27.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1547 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Gower Salt Marsh Lamb’ (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas a thíolaic an Ríocht Aontaithe chun an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Fuair an Coimisiún fógra freasúra ón bhFrainc an 8 Márta 2022. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe an 10 Márta 2022. Chuir an Fhrainc ráiteas freasúra réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin an 6 Bealtaine 2022.

(3)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr sé ar an Ríocht Aontaithe agus ar an bhFrainc, trí litir dar dáta an 30 Meitheamh 2022, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú.

(4)

An 28 Meán Fómhair 2022, arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe, chuir an Coimisiún síneadh 1 mhíosa leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúchán. Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc gan teacht ar chomhaontú.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige.

(6)

Seo a leanas achoimre ar phríomhargóintí na Fraince mar a leagtar amach ina ráiteas freasúra réasúnaithe agus sna comhairliúcháin a rinneadh leis an Ríocht Aontaithe.

(7)

Mhaígh an Fhrainc gur cheart a shonrú mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 cé acu atá nó nach bhfuil reo na feola údaraithe. Dá gceadófaí an reo, dúirt an freasúra go bhféadfadh sin an margadh a dhíchobhsú don dá PDO de chuid na Fraince ‘Prés-salés de la baie de Somme’ agus ‘Prés-salés du Mont-Saint-Michel’, nach mbíonn ar fáil ar an margadh ach ó mhí Iúil go mí na Samhna, agus go mbeadh iomaíocht éagórach ann mar thoradh air sin. Cuireann sonraíochtaí na dtáirgí sin cosc ar reo agus leá na feola.

(8)

Thairis sin, mhaígh an freasúra gur cheart forálacha lena sainítear na riasca goirte a sholáthraítear sa tsonraíocht táirge a chur leis an doiciméad aonair ós rud é gur gá an nasc idir an táirge a mhaítear mar STFC agus an limistéar geografach críochaithe a shainiú sa doiciméad aonair i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(c)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(9)

Shonraigh an Ríocht Aontaithe gur cheart, más féidir, an fheoil a dhíol agus a ithe úr, cé go bhféadfar an fheoil a reo. Má dhéantar an fheoil a reo ní mór í a dhíol reoite. Rinneadh an tsonraíocht táirge chomh maith leis an doiciméad aonair a leasú dá réir.

(10)

Sa doiciméad aonair chuir an Ríocht Aontaithe na léarscáileanna agus na comhordanáidí GPS san áireamh freisin lena ndéantar na riasca goirte a chríochú.

(11)

Mheas an Fhrainc nár leor na leasuithe sin chun a héilimh a shásamh agus d’iarr sí soiléirithe breise maidir leis an tréimhse ina mbíonn an táirge reoite ar fáil ar an margadh. A mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar riasca goirte, d’iarr sí go gcuimseofaí codanna áirithe den tsonraíocht táirge sa doiciméad aonair, go háirithe an sainmhíniú mionsonraithe ar ‘riasc goirt’ agus na ceanglais shonracha ghaolmhara.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón bhFrainc i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúra á gcur san áireamh aige, agus tháinig sé ar na conclúidí seo a leanas.

(13)

A mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh líomhnaithe an iarratais ar STFC leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní modh chun an táirge a fháil per se é reo na feola. Le hAirteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní cheanglaítear riail shonrach a chuimsiú maidir leis an bhféidearthacht an fheoil a reo, ná maidir leis an tréimhse inar féidir an táirge a dhíol reoite. Fágtar é sin faoi rogha an iarratasóra cibé acu rialacha den chineál sin a chur isteach nó gan iad a chur isteach. Tar éis an fhreasúra, roghnaigh an t-iarratasóir córas an táirge reoite a shonrú. Tá rialacha maidir le reo an táirge ábhartha don tuairisc ar an táirge.

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart a mheas gur comhlíonadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(14)

A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le neamhchomhlíonadh líomhnaithe Airteagal 8(1)(c)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tugtar tuairisc cheart uileghabhálach sa doiciméad aonair ar ‘an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach’.

Tá tionchar ag dhá phríomhthoisc ar shaintréithe agus ar cháilíocht an táirge lena n-áirítear aiste bia nádúrtha an uain, mar atá innilt a dhéanamh ar fhásra uathúil an réisc ghoirt a fhaightear ar chósta thuaidh Gower. Sonraítear sa doiciméad aonair thairis sin go bhfuil raon uathúil plandaí halaifíteacha sna riasca goirte, go príomha ina measc pobail plandaí de chuid an réisc láir agus uachtair ina bhfuil ceannas láidir ag an dá speiceas seo a leanas ó Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón gComhphobal Eorpach: Móinéir Sháile Atlantacha agus Lus na Gloine agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú. Chuir an t-iarratasóir léarscáil agus comhordú GPS lena léirítear limistéar na riasc goirt sin sa doiciméad aonair freisin mar fhreagairt ar an éileamh a rinne an Fhrainc.

Achoimre ar an tsonraíocht táirge is ea an doiciméad aonair. Na heilimintí breise a d’iarr an freasúra a chur isteach, ní eilimintí riachtanacha iad chun tuiscint a fháil ar an modh táirgthe.

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart a mheas gur comhlíonadh ceanglais Airteagal 8(1)(c)(ii) den Rialachán sin.

(15)

I gcomhthéacs na gcomhairliúchán idir na páirtithe, leasaíodh an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge araon. Ós rud é nach meastar na leasuithe sin a bheith substaintiúil, i gcomhréir le hAirteagal 51(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní dhearna an Coimisiún an grinnscrúdú ar an iarratas an athuair agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le clárú.

(16)

I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint. Ba cheart an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair a fhoilsiú mar fhaisnéis amháin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm ‘Gower Salt Marsh Lamb’ (STFC) cláraithe.

Leis an ainm sa chéad fhomhír, sainaithnítear táirge ó Aicme 1.1. Feoil (agus scairteach) úr a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an doiciméad aonair comhdhlúite.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 492, 8.12.2021, lch. 8.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD AONAIR

‘Gower Salt Marsh Lamb’

Uimh. AE: PDO-GB-02452 – 1.4.2019

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainmneacha [STFC nó TGFC]

‘Gower Salt Marsh Lamb’

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Ríocht Aontaithe

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.1 Feoil (agus scairteach) úr

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Uaineoil den scoth is ea ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear ar leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige. Fásra agus timpeallacht uathúil na riasc goirt ar chósta thuaidh Gower, mar a mbíonn na huain ag innilt, a thugann a saintréithe don fheoil.

Is táirge séasúrach nádúrtha é ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bhíonn ar fáil ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí na Nollag. Níl srian ar bith ann maidir leis na pórtha caorach (nó na caoirigh chrosphóraithe) is féidir a úsáid chun ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a tháirgeadh. Mar sin féin, is iad na pórtha crua atá níos éadroime agus níos lúfaire agus a rathaíonn ar fhásra an réisc ghoirt na pórtha is oiriúnaí.

Idir 4 mhí agus 10 mí d’aois a bhíonn ‘Gower Salt Marsh Lamb’ tráth an mharaithe. Ní mór do gach uan ar a laghad 2 mhí san iomlán a chaitheamh (agus 50 % dá shaol ar a laghad) agus é ag innilt an réisc ghoirt cé go gcaithfidh roinnt uan suas le 8 mí ag innilt an réisc ghoirt.

Déantar na huain a thógáil go forleathan agus is ainmhithe iad a bhíonn ‘aclaí’ go nádúrtha agus achair fhada á n-innilt acu ar na riasca goirte. Cuireann sé sin le saintréithe sonracha ‘Gower Salt Marsh Lamb’, agus na huain ag teacht chun aibíochta ar bhonn níos moille, an chothromaíocht is fearr is féidir á baint amach acu idir feoil thrua agus saill le ‘dáileadh comhsheasmhach agus cumraíocht chomhsheasmhach de mharmarú saille trí shnáithíní uile na matán’. Bíonn ailt na gcos an-ghlinn le dea-chruth ar na matáin agus bíonn dath dorcha dearg ar an bhfeoil amh.

Bíonn meáchan cóirithe idir 16 kg agus 23 kg i gconablach ‘Gower Salt Marsh Lamb’ tráth a mharaithe. Is éard atá i gceist le ‘Gower Salt Marsh Lamb’ conablach EUROP arna aicmiú sna haicmí saille ó 2L go 3L agus le cruth ó U go O, agus aicmítear formhór na n-uan le cruth R agus in aicme saille 3L.

Nuair a chócaráiltear é (mar a thugann painéal anailíse céadfaí neamhspleách tuairisc air) seachadann ‘Gower Salt Marsh Lamb’‘blas cothromaithe uaineola atá éadrom, milis agus íogair, ar a bhfuil iarracht de bhlas féarach, de bhlas luibheanna agus de bhlas úr atá beagán goirt, agus fágann sé iarbhlas taitneamhach iarmharach blasta uaineola sa bhéal’. Tá dath uachtarach ar an tsaill (a bhfuil dáileadh maith uirthi agus a leanann de bheith infheicthe tar éis cócarála) agus leánn sí le linn cócaireachta chun uigeacht ghlan neamh-ghréisceach a fhágáil ar an gcarball. Tá ‘dea-bholadh milis fíneálta’ ón uaineoil agus tá sí ‘bog agus súmhar’. Tar éis d’anailíseoir uigeachta measúnú a dhéanamh uirthi, choinnigh ‘Gower Salt Marsh Lamb’ sláine shnáithíní a mhatán, rud a chiallaíonn go mbíonn sé ‘súmhar ón gcéad ghreim’.

Is féidir ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a dhíol mar chonablach nó ina ghearrthacha feola. Ba cheart, más féidir, an fheoil a dhíol agus a ithe úr, cé go bhféadfar í a reo. Ní mór aon fheoil atá reoite a dhíol mar fheoil reoite.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

An foráiste arna innilt agus arna chaomhnú araon, ní mór é a theacht ón limistéar ainmnithe agus is é an rún atá ann 100 % den bheatha ar fad a fhoinsiú. Mar sin féin, in imthosca eisceachtúla ceadaítear beatha arna ceannach isteach suas le huasmhéid 25 % d’ábhar tirim sa bhliain. Déantar é sin a iniúchadh trí thaifid innilte agus chaomhantais agus trí fhianaise a thaifeadadh i ndialanna táirgeora ar ionchuir bheatha a allmhairítear isteach san fheirm.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

I ngach cás ní mór ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a bhreith, a thógáil agus a mharú sa limistéar ainmnithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Leithinis Gower

Leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige arna críochú de réir an toghcheantair tá na teorainneacha mar a liostaítear thíos iad agus mar a léirítear i Léarscáil A;

Teorainneacha Toghcheantair Leithinis Gower

Gorseinon, Llwchrwr, Gowerton, Dunvant, Killay, Upper Killay, Mumbles, Bishopston, Pennard, Llanrhidian Higher, Llanrhidian Lower, Ilston, Penrice, Reynoldstone, Port Eynon, Rhossili, Llangennith, Llanmadoc, Port Eynon, Rhossili, Llangennith, Llanmadoc, Cheriton

Léarscáil A

Leithinis Gower ina léirítear teorainneacha na dtoghcheantar

Image 1

Ar Leithinis Gower tá na riasca goirte ar chósta thuaidh na leithinse mar a léirítear i Léarscáil B thíos:

Léarscáil B

Ina léirítear riasca goirte Gower thuaidh

Image 2

Mar is léir ón léarscáil thuas tá na riasca goirte seo, ar an iomlán, sa limistéar ó Whitford Burrows soir go Loughor Bridge ar an A484. Sa limistéar sin tá:

1)

Riasc goirt Llanrhidian agus Landimore – thoir ó líne ó Whitford Burrows go Salt House Point

Whitford Burrows

Salthouse Point

Comhordanáidí

Comhordanáidí

SO X (Oirlínte) 244680

SO Y (Tuaidhlínte) 195115

An Postchód is Cóngaraí SA3 1DL

Domhanleithead (WGS84) T51:38:00 (51,633343)

Domhanfhad (WGS84) I4:14:44 (-4.245646)

Domhanleithead, Domhanfhad 51,633343,-4,245646

Eangach Náisiúnta SS446951/SS4468095115

SO X (Oirlínte) 252330

SO Y (Tuaidhlínte) 195847

An Postchód is Cóngaraí SA4 3SN

Domhanleithead (WGS84) T51:38:31 (51,641982)

Domhanfhad (WGS84) I4:08:08 (-4,135504)

Domhanleithead, Domhanfhad 51,641982,-4,135504

Eangach Náisiúnta SS523958/SS5233095847

2)

Riasc goirt Penclawdd agus Crofty – ó Salthouse Point go Loughor Bridge

Salthouse Point

Loughor Bridge

Comhordanáidí

Comhordanáidí

SO X (Oirlínte) 252330

SO Y (Tuaidhlínte) 195847

An Postchód is Cóngaraí SA4 3SN

Domhanleithead (WGS84) T51:38:31 (51,641982)

Domhanfhad (WGS84) I4:08:08 (-4,135504)

Domhanleithead, Domhanfhad 51,641982,-4,135504

Eangach Náisiúnta SS523958/SS5233095847

SO X (Oirlínte) 256120

SO Y (Tuaidhlínte) 198082

An Postchód is Cóngaraí SA4 6TP

Domhanleithead (WGS84) T51:39:47 (51,663047)

Domhanfhad (WGS84) I4:04:54 (-4,081691)

Domhanleithead, Domhanfhad 51,663047,-4,081691

Eangach Náisiúnta SS561980/SS5612098082

3)

Riasc goirt Cwm Ivy – mar a imlínítear le dath gorm dorcha ar Léarscáileanna B agus C thíos.

Comhordanáidí

SO X (Oirlínte) 244220

SO Y (Tuaidhlínte) 194094

An Postchód is Cóngaraí SA3 1DL

Domhanleithead (WGS84) T51:37:27 (51,624043)

Domhanfhad (WGS84) I4:15:07 (-4,251832)

Domhanleithead, Domhanfhad 51,624043,-4,251832

Eangach Náisiúnta SS442940/SS4422094094

Léarscáil C

Riasc goirt Cwm Ivy

Image 3

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an cháil ar ‘Gower Salt Marsh Lamb’ gur táirge ardcháilíochta é a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear ar leithinis Gower i nDeisceart na Breataine Bige. Táirge séasúrach nádúrtha is ea é a bhíonn ar fáil ó mhí an Mheithimh go dtí deireadh mhí na Nollag.

Déantar an uaineoil a tháirgeadh le córas fairsing traidisiúnta feirmeoireachta ina mbíonn tionchar ag an dá phríomhthoisc rannchuiditheacha seo a leanas ar shaintréithe agus ar cháilíochtaí an táirge deiridh;-

Aiste bia nádúrtha an uain, mar atá innilt a dhéanamh ar fhásra uathúil an réisc ghoirt a fhaightear ar chósta thuaidh Gower.

Bonn eolais agus scileanna na dtáirgeoirí a ndearnadh forbairt orthu i gcaitheamh na nglún agus a fágadh gan athrú den chuid is mó.

Cruthaíonn na tosca sin nasc láidir idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh agus cuireann siad le blas uathúil agus saintréithe an táirge.

Déanann uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ na riasca goirte a innilt ar chósta thuaidh leithinis Gower ar feadh 2 mhí ar a laghad ach déanann roinnt uan na riasca goirte a innilt ar feadh suas le 8 mí. Tá tuairim is 4 000 acra sna riasca goirte sin agus tá 22 % d’acmhainn riasca goirte na Breataine Bige iontu.

Díorthaítear fásra an réisc ghoirt nádúrtha ó mheascán dá aeráid agus dá ithreacha. Bíonn tionchar ag salandacht agus pH na hithreach ar chineál agus dáileadh uathúil an fhásra. Tá na riasca goirte aigéadach go nádúrtha agus is é 4 an pH tipiciúil. Gné ar leith de riasca goirte Gower Thuaidh is ea go bhfuil cion ard gainimh iontu agus go bhfuil siad draenáilte go maith. Is é sin a fhágann gur líonmhaire féara an réisc ghoirt arb iad is cúis leis na riasca a bheith ina n-acmhainn luachmhar innilte ar a rathaíonn uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’.

Tá raon uathúil plandaí halaifíteacha sna riasca goirte, go príomha ina measc pobail plandaí de chuid an réisc láir agus uachtair ina bhfuil ceannas láidir ag an dá speiceas seo a leanas ó Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón gComhphobal Eorpach;-

Móinéir Sháile Atlantacha

Lus na Gloine agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú.

Éagsúlacht agus raon na halaifítí sin a fhaightear ar riasca goirte Gower thuaidh agus arb iad aiste bhia an uain iad, is iad a chuireann le ‘blas féarach agus blas luibheanna atá beagán goirt’ a bhíonn ar ‘Gower Salt Marsh Lamb’.

Tá luach beatha na riasc íseal i gcomparáid le féarthailte a gcuireadh feabhas orthu ó thaobh na talmhaíochta de. Téann na huain ar thóir foráiste thar stráicí móra oscailte talún, nós as a n-eascraíonn conablach trua le forbairt mhaith matán agus ailt an-ghlinn cos. Mar thoradh ar an gcóras fairsing sin innilte aibíonn uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ níos moille ná uain a thógtar ar bhealach níos déine, rud a chuireann le saintréithe chonablach an uain agus lena cháilíochtaí itheacháin. Tugann moille sin an fháis níos mó ama do ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a ‘bhlas cothromaithe éadrom milis íogair’ lena ‘iarracht de bhlas féarach, de bhlas luibheanna agus de bhlas úr atá beagán goirt’ a fhorbairt go hiomlán ó aiste bhia an uain a bhíonn saibhir ó thaobh speicis halaifítí de.

Teastaíonn eolas ar leith agus scileanna sonracha chun uain ‘Gower Salt Marsh Lamb’ a thógáil agus a tháirgeadh, ar uain iad a dhéanann tír-raon uathúil atá dúshlánach go fisiciúil a innilt. Tháinig na scileanna sin, agus traidisiúin a forbraíodh le himeacht ama, aniar trí na glúine. Liostaítear na scileanna sonracha thíos;

Tuiscint ar an riasc goirt agus ar a raonta taoide chun caoirigh agus uain a chosaint ar an mbaol ó ardú ar thaoidí. Braitheann obair an táirgeora ar thaoidí agus ar an tábla taoide, a rialaíonn uainiú na gcúraimí móra go léir.

Eolas maidir le pórtha caorach (agus na caoirigh chrosphóraithe) a roghnú agus a úsáid ar féidir leo na srianta fisiceacha agus na dúshláin a sheasamh a bhaineann le hinnilt a dhéanamh ar an riasc goirt, leis an iliomad claiseanna doimhne a ritheann tríd. Roghnaítear ainmhithe crua a bhfuil cosa maithe fúthu agus ar féidir leo gluaiseacht ar thalamh éagobhsaí a bhíonn báite go minic.

Níos mó spleáchais ar scileanna aoireachta chun caoirigh agus uain a bhainistiú ar an riasc goirt lena stráicí ollmhóra limistéar oscailte a ritheann claiseanna doimhne tríothu a chuireann srian le gluaiseacht na gcaorach. Ós rud é nach féidir limistéir mhóra den tír-raon a thaisteal ach de shiúl na gcos, ní mór d’aoirí brath ar a gcuid scileanna maidir le madraí a oibriú.

Bainistiú innilte agus eolas ar an riasc goirt agus ar a fhásra uathúil chun táirgeadh uan a bharrfheabhsú le go dtiocfadh sé le hinfhaighteacht agus timthriall a fhásra.

Tá riasca goirte Gower á n-innilt ag uain ó bhí na meánaoiseanna ann agus is beag athrú a tháinig ar innilt na riasc goirt i gcaitheamh na mblianta. In 1976 bhí cearta innilte ag 30 feirmeoir ar riasca goirte Gower agus mhair na mílte caorach ar na riasca goirte sin. In 2018 bhí thart ar 3 500 uan in aghaidh na bliana le hochtar táirgeoirí á dtógáil ar na riasca goirte sin.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

Gower Salt Marsh Lamb - GOV.UK (www.gov.uk)