11.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1435 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán a mhéid a bhaineann le modhnú iontrálacha i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI le haghaidh aigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn, aigéad bórach, trí-ocsaíd débhóróin, heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin hiodráit, teitreabóráit déshóidiam, ainhidriúil, aigéad ortabórach, salann sóidiam, deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam agus peintihiodráit teitreabóróin déshóidiam

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 37(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTábla 3 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá liosta an aicmithe agus lipéadaithe chomhchuibhithe ar shubstaintí guaiseacha arna bhunú ar na critéir a leagtar amach i gCodanna 2 go 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Cuireadh tograí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tograí lenar moladh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ar shubstaintí áirithe a thabhairt isteach agus an t-aicmiú agus an lipéadú comhchuibhithe ar shubstaintí áirithe eile a nuashonrú nó a scriosadh. Ghlac Coiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta tuairimí maidir leis na tograí sin, agus sula ndearna sé sin thug sé san áireamh na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe lena mbaineann.

(3)

Sa tuairim ó RAC an 20 Meán Fómhair 2019 maidir le haigéad bórach, trí-ocsaíd débhóróin, heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin, hiodráit, teitreabóráit déshóidiam, ainhidriúil, aigéad ortabórach, salann sóidiam, deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam agus peintihiodráit teitreabóráite déshóidiam (2), agus sa tuairim ó RAC an 11 Meitheamh 2020 maidir le haigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn (3), tugtar tuairisc ar fhianaise eolaíoch lena léirítear gurb í is cúis le tocsaineacht atáirgthe gach ceann de na grúpaí substaintí sin beith mhóilíneach atá sna baill uile den ghrúpa substaintí. Saineolaithe na mBallstát a ndeachthas i gcomhairle leo i ngrúpa saineolaithe CARACAL an Choimisiúin (Údaráis Inniúla um Cheimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Shrianadh (REACH) agus um Aicmiú, Lipéadú agus Pacáistiú (CLP)), d’iarr siad dá bhrí sin go gcuirfí nótaí leis na hiontrálacha a bhaineann leis na grúpaí substaintí dá dtagraítear sna tuairimí sin ó RAC in 2019 agus in 2020, chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ina bhfuil roinnt substaintí a bhaineann le ceann amháin de na grúpaí sin i láthair le chéile i meascán agus chun foráil a dhéanamh go gcuirfear an uasteorainn tiúchana chun an meascán a aicmiú i gcomparáid le suim thiúchan na substaintí sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1434 an 25 Aibreán 2023 ón gCoimisiún lena leasaítear, chun í a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán a mhéid a bhaineann le nótaí a chur le Cuid 1, roinn 1.1.3, d’Iarscríbhinn VI (4), cuireadh na nótaí sin le Cuid 1, roinn 1.1.3.2, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, mar nóta 11 agus nóta 12. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt do nóta 11 a chur leis na hiontrálacha le haghaidh aigéad bórach, trí-ocsaíd débhóróin, heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin, hiodráit, teitreabóráit déshóidiam, ainhidriúil, aigéad ortabórach, salann sóidiam, deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam agus peintihiodráit teitreabóráite déshóidiam agus tagairt do nóta 12 a chur leis an iontráil le haghaidh aigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn.

(4)

Sa tuairim an 11 Meitheamh 2020 maidir le haigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn, mhol RAC nóta a chur leis an iontráil sin, chun aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht go bhféadfadh sé, cé go mbunaítear an iontráil le haghaidh an ghrúpa substaintí sin ar airíonna tocsaineacha coda coitinne de na substaintí, gur gá cuid eile substaintsonrach de na substaintí a aicmiú i gcatagóir níos airde nó in aicme lena mbaineann raon feidhme níos leithne e.g. lena n-áirítear difreáil bhreise, orgáin sprice agus/nó ráitis ghuaise, le haghaidh substaintí áirithe san iontráil. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1434 ón gCoimisiún mar nóta X. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt do nóta X a chur leis an iontráil a bhaineann le haigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn.

(5)

Mhol saineolaithe ó na Ballstáit is baill de ghrúpa saineolaithe CARACAL a ndeachthas i gcomhairle leo gur cheart nóta A atá ann faoi láthair a bheith infheidhme maidir le haigéad 2-eitilheicséanóch agus a shalainn. I gcás substaintí a chumhdaítear le hiontráil lena ngabhann tuairisc ghinearálta, amhail ‘comhdhúile…’ nó ‘salainn…’, forordaítear le Nóta A go gceanglófar ar an soláthróir an t-ainm ceart a lua ar an lipéad. Toisc go bhfuil tuairisc ghinearálta den sórt sin san iontráil maidir le haigéad 2-eitilheicséanóch agus a shalainn, ba cheart tagairt do nóta A a chur leis an iontráil.

(6)

Ós rud é gur glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1434 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023, níorbh fhéidir na nótaí a áirítear sa Rialachán sin a chur isteach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn VI tráth a glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/849 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gCoimisiún (6) lenar cuireadh na hiontrálacha faoi seach le Tábla 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Is gá, dá bhrí sin, na hiontrálacha a bhaineann le haigéad bórach; trí-ocsaíd débhóróin; heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin, hiodráit; teitreabóráit déshóidiam, ainhidriúil; aigéad ortabórach, salann sóidiam; deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam; agus teitreabóráit déshóidiam, peintihiodráit, a nuashonrú trí thagairt do nóta 11 a chur le gach ceann díobh. Is gá freisin an iontráil maidir le haigéad 2-eitilheicséanóch agus a shalainn a nuashonrú trí thagairt do nóta 12 agus do nóta X a chur leis an iontráil sin.

(7)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a leasú dá réir sin.

(8)

Níor cheart comhlíontacht leis na haicmithe comhchuibhithe athbhreithnithe a éileamh láithreach toisc go mbeidh roinnt ama ag teastáil ó sholáthróirí chun lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán a oiriúnú do na haicmithe comhchuibhithe athbhreithnithe agus chun stoic atá acu cheana de shubstaintí agus de mheascáin a dhíol. Chuirfeadh an tréimhse sin ar a gcumas do sholáthróirí freisin na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais eile a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, arna leasú leis an Rialachán seo. Ba cheart, áfach, deis a bheith ag soláthróirí na haicmithe comhchuibhithe athbhreithnithe a chur i bhfeidhm, agus an lipéadú agus an pacáistiú a oiriúnú dá réir sin, ar bhonn deonach, ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chun ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol a áirithiú agus chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do sholáthróirí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Feabhra 2025.

Féadfaidh soláthróirí substaintí agus meascáin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, arna leasú leis an Rialachán seo, ón 31 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(2)  https://echa.europa.eu/documents/10162/584263da-199c-f86f-9b73-422a4f22f1c3

(3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/8740de5b-368d-55a7-7955-094ef602d760

(4)  Féach lch. 3 den Iris Oifigiúil.

(5)   IO L 188, 28.5.2021, lch. 27.

(6)   IO L 129, 3.5.2022, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I gCuid 3, Tábla 3, d’Iarscríbhinn VI, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas faoi seach in ionad na n-iontrálacha a chomhfhreagraíonn do na huimhreacha innéacs 005-007-00-2, 005-008-00-8, 005-011-00-4 agus 607-230-00-6:

Uimh. Innéacs

Ainm Ceimiceach

Uimh. CE

Uimh. CAS

Aicmiú

Lipéadú

Sainteorainneacha tiúchana, M-fhachtóirí agus ATE

Nótaí

Aicme Ghuaise agus Cóid Chatagóire

Cóid don Ráiteas Guaise

Picteagram, Cóid don Fhocal Comharthaíochta

Cóid don Ráiteas Guaise

Cóid Fhorlíontacha don Ráiteas Guaise

“005-007-00-2

aigéad bórach; [1]

aigéad bórach [2]

233-139-2 [1]

234-343-4 [2]

10043-35-3 [1]

11113-50-1 [2]

Atáirg. 1B

H360FD

GHS08

Dgr

H360FD

 

 

11 ”

“005-008-00-8

trí-ocsaíd débhóróin

215-125-8

1303-86-2

Atáirg. 1B

H360FD

GHS08

Dgr

H360FD

 

 

11 ”

“005-011-00-4

heaptocsaíd déshóidiam teitreabóróin, hiodráit; [1]

teitreabóráit déshóidiam, ainhidriúil; [2]

aigéad ortabórach, salann sóidiam; [3]

deacaihiodráit teitreabóráite déshóidiam; [4]

peintihiodráit teitreabóráite déshóidiam [5]

235-541-3 [1]

215-540-4 [2]

237-560-2 [3]

215-540-4 [4]

215-540-4 [5]

12267-73-1 [1]

1330-43-4 [2]

13840-56-7 [3]

1303-96-4 [4]

12179-04-3 [5]

Atáirg. 1B

H360FD

GHS08

Dgr

H360FD

 

 

11 ”

“607-230-00-6

aigéad 2-eitilheacsánóch agus a shalainn, seachas iad sin a shonraítear áit eile san Iarscríbhinn seo

-

-

Atáirg. 1B

H360D

GHS08

Dgr

H360D

 

 

A, X, 12 ”.