27.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1545 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú ailléirginí cumhráin i dtáirgí cosmaideacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is comhdhúile orgánacha iad substaintí cumhráin a bhfuil bolaithe tréithiúla orthu, ar bolaithe iad a bhíonn taitneamhach de ghnáth. Úsáidtear go forleathan iad i gcumhráin agus i dtáirgí cosmaideacha cumhraithe eile, ach freisin i go leor táirgí eile amhail glantaigh, bogthóirí fabraice agus táirgí tí eile.

(2)

Is imoibríocht athraithe ar leith í ailléirge teagmhála sa chóras imdhíonachta daonna, ar imoibríocht í a mhaireann ar feadh an tsaoil. Nuair a bhíonn ath-nochtadh le méid leordhóthanach ailléirgine ann, d’fhéadfadh sé go bhforbrófar eachma (deirmitíteas teagmhála ailléirgeach). Nuair a bhí duine íograithe cheana féin d’ailléirgin, is leor tiúchan i bhfad níos ísle de chun comharthaí ailléirge a spreagadh. Is féidir an céatadán den daonra san Aontas a bhfuil ailléirge ailléirginí cumhráin orthu a mheas ag 1–9 % (2).

(3)

Is é is aidhm do bhearta éagsúla an daonra ar fad a chosaint ar ailléirgí cumhráin a fháil (galarchosc príomhúil) agus daoine íograithe a chosaint ar chomharthaí ailléirge a fhorbairt (cosc tánaisteach).

(4)

Chun críoch galarchosc príomhúil, d’fhéadfadh sé gur leor srian a chur ar ailléirginí cumhráin. Mar sin féin, d’fhéadfadh siomptóim teacht ar dhaoine íograithe nuair a nochtar iad do thiúchain níos ísle d’ailléirgin ná na huasleibhéil cheadaithe. Dá bhrí sin, mar bheart um chosc tánaisteach, tá sé tábhachtach faisnéis a sholáthar maidir le hailléirginí cumhráin aonair a bheith i dtáirgí cosmaideacha ionas gur féidir le daoine íograithe teagmháil leis an tsubstaint a bhfuil ailléirge orthu ina leith a sheachaint.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 19(1), pointe (g), de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ní chuirfear táirge cosmaideach ar fáil ar mhargadh an Aontais ach amháin i gcás ina léirítear liosta comhábhar ar a phacáistíocht. Thairis sin, sonraítear san Airteagal sin go ndéanfar tagairt do chumhrán agus do chomhdhéanaimh aramatacha agus dá n-amhábhar leis na téarmaí ‘parfum’ nó ‘aroma’ sa liosta comhábhar agus go mbeidh siad comhlánaithe le substaintí a gceanglaítear iad a lua faoin gcolún ‘Eile’ in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Faoi láthair, tá 24 ailléirgin chumhráin a liostaítear in iontrálacha 45 agus 67 go 92 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 le lua ar an liosta comhábhar (lipéadaithe ina n-aonar).

(6)

Mar fhreagra ar an iarraidh ón gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar liosta na n-ailléirginí cumhráin a bhfuil lipéad aonair orthu, ghlac an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) tuairim ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige an 26-27 Meitheamh 2012 (3). Dheimhnigh sé go bhfuil na hailléirginí cumhráin a liostaítear in iontrálacha 45 agus 67–92 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 fós ábhartha. Ina theannta sin, shainaithin sé 56 ailléirgin chumhráin bhreise, arb iad is cúis go soiléir le hailléirgí i ndaoine agus nach bhfuil aon cheanglas acu faoi láthair maidir le lipéadú aonair.

(7)

I bhfianaise thuairim CEST, is féidir teacht ar an gconclúid go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine mar thoradh ar úsáid a bhaint as ailléirginí cumhráin breise arna sainaithint ag CEST agus gur gá tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hailléirginí cumhráin sin a bheith ann. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a thabhairt isteach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 maidir leis na hailléirginí cumhráin sin a lipéadú ina n-aonar nuair is mó a dtiúchan ná 0,001 % i dtáirgí neamhshruthlaithe agus 0,01 % i dtáirgí sruthlaithe. Ina theannta sin, maidir le substaintí cumhráin, amhail prehaiptein agus prohaiptein, ar féidir iad a chlaochlú go hailléirginí teagmhála aitheanta trí ocsaídiú aeir nó bithghníomhachtú, ba cheart déileáil leo mar shubstaintí atá coibhéiseach le hailléirginí cumhráin agus iad a bheith faoi réir na srianta céanna agus na gceanglas rialála eile.

(8)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht, is gá freisin iontrálacha áirithe atá ann cheana maidir le hailléirginí cumhráin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a nuashonrú trí ainmneacha coitianta na substaintí a ailíniú leo sin atá sa leagan is déanaí de Ghluais na gComhábhar Coiteann dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán sin, agus trí shubstaintí comhchosúla a ghrúpáil in aon iontráil amháin. Ina theannta sin, nuair is ann do roinnt ainmneacha comhábhar coiteann do shubstaint, ba cheart a leagan amach sa cheanglas lipéadaithe aonair cén t-ainm atá le húsáid ar liosta na gcomhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), chun an lipéadú a chuíchóiriú agus a dhéanamh níos áisiúla don tomhaltóir, chomh maith le hobair na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás náisiúnta a éascú.

(9)

Ar mhaithe le hiomláine agus soiléireacht, is gá freisin iontrálacha áirithe atá ann cheana maidir le hailléirginí cumhráin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a nuashonrú trí isiméirí a chur leo agus trí uimhreacha CAS agus CE faoi seach a chomhlánú agus a leasú, agus ar an gcaoi sin obair na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás náisiúnta a éascú.

(10)

Ós rud é gur dócha go mbeidh iontrálacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) 1223/2009 ina gcomhcheanglaítear srianta atá ann cheana agus srianta nua mar thoradh ar liosta nuashonraithe na n-ailléirginí cumhráin, is gá foráil a dhéanamh gur cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, ar thaobh amháin, leanúint de na srianta atá ann cheana a chur i bhfeidhm, agus, ar an taobh eile, tréimhse réasúnach ama a cheadú dóibh chun srianta nua a chomhlíonadh.

(11)

Maidir leis na srianta nua, ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú dóibh trí na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhoirmliú na dtáirgí agus ar choimeádáin chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí cosmaideacha a chomhlíonann na ceanglais ar an margadh. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha freisin chun táirgí cosmaideacha a tharraingt siar ón margadh, ar táirgí iad nach gcomhlíonann na ceanglais nua sin agus a cuireadh ar an margadh sula raibh feidhm ag na forálacha nua lipéadúcháin. I bhfianaise chéatadán réasúnta íseal agus cobhsaí na dtomhaltóirí a dtagann deirmitíteas teagmhála ailléirgeach orthu, líon mór na n-ailléirginí cumhráin nua atá le lipéadú ina n-aonar agus líon suntasach na dtáirgí cosmaideacha lena mbaineann, ba cheart 3 agus 5 bliana, faoi seach, a bheith san idirthréimhse.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.

(2)  Staidéar measúnaithe tionchair ar lipéadú cumhráin ar tháirgí cosmaideacha [‘Impact assessment study on fragrance labelling on cosmetic products’] — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu), lch. 64.

(3)  CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), tuairim maidir le hailléirginí cumhráin i dtáirgí cosmaideacha (SCCS/1459/11), an 26-27 Meitheamh 2012.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 45, 46, 70, 73, 86, 88, 109, 114, 122, 124, 131, 133, 154, 157, 175, 196 agus 324:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Srianta

Foclaíocht na gcoinníollacha úsáide agus rabhadh

Ainm ceimiceach/INN

Ainm Coiteann i nGluais na gComhábhar

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cineál táirge, baill den chorp

Uastiúchan in ullmhóid atá réidh le húsaid

Eile

a

b

c

d

e

f

g

h

i

‘45

Alcól beinsile(6)  (*2)

Alcól beinsile

100-51-6

202-859-9

 

 

Chun críocha eile seachas cosc a chur ar fhorbairt miocrorgánach sa táirge. Ba cheart an cuspóir seo a bheith soiléir i gcur i láthair an táirge.

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

46

6-Meitiolcúmairin (*2)

6-Meitiolcúmairin

92-48-8

202-158-8

Táirgí don bhéal

0,003 %

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

70

3,7-Démheitiol-2,6-ochtadé-anal

Ciotral

5392-40-5

226-394-6

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ciotral’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe.

 

(E)-3,7-démheitiolochta-2,6-dé-anal (*1)

Geiréinial

141-27-5

205-476-5

(Z)-3,7-démheitiolochta-2,6-dé-anal (*1)

Nearal

106-26-3

203-379-2

73

Feanól, 2-mheatocsa-4-(1-próipéinil)

Iseai-eoigeanól

97-54-1

202-590-7

(a)

Táirgí don bhéal

(b)

Táirgí eile

(b)

0,02 %

(a) (b)

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

(E)-2-meatocsa-4-(próip-1-einil)feanól;

(tras-Iseai-eoigeanól)

5932-68-3

227-678-2

(Z)-2-meatocsa-4-(próip-1-einil)feanól;

(cis-Iseai-eoigeanól)

5912-86-7

227-633-7

86

Ciotrónallól/ (±)

3,7-Démheitil-6-ochtan-1-ól

Ciotrónallól

106-22-9/

26489-01-0

203-375-0/

247-737-6

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

(3R)-3,7-démheitiolochtai-6-ean-1-ól

1117-61-9

214-250-5

(3S)-3,7-démheitiolochtai-6-ean-1-ól

7540-51-4

231-415-7

88

1-meitil-4-próp-1-ean-2-il-cioglaiheacsán; dl-liomóinéin (raicéimeach); Dépheintéin (*1)

Liomóinéin

138-86-3/

7705-14-8

205-341-0/

231-732-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh luach sárocsaíde gach substainte níos lú ná 20 mmole/L(15)

 

(R)-p-meintea-1,8-dé-éin; (d-liomóinéin)

5989-27-5

227-813-5

(S)-p-meintea-1,8-dé-éin; (l-liomóinéin) (*1)

5989-54-8

227-815-6

109

Ola duilleoige agus craobhóige agus eastósc Pinus mugo  (*2)

Ola Duilleoige Pinus Mugo; Eastósc Duilleoige Craobhóige Pinus Mugo; Ola Craobhóige Pinus Mugo

90082-72-7

290-163-6

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Pinus Mugo’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 

114

Ola duilleoige agus craobhóige agus eastósc Pinus pumila  (*2)

Eastósc Spíonlaigh Pinus Pumila;

Eastósc Duilleoige Craobhóige Pinus Pumila;

Ola Duilleoige Craobhóige Pinus Pumila

97676-05-6

307-681-6

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Pinus Pumila’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 

122

Ola agus eastósc Cedrus atlantica  (*2)

Eastósc Coirte Cedrus Atlantica;

Ola Coirte Cedrus Atlantica;

Uisce Coirte Cedrus Atlantica;

Eastósc Duilleoige Cedrus Atlantica;

Eastósc Adhmaid Cedrus Atlantica;

Ola Adhmaid Cedrus Atlantica

92201-55-3/

8023-85-6

295-985-9/

-

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Cedrus Atlantica’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 

124

Guma tuirpintín (Pinus spp.); Ola thuirpintín agus ola choigeartaithe; Tuirpintín, galdriogtha (Pinus spp.) (*2)

Tuirpintín

9005-90-7;

8006-64-2;

8052-14-0

232-688-5;

232-350-7;

-

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh luach sárocsaíde gach substainte níos lú ná 10 mmole/L(15)

 

131

p-Meintea-1,3-dé-éin (*2)

Alfa-Teirpinéin

99-86-5

202-795-1

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 

133

p-Meintea-1,4(8)-dé-éin (*2)

Teirpiniléin

586-62-9

209-578-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 

154

Myroxylon balsamum var. pereirae; eastóscanna agus driogáití; Ola bhalsaim Pheiriú, absalóid agus ainhiodról (Ola Bhalsaim Pheiriú) (*2)

Eastósc Balsaim Myroxylon Balsamum Pereirae;

Ola Bhalsaim Myroxylon Balsamum Pereirae; Ola Myroxylon Pereirae;

Eastósc Roisín Myroxylon Pereirae;

Roisín Myroxylon Pereirae

8007-00-9

232-352-8

 

0,4 %

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Myroxylon Pereirae’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

157

1-(2,6,6-trímheitil-2-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón(16)  (*2)

Alfa-Damascón;

1 Céatón cios-Róis

43052-87-5/

23726-94-5

-/

245-845-8

(a)

Táirgí don bhéal

(b)

Táirgí eile

(b)

0,02 %

(a) (b)

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Céatóin Róis’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

1 Céatón tras-Róis

24720-09-0

246-430-4

1-(2,6,6-trímheitilcioglaiheacsa-1,3-dé-ean-1-il)-2-búitean-1-ón(16)  (*2)

4 Céatón Róis (Damascón)

23696-85-7

245-833-2

1-(2,6,6-trímheitil-3-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón(16)  (*2)

3 Céatón Róis (deilte-Damascón)

57378-68-4

260-709-8

3 Céatón tras-Róis

71048-82-3

275-156-8

(Z)-1-(2,6,6-trímheitil-1-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón (16)  (*2)

2 Céatón cios-Róis

(cios-béite-Damascón)

23726-92-3

245-843-7

(E)-1-(2,6,6-trímheitil-1-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón(16)  (*2)

2 Céatón tras-Róis

(tras-béite-Damascón)

23726-91-2

245-842-1

175

3-Próipilidéin-1(3H)-isibeinseafúranón;

3-Próipilidéineatailíd (*2)

3-Próipilidéineatailíd

17369-59-4

241-402-8

(a)

Táirgí don bhéal

(b)

Táirgí eile

(b)

0,01 %

(a)

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

196

Absalóid bheirbhéine (*2)  (*3)

Absalóid Lippia citriodora

8024-12-2/

85116-63-8

-

285-515-0

 

0,2 %

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

324

2-hiodrocsaibeinseoáit mheitile (*2)

Salaicioláit Mheitile

119-36-8

204-317-7

(a)

Táirgí craicinn neamhshruthlaithe (seachas smideadh aghaidhe, lóis choirp spraeála/aerasóil, díbholaíoch spraeála/aerasóil agus cumhráin hidrea-alcólbhunaithe) agus táirgí gruaige neamhshruthlaithe (seachas táirgí spraeála/aerasóil)

(a)

0,06 %

Ná húsáidtear i dtáirgí le haghaidh leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois, cé is moite de (k) ‘Taos fiacla’.

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

(b)

Smideadh aghaidhe (seachas táirgí do na liopaí, smideadh súl agus glantóir smididh)

(b)

0,05 %

(c)

Smideadh súl agus glantóir smididh

(c)

0,002 %

(d)

Táirgí gruaige neamhshruthlaithe (sprae/aerasóil)

(d)

0,009 %

(e)

Díbholaíoch spraeála/aerasóil

(e)

0,003 %

(f)

Lóis choirp spraeála/aerasóil

(f)

0,04 %

(g)

Táirgí craicinn sruthlaithe (seachas gallúnach láimhe) agus táirgí gruaige sruthlaithe

(g)

0,06 %

(h)

Gallúnach láimhe

(h)

0,6 %

(i)

Cumhráin hidrea-alcólbhunaithe

(i)

0,6 %

(j)

Táirgí do na liopaí

(j)

0,03 %

(k)

Taos fiacla

(k)

2,52 %

(l)

Folcadh béil atá beartaithe le haghaidh leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois

(l)

0,1 %

(m)

Folcadh béil atá beartaithe le haghaidh leanaí os cionn 10 mbliana d’aois agus do dhaoine fásta

(m)

0,6 %

(n)

Sprae don bhéal

(n)

0,65 %

(2)

scriostar iontrálacha 125,126, 158, 160-163, 165, 167 agus 168;

(3)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimhir thagartha

Céannacht na substaintí

Srianta

Foclaíocht na gcoinníollacha úsáide agus rabhadh

Ainm ceimiceach/INN

Ainm Coiteann i nGluais na gComhábhar

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cineál táirge, baill den chorp

Uastiúchan in ullmhóid atá réidh le húsaid

Eile

a

b

c

d

e

f

g

h

i

‘327]

[3R-(3α,3aβ,7β,8aα)]-1-(2,3,4,7,8,8a-heicsihidrea-3,6,8,8-teitrimeitil-1H-3ú,7-meatano-asailein-5-il)eitian-1-ón (*4)

Ceidréid Aicéitile

32388-55-9

251-020-3

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

328

Peintil-2-hiodrocsa-beansóáit (*4)

Salaicioláit Aimile

2050-08-0

218-080-2

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

329

1-Meatocsa-4-(1E)-1-própán-1-il-beinséin (tras-Anatól) (*4)

Anatól

104-46-1/ 4180-23-8

203-205-5/ 224-052-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

330

Beansaildéad (*4)

Beansaildéad

100-52-7

202-860-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

331

Bórnán-2-ón; 1,7,7-Trímheitildé-chioglai[2.2.1]-2-heiptánón (*4)

Camfar

76-22-2/ 21368-68-3/ 464-49-3/ 464-48-2

200-945-0/ 244-350-4/ 207-355-2/ 207-354-7

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

332

(1R,4E,9S)-4,11,11-Trí-mheitil-8-meitiléindéchiogla [7.2.0]undeac-4-éin (*4)

Béite-Cairioifilléin

87-44-5

201-746-1

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

333

2-meitil-5-(próip-1-ean-2-il)cioglaiheics-2-ean-1-ón;(5R)-2-Meitil-5-próip-1-ean-2-iolcioglaiheics-2-ean-1-ón;(5S)-2-Meitil-5-próip-1-ean-2-iolcioglaiheics-2-ean-1-ón (*4)

Carvón

99-49-0 / 6485-40-1/ 2244-16-8

202-759-5/ 229-352-5/ 218-827-2

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

334

Aicéatáit 2-meitil-1-feinil-2-próipil; Aicéatáit Cairbinile Démheitilbeinsile (*4)

Aicéatáit Feineitile Démheitile

151-05-3

205-781-3

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

335

Ocsaicioglaiheipti-deacan-2-ón (*4)

Heicsideacanolactón

109-29-5

203-662-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

336

1,3,4,6,7,8-Heicsihidrea-4,6,6,7,8,8-heicsimeitilcioglaipeinti-γ-2-beinsipioran (*4)

Heicsimeitilindianopioran

1222-05-5

214-946-9

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

337

Aicéatáit 3,7-démheitile ochta-1,6-dé-éin-3-il (*4)

Aicéatáit Lionailile

115-95-7

204-116-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

338

Meantól;

dl-meantól;

l-meantól;

d-meantól (*4)

Meantól

89-78-1 / 1490-04-6 / 2216-51-5 / 15356-60-2

201-939-0/ 216-074-4/ 218-690-9/ 239-387-8

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

339

3-Meitil-5-(2,2,3-Trímheitil-3-cioglaipeintéinil)peint-4-ean-2-ól (*4)

Meitilisipeinteanól Trímheitilcioglaipéintinile

67801-20-1

267-140-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

340

o-Hiodrocsai-beansaildéad (*4)

Salaiciolaildéad

90-02-8

201-961-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

341

5-(2,3-Démheitil-tríchiogla[2.2.1.02,6]-heipt-3-il)-2-meitilpeint-2-ean-1-ól (alfa-Santalól);

(1S-(1a,2a(Z),4a))-2-Meitil-5-(2-meitil-3-meitiléindéchiogla[2.2.1]heipt-2-il)-2-peintean-1-ól

(béite-Santalól) (*4)

Santalól

11031-45-1/

115-71-9/

77-42-9

234-262-4/

204-102-8/

201-027-2

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

342

[1R-(1alfa)]-alfa-Eitinildeicihiodri-2-hiodrocsa-a,2,5,5,8a-peintimeitil-1-naftailéanprópánól (*4)

Sclairiól

515-03-7

208-194-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

343

2-(4-meitilcioglaiheacs-3-ean-1-il)própán-2-ól; p-Meint-1-ean-8-ól (alfa-Teirpiníól); 1-meitil-4-(1-meitilvinil)cioglaiheacsán-1-ól (béite-Teirpiníól); 1-meitil-4-(1-meitileitilidéin)cioglaiheacsán-1-ól (gáma-Teirpiníól) (*4)

Teirpiníól

8000-41-7/

98-55-5/

138-87-4/

586-81-2

232-268-1/

202-680-6/

205-342-6/

209-584-3

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

344

1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,5,5-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,5,6,7,8,8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,6,7,8,8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón (*4)

Aicéitiolochtaihiodranaftailéiní teitrimeitile

54464-57-2/

54464-59-4/

68155-66-8/

68155-67-9/

259-174-3/ 259-175-9/ 268-978-3/ 268-979-9/

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

345

3-(2,2-Démheitil-3-hiodrocsapróipil)tolúéin (*4)

Trí-mheitilbeinséanprópánól

103694-68-4

403-140-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

346

4-Hiodrocsa-3-meatocsaibeins-aildéad (*4)

Fanailin

121-33-5

204-465-2

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

347

Ola Blátha Cananga Odorata; Ola blátha Ylang Ylang agus eastósc (*4)

Eastósc Blátha Cananga Odorata; Ola Blátha Cananga Odorata

83863-30-3/

8006-81-3/ 68606-83-7/

93686-30-7

281-092-1/ -/

-/

297-681-1

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Cananga Odorata’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

348

Ola duilleoige cinnamomum Cassia  (*4)

Ola Duilleoige Cinnamomum Cassia

8007-80-5/

84961-46-6

-/

284-635-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

349

Ola coirte cinnamomum zeylanicum  (*4)

Ola Coirte Cinnamomum Zeylanicum

8015-91-6/

84649-98-9

-/

283-479-0

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

350

Ola blátha citrus aurantium amara agus dulcis  (*4)

Ola Blátha Citrus Aurantium Amara

72968-50-4

277-143-2

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Blátha Citrus Aurantium’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola Blátha Citrus Aurantium Dulcis

8028-48-6/ 8016-38-4

232-433-8/

-

351

Ola craicinn citrus aurantium amara agus dulcis  (*4)

Ola Craicinn Citrus Aurantium Amara

68916-04-1/ 72968-50-4

-/

277-143-2

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Craicinn Citrus Aurantium’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola Craicinn Citrus Aurantium Dulcis;

Ola Craicinn Citris Sinensis

97766-30-8/ 8028-48-6/

8008-57-9

307-891-8/

232-433-8/

-

352

Ola citrus aurantium bergamia (Ola bheirgeamat) (*4)

Ola Craicinn Citrus Aurantium Bergamia

8007-75-8

89957-91-5

68648-33-9/

8007-75-8/

85049-52-1

616-915-9

289-612-9

-/

616-915-9/

-

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

353

Ola citrus limon  (*4)

Ola Craicinn Citrus Limon

84929-31-7/

8008-56-8

284-515-8/

-

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

354

Cymbopogon Citratus / Schoenanthus/ olaí flexuosus  (*4)

Ola Cymbopogon Schoenanthus

8007-02-1/ 89998-16-3

-/

289-754-1

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Féir Líomóidigh’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola Cymbopogon Flexuosus

91844-92-7

295-161-9

Ola Duilleoige Cymbopogon Citratus

8007-02-1/

91844-92-7

295-161-9/ 295-161-9

355

Ola eucalyptus globulus  (*4)

Ola Duilleoige Eucalyptus Globulus;

97926-40-4/8000-48-4/

308-257-3/

616-775-9/

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Eucalyptus Globulus’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola Duilleoige/Craobhóige Eucalyptus Globulus

8000-48-4

616-775-9

356

Ola eugenia caryophyllus  (*4)

Ola duilleoige Eugenia Caryophyllus

8000-34-8 / 8015-97-2/ 84961-50-2

616-772-2/ -/

284-638-7

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Eugenia Caryophyllus’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola Blátha Eugenia Caryophyllus

84961-50-2

284-638-7

Ola Lorga Eugenia Caryophyllus

84961-50-2

284-638-7

Ola Bachlóige Eugenia Caryophyllus

84961-50-2

284-638-7

357

Jasminum grandiflorum / Ola officinale agus eastósc (*4)

Eastósc Blátha Jasminum Grandiflorum;

Ola Jasminum Officinale;

Eastósc Blátha Jasminum Officinale

84776-64-7/

90045-94-6/ 8022-96-6/ 8024-43-9

90045-94-6

283-993-5/

289-960-1/ -/

-

289-960-1

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Seasmaine’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe

 

358

Ola juniperus virginiana  (*4)

Ola Juniperus Virginiana; Ola Adhmaid Juniperus Virginiana

8000-27-9 / 85085-41-2

-/

285-370-3

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola Juniperus Virginiana’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

359

Ola laurus nobilis  (*4)  (*6)

Ola Duilleoige Laurus Nobilis

8002-41-3/

8007-48-5/

84603-73-6

-/

-/

283-272-5

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

360

Ola/eastósc lavandula hybrida;

Ola Lavandula Hybrida;

Eastósc Lavandula Hybrida;

Eastósc Blátha Lavandula Hybrida;

91722-69-9/

8022-15-9/

93455-96-0/

93455-97-1/

92623-76-2

294-470-6/

-/

-/

-/

296-408-3

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Lavandula’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola/eastósc lavandula intermedia;

Eastósc Blátha/Duilleoige/Lorga Lavandula Intermedia; Ola Blátha/Duilleoige/Lorga Lavandula Intermedia; Ola Lavandula Intermedia

84776-65-8/

8000-28-0/

90063-37-9

283-994-0/

-/

289-995-2

Ola/eastósc lavandula angustifolia  (*4)

Ola Lavandula Angustifolia; Eastósc Blátha/Duilleoige/Lorga Lavandula Angustifolia

84776-65-8/

8000-28-0/

90063-37-9

283-994-0/

-/

289-995-2

361

Ola mentha piperita  (*4)

Ola Mentha Piperita

8006-90-4/

84082-70-2

-/

282-015-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

362

Ola mentha spicata (ola cartlainne garraí) (*4)

Ola Duilleoige Mentha Viridis

8008-79-5/

84696-51-5

616-927-4/

283-656-2

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

363

Eastósc narcissus poeticus/pseudonarcissus/jonquilla/tazetta  (*4)

Eastósc Narcissus Poeticus

90064-26-9/

68917-12-4

290-087-3/

-

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Eastósc Narcissus’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Eastósc Blátha Narcissus Pseudonarcissus

90064-27-0

290-088-9

Eastósc Narcissus Jonquilla

Eastósc Narcissus Tazetta

90064-25-8

290-086-8

364

Ola pelargonium graveolens  (*4)

Ola Blátha Pelargonium Graveolens*

90082-51-2/

8000-46-2

290-140-0/ -

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

365

Ola pogostemon cablin  (*4)

Ola Pogostemon Cablin

8014-09-3/ 84238-39-1

-/

282-493-4

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

366

Ola/eastósc blátha rosa damascena;

Ola Blátha Rosa Damascena; Eastósc Blátha Rosa Damascena

8007-01-0/

90106-38-0/

-/

290-260-3

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin mar ‘Ola/Eastósc Blátha Róis’ sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

Ola/eastósc blátha rosa alba;

Ola Blátha Rosa Alba; Eastósc Blátha Rosa Alba

93334-48-6

297-122-1

Ola blátha rosa canina;

Ola Blátha Rosa Canina

84696-47-9

283-652-0

Ola/Eastósc rosa centifolia;

Ola Blátha Rosa Centifolia; Eastósc Blátha Rosa Centifolia

84604-12-6

283-289-8

Ola blátha rosa gallica;

Ola Blátha Rosa Gallica

84604-13-7

283-290-3

Ola Blátha rosa moschata;

Ola Blátha Rosa Moschata

-

-

Ola Blátha rosa rugosa  (*4)

Ola Blátha Rosa Rugosa

92347-25-6

296-213-3

367

Ola santalum album  (*4)

Ola Santalum Album

8006-87-9/

84787-70-2

-/

284-111-1

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

368

Feanól, 2-mheatocsa-4-(2-próipéinil)-, aicéatáit (*4)

Aicéatáit eogainile

93-28-7

202-235-6

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

369

2,6-Ochtaidéan-1-ól, 3,7-démheitil-,1-aicéatáit , (2E)- (*4)

Aicéatáit Geiréinile

105-87-3

203-341-5

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

370

Aicéatáit 2-Meatocsa-4-próip-1-einilfeinile (*4)

Aicéatáit isi-eogainile

93-29-8

202-236-1

 

 

Maidir leis an liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), tabharfar le fios go bhfuil an tsubstaint ann nuair is mó a tiúchan ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

 

371

2,6,6-Trí-mheitildé-chioglai[3.1.1]heipt-2-éin (alfa-Pinéin);

6,6-Démheitil- 2-meitiléindéchioglai[3.1.1]heipteán (béite-Pinéin) (*4)  (*5)

Pinéin

80-56-8/

7785-70-8/

127-91-3/

18172-67-3

201-291-9/

232-087-8/

204-872-5/ 242-060-2

 

 

An tsubstaint nó na substaintí a bheith ann, sonrófar é sin sa liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (g), nuair is mó tiúchan na substainte nó na substaintí ná:

0,001 % i dtáirgí neamh-shruthlaithe

0,01 % i dtáirgí sruthlaithe.

Beidh an luach sárocsaíde níos lú ná 10 mmoles/L(15)

 


(*1)  Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann na srianta, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2028.

(*2)  Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann na srianta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na srianta is infheidhme faoin 15 Lúnasa 2023, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí 31 Iúil 2028.

(*3)  Lena n-úsáid mar bhlátholaí (Lippia citriodora Kunth.) agus díorthaigh Beirbhéine, féach Iarscríbhinn II, Uimh. 450.’

(*4)  Táirgí cosmaideacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu agus nach gcomhlíonann an srian/na srianta, is féidir iad a chur ar mhargadh an Aontais go dtí an 31 Iúil 2026 agus iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais go dtí an 31 Iúil 2028.

(*5)  Ós rud é gur aonteirpéin í an tsubstaint sin, tá sí faoi réir an tsriain ar luach sárocsaíde a leagtar amach in iontráil 130.

(*6)  Maidir le húsáid ‘Ola ó shíolta Laurus nobilis L.’, féach Iarscríbhinn II, Uimh. 359’.