25.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1531 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Iúil 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Българско кисело мляко/Bulgarsko kiselo mlyako’ (ATFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Bhulgáir ar chlárú an ainm ‘Българско кисело мляко/Bulgarsko kiselo mlyako’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní mór an t-ainm ‘Българско кисело мляко/Bulgarsko kiselo mlyako’ a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm ‘Българско кисело мляко/Bulgarsko kiselo mlyako’ (ATFC) cláraithe.

Leis an ainm dá dtagraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.4. Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí déiríochta éagsúla seachas im, etc.), mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 123, 5.4.2023, lch. 32.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).