10.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 175/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1429 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Iúil 2023

lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil.

(2)

Rinneadh meastóireacht ar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil i dtaca lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (feithidicídí, acairicídí agus táirgí artrapóid eile a shrianadh), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar cineál táirge é a chomhfhreagraíonn do chineál táirge 18 mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Spáinn mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 1 Meán Fómhair 2010. Agus an tuarascáil mheasúnachta curtha isteach, tionóladh pléití i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Coimisiún agus, tar éis an 1 Meán Fómhair 2013, i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘An Ghníomhaireacht’).

(4)

Fágann Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gur cheart measúnú a dhéanamh ar shubstaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le forálacha Threoir 98/8/CE.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (4) an 22 Samhain 2022, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(6)

Sa tuairim, is é conclúid na Gníomhaireachta go bhféadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 ina bhfuil eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 98/8/CE, ar choinníoll go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid.

(7)

Agus tuairim na Gníomhaireachta á cur san áireamh, is iomchuí eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

(8)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil, formheastar é mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(4)   Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance Chrysanthemum cinerariaefolium, extract from open and mature flowers of Tanacetum cinerariifolium obtained with supercritical carbon dioxide; Product-type 18; ECHA/BPC/366/2022 [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir le hiarratas ar fhormheas na substainte gníomhaíChrysanthemum cinerariaefolium, eastóscán ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil; Cineál táirge 18; ECHA/BPC/366/2022], arna glacadh an 22 Samhain 2022.


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Aitheantais

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1)

Dáta formheasa

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

Eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó dhé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil

Eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fhaightear le dé-ocsaíd charbóin fhorchriticiúil

Uimh. CE: 289-699-3

Uimh. CAS: 89997-63-7

100 % w/w

1 Feabhra 2025

31 Eanáir 2035

18

Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar an risíocht, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáid a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtugtar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach a dhéantar ar leibhéal an Aontais;

(2)

sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

i.

úsáideoirí gairmiúla agus an pobal i gcoitinne;

ii.

uisce dromchla agus dríodar i gcás táirgí a úsáidtear trí spraeáil ar scála mór amuigh faoin aer;

(3)

i gcás táirgí a bhféadfadh iarmhair i mbia nó i mbeatha a theacht astu, déanfar measúnú an mbeidh gá uasteorainneacha iarmhar nua (MRLanna) a leagan síos nó an mbeidh gá na MRLanna atá ann cheana a leasú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus déanfar aon bheart maolaithe riosca iomchuí chun a áirithiú nach sárófar na MRLanna is infheidhme.


(1)  Ba í an íonacht a léirítear sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom léi nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).