|
(1)
|
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta dar teideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a’:
|
|
Ainm
|
Faisnéis chéannachta
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘94.
|
Aung Kyaw Min
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: circa 1958;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit
|
Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Aung Kyaw Min, ón 1 Feabhra 2023. Is iar-Phríomh-Aire den stát Rakhine é freisin. Tá an SAC faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a ghlac chuige féin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 1 Feabhra 2021, rud a chuir cosc ar an rialtas, a toghadh go daonlathach, a shainordú a chomhlíonadh.
Agus é ina chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Aung Kyaw Min leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021, inar maraíodh agóideoirí sibhialta agus neamharmtha, agus inar cuireadh srian leis an tsaoirse comhthionóil agus tuairimí a nochtadh.
Mar chomhalta de SAC, tá Aung Kyaw Min freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
20.7.2023
|
|
95.
|
Kyaw Swar Lin
ar a dtugtar freisin Kyaw Swar Linn
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Ardcheathrúnach fórsaí armtha Mhaenmar
|
Ceapadh an Leifteanant-Ghinearál Kyaw Swar Lin ina Ardcheathrúnach i mí na Bealtaine 2020. Is é an séú post is airde san arm i Maenmar/Burma é. Is Roinn faoi dhlínse na hAireachta Cosanta é Oifig an Ardcheathrúnaigh i Maenmar agus tá baint aici le soláthar arm agus trealaimh mhíleata d’Fhórsaí Armtha Mhaenmar. Ina theannta sin, reáchtálann Kyaw Swar Lin Myanmar Economic Corporation (MEC), atá ar cheann den dá ilchuideachta agus cuideachta shealbhaíochta atá á n-oibriú ag an arm agus a ghineann ioncam d’fhórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw).
Mar Ardcheathrúnach, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Kyaw Swar Lin ar lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tugann sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
20.7.2023
|
|
96.
|
Myint Kyaing
ar a dtugtar freisin U Myint Kyaing
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe:17.4.1957
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: An tAire Aontais um Inimirce agus Daonra
|
Is é Myint Kyaing an tAire Aontais um Inimirce agus Daonra ón 19 Lúnasa 2021. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Aontais um Shaothar tar éis an coup an 1 Feabhra 2021. Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, a ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit trí bhíthin coup míleata an 1 Feabhra 2021.
Mar Aire rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Ina cháil mar Aire Aontais, comhlíonann sé dualgais chun tacú le beartas diansmachta an réimis mhíleata um inimirce agus daonra mar shampla srianta ar shaoránaigh chun taisteal laistigh den tír chomh maith le beartas an réimis i leith an mhionlaigh Rohingya, ar sárú chearta an duine é. Ina cháil mar Aire Inimirce agus Daonra, glacann sé páirt freisin sna hullmhúcháin do na toghcháin a d’fhógair an t-arm chun an coup neamhdhleathach a dhlisteanú i mí Feabhra 2021.
Tá Myint Kyaing freagrach dá bhrí sin as an bonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus as tacaíocht le gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
20.7.2023
|
|
97.
|
Porel Aung Thein
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 1960í-1970í (thart ar 50 bliain d’aois)
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit
|
Is comhalta den Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é Porel Aung Thein ón 1 Feabhra 2023. Is comhalta é freisin den pháirtí seachmhíleata Union Solidarity and Development Party (USDP).
Tá SAC faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac sé chuige féin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 1 Feabhra 2021, rud a chuir cosc ar an rialtas, a toghadh go daonlathach, a shainordú a chomhlíonadh.
Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Porel Aung Thein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus comhthionól síochánta.
Tá sáruithe tromchúiseacha chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú na Comhairle Riaracháin Stáit ón 1 Feabhra 2021, inar maraíodh agóideoirí sibhialta agus neamharmtha, agus inar cuireadh srian leis an tsaoirse comhthionóil agus tuairimí a nochtadh.
Mar chomhalta de SAC, tá Porel Aung Thein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
|
20.7.2023
|
|
98.
|
Pwint San
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 13.7.1961
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Aire Aontais um Shaothar
|
Tá Pwint San ina Aire Aontais um Shaothar ón 19 Lúnasa 2022. Cheap an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021. Deimhníodh a sheasamh mar Aire Aontais um Saothar an 1 Feabhra 2023.
Ceapadh é roimhe sin mar Aire Aontais um Thráchtáil ón tréimhse ón 3 Feabhra 2021 go dtí an 19 Lúnasa 2022.
Mar Aire rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Faoina údarás, tá sárú córasach á dhéanamh ar chearta oibrithe, go háirithe cearta na n-oibrithe sin atá cleamhnaithe le gluaiseacht an fhreasúra. Mar Aire um Thráchtáil, d’éascaigh Pwint San allmhairiú earraí atá riachtanach chun cumhacht an réimis a choinneáil (e.g. ola bhreosla a allmhairiú). Thairis sin, trína ghníomhaíochtaí náisiúnta agus trína theagmhálacha idirnáisiúnta, rannchuidíonn sé le cumhacht neamhdhlisteanach an réimis mhíleata a chobhsú a thuilleadh. Ag an am céanna, cuireann an aireacht faoina húdarás leis na bristí soláthair laistigh den tír trí rialuithe allmhairiúcháin a fhorchur agus trí aistriú seoltán a shrianadh.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Pwint San ar lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
20.7.2023
|
|
99.
|
Thet Khaing Win
|
Náisiúntacht: Maenmar/Burma;
Dáta breithe: 13.7.1961
Áit bhreithe: Maenmar/Burma;
Inscne: fireann;
Feidhm: Aire Aontais um Sláinte
|
Is é an Dr Thet Khaing Win an tAire um Shláinte agus Spóirt ón 1 Feabhra 2021. Cheap an Chomhairle Riaracháin Stáit (SAC) é, faoi stiúir an Ard-Cheannasaí Min Aung Hlaing, agus ghlac an Chomhairle sin cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit ón 2 Feabhra 2021. Deimhníodh a sheasamh mar Aire Aontais um Shláinte an 1 Feabhra 2023.
Roimh an coup, bhí sé ina rúnaí buan ar an Aireacht um Shláinte agus Spóirt.
Mar Aire rialtais, is cuid é den réimeas míleata a d’urghabh cumhacht le linn coup míleata agus a chuir ceannairí a toghadh go dlisteanach i Maenmar/Burma as cumhacht. Faoina údarás, briseadh na céadta dochtúirí as a bpost ar chúiseanna polaitiúla agus cúlghaireadh a gceadúnais. Dhiúltaigh sé freisin iarrataí na OCHA na Náisiún Aontaithe ar rochtain mhéadaithe chun críoch cabhrach le linn na paindéime. Faoina údarás, tathantaíodh ar ospidéil phríobháideacha gan fostaíocht a thabhairt do dhochtúirí a dhiúltaigh obair a dhéanamh in ospidéil phoiblí faoin réimeas míleata.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Dr. Thet Khaing Win ar lena ghníomhartha, lena bheartais agus lena ghníomhaíochtaí a bhaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, agus tá sé i mbun gníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.
|
20.7.2023’
|
|