3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 168/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1341 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2023

maidir le húdarú na n-ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836, Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837, Lentilactobacillus buchneri DSM 16774, Pediococcus acidilactici DSM 16243, Pediococcus pentosaceus DSM 12834, Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245, Levilactobacillus brevis DSM 12835, Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121, Lactococcus lactis NCIMB 30160, Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 agus Lactococcus lactis DSM 11037 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Na hullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus plantarum DSM 12836), Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus plantarum DSM 12837), Lentilactobacillus buchneri DSM 16774 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus buchneri DSM 16774), Pediococcus acidilactici DSM 16243, Pediococcus pentosaceus DSM 12834, Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus paracasei DSM 16245), Levilactobacillus brevis DSM 12835 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus brevis DSM 12835), Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus rhamnosus NCIMB 30121), Lactococcus lactis NCIMB 30160, Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus buchneri DSM 12856) agus Lactococcus lactis DSM 11037, údaraíodh iad ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 ón gCoimisiún (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratais isteach chun údarú na n-ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836, Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837, Lentilactobacillus buchneri DSM 16774, Pediococcus acidilactici DSM 16243, Pediococcus pentosaceus DSM 12834, Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245, Levilactobacillus brevis DSM 12835, Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121, Lactococcus lactis NCIMB 30160, Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 agus Lactococcus lactis DSM 11037 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, inar iarradh go n-aicmeofaí na breiseáin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis na hiarratais sin.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sna tuairimí uaidh an 5 Bealtaine 2021 (3) , (4), an 23 Meitheamh 2021 (5) , (6) , (7), an 29 Meán Fómhair 2021 (8) , (9) , (10), an 10 Samhain 2021 (11), an 26 Eanáir 2022 (12) agus an 23 Márta 2022 (13) gur sholáthair na hiarratasóirí fianaise go bhfuil na breiseáin i gcónaí sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoirí craicinn ná súl iad na hullmhóidí, ach gur cheart a mheas gur íogróirí craicinn féideartha agus gur íogróirí riospráide féideartha atá iontu.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (14), ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sna measúnaithe roimhe seo bailí agus infheidhme maidir leis an hiarratais atá ann faoi láthair.

(6)

Léirítear leis an measúnú ar na hullmhóidí go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na mbreiseán sin a athnuachan.

(7)

Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(8)

De thoradh údarú na n-ullmhóidí sin mar bhreiseáin bheathaithe a bheith á athnuachan, agus de thoradh údarú eile a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 a bheith ag dul in éag, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(9)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na n-ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836, Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837, Lentilactobacillus buchneri DSM 16774, Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245, Levilactobacillus brevis DSM 12835, Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas a athnuachan

Údarú na n-ullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

Na hullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836, Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837, Lentilactobacillus buchneri DSM 16774, Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245, Levilactobacillus brevis DSM 12835, Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121 agus Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 a shonraítear san Iarscríbhinn agus an bheatha a bhfuil siad inti, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear faoin 23 Iúil 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 23 Iúil 2023 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2011 maidir le Lactobacillus buchneri (DSM 16774), Lactobacillus buchneri (DSM 12856), Lactobacillus paracasei (DSM 16245), Lactobacillus paracasei (DSM 16773), Lactobacillus plantarum (DSM 12836), Lactobacillus plantarum (DSM 12837), Lactobacillus brevis (DSM 12835), Lactobacillus rhamnosus (NCIMB 30121), Lactococcus lactis (DSM 11037), Lactococcus lactis (NCIMB 30160), Pediococcus acidilactici (DSM 16243) agus Pediococcus pentosaceus (DSM 12834) a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 322, 6.12.2011, lch. 3).

(3)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(6):6626.

(4)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(6):6614.

(5)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(7):6696.

(6)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(7):6697.

(7)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(7):6713.

(8)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(11):6902.

(9)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(11):6900.

(10)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(11):6901.

(11)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2022;20(1):6975.

(12)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2022;20(2):7148.

(13)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2022;20(4):7241.

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2078

Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836

Modh anailíse  (1)

Áireamh Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 12836:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2079

Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837

Modh anailíse  (2)

Áireamh Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum DSM 12837:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2074

Lactiplantibacillus buchneri DSM 16774

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lentilactobacillus buchneri DSM 16774 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 16774

Modh anailíse  (3)

Áireamh Lactiplantibacillus buchneri DSM 16774 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lactiplantibacillus buchneri DSM 16774:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2102

Pediococcus acidilactici DSM 16243

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Pediococcus acidilactici DSM 16243 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Pediococcus acidilactici DSM 16243

Modh anailíse  (4)

Áireamh Pediococcus acidilactici DSM 16243 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786)

Sainaithint Pediococcus acidilactici DSM 16243:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2103

Pediococcus pentosaceus DSM 12834

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 12834 ina bhfuil íoschion 4 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus DSM 12834

Modh anailíse  (5)

Áireamh Pediococcus pentosaceus DSM 12834 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786)

Sainaithint Pediococcus pentosaceus DSM 12834:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2076

Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245

Modh anailíse  (6)

Áireamh Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lacticaseibacillus paracasei DSM 16245:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k20710

Levilactobacillus brevis DSM 12835

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Levilactobacillus brevis DSM 12835 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Levilactobacillus brevis DSM 12835

Modh anailíse  (7)

Áireamh Levilactobacillus brevis DSM 12835 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Levilactobacillus brevis DSM 12835:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k20711

Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121 ina bhfuil íoschion 4 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121.

Modh anailíse  (8)

Áireamh Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lacticaseibacillus rhamnosus NCIMB 30121:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2082

Lactococcus lactis NCIMB 30160

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactococcus lactis NCIMB 30160 ina bhfuil íoschion 4 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás ina n-úsáidtear gliocól poileitiléine (PEG 4000) mar ábhar crió-chosanta, úsáidfear é suas le huastiúchán 0,025 mg/kg de shadhlas.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactococcus lactis NCIMB 30160

Modh anailíse  (9)

Áireamh Lactococcus lactis NCIMB 30160 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an doirte ar phláta ar agar MRS (ISO 15214)

Sainaithint Lactococcus lactis NCIMB 30160:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2075

Lactiplantibacillus buchneri DSM 12856

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lentilactobacillus buchneri DSM 12856 ina bhfuil íoschion 5 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 12856

Modh anailíse  (10)

Áireamh Lactiplantibacillus buchneri DSM 12856 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Sainaithint Lactiplantibacillus buchneri DSM 12856:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2081

Lactococcus lactis DSM 11037

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactococcus lactis DSM 11037 ina bhfuil íoschion 5 × 1010 CFU/g de bhreiseán

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1 × 108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

23.7.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactococcus lactis DSM 11037

Modh anailíse  (11)

Áireamh Lactococcus lactis DSM 11037 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an doirte ar phláta ar agar MRS (ISO 15214)

Sainaithint Lactococcus lacti s DSM 11037:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe ADN


(1)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(2)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(3)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(4)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(5)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(6)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(7)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(8)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(9)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(10)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(11)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en