24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 185/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1524 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile (2), (‘an Comhaontú Comhlachais’), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive. I gcomhréir le Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle (3), ón 1 Meán Fómhair 2014 i leith, bhí feidhm shealadach ag Teideal V den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)

Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (‘na Páirtithe’) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 143 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (CGTT 1994). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 147 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear in Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais agus an fhéidearthacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú.

(4)

I ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine atá ar siúl ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, tá tionchar thar a bheith diúltach ar chumas Phoblacht na Moldóive trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, go háirithe toisc go bhfuil onnmhairí ó Phoblacht na Moldóive ag brath ar idirthuras trí chríoch na hÚcráine agus ar úsáid bhonneagar na hÚcráine, rudaí nach bhfuil fáil orthu den chuid is mó faoi láthair. I bhfianaise imthosca criticiúla den sórt sin agus chun na drochéifeachtaí ar gheilleagar Phoblacht na Moldóive a mhaolú i ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is gá luas a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive agus tacaíocht thapa a thabhairt do gheilleagar Phoblacht na Moldóive. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint de na sreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm beart léirscaoilte trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir le luasghéarú i ndáil le deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an tAontas le comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach a áirithiú. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an comhbheartas tráchtála le stiúradh i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(6)

Rachaidh Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) in éag an 24 Iúil 2023.

(7)

Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; agus (ii) na taraif-chuótaí agus dleachtanna allmhairiúcháin uile a chur ar fionraí. Trí na bearta sin, déanfaidh an tAontas an comhtháthú eacnamaíoch idir Poblacht na Moldóive agus an tAontas a dhoimhniú agus tabharfaidh an tAontas tacaíocht eacnamaíoch iomchuí a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht na Moldóive agus do na hoibreoirí eacnamaíocha atá buailte i ngeall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

(8)

Chun calaois a chosc, ba cheart an teideal chun leas a bhaint as na bearta léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a bhaint go hiomlán a bheith faoi réir na gcoinníollacha ábhartha uile chun sochair a fháil faoin gcomhaontú comhlachais a bheith comhlíonta ag Poblacht na Moldóive, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus faoi réir Phoblacht na Moldóive a bheith ag obair i ndlúthchomhar riaracháin leis an Aontas, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)

Ba cheart do Phoblacht na Moldóive staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, sin nó ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá tann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. I gcás nach gcomhlíonann an Mholdóiv aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na bearta léirscaoilte trádála uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n-arm sin. Faoin Airteagal céanna, léiríonn na Páirtithe tiomantas go háirithe do na prionsabail ghinearálta seo a leanas: urraim do phrionsabail an smachta reachta agus an dea-rialachais, an comhrac i gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta, agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura n-urramóidh Poblacht na Moldóive na bunghnéithe sin ná na prionsabail ghinearálta sin a luaitear thuas.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna ina ndéanann allmhairí faoin Rialachán seo dochar do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(12)

Faoi réir measúnú trí mhíón gCoimisiún bunaithe ar fhaireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo agus a sheoltar tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair, ar dleachtanna custaim iad is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hallmhairí aon táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo.

(13)

Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)

I bhfianaise na staide eacnamaíche i bPoblacht na Moldóive agus dul in éag Rialachán (AE) 2022/1279 an 24 Iúil 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm, mar ábhar práinne, an 25 Iúil 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta léirscaoilte trádála

Tugtar isteach na bearta léirscaoilte trádála seo a leanas:

(a)

na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn XV-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí a chumhdaítear faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ó Phoblacht na Moldóive gan aon dleacht chustaim;

(b)

déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn XV-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais; ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairí na dtáirgí sin.

Airteagal 2

Coinníollacha chun bheith i dteideal na mbeart léirscaoilte trádála

Na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear in Airteagal 1, beidh siad faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonadh rialacha tionscnaimh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo ag Poblacht na Moldóive, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)

staonadh Phoblacht na Moldóive ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; agus

(c)

urraim Phoblacht na Moldóive do phrionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar aon le cur i gcoinne leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar a bhaineann leo agus na modhanna a úsáidtear chun iad a seachadadh, urraim do phrionsabail an smacht reachta agus dea-rialachais, an comhrac in gcoinne an éillithe, i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla, iad eagraithe nó gan a bheith eagraithe, lena n-áirítear iad siúd de chineál trasnáisiúnta agus i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus urraim do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh dá bhforáiltear in Airteagail 2, 9 agus 16 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Bearta a chur ar fionraí go sealadach

1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann gur mhainnigh Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na bearta léirscaoilte go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na bearta léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh sin i dtaobh an raibh bunús le maíomh an Bhallstáit nár chomhlíon Poblacht na Moldóive na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Coimirce brostaithe

1.   I gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh Phoblacht na Moldóive a allmhairiú faoi choinníollacha a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, na dleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais maidir le hallmhairí an táirge sin, féadfaidh an Coimisiún iad a thabhairt isteach an athuair tráth ar bith trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Féadfar na dleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais a thabhairt isteach an athuair chomh fada agus is gá chun cur i gcoinne na n-éifeachtaí díobhálacha le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo ar mhargadh an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar thionchar an Rialacháin seo, agus an fhaisnéis faoi onnmhairí, allmhairí, praghsanna ar mhargadh an Aontais agus táirgeadh an Aontais na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála á gcur san áireamh, faoi Airteagal 1, pointe (a).

Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin thráthrialta in iúl do na Ballstáit gach dhá mhí, ag tosú ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo d’fhonn dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair. Seolfar an measúnú sin:

(a)

ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát lena n-áirítear fianaise leordhóthanach prima facie atá ar fáil go réasúnach don Bhallstát sin de bhun mhír 4 d’allmhairí a dhéanann dochar do mhargadh an Aontais dá dtagraítear i mír 1; nó

(b)

ar thionscnamh an Choimisiúin uaidh féin, tar éis dó teacht ar an tuiscint gur dhealraitheach go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go ndéanann allmhairí dochar do mhargadh an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích laistigh de 3 mhí óna seoladh.

4.   Agus an measúnú á dhéanamh de bhun mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa mhargadh lena n-áirítear tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh an Aontais le haghaidh comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo. Áireofar sa mheasúnú sin tosca amhail:

(a)

ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann ó Phoblacht na Moldóive i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta; agus

(b)

éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar tháirgeadh agus ar phraghsanna an Aontais, agus forbairt allmhairí ó fhoinsí eile á cur san áireamh an tráth céanna.

Ní liosta uileghabhálach é an liosta seo agus féadfar tosca ábhartha eile a chur san áireamh freisin.

5.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go ndearnadh dochar do mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo agus ina bhfuil sé beartaithe aige dleachtanna custaim a thabhairt isteach an athuair, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go dtabharfar isteach an athuair nadleachtanna custaim is infheidhme ar shlí eile faoin gComhaontú Comhlachais ar allmhairí an táirge sin. Tabharfar achoimre san fhógra ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe agus sonrófar ann an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 10 mí ó dháta foilsithe an fhógra.

6.   I gcás inar gá gníomhú láithreach, de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, gan an nós imeachta a leagtar amach i mír 5 a leanúint agus tar éis dó an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur ar an eolas, aon bheart coisctheach a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart léirscaoilte trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin i bPoblacht na Moldóive agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú na dtáirgí faoi Airteagal 1, pointe (a), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn míosúil.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 25 Iúil 2023.

Beidh feidhm aige go dtí an 24 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 [(IO …)/(nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 20 Iúil 2023.

(2)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4

(3)  Cinneadh 2014/492/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2022/1279 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le bearta léirscaoilte trádála sealadacha lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí ó Phoblacht na Moldóive faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Mholdóiv, den pháirt eile (IO L 195, 22.7.2022, lch. 6).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)

(6)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).