shampla, i ndáil leis an modheolaíocht a chuirtear ar fáil de bhun reachtaíocht an Aontais i réimse na luachála chun críoch réitigh, níor cheart a mheas go bhfuil an soláthar sin ina spleáchas míchuí i gcás ina meastar go bhfuil treoracha den sórt sin, nó treoraíocht den sórt sin, riachtanach chun tacú leis an luacháil a dhéanamh. Ina theannta sin, níor cheart cosc a chur le cúnamh a sholáthar, mar shampla, an CPL lena mbaineann córais, ráitis airgeadais, tuarascálacha rialála, sonraí margaidh, taifid eile nó cúnamh eile a sholáthar don luachálaí i gcás ina meastar, agus measúnú á dhéanamh ag an údarás réitigh, go bhfuil gá leis sin chun tacú leis an luacháil a dhéanamh. I gcomhréir le haon nós imeachta a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm, ba cheart soláthar treoracha, treoraíochta agus cineálacha eile tacaíochta a chomhaontú ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn comhthiomsaithe.

(9)

Tá riosca ann go mbeidh neamhspleáchas i mbaol más duine atá fostaithe ag aon údarás poiblí ábhartha nó atá cleamhnaithe le haon údarás poiblí ábhartha, lena n-áirítear an t-údarás réitigh, agus atá fostaithe ag an CPL nó atá cleamhnaithe leis, a dhéanann luacháil, fiú amháin i gcásanna ina bhfuil deighilt iomlán struchtúrach bunaithe laistigh de dhuine dlítheanach. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, a áirithiú nach fostaí ná conraitheoir d’aon údarás poiblí ábhartha é an luachálaí, lena n-áirítear an t-údarás réitigh, ná nach fostaí ná conraitheoir den CPL é, agus nach leis an ngrúpa cuideachtaí céanna leis an CPL é.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach daoine ar fáil a d’fhéadfadh a bheith ar fáil go héasca chun gníomhú mar luachálaí nuair a chuirfear tús le próiseas réitigh, ba cheart don údarás réitigh liosta sealadach de luachálaithe ionchasacha a choinneáil ar bun agus ba cheart dó an liosta sin a athbhreithniú ar bhonn tráthrialta.

(11)

Déantar idirdhealú in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/23 idir dhá luacháil le linn próiseas réitigh CPL: luacháil tosaigh lena measúnaítear cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach, agus an dara luacháil atá ina bhonn le cinneadh an údaráis réitigh uirlis réitigh amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm. Chun críoch na luachála tosaigh, is iomchuí a áirithiú, agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil na coinníollacha réitigh á gcomhlíonadh, go ndéanfar luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus ar dhliteanais an CPL. Maidir leis an dara luacháil, arb é is cuspóir di a bheith ina bonn eolais do ghníomhaíochtaí réitigh, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL bunaithe ar thoimhdí cothroma, stuama agus réalaíocha.

(12)

Chun imthosca an CPL agus dálaí an mhargaidh san am a léiriú go cruinn, ba cheart na luachálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/23 a dhéanamh chomh gar agus is féidir do dháta an chinnidh réitigh.

(13)

Chun na luachálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/23 a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil, ba cheart rochtain a bheith ag an luachálaí ar aon fhoinse faisnéise agus saineolais ábhartha, amhail taifid inmheánacha, córais agus samhlacha an CPL. Ba cheart don luachálaí brath freisin ar fhaisnéis a chuireann foireann, lucht bainistíochta agus iniúchóirí an CPL ar fáil go díreach, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le struchtúr an mhargaidh.

(14)

I gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL, ós rud é go bhféadfadh socruithe tacaíochta conarthacha inghrúpa tacaíocht bhreise airgeadais a chur ar fáil don CPL faoi réiteach agus tionchar a imirt ar an straitéis réitigh, ba cheart don luachálaí éifeacht na gconarthaí sin a mheas i gcás inar dócha go gcuirfear na socruithe sin i bhfeidhm. Ba cheart don luachálaí socruithe tacaíochta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla eile laistigh den ghrúpa a mheas i gcás inar dócha go bhfanfaidh siad i bhfeidhm i ndálaí airgeadais anáis nó i gcás réitigh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart don luachálaí breithniú cúramach a dhéanamh ar an riosca go bhféadfaí acmhainní airgeadais an CPL a úsáid chun caillteanais grúpeintiteas eile a chumhdach, toisc go bhféadfadh sé sin luach shócmhainní an CPL a laghdú a thuilleadh.

(15)

Ós rud é go bhfuil idirthuilleamaíochtaí airgeadais ann mar thoradh ar shocruithe idir-inoibritheachta, ar idirthuilleamaíochtaí airgeadais iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don luacháil, i gcás ina bhfuil socruithe idir-inoibritheachta déanta ag an CPL le CPLanna eile de chuid an Aontais, ba cheart don luachálaí na socruithe conarthacha uile a bhaineann leis an socrú idir-inoibritheachta a chur san áireamh, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh dúnadh seirbhíse an naisc leachtacht a tharraingt ón gcontrapháirtí lárnach.

(16)

Ós rud é go bhfuil sé de chuspóir ag an bpróiseas luachála tacú leis na cinntí arna ndéanamh ag an údarás réitigh roimh thús an réitigh agus, i gcás ina gcuirtear an straitéis réitigh chun feidhme, ba cheart don luachálaí tuairisciú don údarás réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart don luachálaí achoimre a dhéanamh ar thoimhdí, modheolaíochtaí agus toradh na luachála i dtuarascáil chuig an údarás réitigh. Ba cheart aon fhaisnéis a mheastar a bheith ábhartha chun cuidiú leis an údarás réitigh a bheith sa tuarascáil.

(17)

Chun luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch a áirithiú, ba cheart don luachálaí measúnú a dhéanamh ar thionchar gach gníomhaíochta réitigh is dócha a ghlacfaidh an t-údarás réitigh ar an luacháil, agus ba cheart dó, i gcás inar gá, dul i gcomhairle leis an údarás réitigh chun na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don luachálaí a bheith in ann dul i gcomhairle leis an údarás réitigh chun raon na ngníomhaíochtaí réitigh atá á mbreithniú a shainaithint. Más gá, ba cheart don luachálaí a bheith in ann luachálacha ar leithligh a chur i láthair a léiríonn tionchar raon gníomhaíochtaí éagsúla réitigh.

(18)

Ar na cúiseanna céanna, luachálacha chun bonn eolais a chur faoi chinneadh an údaráis inniúil nó an údaráis réitigh cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha réitigh á gcomhlíonadh, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach leis an gcreat cuntasaíochta agus stuamachta is infheidhme. Mar sin féin, ba cheart don luachálaí a bheith in ann imeacht ó na toimhdí a rinne lucht bainistíochta an CPL faoina n-ullmhaítear na ráitis airgeadais a mhéid atá imeacht den sórt sin comhsheasmhach leis an gcreat cuntasaíochta agus stuamachta is infheidhme.

(19)

Is iomchuí rialacha a bheith ann lena n-áiritheofar gur luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch a bheidh sa luacháil chun bonn eolais a chur faoi rogha na ngníomhaíochtaí réitigh, chun a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán na caillteanais uile tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm. Ba cheart an bonn tomhais is iomchuí a roghnú le haghaidh na ngníomhaíochtaí réitigh ar leith atá á mbreithniú ag an údarás réitigh.

(20)

Ba cheart luach eacnamaíoch an CPL seachas a luach cuntasaíochta a mheasúnú sna luachálacha chun rogha agus dearadh eolasach a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh. Ba cheart luach láithreach an tsreabhaidh airgid ar féidir leis an CPL coinne réasúnach a bheith aige leis a chur san áireamh sna luachálacha sin, fiú i gcás inar gá imeacht ón gcreat cuntasaíochta nó luachála stuamachta chun é sin a dhéanamh. Ba cheart a mheas freisin i luachálacha den sórt sin go bhféadfadh sreabhadh airgid teacht as leanúint de na sócmhainní a shealbhú, ach ba cheart na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an réiteach ar shreabhadh airgid amach anseo a chur san áireamh. De rogha air sin, i gcás nach bhfuil an cumas ag an CPL na sócmhainní a shealbhú nó ina meastar go bhfuil diúscairt na sócmhainní sin riachtanach nó iomchuí chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, ba cheart a léiriú sa luacháil go bhféadfadh an sreabhadh airgid sin teacht as diúscairt sócmhainní, dliteanas nó línte gnó, arna measúnú i gcaitheamh tréimhse diúscartha sainithe.

(21)

Ba cheart a thuiscint go ginearálta go bhfuil an luach diúscartha coibhéiseach leis an bpraghas margaidh inbhraite a d’fhéadfaí a fháil ar an margadh i gcás sócmhainne nó grúpa sócmhainní ar leith agus d’fhéadfadh lascaine a bheith i gceist leis sin atá iomchuí i bhfianaise mhéid na sócmhainní atá á n-aistriú. Mar sin féin, ba cheart don luachálaí a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, ag féachaint do na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin scéim réitigh, luach na diúscartha a chinneadh trí lascaine a chur i bhfeidhm ar phraghas margaidh inbhraite den sórt sin le haghaidh díolachán luathaithe ionchasach. I gcás nach bhfuil margadh leachtach ag na sócmhainní, ba cheart luach na diúscartha a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na praghsanna inbhraite ar mhargaí ina dtrádáiltear sócmhainní comhchosúla nó do ríomhanna samhaltaithe trí úsáid a bhaint as paraiméadair mhargaidh inbhraite le lascainí le haghaidh neamhleachtachta arna léiriú de réir mar is iomchuí. I gcás ina mbeartaítear an uirlis díolta gnó nó an uirlis CPL idirlinne a úsáid, ba cheart é a bheith indéanta ionchais réasúnacha maidir le luach saincheadúnais a chur san áireamh agus luach na diúscartha á chinneadh.

(22)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir ríomh an mheastacháin ar an gcaoi a gcaithfí le gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá bhfoirceannfaí an institiúid nó an t-eintiteas faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, a cheanglaítear le hAirteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2021/23, agus an luacháil tar éis réitigh de bhun Airteagal 61 den Rialachán sin, tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh an luachálaí na critéir a leagtar amach le haghaidh na luachála deiridh sin i gcás inarb iomchuí.

(23)

Luacháil shealadach de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/23 atá ina bonn leis an gcinneadh maidir leis an ngníomhaíocht réitigh iomchuí a dhéanamh, ba cheart a áireamh inti maolán arb é is aidhm dó méid na gcaillteanas breise a chomhfhogasú. Ba cheart an maolán sin a bheith bunaithe ar mheasúnú cothrom, stuama agus réalaíoch ar na caillteanais bhreise sin. Ba cheart na cinntí agus na toimhdí a thacaíonn le ríomh an mhaoláin a mhíniú go hiomlán agus bunús a thabhairt leo sa tuarascáil luachála.

(24)

Níor cheart don mhaolán an measúnú atá le déanamh ag an údarás réitigh a chlaonadh, lena n-áirítear an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar síos in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 á gcomhlíonadh, ná le linn cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh iomchuí atá le déanamh.

(25)

Luachálaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 den Rialachán sin a dhéanfaidh an luacháil faoi Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2021/23 a luaithe is féidir tar éis an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích, cé go bhféadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama í a thabhairt chun críche. Ba cheart an luacháil sin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil a bhaineann leis an dáta a ghlacfar an cinneadh CPL a réiteach chun imthosca sonracha a léiriú go hiomchuí, amhail dálaí anáis sa mhargadh, ar ann dóibh ar dháta an chinnidh réitigh sin. Níor cheart faisnéis a fhaightear tar éis dháta an chinnidh réitigh a úsáid ach amháin i gcás ina bhféadfaí go réasúnach a bheith ar an eolas fúithi ar an dáta sin.

(26)

Chun a áirithiú go ndéanfar luacháil chuimsitheach inchreidte, ba cheart rochtain a bheith ag an luachálaí ar aon doiciméadacht dhlíthiúil iomchuí, lena n-áirítear liosta de na sócmhainní inaitheanta, na héilimh, na sócmhainní teagmhasacha agus na héilimh theagmhasacha uile in aghaidh an eintitis a aicmítear de réir a dtosaíochta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart cead a bheith ag an luachálaí dul i mbun socruithe chun sainchomhairle nó saineolas a fháil de réir mar a éilíonn na himthosca.

(27)

Chun an chaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile a chinneadh dá bhfoirceannfaí an CPL faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart don luachálaí measúnú a dhéanamh ar mhéid lascainithe an tsreabhaidh airgid ionchasaigh a gheobhadh gach scairshealbhóir, comhalta imréitigh agus creidiúnaí eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile i rialacha oibríochta an CPL. Ba cheart don luachálaí neamhaird a thabhairt ar aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthraítear don CPL nó ar aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

(28)

Ba cheart don luachálaí meastachán réasúnta tráchtála ar na costais athsholáthair dhírigh arna dtabhú ag comhaltaí imréitigh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a chur san áireamh freisin. Ba cheart go gcumhdódh costais den sórt sin an costas a thabhaítear nuair a dhéantar idirbhearta atá oscailte ag an gcontrapháirtí lárnach a ionadú roimh dhócmhainneacht, lena n-áirítear costais chreidmheasa, leachtachta agus idirbhirt, chomh maith le costais oibriúcháin a bhaineann le naisc nua le contrapháirtí éagsúil, agus aon chostas ábhartha cistiúcháin do na ceanglais chomhthaobhachta nua a bhaineann leis na hidirbhearta sin.

(29)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo, ós rud é go bpléann siad leis na himthosca agus leis an modheolaíocht chun sócmhainní agus dliteanais a luacháil i gcomhthéacs CPL a réiteach. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, forálacha ba cheart teacht i bhfeidhm go comhuaineach, agus chun an próiseas réitigh a éascú, is gá do CPLanna, do chomhaltaí imréitigh, dá gcliaint, dá n-údaráis agus do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear infheisteoirí ar cónaitheoirí iad nach cónaitheoirí de chuid an Aontais iad, léargas cuimsitheach agus dlúthrochtain a bheith acu ar a n-oibleagáidí agus ar a gcearta. Is iomchuí, dá bhrí sin, na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a cheanglaítear le hAirteagail 25(6), 26(4) agus 61(5) de Rialachán (AE) 2021/23 a áireamh in aon Rialachán amháin.

(30)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

(31)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “údarás poiblí ábhartha”:

(a)

an t-údarás réitigh inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/23;

(b)

údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh (CPL) faoi réiteach arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

comhaltaí agus breathnóirí an choláiste réitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/23;

(d)

comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(e)

an t-údarás inniúil le haghaidh aon eintiteas laistigh den ghrúpa céanna leis an CPL faoi réiteach;

(f)

an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an CPL faoi réiteach cleamhnaithe, i gcás ina bhfuil an CPL sin údaraithe mar institiúid creidmheasa freisin i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(g)

an comhlacht atá i gceannas ar na socruithe um maoiniú réitigh i gcás ina bhfuil an CPL údaraithe freisin mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE;

(h)

i gcás inarb infheidhme, údarás réitigh an ghrúpa lena mbaineann an CPL, agus údarás réitigh aon eintitis laistigh den ghrúpa céanna leis an CPL;

(i)

an aireacht inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2021/23;

(j)

aon údarás poiblí eile a bhfuil baint aige le próiseas réitigh CPL.

2.

ciallaíonn “luachálaí” duine dlítheanach nó nádúrtha a cheaptar chun na luachálacha dá dtagraítear in Airteagail 24, 26(1) agus 61 de Rialachán (AE) 2021/23 a dhéanamh;

3.

ciallaíonn “luach cóir” an praghas a gheofaí ar dhíol sócmhainne nó a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar an dáta luachála, mar a shainmhínítear sa chreat cuntasaíochta ábhartha;

4.

ciallaíonn “luach seilbhe” luach láithreach an tsreabhaidh airgid, arna lascainiú ag ráta iomchuí, ar féidir leis an CPL coinne réasúnach a bheith aige leis faoi thoimhdí atá cothrom, stuama agus réalaíoch ó shócmhainní agus dliteanais ar leith a choinneáil, agus fachtóirí a dhéanann difear d’iompar custaiméara nó contrapháirtí nó paraiméadair luachála eile i gcomhthéacs réitigh á gcur san áireamh;

5.

ciallaíonn “luach diúscartha” an luach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(5);

6.

ciallaíonn “luach saincheadúnais” glanluach láithreach an tsreabhaidh airgid, atá níos airde nó níos ísle ná an luach a eascraíonn as téarmaí agus coinníollacha conarthacha na sócmhainní agus na ndliteanas atá ann ar an dáta luachála, ar féidir coinne réasúnach a bheith leis go dtiocfadh sé as sócmhainní agus dliteanais nó gnólachtaí a chothabháil agus a athnuachan agus lena n-áirítear tionchar aon deis gnó, de réir mar is ábhartha, lena n-áirítear na deiseanna sin a eascraíonn as na gníomhaíochtaí réitigh éagsúla a ndéanann an luachálaí measúnú orthu;

7.

ciallaíonn “luach cothromais” praghas margaidh measta le haghaidh scaireanna aistrithe nó eisithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm modheolaíochtaí luachála a nglactar leo go ginearálta agus a d’fhéadfadh, ag brath ar chineál na sócmhainní nó an ghnólachta, luach saincheadúnais a chuimsiú;

8.

ciallaíonn “bonn tomhais” an cur chuige lena gcinntear na méideanna airgeadaíochta ag a ndéanann an luachálaí sócmhainní nó dliteanais a thíolacadh;

9.

ciallaíonn “dáta an chinnidh réitigh” dáta chinneadh an údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil le CPL i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/23.

CAIBIDIL II

Neamhspleáchas na luachálaithe

Airteagal 2

Eilimintí an neamhspleáchais

1.   Measfar an luachálaí a bheith neamhspleách ar aon údarás poiblí ábhartha agus ar an CPL i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas tráth a cheaptha agus le linn luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 26(1) agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2021/23:

(a)

níl aon leas coiteann ná leas coinbhleachta ábhartha ag an luachálaí de réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán seo;

(b)

go bhfuil na cáilíochtaí, an taithí, an cumas, an t-eolas agus na hacmhainní is gá ag an luachálaí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo chun go mbeidh sé in ann na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 26(1) agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2021/23 a dhéanamh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil an luachálaí ar leithligh ó na húdaráis phoiblí ábhartha agus ón gcontrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

2.   Bunóidh an t-údarás réitigh liosta luachálaithe ionchasacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo. Athbhreithneofar an liosta sin ar bhonn tráthrialta.

Airteagal 3

Leasanna ábhartha coiteanna nó leasanna ábhartha coinbhleachta

1.   Ní bheidh aon leas ábhartha iarbhír ná ionchasach ag an luachálaí i gcoiteann ná i gcoinbhleacht le haon údarás poiblí ábhartha ná leis an gcontrapháirtí lárnach.

2.   Chun críocha mhír 1, measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil leas iarbhír nó ionchasach ábhartha i gcás ina measfaidh sé gur dócha go n-imreoidh leas den sórt sin tionchar ar bhreithiúnas an luachálaí agus na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 26(1) agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2021/23 á ndéanamh aige, nó gur dócha go gceapfaidh páirtithe leasmhara seachtracha go n-imreoidh sé tionchar den sórt sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, breithneoidh an t-údarás réitigh an méid seo a leanas:

(a)

soláthar seirbhísí a rinne an luachálaí is iarratasóir san am a caitheadh nó san am i láthair don chontrapháirtí lárnach nó d’údarás poiblí ábhartha;

(b)

aon chaidreamh pearsanta nó airgeadais idir an luachálaí is iarratasóir agus an contrapháirtí lárnach nó údarás poiblí ábhartha.

3.   Chun críocha mhír 1, measfaidh an t-údarás réitigh gur ábhartha leasanna atá i gcoiteann nó i gcoinbhleacht leis na páirtithe seo a leanas:

(a)

lucht bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí chomhlacht bainistíochta an CPL agus aon ghrúpchuideachta de chuid an CPL dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), de Rialachán (AE) 2021/23;

(b)

na daoine dlítheanacha nó nádúrtha a rialaíonn an CPL nó a bhfuil sealúchas cáilitheach acu ann;

(c)

na creidiúnaithe a shainaithin an t-údarás réitigh a bheith suntasach ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don údarás réitigh;

(d)

comhaltaí réitigh an CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) 2021/23; cliaint an CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18) den Rialachán sin; agus cliaint indíreacha an CPL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), den Rialachán sin;

(e)

CPLanna idir-inoibritheacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Rialachán (AE) 2021/23.

4.   Measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil leas ábhartha iarbhír ag luachálaí i gcoiteann nó i gcoinbhleacht leis an CPL sna cásanna seo a leanas:

(a)

sa bhliain roimh an dáta a mheasúnófar incháilitheacht an luachálaí, go mbeidh iniúchadh reachtúil ar an gcontrapháirtí lárnach curtha i gcrích ag an luachálaí de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

go raibh an luachálaí fostaithe ag an CPL nó ag údarás poiblí ábhartha le linn na tréimhse 3 bliana roimh mheasúnú a neamhspleáchais.

5.   Déanfaidh duine a cheapfar mar luachálaí an méid seo a leanas:

(a)

coinneoidh siad ar bun, i gcomhréir le haon chód eitice agus aon chaighdeán gairmiúil is infheidhme, beartais agus nósanna imeachta chun aon leas iarbhír nó ionchasach a d’fhéadfaí a mheas mar leas ábhartha a shainaithint;

(b)

fógra a thabhairt gan mhoill don údarás réitigh faoi aon leas iarbhír nó ionchasach i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le haon údarás poiblí ábhartha nó leis an CPL a mheasann an luachálaí, agus measúnú á dhéanamh ar an údarás réitigh, gur leas ábhartha é;

(c)

bearta iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach mbeidh aon leas ábhartha ag aon duine den fhoireann ná ag aon duine eile a bhfuil baint aige leis an luacháil a dhéanamh i gcoiteann nó i gcoinbhleacht le haon údarás poiblí ábhartha nó leis an gcontrapháirtí lárnach;

(d)

fógra a thabhairt don údarás réitigh faoi aon infheistíocht ábhartha nó aon leas airgeadais ábhartha eile agus a dheimhniú nach bhfuil siad ag teacht salach ar a sheasamh mar luachálaí;

(e)

i gcás inar duine dlítheanach an duine sin, fianaise a sholáthar maidir le deighilt struchtúrach éifeachtúil nó socruithe eile a cuireadh i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon bhagairt ar an neamhspleáchas amhail féin-athbhreithniú, féinleas, abhcóideacht, eolas, iontaoibh nó imeaglú, lena n-áirítear socruithe chun idirdhealú a dhéanamh idir na baill foirne sin a d’fhéadfadh a bheith páirteach sa luacháil agus baill foirne eile;

(f)

i gcás inar iniúchóir reachtúil an duine, a áirithiú go bhfuil an t-iniúchóir cumhdaithe go cuí ag rialacha inmheánacha chun aon choinbhleacht leasa a bhainistiú;

(g)

fógra a thabhairt don údarás réitigh faoina ngníomhaíochtaí is ábhartha maidir leis an gceapachán don tréimhse 3 bliana roimh an measúnú ar neamhspleáchas an luachálaí;

(h)

gan buntáistí airgeadais ná buntáistí eile a lorg ná a ghlacadh ó aon údarás poiblí ábhartha ná ón CPL, gan dochar d’íocaíocht luach saothair agus costais leis an luachálaí atá réasúnach i dtaca leis an luacháil a dhéanamh.

Airteagal 4

Cáilíochtaí, taithí, cumas, eolas agus acmhainní

1.   Beidh na cáilíochtaí, an taithí, an cumas agus an t-eolas is gá ag an luachálaí agus beidh acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha aige nó beidh rochtain aige orthu chun an luacháil a dhéanamh go héifeachtach agus chun measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an luacháil gan spleáchas míchuí ar aon údarás poiblí ábhartha ná ar an CPL.

2.   Beidh an luachálaí cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó mar ghnólacht iniúchóireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (2) agus (3) de Threoir 2006/43/CE.

3.   Chun críocha mhír 1, soláthróidh duine a mheastar a bheith ina luachálaí fianaise nó dearbhú i scríbhinn maidir leis an taithí, an cumas agus an t-eolas riachtanach seo a leanas:

(a)

maidir leis na luachálacha a rinneadh ar ionstraimí airgeadais, ar luacháil iarthrádála, agus go háirithe ar na hionstraimí arna n-imréiteach ag an CPL;

(b)

maidir le Rialachán (AE) 2021/23 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

chun pleananna téarnaimh agus leabhair rialacha an CPL a chur i bhfeidhm agus a thuiscint;

(d)

chun plean réitigh an CPL agus na huirlisí réitigh is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2021/23 a chur i bhfeidhm agus a thuiscint.

4.   Beidh an luachálaí in ann a inniúlacht agus a thaithí a chur i bhfeidhm ar bhealach neamhspleách agus ní bheidh air aon treoir ná treoraíocht a lorg ná a ghlacadh ó aon údarás poiblí ábhartha ná ón gcontrapháirtí lárnach.

5.   Ní chuirfidh mír 4 cosc ar threoracha, treoraíocht, áitreabh, trealamh teicniúil nó cineálacha eile tacaíochta a sholáthar i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh gur gá sin agus nach ndéanfaidh sé difear do bhreithiúnas an luachálaí agus an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/23 á déanamh aige.

Airteagal 5

Deighilt struchtúrach

1.   Beidh an luachálaí scartha go dlíthiúil, go struchtúrach, go hoibríochtúil agus go héifeachtach ó aon údarás poiblí ábhartha agus ón gcontrapháirtí lárnach.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh feidhm ag an na ceanglais seo a leanas:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha é an luachálaí, ní bheidh an luachálaí ina fhostaí ná ina chonraitheoir de chuid aon údaráis phoiblí ábhartha ná de chuid an CPL;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach é an luachálaí, ní bheidh baint ag an luachálaí leis an ngrúpa cuideachtaí céanna faoi mar atá ag an CPL.

CAIBIDIL III

An mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL roimh an réiteach agus ina dhiaidh

Roinn 1

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le luachálacha faoi Airteagal 24 agus Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23

Airteagal 6

Critéir ghinearálta

1.   Agus na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 á ndéanamh aige, déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, breithniú ar na himthosca a dhéanfaidh difear don sreabhadh airgid ionchasach agus do na rátaí lascaine is infheidhme maidir le sócmhainní agus dliteanais CPL a eascraíonn as cliseadh chomhaltaí imréitigh an CPL nó teagmhais neamh-mhainneachtana.

Beidh sé d’aidhm ag an luachálaí, nó ag an údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, ionadaíocht chothrom a dhéanamh ar staid airgeadais an CPL i gcomhthéacs na ndeiseanna agus na rioscaí a dtéann sé i ngleic leo.

2.   Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na príomhthoimhdí a úsáideadh sa luacháil a nochtadh agus tabharfaidh sé údar cuí leo.

Aon diall mór sa luacháil ó na toimhdí nó ó na rialacha arna n-úsáid ag lucht bainistíochta an CPL agus ráitis airgeadais á n-ullmhú agus ceanglais caipitil rialála an CPL agus ceanglais chaipitil an CPL á ríomh, tacófar leis an méid sin leis an bhfaisnéis is fearr dá bhfuil ar fáil.

3.   Soláthróidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, an meastachán pointe is fearr ar luach sócmhainne áirithe, dliteanais áirithe, nó teaglamaí díobh sin.

I gcás inarb iomchuí, soláthrófar torthaí na luachála freisin i bhfoirm raonta luacha.

4.   Na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo chun sócmhainní agus dliteanais aonair CPL a thomhas, beidh feidhm acu freisin maidir le tomhas a dhéanamh ar phunanna nó grúpaí sócmhainní nó grúpaí sócmhainní agus dliteanas comhcheangailte, gnólachtaí, nó an CPL agus é á bhreithniú ina iomláine, de réir mar is gá sna himthosca.

5.   Déanfar creidiúnaithe a fhoroinnt sa luacháil in aicmí de réir a n-aicmiú tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme, agus áireofar na meastacháin seo a leanas sa luacháil:

(a)

luach na n-éileamh de gach aicme faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb indéanta, de réir na gceart conarthach a thugtar d’éilitheoirí;

(b)

na fáltais a gheobhadh gach aicme dá ndéanfaí an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Agus na meastacháin á ríomh de bhun phointe (a) agus phointe (b), féadfaidh an luachálaí an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán seo a leanúint.

6.   I gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, agus uainiú agus inchreidteacht na luachála á gcur san áireamh, féadfaidh an t-údarás réitigh roinnt luachálacha a iarraidh. Sa chás sin, bunóidh an t-údarás réitigh na critéir chun a chinneadh conas a úsáidfear na luachálacha sin le haghaidh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/23.

Airteagal 7

Dáta luachála

Ceann de na dátaí seo a leanas a bheidh sa dáta luachála:

(a)

dáta tagartha arna chinneadh ag an luachálaí, nó ag an údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, agus a shocrófar chomh gar agus is féidir roimh an dáta ar a bhfuil coinne le cinneadh ón údarás réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh i ndáil leis an CPL i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/23 nó an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin;

(b)

i gcás ina ndéantar luacháil chinntitheach a cheanglaítear le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/23, dáta an chinnidh réitigh;

(c)

i ndáil le dliteanais a eascraíonn as conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2021/23, an dáta a dhéanfar na conarthaí sin a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Foinsí faisnéise

Bunófar an luacháil ar aon fhaisnéis a bheidh ar fáil ar an dáta luachála agus a mheasfaidh an luachálaí a bheith ábhartha, nó a mheasfaidh an t-údarás réitigh a bheith ábhartha i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23. Sa bhreis ar ráitis airgeadais, tuarascálacha luachála, tuarascálacha iniúchóireachta gaolmhara agus tuairisciú rialála an CPL i gcaitheamh tréimhse a chríochnaíonn chomh gar agus is féidir don dáta luachála, féadfar an méid seo a leanas a áireamh san fhaisnéis ábhartha sin:

(a)

na ráitis airgeadais nuashonraithe agus an tuairisciú rialála arna n-ullmhú ag an CPL chomh gar agus is féidir don dáta luachála;

(b)

míniú ar na rialacha, na príomh-mhodheolaíochtaí, na toimhdí agus na breithiúnais a úsáideann an CPL chun na ráitis airgeadais agus an tuairisciú rialála a ullmhú;

(c)

sonraí atá i dtaifid an CPL;

(d)

sonraí ábhartha margaidh;

(e)

conclúidí ar tháinig an luachálaí orthu ó phlé leis an mbainistíocht agus le hiniúchóirí;

(f)

i gcás ina mbeidh siad ar fáil, measúnuithe maoirseachta ar staid airgeadais an CPL, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 18(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/23;

(g)

measúnuithe ar fud an tionscail ar cháilíocht sócmhainní, i gcás inarb ábhartha do shócmhainní an CPL, chomh maith le torthaí tástála struis;

(h)

luachálacha ar phiaraí, arna gcoigeartú i gcás inarb iomchuí agus de réir mar is iomchuí chun imthosca sonracha an CPL a léiriú;

(i)

faisnéis stairiúil, arna coigeartú i gcás inarb iomchuí agus de réir mar is iomchuí chun tosca nach bhfuil ábhartha a thuilleadh a fhágáil as an áireamh, agus chun tosca eile nach ndearna difear don fhaisnéis stairiúil a chur san áireamh; nó

(j)

anailís ar threochtaí, arna coigeartú i gcás inarb iomchuí agus de réir mar is iomchuí chun imthosca sonracha an CPL a léiriú.

Airteagal 9

Tionchar na socruithe grúpa

1.   I gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL, cuirfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, san áireamh tionchar na socruithe conarthacha tacaíochta inghrúpa atá ann cheana ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas i gcás inar dócha, ar bhonn na n-imthosca, go gcuirfear na socruithe sin i bhfeidhm.

2.   Ní chuirfidh an luachálaí, ná an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, tionchar socruithe tacaíochta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla eile laistigh den ghrúpa san áireamh ach amháin más rud é, ar bhonn na n-imthosca, gur dócha go bhfanfaidh na socruithe sin i bhfeidhm i gcomhthéacs staid anáis airgeadais grúpa nó i gcomhthéacs réitigh.

3.   Cinnfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, cé acu atá nó nach bhfuil acmhainní CPL ar cuid de ghrúpa é ar fáil chun caillteanais grúpeintiteas eile a sheasamh.

Airteagal 10

Tionchar na socruithe idir-inoibritheachta

I gcás ina mbeidh socruithe idir-inoibritheachta déanta ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na socruithe sin ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL a chur san áireamh.

Airteagal 11

Tuarascáil mheastóireachta

Ullmhóidh an luachálaí tuarascáil luachála don údarás réitigh ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2021/23, seachas i leith luachálacha sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán sin;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2021/23, seachas i leith luachálacha sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán sin;

(c)

luacháil na ndliteanas a eascraíonn as conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2021/23;

(d)

achoimre ar an luacháil lena n-áirítear míniú ar an meastachán pointe is fearr, raonta luacha agus foinsí neamhchinnteachta luachála;

(e)

míniú ar na príomh-mhodheolaíochtaí agus na príomhthoimhdí a d’úsáid an luachálaí agus an luacháil á déanamh aige, mar aon le míniú ar cé chomh híogair is atá an luacháil maidir le roghanna na modheolaíochtaí agus na dtoimhdí sin, agus, i gcás inarb indéanta, míniú ar an gcaoi a bhfuil na modheolaíochtaí agus na toimhdí sin éagsúil leis na modheolaíochtaí agus toimhdí a úsáidtear le haghaidh luachálacha ábhartha eile lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon luacháil réitigh shealadach;

(f)

aon fhaisnéis bhreise a chuideodh, i dtuairim an luachálaí, leis an údarás réitigh nó leis an údarás inniúil chun críocha Airteagal 24(1), (2) agus (3) agus Airteagal 26(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/23.

Roinn 2

Critéir maidir le luachálacha a dhéanamh chun críocha Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/23

Airteagal 12

Prionsabail ghinearálta

1.   Beidh na luachálacha a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/23 bunaithe ar thoimhdí cothroma, stuama, réadúla agus féachfaidh siad lena áirithiú go n-aithneofar go hiomlán caillteanais faoin gcás iomchuí.

I gcás ina mbeidh an luacháil sin ar fáil, cuirfidh sé bonn eolais faoi mheasúnú an údaráis inniúil nó an údaráis réitigh, de réir mar is iomchuí nuair a chinnfear “go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó ar dócha go gclisfear air” dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23.

Bunaithe ar threoraíocht mhaoirseachta atá ann cheana nó ar fhoinsí eile a aithnítear go ginearálta ina leagtar amach critéir chun cineálacha éagsúla sócmhainní agus dliteanas a thomhas go cothrom agus go réalaíoch, féadfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, agóid a dhéanamh in aghaidh na rialacha, na dtoimhdí, na sonraí, na modheolaíochtaí agus na mbreithiúnas ar ar bhunaigh an CPL na luachálacha a d’úsáid sé chun a oibleagáidí tuairiscithe airgeadais a chomhlíonadh nó chun a chaipiteal rialála nó a cheanglais chaipitil a ríomh agus neamhaird a thabhairt orthu chun críocha a luachála.

2.   Cinnfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na modheolaíochtaí luachála is iomchuí, ar modheolaíochtaí iad a fhéadfaidh brath ar shamhlacha inmheánacha agus ar rialacha inmheánacha an CPL i gcás ina measfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, gurb iomchuí sin agus cineál chreat bainistithe riosca an CPL agus cáilíocht na sonraí agus na faisnéise atá ar fáil á gcur san áireamh.

3.   Beidh na luachálacha comhsheasmhach leis an gcreat cuntasaíochta agus stuamachta is infheidhme.

Airteagal 13

Réimsí ar gá aird ar leith a thabhairt orthu sa luacháil

Díreoidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, go háirithe ar réimsí atá faoi réir neamhchinnteacht mhór luachála a bhfuil tionchar mór acu ar an luacháil fhoriomlán chun críoch Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/23.

I gcás na réimsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthróidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, torthaí na luachála i bhfoirm meastachán pointe is fearr agus, i gcás inarb iomchuí, raonta luacha, mar a leagtar amach in Airteagal 6(3). Beidh na nithe seo a leanas i measc na réimsí sin:

(a)

conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2021/23;

(b)

iasachtaí, a mbraitheann a sreabhadh airgid ionchasach ar chumas, ar thoilteanas nó ar dhreasacht an chontrapháirtí a oibleagáidí a chomhlíonadh;

(c)

sócmhainní athshealbhaithe, a ndéanann luach cóir na sócmhainne tráth fhoriamh an CPL ar an urrús gaolmhar nó ar an lian gaolmhar, agus forbairt ionchasach an luacha sin tar éis an fhoriaimh araon difear dá sreabhadh airgid;

(d)

aon ionstraim eile arna dtomhas ag luach cóir i gcás nach mbeidh cinneadh an luacha chóir sin i gcomhréir le ceanglais chuntasaíochta nó stuamachta a bhaineann lena marcáil ón margadh nó lena marcáil de réir samhla infheidhme a thuilleadh ná bailí a thuilleadh agus na himthosca á gcur san áireamh;

(e)

dea-thoil agus sócmhainní doláimhsithe, i gcás ina bhféadfadh an tástáil lagaithe a bheith ag brath ar bhreithiúnas suibiachtúil, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an sruth sreabhaidh airgid is féidir a bhaint amach go réasúnta, rátaí lascaine, agus imlíne na n-aonad giniúna airgid;

(f)

díospóidí dlíthiúla agus gníomhaíochtaí rialála, a bhféadfadh a sreabhadh airgid ionchasach a bheith faoi réir leibhéil éagsúla éiginnteachta maidir lena mhéid nó lena uainiú;

(g)

ítimí lena n-áirítear sócmhainní pinsin agus dliteanais phinsin agus ítimí cánach iarchurtha.

Airteagal 14

Tosca a dhéanann difear don luacháil

1.   Cuirfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, tosca ginearálta san áireamh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na príomhthoimhdí ar a bhfuil luachanna na sócmhainní agus na ndliteanas bunaithe sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 13, lena n-áirítear na tosca seo a leanas:

(a)

na himthosca eacnamaíocha agus tionscail a dhéanann difear don CPL, lena n-áirítear teagmhais mhainneachtana, nó teagmhais neamh-mhainneachtana agus forbairtí ábhartha margaidh;

(b)

samhail ghnó an CPL agus athruithe ar a straitéis;

(c)

critéir roghnúcháin sócmhainní an CPL;

(d)

imthosca agus cleachtais ar dócha go mbeidh turraingí íocaíochta ann mar thoradh orthu;

(e)

imthosca a dhéanann difear do cheanglais chaipitil;

(f)

tionchar struchtúr airgeadais an CPL ar chumas an CPL sócmhainní agus conarthaí a choinneáil don tréimhse shealbhaíochta ionchasach agus ar chumas an CPL sreabhadh airgid intuartha a ghiniúint;

(g)

rialacha oibríochta agus leithdháileadh caillteanais an CPL;

(h)

ábhair imní ginearálta nó ábhair imní atá sonrach do CPLanna maidir le leachtacht nó cistiú.

2.   Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, aon ghnóthachan neamhréadaithe ábhartha arna shainaithint sa phróiseas luachála a scaradh go soiléir, a mhéid nár aithníodh na gnóthachain sin sa luacháil agus soláthróidh sé faisnéis iomchuí sa tuarascáil luachála maidir leis na himthosca eisceachtúla as ar eascair na gnóthachain sin.

Roinn 3

Critéir maidir le luachálacha a dhéanamh chun críocha Airteagal 24(3) agus Airteagal 26(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/23

Airteagal 15

Prionsabail ghinearálta

1.   Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, measúnú ar an tionchar ar luacháil gach gníomhaíochta réitigh is dócha a ghlacfaidh an t-údarás réitigh chun bonn eolais a chur faoi na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2021/23.

Gan dochar do neamhspleáchas an luachálaí, féadfaidh an t-údarás réitigh dul i gcomhairle leis an luachálaí chun an raon gníomhaíochtaí réitigh atá á mheas ag an údarás sin a shainaithint, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá sa phlean réitigh nó, más éagsúil, aon scéim réitigh atá beartaithe.

2.   Déanfaidh an luachálaí i gcomhairle leis an údarás réitigh nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, i gcás inarb iomchuí, luachálacha ar leithligh a chur i láthair a léiríonn tionchar raon gníomhaíochtaí réitigh atá éagsúil go leor.

3.   Áiritheoidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, nuair a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó nuair a fheidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/23 a dhíluacháil nó a chomhshó, go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanas ar shócmhainní an CPL i gcásanna atá ábhartha maidir le raon na ngníomhaíochtaí réitigh atá á mbreithniú.

4.   Na luachanna sa luacháil arna déanamh ag an luachálaí, nó ag an údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, i gcás ina n-imíonn siad go mór ó na luachanna arna gcur i láthair ag an CPL ina ráitis airgeadais, úsáidfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh, agus luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, toimhdí a luachála féin chun bonn eolais a chur faoi na coigeartuithe ar na toimhdí agus faoi na beartais chuntasaíochta is gá chun an clár comhardaithe nuashonraithe a ullmhú mar a cheanglaítear faoi Airteagal 25(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/23, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Sonróidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, méid na gcaillteanas a shainaithin siad ach nach féidir a aithint sa chlár comhardaithe nuashonraithe, tabharfaidh sé tuairisc ar na cúiseanna is bonn le cinneadh na gcaillteanas sin agus soláthróidh sé dóchúlacht agus tréimhse ionchasach maidir le titim amach na gcaillteanas sin.

5.   I gcás ina ndéantar ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó ina gcothromas, soláthrófar sa luacháil meastachán ar luach cothromais iar-chomhshó na scaireanna nua arna n-aistriú nó arna n-eisiúint mar chomaoin chuig sealbhóirí ionstraimí caipitil comhshóite nó chuig creidiúnaithe eile. Beidh an meastachán sin mar bhonn leis an ráta comhshó nó na rátaí comhshó a chinneadh de bhun Airteagal 33(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/23.

Airteagal 16

Roghnú an bhoinn tomhais

1.   Agus an bonn nó na boinn tomhais is iomchuí á roghnú, déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina mbeidh luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, raon na ngníomhaíochtaí réitigh a measúnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(1) a chur san áireamh.

2.   Cinnfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, ar bhonn toimhdí cothroma, stuama agus réadúla, an sreabhadh airgid is féidir leis an CPL coinne a bheith aige leis óna shócmhainní agus óna dhliteanais atá ann cheana tar éis an ghníomhaíocht réitigh nó na gníomhaíochtaí réitigh arna sainaithint a ghlacadh agus déanfaidh sé é a lascainiú ar ráta iomchuí arna chinneadh i gcomhréir le mír 6.

3.   Cinnfear sreabhadh airgid ar an leibhéal iomchuí comhiomlánaithe.

4.   I gcás ina gceanglófar leis na gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 15(1) go gcoinneoidh CPL sócmhainní agus dliteanais, ar CPL é a leanann de bheith ina eintiteas gnóthais leantaigh, úsáidfidh an luachálaí an luach seilbhe mar bhonn tomhais iomchuí.

Má mheasann an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, go bhfuil an luach seilbhe cothrom, stuama agus réadúil, féadfaidh an luach seilbhe coinne a bheith aige le normalú ar dhálaí an mhargaidh.

Ní úsáidfear an luach seilbhe mar bhonn tomhais i gcás ina n-aistrítear sócmhainní chuig CPL idirlinne de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/23, ná i gcás ina n-úsáidtear uirlis díolta gnó de bhun Airteagal 40 den Rialachán sin.

5.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe leis na gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 15(1) sócmhainní a dhíol, comhfhreagróidh an sreabhadh airgid ionchasach do na luachanna diúscartha dá dtagraítear in Airteagal 17(5) atá beartaithe don tréimhse ionchasach dhiúscartha.

6.   Cinnfear na rátaí lascaine ag féachaint d’uainiú an tsreabhaidh airgid, don phróifíl riosca, costais mhaoiniúcháin agus dálaí an mhargaidh is iomchuí don tsócmhainn nó don dliteanas atá á thomhas, don straitéis diúscartha a bhreithnítear agus do staid airgeadais an CPL tar éis an réitigh.

Airteagal 17

Tosca sonracha a bhaineann le sreabhadh airgid ionchasach a mheas agus a lascainiú

1.   Agus sreabhadh airgid á mheas, cuirfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh, i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, a mbreithiúnas saineolach i bhfeidhm maidir le príomh-shaintréithe na sócmhainní nó na ndliteanas atá á dtomhas a chinneadh.

Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, a mbreithiúnas saineolach a chur i bhfeidhm freisin agus an chaoi a ndéanann leanúint, athnuachan nó athmhaoiniú féideartha, leachtú nó diúscairt na sócmhainní nó na ndliteanas sin, mar a bheartaítear sa ghníomhaíocht réitigh dá dtagraítear in Airteagal 15(1), difear don sreabhadh airgid sin á cinneadh.

2.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe sa ghníomhaíocht réitigh dá dtagraítear in Airteagal 15(1) CPL sócmhainn a shealbhú, dliteanas a choinneáil ar bun, nó leanúint de ghnó, féadfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na tosca seo a leanas a chur san áireamh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shreabhadh airgid amach anseo:

(a)

athruithe ar thoimhdí nó ar ionchais, i gcomparáid leis na toimhdí agus na hionchais a bhí i réim ón dáta luachála, atá comhsheasmhach le treochtaí stairiúla fadtéarmacha agus a mheastar i gcaitheamh tréimhse réasúnach ama, i gcomhréir leis an tréimhse shealbhaíochta atá beartaithe do na sócmhainní nó leis an tréimhse atá beartaithe do théarnamh an CPL;

(b)

boinn nó modheolaíochtaí luachála breise nó malartacha a mheasann an luachálaí a bheith iomchuí agus comhsheasmhach leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar luach cothromais iar-chomhshó na scaireanna.

3.   A mhéid a bhaineann le grúpaí sócmhainní agus dliteanas nó gnólachtaí a bhfuil sé beartaithe iad a leachtú, déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na costais agus na sochair réitigh a chur san áireamh.

4.   I gcás ina gcuirfidh cás an CPL cosc air sócmhainn a shealbhú nó leanúint de ghnó, nó i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh ar shlí eile gur gá díol a dhéanamh chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, déanfar an sreabhadh airgid ionchasach a luacháil ar na luachanna diúscartha a bhfuil coinne leo laistigh de thréimhse dhiúscartha ar leith.

5.   Is é an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, a chinnfidh an luach diúscartha ar bhonn an tsreabhaidh airgid, glan ó chostais diúscartha agus glan ó luach ionchasach aon ráthaíochta a thugtar, a bhféadfaidh an CPL coinne a bheith aige leis go réasúnach i ndálaí an mhargaidh atá i réim trí dhíolachán nó aistriú ordúil sócmhainní nó dliteanas.

I gcás inarb iomchuí, ag féachaint do na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin scéim réitigh, féadfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, an luach diúscartha a chinneadh trí lascaine a chur i bhfeidhm le haghaidh díolachán luathaithe féideartha ar phraghas margaidh inbhraite an díolacháin nó an aistrithe sin.

Agus luach diúscartha sócmhainní nach bhfuil margadh leachtach acu á chinneadh, breithneoidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, praghsanna inbhraite ar mhargaí ina ndéantar sócmhainní comhchosúla a thrádáil nó ríomhanna samhaltaithe ina n-úsáidtear paraiméadair mhargaidh inbhraite, agus cuirfear lascainí le haghaidh neamhleachtachta san áireamh, de réir mar is iomchuí.

6.   Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na tosca seo a leanas a mheas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do luachanna diúscartha agus do thréimhsí diúscartha:

(a)

na luachanna diúscartha agus na tréimhsí diúscartha arna mbreathnú in idirbhearta comhchosúla, arna gcoigeartú go hiomchuí chun difríochtaí sa tsamhail ghnó agus i struchtúr airgeadais na bpáirtithe sna hidirbhearta sin a chur san áireamh;

(b)

na buntáistí nó na míbhuntáistí a bhaineann le hidirbheart ar leith a bhaineann go sonrach leis na páirtithe lena mbaineann nó le fothacar de rannpháirtithe sa mhargadh;

(c)

saintréithe ar leith sócmhainne nó gnólachta nach bhféadfadh a bheith ábhartha ach do cheannaitheoir ionchasach sonrach, nó d’fhothacar rannpháirtithe sa mhargadh;

(d)

an tionchar is dócha a bheidh ag díolacháin ionchasacha ar luach saincheadúnais an CPL.

7.   Agus measúnú á dhéanamh ar luach gnólachtaí chun an uirlis díolta gnó nó an uirlis CPL idirlinne a úsáid, féadfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, ionchais réasúnacha an luacha saincheadúnais a chur san áireamh. I measc na n-ionchas sin maidir leis an luach saincheadúnais beidh na hionchais sin a eascraíonn as athnuachan sócmhainní, as athmhaoiniú ar phunann oscailte, nó as leanúint de ghnó nó as atosú gnó i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí réitigh.

8.   Luachálaí, nó údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, a mheasann nach bhfuil aon ionchas réalaíoch ann sócmhainn nó gnólacht a dhiúscairt, ní cheanglófar air an luach diúscartha a chinneadh ach déanfaidh sé meastachán ar an sreabhadh airgid gaolmhar ar bhonn na n-ionchas ábhartha maidir le leanúint ar aghaidh nó leachtú.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an uirlis díolta gnó.

9.   A mhéid a bhaineann le codanna de ghrúpa sócmhainní nó de ghnólacht ar dócha go ndéanfar iad a leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, féadfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, na luachanna diúscartha agus na tréimhsí diúscartha arna mbreathnú i gceantanna a bhaineann le sócmhainní atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus staide de a mheas.

Agus an sreabhadh airgid ionchasach á chinneadh, cuirfidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, san áireamh neamhleachtacht, easpa ionchuir iontaofa chun luachanna diúscartha a chinneadh, agus an gá a thagann as sin brath ar mhodheolaíochtaí luachála atá bunaithe ar ionchuir dhobhraite.

Airteagal 18

An mhodheolaíocht chun maolán a ríomh agus a chur san áireamh i leith caillteanais bhreise

1.   Déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, maolán a áireamh sa luacháil i bhfianaise fíricí agus imthosca a thacaíonn le caillteanais bhreise de mhéid éiginnte nó d’uainiú éiginnte a bheith ann.

Na toimhdí a thacaíonn le ríomh an mhaoláin, tabharfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, míniú leormhaith orthu agus tabharfaidh sé bunús leormhaith leo.

2.   Agus méid an mhaoláin á chinneadh, déanfaidh an luachálaí, nó an t-údarás réitigh i gcás ina bhfuil luacháil shealadach á déanamh aige de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/23, tosca a shainaithint a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shreabhadh airgid ionchasach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí réitigh is dócha a ghlacfar.

CAIBIDIL IV

Deighilt na luachála faoi réiteach agus an luacháil maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as” agus an mhodheolaíocht chun an luacháil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as”

Airteagal 19

Forálacha ginearálta

1.   I gcás ina gcinntear an chaoi a gcaitear le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, is ar fhaisnéis faoi fhíorais agus imthosca a bhí ann agus a d’fhéadfadh an luachálaí a bheith ar an eolas fúthu go réasúnta ar dháta an chinnidh réitigh a bhunófar an luacháil, agus uirthi sin amháin, arbh fhíorais agus imthosca iad a dhéanfadh difear do thomhas shócmhainní agus dhliteanais an CPL ar an dáta sin, dá mbeidís ar eolas ag an luachálaí.

2.   I gcás ina gcinntear an chaoi a gcaitear go hiarbhír le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe i gcás réitigh, braithfidh an luachálaí ar fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le fíorais agus imthosca ar ann dóibh ón dáta nó ó na dátaí ar a bhfaigheann scairshealbhóirí agus creidiúnaithe cúiteamh (“dáta nó dátaí na cóireála iarbhír”).

3.   Is é dáta tagartha na luachála dáta an chinnidh maidir le réiteach, dáta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis an dáta cóireála iarbhír.

I gcás ina measann an luachálaí gur diomaibhseach tionchar aon lascainithe ar na fáltais, féadfar na fáltais neamhlascainithe ar an dáta a dhéanfar an ghníomhaíocht réitigh a chur i gcomparáid go díreach le méid lascainithe na bhfáltas hipitéiseach a gheobhadh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá rachadh an CPL i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta ar dháta an chinnidh réitigh.

Airteagal 20

Fardal na sócmhainní agus na n-éileamh

1.   Bunóidh an luachálaí fardal de na sócmhainní inaitheanta agus teagmhasacha uile ar leis an CPL iad.

Áireofar san fhardal sin sócmhainní a léirítear go bhfuil sreabhadh airgid gaolmhar ann ina leith nó ar féidir go réasúnta coinne a bheith le sreabhadh airgid ina leith.

2.   Cuirfidh an CPL liosta de na héilimh agus de na héilimh theagmhasacha uile in aghaidh an CPL ar fáil don luachálaí.

Déanfar na héilimh agus na héilimh theagmhasacha go léir a aicmiú ar an liosta sin de réir a dtosaíochta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ceadófar don luachálaí socruithe a dhéanamh le haghaidh sainchomhairle nó saineolais a mhéid a bhaineann le comhsheasmhacht rangú na n-éileamh leis an dlí dócmhainneachta is infheidhme.

3.   Déanfaidh an luachálaí sócmhainní ualaithe agus éilimh arna n-urrú leis na sócmhainní sin a shainaithint ar leithligh.

Airteagal 21

Céimeanna na luachála

Agus cinneadh á dhéanamh an ann do dhifríocht sa chóireáil dá dtagraítear in Airteagal 61(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/23, déanfaidh an luachálaí measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus leis na creidiúnaithe a ndearnadh gníomhaíochtaí réitigh ina leith dá rachadh an CPL i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus socruithe eile ina rialacha oibríochta, ar dháta an chinnidh réitigh, gan aird a thabhairt ar aon fhoráil de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(b)

luach na n-éileamh athstruchtúraithe tar éis cumhachtaí agus uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus luach na bhfáltas eile a fuair scairshealbhóirí agus creidiúnaithe amhail ar dháta nó ar dhátaí na cóireála iarbhír, lascainithe ar ais go dtí dáta an chinnidh réitigh má mheastar gur gá sin chun gur féidir comparáid chothrom a dhéanamh leis an gcóireáil dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an chóireáil dá dtagraítear i bpointe (a) an chóireáil dá dtagraítear i bpointe (b) do gach creidiúnaí i gcomhréir lena n-ord tosaíochta faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 22

An chaoi a gcaitear le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a chinneadh

1.   Is éard a bheidh sa mhodh chun an luacháil a dhéanamh de bhun Airteagal 21, pointe (a), méid lascainithe an tsreabhaidh airgid ionchasaigh a chinneadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.   Déanfar an sreabhadh airgid ionchasach a lascainiú ag an ráta nó ag na rátaí ina gcuirfear san áireamh, de réir mar is iomchuí, an t-uainiú a bhaineann leis an sreabhadh airgid ionchasach sin, imthosca atá i réim ó dháta an chinnidh réitigh, rátaí úis saor ó riosca, préimheanna riosca d’ionstraimí airgeadais comhchosúla arna n-eisiúint ag eintitis chomhchosúla, dálaí margaidh nó rátaí lascaine arna gcur i bhfeidhm ag ceannaitheoirí ionchasacha agus tréithe ábhartha eile den eilimint nó de na heilimintí atá á luacháil.

3.   Ní úsáidfear an mhodheolaíocht a leagtar amach i mír 2 chun an ráta lascaine a ríomh i gcás ina sonraítear rátaí lascaine ar leith atá ábhartha don luacháil sa dlí nó sa chleachtas dócmhainneachta is infheidhme.

4.   Cuirfidh an luachálaí an méid seo a leanas san áireamh agus méid lascainithe an tsreabhaidh airgid ionchasaigh á chinneadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta:

(a)

rialacha oibríochta CPL is infheidhme, socruithe conarthacha, dlí agus cleachtas dócmhainneachta sa dlínse ábhartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an luacháil;

(b)

costais riaracháin, idirbhirt, cothabhála, diúscartha agus costais eile atá measartha intuartha a thabhódh riarthóir nó cleachtóir dócmhainneachta, chomh maith le costais mhaoiniúcháin;

(c)

an fhaisnéis faoi chásanna dócmhainneachta eintiteas comhchosúil a tharla le déanaí, i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus i gcás inarb ábhartha;

(d)

meastachán ar na costais athsholáthair dhírigh arna dtabhú ag comhaltaí imréitigh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 23.

5.   I gcás sócmhainní a thrádáiltear ar mhargadh gníomhach, úsáidfidh an luachálaí an praghas breathnaithe, ach amháin i gcás ina gcuireann imthosca sonracha isteach ar indíoltacht shócmhainní an CPL.

I gcás sócmhainní nach dtrádáiltear ar mhargadh gníomhach, cuirfidh an luachálaí na tosca seo a leanas san áireamh agus méid agus uainiú an tsreabhaidh airgid ionchasaigh á gcinneadh:

(a)

praghsanna arna mbreathnú ar mhargaí gníomhacha ina dtrádáiltear sócmhainní comhchosúla;

(b)

praghsanna arna mbreathnú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta nó in idirbhearta anásta ar bhealach eile a bhaineann le sócmhainní atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus staide de;

(c)

praghsanna arna mbreathnú in idirbhearta a bhaineann le díol gnólachta nó aistriú chuig CPL idirlinne i gcomhthéacs réitigh a bhaineann le heintitis chomhchosúla;

(d)

an dóchúlacht go nginfidh sócmhainn glan-insreabhadh airgid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(e)

na dálaí margaidh a bhfuil coinne leo laistigh de thréimhse dhiúscartha ar leith, lena n-áirítear doimhneacht an mhargaidh agus cumas an mhargaidh an méid ábhartha sócmhainní a mhalartú laistigh den tréimhse sin; agus

(f)

fad tréimhse diúscartha ar leith a léiríonn impleachtaí an dlí dócmhainneachta is infheidhme.

6.   Breithneoidh an luachálaí cé acu a dhéanfadh nó nach ndéanfadh staid airgeadais an CPL difear don sreabhadh airgid ionchasach, lena n-áirítear trí shrianta ar chumas an riarthóra téarmaí a chaibidliú le ceannaitheoirí ionchasacha.

7.   I gcás inar féidir, agus faoi réir aon fhoráil is infheidhme den chreat dócmhainneachta ábhartha, léireoidh an sreabhadh airgid cearta conarthacha, cearta reachtúla, nó cearta dlíthiúla eile creidiúnaithe nó gnáthchleachtais dócmhainneachta.

8.   Déanfar na fáltais hipitéiseacha a eascraíonn as an luacháil a leithdháileadh ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe i gcomhréir lena n-ord tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme, mar a shainaithnítear in Airteagal 20.

Airteagal 23

Costais athsholáthair dhírigh arna dtabhú ag na comhaltaí imréitigh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta

1.   Agus na costais dá dtagraítear in Airteagal 22(4), pointe (d) á ríomh, cuirfidh an luachálaí san áireamh meastachán atá réasúnta ó thaobh na tráchtála de ar na costais athsholáthair dhírigh arna dtabhú ag comhaltaí imréitigh chun glansuíomhanna inchomparáide a athoscailt, laistigh de thréimhse iomchuí, sa mhargadh, mar a leagtar amach in Airteagal 61(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/23.

2.   Cuirfidh an luachálaí na costais seo a leanas le haghaidh comhaltaí imréitigh san áireamh:

(a)

neamhchosaintí creidmheasa hipitéiseacha na gcomhaltaí imréitigh ar an CPL tráth a athosclaítear na glansuíomhanna inchomparáide, dá mbeadh na suíomhanna sin fós ar oscailt ag an CPL go dtí an dáta sin;

(b)

aon chostas leachtachta agus comhchruinnithe arna thabhú ag comhaltaí imréitigh agus na glansuíomhanna inchomparáide á n-athoscailt acu;

(c)

aon chostas oibríochta dosheachanta ábhartha arna thabhú ag comhaltaí imréitigh i ndáil leis na naisc nó na hidirbhearta nua idir comhaltaí imréitigh agus aon chontrapháirtí nó CPL, lena n-áirítear táillí comhaltais, trádála, imréitigh, íocaíochta, socraíochta agus cumhdaigh;

(d)

aon chostas cistiúcháin ábhartha breise a eascraíonn as an difríocht sna ceanglais éarlaise is infheidhme agus sna ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana agus a bhaineann le hathoscailt glansuíomhanna le haon chontrapháirtí nó CPL.

Airteagal 24

Cóireáil iarbhír scairshealbhóirí agus creidiúnaithe i gcás réitigh a chinneadh

1.   Sainaithneoidh an luachálaí na héilimh uile gan íoc tar éis dhíluacháil nó chomhshó na n-ionstraimí caipitil agus cur i bhfeidhm aon ghníomhaíochta réitigh agus sannfaidh sé na héilimh sin do na daoine dlítheanacha agus nádúrtha arbh iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an CPL iad dáta an chinnidh réitigh.

Cinnfidh an luachálaí cóireáil iarbhír na ndaoine dlítheanacha agus nádúrtha arbh iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an CPL iad dáta an chinnidh réitigh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, ach amháin i gcás ina bhfaighidh na daoine sin cúiteamh airgid mar thoradh ar an réiteach.

2.   I gcás ina bhfaigheann na daoine dlítheanacha agus nádúrtha arbh iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an CPL iad dáta an chinnidh réitigh cúiteamh cothromais mar thoradh ar an réiteach, déanfaidh an luachálaí a gcóireáil iarbhír a chinneadh trí mheastachán ar luach foriomlán na scaireanna arna n-aistriú nó arna n-eisiúint mar chomaoin a thabhairt do shealbhóirí na n-ionstraimí caipitil, na n-ionstraimí fiachais nó na ndliteanas neamhurraithe eile a comhshódh. Féadfar an meastachán sin a bhunú ar mhargadhphraghas measúnaithe a eascraíonn as modheolaíochtaí luachála a nglactar leo go ginearálta.

3.   I gcás ina bhfaighidh na daoine dlítheanacha agus nádúrtha arbh iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an CPL iad dáta an chinnidh réitigh cúiteamh fiachais mar thoradh ar an réiteach, cinnfidh an luachálaí an chóireáil iarbhír trí na hathruithe ar shreabhadh airgid conarthach a eascraíonn as an díluacháil nó as an gcomhshó, cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí réitigh eile agus an ráta lascaine ábhartha arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 22(2) den Rialachán seo a chur san áireamh.

4.   Maidir le haon éileamh gan íoc, féadfaidh an luachálaí praghsanna arna mbreathnú i margaí gníomhacha le haghaidh na n-ionstraimí céanna nó ionstraimí comhchosúla arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nó ag eintitis chomhchosúla eile a chur san áireamh, i gcás ina mbeidh na praghsanna sin ar fáil agus in éineacht leis na tosca a bhfuil tuairisc orthu i míreanna 2 agus 3.

5.   Déanfaidh an luachálaí na costais athsholáthair dhírigh iarbhír arna dtabhú ag comhaltaí imréitigh agus a liostaítear in Airteagal 23(2) a mheas freisin nuair a chuirtear cóireáil iarbhír na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe atá i réiteach i gcomparáid leis an luacháil chun an prionsabal “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as” a chur i bhfeidhm.

Airteagal 25

Tuarascáil mheastóireachta

Ullmhóidh an luachálaí tuarascáil luachála ina mbeidh na heilimintí seo a leanas don údarás réitigh:

(a)

achoimre ar an luacháil, lena n-áirítear cur i láthair ar raonta luachála agus foinsí neamhchinnteachta luachála;

(b)

míniú ar na príomh-mhodheolaíochtaí agus na príomhthoimhdí a glacadh agus ar cé chomh híogair is atá an luacháil do na roghanna sin;

(c)

míniú, i gcás inarb indéanta, ar an bhfáth nach ionann an luacháil agus luachálacha ábhartha eile, lena n-áirítear na luachálacha réitigh arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/23 nó luachálacha stuamachta nó cuntasaíochta eile.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(5)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).