24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 185/7


RIALACHÁN (AE) 2023/1525 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rinneadh tionscal cosanta agus margadh trealaimh cosanta na hEorpa a thástáil agus fuarthas gurbh ann do roinnt fabhtanna a bhaineann an bonn óna gcumas riachtanais phráinneacha na mBallstát maidir le táirgí cosanta agus córais chosanta amhail armlón agus diúracáin a chomhlíonadh ar an mbealach slán agus tráthúil is gá, i bhfianaise ráta ard tomhaltais na dtáirgí agus na gcóras sin le linn coinbhleacht ard-déine.

(2)

Ón 24 Feabhra 2022 i leith, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag cur dlús de réir a chéile lena n-iarrachtaí chun freastal ar riachtanais phráinneacha cosanta na hÚcráine. Ina theannta sin, sa chomhthéacs sin, agus iad ag dul i ngleic le héagobhsaíocht, le hiomaíocht straitéiseach agus le bagairtí slándála a bhí ag dul i méid, ag teacht le chéile dóibh in Versailles an 11 Márta 2022, chinn Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais, níos mó freagrachta a ghlacadh as slándáil an Aontais féin agus céimeanna cinntitheacha breise a ghlacadh chun ceannasacht na hEorpa a fhorbairt. Gheall siad ‘cumais chosanta Eorpacha a neartú’ agus chomhaontaigh siad caiteachas cosanta a mhéadú, dlús a chur leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha, agus trí sholáthar comhoibríoch cumas cosanta, easnaimh a dhúnadh, borradh a chur faoin nuálaíocht agus tionscal cosanta an Aontais a neartú agus a fhorbairt. An 21 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle an ‘Compás Straitéiseach ionas gur láidre a bheidh slándáil agus cosaint an Aontais sna 10 mbliana amach romhainn’ (‘an Compás Straitéiseach’), agus d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é ina dhiaidh sin an 24 Márta 2022. Leis an gCompás Straitéiseach, leagtar béim ar an ngá atá le caiteachas cosanta a mhéadú agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcumais, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

(3)

Chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach i láthair maidir le Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh an 18 Bealtaine 2022 inar cuireadh i dtábhacht gurbh ann do bhearnaí airgeadais, tionsclaíocha agus cumais i réimse na cosanta laistigh den Aontas. An 19 Iúil 2022, chuir an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um thionscal cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) i láthair, arb é is aidhm dó tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit ag céim an tsoláthair chun na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh, go háirithe na bearnaí sin a cruthaíodh leis an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar bhealach comhoibríoch. Le EDIRPA rannchuideofar le soláthar cosanta coiteann a atreisiú agus, trí bhíthin an mhaoinithe ón Aontas a ghabhann leis, le hacmhainneachtaí tionsclaíocha cosanta an Aontais a neartú agus chun tionscal cosanta an Aontais a oiriúnú d’athruithe struchtúracha ar an margadh a eascraíonn as éileamh méadaithe i ngeall ar dhúshláin nua, amhail coinbhleacht ard-déine a bheith ann athuair.

(4)

I bhfianaise na staide san Úcráin agus na riachtanas práinneach cosanta atá aici, go háirithe le haghaidh armlóin, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú an 20 Márta 2023 maidir le cur chuige trí rian, arb é is aidhm dó milliún urchar d’armlón airtléire a chur ar fáil don Úcráin mar iarracht chomhpháirteach laistigh den 12 mhí atá amach romhainn. Comhaontaíodh armlón talamh go talamh agus armlón airtléire a sheachadadh go práinneach chuig an Úcráin agus, má iarrtar iad, diúracáin, ó na stoic atá ann cheana nó trí bhíthin athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana. Ina theannta sin, d’iarr sí ar na Ballstáit armlón a sholáthar go comhpháirteach agus, má iarrtar iad, diúracáin a fháil go comhpháirteach ó thionscal cosanta na hEorpa (agus ón Iorua) i gcomhthéacs tionscadail reatha de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) nó trí thionscadail chomhlántacha fála faoi stiúir na mBallstát, d’fhonn a gcuid stoc a athlíonadh agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin an tráth céanna. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, chomhaontaigh an Chomhairle cistiú iomchuí a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (SES). Chuir an Chomhairle de chúram ar an gCoimisiún freisin tograí nithiúla a thíolacadh chun borradh a chur faoi thacaíocht phráinneach d’acmhainneachtaí monaraíochta thionscal cosanta na hEorpa, slabhraí soláthair a dhaingniú, nósanna imeachta éifeachtúla soláthair a éascú, aghaidh a thabhairt ar easnaimh in acmhainneachtaí táirgeachta, agus infheistíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhuiséad an Aontais a shlógadh. Tá cur chun cinn infheistíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais slándála an Aontais féin go leordhóthanach i gcónaí agus go mbeidh tionscal cosanta agus margadh inmheánach an Aontais in ann do na dúshláin atá ann faoi láthair. Ní mór na trí rian idirnasctha a shaothrú go comhthreomhar agus ar bhealach comhordaithe. Chun cur chun feidhme leordhóthanach na dtrí raon a áirithiú, eagrófar freisin cruinnithe rialta ar leibhéal na Stiúrthóirí Armála Náisiúnta leis an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta (arb é atá ann ionadaithe an Choimisiúin, na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus GEC) chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais agus ar na cumais thionsclaíocha agus chun an dlúthchomhar riachtanach a áirithiú.

(5)

An 13 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle beart cúnaimh faoi SES ar fiú EUR 1 bhilliún é chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine, beart a d’fhág gurbh fhéidir na Ballstáit a aisíoc as na costais a bhaineann le harmlón talamh go talamh agus le harmlón airtléire agus, b’fhéidir, diúracán, a deonaíodh don Úcráin ó stoic atá ann cheana nó ó athbheartú tosaíochtaí i leith orduithe atá ann cheana le linn na tréimhse ón 9 Feabhra go dtí an 31 Bealtaine 2023. Maidir le soláthar comhpháirteach, go dtí seo shínigh 24 Bhallstát in éineacht leis an Iorua Socrú Tionscadail GEC le haghaidh soláthar comhpháirteach armlóin.

(6)

Ní bheidh éifeacht le hiarrachtaí comhpháirteacha chun cur ar chumas na mBallstát a gcuid stoc ídithe a athshlánú agus chun tacú leis an Úcráin ach amháin más féidir le taobh soláthair an Aontais na táirgí cosanta is gá a sheachadadh in am. Mar sin féin, agus stoic ag meath go tapa, agus táirgeadh san Aontas beagnach ag an uastoilleadh mar gheall ar orduithe ó na Ballstáit nó na tríú tíortha, agus praghsanna ag dul ó smacht, tá gá le bearta breise beartais tionsclaíochta de chuid an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear borradh tapa faoi acmhainneachtaí monaraíochta.

(7)

Mar a léiríodh in obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta maidir le riachtanais soláthair cosanta an-ghearrthéarmach a chomhordú agus dul i dteagmháil leis na Ballstáit agus le monaróirí cosanta an Aontais chun tacú le soláthar comhoibríoch chun stoic a athshlánú, go háirithe i bhfianaise na tacaíochta a thugtar don Úcráin, tá acmhainneachtaí monaraíochta ag tionscal an Aontais i réimse an armlóin talamh go talamh agus an armlóin airtléire, chomh maith le diúracáin (‘táirgí cosanta ábhartha’). Mar sin féin, saincheapeadh acmhainneachtaí táirgeachta laistigh d’earnáil thionscal cosanta an Aontais le haghaidh amanna nuair a bhí na dúshláin éagsúil leis na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair. Cuireadh sreafaí soláthair in oiriúint ar bhonn éileamh níos lú, agus leibhéal íosta stoc agus soláthróirí éagsúlaithe ann ar fud an domhain chun costais a laghdú, rud a nochtann earnáil thionscal cosanta an Aontais do spleáchais. Mar iarmhairt air sin, sa chomhthéacs sin, leis an acmhainneacht mhonaraíochta reatha agus leis na slabhraí soláthair agus luacha atá ann cheana, níl sé indéanta na táirgí cosanta is gá a sheachadadh ar bhealach slán tráthúil chun riachtanais slándála na mBallstát a chomhlíonadh agus chun leanúint de thacaíocht a thabhairt do riachtanais na hÚcráine, rud a chruthaíonn teannas ar an margadh le haghaidh na dtáirgí cosanta ábhartha, agus an baol go mbrúfaí amach iad. Dá bhrí sin, tá gá le hidirghabháil bhreise ar leibhéal an Aontais.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas le rannchuidiú chun an cuspóir maidir le dlús a chur le coigeartú an tionscail d’athruithe struchtúracha a bhaint amach. Dá bhrí sin, dealraíonn sé gurb iomchuí tacú le tionscal an Aontais chun a mhéid táirgeachta a mhéadú, a aga táirgeachta a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar scrogaill nó tosca a d’fhéadfadh moill nó bac a chur ar infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ábhartha.

(9)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais iomaíochas agus athléimneacht Bhonn Tionsclaíochta Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) i réimse an armlóin agus na ndiúracán a atreisiú, chun go mbeifear in ann é a chur in oiriúint go práinneach don athrú struchtúrach.

(10)

Chuige sin, ba cheart ionstraim a bhunú chun tacú le hatreisiú an tionscail ar fud na slabhraí soláthair agus luacha a bhaineann le táirgeadh táirgí cosanta ábhartha san Aontas (‘an Ionstraim’).

(11)

Baineann an struchtúr sonrach, na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo go leithleach leis an Ionstraim ghearrthéarmach seo agus cinntear iad de réir imthosca sonracha agus na staide éigeandála reatha.

(12)

Beidh an Ionstraim comhleanúnach le tionscnaimh chomhoibríocha reatha an Aontais a bhaineann le cosaint amhail an Ciste Eorpach Cosanta, EDIRPA atá beartaithe, chomh maith le SES, agus cruthófar léi sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais. Tá an Ionstraim go hiomlán comhleanúnach le huaillmhian an Chompáis Straitéisigh.

(13)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘an Rialachán Airgeadais’) maidir leis an Ionstraim, mura sonraítear a mhalairt.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirtear an t-iarratas ar dheontas isteach incháilithe, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aghaidh a thabhairt ar iarraidh na Comhairle an 20 Márta 2023 dlús a chur le seachadadh táirgí cosanta ábhartha, ba cheart é a bheith indéanta foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i ndáil le gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear tréimhse dar tús an dáta sin.

(15)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán na hIonstraime arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(16)

D’fhéadfaí na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíonann an tionscadal na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus raon feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Chiste Sóisialta na hEorpa Plus mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2021/1058 (6) agus (AE) 2021/1057 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. I gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar na cláir náisiúnta leasaithe arna dtíolacadh ag an mBallstát agus barúlacha a thabhairt laistigh de 2 mhí tar éis thíolacadh an chláir leasaithe. I bhfianaise phráinn an cháis, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh an measúnú ar na cláir náisiúnta leasaithe a thabhairt i gcrích gan moill mhíchuí.

(17)

Agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nó nua á moladh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta a mholadh a rannchuideoidh freisin le cuspóirí na hIonstraime, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar síos le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (9), Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (10) agus Rialachán (AE) 2021/241. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go háirithe ar bhearta a bhaineann le tograí arna dtíolacadh le haghaidh glao ar thograí faoin Ionstraim, ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu i gcomhréir leis an Ionstraim.

(18)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (12), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (13) agus (AE) 2017/1939 (14) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(19)

Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad, ba cheart go mbeadh siad in ann a bheith rannpháirteach san Ionstraim mar thíortha comhlachaithe faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (16), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme a rannpháirtíochta i gcláir an Aontais ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Leis an Rialachán seo ba cheart ceangal a chur ar na tríú tíortha sin na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(20)

Mar gheall ar shainiúlachtaí an tionscail cosanta, ina n-eascraíonn an t-éileamh ar fad, beagnach, as na Ballstáit agus as tíortha comhlachaithe, a rialaíonn freisin aimsiú iomlán na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint, lena n-áirítear onnmhairí, ní leantar na gnáthrialacha ná na gnáthmhúnlaí gnó lena rialaítear margaí níos traidisiúnta i bhfeidhmiú earnáil thionscal na cosanta. Dá bhrí sin, ní bhíonn an tionscal i mbun infheistíochtaí tionsclaíocha suntasacha féinchistithe ach ní dhéanann sí amhlaidh ach mar thoradh ar orduithe daingne. Cé gur réamhchoinníoll iad orduithe daingne ó na Ballstáit d’aon infheistíocht, is féidir leis an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh trí riosca a bhaint d’infheistíochtaí tionsclaíocha trí dheontais agus iasachtaí lena gceadaítear oiriúnú níos tapúla d’athrú struchtúrach leanúnach sa mhargadh. Sa chomhthéacs éigeandála atá ann faoi láthair, ba cheart suas le 50 % de na costais incháilithe dhíreacha a chumhdach le tacaíocht ón Aontas chun a chur ar chumas tairbhithe gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a luaithe is féidir, an riosca a bhaineann lena n-infheistíocht a laghdú agus, dá bhrí sin, dlús a chur le hinfhaighteacht táirgí cosanta ábhartha.

(21)

Leis an Ionstraim, ba cheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, trí mhodhanna a dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais, do ghníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hinfhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ábhartha amhail comhordú tionsclaíoch agus gníomhaíochtaí líonraithe, rochtain ar mhaoiniú do ghnóthais a bhfuil baint acu le monarú táirgí cosanta ábhartha, caomhnú acmhainní, próisis thionsclaíocha maidir le hathchóiriú táirgí atá imithe in éag, leathnú, barrfheabhsú, nuachóiriú, uasghrádú nó athrú cuspóra na n-acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana sa réimse sin, nó bunú acmhainneachtaí táirgeachta nua sa réimse sin chomh maith le hoiliúint a chur ar phearsanra.

(22)

Ós rud é gurb é is aidhm don Ionstraim iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, i dtaca le h eintitis, bíodh siad faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin bunaithe san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe, níor cheart ach do na heintitis sin a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta. Níor cheart do na heintitis sin a bheith faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe ná ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe nó, de rogha air sin, ba cheart do na heintitis sin a bheith faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus, i gcás gur gá, bearta maolaithe, agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo, á gcur san áireamh. Eintiteas atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe nó eintiteas atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe, ach a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin i dtríú tír neamhchomhlachaithe, níor cheart go mbeadh sé incháilithe mar fhaighteoir atá rannpháirteach i ngníomhaíocht.

(23)

Eintitis atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, agus nach raibh faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe, níor cheart iad a bheith incháilithe mar fhaighteoirí ach amháin má chomhlíontar coinníollacha dochta a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bhunaítear faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear i dtéarmaí EDTIB a neartú. Níor cheart cuspóirí na hIonstraime a shárú le rannpháirtíocht eintiteas den sórt sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart rialú a thuiscint mar an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas go díreach nó go hindíreach trí eintiteas idirmheánach amháin nó níos mó. Ba cheart d’iarratasóirí an fhaisnéis uile is ábhartha faoin mbonneagar, na saoráidí, na sócmhainní agus na hacmhainní atá le húsáid sa ghníomhaíocht a sholáthar. Ba cheart freisin a áireamh ina leith sin ábhair imní na mBallstát maidir le slándáil an tsoláthair. I bhfianaise a phráinní atá an staid a eascraíonn as an ngéarchéim soláthair armlóin atá ann cheana, ba cheart slabhraí soláthair atá ann cheana a chur san áireamh san Ionstraim.

(24)

Ba cheart bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na bhfaighteoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim a bheith lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta.

(25)

Leis an Ionstraim níor cheart tacaíocht airgeadais a thabhairt chun borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta le haghaidh táirgí cosanta ábhartha atá faoi réir srian ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe a chuireann teorainn le cumas na mBallstát na táirgí cosanta ábhartha sin a úsáid. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhfaighteoir a áirithiú go mbeifear in ann aschuir a sheachadadh chuig an Úcráin leis an ngníomhaíocht a chistítear leis an Ionstraim.

(26)

De bhun Airteagal 85 de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle (18), tá daoine nádúrtha agus comhlachtaí agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí na hIonstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an OCT ábhartha.

(27)

Agus measúnú á dhéanamh ar thograí arna gcur isteach, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí na hIonstraime. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na tograí go háirithe, i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad leis an méadú, leis an mborradh, leis an gcaomhnú, le nuachóiriú na n-acmhainneachtaí monaraíochta, agus le hathsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair lena mbaineann. Ba cheart measúnú a dhéanamh orthu freisin i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le laghdú aga táirgeachta táirgí cosanta ábhartha, lena n-áirítear trí shásraí atosaíochta orduithe, trí scrogaill ar feadh a slabhraí soláthair a shainaithint agus a dhíothú, agus trí athléimneacht na slabhraí soláthair sin a fhorbairt trí chomhar trasteorann gnóthas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, go háirithe, ar bhealach suntasach, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí meánchaipitlithe atá ag oibriú sna slabhraí soláthair lena mbaineann.

(28)

Agus tacaíocht airgeadais an Aontais á ceapadh, á bronnadh agus á cur chun feidhme aige, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú nach ndéanann tacaíocht den sórt sin dochar do dhálaí iomaíochta sa mhargadh inmheánach.

(29)

Ina theannta sin, ní hamháin gur léirigh an ghéarchéim a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go bhfuil easnaimh in earnáil thionsclaíoch cosanta an Aontais, ach baineann dúshláin léi freisin d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh táirgí cosanta. Go deimhin, is é atá i gceist leis an gcomhthéacs geopholaitiúil reatha méadú suntasach ar an éileamh a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le táirgeadh agus díol na dtáirgí cosanta ábhartha agus a gcomhpháirteanna san Aontas. Cé go bhfuil bearta déanta ag Ballstáit áirithe, nó gur dócha go ndéanfaidh siad bearta chun a stoic féin a chaomhnú mar bheart slándála náisiúnta, tá deacrachtaí ag Ballstáit eile rochtain a fháil ar na hearraí is gá chun na táirgí cosanta ábhartha a mhonarú nó a fháil. Uaireanta, cuireann deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar amhábhar amháin nó ar chomhpháirt shonrach isteach ar na slabhraí táirgeachta ina n-iomláine. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, is gá rialacha comhchuibhithe a bhunú, ar bhealach comhordaithe, chun slándáil an tsoláthair táirgí cosanta ábhartha a mhéadú. Ba cheart a áireamh sna bearta sin dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus nósanna imeachta soláthair a éascú. Ba cheart na bearta sin a bheith bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.

(30)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé slándáil soláthair na dtáirgí cosanta ábhartha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar iarratais riaracháin a bhaineann le saoráidí táirgthe a phleanáil, a thógáil agus a oibriú, ionchuir a aistriú laistigh den Aontas chomh maith le cáiliú agus deimhniú táirgí deiridh ábhartha, go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil.

(31)

Chun cuspóir ginearálta an bheartais phoiblí maidir leis an tslándáil a shaothrú, is gá saoráidí táirgthe a bhaineann le táirgeadh táirgí cosanta ábhartha a chur ar bun a luaithe is féidir, agus an t-ualach riaracháin á choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit caitheamh le hiarratais a bhaineann le pleanáil, tógáil agus oibriú gléasra agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh táirgí cosanta ábhartha ar an mbealach is tapa is féidir. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’iarratais den sórt sin agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair.

(32)

I bhfianaise chuspóir an Rialacháin seo, agus na staide éigeandála agus an chomhthéacs eisceachtúil a bhaineann lena ghlacadh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar dhíolúintí a bhaineann le cosaint a úsáid faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais is infheidhme, ar bhonn cás ar chás, má mheasann siad go n-éascódh úsáid díolúintí den sórt sin gnóthú an chuspóra sin. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le dlí an Aontais a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta, rud atá fíor-riachtanach chun cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil a fheabhsú, chomh maith le forbairt inbhuanaithe agus shábháilte a bhaint amach. Mar sin féin, d’fhéadfadh bacainní rialála a bheith ann mar gheall ar chur chun feidhme an dlí sin, a chuirfeadh bac ar acmhainneacht thionscal cosanta an Aontais borradh a chur faoi tháirgeadh agus seachadadh táirgí cosanta ábhartha. Tá sé de fhreagracht chomhchoiteann ar an Aontas agus ar na Ballstáit breathnú go práinneach ar aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh sé a dhéanamh chun aon bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Níor cheart d’aon ghníomhaíocht den sórt sin, bíodh sí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, dochar a dhéanamh don chomhshaol, don tsláinte agus don tsábháilteacht.

(33)

Is é is aidhm do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) comhchuibhiú a dhéanamh ar nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí poiblí a dhámhachtain i réimse na cosanta agus na slándála lena gcumasaítear ceanglais slándála na mBallstát agus na hoibleagáidí a eascraíonn as CFAE a chomhlíonadh. Tá forálacha sa Treoir sin, go háirithe, maidir le forálacha sonracha lena rialaítear cásanna práinne a eascraíonn as géarchéim, go háirithe tréimhsí giorraithe chun tairiscintí a fháil agus an fhéidearthacht an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fhíorphráinn a eascraíonn as an ngéarchéim soláthair armlóin atá ann faoi láthair a bheith ar neamhréir leis na forálacha sin i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe ag dhá Bhallstát nó níos mó páirt a ghlacadh i soláthar comhoibríoch. I gcásanna áirithe, is é an t-aon réiteach atá ann lena n-áirithítear leasanna slándála na mBallstát sin ná creat-chomhaontú atá ann cheana a oscailt d’údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha na mBallstát nach raibh ina bpáirtithe ann ar dtús, cé nár foráladh don fhéidearthacht sin sa chreat-chomhaontú bunaidh.

(34)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá modhnuithe ar chonradh poiblí le bheith teoranta go docht don mhéid atá fíor-riachtanach sna himthosca, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na trédhearcachta agus na comhréireachta á gcomhlíonadh a mhéid is féidir. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith indéanta maolú a dhéanamh ar Threoir 2009/81/CE trí na cainníochtaí dá bhforáiltear i gcreat-chomhaontú a mhéadú agus é a oscailt d’údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha Ballstát eile an tráth céanna. A mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí breise sin, ba cheart na coinníollacha céanna a bheith ag na húdaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha sin agus atá ag an údarás conarthach bunaidh nó ag an eintiteas conarthach bunaidh a thug an creat-chomhaontú bunaidh i gcrích. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás conarthach bunaidh/eintiteas conarthach bunaidh cead a thabhairt d’aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann coinníollacha an údaráis chonarthaigh/an eintitis chonarthaigh arna leagan síos ar dtús sa nós imeachta soláthair le haghaidh an chreat-chomhaontaithe, lena n-áirítear ceanglais maidir le roghanna cáilíochtúla dá dtagraítear in Airteagail 39 go 46 de Threoir 2009/81/CE, páirt a ghlacadh sa chreat-chomhaontú sin. Ina theannta sin, ba cheart bearta iomchuí trédhearcachta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear na páirtithe leasmhara uile ar an eolas. Chun éifeachtaí na modhnuithe sin ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a theorannú agus chun saobhadh díréireach iomaíochta a chosc, níor cheart é a bheith indéanta modhnuithe den sórt sin ar chreat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích ach go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(35)

Chun a bheith iomaíoch, nuálach agus athléimneach, agus chun a bheith in ann borradh a chur faoina acmhainneachtaí táirgeachta, ní mór do EDTIB rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach araon. Mar a fhoráiltear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 dar teideal ‘Rannchuidiú an Choimisiúin le cosaint na hEorpa’, tá tionscnaimh an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe fós comhsheasmhach le hiarrachtaí an Aontais rochtain leordhóthanach a éascú do thionscal cosanta na hEorpa ar mhaoiniú agus ar infheistíocht. Sa chomhthéacs sin, ní chuireann creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais cosc ar infheistíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint. Cuireann tionscal cosanta an Aontais go mór le hathléimneacht agus slándáil an Aontais agus, dá bhrí sin, leis an tsíocháin agus leis an inbhuanaitheacht shóisialta. Laistigh de thionscnaimh an Aontais a bhaineann le beartais airgeadais inbhuanaithe, maidir le hairm chonspóideacha atá faoi réir coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena dtoirmisctear a bhforbairt, a dtáirgeadh, a stoc-charnadh, a n-úsáid, a n-aistriú agus a seachadadh, agus arna síniú ag na Ballstáit, meastar go bhfuil siad sin ar neamhréir le ceanglais na hinbhuanaitheachta sóisialta. Tá earnáil thionscal cosanta an Aontais faoi réir dlúth-ghrinnscrúdú rialála arna chur chun feidhme ag na Ballstáit chun ítimí míleata agus ítimí dé-úsáide a aistriú agus a onnmhairiú. Sa chomhthéacs sin, thabharfadh gealltanas ó ghníomhaithe airgeadais náisiúnta agus Eorpacha - amhail bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh - tacaíocht do thionscal cosanta na hEorpa, rud a bheadh ina chomhartha láidir don earnáil phríobháideach. Agus a mhisin eile um fhorbairt eacnamaíoch agus um maoiniú beartais phoiblí á saothrú aige ina n-iomláine, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus i gcomhréir le hAirteagal 309 CFAE chomh maith lena reacht, ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta feabhas a chur ar an tacaíocht a thugann sé do thionscal cosanta na hEorpa agus don soláthar comhpháirteach sa bhreis ar an tacaíocht leanúnach a thugann sé don dé-úsáid, i gcás inar soiléir go mbeadh na hinfheistíochtaí ina rannchuidiú le cur chun feidhme thosaíochtaí an Chompáis Straitéisigh.

(36)

Ba cheart rochtain a bheith ag gnóthais i slabhraí luacha na dtáirgí cosanta ábhartha ar mhaoiniú fiachais, chun dlús a chur leis na hinfheistíochtaí is gá chun acmhainneachtaí monaraíochta a mhéadú. Leis an Ionstraim, ba cheart go n-éascófaí rochtain ar mhaoiniú do ghnóthais de chuid an Aontais san earnáil armlóin agus diúracán. Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go háirithe go dtabharfar na coinníollacha céanna do na gnóthais sin a thairgtear do ghnóthais eile, agus freagracht a ghlacadh ar aon chostas breise a thagann chun cinn go sonrach d’earnáil na cosanta.

(37)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann saoráid thiomnaithe a chur ar bun mar chuid de na gníomhaíochtaí éascaithe infheistíochta a bhfuil tagairt le déanamh dóibh mar ‘An Ciste um Borradh’. Ba cheart an Ciste um Borradh a chur chun feidhme faoi bhainistíocht nó indíreach. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún féachaint ar an mbealach is iomchuí chun buiséad an Aontais a ghiaráil chun leas a bhaint as infheistíocht phoiblí agus phríobháideach d’fhonn tacú leis an mborradh mear atáthar a lorg, mar shampla tríd shaoráid mheasctha, lena n-áirítear faoi Chiste InvestEU, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe cur chun feidhme. Ba cheart do ghníomhaíochtaí an Chiste um Borradh tacú le méadú na n-acmhainneachtaí monaraíochta san earnáil armlóin agus na diúracán trí dheiseanna a chur ar fáil níos mó cistí a bheith ar fáil do chuideachtaí ar fud na slabhraí luacha.

(38)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an gclár oibre a ghlacadh agus le cistiú a dhámhachtain ar ghníomhaíochtaí roghnaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(39)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin freagairt do thionchar na géarchéime slándála, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(40)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 go 109 CFAE agus do na gníomhartha dlí a thugann éifeacht do na hAirteagail sin.

(41)

I gcomhréir le hAirteagal 41(2) CAE, tá caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as Caibidil 2 de Theideal V CAE le muirearú ar bhuiséad an Aontais, seachas an caiteachas sin a eascraíonn as oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

(42)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus an tráth céanna ró-rialáil agus ualaí riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, á seachaint. I gcás inarb iomchuí, ar cheanglais den sórt sin, ba cheart a áireamh, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin seo ar an talamh. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, lena n-áirítear d’fhonn tograí a thíolacadh maidir le haon leasuithe iomchuí ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

(43)

I bhfianaise na garchontúirte atá ann do shlándáil an tsoláthair mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(44)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear sraith beart agus leagtar síos buiséad arb é is aidhm dóibh freagrúlacht agus cumas Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a neartú go práinneach chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil armlóin talamh go talamh, armlóin airtléire agus diúracán (‘táirgí cosanta ábhartha’) a áirithiú go háirithe trí bhíthin an méid seo a leanas:

(a)

ionstraim lena dtugtar tacaíocht airgeadais d’atreisiú tionsclaíoch chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh san Aontas, lena n-áirítear trína gcomhpháirteanna a sholáthar (‘an Ionstraim’);

(b)

sásraí, prionsabail agus rialacha sealadacha a bhunú chun a áirithiú go mbeidh táirgí cosanta ábhartha ar fáil go tráthúil agus go buan dá bhfaighteoirí san Aontas.

Bunaithe ar mheastóireacht, de bhun Airteagal 23, ar na torthaí a bhainfear amach le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 30 Meitheamh 2024, go háirithe maidir le héabhlóid an chomhthéacs slándála, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar an deis chun infheidhmeacht an tacair beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus leithdháileadh an bhuiséid bhreise chomhfhreagraigh a leathnú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘amhábhair’ na hábhair is gá chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh;

(2)

ciallaíonn ‘scrogall’ pointe plódaithe i gcóras táirgthe a chuireann stop le táirgeadh nó a chuireann moill mhór air;

(3)

ciallaíonn ‘faighteoir’ eintiteas lenar síníodh comhaontú cistiúcháin nó maoiniúcháin, nó dár tugadh fógra i leith comhaontú cistiúcháin nó maoiniúcháin;

(4)

ciallaíonn ‘iarratasóir’ duine nádúrtha nó eintiteas a chuir iarratas isteach trí nós imeachta um dhámhachtain deontas;

(5)

ciallaíonn ‘rialú’ an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas go díreach nó go hindíreach trí eintiteas idirmheánach amháin nó níos mó;

(6)

ciallaíonn ‘struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin’ comhlacht de chuid eintitis, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a chumhachtaítear chun straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bhainistíocht an eintitis;

(7)

ciallaíonn ‘eintiteas’ duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas agus a aithnítear mar eintiteas faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, ag a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil agus ag a bhfuil an cumas gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear in Airteagal 197(2), pointe (c), den Rialachán Airgeadais;

(8)

ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe’ faisnéis nó ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla de dhochar do leasanna an Aontais nó ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, agus ar a bhfuil marc rúnaicmithe de chuid an Aontais nó marc rúnaicmithe comhfhreagrach, de réir mar a bhunaítear é sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (23);

(9)

ciallaíonn ‘faisnéis íogair’ faisnéis agus sonraí atá le cosaint ar rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe mar gheall ar oibleagáidí arna leagan síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta nó atá le cosaint chun príobháideachas nó slándáil duine nádúrtha nó duine dlítheanach a choimirciú;

(10)

ciallaíonn ‘eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe’ eintiteas arna bhunú i dtríú tír neamhchomhlachaithe nó, i gcás inar bunaíodh san Aontas nó i dtír comhlachaithe é, a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin i dtríú tír neamhchomhlachaithe;

(11)

ciallaíonn ‘aga táirgeachta’ an tréimhse ama idir ordú ceannaigh a dhéanamh agus an t-ordú á chur i gcrích ag an monaróir;

(12)

ciallaíonn ‘táirgí cosanta ábhartha’ armlón talamh go talamh agus armlón airtléire chomh maith le diúracáin;

(13)

ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (6), den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le cineálacha tacaíochta inaisíoctha ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí tráchtála;

(14)

ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’ lipéad cáilíochta a léiríonn gur sháraigh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí faoin Ionstraim na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre, agus go bhféadfadh sé tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;

Airteagal 3

Tríú tíortha atá bainteach leis an Ionstraim

Beidh an Ionstraim oscailte do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘tíortha comhlachaithe’), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

CAIBIDIL II

AN IONSTRAIM

Airteagal 4

Cuspóirí na hIonstraime

1.   Is é cuspóir na hIonstraime éifeachtúlacht agus iomaíochas Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) a chothú chun tacú le borradh a chur faoin acmhainneacht táirgeachta agus le táirgí cosanta ábhartha a sheachadadh go tráthúil trí atreisiú tionsclaíoch.

2.   Is éard a bheidh san atreisiú tionsclaíoch go háirithe coigeartú an tionscail a thionscnamh agus a bhrostú do na hathruithe struchtúracha tapa arna bhforchur ag an ngéarchéim soláthair a dhéanann difear do na táirgí cosanta ábhartha a bhfuil gá leo chun stoic armlóin agus diúracán na mBallstát agus na hÚcráine a athshlánú go gasta. Áireofar leis sin feabhas a chur ar acmhainneacht oiriúnaithe na slabhraí soláthair le haghaidh táirgí cosanta ábhartha agus dlús a chur léi, acmhainneachtaí monaraíochta a chruthú nó borradh a chur fúthu, agus laghdú ar an aga táirgeachta le haghaidh táirgí cosanta ábhartha ar fud an Aontais, go háirithe tríd an gcomhar trasteorann idir na heintitis ábhartha a ghéarú agus a leathnú.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ionstraim a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 25 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar suas le EUR 50 milliún a úsáid mar oibríocht mheasctha faoi chuimsiú an Chiste um Borradh dá bhforáiltear in Airteagal 15.

3.   Chomh maith leis sin, féadfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Ionstraim a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

4.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná bliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

5.   Féadfar buiséad na hIonstraime a atreisiú, i gcás inar gá nó i gcás ina leathnaítear le hinfheidhmeacht an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 1, an dara mír.

Airteagal 6

Cistiú carnach agus cistiú malartach

1.   Cuirfear an Ionstraim chun feidhme i sineirgíocht le cláir eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin Ionstraim, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di ó chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   Chun lipéad an tSéala Barr Feabhais a bheith curtha ina leith faoin Ionstraim, comhlíonfaidh gníomhaíochtaí na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin Ionstraim;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

ní mhaoinítear iad faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

3.   Agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nó nua á moladh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, féadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh lena rannchuidítear freisin le cuspóirí na hIonstraime, go háirithe bearta a bhaineann le tograí a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí faoin Ionstraim agus ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(5) mutatis mutandis maidir le gníomhaíochtaí a chistítear i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 7

Foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Ionstraim chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus, maidir leis an gCiste um Borradh dá bhforáiltear in Airteagal 15 den Rialachán seo, faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán Airgeadais. Leis an Ionstraim, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha. Déanfar oibríochtaí measctha i gcomhréir le Teideal X den Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE) 2021/523 agus Airteagal 15 den Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar a chumhdach le ranníocaíochtaí airgeadais, i gcás inarb ábhartha agus inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí ar cuireadh tús leo roimh an dáta a cuireadh isteach an togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, ar choinníoll nár cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí sin roimh an 20 Márta 2023 agus nár tugadh i gcrích iad sular síníodh an comhaontú deontais.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.   Leis an Ionstraim, cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do ghníomhaíochtaí lena dtabharfar aghaidh ar scrogaill a shainaithneofar in acmhainneachtaí táirgeachta agus i slabhraí soláthair d’fhonn táirgeadh táirgí cosanta ábhartha a dhaingniú agus dlús a chur leis an táirgeadh sin chun soláthar éifeachtach agus infhaighteacht thráthúil táirgí den sórt sin a áirithiú.

3.   Beidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist le gníomhaíochtaí incháilithe agus beidh baint eisiach acu le hacmhainneachtaí táirgeachta na dtáirgí cosanta ábhartha, lena n-áirítear a gcomhpháirteanna agus a n-amhábhair chomhfhreagracha a mhéid atá siad ceaptha nó á n-úsáid go hiomlán chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh:

(a)

acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana a bharrfheabhsú, a leathnú, a nuachóiriú, a uasghrádú nó a atreorú, nó acmhainneachtaí táirgeachta nua a bhunú, i ndáil le táirgí cosanta ábhartha nó a gcomhpháirteanna agus a n-amhábhair chomhfhreagracha, a mhéid a úsáidtear na comhpháirteanna agus na hamhábhair sin mar ionchur díreach chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh, go háirithe d’fhonn acmhainneacht táirgeachta a mhéadú nó agaí táirgeachta a laghdú, lena n-áirítear ar bhonn na meaisín-uirlisí riachtanacha agus aon ionchur eile is gá a sholáthar nó a fháil;

(b)

comhpháirtíochtaí tionsclaíocha trasteorann a bhunú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha nó cineálacha eile comhair thionsclaíoch, in iarracht chomhpháirteach thionsclaíoch, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh foinsiú nó caomhnú comhpháirteanna agus na n-amhábhar comhfhreagrach a chomhordú a mhéid a úsáidtear na comhpháirteanna agus na hamhábhair sin mar ionchur díreach chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh, agus chun comhordú a dhéanamh freisin ar acmhainneachtaí táirgeachta agus pleananna táirgthe;

(c)

acmhainneachtaí cúltaca um borradh monaraíochta le haghaidh táirgí cosanta ábhartha, a gcomhpháirteanna agus a n-amhábhar comhfhreagrach a fhorbairt agus a chur ar fáil, a mhéid a úsáidtear na comhpháirteanna agus na hamhábhair sin mar ionchur díreach chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh, i gcomhréir le méideanna táirgeachta a ordaíodh nó atá beartaithe;

(d)

tástáil, lena n-áirítear an bonneagar is gá, agus, de réir mar is iomchuí, deimhniú athchóirithe na dtáirgí cosanta ábhartha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar a ndífheidhmeacht agus chun gur féidir le húsáideoirí deiridh iad a úsáid;

(e)

oiliúint, athsciliú nó uas-sciliú pearsanra i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d);

(f)

feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá gníomhach i dtáirgeadh nó i gcur ar fáil táirgí cosanta ábhartha, trí fhritháireamh a dhéanamh ar aon chostas breise a eascraíonn go sonrach as earnáil an tionscail cosanta, i gcás infheistíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

4.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do chistiú faoin Ionstraim:

(a)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hearraí a tháirgeadh nó le seirbhísí a sholáthar a bhfuil toirmeasc orthu faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hairm uathrialaitheacha mharfacha a tháirgeadh gan an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfadh duine rialú fónta ar chinntí maidir le roghnú agus comhrac, agus ionsaithe á ndéanamh ar dhaoine;

(c)

gníomhaíochtaí nó codanna díobh, atá á maoiniú go hiomlán cheana féin ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile;

5.   Agus comhaontuithe á dtabhairt i gcrích aige le faighteoirí aonair, áiritheoidh an Coimisiún nach maoineofar leis an Ionstraim ach gníomhaíochtaí nach dtéann chun tairbhe ach d’acmhainneachtaí táirgeachta na dtáirgí cosanta ábhartha, nó dá gcomhpháirteanna agus dá n-amhábhar comhfhreagrach, a mhéid atá siad ceaptha nó á n-úsáid go hiomlán chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh.

Airteagal 9

Ráta maoiniúcháin

1.   Maoineofar leis an Ionstraim suas le 35 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann le gníomhaíocht incháilithe i ndáil le hacmhainneacht táirgeachta na dtáirgí cosanta ábhartha, agus suas le 40 % de chostais incháilithe a bhaineann le gníomhaíocht incháilithe i ndáil le hacmhainneacht táirgeachta comhpháirteanna agus amhábhar a mhéid atá siad beartaithe nó á n-úsáid go hiomlán chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh gníomhaíocht incháilithe do ráta cistiúcháin méadaithe de 10 bpointe céatadáin breise i gcás ina gcomhlíonfaidh sí ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(a)

i gcás ina léiríonn iarratasóirí rannchuidiú le comhar nua trasteorann a chruthú idir eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe, mar a thuairiscítear in Airteagal 8(3), pointe (b);

(b)

i gcás ina ngeallann iarratasóirí go dtabharfaidh siad tosaíocht, ar feadh thréimhse na gníomhaíochta, d’orduithe a eascraíonn as:

(i)

soláthar comhoibríoch táirgí cosanta ábhartha ag trí Bhallstát nó ag trí thír chomhlachaithe ar a laghad; nó

(ii)

soláthar táirgí cosanta ábhartha ó Bhallstát amháin ar a laghad chun na táirgí cosanta ábhartha sin a aistriú chuig an Úcráin; nó

(c)

i gcás inar FBM nó cuideachta mheánchaipitlithe é an tairbhí atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe nó i gcás inar FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe iad tromlach na dtairbhithe atá rannpháirteach i gcuibhreannas.

Beidh feidhm ag an ngealltanas dá dtagraítear sa chéad fomhír, pointe (b) maidir le soláthar aon táirge a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thacaíocht faoin Ionstraim seo.

Déanfar an ráta cistiúcháin méadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shocrú ag 10 bpointe céatadáin breise fiú i gcás ina gcomhlíontar níos mó ná ceann amháin de na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír sin.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar a chumhdach le tacaíocht ón ionstraim suas le 100 % de na costais incháilithe a bhaineann le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointe (f).

3.   Léireoidh na faighteoirí go bhfuil costais gníomhaíochta nach bhfuil cumhdaithe le tacaíocht ón Aontas le cumhdach trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile.

Airteagal 10

Eintitis incháilithe

1.   Faighteoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim, beidh siad ina n-eintitis, bídís faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach, atá bunaithe agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas nó i dtír chomhlachaithe. Ní bheidh na faighteoirí sin faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe nó, de rogha air sin, beidh siad faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe, agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Airteagal seo á gcur san áireamh.

2.   Gnóthas atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe agus nár cuireadh faoi réir scagadh de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 agus, i gcás inar gá, bearta maolaithe, ní bheidh sé incháilithe le bheith ina fhaighteoir atá rannpháirteach i ngníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim ach amháin má dhéantar ráthaíochtaí arna bhformheas ag an mBallstát nó ag an tír chomhlachaithe ina bhfuil an gnóthas bunaithe a chur ar fáil don Choimisiún i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta.

Áiritheofar leis na ráthaíochtaí nach sáródh rannpháirtíocht gnóthais den sórt sin i ngníomhaíocht leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát mar a bhunaítear faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V CAE, nó na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Tabharfar bunús sna ráthaíochtaí go háirithe go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críocha na gníomhaíochta, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfuil an faighteoir in ann an ghníomhaíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach gan aon srian maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó an saineolas is gá chun críocha na gníomhaíochta, nó gan aon srian a dhéanann dochar dá chumais agus dá chaighdeáin a bhfuil gá leo chun an ghníomhaíocht a dhéanamh; agus

(b)

go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis íogair nó rúnaicmithe a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála, arna eisiúint ag Ballstát nó ag tír chomhlachaithe, ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí.

3.   Má mheasann an Ballstát nó an tír chomhlachaithe ina bhfuil an gnóthas bunaithe go bhfuil siad iomchuí, féadfar tuilleadh ráthaíochtaí a sholáthar.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na bearta maolaithe arna gcur i bhfeidhm de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/452 dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó maidir leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Cuirfear ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta maolaithe a cuireadh i bhfeidhm nó maidir leis na ráthaíochtaí. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 16 ar an eolas faoi aon fhógra arna thabhairt i gcomhréir leis an mír seo.

5.   Maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na bhfaighteoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht agus a úsáidtear chun críocha na gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta.

6.   Ní chuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil leis an Ionstraim chun borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta le haghaidh táirgí cosanta ábhartha atá faoi réir srian ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe a chuireann teorainn le cumas na mBallstát iad a úsáid. Déanfaidh an faighteoir gach iarracht chun a áirithiú go mbeifear in ann aschuir a sheachadadh chuig an Úcráin leis an ngníomhaíocht a chistítear leis an Ionstraim.

Airteagal 11

Critéir dhámhachtana

Déanfar gach togra arna chur isteach ag iarratasóir a mheasúnú ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas lena dtomhaistear rannchuidiú na gníomhaíochta lena mbaineann leis an atreisiú tionsclaíoch lena bhféachtar le héifeachtúlacht agus iomaíochas foriomlán EDTIB a chothú, i leith na dtáirgí cosanta ábhartha:

(a)

acmhainneacht táirgeachta san Aontas a mhéadú: rannchuidiú na gníomhaíochta, leis na hacmhainneachtaí monaraíochta a mhéadú, borradh a chur fúthu nó iad a chaomhnú, lena nuachóiriú nó le hathsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair lena mbaineann;

(b)

aga táirgeachta a laghdú: rannchuidiú na gníomhaíochta le sásamh tráthúil an éilimh arna léiriú trí sholáthar i dtéarmaí agaí táirgeachta laghdaithe, lena n-áirítear trí shásraí lena gcuirtear orduithe in ord tosaíochta arís;

(c)

deireadh a chur le scrogaill foinsithe agus táirgeachta: rannchuidiú na gníomhaíochta chun aon scrogall foinsithe (amhábhar agus aon ionchur eile) nó aon scrogall táirgeachta (cumas monaraíochta) a shainaithint go gasta agus deireadh tapa agus buan a chur leo;

(d)

athléimneacht trí chomhar trasteorann: rannchuidiú na gníomhaíochta le forbairt agus oibríochtú an chomhair trasteorann idir gnóthais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha comhlachaithe éagsúla, a bhfuil FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe bainteach go háirithe leo, ar bhealach suntasach, mar fhaighteoirí, mar fhochonraitheoirí nó mar ghnóthais eile sa slabhra soláthair;

(e)

tacú le soláthar: léiriú na n-iarratasóirí ar an nasc idir an ghníomhaíocht agus orduithe nua a eascraíonn as soláthar comhpháirteach táirgí cosanta ábhartha ag trí Bhallstát nó ag trí thír chomhlachaithe ar a laghad, go háirithe má dhéantar an soláthar comhpháirteach sin i gcreat de chuid an Aontais;

(f)

cáilíocht phlean cur chun feidhme na gníomhaíochta, lena n-áirítear i dtéarmaí a phróiseas agus faireacháin.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cistiú faoin Rialachán seo a dhámhachtain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Airteagal 12

Clár oibre

1.   Is trí chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Ionstraim chun feidhme. Leagfar amach leis an gclár oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.   Leis an gclár oibre, leagfar amach na tosaíochtaí cistiúcháin agus obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta á cur san áireamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an clár oibre dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

CAIBIDIL III

SLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR

Airteagal 13

Dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le hinfhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ábhartha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarratais riaracháin a bhaineann le saoráidí táirgeachta a phleanáil, a thógáil agus a oibriú, aistrithe ionchur laistigh den Aontas agus cáiliú agus deimhniú táirgí deiridh a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil. Chuige sin, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann go gcaithfear chomh mear agus is féidir de réir dlí le hiarratais den sórt sin.

2.   Sa phleanáil agus sa phróiseas deonaithe ceadanna, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tosaíocht do thógáil agus d’oibriú gléasraí agus suiteálacha chun táirgí cosanta ábhartha a tháirgeadh agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair lena mbaineann.

Airteagal 14

Soláthar comhoibríoch a éascú le linn na géarchéime soláthair armlóin

1.   I gcás ina ndéanfaidh dhá Bhallstát ar a laghad comhaontú chun táirgí cosanta ábhartha a sholáthar go comhoibríoch agus i gcás nach féidir aon cheann de na nósanna imeachta dá bhforáiltear le Treoir 2009/81/CE a úsáid chun creat-chomhaontú a thabhairt i gcrích mar gheall ar an bhfíorphráinn a bhaineann leis an ngéarchéim a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, féadfar na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   De mhaolú ar Airteagal 29(2), an dara fomhír, de Threoir 2009/81/CE, féadfaidh údarás conarthach/eintiteas conarthach creat-chomhaontú atá ann cheana a mhodhnú, ar creat-chomhaontú é a tugadh i gcrích i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 25 den Treoir sin, ionas go bhféadfaidh feidhm a bheith ag a fhorálacha maidir le húdaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha nach raibh ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú ag an tús.

3.   De mhaolú ar Airteagal 29(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/81/CE, féadfaidh údarás conarthach/eintiteas conarthach leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar na cainníochtaí a leagtar síos i gcreat-chomhaontú atá ann cheana a mhéid is fíorghá chun mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. I gcás ina ndéantar cainníochtaí a leagtar síos i gcreat-chomhaontú atá ann cheana a mhodhnú go substaintiúil de bhun na míre seo, tabharfar an deis d’aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann coinníollacha an údaráis chonarthaigh/an eintitis chonarthaigh a leagadh síos ar dtús sa nós imeachta soláthair phoiblí don chreat-chomhaontú, lena n-áirítear ceanglais maidir le roghnú cáilíochtúil dá dtagraítear in Airteagail 39 go 46 de Threoir 2009/81/CE, páirt a ghlacadh sa chreat-chomhaontú sin. Tabharfaidh an t-údarás conarthach/an t-eintiteas conarthach an fhéidearthacht sin trí bhíthin fógra ad hoc a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Beidh feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir le creat-chomhaontuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 maidir leis na cainníochtaí breise, agus go háirithe maidir leis na caidrimh idir údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha na mBallstát dá dtagraítear i mír 1.

5.   Déanfaidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha, a mbeidh modhnú déanta acu ar chonradh sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, fógra a fhoilsiú chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar an fógra sin i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2009/81/CE.

6.   Ní fhéadfaidh údaráis chonarthacha/eintitis chonarthacha an tAirteagal seo a úsáid go míchuí ná ar bhealach lena ndéanfaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

7.   Modhnuithe a thabharfar isteach sna creat-chomhaontuithe de bhun an Airteagail seo, déanfar iad a thabhairt i gcrích faoin 30 Meitheamh 2025.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE ROCHTAIN AR MHAOINIÚ

Airteagal 15

An Ciste um Borradh

1.   Chun infheistíochtaí a ghiaráil, an riosca a bhaint díobh agus dlús a chur leo, ar infheistíochtaí iad a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí monaraíochta a mhéadú, féadfar saoráid mheasctha a bhunú a thairgeann réitigh fiachais (‘an Ciste um Borradh’).

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a shaothrófar leis an gCiste um Borradh:

(a)

feabhas a chur ar an éifeacht ghiarála ar chaiteachas bhuiséad an Aontais agus éifeacht iolraitheora níos airde a bhaint amach i dtaobh maoiniú a mhealladh ón earnáil phríobháideach;

(b)

tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil, agus aghaidh a thabhairt ar an ngá le bonn taca a chur faoi athléimneacht thionscal cosanta an Aontais;

(c)

dlús a chur leis an infheistíocht i réimse an mhonaraithe táirgí cosanta ábhartha agus cistiú a ghiaráil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, agus slándáil an tsoláthair do shlabhra luacha iomlán thionscal cosanta an Aontais á méadú ag an am céanna;

(d)

rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointí (a) go (e).

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tabharfar cuireadh do GEC a bharúlacha agus a shaineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin do SEGS cúnamh a thabhairt in obair an choiste.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Slándáil faisnéise

1.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis rúnaicmithe a gheofar i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chosaint i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (24).

2.   Bainfidh an Coimisiún úsáid as córais malartaithe shlána atá ann cheana nó a bhunófar chun malartú faisnéise íogaire agus rúnaicmithe a éascú idir an Coimisiún, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, GEC agus na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na heintitis dhlíthiúla atá faoi réir na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo. Cuirfear rialacháin náisiúnta slándála na mBallstát san áireamh sa chóras sin.

Airteagal 18

Rúndacht agus próiseáil faisnéise

1.   Ní úsáidfear faisnéis a gheofar mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a chruthófar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.

4.   Ní roinnfidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar bhealach lena bhféadfaí eintiteas a shainaithint nuair a d’fhéadfadh damáiste tráchtála nó clú tarlú don eintiteas sin mar thoradh ar an bhfaisnéis a roinnt nó aon rún trádála a nochtadh.

Airteagal 19

Cosaint sonraí pearsanta

1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus faoi Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), nó d’oibleagáidí an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu.

2.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ná a chur in iúl ach amháin i gcásanna ina bhfuil géarghá leis sin chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás nach mbeidh próiseáil sonraí pearsanta fíor-riachtanach chun na sásraí a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar sonraí pearsanta anaithnide díobh sa chaoi is nach féidir an t-ábhar sonraí a aithint.

Airteagal 20

Iniúchtaí

Is é a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais na hiniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais sainordú dóibh. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais a bhaineann le hioncam agus caiteachas uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

Airteagal 21

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tír chomhlachaithe rannpháirteach san Ionstraim trí bhíthin an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tabharfaidh an tír chomhlachaithe na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, beidh an ceart imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, ar na cearta sin, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí a fhaightear a chur chun feidhme.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an Ionstraim ina rannchuidiú chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4.

4.   Trí acmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim, féadfar rannchuidiú le heagrú gníomhaíochtaí scaipthe, imeachtaí meaitseála agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta, go háirithe iad sin a mbeadh sé d’aidhm acu slabhraí soláthair a oscailt chun rannpháirtíocht trasteorann FBManna a chothú.

Airteagal 23

Meastóireacht

1.   Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar thorthaí na mbeart sin, chomh maith leis an deis a n-infheidhmeacht a leathnú agus foráil a dhéanamh maidir lena gcistiú, go háirithe maidir le héabhlóid an chomhthéacs slándála. Cuirfidh an tuarascáil mheastóireachta le comhairliúcháin na mBallstát agus na bpríomhpháirtithe leasmhara agus cuirfear in iúl í do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Agus an tuarascáil mheastóireachta á cur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún tograí a chur isteach maidir le haon leasú iomchuí ar an Rialachán seo, go háirithe d’fhonn leanúint d’aghaidh a thabhairt ar aon riosca leanúnach i ndáil le táirgí cosanta ábhartha a sholáthar.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 30 Meitheamh 2025. Ní dhéanfaidh sé sin difear do leanúnachas ná do mhodhnú gníomhaíochtaí a thionscnófar de bhun an Rialacháin seo ná d’aon ghníomhaíocht is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Tuairim an 14 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Iúil 2023.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(4)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(8)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1)

(10)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(13)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(14)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(16)  IO J L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(17)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1).

(18)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn), (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6).

(19)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(20)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.

(24)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(25)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(26)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).