2.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1580 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2023

lena leasaítear den 338ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá comhlachaithe leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 21 Iúil 2023 chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dhá iontráil i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo a leasú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

Ard-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:

(a)

‘Yazid Sufaat (alias (a) Joe, (b) Abu Zufar). Seoladh: (a) Taman Bukit Ampang, Selangor, An Mhalaeisia (seoladh roimhe sin) (b) An Mhalaeisia. Dáta breithe: 20.1.1964. Áit bhreithe: Johor, An Mhalaeisia. Náisiúntacht: Malaeisiach. Uimhir phas: A 10472263. Uimhir aitheantas náisiúnta: 640120-01-5529. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 9.9.2003.’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘Yazid Sufaat (comhainm ar chaighdeán íseal: (a) Joe, (b) Abu Zufar). Seoladh: (a) Taman Bukit Ampang, Stát Selangor, An Mhalaeise (seoladh roimhe sin) (b) An Mhalaeise (i bpríosún ó 2013 go 2019). Dáta breithe: 20.1.1964. Áit bhreithe: Johor, An Mhalaeisia. Náisiúntacht: Malaeisiach. Uimhir phas: A 10472263. Uimhir aitheantas náisiúnta: 640120-01-5529. Eolas eile: Comhalta bunaidh de Jemaah Islamiyah (JI) a d’oibrigh ar chlár arm bitheolaíoch Al-Qaida, a thug tacaíocht dóibh siúd a bhí bainteach le hionsaithe Al-Qaida an 11 Meán Fómhair 2001 i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus a bhí bainteach le hoibríochtaí buamála JI. Coinníodh sa Mhalaeisia é ó 2001 go 2008. Gabhadh é sa Mhalaeisia in 2013 agus gearradh téarma 7 mbliana air i mí Eanáir 2016 toisc nár thuairiscigh sé faisnéis maidir le gníomhartha sceimhlitheoireachta. Tháinig deireadh lena thréimhse coinneála an 20 Samhain 2019. Chaith sé tréimhse dhá bhliain faoi ordú cónaithe shriantaigh in Selangor na Malaeisia go dtí an 21 Samhain 2021. Grianghraif curtha i bhFógra Speisialta Chomhairle Slándála INTERPOL-NA. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 9.9.2003.’

(b)

‘Faysal Ahmad Bin Ali Al-Zahrani (alias (a) Faisal Ahmed Ali Alzahrani, (b) Abu Sarah al-Saudi (c) Abu Sara Zahrani). Dáta breithe: 19.1.1986. Náisiúntacht: An Araib Shádach. Seoladh: Poblacht Arabach na Siria. Uimhir phas: (a) K142736 (Pas Sádach, eisithe an 14.7.2011 in Al-Khafji, An Araib Shádach), (b) Uimhir aitheantais náisiúnta G579315 de chuid na hAraibe Sádaí. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

‘Faysal Ahmad Bin Ali Al-Zahrani (comhainm ar ardchaighdeán: Faisal Ahmed Ali Alzahrani; comhainm ar chaighdeán íseal: a) Abu Sarah al-Saudi, b) Abu Sara Zahrani). Dáta breithe: 19.1.1986. Náisiúntacht: An Araib Shádach. Seoladh: Poblacht Arabach na Siria. Uimhir phas: (a) K142736 (Pas Sádach, eisithe an 14.7.2011 in Al-Khafji, An Araib Shádach), (b) Uimhir aitheantais náisiúnta de chuid na hAraibe Sádaí G579315. Eolas eile: D’éag sé, de réir tuairiscí. Ba é a bhí ann príomhoifigeach ranna ola agus gáis an Stáit Ioslamaigh san Iaráic agus sa Leiveain (SIIL), a liostaítear mar Al-Qaida san Iaráic, le haghaidh Gobharnóireacht Al Barakah, Poblacht Arabach na Siria, ó mhí na Bealtaine 2015. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.’