9.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 199/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1615 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Bealtaine 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha faoina bhfuil cúiteamh, coibhéis airgid thirim an chúitimh sin nó aon fháltais atá dlite de bhun Airteagal 63(1) den Rialachán sin le cur ar aghaidh chuig cliaint agus chuig cliaint indíreacha agus na coinníollacha faoina measfar an cur ar aghaidh sin a bheith comhréireach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 63(2), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2021/23 luaitear go n-áireofar freisin sna socruithe conarthacha lena gceadaítear do chomhaltaí imréitigh iarmhairtí diúltacha na n-uirlisí réitigh a chur ar aghaidh chuig a gcliaint, ar bhonn coibhéiseach agus comhréireach, ceart na gcliant chun aon aisíocaíochta nó chun aon chúitimh a gheobhaidh comhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 27(6) de Rialachán (AE) 2021/23 nó aon choibhéis airgid thirim den aisíocaíocht sin nó den chúiteamh sin nó aon fháltais a bheidh faighte acu tar éis éileamh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23 (“aisíocaíocht”), a mhéid a bhaineann na fáltais sin le suíomhanna cliant agus lena ranníocaíochtaí, agus go mbeidh feidhm ag na forálacha sin freisin maidir leis na socruithe conarthacha a dhéanfaidh cliaint agus cliaint indíreacha a chuireann seirbhísí imréitigh indíreacha ar fáil dá gcliaint.

(2)

Chun dáileadh coibhéiseach agus comhréireach na haisíocaíochta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh na cineálacha éagsúla aisíocaíochta a dháileadh ar na húsáideoirí seirbhísí imréitigh lena mbaineann ar bhealach cóir neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart an chuid den aisíocaíocht a gheobhaidh gach úsáideoir seirbhísí imréitigh a bheith comhréireach leis an ranníocaíocht a rinne úsáideoir seirbhísí imréitigh den sórt sin le réiteach an CPL, a raibh rochtain indíreach aige air tríd an soláthraí seirbhísí imréitigh lena mbaineann agus i gcás ina ndéantar íocaíocht faoi Airteagal 27(6) nó Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23 (“ranníocaíocht cháilitheach”) mar thoradh ar an ranníocaíocht sin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’úsáideoirí seirbhísí imréitigh a n-aisíocaíocht a fháil gan aon fhritháireamh, ach amháin má tá oibleagáid ar úsáideoir seirbhísí imréitigh atá dlite agus iníoctha le soláthraí seirbhísí imréitigh atá faoin oibleagáid an tráth céanna aisíocaíocht a chur ar aghaidh chuig an úsáideoir seirbhísí imréitigh sin. Mar sin féin, chun nach mbeidh, mar thoradh ar fhritháireamh nó glanluacháil den sórt sin, laghdú míchuí ar na méideanna atá dlite d’úsáideoirí seirbhísí imréitigh atá níos faide síos an slabhra imréitigh, i gcás inar soláthraí seirbhísí imréitigh an faighteoir freisin, ba cheart an aisíocaíocht atá le cur ar aghaidh chuig a gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh a ríomh ar bhonn na haisíocaíochta a fuair an soláthraí seirbhísí imréitigh sular cuireadh i bhfeidhm aon asbhaintí ná fritháireamh.

(3)

Ba cheart aisíocaíochtaí a leithdháileadh, ar bhealach cóir neamh-idirdhealaitheach, ar na húsáideoirí seirbhísí imréitigh go léir a rinne ranníocaíocht cháilitheach agus ar chuntais dílse an tsoláthraí seirbhísí imréitigh i gcás ina ndearna soláthraí seirbhísí imréitigh den sórt sin ranníocaíocht cháilitheach freisin. Chun idirdhealú nó cóir éagórach a sheachaint a thuilleadh, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh aon chlásail fo-ordúcháin ná aon ord tosaíochta a chur i bhfeidhm agus aisíocaíochtaí den sórt sin á ndáileadh.

(4)

Is dócha go mbeidh na dálaí margaidh le linn céim réitigh an-anásta. Is gá dá bhrí sin trédhearcacht a sholáthar d’úsáideoirí seirbhísí imréitigh agus iad a chur ar a suaimhneas i dtaobh na sócmhainní agus ionstraimí airgeadais atá beartaithe le haghaidh leithdháileadh na haisíocaíochta a bheith faoi chosaint i gcás mhainneachtain a soláthraí seirbhísí imréitigh. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh, agus aisíocaíocht á fáil acu thar ceann úsáideora seirbhísí imréitigh, aisíocaíocht den sórt sin a shealbhú ar chuntas leithscartha ar leithligh.

(5)

Tá raon na sócmhainní airgeadais nó ionstraimí airgeadais a fhéadfar a úsáid chun comhaltaí imréitigh, cliaint agus cliaint indíreacha a chúiteamh an-leathan agus bíonn rioscaí éagsúla ag baint le sócmhainní agus ionstraimí éagsúla. Chun dáileadh cothrom comhionann na haisíocaíochta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh na cineálacha éagsúla sócmhainní airgeadais agus ionstraimí airgeadais a fuair siad mar aisíocaíocht a roinnt go cothrom ar gach ceann de na húsáideoirí seirbhísí imréitigh agus ar a gcuntais féin. Ba cheart an roinnt sin a bheith comhréireach leis an ranníocaíocht cháilitheach a rinne na húsáideoirí seirbhísí imréitigh sin le réiteach an CPL a bhfuil rochtain indíreach acu air trí na soláthraithe seirbhísí imréitigh sin, nó leis an ranníocaíocht cháilitheach a rinne soláthraithe seirbhísí imréitigh sa nós imeachta réitigh sin.

(6)

Is gá cuntas a thabhairt ar na sainiúlachtaí agus bacainní oibríochtúla a bhaineann le cuid de na cineálacha sócmhainní airgeadais agus ionstraimí airgeadais. Is gá a áirithiú freisin a mhéid is féidir go bhfaigheann an t-úsáideoir seirbhísí imréitigh aisíocaíocht chothrom i gcás nach bhfuil an t-úsáideoir seirbhísí imréitigh in ann cineál áirithe sócmhainne airgeadais nó ionstraime airgeadais a ghlacadh nó i gcás inarbh fhearr leis gan cineál áirithe sócmhainne airgeadais nó ionstraime airgeadais a ghlacadh ar chúiseanna eile. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí imréitigh, ar iarraidh ón úsáideoir seirbhísí imréitigh agus a mhéid is féidir, an tsócmhainn nó an ionstraim lena mbaineann a aistriú chuig faighteoir eile arna cheapadh ag an úsáideoir seirbhísí imréitigh. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart don soláthraí seirbhísí imréitigh na sócmhainní nó ionstraimí ábhartha a dhíol sa mhargadh le tríú páirtí ar an bpraghas margaidh atá i réim agus ina dhiaidh sin fáltais an díola a aistriú chuig an úsáideoir seirbhísí imréitigh.

(7)

Chun trédhearcacht agus inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh a gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh a chur ar an eolas, ar feadh a bhfuil siad in ann, faoi aon chinneadh a rinneadh sa phróiseas réitigh chun cúiteamh a thabhairt i leith ranníocaíochtaí cáilitheacha a rinneadh. San fhaisnéis sin ba cheart, a mhéid is féidir, na nithe seo a leanas a sholáthar, mar atá, raon feidhme an chinnidh chun rannchuidiú leis an réiteach faoi Rialachán (AE) 2021/23, comhdhéanamh na haisíocaíochta agus ríomh na haisíocaíochta lena n-áirítear an chaoi ar ríomh an soláthraí seirbhísí imréitigh aisíocaíocht an úsáideora seirbhísí imréitigh. Ar an gcúis chéanna agus chun a áirithiú go dtuigfidh úsáideoirí seirbhísí imréitigh an gaol idir an ranníocaíocht a rinne siad agus an aisíocaíocht a fuair siad, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh úsáideoirí seirbhísí imréitigh a chur ar an eolas, i gcás inar féidir agus gan aon srianta rúndachta a shárú, faoi dháileadh foriomlán agus comhdhéanamh na haisíocaíochta.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí imréitigh” comhalta imréitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cliant indíreach, dara cliant indíreach nó tríú cliant indíreach mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b), (d) nó (e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2154 ón gCoimisiún (4), a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, go díreach nó go hindíreach, san Aontas;

2.

ciallaíonn “úsáideoir seirbhísí imréitigh” cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó cliant indíreach, dara cliant indíreach nó tríú cliant indíreach mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b), (d) nó (e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2154, a úsáideann seirbhísí imréitigh a sholáthraíonn soláthróir seirbhísí imréitigh;

3.

ciallaíonn “aisíocaíocht” an t-aisíoc nó an cúiteamh a fhaigheann comhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 27(6) de Rialachán (AE) 2021/23, lena n-áirítear ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL sa todhchaí, nó aon choibhéis airgid den aisíoc nó den chúiteamh sin nó aon fháltais a fhaigheann siad tar éis éileamh arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23 lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear aon cheann de na méideanna sin, dá dtagraítear faoi na hairteagail sin, ar aghaidh chuig úsáideoir seirbhísí imréitigh;

4.

ciallaíonn “ranníocaíocht cháilitheach” an ranníocaíocht, a dhéanann úsáideoir seirbhísí imréitigh trí chomhalta imréitigh de chuid an CPL, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2021/23, ag úsáideoir seirbhísí imréitigh leis an CPL atá á réiteach agus ar a bhfuil rochtain indíreach aige trí sholáthraí seirbhísí imréitigh agus i gcás ina ndearnadh aisíocaíocht mar thoradh ar an ranníocaíocht a rinneadh, tríd an gcomhalta imréitigh de chuid an CPL, sa nós imeachta réitigh.

Airteagal 2

Foirm na haisíocaíochta

Maidir leis an aisíocaíocht arna creidiúnú do sholáthraí seirbhísí imréitigh, nó arna bronnadh air, agus a chuirtear ar aghaidh chuig úsáideoir seirbhísí imréitigh, féadfaidh sí a bheith i bhfoirm airgid thirim, ionstraimí airgeadais, ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL sa todhchaí.

Airteagal 3

Dáileadh na haisíocaíochta

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh, ar bhealach cóir neamh-idirdhealaitheach, an aisíocaíocht ábhartha a dháileadh ar na húsáideoirí seirbhísí imréitigh uile a rinne ranníocaíocht cháilitheach, lena n-áirítear úsáideoirí seirbhísí imréitigh nach úsáideoirí seirbhísí imréitigh a thuilleadh iad de chuid an tsoláthraí seirbhísí imréitigh a fhaigheann an aisíocaíocht, i gcomhréir leis an ranníocaíocht cháilitheach a rinne gach ceann de na húsáideoirí seirbhísí imréitigh sin.

2.   Ríomhfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh an aisíocaíocht atá le dáileadh ar bhealach trédhearcach agus cuirfidh siad gach úsáideoir seirbhísí imréitigh ar leithligh ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (c).

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh an aisíocaíocht a leithdháileadh ar a gcuntais féin agus ar chuntais a gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh a rinne ranníocaíocht cháilitheach ar bhonn ríomh na ranníocaíochta cáilithí a rinneadh agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir faighteoirí éagsúla, ná ní chuirfidh siad iad in ord tosaíochta. Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh aon chuid den aisíocaíocht a leithdháileadh ar a gcuntas féin sula ndéanfaidh siad an chuid den aisíocaíocht a bhfuil na húsáideoirí seirbhísí imréitigh sin ina teideal a leithdháileadh ar chuntais a gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh a rinne ranníocaíocht cháilitheach.

4.   Féadfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh asbhaintí den aisíocaíocht nó fritháireamh i leith na haisíocaíochta a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil oibleagáid ar úsáideoir seirbhísí imréitigh atá dlite agus iníoctha le soláthraí seirbhísí imréitigh atá faoin oibleagáid, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) 2021/23, aisíocaíocht a chur ar aghaidh chuig an úsáideoir seirbhísí imréitigh céanna sin.

Mar sin féin, i gcás inar soláthraí seirbhísí imréitigh an faighteoir freisin, déanfar an aisíocaíocht atá le cur ar aghaidh chuig a gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh a ríomh ar bhonn na haisíocaíochta a bhí le fáil ag an soláthraí seirbhísí imréitigh sula ndearnadh aon asbhaintí ná fritháireamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   Maidir leis an aisíocaíocht a fhaightear de bhun Airteagal 27(6) nó Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23, sealbhóidh soláthraí seirbhísí imréitigh í ar chuntas leithscartha ar leithligh go dtí go ndéanfar na haisíocaíochtaí go léir atá dlite a dháileadh go hiomlán.

Airteagal 4

Cineál na haisíocaíochta agus seachadadh

1.   I gcás ina mbíonn cineálacha éagsúla sócmhainní airgeadais nó ionstraimí airgeadais san aisíocaíocht, gan beann ar na sócmhainní nó ionstraimí airgeadais sin a bheith i bhfoirm airgid thirim, ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais, nó aon ionstraimí eile lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL sa todhchaí, déanfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh an aisíocaíocht sin a mhiondealú de réir chineálacha na sócmhainní nó ionstraimí. Ina dhiaidh sin déanfaidh gach soláthraí seirbhísí imréitigh an aisíocaíocht a leithdháileadh agus a dháileadh ar gach ceann dá gcuid úsáideoirí seirbhísí imréitigh agus ar a chuntas féin, i gcás ina mbíonn sé i dteideal aisíocaíochta, i gcomhréir leis an ranníocaíocht cháilitheach a rinneadh agus de réir an chion chéanna de gach cineál sócmhainní airgeadais nó ionstraimí airgeadais.

2.   Maidir le soláthraí seirbhísí imréitigh nach bhfuil in ann, mar gheall ar shrianta socraíochta nó mar gheall ar bhac eile ar roinnt sócmhainní nó ionstraimí a aistriú, an aisíocaíocht a dháileadh ar úsáideoir seirbhísí imréitigh a rinne ranníocaíocht cháilitheach san fhoirm a cheanglaítear le mír 1, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin gan mhoill don úsáideoir seirbhísí imréitigh lena mbaineann.

3.   I gcás nach féidir an srian socraíochta ná an bac dá dtagraítear i mír 2 a leigheas laistigh de 3 lá oibre tar éis don úsáideoir seirbhísí imréitigh an fógra dá dtagraítear sa mhír sin a fháil, iarrfaidh an soláthraí seirbhísí imréitigh ar an úsáideoir seirbhísí imréitigh faighteoir malartach a cheapadh le haghaidh na sócmhainní ábhartha nó na n-ionstraimí ábhartha laistigh de 5 lá oibre. Ina theannta sin féadfaidh úsáideoir seirbhísí imréitigh a iarraidh ar an soláthraí seirbhísí imréitigh na sócmhainní airgeadais nó ionstraimí airgeadais a dháileadh ar fhaighteoir malartach. I gcás ina mbeidh faighteoir malartach ceaptha ag an úsáideoir seirbhísí imréitigh, aistreoidh an soláthraí seirbhísí imréitigh na sócmhainní airgeadais nó na hionstraimí airgeadais chuig an bhfaighteoir malartach sin a mhéid is féidir agus ar chostas réasúnta don úsáideoir seirbhísí imréitigh.

4.   I gcás nach bhfuiltear in ann aistriú a dhéanamh chuig faighteoir malartach faoi mhír 3, tabharfaidh an soláthraí seirbhísí imréitigh fógra i scríbhinn faoin méid sin don úsáideoir seirbhísí imréitigh lena mbaineann laistigh de 3 lá oibre ó cheapadh an fhaighteora mhalartaigh, ina luaitear an chúis nach féidir déanamh amhlaidh. Sa chás sin, díolfaidh an soláthraí seirbhísí imréitigh na sócmhainní nó ionstraimí lena mbaineann le tríú páirtí ar mhargadh urrús bunaithe ar an bpraghas margaidh atá i réim agus aistreoidh sé fáltais an díola, glan ar aon chostais réasúnta díola, chuig an úsáideoir seirbhísí imréitigh.

Airteagal 5

Faisnéis aisíocaíochta

1.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí imréitigh fógra, i scríbhinn, do na húsáideoirí seirbhísí imréitigh a rinne ranníocaíocht cháilitheach i dtaobh aon aisíocaíochta a bhfuil siad ina teideal.

2.   Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 1:

(a)

i gcás inarb infheidhme, cóip den chinneadh ón údarás réitigh go bhfuil an comhalta imréitigh i dteideal íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23;

(b)

i gcás inarb infheidhme, cóip den chinneadh ón údarás réitigh lena gceanglaítear ar an CPL cúiteamh a sholáthar do na comhaltaí imréitigh a thabhaigh caillteanais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 27(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/23, mar aon le míniú ar an gcaoi a n-asbhaintear an méid sin d’aon teidlíocht ar íocaíocht na difríochta dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/23;

(c)

faisnéis shoiléir bheacht maidir leis an aisíocaíocht atá le dáileadh ar an úsáideoir seirbhísí imréitigh agus maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun aisíocaíocht den sórt sin a ríomh;

(d)

faisnéis shoiléir bheacht maidir leis an aisíocaíocht a fhaigheann an soláthraí seirbhísí imréitigh sula ndéantar aon fhritháireamh nó asbhaintí eile i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Rialachán seo;

(e)

faisnéis shoiléir bheacht maidir leis an bhfoirm inar soláthraíodh an aisíocaíocht don úsáideoir seirbhísí imréitigh, lena ndéantar idirdhealú idir airgead tirim agus ionstraimí airgeadais agus idir gach ceann de na cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear ionstraimí úinéireachta, ionstraimí fiachais nó ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar bhrabúis an CPL sa todhchaí, agus faisnéis maidir le comhdhéanamh na haisíocaíochta le haghaidh an úsáideora seirbhísí imréitigh;

(f)

faoi réir aon srianta rúndachta, sonraí ginearálta maidir le dáileadh foriomlán na haisíocaíochta idir na húsáideoirí seirbhísí imréitigh de chuid an tsoláthraí seirbhísí imréitigh agus cuntais dílse an tsoláthraí seirbhísí imréitigh;

(g)

aon ríomh úis nó aon toisc ábhartha eile a dhéanann difear don aisíocaíocht.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2154 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 304, 21.11.2017, lch. 6).