11.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1433 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Iúil 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Feabhra 2011, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1970 (2011), lena bhforchuirtear trádbhac arm ar an Libia.

(2)

I Rún 2292 (2016) uaithi, d’údaraigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Stáit, ag gníomhú dóibh go náisiúnta nó trí eagraíochtaí réigiúnacha, cigireacht a dhéanamh ar shoithí ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia, ar soithí iad a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar acu chuig an Libia nó ón Libia, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia, agus chinn sí go ndéanfaidh Stáit, a luaithe a aimseofar ítimí arna dtoirmeasc leis an trádbhac arm ar an Libia le linn na gcigireachtaí sin, na hítimí sin a urghabháil agus a dhiúscairt.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2020/472 (2), foráiltear go bhfuil sé de phríomhchúram ar oibríocht chabhlaigh an Aontais EUNAVFOR MED IRINI rannchuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia a chur i bhfeidhm.

(4)

Chun na críche sin, foráiltear le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar shampla Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Rún 2473 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe , agus de réir mar a cheanglaítear sin, go ndéanfaidh EUNAVFOR MED IRINI, laistigh den Limistéar Oibríochta arna chomhaontú ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia, cigireachtaí ar shoithí atá ag triall ar an Libia nó ón Libia i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar ag na soithí sin chuig an Libia nó ón Libia, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an Libia, agus go bhfuil EUNAVFOR MED IRINI le gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh chun na hítimí sin a urghabháil agus a dhiúscairt.

(5)

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 2(5) de Chinneadh (CBES) 2020/472, i bhfianaise na gceanglas eisceachtúil oibríochtúil, agus arna iarraidh sin do Bhallstát, go bhféadfaidh EUNAVFOR MED IRINI soithí a atreorú chuig calafoirt de chuid an Bhallstáit sin, agus airm agus ábhar gaolmhar atá urghafa aige a dhiúscairt, lena n-áirítear trína stóráil, trína scriosadh nó trína n-aistriú chuig Ballstát nó chuig tríú páirtí. Foráiltear leis freisin go bhféadfar diúscairt arm agus ábhair ghaolmhair arna n-urghabháil a bhaint amach le cúnamh ó Bhallstát, a gheallfaidh na nósanna imeachta riachtanacha a chur i gcríoch a luaithe is féidir le go mbeifear in ann na hítimí arna n-urghabháil a dhiúscairt, faoi chuimsiú an dlí agus na nósanna imeachta is infheidhme.

(6)

Le Cinneadh (CBES) 2023/1439 ón gComhairle (3), tugtar isteach foráil i gCinneadh (CBES) 2015/1333 go gceanglaítear ar an mBallstát sin na bearta is gá a dhéanamh chun an diúscairt a éascú thar ceann EUNAVFOR MED IRINI, is é sin an diúscairt arm agus ábhair ghaolmhair arna n-urghabháil ag EUNAVFOR MED IRINI ar an mórmhuir i gcomhréir lena shainordú.

(7)

D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na forála sin a áirithiú i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(8)

Le Rialachán (AE) 2016/44 (4), tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2015/1333. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 mar a leanas:

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 2016/44:

‘Airteagal 22a

1.   Maidir le Ballstát a thugann cúnamh do EUNAVFOR MED IRINI i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle (*1), déanfaidh sé na bearta is gá chun airm nó ábhar gaolmhar a dhiúscairt thar ceann EUNAVFOR MED IRINI, lena n-áirítear earraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear le Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, a iompraítear ar an mórmhuir de shárú ar an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 5a(1) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, agus arna n-urghabháil ag EUNAVFOR MED IRINI ar an mórmhuir de bhun Airteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472.

2.   Féadfar an diúscairt dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, go háirithe, trí na hítimí sin a scriosadh, rud a chuirfeadh as feidhm iad, nó trína n-úsáid a cheadú, lena n-áirítear a n-úsáid ag tríú páirtí, agus an tráth céanna, cosc a chur ar a n-aistriú ina dhiaidh sin chuig an Libia nó chuig aon tríú tír eile a ndéantar aistriú arm nó ábhair ghaolmhara chuici a thoirmeasc.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  IO L 206, 1. 8. 2015, lch. 34.

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 101, 1. 4. 2020, lch. 4).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/1439 ón gComhairle an 10 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 012, 19. 1. 2016, lch. 1).