|
8.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/6 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1606 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint le haghaidh fíona agus maidir le cur i láthair sonraí éigeantacha le haghaidh táirgí fíniúna agus rialacha sonracha maidir le comhábhair a shonrú agus a ainmniú le haghaidh táirgí fíniúna, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a mhéid a bhaineann le táirgí fíona allmhairithe a dheimhniú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 89, Airteagal 109(3), pointe (b) agus Airteagal 122 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(2) |
I gcomhthéacs an leasaithe sin, cuireadh forálacha Airteagail 6, 10, 12, 14, 15, 20 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (3) isteach in Airteagal 96(5) agus (6), Airteagal 97(2), Airteagal 98(2), (3), (4) agus (5), Airteagail 105 agus Airteagal 106 agus 106a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(3) |
Go háirithe, níl Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 úsáideach a thuilleadh ós rud é go leagtar amach ann nós imeachta sonrach maidir le leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas — lena gceadaítear a bhformheas gan vóta ón gCoiste i gcás nach dtaisctear freasúra i gcoinne an leasaithe sin tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh — nós imeachta nach amháin atá ina nós imeachta caighdeánach anois chun sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a chlárú faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ach chun leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíochtaí táirge a fhormheas de bhua Airteagal 105(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 freisin. |
|
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus chun úsáid an Rialacháin a dhéanamh níos éasca do na hoibreoirí, ba cheart Airteagail 6, 10, 12, 14, 15, 20 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a scriosadh agus na tagairtí do na hAirteagail sin a athrú. |
|
(5) |
Tar éis mír 3 nua a chur isteach in Airteagal 97 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le Rialachán (AE) 2021/2117, rinneadh mír 4 den mhír 3 den Airteagal sin a bhí ann cheana. Tar éis pointí nua a chur isteach, rinneadh pointe (a)(iv) agus pointe (b)(iv) d’Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 de phointe (a)(iii) agus pointe (b)(iii) den Airteagal sin faoi seach. Ba cheart tagairtí in Airteagal 5(1), (2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 do phointe (a)(iii) agus pointe (b)(iii) d’Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus tagairtí i bpointe (c)(iii) d’Airteagal 11(1) agus i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 d’Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a choigeartú dá réir. |
|
(6) |
In Iarscríbhinn III, Roinn B, pointe 3, an dara mír, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (4), a mhéid a bhaineann le fíonta licéir ar a bhfuil na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Condado de Huelva’, ‘Málaga’ agus ‘Jerez-Xérès-Sherry’, foráiltear go bhféadfaidh úrfhíon fíonchaor rísínithe ar cuireadh alcól neodrach fíonchaor leis chun cosc a chur ar choipeadh, a fhaightear ón gcineál fíniúna Pedro Ximénez, teacht ón réigiún ‘Montilla-Moriles’. Mar sin féin, luaitear in Airteagal 5(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 faoi láthair nach bhfuil feidhm ag an maolú sin ach amháin maidir le fíonta licéir a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Málaga’ agus ‘Jerez-Xérès-Sherry’ acu. Chun comhsheasmhacht a áirithiú le forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 agus le sonraíochtaí na bhfíonta licéir ar a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Condado de Huelva’, is gá Airteagal 5(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a leasú agus a shoiléiriú go bhfuil feidhm freisin maidir le fíonta licéir ar a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Condado de Huelva’ ag an maolú maidir le foinse úrfhíon na bhfíonchaor rísínithe ar cuireadh alcól neodrach fíonchaor leis chun cosc a chur ar choipeadh. |
|
(7) |
I gcás gach táirge fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin air agus ar lú ná 10 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/2117 an dáta ar fearr roimhe mar shonra éigeantach in Airteagal 119(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) atá infheidhme maidir le gach bia-earra, is iomchuí a shuí nach gá an dáta ar fearr roimhe, cibé uair a thaispeántar é ar an gcoimeádán, a bheith sa réimse radhairc céanna mar a cheanglaítear le haghaidh sonraí éigeantacha eile dá dtagraítear in Airteagal 119 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(8) |
Le Rialachán (AE) 2021/2117, cuireadh freisin liosta na gcomhábhar agus an dearbhú cothúcháin de bhun Airteagal 9(1), pointí (b) agus (l), faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, le liosta na sonraí éigeantacha a leagtar amach in Airteagal 119(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Le Rialachán (AE) 2021/2117, trí leasú a dhéanamh ar Airteagal 122 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tugadh de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha sonracha a ghlacadh maidir le sonrú agus ainmniú na gcomhábhar chun an ceanglas nua a leagtar síos in Airteagal 119(1), pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis na rialacha is gá chun saintréithe sonracha na dtáirgí fíniúna agus próisis shonracha agus uainiú a dtáirgthe a chur san áireamh, agus faisnéis chuimsitheach chruinn á cur ar fáil do thomhaltóirí an tráth céanna. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin nuair a chuirtear liosta na gcomhábhar ar lipéad an fhíona, ach ba cheart feidhm a bheith acu freisin nuair a chuirtear liosta na gcomhábhar ar fáil trí mheán leictreonach a shainaithnítear ar an bpacáiste nó ar lipéad atá greamaithe de, i gcomhréir le hAirteagal 119(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(9) |
Leagtar síos in Airteagal 119(5), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 9, mír 1, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, i gcás ina gcuirtear liosta na gcomhábhar ar fáil trí mheán leictreonach, go mbeidh léiriú na substaintí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingt le feiceáil go díreach ar an bpacáiste nó ar lipéad atá greamaithe de. Ar mhaithe le comhsheasmhacht le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, a bhfuil feidhm acu cheana maidir le fíon, is iomchuí go leanfaidh an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, lena gceadaítear na substaintí sin a léiriú lasmuigh den réimse céanna radhairc, d’fheidhm a bheith aige sna cásanna sin. I gcás ina gcuirfear liosta na gcomhábhar i láthair ar an bpacáiste nó ar lipéad atá greamaithe de, áfach, feicfear é sa réimse céanna radhairc ar an gcoimeádán agus ní mór na substaintí ailléirgeacha a léiriú ar an liosta sin freisin, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. |
|
(10) |
Ós rud é go dtáirgtear táirgí fíniúna ó fhíonchaora i gcónaí, is iomchuí úsáid téarma aonair a cheadú chun an t-amhábhar bunúsach a léiriú ar liosta na gcomhábhar, is cuma ar úsáid an déantóir fíona fíonchaora úra nó úrfhíon fíonchaor. Go deimhin, trí úsáid chomhsheasmhach a bhaint as an téarma ‘fíonchaora’ i liosta na gcomhábhar le haghaidh táirgí fíniúna, cuirtear faisnéis chomhchuibhithe intuigthe shoiléir ar fáil do thomhaltóirí. |
|
(11) |
Na substaintí atá údaraithe faoi dhlí an Aontais chun críoch éagsúil fíoneolaíoch amhail saibhriú agus milsiú, lena n-áirítear siúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe, is comhábhair iad agus ba cheart iad a bheith ina gcuid de liosta na gcomhábhar dá bhrí sin. Chun tuiscint na dtomhaltóirí agus bainistíocht liostú substaintí atá bunaithe ar úrfhíon fíonchaor ag déantóirí fíona a éascú, is iomchuí cead a thabhairt úsáid a bhaint as an téarma ‘úrfhíon fíonchaor tiubhaithe’ chun úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe araon a ainmniú. |
|
(12) |
Chomh maith le fíonchaora agus substaintí milsithe agus saibhrithe a léiriú, agus liqueur de tirage agus licéar dáileogachta b’fhéidir, ba cheart liosta na gcomhábhar a chomhlánú le léiriú ar na breiseáin a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí fíniúna, chomh maith leis na háiseanna próiseála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó le héadulaingt. Is iomchuí a shonrú gurb é liosta iomlán na gcomhdhúl fíoneolaíoch sin a fhéadfaidh a bheith i liosta na gcomhábhar na cinn sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, Tábla 2, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, ina bhfuil na téarmaí chun iad a ainmniú freisin agus na huimhreacha E is féidir a úsáid mar mhalairt air sin chun iad a chur i láthair mar chomhábhair. |
|
(13) |
Is táirge é fíon a leanann de bheith gníomhach go bithcheimiceach, agus is féidir éagsúlacht mhór a bheith ina thréithe intreacha ar feadh a shaoil, fiú laistigh den luchtóg chéanna. Tá na fíonchaora a úsáidtear chun fíon aonair amháin a tháirgeadh difriúil, mar gheall ar fhachtóirí amhail aibíocht na dtorthaí, coinníollacha na buainte, nó na hithreacha áitiúla agus an aimsir. Bíonn tionchar ag coinníollacha seachtracha le linn na fíonóireachta agus ag aosú roimh bhuidéalú, i mbairillí nó i gcoimeádáin speisialta eile, ar an táirge deiridh freisin. Úsáidtear breiseáin ag céimeanna éagsúla sa táirgeadh, ón gcéad choipeadh go dtí an buidéalú; i gcás feidhmeanna fíoneolaíocha áirithe, d’fhéadfadh na breiseáin is oiriúnaí a bheith éagsúil mar gheall ar an idirghníomhaíocht idir saintréithe na bhfíonta agus na fachtóirí seachtracha, agus an gá a bhíonn le fíonta éagsúla a chumasc go minic. Is minic gur ar an láthair a ghlacann na fíoneolaithe atá freagrach an cinneadh breiseáin áirithe a úsáid ar bhonn anailís ad hoc a rinneadh ag tráthanna éagsúla den táirgeadh chun sláine an fhíona a áirithiú (e.g. maidir le haigéadacht, úire) agus a chobhsaíocht. Is minic a ghlactar cinneadh den sórt sin go déanach sa phróiseas, agus na lipéid priontáilte cheana féin. Ina theannta sin, is minic solúbthacht a bheith ag teastáil ag an nóiméad deireanach chun freastal ar riachtanais an mhargaidh fíona, ag brath ar an gceann scríbe deiridh agus ar cheannaitheoirí an fhíona. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás breiseáin a thagann faoi na catagóirí ‘rialtáin aigéadachta’ agus ‘oibreáin chobhsaíochta’. I gcomhréir leis an méid thuas, chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann chun críoch fíoneolaíoch, lipéadaithe agus tráchtála, agus soláthar na faisnéise leordhóthanaí is gá do thomhaltóirí á áirithiú an tráth céanna, agus méid teoranta na gcomhdhúl fíoneolaíoch údaraithe á chur san áireamh, a rialaítear go docht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, is iomchuí ligean d’oibreoirí ‘na rialtáin aigéadachta’ agus ‘na hoibreáin chobhsaíochta’ a léiriú i liosta na gcomhábhar trí bhíthin trí chomhábhar mhalartacha ar a mhéad, i gcás ina bhfuil siad comhchosúil nó inionadaithe go frithpháirteach ina bhfeidhm, ar choinníoll go mbeidh ceann amháin ar a laghad de na breiseáin sin sa táirge deiridh. |
|
(14) |
Déantar foráil in Airteagal 41 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir leis na téarmaí a úsáidfear chun substaintí áirithe nó táirgí áirithe is cúis le hailléirgí nó le héadulaingt a lipéadú, dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, a mhéid a bhaineann le suilfítí, uibheacha agus táirgí ubh-bhunaithe agus bainne agus táirgí bainnebhunaithe. Ba cheart leanúint de na téarmaí sin a úsáid, lena n-áirítear iad a úsáid laistigh de liosta na gcomhábhar freisin nuair a léirítear ar an bpacáiste é nó ar lipéad, ar chúiseanna comhsheasmhachta agus á chur san áireamh go bhfuil taithí ag tomhaltóirí air sin. |
|
(15) |
Is é príomhchuspóir breiseán áirithe a úsáidtear mar gháis phacáistithe (dé-ocsaíd charbóin, argón agus nítrigin) ocsaigin a easáitiú le linn bhuidéalú na dtáirgí fíniúna, ach ní bhíonn siad ina gcuid den táirge a ídítear. Thairis sin, is sainiúlacht de chuid an mhargaidh fíona é freisin go ndéantar cinneadh faoi na gáis sin uaireanta ar bhonn ad hoc tráth an bhuidéalaithe tar éis na lipéid a tháirgeadh, ag brath ar thosca tráchtála amhail an margadh cinn scríbe, an modh iompair nó riachtanais na gceannaitheoirí. Dá bhrí sin, dealraíonn sé gurb iomchuí ligean d’oibreoirí sonra sonrach a thugann síos ar a bhfeidhm a chur in ionad liostú na ngás pacáistithe trí úsáid a bhaint as an ráiteas ‘Arna bhuidéalú in atmaisféar cosanta’ nó ‘D’fhéadfadh sé go ndearnadh an buidéalú in atmaisféar cosanta’. |
|
(16) |
Is éard atá i gceist le cleachtais fhíoneolaíocha áirithe chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh ‘liqueur de tirage’ a chur leis an cuvée, chun an coipeadh tánaisteach a spreagadh, agus ‘licéar dáileogachta’ a chur leis chun a n-airíonna orgánaileipteacha sonracha a thabhairt do na fíonta sin. Is in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 a rialaítear gach comhábhar féideartha sa liqueur de tirage agus sa licéar dáileogachta araon, agus is éard atá iontu siúcrós, úrfhíon fíonchaor, úrfhíonta fíonchaor tiubhaithe agus/nó fíon, ach ní úsáidtear iad sin ar mhaithe le milsiú ná saibhriú. I bhfianaise a bhfeidhmeanna fíoneolaíocha an-sonrach, d’fhéadfadh sé go mbeadh sonrú simplí chomhpháirteanna aonair an liqueur de tirage agus an licéir dáileogachta mar aon leis na comhábhair eile míthreorach do thomhaltóirí, mura ndéantar iad a ghrúpáil faoi na téarmaí sonracha ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ann na téarmaí ‘liqueur de tirage’ agus ‘licéar dáileogachta’ a thaispeáint ar liosta na gcomhábhar, astu féin nó le liosta dá gcomhábhair iarbhír ag gabháil leo. |
|
(17) |
Tá forálacha áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a bhaineann go sonrach leis an Ríocht Aontaithe, amhail Airteagal 45(3) nó Airteagal 51, an ceathrú mír, imithe i léig ós rud é nach Ballstát den Aontas í an tír sin a thuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha sin a scriosadh. |
|
(18) |
I gcomhréir le hAirteagal 57(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, déantar an scragall lena gcumhdaítear ceangal an bhuidéil fíona shúilínigh a fhorchoimeád go ginearálta mar shainghné éigeantach d’fhíonta súilíneacha, d’fhíonta súilíneacha ar ardchaighdeán agus d’fhíonta súilíneacha aramatacha ar ardchaighdeán. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na scragall leanúint de bheith ina sainghné de na fíonta sin, cé is moite de na heisceachtaí a shainítear in Airteagal 57(2) den Rialachán Tarmligthe sin. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí agus buidéalaithe staonadh ó scragall a úsáid ar chúiseanna oibríochtúla amhail costais a laghdú, dramhaíl a sheachaint nó margaíocht a fheabhsú, ar choinníoll go n-áirithítear nach bhfuil aon riosca sábháilteachta ann don táirge trí oscailt nó ionramháil neamhbheartaithe an cheangail. |
|
(19) |
Iarscríbhinn III, Cuid B, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, lena sainítear coinníollacha úsáide na dtéarmaí dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Rialachán Tarmligthe sin atá le húsáid le haghaidh táirgí eile seachas na táirgí sin a liostaítear i gCuid A, ba cheart í a leasú chun coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin a shoiléiriú a thuilleadh. |
|
(20) |
Tá liosta na gcomhábhar agus an dearbhú cothúcháin, mar shonraí éigeantacha, ina gcuid lárnach den ‘tuairisc ar an táirge’ sna doiciméid tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 10, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le húsáid na ndoiciméad tionlacain, a bhaineann leis an tuairisc ar an táirge, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, roinn A, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (6), ó dháta theacht i bhfeidhm na bhforálacha ábhartha, agus beidh feidhm acu maidir le fíon a iompraítear ar an mórchóir agus le táirgí fíona pacáistithe lipéadaithe araon. Os a choinne sin, chun a áirithiú go ndéanfar fíon a allmhairítear isteach san Aontas a lipéadú i gcomhréir le rialacha an Aontais, ba cheart na ceanglais maidir le doiciméad VI-1 agus na sleachta as VI-2 a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin a leasú chun a áirithiú gur cuid dhílis den tuairisc ar an táirge allmhairithe é liosta na gcomhábhar. |
|
(21) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/33 agus (AE) 2018/273 a leasú dá réir. |
|
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 6, an cúigiú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2117, beidh feidhm ón 8 Nollaig 2023 ag an oibleagáid na comhábhair i dtáirgí fíniúna páirt-dí-alcólaithe agus dí-alcólaithe ar lú ná 10 % a neart alcóil iarbhír de réir toirte a liostú agus an dáta ar fearr roimhe a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe a bhaineann leis na hoibleagáidí sin ón dáta céanna sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Maoluithe a bhaineann le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe 1. De mhaolú ar Airteagal 93(1), pointe (a)(iv) agus pointe (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus ar choinníoll go bhforáiltear amhlaidh sa tsonraíocht táirge, féadfar fíon a dhéanamh as táirge a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige in aon cheann de na suíomhanna seo a leanas:
2. De mhaolú ar Airteagal 93(1), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus ar choinníoll go bhforáiltear amhlaidh sa tsonraíocht táirge, féadfar fíon súilíneach nó fíon leathshúilíneach ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a dhéanamh as táirge lasmuigh de gharchomharsanacht an limistéir chríochaithe atá i gceist má bhí an cleachtas sin in úsáid roimh an 1 Márta 1986. 3. De mhaolú ar Airteagal 93(1), pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, maidir le fíonta licéir a bhfuil na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Condado de Huelva”, “Málaga” agus “Jerez-Xérès-Sherry” acu, féadfaidh úrfhíon fíonchaor rísínithe ar cuireadh alcól neodrach fíonchaor leis chun cosc a chur ar choipeadh, a fhaightear ón gcineál fíniúna Pedro Ximénez, teacht ón réigiún “Montilla-Moriles”.’ |
|
(2) |
scriostar Airteagal 6; |
|
(3) |
scriostar Airteagal 10; |
|
(4) |
in Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):
|
|
(5) |
scriostar Airteagal 12; |
|
(6) |
in Airteagal 13(1), an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(7) |
scriostar Airteagal 14; |
|
(8) |
scriostar Airteagal 15; |
|
(9) |
in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: ‘San iarratas ar leasú caighdeánach, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha, tabharfar achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe agus léireofar go bhfuil na leasuithe atá beartaithe incháilithe mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 105(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’; |
|
(10) |
scriostar Airteagal 20; |
|
(11) |
scriostar Airteagal 22; |
|
(12) |
in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na sonraí éigeantacha seo a leanas a bheith lasmuigh den réimse radhairc dá dtagraítear sa mhír sin:
|
|
(13) |
in Airteagal 45, scriostar mír 3; |
|
(14) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 48a Liosta na gcomhábhar 1. Féadfar an téarma “fíonchaora” a úsáid le cur in ionad léiriú na bhfíonchaor agus/nó an úrfhíona fíonchaor a úsáideadh mar amhábhair chun táirgí fíniúna a tháirgeadh. 2. Féadfar an téarma “úrfhíon fíonchaor tiubhaithe” a úsáid le cur in ionad léiriú an úrfhíona fíonchaor thiubhaithe agus/nó an úrfhíona fíonchaor thiubhaithe choigeartaithe a úsáideadh chun táirgí fíniúna a tháirgeadh. 3. Catagóirí, ainmneacha agus uimhreacha E na gcomhdhúl fíoneolaíoch atá le húsáid ar liosta na gcomhábhar, leagtar amach iad in Iarscríbhinn I, Cuid A, Tábla 2, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934. 4. Gan dochar d’Airteagal 41(1) den Rialachán seo, leagtar síos i gcolún 1 de Thábla 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 na téarmaí atá le húsáid chun na comhdhúile fíoneolaíocha is cúis le hailléirgí nó le héadulaingt ar liosta na gcomhábhar a léiriú. 5. Breiseáin faoi na catagóirí “rialtáin aigéadachta” agus “oibreáin chobhsaíochta” atá comhchosúil nó ar féidir a úsáid in ionad a chéile, féadfar iad a léiriú ar liosta na gcomhábhar trí úsáid a bhaint as an nath “ina bhfuil... agus/nó”, agus gan níos mó ná trí bhreiseán ina dhiaidh, i gcás ina bhfuil ceann amháin díobh ar a laghad sa táirge críochnaitheach. 6. Féadfar an sonra sonrach “Arna bhuidéalú in atmaisféar cosanta” nó “D’fhéadfadh sé go ndearnadh an buidéalú in atmaisféar cosanta” a chur in ionad léiriú na mbreiseán a thagann faoin gcatagóir “gáis phacáistithe” i liosta na gcomhábhar. 7. Féadfar liqueur de tirage agus licéar dáileogachta a chuirtear le táirgí fíniúna a chur in iúl leis na sonraí sonracha “liqueur de tirage” agus “licéar dáileogachta”, astu féin nó le liosta dá gcomhábhair, idir lúibíní, ag gabháil leo, mar a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934.’ |
|
(15) |
in Airteagal 51, scriostar an ceathrú mír; |
|
(16) |
in Airteagal 57(1), cuirtear an tríú fomhír seo a leanas leis: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh táirgeoirí fíona shúilínigh, fíona shúilínigh ar ardchaighdeán agus fíona shúilínigh aramataigh ar ardchaighdeán a chinneadh gan an ceangal a chumhdach le scragall.’; |
|
(17) |
in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Féadfaidh na Ballstáit úsáid na sonraí agus na rialacha maidir le cur i láthair dá dtagraítear in Airteagail 49, 50, 52, 53 agus 55 agus Airteagal 57(1), an tríú fomhír, den Rialachán seo agus Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún (*1) a dhéanamh éigeantach, a thoirmeasc nó a dhéanamh teoranta i gcás táirgí fíniúna ar a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a tháirgtear ina gcríoch, trí choinníollacha is déine ná na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo a thabhairt isteach trí bhíthin shonraíochtaí táirge comhfhreagracha na dtáirgí fíniúna sin.’ (*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46)." ; |
|
(18) |
in Iarscríbhinn III, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:
|
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273
In Iarscríbhinn VII, Cuid III, pointe C, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273, cuirtear an fhleasc seo a leanas le hinneachar Bhosca 6: (Bosca 5 le haghaidh VI-2): Tuairisc ar an táirge allmhairithe:
|
‘— |
Liosta na gcomhábhar.’. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (12) agus (14), agus Airteagal 2 ón 8 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus na srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an céatadán íosta alcóil i gcás seachtháirgí agus a ndiúscairt, agus comhaid de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon a fhoilsiú (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair plandú fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).