10.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 175/6


RIALACHÁN (AE) 2023/1428 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Iúil 2023

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a mhéid a bhaineann le monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (2) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(2)

Féadfar na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarratas ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

Is substaint iad na monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) atá údaraithe i mbianna áirithe i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(4)

An 26 Meán Fómhair 2017, d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar mhonai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) mar bhreiseáin bhia (4) inar thángthas ar an gconclúid nach raibh gá le hiontógáil laethúil uimhriúil inghlactha agus nach bhfuil aon ábhar imní ann ó thaobh na sábháilteachta de le haghaidh an phobail i gcoitinne nuair a úsáidtear i mbia iad. Mheas an tÚdarás go mbeadh gá le measúnú sonrach riosca ar na húsáidí i mbia le haghaidh naíonáin faoi bhun 16 seachtaine. Mhol an tÚdarás roinnt modhnuithe ar na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia E 471 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(5)

Tar éis an tuairim eolaíoch sin a fhoilsiú, mar chuid den athmheastóireacht ar shábháilteacht na mbreiseán bia a cheadaítear i gcatagóir bia 13.1 (bia do naíonáin agus do leanaí óga) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí a shonraítear i moltaí na tuairime eolaíche sin.

(6)

An 29 Samhain 2018, sheol an tÚdarás glao poiblí ar shonraí teicniúla agus tocsaineolaíocha maidir leis an mbreiseán bia E 471. Leis sin, bhí na páirtithe leasmhara in ann an fhaisnéis a iarradh a sholáthar chun an measúnú riosca uaidh ar E 471 mar bhreiseán bia i mbia le haghaidh na ngrúpaí daonra uile a thabhairt i gcrích agus chun sábháilteacht a úsáide i mbia a mheas le haghaidh naíonáin faoi bhun 16 seachtaine d’aois.

(7)

In 2020, bhí fógra RASFF ann maidir le torthaí i dtaobh leibhéil arda eistear glicidile d’aigéid shailleacha atá géineatocsaineach agus carcanaigineach (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheith sa bhreiseán bia E 471 a úsáidtear chun leathán aráin a tháirgeadh. Ar bhonn an fhógra sin agus ar feitheamh mholtaí an Údaráis chun uasteorainneacha a leagan síos le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha sa bhreiseán bia, rinneadh gníomhaíochtaí leantacha ar bhonn Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Braitheadh raon leathan tiúchana agus leibhéil arda eistear glicidile (arna sloinneadh mar ghliciodól) i samplaí tráchtála den bhreiseán bia a ndearna an tionscal anailís air mar fhreagairt ar an nglao ar shonraí le linn na tréimhse céanna.

(8)

Ós rud é go n-údaraítear an breiseán bia E 471 ag quantum satis i gcatagóirí bia ar ina leith atá sé beartaithe uasleibhéil le haghaidh láithreacht eistear glicidile d’aigéid shailleacha a leagan síos nó a bhfuil siad i bhfeidhm cheana, ba cheart uasleibhéil le haghaidh eistear glicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) sa bhreiseán bia E 471 a bhunú chun nach gcuirfí bia neamhshábháilte ar an margadh.

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh an 30 Meán Fómhair 2021 (6), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil cúis le hábhar imní a bheith ann maidir le sábháilteacht nuair a úsáidtear an breiseán bia E 471 i gcatagóirí bia 13.1.1 (bainne foirmle do naíonáin) agus 13.1.5.1 (bianna cothaitheacha do naíonáin chun críoch speisialta míochaine agus bainne foirmle speisialta do naíonáin) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Mhol an tÚdarás na sonraíochtaí reatha le haghaidh monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471), go háirithe trí na huasteoireannacha le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú agus lena n-áirítear uasteorainneacha le haghaidh eisíontais agus comhábhair ar ábhair imní iad ó thaobh na sábháilteachta de.

(10)

I bhfianaise an mholta ón Údarás agus na n-uasleibhéal le haghaidh éilleáin áirithe i mbianna mar a leagtar amach in Rialachán (AE) 2023/915 (7) ón gCoimisiún, is iomchuí, dá bhrí sin, na sonraíochtaí le haghaidh monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) a leasú. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach n-úsáidfear ach gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia E 422 chun an breiseán bia a tháirgeadh. Ba cheart uaschion aigéid éarúcaigh a bhunú san iontráil reatha ‘Measúnacht’ le haghaidh monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471). Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh arsanaice, graifíte, mearcair agus caidmiam, ba cheart iad a laghdú agus ba cheart uasteorainneacha le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), agus d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bhunú i gcomhréir leis an tuairim ón Údarás. Chun nach gcuirfear san áireamh teagmháil ard leis na heisíontais sin agus leis na comhpháirteanna sin lena mbaineann ábhar imní atá mar thoradh ar thomhaltóirí leochaileacha a rinne bia ina bhfuil an breiseán bia E 471 a thomhailt, is gá uasteorainneacha níos déine le haghaidh aigéad éarúcach agus na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD) a bhunú a bheidh infheidhme maidir le bianna do naíonáin agus do leanaí óga (8). Leis na huasteorainneacha sin, cuirtear san áireamh an leibhéal is féidir a bhaint amach go réasúnta faoi láthair trí dhea-chleachtais monaraíochta a chur i bhfeidhm.

(11)

De réir mar a chuirtear teicnící monaraíochta nua i bhfeidhm a dtáirgtear monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) a bhfuil leibhéil níos ísle eistear glicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) dá mbarr, is iomchuí idirthréimhse a thabhairt do mhonaróirí an bhreiseáin bia sin chun uasleibhéal de 5 mg/kg a bhaint amach le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) sa bhreiseán bia E 471. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil féidearthacht ghéineatocsaineach agus charcanaigineach i gceist le heistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, ba cheart feidhm a bheith ag 10 mg/kg mar uasleibhéal idirmheánach le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo cé is moite d’úsáid na n-eistear i mbia do naíonáin agus do leanaí óga.

(12)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de atá nasctha le láithreacht dúl tocsaineach, aigéid éarúcaigh, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha agus d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) a cheadú le linn idirthréimhse, breiseán atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus é a cheadú bianna ina bhfuil an breiseán bia sin a chur ar an margadh le linn na hidirthréimhse agus iad a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha. Mar sin féin, i bhfianaise leochaileacht na naíonán agus na leanaí óga, mura bhfuil an breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) ag comhlíonadh na n-uasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha a leagtar amach sa Rialachán seo lena úsáid i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga, níor cheart a cheadú é a chur leis na bianna sin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus níor cheart margú na mbianna sin a cheadú ach amháin i gcás inar cuireadh ar an margadh go dlíthiúil iad cheana féin roimh an dáta sin.

(13)

Ar na cúiseanna céanna agus i bhfianaise ábhar laghdaithe eistear glicidile d’aigéid shailleacha an bhreiseáin bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471), ba cheart an breiseán bia sin lena gcomhlíontar an t-uasleibhéal idirmheánach le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a cheadú lena úsáid go dtí go n-ídeofar na stoic agus ba cheart na bianna ina bhfuil breiseán bia den sórt sin a cheadú lena gcur ar an margadh agus lena gcoinneáil ar an margadh go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

An breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, graifíte, mearcair, caidmiam, 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), nó aigéad éarúcach a bheidh infheidhme ón 30 Iúil 2023, féadfar é a chur le bia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Rialachán (AE) 2023/915 go dtí an 30 Eanáir 2024.

An breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheidh infheidhme ón 30 Iúil 2023 féadfar é a chur le bia, cé is moite de bhianna do naíonáin agus do leanaí óga, i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Rialachán (AE) 2023/915 go dtí an 30 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, graifíte, mearcair, caidmiam, 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), nó aigéad éarúcach a bheidh infheidhme ón 30 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí an 30 Eanáir 2024 agus féadfar leanúint dá margú go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

Bianna, cé is moite de bhianna do naíonáin agus do leanaí óga ina bhfuil an breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheidh infheidhme ón 30 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí an 30 Eanáir 2024 agus féadfar leanúint dá margú go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

Bianna do naíonáin agus do leanaí óga atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus ina bhfuil an breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheidh infheidhme ón 30 Iúil 2023, féadfar leanúint dá margú go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheidh infheidhme ón 30 Eanáir 2024, féadfar é a chur le bia, cé is moite de bhianna do naíonáin agus do leanaí óga, i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí go n-ídeofar na stoic.

Bianna, cé is moite de bhia do naíonáin agus do leanaí óga ina bhfuil an breiseán bia ‘monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha’ (E 471) atá curtha ar an margadh go dlíthiúil roimh an 30 Iúil 2023 agus go dtí an 30 Eanáir 2024 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a bheidh infheidhme ón 30 Eanáir 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá margú go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2023

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(11):5045.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6885.

(7)  Rialachán (AE) 2023/915 an 25 Aibreán 2023 ón gCoimisiún maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbianna agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

(8)  Mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críoch speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseáin bia MONAI- AGUS DÉGHLICRÍDÍ D’AIGÉID SHAILLEACHA (E 471):

MONAI- AGUS DÉGHLICRÍDÍ D’AIGÉID SHAILLEACHA (E 471)

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Is éard atá i monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha meascáin de mhonai-, dé- agus trí-eistir d’aigéid shailleacha a fhaightear i mbia-olaí agus i mbiashaillte. D’fhéadfadh méideanna beaga saoraigéad sailleach agus gliocróil a bheith iontu.

Ba cheart an gliocról a úsáidtear chun monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha a mhonarú na sonraíochtaí le haghaidh E 422 a chomhlíonadh.

Táirgfear E 471 ó shaillte agus olaí lena gcomhlíontar ceanglais de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht bia le haghaidh saillte agus olaí inite.

Einecs

 

Ainm ceimiceach

 

Foirmle cheimiceach

 

Meáchan móilíneach

 

Measúnacht

Ábhar monai- agus dé-eistear: méid nach lú ná 70 %

Ábhar aigéid éarúcaigh, lena n-áirítear aigéad éarúcach atá ceangailte go ceimiceach sa mhonai/déghlicríd:

Méid nach mó ná 0,2 % (i gcás ina gcuirtear é le bia do naíonáin agus do leanaí óga, agus sa chás sin amháin)

Méid nach mó ná 0,5 % (sna cásanna uile cé is moite de bhianna atá beartaithe do naíonáin agus do leanaí óga)

Tuairisc

Bíonn éagsúlacht i ndath an táirge mar leacht olúil ar a bhfuil idir dhath buí éadrom agus dhath donn éadrom nó solad crua céiriúil atá leathbhán de bheagán. D’fhéadfadh na solaid a bheith i bhfoirm calóg, púdar nó coirníní beaga.

Sainaithint

 

Speictream ionsúcháin infridheirg

Saintréith eistir polóil d’aigéad sailleach páirteach

Tástáil le haghaidh gliocróil

Deimhneach sa tástáil

Tástáil le haghaidh aigéid shailleacha

Deimhneach sa tástáil

Intuaslagthacht

Dothuaslagtha in uisce, intuaslagtha in eatánól agus i dtolúéin ag 50 °C

 

 

Íonacht

 

Cion uisce

Méid nach mó ná 2 % (modh Karl Fischer)

Luach aigéid

Méid nach mó ná 6

Gliocról saor

Méid nach mó ná 7 %

Polaigliocróil

Méid nach mó ná 4 % de dhéghliocról agus nach mó ná 1 % de pholaigliocróil uachtaracha a bhfuil an dá ceann acu bunaithe ar ábhar gliocróil iomláin

Arsanaic

Méid nach mó ná 0,1 mg/kg

Graifít

Méid nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Méid nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Méid nach mó ná 0,1 mg/kg

Suim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Méid nach mó ná 0,75 mg/kg (i gcás ina gcuirtear é le bia do naíonáin agus do leanaí óga, agus sa chás sin amháin)

Méid nach mó ná 2,5 mg/kg (le haghaidh na n-úsáidí uile cé is moite de bhianna atá beartaithe do naíonáin agus do leanaí óga amháin)

Eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar ghliciodól

Ón 30 Iúil 2023 go dtí an 30 Eanáir 2024, méid nach mó ná 5 mg/kg i gcás ina gcuirtear é le bia do naíonáin agus do leanaí óga) agus méid nach mó ná 10 mg/kg le haghaidh na n-úsáidí eile uile.

Ón 30 Eanáir 2024, méid nach mó ná 5 mg/kg le haghaidh na n-úsáidí uile.

Gliocról iomlán

Méid nach lú ná 16 % agus nach mó ná 33 %

Luaith shulfáitithe

Méid nach mó ná 0,5 % arna cinneadh ag 800 ± 25 °C

Gallúnach

-

Tá feidhm ag critéir íonachta leis an mbreiseán atá saor ó shalainn shóidiam, photaisiam agus cailciam d’aigéid shailleacha; mar sin féin, d’fhéadfadh na substaintí sin a bheith i láthair go dtí uasleibhéal de 6 % (arna sloinneadh mar oláit sóidiam)’.