14.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 179/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1449 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meitheamh 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le híoc na cabhrach, aistrithe idir leithdháiltí agus seiceálacha riaracháin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001, agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25, an chéad mhír, pointí (a),(b) agus (e) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 60(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 44(3b) de Rialachán (AE) 2021/2116, tugadh isteach do na Ballstáit an deis réamhíocaíochtaí a íoc faoin scéim cabhrach a leagtar síos i gCuid II, Teideal I, Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (‘an scéim scoile’) i leith cabhair le haghaidh na scoilbhliana 2023/2024 agus na scoilbhlianta ina dhiaidh sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), forlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 trí rialacha a leagan síos, inter alia, maidir le hurrúis, lena n-áirítear coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí cabhrach faoin scéim scoile a íoc leis na hiarratasóirí i bhfoirm céatadáin uasta cabhrach agus maidir leis an gceangal ar iarratasóirí ar chabhair urrús a thaisceadh. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (4), leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm na scéime scoile, lena n-áirítear rialacha maidir leis an ábhar i straitéisí na mBallstát, agus maidir le hiarratas a dhéanamh ar chabhair agus íoc na cabhrach tar éis chur chun feidhme ghníomhaíochtaí na scéime scoile. Ba cheart rialacha cur chun feidhme a leagan síos faoina bhféadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí a íoc faoin scéim scoile. |
(3) |
Ba cheart na rialacha a leagan síos maidir leis an ábhar, an mhinicíocht agus an fhianaise chun tacú leis na hiarratais ar chabhair faoin scéim scoile atá le cur isteach ag iarratasóirí ar chabhair. |
(4) |
Le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 leagtar síos na híoscheanglais nach mór na hiarratais ar chabhair a bheith i gcomhréir leo chun gur féidir leis na hiarratasóirí ar chabhair iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil, tar éis chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a mbaineann a n-iarratais ar chabhair leo, chun aisíocaíocht an chaiteachais arna thabhú a éileamh. Sonraítear ann freisin an fhianaise dhoiciméadach a bhfuil gá léi chun tacú leis na hiarratais sin. An oibleagáid maidir le hiarratas ar chabhair a chur isteach, ba cheart feidhm a bheith aici freisin i gcás ina bhfuil réamhíocaíocht cabhrach faighte ag an iarratasóir ar chabhair. Is iomchuí, áfach, ceanglais shonracha a leagan síos maidir leis na hiarratais ar chabhair i gcás inar íocadh réamhíocaíochtaí. |
(5) |
Le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar síos na coinníollacha faoina n-íocfaidh na húdaráis inniúla an chabhair le hiarratasóirí ar chabhair chun na costais a aisíoc arna dtabhú le linn do ghníomhaíochtaí na scéime scoile a bheith á gcur chun feidhme. Is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na húdaráis inniúla réamhíocaíochtaí cabhrach a íoc le hiarratasóirí ar chabhair agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha i dtaca leis an gcabhair a íoc i gcás inar íocadh réamhíocaíocht cabhrach. Thairis sin, na coinníollacha maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin, ba cheart iad a leagan amach in Airteagal 4 ós rud é go dtacaíonn siad leis na hiarratais ar chabhair. |
(6) |
Le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar síos na spriocdhátaí maidir le haistrithe idir na leithdháiltí airgeadais le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna, agus maidir leis na fógraí aistrithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin sna hiarrataí ar chabhair ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 23a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, féadfar na haistrithe a dhéanamh uair amháin in aghaidh na scoilbhliana, sula socrófar na leithdháiltí críochnaitheacha don scoilbhliain dár gcionn, nó idir leithdháiltí táscacha an Bhallstáit, nó tar éis thús na scoilbhliana, idir leithdháiltí críochnaitheacha an Bhallstáit, i gcás inar socraíodh na leithdháiltí sin le haghaidh an Bhallstáit atá i gceist. De bhun Airteagail 3 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi mhéid aon aistrithe den sórt sin idir leithdháiltí críochnaitheacha faoin 31 Eanáir sa scoilbhliain ina ndéantar iad. D’fhonn níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir lena leithdháiltí a bhainistiú agus d’fhonn ionsú na leithdháiltí a uasmhéadú, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit aistrithe a dhéanamh idir leithdháiltí críochnaitheacha an Bhallstáit tar éis an dáta sin agus fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu faoin 31 Lúnasa tar éis na scoilbhliana lena mbaineann. |
(7) |
Leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 rialacha sonracha maidir leis na seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit chun comhlíonadh reachtaíocht na scéime scoile a áirithiú. Áirítear leo seiceáil chórasach riaracháin na n-iarratas uile ar chabhair agus na gceanglas uile maidir leis na seiceálacha ar na doiciméid tacaíochta a cuireadh isteach in éineacht leis na hiarratais ar chabhair. Is iomchuí a fhoráil go mbeidh feidhm ag na rialacha céanna maidir leis na hiarratais ar réamhíocaíochtaí cabhrach. Thairis sin, ar bhonn taithí atá faighte ar chur chun feidhme na scéime scoile, agus ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, is iomchuí a shonrú freisin gur cheart na seiceálacha riaracháin a dhéanamh sula n-íocfar an chabhair. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a leasú dá réir. |
(9) |
Ós rud é gur i leith cabhair don scoilbhliain 2023/2024 agus do na scoilbhlianta ina dhiaidh sin amháin a fhéadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dheonú, agus chun am leordhóthanach a thabhairt dóibh a gcóras rialaithe a oiriúnú, is iomchuí a fhoráil gur i leith cabhair don scoilbhliain 2023/2024 agus do na scoilbhlianta ina dhiaidh sin amháin a bheidh feidhm ag na leasuithe ar na forálacha maidir le réamhíocaíochtaí agus seiceálacha. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
(*1) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).’;" |
(2) |
cuirtear an tAirteagal 3a seo a leanas isteach tar éis Airteagal 3: ‘Airteagal 3a Iarratais ar réamhíocaíochtaí cabhrach arna gcur isteach ag iarratasóirí ar chabhair 1. Na Ballstáit a chinneann réamhíocaíochtaí cabhrach a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 44(3b) de Rialachán (AE) 2021/2116, cinnfidh siad foirm, ábhar, minicíocht agus spriocdháta na n-iarratas ar réamhíocaíochtaí cabhrach arna gcur isteach ag iarratasóirí ar chabhair. 2. Sonróidh na Ballstáit na doiciméid a chuirfear isteach chun tacú le hiarratais ar réamhíocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear na doiciméid is gá chun an méid a bhfuil na hiarratasóirí ina theideal a ríomh.’ |
(3) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 An chabhair a íoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí cabhrach 1. Ní íocfaidh an t-údarás inniúil réamhíocaíochtaí cabhrach go dtí go gcuirfear iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 3a den Rialachán seo agus, i gcás ina gceanglaítear taisceadh an urrúis dá dtagraítear in Airteagal 15b de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 (*2) ón gCoimisiún, go dtí go gcuirfear fianaise dhoiciméadach isteach maidir le taisceadh an urrúis, ach amháin i gcás ina bhfuil cruthúnas ag an údarás inniúil cheana gur taisceadh an t-urrús. 2. Maidir le cabhair le haghaidh aisíoc na gcostas arna dtabhú le linn don scéim scoile a bheith á cur i bhfeidhm, ní íocfaidh an t-údarás inniúil í go dtí go gcuirfear iarratas isteach, mar aon leis an bhfianaise thacaíochta a bhfuil gá léi i gcomhréir le hAirteagal 4. Íocfar an chabhair laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfear an t-iarratas ar chabhair isteach, ach amháin i gcás ina bhfuil tús curtha le fiosrúcháin riaracháin. I gcás inar íocadh réamhíocaíocht, is ionann an íocaíocht cabhrach agus an difríocht idir méid na cabhrach atá le híoc agus méid na réamhíocaíochta a íocadh. (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).’;" |
(5) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Maidir le haistrithe idir leithdháiltí críochnaitheacha, de réir Airteagal 23a(4), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás nach ndearnadh aon aistrithe idir leithdháiltí táscacha, déanfar iad a fhógairt san iarraidh ar chabhair ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo nó san fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit leithdháiltí críochnaitheacha a aistriú tar éis an 31 Eanáir i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún fúthu faoin 31 Lúnasa tar éis na scoilbhliana lena mbaineann.’ |
(6) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(2) go (4) agus (6) maidir le cabhair ón scoilbhliain 2023/2024 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).