12.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/45


RIALACHÁN (AE) 2023/1442 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Iúil 2023

Lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia, i dtaca le hathruithe ar údaruithe substaintí agus substaintí nua a chur isteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (a), (d), (e), (h) agus (i), Airteagal 11(3) agus Airteagal 12(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha sonracha maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia. Go háirithe, le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 bunaítear liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe is féidir a úsáid d’aon ghnó chun ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia a mhonarú.

(2)

Ó rinneadh an leasú deireanach ar Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairimí eolaíocha breise maidir le substaintí nua a fhéadfar a úsáid in ábhair theagmhála bia (‘FCM’) agus maidir le húsáid substaintí atá údaraithe cheana féin. Ina theannta sin, sainaithníodh débhríochtaí áirithe a bhain le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Chun a áirithiú go gcuirfear dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, go háirithe na torthaí is déanaí ón Údarás, agus chun deireadh a chur le haon amhras maidir lena chur i bhfeidhm ceart, ba cheart an Rialachán sin a leasú.

(3)

Údaraítear an tsubstaint ‘plúr adhmaid agus snáithíní adhmaid, neamhchóireáilte’ (Uimh. FCM 96,‘adhmad’) faoi láthair mar bhreiseán in ábhair phlaisteacha theagmhála bia ar bhonn meastóireacht ón gCoiste Eolaíoch um Bia inar thángthas ar an gconclúid gur ábhair thámha iad plúr adhmaid agus snáithíní adhmaid. Mar sin féin, ina thuairim uaidh (3) i mí na Samhna 2019 ní raibh an tÚdarás in ann foras na conclúide sin a bhailíochtú. Dúirt sé nach féidir adhmad a mheas mar ábhar támh per se, de bharr mhéid na substaintí ísealmheáchain mhóilíneacha ann. Thairis sin, ní léirítear sa tuairim aon choinníollacha faoina bhféadfaí a mheas go bhfuil úsáid adhmaid i bplaistigh sábháilte, agus tugann sí dá haire, de bharr na ndifríochtaí ceimiceacha i gcomhdhéanamh na n-ábhar plandaí, nach mór sábháilteacht ascnamh na n-ábhar sin a mheas ar bhonn cás ar chás, agus aird á tabhairt ní hamháin ar an speiceas ach freisin ar an tionscnamh, ar an próiseáil, ar an gcóireáil le haghaidh comhoiriúnú leis an bpolaiméir óstach agus ar an measúnú ar na comhábhair ísealmheáchain mhóilíneacha a ascnaíonn isteach i mbia. Ós rud é nach gcuirtear na gnéithe sin san áireamh san údarú maidir le hadhmad atá ann faoi láthair agus, dá bhrí sin, nach bhféadfar aird leordhóthanach a thabhairt ar úsáid shábháilte na substainte sin i bplaisteach, agus nach ndearna an tÚdarás foráil maidir le srianta eile a d’áiritheodh úsáid shábháilte na substainte sin i bplaisteach, ba cheart an t-údarú a chúlghairm.

(4)

An 29 Aibreán 2020, tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch (4) ina ndearnadh athbhreithniú ar na 451 substaint a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, nach bhfuil aon teorainn ascnaimh shonrach (‘SML’) socraithe ina leith de bhun Airteagal 11(1)(e) den Rialachán sin. Mheas sé gur ghá athmheastóireacht a dhéanamh ar 284 de na substaintí sin chun a chinneadh an bhfuil gá le teorainn ascnaimh shonrach agus rinne sé iad a aicmiú i dtrí ghrúpa tosaíochta. Cuireadh trí shubstaint isteach sa ‘ghrúpa ardtosaíochta’. As na trí shubstaint sin, is eol go n-úsáidtear stiréin (Uimh. FCM 193) go forleathan agus tá sí faoi réir athmheastóireachta cheana féin, agus maidir leis an tsubstaint aigéad lárach, eistear vinile (Uimh. FCM 436) chuir úsáideoir sonraí breise ar fáil don Údarás a léirigh go ndéanfadh athmheastóireacht í a aicmiú i ngrúpa tosaíochta níos ísle. Maidir leis an tríú substaint, aigéad salaicileach (Uimh. FCM 121), áfach, ní dhearna aon duine d’úsáideoirí na substainte sin teagmháil leis an gCoimisiún nó leis an Údarás, tar éis di a bheith curtha ar an liosta ardtosaíochta agus tar éis do sheirbhísí an Choimisiúin dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara maidir lena húdarú a chúlghairm. Ní féidir leis an Údarás meastóireacht a dhéanamh ar úsáid substainte gan úsáideoir aitheanta a bheith ann, áfach, toisc go mbíonn air na coinníollacha úsáide a bheartaítear maidir leis an ábhar nó leis an earra ina n-úsáidfí an tsubstaint a chur san áireamh, agus ní féidir le haon duine ach an t-úsáideoir faisnéis den sórt sin a sholáthar. Ina theannta sin, dá gcuirfí ar fáil an fhaisnéis sin, is ar a bonn, den chuid is mó, a dhéanfaí raon feidhme aon údaraithe amach anseo a chinneadh, ar údarú é a d’fhéadfadh a bheith níos teoranta ná an t-údarú leathan atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ós rud é nach eol aon úsáid shonrach ná úsáideoir sonrach aigéad salaicileach, agus i bhfianaise na héiginnteachta maidir leis na coinníollacha úsáide faoina gcomhlíonfadh úsáid na substainte sin Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, is iomchuí an t-údarú reatha d’aigéad salaicileach a chúlghairm.

(5)

Bunaithe ar thuairimí ón Údarás a glacadh in 2005 (5), tá cúig shubstaint ó ghrúpa ar a dtugtar ‘taláití’ de ghnáth, is iad sin Uimh. FCM 157 (‘DBP’), Uimh. FCM 159 (‘BBP’), Uimh. FCM 283 (‘DEHP’), Uimh. FCM 728 (‘DINP’) agus Uimh. FCM 729 (‘DIDP’), a údaraítear mar bhreiseáin lena n-úsáid mar phlaisteacháin agus mar oibreáin tacaíochta teicniúla in FCM plaisteach, faoi réir srianta sonracha ar úsáid agus teorainneacha ascnaimh.

(6)

Tar éis tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘ECHA’) a fháil in 2017 maidir le tograí srianta le haghaidh roinnt de na taláití sin (6), d’iarr an Coimisiún ar an Údarás athmheasúnú a dhéanamh ar an riosca don tsláinte phoiblí ó thaláití a údaraítear lena n-úsáid i FCM plaisteach. Dá bhrí sin, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch an 18 Meán Fómhair 2019 (7) lena ndeimhnítear na TDInna aonair a leagtar amach ina thuairimí uaidh in 2005 i leith gach ceann de na cúig thaláit ach rinneadh é sin ar bhonn sealadach amháin (t-TDI), de dheasca roinnt teorainneacha agus éiginnteachtaí a bhain leis an measúnú, ar nithe iad ar cheart aghaidh a thabhairt orthu amach anseo.

(7)

Shuigh an tÚdarás t-TDI grúpa nua freisin, bunaithe ar shásra comhchoiteann gníomhaíochta is bun le héifeachtaí atáirgthe DBP, BBP agus DEHP, agus a n-acmhainneachtaí coibhneasta á gcur san áireamh. Anuas air sin, mheas an tÚdarás gurb iomchuí DINP a chur san áireamh i t-TDI an ghrúpa mar chur chuige coimeádach bunaithe ar a éifeachtaí neamhbhuan ar leibhéil téististéaróin féatais, agus an neart níos airde DINP ar an ae á chur san áireamh ag an am céanna. Maidir le t-TDI an ghrúpa i gcás DBP, BBP, DEHP agus DINP, shocraigh an tÚdarás é ag 50 micreagram in aghaidh an chileagraim de mheáchan coirp (μg/kg bw) arna shloinneadh mar neart coibhéiseach DEHP. Níor chuir an tÚdarás DIDP san áireamh i t-TDI an ghrúpa agus shocraigh sé t-TDI aonair de 150 μg/kg bw ina leith bunaithe ar éifeachtaí ar an ae, agus é i gcomhréir lena thorthaí ó 2005.

(8)

Chun an riosca a shaintréithriú tuilleadh, rinne an tÚdarás measúnú ar nochtadh cothúcháin mar chuid den tuairim chéanna. Cé nach raibh sé in ann an rannchuidiú ó FCM plaisteach a chinneadh go sonrach, rinne sé meastacháin maidir le nochtadh cothúcháin i gcás gach ceann de na cúig thaláit, meastacháin arb ionann iad agus na meastacháin ar na gcásanna is measa de nochtadh ó fhoinsí FCM. Bunaithe ar mheasúnú comhiomlánaithe ar nochtadh cothúcháin i gcás DBP, BBP, DEHP agus DINP, tháinig sé ar an gconclúid gurb ionann nochtadh cothúcháin agus suas le 14 % de t-TDI an ghrúpa de 50 μg/kg bw i gcás an mheántomhaltóra agus suas le 23 % de t-TDI an ghrúpa i gcás ardtomhaltóirí. Léiríonn na meastacháin maidir le DIDP go bhfuil nochtadh cothúcháin i bhfad faoi bhun an t-TDI de 150 μg/kg bw i gcás meántomhaltóirí agus ardtomhaltóirí araon.

(9)

Ina theannta sin, rinne an tÚdarás breithniú ar nochtadh tomhaltóirí do thaláití eile, go háirithe 1,2-bis(2-meitilpróipil) beinséin-1,2-décharbocsaioláit (taláit dé-iseabúitile nó ‘DIBP’; Uimh. FCM 1085; Uimhir CAS 84-69-5), ar substaint í nach n-údaraítear mar bhreiseán le haghaidh FCM plaisteach, ach a d’fhéadfadh a bheith i láthair ann i méideanna níos lú ina heisíontas nó mar thoradh ar a húsáid mar oibreán tacaíochta teicniúla i bpróiseas monaraíochta cineálacha áirithe plaistigh. Thug an tÚdarás dá aire go gcuireann DIBP go mór leis an nochtadh foriomlán agus leis an riosca do thomhaltóirí ó thaláití agus gur cheart don bhainisteoir riosca an nochtadh sin mar aon lena neart maidir le héifeachtaí atáirgthe a chur san áireamh freisin. Thug an tÚdarás dá aire freisin go n-eascraíonn nochtadh tomhaltóirí do thaláití as foinsí eile seachas an aiste bia. Rannchuidítear go suntasach le nochtadh iomlán taláití trína láithreacht in earraí tomhaltóra agus in ábhair thógála agus trí theagmháil dheirmeach leo ina dhiaidh sin, chomh maith le hionanálú aeir agus deannaigh sa timpeallacht laistigh.

(10)

Chun t-TDI an ghrúpa i gcás DBP, BBP agus DEHP agus breithnithe an Údaráis maidir le DIBP a chur san áireamh, agus, go háirithe, chun a áirithiú nach sáróidh nochtadh do na taláití sin ó FCM plaisteach t-TDI an ghrúpa, ba cheart teorainn ascnaimh iomlán nua (SML(T)) a shuí. Ar mhaithe le soiléireacht agus simpliú, áfach, go háirithe maidir le comhlíonadh a bhunú nó le linn do rialuithe oifigiúla a dhéanamh i gcásanna nár úsáideadh ach ceann amháin de na taláití sin, ba cheart SMLanna aonair a choinneáil le haghaidh na dtaláití údaraithe agus é sin sa bhreis ar na SML(T)anna.

(11)

Cé gur chuir an tÚdarás DINP san áireamh i t-TDI an ghrúpa freisin, suíodh SML(T) i gcás DINP in éineacht le DIDP roimhe sin toisc gur meascáin iad a bhfuil forluí ceimiceach eatarthu agus nach bhféadfaí idirdhealú anailíseach a dhéanamh orthu i gcás comhtharlú. Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le modhanna anailíseacha ó suíodh an SML(T) sin, tá gá fós le tuilleadh oibre bailíochtaithe sula bhféadfaí údaráis inniúla DINP agus DIDP a idirdhealú go rialta agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh acu. Is iomchuí, dá bhrí sin, SML(T) ar leith a choinneáil le haghaidh shuim DINP agus DIDP agus toirmeasc a chur ar úsáid DINP in éineacht le DBP, BBP agus DEHP, agus in éineacht le DIBP chomh maith, i gcás ina bhféadfar é sin a úsáid mar oibreán tacaíochta teicniúla, chun aon chomhnochtadh féideartha ón FCM plaisteach céanna a sheachaint.

(12)

Agus é á chur san áireamh go meastar go mbeidh an nochtadh comhiomlánaithe ó FCManna agus ó fhoinsí seachas FCManna araon thart ar leibhéal an t-TDI, agus go bhféadfadh carnadh tarlú sa slabhra monaraíochta bia de bharr ascnamh ó threalamh próiseála bia agus ó phacáistíocht bia freisin, agus an leibhéal suntasach éiginnteachta maidir leis na meastacháin reatha le haghaidh nochta á chur san áireamh, is iomchuí an nochtadh a chur san áireamh trí fhachtóir leithdháilte de 20 % i gcás DBP, BBP, DEHP agus DINP in FCM plaisteach. Agus an gá leis an SML(T) le haghaidh DINP agus DIDP a choinneáil á chur san áireamh, is iomchuí an fachtóir leithdháilte sin a úsáid le haghaidh gach ceann de na cúig thaláit agus an SML(T) agus na SMLanna aonair á socrú.

(13)

Údaraítear an tsubstaint fosfónáit dé-eitile[[3,5-bis(1,1-démheitileitil)-4-hiodrocsaifeinil]meitile] (Uimh. FCM 1007) i láthair na huaire lena húsáid suas le 0,2 % (meáchan/meáchan) bunaithe ar an meáchan polaiméire deiridh sa phróiseas polaiméirithe chun polai(teireataláit eitiléine) (‘PET’) a mhonarú. An 26 Eanáir 2022, tar éis dó iarratas a fháil ar úsáid na substainte sin a leathnú, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch fhabhrach (8) maidir lena húsáid suas le 0,1 % (meáchan/meáchan) bunaithe ar an meáchan polaiméire deiridh sa phróiseas polaiméirithe chun pola(2,5-fúráindécharbocsaláit eitiléine) (‘PEF’) a mhonarú. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, nuair a úsáidtear an méid sin den tsubstaint, nár braitheadh ascnamh na substainte de bharr a hionchorpraithe sa slabhra poileistir. De bharr an ionchorpraithe sin, níl aon chúis ann ach an oiread, nuair a úsáidtear í in PEF ar leibhéal úsáide 0,2 % meáchan/meáchan, chun glacadh leis go mbeadh ascnamh na substainte i bhfad níos airde. Dá bhrí sin, ós rud é go n-eascraíonn úsáid shábháilte na substainte as í a ionchorprú go hiomlán sa pholaiméir, agus ar mhaithe le comhsheasmhacht agus simplíocht, is iomchuí an t-údarú atá ann cheana maidir le leibhéal úsáide na substainte sin in PET ag 0,2 % meáchan/meáchan a shíneadh chuig monarú PEF freisin.

(14)

Le Rialachán (AE) 2019/1338 ón gCoimisiún (9) údaraíodh an tsubstaint Polai(R)-3-hiodrocsabúitráit-có-(R)-3-hiodrocsaiheacsánóáit) (‘PHBH’, Uimh. FCM 1059). Dealraíonn sé, áfach, gur gá soiléiriú a dhéanamh ar shonraíocht maidir le húsáid cheadaithe na substainte sin. Ar thaobh amháin, ós rud é gur macramóilín é PHBH a fhaightear ó choipeadh miocróbach agus go gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 go sonraítear go bhfaightear macramóilín ón gcoipeadh sin, ba cheart an tagairt don mhodh táirgthe sin a chur le sonraíocht PHBH. Ina theannta sin, leis an údarú ceadaítear tréimhse ghearr téamh suas, gan uasteocht a shonrú. In éagmais uasteochta, d’fhéadfaí téamh a cheadú ag teochtaí níos airde ná na teochtaí dá bhforáiltear sa tuairim ón Údarás ar ar údaraíodh an tsubstaint, tuairim a thagraíonn do dhálaí ‘líonadh te’, a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar theocht nach mó ná 100 °C tráth an líonta. Ina theannta sin, léirítear sa tuairim go bhfuil leáphointe sa raon 120–150 °C ag plaisteach a mhonaraítear leis an tsubstaint. Thairis sin, tugtar le tuiscint in éagmais uasteochta nach bhfuil sé soiléir cé na coinníollacha tástála ba cheart a úsáid chun comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a fhíorú maidir leis an tsonraíocht a bhaineann leis an ‘tréimhse ghearr téamh suas’. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsonraíocht a shoiléiriú trí choinníoll úsáide a léiriú nach sáraíonn na coinníollacha teochta dá bhforáiltear sa tuairim.

(15)

Ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch fhabhrach (10) maidir le húsáid na substainte ‘aigéad fosfarach, eistear trífheinile, polaiméir le alfa-hidrea-óimige-hiodrocsapola[ocsa(meitil-1,2-eatándé-il)], eistir ailcile C10–16 (Uimh. FCM 1076) mar bhreiseán suas le 0,025 % meáchan/meáchan i gcomhpholaiméirí aicrilinítríle-bútaidhé-éin-stiréine (ABS). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach ábhar imní é úsáid na substainte maidir le sábháilteacht an tomhaltóra má úsáidtear í mar bhreiseán suas le 0,025 % meáchan/meáchan in ábhair agus earraí ABS lena n-úsáid aon uair amháin agus lena n-athúsáid agus iad i dteagmháil le bianna de chineál uiscí, aigéadach, alcólach agus de chineál eibleacht uisce-in-ola, le haghaidh stóráil fhadtéarmach ag teocht an tseomra agus faoina bun, agus mura sáraíonn an t-ascnamh 0,05 mg/kg bia. Ós rud é go ndearnadh na tástálacha ascnaimh chun úsáidí a mbíonn teagmháil le gach cineál bia i gceist leo a chumhdach, is iomchuí úsáid an bhreiseáin sin a údarú i leith monarú ábhar agus earraí ABS a bhíonn i dteagmháil le gach cineál bia le haghaidh gach úsáide ag teocht an tseomra agus faoina bun agus teorainn ascnaimh a leagan amach i gcomhréir leis an tuairim ón Údaráis.

(16)

An 19 Meán Fómhair 2019, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch fhabhrach (11) maidir le húsáid na substainte trís(2-eitilheicsil) beinséin-1,2,4-eistear trícharbocsaioláit (Uimh. FCM 1078, uimhir CAS 3319-31-1), mar bhreiseán (plaisteachán) in FCM polai(viniolclóiríd) (‘PVC’). Sa tuairim sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta é úsáid FCM Uimh. 1078 ar an iomlán nuair a úsáidtear é i monarú PVC bog. Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint sin a údarú dá réir sin. Mar sin féin, tá conclúid an Údaráis coinníollach ar ascnamh substainte nach mó ná 5 mg/kg bia. Ina theannta sin, thug an tÚdarás le fios gur cheart breithniú a dhéanamh ar fhachtóir leithdháilte a chur i bhfeidhm de bharr an rannchuidithe bhreise ó fhoinsí eile a d’fhéadfadh cur leis an nochtadh ó FCManna plaisteacha. I bhfianaise easpa sonraí nochta arna dtomhas go díreach maidir leis an tsubstaint sin i dtaca leis an daonra foriomlán ó gach foinse, is iomchuí fachtóir leithdháilte 20 % a chur i bhfeidhm go dtí go déanfar sonraí eolaíocha iomchuí a sholáthar. Thairis sin, luaigh an tÚdarás ina thuairim uaidh nach gcumhdaítear lena mheastóireacht úsáid na substainte sin agus í i dteagmháil le ‘bianna naíonán’. Dá bhrí sin, níor léiríodh maidir le húsáid na substainte sin agus í i dteagmháil le ‘bianna naíonán’ go gcomhlíonfadh sí ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004. Dá bhrí sin, ba cheart údarú na substainte sin a bheith faoi réir teorann ascnaimh 1 mg/kg bia agus faoi réir srian lena gcuirtear cosc ar í a bheith i dteagmháil le bianna a cheaptar lena n-úsáid mar bhianna do naíonáin. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht le srianta comhchosúla, is iomchuí tagairt a dhéanamh don sainmhíniú ar ‘naíonán’ a leagtar síos in Airteagal 2(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(17)

Thairis sin, ós rud é, le srian grúpa 32 i dtábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, go leagtar amach SML(T) le haghaidh plaisteachán agus gur plaisteachán í an tsubstaint Uimh. FCM 1078 freisin, is iomchuí an srian grúpa sin a chur i bhfeidhm maidir leis an tsubstaint sin freisin. Ina theannta sin, chun aon amhras maidir le cineál an tsriain ghrúpa sin a shoiléiriú, is iomchuí a léiriú go mbaineann sé le plaisteacháin.

(18)

An 29 Aibreán 2020, tar éis don Údarás iarratas a fháil chun úsáid na substainte (trí-eatánólaimín-sárchlóráit, salann sóidiam) démhéir (Uimh. FCM 1080) a údarú mar bhreiseán in PVC docht le haghaidh buidéil athúsáide a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le huisce, ghlac sé tuairim eolaíoch fhabhrach (13) maidir leis an úsáid sin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbeadh a húsáid sábháilte dá mbeadh sí i dteagmháil le huisce agus le bianna uiscí aigéadacha, amhail súnna torthaí, mar, in uisce agus i mbianna uiscí aigéadacha araon, déanann an tsubstaint (trí-eatánólaimín-sárchlóráit, salann sóidiam) démhéir a dhícheangal go hiomlán ina trí-eatánólaimín agus ina sárchlóráit. Tá an dá shubstaint sin san áireamh cheana i liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe, trí-eatánólaimín mar Uimh. FCM 793 le teorainn ascnaimh 0,05 mg/kg, agus sárchlóráit mar Uimh. FCM 822 le teorainn ascnaimh 0,002 mg/kg. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha sin maidir le Uimh. FCM 1080 freisin toisc, i gcás ina n-úsáidtear an tsubstaint i bplaisteach atá i dteagmháil le huisce agus le bianna uiscí aigéadacha, tá a sábháilteacht faoi rialú iomlán ag na teorainneacha ascnaimh a bunaíodh don dá shubstaint sin de dheasca a díthiomsaithe. Thairis sin, dheimhnigh an tÚdarás gur cheart ascnamh FCM Uimh. 822 a shloinneadh mar shárchlóráit (14). Is iomchuí, dá bhrí sin, dhá shrian grúpa a bhunú i dtábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, lena gcuimsítear substaint Uimh. FCM 1080 mar aon le substaint Uimh. FCM 793 i ngrúpa amháin, agus substaint Uimh. FCM 822 arna sloinneadh mar shárchlóráit sa ghrúpa eile. Is iomchuí, dá bhrí sin, substaintí Uimh. FCM 793 agus 822 a leasú dá réir sin, agus an tsubstaint (trí-eatánólaimín-sárchlóráit, salann sóidiam) démhéir (Uimh. FCM 1080) a áireamh mar bhreiseán i liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe, agus an srian ann nár cheart í a úsáid ach amháin le bianna a áirítear sa chatagóir bia a bhfuil uimhir thagartha 01.01.A ag gabháil léi i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III a chuimsíonn uisce agus na bianna uiscí aigéadacha a rinne an tÚdarás a mheas.

(19)

Tar éis don Údarás iarratas a fháil ar úsáid na substainte N, N-bis(2-hiodrocsa-eitil)stéaralaimín a eistear go páirteach le haigéid shailleacha C16/C18 sáithithe (Uimh. FCM 1081) a údarú mar bhreiseán, in FCM plaisteach a bhíonn i dteagmháil le bianna tirime, le bianna aigéadacha agus le deochanna alcólacha a bhféadfaí a stóráil suas le sé mhí ag teocht chomhthimpeallach, ghlac sé tuairim eolaíoch pháirtfhabhrach (15) maidir leis an úsáid sin. Mar chuid dá mheastóireacht, rinne an tÚdarás breithniú ar na sonraí ascnaimh a chuir an t-iarratasóir ar fáil chun tástáil a dhéanamh maidir le dálaí stórála ar feadh tréimhse os cionn sé mhí ag teocht an tseomra agus faoina bun. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta don tomhaltóir é N,N-bis(2-hiodrocsa-eitil)stéarolaimín nuair a úsáidtear é suas le 2 % (meáchan/meáchan) i ngach polaiméir nach bhfuil beartaithe lena dteacht i dteagmháil ach le bianna tirime, ar choinníoll maidir le hascnamh suim N,N-bis(2-hiodrocsaitil)stéaraimín agus a mhona-eistear agus a dhé-eistear, arna ríomh mar N,N-bis(2-hiodrocsa-eitil)stéaraimín, nach sáraíonn an t-ascnamh SML(T) i gcás substaintí Uimh. FCM 19 agus 20, ina raibh, de réir an Údaráis, ascnamh mona-eistear agus dé-eistear N,N-bis(2-hiodrocsaeitil)stéaralaimín le háireamh freisin. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid na substainte sin a údarú suas le 2 % (meáchan/meáchan) le haghaidh monaraíocht FCM plaisteach nach bhfuil beartaithe lena dteacht i dteagmháil ach le bianna tirime ag teocht an tseomra, agus ba cheart í a áireamh sa srian grúpa a leagtar síos le haghaidh na substaintí a bhfuil Uimh. FCM 19 agus 20 iontu.

(20)

Mheas an tÚdarás freisin, áfach, nár fhág na sonraí a cuireadh ar fáil go bhféadfaí measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar an tsubstaint le Uimh. FCM 1081 ann i gcás teagmháil le bianna aigéadacha agus le deochanna alcólacha, agus léirigh sé go mbeadh ascnamh ard ann i gcás teagmháil le bianna sailleacha go háirithe. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú a dhéanamh ar an riosca intuartha go n-úsáidfeadh tomhaltóirí plaisteach ina mbeadh an tsubstaint sin i gcás teagmháil le bianna eile seachas bianna tirime. Chun na críche sin, níor cheart an tsubstaint sin a úsáid ach amháin in iarratais ar úsáid i gcás pacáistiú bia ag oibreoirí gnólachtaí bia. Ina theannta sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh méadú teacht ar an ráta ascnaimh i gcás leibhéal níos ísle eistearúcháin agus go bhféadfadh an ráta ascnaimh sin teorainneacha ascnaimh a shárú i gcás tiús níos airde den ábhar plaisteach ina n-úsáidtear í, agus go bhféadfadh paraiméadair eile, cur i gcás polaraíocht na polaiméire, a bheith ábhartha freisin. Dá bhrí sin, is iomchuí a léiriú i nóta maidir le comhlíonadh a fhíorú go bhfuil baol ann go bhféadfar teorainneacha ascnaimh a shárú ag brath ar thiús an ábhair, ar pholaraíocht na polaiméire agus ar mhéid eistearúcháin na substainte féin.

(21)

Ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch fhabhrach (16) maidir le húsáid na substainte aigéad fosfarach, eistir mheasctha le meataicrioláit 2-hiodrocsa-eitile (Uimh. FCM 1082) i gcomhchodaigh atá bunaithe ar pholamheitileataicrioláit a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le gach cineál bia arís agus arís eile. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach ábhar imní sábháilteachta don tomhaltóir í an tsubstaint má úsáidtear í mar chomh-mhonaiméir suas le 0,35 % meáchan/meáchan, agus ar choinníoll nach dtéann a hascnamh thar 0,05 mg/kg bia arna shloinneadh mar shuim mona-eistir, dé-eistir agus tríeistir d’aigéad fosfarach agus mona-eistir, dé-eistir agus tríeistir d’aigéad défhosfair. Cé gur thagair an tÚdarás d’úsáid na substainte seo i ‘comhchodaigh’, d’fhéadfaí a chumhdach leis an téarma sin freisin ábhair nach polaiméirí iad agus, dá bhrí sin, nach plaisteach iad de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 10/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid na substainte tosaithe sin a údarú i monarú polamheitiolmeataicrioláite suas le 0,35 % meáchan/meáchan agus teorainn ascnaimh a leagan síos de réir na tuairime ón Údarás.

(22)

Ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch fhabhrach (17) maidir le húsáid na substainte tosaigh dé-ainhidríd beinseafeanóin-teitreacarbocsailigh-3,3’, 4, 4’ (‘BTDA’) (Uimh. FCM 1083). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach ábhar imní don tomhaltóir í úsáid shubstaint BTDA má chuirtear i bhfeidhm í suas le 43 % mar chomh-mhonaiméir i dtáirgeadh poilimídí le haghaidh úsáid lena ndéantar teagmháil arís agus arís eile le bianna aigéadacha agus bianna sailleacha ag teochtaí suas le 250 °C, ar choinníoll nach mó ná 0,05 mg/kg ascnamh BTDA. Maidir leis na tástálacha ascnaimh sonracha ar ar a mbonn a tháinig an tÚdarás ar chonclúid fhabhrach maidir le húsáid na substainte sin, ós rud é go ndearnadh na tástálacha sin faoi choinníollacha athúsáide le haigéad aiséiteach (ionsamhlach B) agus le hola olóige (ionsamhlach D2), agus ós rud é gur thug an tÚdarás faoi deara nach mbeadh ábhar imní ann fiú dá n-úsáidfí í i gcásanna nuair nach athúsáid atá i gceist, is iomchuí úsáid na substainte tosaithe sin a údarú lena húsáid i monarú poilimídí suas le 43 % meáchan/meáchan polaiméir a bhíonn i dteagmháil le bianna nach leagtar síos ach ionsamhlacha B agus/nó D2 ina leith i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ag teochtaí suas le 250 °C, agus i gcás ina bhfuil an úsáid sin faoi réir teorainn ascnaimh 0,05 mg/kg bia.

(23)

Chun gur féidir le hoibreoirí oiriúnú do na hathruithe ar údaruithe áirithe atá ann cheana a leagtar amach sa Rialachán seo, is iomchuí go ndéantar a fhoráil maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go gceadófar iad a chur ar an margadh den chéad uair ar feadh idirthréimhse 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus go bhfanfaidh siad ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn soláthar roinnt táirgí agus substaintí ó chéimeanna idirmheánacha monaraíochta ag oibreoirí eile i gceist le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha deiridh a tháirgeadh. Ar mhaithe le sábháilteacht an tomhaltóra, ba cheart an t-aistriú chuig comhlíonadh iomlán an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtúil agus is féidir, agus a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, maidir le hoibreoirí a mhonaraíonn táirgí idirmheánacha agus substaintí nach gcomhlíonann an Rialachán seo go fóill, ba cheart a cheangal orthu úsáideoirí a bhaineann úsáid as na táirgí sin cheana féin a chur ar an eolas laistigh de naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nach féidir na táirgí sin, mar a fhoráiltear dóibh, a úsáid chun ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonarú ar rudaí iad atá le cur ar an margadh tar éis dheireadh na hidirthréimhse 18 mí.

(24)

Leis an Rialachán seo, cúlghairtear na húdaruithe le haghaidh na substaintí ‘plúr adhmaid agus snáithíní adhmaid, neamhchóireáilte’ (Uimh. FCM 96) agus aigéad salaicileach (Uimh. FCM 121) toisc nach féidir a shuí maidir leis na húdaruithe sin, mar atá siad faoi láthair, go bhfuil siad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1935/2004 ós rud é go mbeadh gá le faisnéis faoi shubstaintí sonracha nó faoi úsáidí sonracha na substaintí sin chun a áirithiú nach rachaidh na húdaruithe sin thar a bhfuil sábháilte. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh aistriú rianúil ann chuig údaruithe a d’fhéadfadh a bheith níos teoranta i gcás ina measfaidh oibreoirí atá ag monarú nó ag baint úsáid as na substaintí sin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go gcomhlíonann roinnt úsáidí sonracha Rialachán (AE) Uimh. 1935/2004, is iomchuí cead a thabhairt ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear leis na substaintí sin a chur ar an margadh ar choinníoll go gcuirtear isteach iarratas ar údarú na n-úsáidí sonracha sin laistigh de thréimhse chomhréireach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le plúr adhmaid neamhchóireáilte agus snáithíní adhmaid neamhchóireáilte, ós rud é gur mheas an tÚdarás ina thuairim uaidh i dtaca le hadhmad gur gá meastóireacht a dhéanamh ar ábhair ar nós adhmaid ar bhonn cás ar cás, meastóireacht atá spriocdhírithe ar an speiceas, ba cheart an t-iarratas sin a bheith sonrach do speiceas áirithe adhmaid.

(25)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 de réir mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ábhair agus earraí a cuireadh ar an margadh den chéad uair roimh an 1 Feabhra 2025, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí go n-ídeofar stoic.

2.   I gcás táirge ó chéim idirmheánach de mhonarú ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha nó substainte a bheartaítear chun táirge, ábhar nó earra den sórt sin a mhonarú, ar táirge nó substaint iad a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chuirtear ar an margadh den chéad uair tar éis an 1 Bealtaine 2024 agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, léireofar sa dearbhú comhlíontachta atá ar fáil don tsubstaint nó don táirge sin nach gcomhlíonann sí nó sé na rialacha reatha, agus nach féidir í nó é a úsáid ach amháin i monarú ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá le cur ar an margadh roimh an 1 Feabhra 2025.

3.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear le haigéad salaicileach (Uimh. FCM 121) nó a mhonaraítear le plúr adhmaid neamhchóireáilte nó le snáithíní adhmaid neamhchóireáilte ó speiceas sonrach adhmaid, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh den chéad uair tar éis an 1 Feabhra 2025 ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Gur cuireadh iarratas ar údarú na substainte sin nó an phlúir adhmaid neamhchóireáilte nó an tsnáithín adhmaid neamhchóireáilte sin ó speiceas sonrach adhmaid faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 roimh an 1 Lúnasa 2024;

(b)

maidir leis an tsubstaint sin nó an plúr neamhchóireáilte nó an snáithín adhmaid neamhchóireáilte sin ó speiceas sonrach adhmaid chun ábhar plaisteach agus earra plaisteach a mhonarú, agus úsáid an ábhair agus an earra sin, beidh an úsáid sin teoranta do na coinníollacha úsáide a bheartaítear a bhfuil tuairisc orthu san iarratas;

(c)

san fhaisnéis a sholáthraítear don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, go bhfuil ráiteas á rá gur iarratas atá ann atá i gcomhréir leis an mír seo, agus

(d)

Mheas an tÚdarás go bhfuil an t-iarratas bailí.

4.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear leis an tsubstaint nó leis an bplúr adhmaid neamhchóireáilte nó leis an snáithín adhmaid neamhchóireáilte atá faoi réir iarratais, féadfar leanúint dá n-úsáid ansin go dtí go dtarraingeoidh an t-iarratasóir a iarratas siar nó go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear an t-údarú chun an tsubstaint sin nó plúr adhmaid nó snáithín adhmaid a úsáid de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 338, 13.11.2004, lch. 4.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2019;17(11):5902

(4)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2020;18(6):6124

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2005; 3(9):242; EFSA Journal [Iris EFSA] 2005; 3(9):241; EFSA Journal [Iris EFSA] 2005; 3(9):243; EFSA Journal [Iris EFSA] 2005; 3(9):244, 1-18; EFSA Journal [Iris EFSA] 2005; 3(9):245

(6)  Tuairim ón gCoiste ECHA um Measúnú Riosca (RAC) agus ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV ina moltar srianta ar cheithre thaláit (DEHP, BBP, DBP, DIBP); ECHA/RAC/RES-O-0000001412-86-140/F agus ECHA/SEAC/RES-O-0000001412-86-154/F faoi seach. Ar fáil ar líne https://echa.europa.eu/documents/10162/a265bf86-5fbd-496b-87b4-63ff238de2f7.

(7)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2019;17(12):5838

(8)  doi: 10.2903/j.efsa.2022.7172

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 2019/1338 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 209, 9.8.2019, lch. 5).

(10)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(8):6786.

(11)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2019; 17(10):5864; ina thuairim uaidh, tagraíonn an tÚdarás do ‘eistear triomailéiteach, trís(2-eitilheicsil)’, ach tagraíonn an Rialachán seo dá ainm IUPAC ‘trís(2-eitilheicsil) beinséin-1,2,4-trícharbocsaioláit’.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(13)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(5): 6046..

(14)  Scientific panel on FCM, Enzymes, and processing SEIF (CEP) [an Painéal Eolaíoch ar FCM, Einsímí agus áiseanna próiseála], Minutes of the 19th meeting of the working group on FCM 2018-2021 [Miontuairiscí ón 19ú cruinniú den mheitheal maidir le FCM 2018-2021, 30 Meán Fómhair 2020, pointe 7(1).

(15)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(3):6047.

(16)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(5):6120.

(17)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(7):6183.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 1, Tábla 1 mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 96 maidir le plúr adhmaid agus snáithíní adhmaid, neamhchóireáilte, agus iontráil 121 maidir le haigéad salaicileach;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 157 maidir le haigéad talach, eistear dé-bhúitile:

‘157

74880

0000084-74-2

aigéad talach, eistear dé-bhúitile (‘DBP’)

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

0,12

(32)

(36)

Ná húsáidtear ach mar seo a leanas:

(a)

plaisteachán in ábhair agus earraí athúsáide a bhíonn i dteagmháil le bianna neamhshailleacha;

(b)

oibreán tacaíochta teicniúil i bpololaifíní i dtiúchain suas le 0,05 % (meáchan/meáchan) sa táirge deiridh.

(7)’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 159 maidir le haigéad talach, eistear búitile beinsile:

‘159

74560

0000085-68-7

aigéad talach, eistear búitile beinsile (‘BBP’)

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

6

(32)

(36)

Ná húsáidtear ach mar seo a leanas:

(a)

plaisteachán in ábhair agus earraí athúsáide;

(b)

plaisteachán in ábhair agus earraí aon úsáide a bhíonn i dteagmháil le bianna neamhshailleacha seachas i gcás bainne foirmle agus bainne foirmle leantach do naíonáin (*);

(c)

oibreán tacaíochta teicniúil i dtiúchain suas le 0,1 % (meáchan/meáchan) sa táirge deiridh.

(7)’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 283 maidir le haigéad talach, eistear bis(2-eitilheicsil):

‘283

74640

0000117-81-7

aigéad talach, eistear bis(2-eitilheicsil) (‘DEHP’)

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

0,6

(32)

(36)

Ná húsáidtear ach mar seo a leanas:

(a)

plaisteachán in ábhair agus earraí athúsáide a bhíonn i dteagmháil le bianna neamhshailleacha;

(b)

oibreán tacaíochta teicniúil i dtiúchain suas le 0,1 % (meáchan/meáchan) sa táirge deiridh.

(7)’

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 728 maidir le haigéad talach, dé-eistir le halcóil phríomhúla, sháithithe, bhrainsithe C8-C10, níos mó ná 60 % C9:

‘728

75100

0068515-48-0 0028553-12-0

aigéad talach, dé-eistir le halcóil phríomhúla, sháithithe, bhrainsithe C 8-C 10 níos mó ná 60 % C 9 (‘DINP’)

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

 

(26)

(32)

Ná húsáidtear ach mar seo a leanas:

(a)

plaisteachán in ábhair agus earraí athúsáide;

(b)

plaisteachán in ábhair agus earraí aon úsáide a bhíonn i dteagmháil le bianna neamhshailleacha seachas i gcás bainne foirmle agus bainne foirmle leantach do naíonáin (*)

(c)

oibreán tacaíochta teicniúil i dtiúchain suas le 0,1 % (meáchan/meáchan) sa táirge deiridh.

Ná húsáidtear i gcomhcheangal le substaintí FCM 157, 159, 283, ná 1085.

(7)’

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 793 maidir le trí-eatánólaimín:

‘793

94000

0000102-71-6

trí-eatánólaimín

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

 

(37)’

 

 

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 822 maidir le haigéad sárchlórach, salainn (sárchlóráit):

‘822

71983

14797-73-0

Aigéad sárchlórach, salainn (sárchlóráit)

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

 

(38)’

 

 

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1007 maidir le fosfónáit dhé-eitil[[3,5-bis(1,1-démheitileitil)-4-hiodrocsaifeinil]meitil]:

‘1007

 

976-56-7

fosfónáit dhé-eitil[[3,5-bis(1,1-démheitileitil)-4-hiodrocsaifeinil]meitil]

ná húsáid

úsáid

neamh-infheidhme

 

 

Ná húsáidtear thar 0,2 % (meáchan/meáchan) bunaithe ar an meáchan polaiméire deiridh sa phróiseas polaiméirithe chun polai(teireataláit eitiléine) (PET) agus poil(dhécharbocsaláit eitiléin 2,5-fúrán) (PEF) a mhonarú’

 

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1059 maidir le pola((R)-3-hiodrocsabútaráit-(R)-3-dé-hiodrocsa-heacsánóáit):

‘1059

 

147398-31-0

Pola((R)-3-hiodrocsabútaráit-(R)-3-dé-hiodrocsa-heacsánóáit) (‘PHBH’)

ná húsáid

úsáid

neamh-infheidhme

 

(35)

Is macramóilín í an tsubstaint a fhaightear ó choipeadh miocróbach.

Ná húsáidtear ach faoi dhálaí teochta nach sáraíonn na coinníollacha a shainmhínítear i bpointe 2.1.4(d) d’Iarscríbhinn V. Ascnamh gach olagaiméire ag a bhfuil meáchan móilíneach faoi bhun 1 000 Da, ní rachaidh sé thar 5,0 mg/kg bia.

(23)’

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1076 maidir le haigéad fosfarach, eistear trífheinil, polaiméir ag a bhfuil alfa-hidrea-óimige-hiodrocsapola[ocsai(meitil-1,2-eatándé-il)], eistear ailcile C10-16:

‘1076

 

1227937-46-3

Aigéad fosfarach, eistear trífheinil, polaiméir le halfa-hidrea-óimige-hiodrocsapola[ocsai(meitil-1,2-eatáindé-il)], eistir ailcile C10-16

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

0,05

 

Ná húsáidtear ach mar a leanas:

a)

mar bhreiseán suas le 0,2 % meáchan/meáchan in ábhair pholaistiréine ardtionchair agus earraí polaistiréine ardtionchair atá beartaithe le bheith i dteagmháil le bia ag teocht an tseomra agus faoina bun, lena n-áirítear líonadh te agus/nó téamh suas le 100 °C ar feadh suas le 2 uair an chloig. Ní úsáidfear é i gcás teagmháil le bianna a sanntar an t-ionsamhlach C agus/nó D1 ina leith in Iarscríbhinn III.

(b)

mar bhreiseán suas le 0,025 % meáchan/meáchan in ábhair stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS) lena n-úsáid ag teocht an tseomra agus faoina bun’

 

(k)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach ag deireadh Thábla 1 in ord uimhreach:

‘1078

 

3319-31-1

trís(2-eitilheicsil) beinséin-1,2,4-trícharbocsaláit

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

1

(32)

Ná húsáidtear ach mar phlaisteachán chun clóiríd polaivinile bhog a mhonarú

Ná húsáidtear i gcás teagmháil le bianna atá beartaithe do naíonáin (*)

 

1080

 

156157-97-0

(tré-eatánólaimín-sárchlóráit, salann sóidiam) démhéir

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

 

(37)

(38)

Ná húsáidtear ach i gclóiríd polaivinile dhocht a bhíonn i dteagmháil le bianna a áirítear sa chatagóir bia ag a bhfuil uimhir thagartha 01.01.A i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III

 

1081

 

-

N, N-bis(2-hiodrocsa-eitil)stéirilimín eistearaithe go páirteach le aigéid shailleacha sáithithe C16/C18

úsáid

ná húsáid

neamh-infheidhme

 

(7)

Ná húsáidtear thar 2 % (meáchan/meáchan) in ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe do phacáistiú bianna tirime ag oibreoirí gnólachtaí, ar bhianna tirime iad a sanntar ionsamhlach E i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III ina leith.

(30)

1082

 

52628-03-2

Aigéad fosfarach, eistir mheasctha le meataicrioláit 2-hiodrocsa-eitile

ná húsáid

úsáid

neamh-infheidhme

0,05

 

Ná húsáidtear thar 0,35 % (meáchan/meáchan) chun polaimeitilmeataicrioláit a mhonarú.

SML arna shloinneadh mar shuim na mona-eistear, na ndé-eistear agus na dtrí-eistear aigéid fhosfaraigh agus na mona-eistear, na ndé-eistear, na dtrí-eistear d’aigéad dhéfhosfarach

 

1083

 

2421-28-5

Dé-ainhidríd beinseafeanóin-teitreacarbocsailigh -3,3’,4,4’ (‘BTDA’)

ná húsáid

úsáid

neamh-infheidhme

0,05

 

Ná húsáidtear thar 43 % (meáchan/meáchan) mar chomh-mhonaiméir i dtáirgeadh poilimídí lena n-úsáid i gcás teagmháil le bianna nach leagtar síos ach ionsamhlaigh B agus/nó D2 ina leith i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III ag teochtaí suas le 250 °C.’

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

‘(*)

Bia do naíonáin, bainne foirmle agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia atá beartaithe lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).’

(2)

i bpointe 2, leasaítear tábla 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 7:

‘7

19

20

1081

1,2

arna shloinneadh mar aimín treasach’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 26:

‘26

728

729

1,8

arna shloinneadh mar shuim na substaintí’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 32:

‘32

8

72

3

138

140

157

159

207

242

283

532

670

728

729

775

783

797

798

810

815

1078

1085*

60

arna shloinneadh mar shuim na substaintí (plaisteacháin)

*

Taláit dé-iseabúitile, Uimh. FCM 1085, le comhchiallaigh 1,2-bis(2-meitilpróipil) beinséin-1,2-décharbocsaláit nó ‘DIBP’ agus uimhir CAS 84-69-5 ní liostaítear é mar shubstaint údaraithe i dTábla 1. Mar sin féin, féadfaidh sí a bheith ann ag an tráth céanna le taláití eile mar thoradh ar a húsáid mar chabhair do pholaiméiriú agus áirítear í i srianta grúpa agus Uimh. FCM 1085 sannta di.’

(d)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

‘36

157

159

283

1085*

0,6

suim d’aigéad talach, eistear dé-bhúitile (DBP), taláit dé-iseabúitile (DIBP), aigéad talach, eistear búitile beinsile (BBP) agus aigéad talach, eistear bis(2-eitilheicsil) (DEHP) arna sloinneadh mar choibhéisí DEHP agus úsáid á baint as an gcothromóid seo a leanas: DBP*5 + DIBP*4 + BBP*0,1 + DEHP*1.

*

Féach an ráiteas ar FCM Uimh. 1085 i ró 32

37

793

1080

0,05

arna shloinneadh mar shuim de thrí-eatánólaimín agus den aducht hidreaclóiríd arna sloinneadh mar thrí-eatánólaimín

38

822

1080

0002

arna shloinneadh mar shárchlóráit – tá feidhm ag nóta 4 de thábla 3’

(3)

i bpointe 3, tábla 3 cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘(30)

Tá baol ann go sárófar teorainneacha ascnaimh; méadaíonn an t-ascnamh le tiús an phlaistigh ina bhfuil an tsubstaint, agus le polaraíocht laghdaitheach na polaiméire agus le leibhéal laghdaitheach eistearúcháin na substainte féin’