30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/66


RIALACHÁN (AE) 2023/1329 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid polairicineoláite polaigliocróil (E 476) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) agus Airteagal 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3) leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar liostaí an Aontais de bhreiseáin bhia agus na sonraíochtaí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(4)

Is substaintí atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476).

(5)

An 15 Márta 2017, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar ghliocról (E 422) mar bhreiseán bia (4), tuairim inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon ghá le hiontógáil laethúil inghlactha uimhriúil agus nárbh ábhar imní é an breiseán bia ó thaobh na sábháilteachta de i leith na n-úsáidí a tuairiscíodh. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 422 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 agus mhol sé go gcuirfí breis faisnéise ar fáil don Údarás maidir leis na húsáidí agus na leibhéil úsáide.

(6)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia gliocról (E 422), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(7)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseán bia gliocról (E 422) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin reatha, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 18 Bealtaine 2022 (5), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le gliocról (E 422), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha (arsanaic, luaidhe, mearcair agus caidmiam) a laghdú, tríd an modh aitheantais atá bunaithe ar ghiniúint acroiléine le linn téimh a scriosadh, tríd an tástáil maidir le láithreacht acroiléine a scriosadh, trí uasteorainn le haghaidh acroiléine a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar ghliocról (E 422) a mhodhnú.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí na sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422) a leasú. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige ach maidir leis na modhanna monaraíochta a ndearna an tÚdarás measúnú ar shonraí ina leith. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus na leibhéil is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh. An modh aitheantais le haghaidh gliocróil atá bunaithe ar ghiniúint acroiléine le linn téimh, ba cheart é a scriosadh ós rud é go bhfuil an cion gliocróil in E 422 le cinneadh trí mhodh anailíse iomchuí. Ba cheart an tástáil maidir le láithreacht acroiléine a scriosadh agus uasteorainn uimhriúil le haghaidh acroiléine a áireamh sna sonraíochtaí i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(10)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le láithreacht dúl tocsaineach nó acroiléine, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia gliocról (E 422) arna chur ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse.

(11)

Ar na cúiseanna céanna, maidir le bianna ina bhfuil an breiseán bia gliocról (E 422), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí cead a thabhairt na bianna sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh idirthréimhse agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

(12)

An 20 Nollaig 2017, d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) mar bhreiseán bia (6), tuairim inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon ghá le hiontógáil laethúil inghlactha uimhriúil agus nárbh ábhar imní é an breiseán bia ó thaobh na sábháilteachta de i leith na n-úsáidí a tuairiscíodh. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 475 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(13)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(14)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin atá i bhfeidhm faoi láthair, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(15)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 1 Aibreán 2022 (7), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le heistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú, trí uasteorainneacha maidir le heisíontais agus comhábhair ar ábhair imní iad ó thaobh na sábháilteachta de a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a mhodhnú.

(16)

Dá bhrí sin, is iomchuí na sonraíochtaí maidir le heistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a leasú. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach n-úsáidfear ach gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia (E 422) chun an breiseán bia a tháirgeadh. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú agus ba cheart uasteorainneacha le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) agus aigéad éarúcach a leagan síos i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(17)

Ós rud é go bhfuil teicnící monaraíochta nua á gcur chun feidhme lena dtáirgtear an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) ina bhfuil leibhéil níos ísle d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól), is iomchuí idirthréimhse a sholáthar do mhonaróirí breiseán bia chun 5 mg/kg a bhaint amach mar uasleibhéal le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) sa bhreiseán bia (E 475). Mar sin féin, ós rud é go bhfuil eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha géineatocsaineach agus carcanaigineach, ba cheart feidhm a bheith ag 10 mg/kg mar uasleibhéal idirmheánach le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le dúile tocsaineacha, le 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD), le heistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, le haigéad éarúcach nó le heistir ghlicidile d’aigéid shailleacha a bheith i láthair, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse agus cead a thabhairt bianna ina bhfuil an breiseán bia sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh na hidirthréimhse céanna agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

(19)

Ar na cúiseanna céanna, agus i bhfianaise a chion laghdaithe d’eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, maidir leis an mbreiseáin bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a chuirtear ar an margadh go dleathach tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chomhlíonann an t-uasleibhéal idirmheánach laghdaithe le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól), ba cheart úsáid an bhreiseáin bia sin a cheadú go dtí go n-ídeofar na stoic agus ba cheart cead a thabhairt bianna ina bhfuil an breiseán bia sin a chur ar an margadh agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó a ndáta éagtha.

(20)

An 24 Márta 2017, d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar pholairicineoláit pholaigliocróil (E 476) mar bhreiseán bia (8). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, i bhfianaise an tacair sonraí, go bhfuil sé réasúnta an iontógáil laethúil inghlactha a mhéadú go dtí 25 mg/kg meáchan coirp in aghaidh an lae. Mhol an tÚdarás roinnt modhnaithe ar na sonraíochtaí maidir le E 476 a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012.

(21)

An 23 Samhain 2018, sheol an Coimisiún glao poiblí ar shonraí teicniúla maidir leis an mbreiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), glao inar díríodh ar na riachtanais sonraí a shainaithin an tÚdarás.

(22)

An 18 Márta 2020, cuireadh isteach iarratas ar údarú chun polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a úsáid mar eiblitheoir i reoiteoga le haghaidh eibleachtaí saille agus ola den chineál uisce-in-ola agus in anlainn eiblithe ina a bhfuil cion saille is mó ná 20 %. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(23)

Le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) is féidir eibleachtaí cobhsaí uisce-in-ola ina bhfuil braoiníní atá ar mhéid níos lú a tháirgeadh, ar eibleachtaí iad is féidir a reo chun reoiteoga uachtarúla boga a tháirgeadh nach bhfuil gá acu leis an oiread céanna fuinnimh sa mhodh monaraíochta agus a bhfuil cobhsaíocht fheabhsaithe acu sa slabhra soláthair táirgí reoite. Tugann sé deis saillte agus olaí ina bhfuil cion íseal de shaill sháithithe agus méideanna níos lú siúcraí a úsáid i reoiteoga. Is é 4 000 mg/kg an leibhéal polairicineoláite polaigliocróil (E 476) is gá chun an fheidhm theicneolaíoch atá beartaithe a bhaint amach.

(24)

Le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) is féidir freisin an cion ola in anlainn eiblithe (e.g. maonáis nó blastáin sailéid) a laghdú gan éifeacht dhiúltach ar an mothú béil. Ní leor an t-uasleibhéal atá údaraithe faoi láthair, is é sin 4 000 mg/kg, i gcás táirgí ina bhfuil cion saille is mó ná 20 %. Is é 8 000 mg/kg an leibhéal úsáide polairicineoláite polaigliocróil (E 476) is gá chun an fheidhm theicneolaíoch atá beartaithe a bhaint amach i dtáirgí ina bhfuil cion saille is mó ná 20 %.

(25)

Tar éis d’oibreoirí gnó leasmhara sonraí a chur isteach mar fhreagairt ar an nglao poiblí ar shonraí teicniúla agus tar éis an t-iarratas ar leathnú úsáide polairicineoláite polaigliocróil (E 476) a bheith curtha isteach, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar chun a dheimhniú go raibh na sonraí teicniúla a sholáthair na hoibreoirí gnó leasmhara leordhóthanach mar thaca le leasú ar na sonraíochtaí maidir leis an mbreiseáin bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin reatha, de réir mar a mhol an tÚdarás.

(26)

Sa tuairim eolaíoch uaidh a glacadh an 30 Márta 2022 (9), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach dtiocfadh aon ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de as an leathnú úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go raibh oiriúnú le déanamh ar na sonraíochtaí a bhí i bhfeidhm san am maidir le polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), go háirithe trí na huasteorainneacha le haghaidh dúile tocsaineacha a laghdú, trí uasteorainneacha maidir le heisíontais ar ábhair imní iad ó thaobh na sábháilteachta de a áireamh sna sonraíochtaí agus tríd an sainmhíniú ar pholairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a mhodhnú.

(27)

Dá bhrí sin is iomchuí polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a údarú i gcatagóir bhia 03 ‘Reoiteoga’ ag uasleibhéal 4 000 mg/kg, an t-uasleibhéal údaraithe i gcatagóir bhia 12.6 ‘Anlainn’ a mhéadú go dtí 8 000 mg/kg i gcás anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille 20 % nó níos mó agus a sonraíochtaí a leasú i bhfianaise na tuairime eolaíche ón Údarás. Ba cheart an sainmhíniú ar an mbreiseán bia a leasú ionas nach n-úsáidfear ach gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí le haghaidh an bhreiseáin bia (E 422) chun an breiseán bia a tháirgeadh. Na huasteorainneacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le dúile tocsaineacha, ba cheart iad a laghdú agus ba cheart uasteorainneacha le haghaidh na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD) agus eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) a leagan síos i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ón Údarás, agus an leibhéal is féidir a bhaint amach faoi láthair trí dhea-chleachtais mhonaraíochta a chur i bhfeidhm á chur san áireamh.

(28)

Ós rud é nár shainaithin an tÚdarás aon ábhar imní láithreach ó thaobh na sláinte de a bhaineann le dúile tocsaineacha, 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD), eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha nó eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha a bheith i láthair, is iomchuí úsáid an bhreiseáin bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) arna chur ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú ar feadh idirthréimhse.

(29)

Ar na cúiseanna céanna, maidir le bianna ina bhfuil an breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí cead a thabhairt na bianna sin a chur ar an margadh go fóill ar feadh idirthréimhse agus a fhágáil ar an margadh go dtí a ndáta ar fearr roimhe nó a ndáta éagtha.

(30)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(31)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

An breiseán bia gliocról (E 422) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam ná acroiléine is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia gliocról (E 422), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam ná acroiléine is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), aigéad éarúcach ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón ... an 20 Iúil 2023 féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), aigéad éarúcach ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) ná acroiléine is infheidhme ón an 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) a cuireadh ar an margadh go dleathach tar éis an 20 Iúil 2023 agus suas leis an 20 Eanáir 2024 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Eanáir 2024, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí go n-ídeofar na stoic.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach tar éis an 20 Iúil 2023 agus suas leis an 20 Eanáir 2024 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Eanáir 2024, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

An breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD), ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar é a chur i mbia i gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Bianna ina bhfuil an breiseán bia polairicineoláit pholaigliocróil (E 476), ar breiseán bia é a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an 20 Iúil 2023 agus nach gcomhlíonann na huasteorainneacha le haghaidh arsanaice, luaidhe, mearcair, caidmiam, na suime de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar 3-MCPD) ná eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól) is infheidhme ón 20 Iúil 2023, féadfar iad a chur ar an margadh go fóill go dtí an 20 Eanáir 2024, agus féadfar iad a mhargú go fóill go dtí a ndáta is fearr roimhe nó go dtí a ndáta éagtha.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(3):4720.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(6):7353.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(12):5089.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7308.

(8)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(3):4743.

(9)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7294.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Cuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:

(1)

i gCatagóir 03 (Reoiteoga), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 473-474:

 

‘E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

4 000

 

seachas soirbéad’

(2)

i gCatagóir 12.6 (Anlainn), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh E 476 (Polairicineoláit pholaigliocróil):

 

‘E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

4 000

 

anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille is lú ná 20 %, agus iad sin amháin

 

E 476

Polairicineoláit pholaigliocróil

8 000

 

anlainn eiblithe ina bhfuil cion saille 20 % nó níos mó, agus iad sin amháin’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 422 Gliocról:

E 422 GLIOCRÓL

Comhchiallaigh

Glicrin; Glicrín

Sainmhíniú

Is ó olaí glasraí agus saillte glasraí amháin a fhaightear gliocról, bíodh sin go díreach nó ón ngliocról amh a fhaightear mar sheachtháirge ó tháirgeadh bithdhíosail, agus déantar próiseáil íonúcháin air lena mbaineann driogadh agus céimeanna glantacháin eile chun gliocról mínphróiseáilte a fháil.

Einecs

200-289-5

Ainm ceimiceach

1,2,3-própáintrí-ól; Gliocról; Tríhiodrocsaprópán

Foirmle cheimiceach

C3H8O3

Meáchan móilíneach

92,10

Measúnacht

Cion gliocróil nach lú ná 98 % ar bhonn ainhidriúil

Tuairisc

Leacht síoróipeach tais-scópach trédhearcach éadathach nach bhfuil ach boladh éadrom air, ar boladh é nach bhfuil géar ná míthaitneamhach

Sainaithint

 

Dlús coibhneasta (25 °C/25 °C)

Nach lú ná 1,257

Comhéifeacht athraonta

[n]D 20 idir 1,471 agus 1,474

Íonacht

 

Cion uisce

Nach mó ná 5 % (Modh Karl Fischer)

Luaith shulfáitithe

Nach mó ná 0,01 % arna cinneadh ag 800 ± 25 °C

Bútáintrí-óil

Nach mó ná 0,2 %

Acroiléin

Nach mó ná 3 mg/kg

Aigéid shailleacha agus eistir

Nach mó ná 0,1 % arna sloinneadh mar aigéad bútarach

Comhdhúile clóirínithe

Nach mó ná 30 mg/kg (mar chlóirín)

3-Monaclóraprópán-1,2-dé-ól (3-MCPD)

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg’

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 475 Eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha:

E 475 EISTIR PHOLAIGLIOCRÓIL D’AIGÉID SHAILLEACHA

Comhchiallaigh

Eistir aigéad sailleach de pholaigliocróil; Eistir pholaiglicrine d’eistir d’aigéid shailleacha

Sainmhíniú

Táirgtear eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha trí pholaigliocról a eistearú le saillte bia agus le holaí bia nó le haigéid shailleacha a fhaightear i saillte bia agus in olaí bia. Is dé-, trí- agus teitrigliocról den chuid is mó atá sa pháirt pholaigliocróil, agus níl níos mó ná 10 % den pháirt pholaigliocróil sin comhdhéanta de pholaigliocróil atá comhionann le heiptigliocról nó níos airde ná sin.

Táirgtear an polaigliocról as gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí maidir le E 422.

Einecs

 

Ainm ceimiceach

 

Foirmle cheimiceach

 

Meáchan móilíneach

 

Measúnacht

Cion an eistir aigéid shailligh iomláin nach lú ná 90 %

Tuairisc

Leachtanna atá idir olúil agus an-slaodach ar dhath idir buí éadrom agus ómrach; soladacha plaisteacha nó boga ar dhath idir crón éadrom agus donnbhuí; agus soladacha crua céiriúla ar dhath idir crón éadrom agus donn

Sainaithint

 

Tástáil le haghaidh gliocróil

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh polaigliocról

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh aigéid shailleacha

Pas sa tástáil

Intuaslagthacht

Tá raon ag na heistir idir an-hidrifileach agus an-lipifileach, ach go ginearálta bíonn an aicme sin substaintí ineasraithe in uisce agus intuaslagtha i dtuaslagóirí orgánacha agus in olaí

Íonacht

 

Luaith shulfáitithe

Nach mó ná 0,5 % (800 ± 25 °C)

Aigéid seachas aigéid shailleacha

Níos lú ná 1 %

Saoraigéid shailleacha

Nach mó ná 6 % arna meas mar aigéad oiléach

Iomlán an ghliocróil agus an pholaigliocróil

Nach lú ná 18 % agus nach mó ná 60 %

Gliocról saor agus polaigliocról saor

Nach mó ná 7 %

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,3 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg

An tsuim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Nach mó ná 2,5 mg/kg

Eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar ghliciodól

Nach mó ná 10 mg/kg. Beidh feidhm aige seo ón 20 Iúil 2023 go dtí an 20 Eanáir 2024.

Nach mó ná 5 mg/kg. Beidh feidhm aige seo ón 20 Eanáir 2024.

Aigéad éarúcach

Nach mó ná 2 %

Tá feidhm ag na critéir íonachta maidir leis an mbreiseán agus é saor ó shalainn sóidiam, photaisiam agus chailciam d’aigéid shailleacha; mar sin féin, féadfar na substaintí sin a bheith i láthair suas le huasleibhéal de 6 % (arna sloinneadh mar oláit sóidiam).’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh an bhreiseán bia E 476 Polairicineoláit pholaigliocróil:

E 476 POLAIRICINEOLÁIT PHOLAIGLIOCRÓIL

Comhchiallaigh

Eistir ghliocróil d’aigéid shailleacha chomhdhlúite ó ola ricne; Eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha phola-chomhdhlúite ó ola ricne; Eistir pholaigliocróil d’aigéad ricineoiléach idir-eistearaithe; PGPR

Sainmhíniú

Ullmhaítear polairicineoláit pholaigliocróil trí pholaigliocról a eistearú le haigéid shailleacha chomhdhlúite ó ola ricne. An ola ricne a úsáidtear chun polairicineoláit pholaigliocróil a tháirgeadh, tá sí saor ó ricin.

Táirgtear an polaigliocról as gliocról a chomhlíonann na sonraíochtaí maidir le E 422.

Einecs

 

Ainm ceimiceach

 

Foirmle cheimiceach

 

Meáchan móilíneach

 

Measúnacht

 

Tuairisc

Leacht trédhearcach an-slaodach

Sainaithint

 

Intuaslagthacht

Dothuaslagtha in uisce agus in eatánól; intuaslagtha in éitear, i hidreacarbóin agus i hidreacarbóin halaiginithe

Tástáil le haghaidh gliocróil

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh polaigliocról

Pas sa tástáil

Tástáil le haghaidh aigéad ricineoiléach

Pas sa tástáil

Comhéifeacht athraonta

[n]D 65 idir 1,4630 agus 1,4665

Íonacht

 

Polaigliocróil

Beidh an pháirt pholaigliocróil comhdhéanta de chion dé-, trí- agus teitrigliocról nach lú ná 75 %, agus ní bheidh níos mó ná 10 % den pháirt pholaigliocróil sin comhdhéanta de pholaigliocróil atá comhionann le heiptigliocról nó níos airde ná sin

Luach hiodrocsaile

Nach lú ná 80 agus nach mó ná 100

Luach aigéid

Nach mó ná 6

Arsanaic

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Luaidhe

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Mearcair

Nach mó ná 0,1 mg/kg

Caidmiam

Nach mó ná 0,1 mg/kg

An tsuim de 3-monaclóraprópáindé-ól (3-MCPD) agus d’eistir 3-MCPD d’aigéid shailleacha, arna sloinneadh mar 3-MCPD

Nach mó ná 2,5 mg/kg

Eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha (arna sloinneadh mar ghliciodól)

Nach mó ná 1 mg/kg’